Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0219

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (2022/2075(INI))

    IO C, C/2023/1226, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1226/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1226/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/1226

    21.12.2023

    P9_TA(2023)0219

    Trasnaíocht eachtrach ar gach próiseas daonlathach san Aontas Eorpach, an bhréagaisnéis san áireamh

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (2022/2075(INI))

    (C/2023/1226)

    Tá Parlaimint na hEorpa

    ag féachaint do chinneadh uaithi an 10 Márta 2022 maidir le coiste speisialta a chur ar bun maidir le cur isteach eachtrach ar gach próiseas daonlathach san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (INGE 2), agus lena sainítear a fhreagrachtaí, a neart uimhriúil agus a théarma oifige (1), agus a cinBYneadh an 14 Feabhra 2023 lena leasaítear cinneadh an 10 Márta thuasluaite agus a theideal agus a fhreagrachtaí a choigeartú (2),

    ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (3) (dá ngairtear ‘tuarascáil INGE 1’ anseo feasta),

    ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin ar mholtaí na Parlaiminte ina rún an 9 Márta 2022,

    ag féachaint don ‘Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’ [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta] a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 24 Márta 2022,

    ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú (4),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 dar teideal ‘2022 Rule of Law Report – The rule of law situation in the European Union’ [Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach] (COM(2022)0500),

    ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip (5),

    ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne atá le trédhearcacht agus cuntasacht sna hinstitiúidí Eorpacha (6),

    ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2016 maidir le cumarsáid straitéiseach AE chun gníomhú in aghaidh bolscaireacht a dhéanann tríú tíortha ina choinne (7),

    ag féachaint do mholadh uaithi an 13 Márta 2019 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le breithniú a dhéanamh ar an obair leantach a rinne SEGS dhá bhliain tar éis thuarascáil PE maidir le cumarsáid straitéiseach AE chun gníomhú in aghaidh bolscaireacht tríú tíortha ina coinne (8),

    ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú’  (9),

    ag féachaint do na hAirteagail ar Fhreagracht Stáit do ghníomhartha atá Mícheart go hIdirnáisiúnta,

    ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus go háirithe Airteagal 20 de,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 (10),

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (COM(2022)0177),

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),

    ag féachaint do thogra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (COM(2022)0457),

    ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go háirithe, tograí 27 agus 37 de,

    ag féachaint do Chód Iompair neartaithe i gcoinne na Bréagaisnéise 2022,

    ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (11),

    ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (12) (Treoir CER);

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (COM(2022)0551),

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (COM(2021)0731) agus do na leasuithe a rinneadh air, a ghlac an Pharlaimint an 2 Feabhra 2023  (13),

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (COM(2021)0734),

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (COM(2020)0823), (Treoir NIS2),

    ag féachaint do thuarascáil speisialta 05/2022 an 29 Márta 2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh – Níl an leibhéal ullmhachta go ginearálta i gcomhréir leis na bagairtí,

    ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Márta 2022 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (COM(2022)0122),

    ag féachaint do chomhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (14),

    ag féachaint do ráiteas comhpháirteach SAM-AE ón gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta an 5 Nollaig 2022,

    ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021,

    ag féachaint don Chód Caighdeán Eorpach d’Eagraíochtaí Neamhspleácha um Sheiceáil Fíricí, arna fhoilsiú ag an Líonra Eorpach um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí i mí Lúnasa 2022,

    ag féachaint do Rialacha 54 agus 207 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil (meántéarma) ón gCoiste Speisialta um an trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear an bhréagaisnéis, agus um neartú an ionracais, na trédhearcachta agus na cuntasachta i bParlaimint na hEorpa (ING2) (A9-0187/2023),

    A.

    de bhrí gur ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 9 Márta 2022 lena leagtar síos a moltaí bunaithe ar an tuarascáil ón gcéad choiste speisialta um an trasnaíocht eachtrach ar gach próiseas daonlathach san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis; de bhrí, i measc a moltaí, gur iarradh sa tuarascáil sin go nglacfaí straitéis chomhordaithe i gcoinne trasnaíocht eachtrach; de bhrí go ndearna an Coimisiún doiciméad ina ndearnadh obair leantach ar na moltaí sin, ina moltar, i measc nithe eile, go bhfuil straitéis den sórt sin de facto ann cheana i bhfoirm cineálacha éagsúla comhordaithe idirinstitiúidigh;

    B.

    de bhrí gurb í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht a thoghtar go díreach i measc institiúidí AE agus go bhfuil sí ar thús cadhnaíochta i bpléití polaitiúla AE maidir le trasnaíocht eachtrach, cúbláil faisnéise agus bagairtí hibrideacha inár ndaonlathais a chomhrac, lena n-áirítear in institiúidí AE; de bhrí gur léirigh imeachtaí le déanaí go bhfuil an Pharlaimint á ionsaí ag feachtais trasnaíochta eachtracha éagsúla agus ionsaitheacha;

    C.

    de bhrí gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022 go gcuirfeadh an Coimisiún pacáiste um Chosaint an Daonlathais i láthair, atá sceidealaithe lena ghlacadh sa dara ráithe de 2023; de bhrí go n-áireofaí sa phacáiste sin togra reachtach chun daonlathais a chosaint ó eintitis tríú tír a fheidhmíonn gníomhaíochtaí in AE a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tuairim phoiblí agus don réimse daonlathach, athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí faoin bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (EDAP) agus bearta chun toghcháin shlána athléimneacha a áirithiú, lena n-áirítear, i measc nithe eile, bearta cibearshlándála i bpróisis toghcháin;

    D.

    de bhrí gur stiúir Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí freachnamh comhpháirteach ar a dtugtar ‘Rúndaingne Comhtháite an Aontais, 2022,’ arb é is aidhm dó tástáil a dhéanamh ar fhreagairt an Aontais ar fheachtais hibrideacha;

    E.

    de bhrí gur cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chogadh faisnéise a bhí pleanáilte go cúramach agus a ndearnadh ionradh míleata iomlán ina dhiaidh sin an 24 Feabhra 2022; de bhrí go n-úsáideann an Rúis raon modhanna éagsúla trasnaíochta, atá leabaithe i straitéis níos mó chun dochar, mearbhall, eagla, lagú agus deighilt a dhéanamh ar Bhallstáit AE agus ar a chomharsanacht; de bhrí go raibh na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe i gceannas ar fheachtais chumarsáide éifeachtacha ‘réamhbhréagnaithe’ roimh ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear úsáid phoiblí gan fasach a bhaint as faisnéis iontaofa a bhí ar fáil chun cur i gcoinne insint na Creimile, agus léargas a thabhairt ar bhréaga Rialtas na Rúise agus na ngníomhaithe gaolmhara; de bhrí go raibh feachtais bhréagaisnéise, cibirionsaithe, gabháil scothaicme agus ionsaithe a bhí dírithe ar an stair a athscríobh á dhéanamh ag an Rúis le blianta fada anuas agus í ag iarraidh an bhunobair a ullmhú dá hionradh ar an Úcráin chun tacú léi;

    F.

    de bhrí go meastar go ndéanfaidh seirbhísí na Parlaiminte iarrachtaí suntasacha chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí a glacadh an 9 Márta 2022, go háirithe agus toghcháin Eorpacha 2024 á n-ullmhú; de bhrí gur cuireadh de chúram ar thascfhórsa na Parlaiminte maidir leis an mbréagaisnéis obair Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla Pharlaimint na hEorpa a chomhordú agus comhoibriú le hinstitiúidí eile AE maidir le roinnt gníomhaíochtaí a rinneadh go háirithe sna réimsí seo a leanas: feasacht staide, forbairt athléimneachta, réamhbhréagnú agus rannchuidiú le spás faisnéise sláintiúil, agus maolú;

    G.

    de bhrí go bhfuil an Pharlaimint ag tacú go réamhghníomhach leis an daonlathas parlaiminteach i roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Tacaíochta um Dhaonlathas agus Toghcháin (DEG); de bhrí go bhfuil garchomharsanacht AE thar a bheith tábhachtach i ndáil leis sin;

    H.

    de bhrí go bhfuil dúshláin ann do thíortha aontachais AE, ar dúshláin iad a eascraíonn as trasnaíocht eachtrach mailíseach agus as feachtais bhréagaisnéise; de bhrí gur léirigh forbairtí san am atá thart go bhfuil costas straitéiseach tromchúiseach ag baint le neamh-mhéadú; de bhrí gur limistéar d’iomaíocht straitéiseach agus gheopholaitiúil iad na Balcáin Thiar agus go bhfuil baol ann go ndíchobhsófar cuid dá dtíortha, rud a chuireann slándáil agus cobhsaíocht ár mór-roinne i mbaol; de bhrí go bhfuil tríú tíortha ag saothrú na leochaileachtaí sin, lena n-áirítear trí infheistíochtaí straitéiseacha agus feachtais bhréagaisnéise; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach na dtíortha aontachais agus slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht dhaonlathach an Aontais féin;

    I.

    de bhrí gurb é is aidhm do na feachtais trasnaíochta sin sna Balcáin Thiar tionchar diúltach a imirt ar threoshuíomh agus cobhsaíocht mhéadaitheach Eora-Atlantach na dtíortha aonair, agus ar an gcaoi sin treoshuíomh an réigiúin ina iomláine a athrú; de bhrí go bhfuil an Rúis ag baint úsáid as a tionchar sa tSeirbia chun iarracht a dhéanamh na stáit cheannasacha chomharsanachta a dhíchobhsú agus cur isteach orthu: sa Bhoisnia tríd an Republika Srpska; i Montainéagró trí mheonta na tíre ar son na Seirbí agus trí Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia; agus sa Chosaiv trí dhíospóidí atá ann cheana i dTuaisceart na Cosaive a shaothrú agus a ghríosú; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil tionchar suntasach fós ag an Rúis sna Balcáin Thiar, agus an chumhacht aici cur isteach ar iarrachtaí réigiúnacha ar athmhuintearas, ar lánpháirtiú agus ar athchóiriú i dtreo an daonlathaithe;

    J.

    de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le tionscnaimh amhail tionscadal RADAR arna chistiú ag an Aontas, ón gCumann Tras-Eorpach do Staidéar Beartais (TEPSA, cuibhreannas uile-Eorpach d’institiúidí taighde agus ollscoileanna ceannródaíocha), feasacht na saoránach ar an mbréagaisnéis a ardú agus ardán poiblí le haghaidh díospóireachta a chur ar fáil, agus go bhfuil béim ar leith ag an tionscadal ar an óige chun a nguthanna a chumhachtú, a rannpháirtíocht sa tsochaí shibhialta a neartú agus a n-oideachas maidir le smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a fheabhsú;

    K.

    de bhrí go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch, lena gcuimsítear ár sochaithe ina n-iomláine, nuair a bhíonn oideachas agus oiliúint á cur ar shaoránaigh Eorpacha de gach aois, lena n-áirítear oiliúint shonrach do dhaoine atá in aois oibre agus i scoileanna chun oibríochtaí féideartha bréagaisnéise agus ionramháil faisnéise a bhrath agus a bheith athléimneach ina gcoinne; de bhrí gur cheart straitéis a bhunú chun físeáin agus inneachar d’úsáideoirí idirlín a thaispeáint roimh ré maidir leis na teaicticí atá taobh thiar den bhréagaisnéis, lena bhféadfaí iad a dhéanamh níos feasaí agus níos athléimní i gcoinne mífhaisnéise agus bréagaisnéise agus athléimneacht grúpaí leochaileacha daonra a mhéadú; de bhrí go bhfuil feasacht an phobail agus idirphlé leanúnach leis na meáin ríthábhachtach i ndáil leis sin; de bhrí go bhfuil muinín sna hinstitiúidí cumarsáide mar ghné lárnach de rath na cumarsáide i gcoinne na bréagaisnéise;

    L.

    de bhrí gur iomaí cineál frithsheimíteachais chomhaimseartha atá ann, lena n-áirítear fuathchaint ar líne agus teoiricí comhcheilge nua ag teacht chun cinn an athuair, agus de bhrí gur bhunaigh AE, faoi chuimsiú straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030), a thiomantas do thodhchaí saor ón bhfrithsheimíteachas in AE agus níos faide i gcéin;

    M.

    de bhrí go bhfuil ról bunriachtanach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) mar fhorais faire, go bhfuil siad ríthábhachtach chun athléimneacht dhaonlathach a fhorbairt ón taobh istigh agus chun an daonlathas a chosaint, agus tacú leis an gcomhrac i gcoinne sáruithe ar an smacht reachta agus rannchuidiú go gníomhach leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha a chothú ar an láthair ag an am céanna; de bhrí, go háirithe, go bhfuil ról tábhachtach ag ESSanna maidir le trasnaíocht eachtrach ar phróisis dhaonlathacha a bhrath agus a chomhrac; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag ESSanna maidir le féinrialáil a fhorbairt, lena gcumasaítear caighdeáin tionscail a chruthú chun bréagaisnéis a chomhrac, go háirithe i réimsí ina bhféadfadh aon ghníomhaíocht stáit mímhuinín a chruthú; de bhrí, nuair a dhéantar rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta i bpróisis dhaonlathacha a neartú tuilleadh, go bhfuil an daonlathas ina iomláine níos daingne i gcoinne riosca na trasnaíochta eachtraí;

    N.

    de bhrí nach bhfuil ESSanna, meithleacha machnaimh, gníomhaireachtaí comhairliúcháin, fondúireachtaí agus cuideachtaí iad féin slán ó chur isteach den sórt sin a fhulaingt agus, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh siad a bheith mar fheithicil, mar uirlis nó mar veicteoir tionchair ó ghníomhaithe mailíseacha, lena n-áirítear gníomhaithe tríú tír, a dhéanann urraíocht dhíreach ar chur isteach eachtrach nó a spreagann é agus a imríonn tionchar ar lucht déanta beartas; de bhrí go bhfuil trédhearcacht ríthábhachtach chun a áirithiú nach dtiocfaidh na gníomhaithe sin chun bheith, agus nach n-úsáidfear iad, mar shoithí le haghaidh trasnaíocht eachtrach, agus dá bhrí sin nach mór breathnú ar rialacha soiléire maidir lena dtionchar agus grinnscrúdú a dhéanamh orthu; de bhrí go bhfuil iarracht déanta ag roinnt Ballstát de chuid AE sásraí a chur chun feidhme chun scagadh a dhéanamh ar chistiú rialtais eachtraigh do ESSanna, go háirithe ón Rúis agus ón tSín;

    O.

    de bhrí gur chuir tacaíocht AE do ESSanna tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) dlús leis na hiarrachtaí chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe na heagraíochtaí beaga áitiúla a bhfuil srianta ar leith ag bagairt orthu; de bhrí go bhfuil cistiú curtha ar fáil ag Ballstáit áirithe, trí na cláir náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, d’fhothú acmhainneachta chun fíricí a sheiceáil agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis;

    P.

    de bhrí, in ainneoin acmhainní airgeadais áirithe atá ar fáil, lena n-áirítear tionscadail rathúla ó chistí agus ó chláir AE, ar an iomlán, go bhfuil cistiú ESSanna agus na meán ilroinnte, bunaithe ar thionscadail agus gur minic a thagann siad ó thíortha nach bhfuil in AE; de bhrí gur cheart go mbeadh nósanna imeachta iarratais le haghaidh maoiniú trédhearcach agus inrochtana; de bhrí gur tháinig an Chúirt Iniúchóirí ar an gconclúid go ndéanann an easpa straitéise comhleanúnaí de chuid AE maidir le litearthacht sna meáin, lena n-áirítear dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus ilroinnt ghníomhaíochtaí AE, tionchar na dtionscadal litearthachta sna meáin a chaolú, agus nár léirigh go leor tionscadal den sórt sin scála agus raon leordhóthanach;

    Q.

    de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an iriseoireacht fhíricí i sochaí dhaonlathach, ag seasamh le prionsabail na fírinne, an chruinnis, na neamhchlaontachta, na macántachta agus an neamhspleáchais; de bhrí gur cearta bunúsacha iad an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha AE, chomh maith leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla; de bhrí go bhfuil éifeacht dhochrach ag táblóidiú (tabloidisation) na meán ar iontaofacht na faisnéise atá inrochtana don phobal agus ar thírdhreach na meán;

    R.

    de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar imeaglú, faireachas ionsáite agus haiceáil, ciapadh agus bagairtí, lena n-áirítear bagairtí dlíthiúla agus dlíthíocht mhí-úsáideach, ar sceithirí, iriseoirí, ESSanna, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine; de bhrí gur cheart do AE agus dá institiúidí tacú leo; de bhrí gur bagairt thromchúiseach ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha iad cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna), lena n-áirítear iad siúd arna dtionscnamh ag údaráis tríú tíortha i gcoinne náisiúnaigh AE nó eintitis atá bunaithe in AE, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ós rud é gur bealach iad chun iriseoirí agus gníomhaithe chomh maith le gníomhaithe na sochaí sibhialta i gcoitinne a chosc ó labhairt amach ar shaincheisteanna a bhaineann le leas an phobail agus chun pionós a ghearradh orthu as déanamh amhlaidh, agus ar an gcaoi sin go bhfuil tionchar tromchúiseach acu ar gach guth criticiúil iarbhír nó féideartha;

    S.

    de bhrí, in AE, go bhfuil ann d’iriseoirí a bhfuil a mbeatha agus a saol faoi bhagairt mar thoradh ar a dtaighde ar ábhair a bhaineann le leas an phobail; de bhrí go bhfuil amhras ann go bhfuil cumhachtaí eachtracha ag cur isteach ar an Aontas, agus gur leathnaigh siad bearta diansmachta chuig críocha laistigh den Aontas chun iriseoirí ar mian leo gníomhartha coiriúla a thuairisciú agus a shéanadh a chur ina dtost; de bhrí gur sampla de sin straitéis an chiaptha bhreithiúnaigh atá á feidhmiú ag Ríocht Mharacó i gcoinne an iriseora Spáinnigh Ignacio Cembrero; de bhrí gur sampla de sin straitéis an chiaptha bhreithiúnaigh atá á feidhmiú ag Ríocht Mharacó i gcoinne an iriseora Spáinnigh Ignacio Cembrero; de bhrí go bhfuil roinnt iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine ar deonaíodh tearmann dóibh in AE fós á n-ionsaí ag géarleanúint, ciapadh, foréigean agus iarrachtaí feallmharaithe; de bhrí gur cheart do na Ballstáit a slándáil a áirithiú agus go bhfuil siad in ann leanúint dá gcuid oibre;

    T.

    de bhrí gur chun leas an phobail é éifeachtacht cúblála faisnéise mailíseacha a laghdú, agus go háirithe a héifeachtaí ar fheidhmiú na bpróiseas daonlathach; de bhrí go laghdaíonn bréagaisnéis cumas na saoránach cinntí eolasacha a dhéanamh agus páirt a ghlacadh gan bhac i bpróisis dhaonlathacha; de bhrí go dtreisítear an staid sin mar gheall ar fhorbairt tapa cineálacha nua meán; de bhrí, de réir an Mhonatóir ar Iolrachas na Meán 2022, nach bhfuil riosca íseal ag aon tír maidir leis an táscaire ‘inmharthanacht na meán’, lena léirítear na bagairtí eacnamaíocha atá ann cheana ar iolrachas na meán; de bhrí go bhfuil dúshláin bhreise os comhair na meán nuachta atá ag feidhmiú i margaí beaga, lena n-áirítear meáin áitiúla, réigiúnacha agus nideoige, toisc go bhfuil ioncam teoranta acu, agus nach bhfuil siad chomh inmharthana céanna agus samhlacha gnó tráchtála reatha á n-úsáid acu agus nach féidir leo glacadh le cinn nua ar an gcaoi chéanna is féidir leis na meáin atá ag feidhmiú i margaí móra; de bhrí, ina theannta sin, go bhfuil roinnt Ballstát, a mheasann an Rúis mar réimse tionchair aici, níos neamhchosanta ar rioscaí geopholaitiúla a eascraíonn as cur isteach ón gCreimil ina spás faisnéise;

    U.

    de bhrí go bhfuil cur chun cinn neamhspleáchas agus iolrachas na meán agus litearthacht sna meáin chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar cheann de na tograí ó na saoránaigh atá sa tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a foilsíodh an 9 Bealtaine 2022, inar iarr saoránaigh go sonrach ar AE aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar neamhspleáchas na meán trí íoschaighdeáin uile-Aontais a bhunú chomh maith le meáin shaora, iolraíocha agus neamhspleácha a chosaint agus tacú leo, dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus cur isteach eachtrach, agus cosaint iriseoirí a áirithiú; de bhrí go n-iarrtar freisin sa tuarascáil chríochnaitheach ó Chomhdháil Thodhchaí na hEorpa go mbunófaí comhlacht de chuid an Aontais a bheidh i gceannas ar aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis agus ar chur isteach spriocdhírithe agus dul i ngleic leo, agus feabhas a chur ar chomhar na n-údarás náisiúnta cibearshlándála agus ar reachtaíocht agus treoirlínte d’ardáin ar líne agus do chuideachtaí meán sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí bréagaisnéise;

    V.

    de bhrí go bhféadfaí sláine an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí meán a chur i mbaol, agus deighilt na sochaí á ghríosú ag soláthraithe meán a bhíonn rannpháirteach go córasach i mbréagaisnéis, lena n-áirítear cúbláil faisnéise agus cur isteach ar sholáthraithe seirbhíse meán atá faoi rialú an stáit, arna maoiniú ag tíortha áirithe nach bhfuil san Aontas, amhail an tSín, an Rúis agus an Tuirc; de bhrí gur féidir le timpeallacht meán atá thar a bheith comhchruinnithe agus faoi rialú an rialtais a bheith ina cúis le huathlathas faisnéise, inar féidir leis an stát nó le gníomhaithe eachtracha mailíseacha tionchar a imirt go héasca trí ionramháil faisnéise;

    W.

    de bhrí go bhfuil beagnach EUR 3 bhilliún infheistithe ag an tSín i ngnólachtaí meán Eorpacha le 10 mbliana anuas, gan freagra leormhaith ón AE agus a Bhallstáit; de bhrí go bhféadfadh stáit eile a bhfuil idé-eolaíochtaí polaitiúla forlámhacha comhchosúla acu sampla na Síne a leanúint, lena mbaineann rioscaí suntasacha do shláine daonlathais Eorpacha agus cur isteach ó thíortha eile ar ghnóthaí intíre AE; de bhrí go bhfuil roinnt Institiúidí Confucius de chuid na Síne atá á reáchtáil ag an Stát, a scaipeann bolscaireacht agus a chuireann isteach ar institiúidí acadúla, fós ag feidhmiú in AE; de bhrí go ndéanann meáin chraolta na Síne ionadaíocht ar idé-eolaíocht Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) agus í a scaipeadh; de bhrí go bhfuil cuntais bota na Síne ag éirí níos gníomhaí ar na meáin shóisialta agus i líonrú sóisialta, ag freastal ar riachtanais údaráis na Síne;

    X.

    de bhrí go ndearna EU DisinfoLab oibríocht ollmhór a bhí dírithe ar institiúidí idirnáisiúnta, go háirithe sa Bhruiséil agus sa Ghinéiv agus a fhreastalaíonn ar leasanna na hIndia, a nochtadh le déanaí, ina raibh na céadta eagraíochtaí meán bréige agus na iliomad eagraíochtaí neamhrialtasacha arna n-eagrú ag an rialtas;

    Y.

    de bhrí nach bhfuil sásraí scagtha i bhfeidhm ach ag roinnt Ballstát de chuid an Aontais le haghaidh infheistíochtaí sna meáin eachtracha; de bhrí gurb é leas an phobail é a bheith ar an eolas faoi struchtúir úinéireachta tairbhiúla eagraíochtaí meán;

    Z.

    de bhrí go bhfuil easnaimh struchtúracha thábhachtacha fós ann lena n-éascaítear ionramháil faisnéise trí ardáin ar líne; de bhrí go bhfuil samhlacha gnó na n-ardán ar líne bunaithe ar shonraí pearsanta, ar algartaim a bhrúnn inneachar agus fógraíocht atá foircneach agus deighilteach, trína gciallaíonn níos mó rannpháirtíochta go mbeidh níos mó ioncaim fógraíochta ann, agus go dtugann an feachtas i leith rannpháirtíochta luach saothair deighilteach agus tuairimí míchuibheasacha a théann chun aimhleasa an fhaisnéis bunaithe ar fhíricí; de bhrí go bhfuil ardáin ar líne, dá bhrí sin, deartha ar bhealach a chabhraíonn le teoiricí comhcheilge agus bréagaisnéis a mhéadú; de bhrí go raibh tionchar suaiteach ollmhór freisin ag na hardáin dhomhanda ar líne sin ar inmharthanacht eacnamaíoch earnáil meán na hEorpa, ós rud é go bhfuil siad i gceannas ar mhargadh na fógraíochta, rud a imríonn tionchar ar shamhlacha gnó na meán;

    AA.

    de bhrí, cé gur neartaíodh an Cód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis, go bhfuil go leor fadhbanna struchtúracha fós ann, amhail easpa rialacha ceangailteacha agus an fhoráil lenar féidir le cuideachtaí a ngealltanais féin a roghnú, rud a chuireann bac ar rath an Chóid Chleachtais mar uirlis sa deireadh;

    AB.

    de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag teicneolaíochtaí intleachta saorga (IS) giniúna atá ag athrú go tapa, rud a d’fhéadfadh a chur ar chumas gníomhaithe mailíseacha níos mó inneachair bréagaisnéise a tháirgeadh agus a scaipeadh, níos saoire agus níos tapúla; de bhrí go bhféadfadh tionchar tubaisteach ar leith a bheith ag tíortha ar fud an domhain nach bhfuil acmhainní acu chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin;

    AC.

    de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an togra ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht agus díriú ar fhógraíocht pholaitiúil aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna struchtúracha sin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla;

    AD.

    de bhrí go bhfuil roinnt tionscnamh forbartha ag ardáin chun cur i gcoinne na bréagaisnéise ar líne, lena ndeartar feachtais ‘réamhbhréagnaithe’ chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi chontúirtí na bréagaisnéise trí rabhadh a thabhairt roimh ré faoi mhaímh bhréagacha a dhéantar trí fheachtais bréagaisnéise agus mífhaisnéise arna ndéanamh ag gníomhaithe mailíseacha agus trí na héilimh bhréagacha sin a bhréagnú roimh ré; de bhrí nach féidir éifeacht na dtionscnamh sin a mheas go hiomlán toisc nach bhfuil anailísí neamhspleácha nó institiúidithe á ndéanamh ag taighdeoirí a bhfuil rochtain iomlán acu ar na sonraí;

    AE.

    de bhrí nach ndéantar faireachán suntasach ar inneachar i dteanga nach Béarla é fós toisc nach n-úsáideann ardáin líon leordhóthanach athbhreithneoirí agus seiceálaithe fíricí atá in ann a gcúraimí faoi seach a dhéanamh i dteangacha eile, go háirithe i dteangacha beaga i dtíortha atá thíos go mór leis an mbréagaisnéis; de bhrí gur cheart d’ardáin ar líne cearta bunúsacha a ráthú do shaoránaigh, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil;

    AF.

    de bhrí, ó ghlac Elon Musk Twitter ar láimh, go bhfuil beartas mífhaisnéise géarchéime tugtha isteach ag an gcuideachta, ar dá réir a ghníomhódh an chuideachta mar fhreagairt ar tvuíteanna ina bhfuil líomhaintí bréagacha nó míthreoracha maidir le forneart agus airm a úsáid, agus go bhfreagródh sí trí thús áite a thabhairt do tvuíteanna ó chuntais meán atá cleamhnaithe leis an stát agus fógra rabhaidh a chur isteach gur sháraigh tvít beartas mífhaisnéise géarchéime na cuideachta, ach cuireadh an cur chuige sin ar ceal go páirteach an 23 Samhain 2022; de bhrí gur scaoil an chuideachta foireann na ranna uile atá freagrach as bréagaisnéis a bhrath, a aicmiú nó as freagairt di, lena n-áirítear formhór na modhnóirí inneachair agus na bhfoirne tírshonracha, agus gur athbhunaigh sí os cionn 60 000 cuntas ar briseadh rialacha an ardáin ina leith roimhe sin trí bhréagaisnéis a chomhroinnt, trí chiapadh nó mí-úsáid a dhéanamh, nó trí chamscéimeanna a reáchtáil; de bhrí, ó rinneadh an táthcheangal, gur tháinig méadú thart ar 40 % ar an ábhar maslach; de bhrí gur cuireadh cuntais iriseoirí agus eagraíochtaí meán ar fionraí arís agus arís eile agus do-ghlactha gan údar nithiúil;

    AG.

    de bhrí gur ardaíodh ceisteanna i dtuarascálacha na meán maidir le doiciméid inmheánacha maidir le neodracht pholaitiúil iarrachtaí na cuideachta a beartais i gcoinne cur isteach eachtrach agus bréagaisnéis a chur chun feidhme i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020, agus an ionann na hiarrachtaí sin freisin agus cineál cur isteach ar an díospóireacht pholaitiúil agus shóisialta níos leithne maidir leis an toghchán, mar gur léirigh an iliomad ríomhphoist inmheánacha go raibh modhanna a bhí beartaithe chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na fuathchainte á n-úsáid ag na príomhpháirtithe sna Stáit Aontaithe chun na toghthóirí a rialú; de bhrí go bhfuil sé fós doiléir conas a fhorbróidh Twitter go luath sa todhchaí, mar gheall ar ráitis agus cinntí arna ndéanamh ag a bhainistíocht shinsearach nua;

    AH.

    de bhrí gur bagairt thromchúiseach í an bhréagfhaisnéis agus an mhífhaisnéis sláinte don tsláinte phoiblí ós rud é go gcuireann sí isteach ar mhuinín an phobail san eolaíocht, in institiúidí poiblí, sna húdaráis agus san fhoireann leighis, chomh maith le naimhdeas a ghiniúint ina leith, agus teoiricí comhcheilge a chur chun cinn; de bhrí gur féidir leis an mbréagaisnéis sin a bheith bagrach don bheatha nuair a dhíspreagann sí daoine ó chóireálacha leighis a mholtar a lorg, lena n-áirítear vacsaíní, nó cóireálacha bréagacha a chur chun cinn; de bhrí, le linn phaindéim COVID-19, gurbh é 20 % sa Ghearmáinis agus sa Spáinnis, 47 % sa Fhraincis, agus 84 % san Iodáilis, méid an ábhair a bhain le COVID-19 nár déileáladh leis tar éis seiceáil fíricí a dhéanamh agus a fuarthas amach gurb é atá ann mífhaisnéis nó bréagaisnéis; de bhrí go raibh tionchar níos mó fós ar theangacha beaga;

    AI.

    de bhrí go mbaineann gníomhaithe mailíseacha úsáid as líonraí botaí agus cuntais bhréige ar ardáin na meán sóisialta chun an bonn a bhaint de phróisis dhaonlathacha; de bhrí gur bhain Meta dhá líonra de thionscnamh na Síne agus na Rúise as a bheartas a shárú i gcoinne iompraíocht neamhdhlisteanach chomhordaithe; de bhrí go ndearna an líonra de thionscnamh na Rúise atá comhdhéanta de níos mó ná 60 suíomh gréasáin pearsanú ar shuíomhanna gréasáin dlisteanacha d’eagraíochtaí nuachta san Eoraip agus gur phostáil sé ailt bhunaidh ina ndearnadh cáineadh ar an Úcráin, inar tacaíodh leis an Rúis agus inar áitíodh go rachadh smachtbhannaí an Iarthair ar an Rúis in abar; de bhrí go bhfuair EU DisinfoLab torthaí comhchosúla ina imscrúdú Doppelgänger; de bhrí nach bhfuil i gceist leis sin ach an chuid is lú den scéal agus ní mór d’ardáin ar líne a bheith ar an airdeall i gcónaí agus feabhas a chur ar a mbeartais modhnóireachta inneachair;

    AJ.

    de bhrí go bhfuil easpa maoirseachta ar ardáin amhail Reddit agus Telegram, áit a scaiptear bréagaisnéis gan seiceáil den chuid is mó; de bhrí go ndéanann Spotify podchraoltaí ina bhfuil inneachar mífhaisnéise agus bréagaisnéise a óstáil, go háirithe maidir le bréagaisnéis vacsaíní; de bhrí go bhfuil suas le 11 mhilliún éisteoir ag cuid acu in aghaidh na heipeasóide; de bhrí gur dhiúltaigh an chuideachta aon ghníomhartha a dhéanamh i gcoinne na gcuntas a chraol na podchraoltaí toisc nach bhfuil aon bheartas bréagaisnéise aici; de bhrí go bhfuil tús curtha ag AE le himscrúduithe iomadúla ar TikTok, maidir le sonraí shaoránaigh AE a aistriú go dtí an tSín agus fógraíocht spriocdhírithe atá dírithe ar mhionaoisigh;

    AK.

    de bhrí gur tháinig an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) (15) i bhfeidhm an 16 Samhain 2022 agus go mbeidh feidhm aige ón 17 Feabhra 2024; de bhrí go ndéantar na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach a chomhchuibhiú go hiomlán agus go bhfuil forálacha sonracha ann is infheidhme maidir le hardáin an-mhór ar líne (VLOPanna) agus innill chuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEanna) a mhéid a bhaineann le rioscaí sistéamacha amhail bréagaisnéis agus cúbláil;

    AL.

    de bhrí go gcuireann DSA oibleagáidí ar VLOPanna agus VLOSEnna measúnuithe riosca bliantúla a dhéanamh agus bearta a dhéanamh chun na rioscaí a eascraíonn as dearadh agus úsáid a seirbhíse a mhaolú; de bhrí gur cheart roinnt forálacha de DSA a leathnú chuig ardáin níos lú, a bhfuil bréagaisnéis fós ag scaipeadh gan bhac orthu;

    AM.

    de bhrí go n-aicmíonn DSA bréagaisnéis agus cúbláil toghcháin mar rioscaí sistéamacha;

    AN.

    de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag algartaim atá deartha chun tairbhe shamhlacha gnó na n-ardán maidir le insintí bréagacha agus míthreoracha a mhéadú, lena gcruthaítear boilgeoga scagtha lena gcuirtear teorainn nó saobhadh ar an bhfaisnéis atá ar fáil d’úsáideoirí aonair; de bhrí nach bhfuil dóthain déanta ag ardáin fós chun dul i ngleic leis sin; de bhrí go bhfuil easpa trédhearcachta fós ann maidir le forbairt, tástáil agus feidhmiú algartam;

    AO.

    de bhrí go n-úsáidtear ardáin na meán sóisialta mar uirlisí, mar shampla, chun bolscaireacht na Rúise a scaipeadh chun údar a thabhairt le hionradh Vladimir Putin ar an Úcráin, agus chun gluaiseachtaí polaitiúla frithdhaonlathacha sna Balcáin a chothú; de bhrí go bhfuil IS, trí úsáid mhailíseach a bhaint as samhlacha móra teanga (LLM), amhail ChatGPT, ag éirí níos tábhachtaí mar uirlis a úsáidtear chun bolscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh, ach go mbeidh sé ríthábhachtach freisin chun insintí ionramháilte a aimsiú agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí; de bhrí gur gá teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt agus urraim á tabhairt do chearta an duine agus don smacht reachta;

    AP.

    de bhrí gur bhunaigh an Coimisiún Lárionad Eorpach um Thrédhearcacht Algartamach, atá mar chuid d’Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, agus atá comhdhéanta den chuid is mó d’innealtóirí agus d’eolaithe sonraí atá tiomanta do staidéar a dhéanamh ar algartaim;

    AQ.

    de bhrí go bhfuil ról agus feidhm thábhachtach ag comhordaitheoirí seirbhísí digiteacha, ar údaráis neamhspleácha iad arna gceapadh ag gach Ballstát, agus go bhfuil siad freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar DSA sna Ballstáit;

    AR.

    de bhrí go bhfuil baol ann go mbeidh spleáchas eacnamaíoch ann, agus spiaireacht agus sabaitéireacht ann freisin, agus go bhfuil cuideachtaí eachtracha ag cur lena gcumas tionchar a imirt ar bhonneagar criticiúil AE; de bhrí go bhfuil leasanna tromlaigh nó suntasacha faighte ag cuideachtaí loingseoireachta Síneacha i mbreis agus 20 calafort Eorpach, mar shampla China Merchants Group [Grúpa Ceannaithe na Síne] sa Fhrainc agus COSCO i gcalafoirt Piraeus, Antuairp, Bilbao, Genoa, Hamburg, Rotterdam, Valencia agus Zeebrugge; de bhrí gur iarradh i dtuarascáil INGE 1 go mbeadh creat rialála agus forfheidhmithe níos láidre ann chun a áirithiú go ndéantar infheistíocht dhíreach choigríche (IDC), a mbeadh tionchar díobhálach aici ar shlándáil AE, a chosc;

    AS.

    de bhrí go bhfuil gníomhaithe eachtracha, go príomha an tSín agus an Rúis, ach an Iaráin freisin, ag iarraidh bonneagar criticiúil agus slabhraí soláthair Eorpacha a insíothlú chun faisnéis agus/nó fios gnó a ghoid trí spiaireacht, chun buntáiste iomaíoch a fháil nó chun sabaitéireacht a dhéanamh ar chodanna de na bonneagair sin chun dochar a dhéanamh dá bhfeidhmiú; de bhrí go bhfuil an iompar mailíseach céanna chomh maith le tionscadail eacnamaíocha agus bonneagair i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha AE; de bhrí gur bagairt mhéadaitheach do shaoránaigh na hEorpa é an fhéidearthacht spiaireacht agus bailiú faisnéise a bheith ann trí ghnáthfhearais tí;

    AT.

    de bhrí gur chruthaigh spleáchas fuinnimh AE ar an Rúis deacrachtaí ollmhóra dá slándáil fuinnimh tar éis don Rúis tús a chur lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil baol ann go mbeidh tionchar ag tionscadail ‘caipiteal creimneach’ ó ghníomhaithe eachtracha sna Ballstáit, amhail Stáisiún Cumhachta Núicléiche Paks san Ungáir, ar chinntí polaitiúla; de bhrí, in ainneoin fhorghabháil neamhdhleathach agus ionghabháil na Rúise ar chodanna den Úcráin in 2014, gur mhéadaigh go leor tíortha AE a spleáchas gáis ar an Rúis; de bhrí gur laghdaigh cuid de na tíortha sin a spleáchas le déanaí go beagnach 0 %;

    AU.

    de bhrí go bhféadfadh na cláir infheistíochta le haghaidh imlonnú 5G amhail SCE2 Digiteach, chomh maith le Clár 6G an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, tacú le ceannasacht theicneolaíoch agus spleáchais ar sholáthróirí eachtracha sa réimse sin a laghdú trí bhonneagar slán 5G chomh maith le hacmhainneachtaí teicneolaíochta 6G a thógáil; de bhrí gur cheart forbairt bonneagair theicneolaíoch chriticiúil do gheilleagar na hEorpa a fhorchoimeád do mhonaróirí agus d’fhorbróirí Eorpacha nó dóibh siúd ó thíortha atá ar aon intinn leo;

    AV.

    de bhrí gur neartaigh údaráis náisiúnta roinnt Ballstát a gcur chuige maidir le cur i gcoinne bagairtí eachtracha ar bhonneagar criticiúil, amhail spiaireacht agus sabaitéireacht;

    AW.

    de bhrí go gcuireann bréagaisnéis agus cúbláil faisnéise eile an díospóireacht phoiblí ar thoghcháin agus ar phróisis dhaonlathacha eile ó bhail agus gur féidir léi cosc a chur ar shaoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh nó iad a dhíspreagadh ó rannpháirtíocht pholaitiúil ar fad; de bhrí gur bagairt dhíreach ar iomaíocht pholaitiúil chothrom dhaonlathach í an bhréagaisnéis i bhfeachtais pholaitiúla; de bhrí gur dúshlán iad na saincheisteanna sin do thoghcháin Eorpacha 2024;

    AX.

    de bhrí go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú ar thrasnaíocht agus ar ghníomhaíocht cúblála faisnéise an oíche roimh thoghcháin Eorpacha 2024; de bhrí go bhfuil na toghcháin Eorpacha bunriachtanach d’fheidhmiú phróisis dhaonlathacha an Aontais Eorpaigh, lena gcuirtear a chobhsaíocht agus a dhlisteanacht chun cinn; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, sláine dhaonlathach an Aontais a chosaint, lena n-áirítear trí chosc a chur ar scaipeadh bréagaisnéise agus ar thionchar míchuí eachtrach ar thoghcháin Eorpacha; de bhrí go bhféadfadh an togra maidir le trédhearcacht agus díriú ar fhógraíocht pholaitiúil rannchuidiú trí thoirmeasc a bhunú ar urraitheoirí fógraíochta polaitiúla a thagann ó thíortha neamh-AE;

    AY.

    de bhrí gur bunchloch na dtíortha daonlathacha iad toghcháin shaora agus chóra, agus go bhfuil gá le próisis toghcháin neamhspleácha agus thrédhearcacha chun timpeallacht iomaíoch toghcháin agus muinín na saoránach as sláine toghcháin a chothú; de bhrí go bhfuil sláine shistéamach na bpróiseas toghchánach daingnithe freisin sna creataí dlíthiúla agus institiúideacha lena rialaítear an chaoi a seoltar toghcháin, lena n-áirítear comhlachtaí bainistíochta toghcháin; de bhrí go bhfuil cáilíocht agus láidreacht na gcreataí agus na n-institiúidí daonlathacha sin bunriachtanach d’iomláine toghcháin aon tíre; de bhrí gur ionstraimí tábhachtacha sa chinnteoireacht toghcháin iad ardáin shóisialta ar líne atá ag éirí níos tábhachtaí;

    AZ.

    de bhrí gur féidir cur isteach ar phróisis toghcháin ar bhealaí éagsúla, go díreach nó go hindíreach, amhail oibríochtaí calaoiseacha le ballóidí, bac a chur ar bhealaí isteach chuig stáisiúin vótaíochta nó comhéigean fisiciúil chun vótála, faisnéis shaofa a dháileadh ar iarrthóirí, ionramháil dátaí toghcháin nó athruithe orthu, agus feachtais bhréagaisnéise ar na meáin shóisialta, i measc nithe eile;

    BA.

    de bhrí go bhfuil réimis fhorlámhacha tar éis éirí níos éifeachtaí maidir le noirm agus institiúidí a chomhthoghadh nó a imchéimniú a thacaíonn le saoirsí bunúsacha, agus maidir le cabhair a sholáthar do dhaoine eile ar mian leo déanamh amhlaidh; de bhrí go bhfuil na córais sin tar éis deighilt a spreagadh agus a shaothrú, trí ionadaithe i dtríú tíortha agus in AE, agus go ndearna siad iarracht an pholaitíocht náisiúnta a shaobhadh chun fuath, foréigean agus cumhacht gan srian a chur chun cinn; de bhrí gur minic nach bhfuil cur isteach eachtrach ar phróisis toghcháin dírithe go heisiach ar thionchar a imirt ar thorthaí sonracha toghcháin ach ar an mbonn a bhaint de mhuinín fhadtéarmach na saoránach i ndlisteanacht a n-institiúidí daonlathacha chomh maith lena bpróisis dhaonlathacha nó í a dhíothú;

    BB.

    de bhrí go rannchuidíonn an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha le sláine na dtoghchán Eorpach a chosaint;

    BC.

    de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an líonra Eorpach um chomhar maidir le toghcháin chun sláine na dtoghchán laistigh den Aontas Eorpach a áirithiú; de bhrí gur bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin an líonra sin le seirbhísí ábhartha na mBallstát;

    BD.

    de bhrí go bhfuil iriseoirí agus saineolaithe fós ag nochtadh cistiú seach-AE do ghníomhaíochtaí polaitiúla agus do pholaiteoirí laistigh den Aontas Eorpach roimh an 24 Feabhra 2022 agus ina dhiaidh sin, go háirithe ón Rúis, go gcuireann siad sláine fheidhmiú daonlathach Bhallstáit AE i mbaol agus gur gá imscrúdú críochnúil a dhéanamh chun iad sin atá comhpháirteach a choinneáil cuntasach; de bhrí gur léirigh El País rannpháirtíocht Chomhairle Náisiúnta Frithbheartaíochta na hIaráine i maoiniú gluaiseachtaí polaitiúla atá go mór ar an eite dheis in AE; de bhrí go bhfuil sprioc choiteann ag an Rúis agus ag an Iaráin, in éineacht le tíortha eile amhail Veiniséala, maidir le stáit dhaonlathacha a lagú;

    BE.

    de bhrí go bhfuil na reachtóirí i mbun caibidlíochta faoi láthair maidir leis an togra maidir le fógraíocht pholaitiúil arb é is aidhm dó DSA a chomhlánú, dul i ngleic leis an ilroinnt dhíobhálach atá ann faoi láthair sa réimse sin agus cabhrú lenár ndaonlathais san Eoraip agus ár bpróisis dhaonlathacha a neartú, ligean do shaoránaigh cinneadh oilte a dhéanamh le linn toghcháin nó reifrinn trí phróiseas oscailte agus cosaint a thabhairt do shaoránaigh AE ón mbréagaisnéis, ón mbréagnuacht, ó theicnící fógraíochta polaitiúla teimhneacha agus ó chur isteach eachtrach i gcoitinne; de bhrí gur cheart do na reachtóirí teacht ar chomhaontú maidir leis an togra a luaithe is féidir chun a áirithiú go mbeidh na rialacha nua i bhfeidhm roimh na toghcháin Eorpacha in 2024;

    BF.

    de bhrí, sa chéad leath de 2021 amháin, go ndearnadh an oiread céanna cibirionsaithe ar institiúidí AE agus a rinneadh in 2020 (16); de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-ionsaithe ar institiúidí an AE agus ar institiúidí náisiúnta tar éis ionsaí na Rúise san Úcráin, mar a léiríodh le cibearionsaí a bhuail Parlaimint na hEorpa le linn sheisiún iomlánach mhí na Samhna 2022, inar dúnadh an suíomh gréasáin tar éis vóta ar rún chun an Rúis a dhearbhú mar urraitheoir stáit na sceimhlitheoireachta;

    BG.

    de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar iarrachtaí agus ar infheistíochtaí an Aontais chun acmhainneachtaí cibearshlándála a fhorbairt, lena n-áirítear trí chláir an Aontais Fís Eorpach agus an Eoraip Dhigiteach; de bhrí go bhfuil gá fós le cibearshlándáil níos éifeachtúla a fhaigheann tacaíocht ón gcistiú ábhartha; de bhrí go bhféadfadh bonneagar cibearshlándála láidir costais cibeartheagmhais a laghdú; de bhrí go meastar sa mheasúnú tionchair ar an ngníomh cibear-athléimneachta atá beartaithe go bhféadfadh laghdú costais de thart ar EUR 180 billiún go 290 billiún a bheith mar thoradh ar an tionscnamh ó theagmhais a dhéanann difear do ghnólachtaí (17); de bhrí go raibh moill ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh mar fhreagairt ar haiceáil a rinneadh ar shaoránaigh AE in AE le hearraí spiaireachta ó thríú tíortha, lena n-áirítear daoine suntasacha amhail cinn stáit nó coimisinéirí; de bhrí nach bhfuil aon phlean gníomhaíochta i bhfeidhm faoi láthair chun haiceáil ar shaoránaigh AE laistigh de AE ag daoine atá ag feidhmiú lasmuigh de AE a chosc;

    BH.

    de bhrí gur ghlac an Chomhairle le déanaí Treoir NIS2 chun ardleibhéal cibearshlándála coiteann a áirithiú ar fud an Aontais; de bhrí gur bunaíodh an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU CyCLONe) le Treoir NIS2, rud a neartóidh athléimneacht na gcóras faisnéise; de bhrí nach féidir leibhéal cuí cibearshlándála a bhaint amach ach amháin trí chomhar le gníomhaithe éagsúla ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha; de bhrí go bhfuil AE fós ag tabhairt aghaidh ar spleáchais mhóra i réimse na cibearshlándála;

    BI.

    de bhrí go n-éilíonn cibearchosaint na hÚcráine gníomhaíocht agus comhar na gcomhpháirtithe uile; de bhrí gur chuir corparáidí TF an iarthair cúnamh ar fáil don Úcráin chun leochaileachtaí ina bonneagar a shainaithint; de bhrí go bhfuil easpa acmhainneachtaí teicniúla laistigh de AE chun leochaileachtaí ina bhonneagar criticiúil a shainaithint; de bhrí go bhfuil comhar agus malartú faisnéise le comhpháirtithe spriocdhírithe, amhail SAM, an Ríocht Aontaithe, an Úcráin agus an Téaváin, ríthábhachtach chun feabhas a chur ar acmhainneacht AE ionsaithe a shannadh;

    BJ.

    de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste in 2021 chun cur ar chumas gníomhaithe Eorpacha caighdeáin dhomhanda 6G a mhúnlú; de bhrí go bhfuil comhar idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát maidir le cur chun feidhme bhosca uirlisí cibearshlándála 5G ar siúl faoi chuimsiú ghrúpa comhair na gCóras Gréasáin agus Faisnéise (NIS); de bhrí gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ó glacadh bosca uirlisí 5G, go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le slándáil líonraí 5G a threisiú, agus go bhfuil srianta ar dhíoltóirí ardriosca á gcur i bhfeidhm nó á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag tromlach na mBallstát, ach nach bhfuil aon cheann de na bearta a chuirtear chun cinn ceangailteach ó thaobh dlí, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon chumhacht ag an gCoimisiún iad a fhorfheidhmiú;

    BK.

    de bhrí gur tharla cásanna ina raibh tríú tíortha ag iompar imircigh agus iarrthóirí tearmainn chuig teorainn sheachtrach AE mar chuid dá straitéisí hibrideacha trasnaíochta eachtrach chun dúshlán a thabhairt don Aontas agus dá Bhallstáit, amhail i bhfómhar na bliana 2021 ag an mBealarúis i gcoinne na Polainne, na Liotuáine agus an Laitvia; de bhrí gurb é atá sna hiarrachtaí trasnaíochta hibrideacha sin freisin ná bréagaisnéis a scaipeadh trí shochaithe AE a dheighilt agus an bonn a bhaint de luachanna agus cearta bunúsacha na hEorpa;

    BL.

    de bhrí gur minic a úsáideann gníomhaithe eachtracha imircigh, mionlaigh agus diaspóraí, a eagraíonn feachtais bhréagaisnéise chun teacht i dtír agus méadú ar réamhthuairimí diúltacha maidir leis an imirce chun teannas a chothú laistigh de shochaithe na hEorpa, amhail an diaspóra Úcránach a bheith thíos le feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe de chuid na Rúise; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag ardáin i scaipeadh na faisnéise sin;

    BM.

    de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngluaiseachtaí frith-inscne san Eoraip, ag díriú go sonrach ar shláinte ghnéis agus atáirgthe, ar chearta na mban agus ar dhaoine LGBTIQ+; de bhrí go spreagann gluaiseachtaí den sórt sin bréagaisnéis chun dul chun cinn maidir le cearta na mban agus comhionannas inscne a aisiompú; de bhrí gur tuairiscíodh go bhfuair na gluaiseachtaí sin na milliúin euro i gcistiú eachtrach, bíodh sé poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear ón Rúis agus ó na Stáit Aontaithe;

    BN.

    de bhrí go léiríonn ionstraimiú sin imirceach agus mionlach ag teorainneacha seachtracha AE a thábhachtaí atá sé córas bainistithe teorainneacha atá éifeachtach agus comhtháite a bheith ann agus a thábhachtaí atá sé bearta oibríochtúla, airgeadais agus taidhleoireachta a chur i bhfeidhm chun go bhfanfaidh siad athléimneach;

    BO.

    de bhrí go dtacaíonn an Pharlaimint leis an togra ón gCoimisiún forálacha maidir le hionstraimíú imirceach a chur san áireamh i gCód Teorainneacha Schengen, rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát gníomhú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhordaithe;

    BP.

    de bhrí go mbíonn tionchar ag feachtais bhréagaisnéise agus bholscaireachta na Rúise ar thuairimí indíreacha san Eoraip trí dhíriú ar dhiaspóra a labhraíonn an Rúisis san Eoraip agus i dtíortha comharsanachta; de bhrí gur cheart ról lárnach a bheith ag na Ballstáit maidir le foinsí nuachta bunaithe ar fhíricí a chur ar fáil do ghrúpaí daonra ina labhraítear an Rúisis, chun cur i gcoinne na hinsinte atá ar son na Creimile; de bhrí go bhfuil bréagaisnéis agus feachtais bholscaireachta na Rúise forleathan freisin i roinnt tíortha iar-Shóivéadacha, lena n-áirítear san Áise Láir;

    BQ.

    de bhrí gur chuir oifig ionchúisitheora cónaidhme na Beilge tús le himscrúdú maidir le hamhras faoi sciúradh airgid, éilliú agus rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil de thionscnamh tríú tíortha; de bhrí gur tharla roinnt gabhálacha agus cuardaigh ón 9 Nollaig 2022 ar aghaidh, a raibh tionchar acu ar Fheisirí reatha agus ar iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, agus ar an bhfoireann; de bhrí gur gá don Pharlaimint, agus d’institiúidí eile AE na líomhaintí sin a leanúint le bearta éifeachtacha, chun na bealaí éalaithe le haghaidh trasnaíocht eachtrach a dhúnadh, chomh maith le trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, chun sláine na n-institiúidí a chosaint;

    BR.

    de bhrí go bhfuil muinín as sláine agus as smacht reachta na Parlaiminte ríthábhachtach d’fheidhmiú an daonlathais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú nach ngabhfar próisis dhaonlathacha le leasanna príobháideacha agus seachtracha agus go ndéanfar cearta na saoránach a urramú go hiomlán; de bhrí gur cuid ríthábhachtach de dhaonlathas na hEorpa é cumas na n-ionadaithe leasmhara agus ionadaithe grúpa tionchar a imirt ar chinnteoireacht sa Pharlaimint trí bhíthin argóintí;

    BS.

    de bhrí gur aibhsíodh i dtuarascáil INGE I cheana féin go bhfuil easpa tromchúiseach rialacha ann atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le brústocaireacht agus forfheidhmiú chlár brústocaireachta AE, agus gur minic a dhéanann cuideachtaí náisiúnta nó príobháideacha faoi rialú stáit forlámhach eachtrach iarpholaiteoirí agus státseirbhísigh ardleibhéil Eorpacha a fhostú nó a chomhthoghadh; de bhrí go bhfágann sé sin go bhfuil sé beagnach dodhéanta súil a choinneáil ar an mbrústocaireacht a thagann ó lasmuigh de AE;

    BT.

    de bhrí, maidir le gabháil scothaicme ag leasanna eachtracha, arna n-éascú ag neamhshrian ar ‘dhoirse imrothlacha’ idir institiúidí AE agus tíortha uathlathacha a bhfuil baol ard ann go ndéanfar trasnaíocht dhíobhálach ar leasanna daonlathacha an Aontais, gur cineál suntasach trasnaíocht eachtrach ar fheidhmiú daonlathach an Aontais Eorpaigh é, agus gur féidir a mheas gur saincheist é a bhaineann le héilliú;

    BU.

    de bhrí gur fhorchuir an tSín agus an Rúis smachtbhannaí ar thaighdeoirí agus institiúidí taighde Eorpacha mar gheall ar a gcuid scríbhneoireachta nó tuairimí;

    BV.

    de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh soiléireachta maidir le tionchar eachtrach trí ionadaithe leasa ar leibhéal AE, go háirithe i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhairleachtaí, fondúireachtaí, meithleacha machnaimh agus cuideachtaí príobháideacha; de bhrí nár cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar ghnáthghníomhaíochtaí for-rochtana na n-ambasáidí; de bhrí go bhfuil laghdú ag teacht ar líon fhoireann Ambasáid na Rúise ar fud na hEorpa, agus go bhfuil sí fós ag ardú i mBúdaipeist, rud a léiríonn go bhfuil an Ungáir soghabhálach i leith gníomhaíochtaí faisnéise Rúiseacha;

    BW.

    de bhrí go bhféadfadh brústocaireacht thar ceann leasanna eachtracha, go háirithe nuair a bhaineann sé le cuideachtaí in earnálacha straitéiseacha agus a rialtais, an bealach a réiteach do chur isteach eachtrach inár n-institiúidí; de bhrí gur neartaíodh go mór an Clár Trédhearcachta tar éis comhaontú idirinstitiúideach; de bhrí go bhféadfadh neartú na gceanglas trédhearcachta le haghaidh ESSanna, comhairleachtaí, fondúireachtaí, meithleacha machnaimh agus cuideachtaí príobháideacha feidhmiú chun cur isteach eachtrach a bhrath;

    BX.

    de bhrí go raibh roinnt cásanna ann d’imeaglú naimhdeach agus d’fheachtais chiaptha i gcoinne Feisirí de Pharlaimint na hEorpa arna n-eagrú agus arna gcomhordú ag tíortha eachtracha; de bhrí gur chuir tíortha amhail an Rúis, an tSín agus an Iaráin toirmisc ar theacht isteach agus smachtbhannaí ar Fheisirí agus comhlachtaí aonair de chuid Pharlaimint na hEorpa agus parlaimintí na mBallstát, mar gheall ar a gcáineadh ar bheartais na rialtas faoi seach maidir le cearta an duine;

    BY.

    de bhrí go bhfuil roinnt stát forlámhach ag cur ina leith go bréagach go ndearna saoránaigh Eorpacha coireanna nó cionta agus go bhfuil siad á gcoinneáil i bpríosún chun tionchar a imirt ar chinntí Bhallstáit AE; de bhrí go bhfuil saoránaigh á gcoinneáil agus á gciontú san Iaráin faoi láthair gan aon údar maith a bheith leo, lena n-áirítear náisiúnach na Sualainne Ahmadreza Djalali agus seachtar náisiúnach Francach;

    BZ.

    de bhrí gur fhorchuir AE smachtbhannaí i mí an Mhárta 2022 ar asraonta bolscaireachta na Rúise, Russia Today (RT) agus Sputnik, lena ngníomhaíocht chraolacháin a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith le hordú a thabhairt do sholáthraithe rochtana idirlín agus d’innill chuardaigh rochtain agus innill chuardaigh a bhlocáil chun a n-inneachar a dhí-innéacsú; de bhrí, ó glacadh an naoú pacáiste smachtbhannaí, gur scoir oibreoirí satailíte amhail Eutelsat na Fraince agus SES Lucsamburg de sheirbhísí craolacháin a sholáthar do RT agus Sputnik in AE; de bhrí go leanann Eutelsat 36B de chláir a chraoladh ó Trikolor na Rúise agus NTV agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis; de bhrí go leanann SES de RT News a chraoladh san India, i Meicsiceo agus san Afraic Theas; de bhrí go leanann oibreoirí satailíte náisiúnta eile amhail Hellas Sat agus Hispasat, chomh maith le cainéil náisiúnta Ungáracha, de chainéil teilifíse atá faoi réir smachtbhannaí a chraoladh; de bhrí go bhfuil RT France agus RT News fós ar fáil ar líne; de bhrí gur minic a mhéadaíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla de chuid na meán bolscaireacht na Rúise agus go mbíonn tionchar an-leathan acu i réigiúin áirithe ar fud an domhain;

    CA.

    de bhrí, i gcontrárthacht shoiléir leis na smachtbhannaí arna bhforchur ag AE, go bhfuil an tSeirbia, tír is iarrthóir ar bhallraíocht AE, tagtha chun bheith ina thearmann sábháilte do roinnt cuideachtaí Rúiseacha atá ag iarraidh éalú ó smachtbhannaí a d’fhorchuir AE nó na smachtbhannaí sin a mhaolú, amhail ó mhí Iúil 2022, tá Béalgrád ag óstáil roinnt oifigí de chuid RT (Russia Today roimhe seo), a sheol a seirbhís nuachta ar líne sa tSeirbia;

    CB.

    de bhrí go ndíreodh coiriúlú ar chur isteach eachtrach ar an iompar mailíseach sin agus go ndéanfaí í a stiogmatú; de bhrí nach bhfuil aon toirmeasc ginearálta ar chur isteach eachtrach in AE faoi láthair, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh déantóirí coire gabháil dó gan eagla roimh phionós, murab ionann a n-iompar agus cion atá ann cheana; de bhrí, de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar bhonn forbairtí sa choireacht, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo; de bhrí gur gá smachtbhannaí a fhorchur agus srianta a chur ar dhéantóirí cur isteach ón gcoigríoch chun cosc a chur orthu gníomhaíochtaí a dhéanamh amach anseo;

    CC.

    de bhrí gur mhol an Coimisiún cionta coiriúla agus pionóis a chomhchuibhiú mar gheall ar shárú smachtbhannaí AE; de bhrí go ndearna roinnt Ballstát breithniú ar inniúlachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun na sáruithe sin a chumhdach;

    CD.

    de bhrí go bhfuil roinnt píosaí tábhachtacha reachtaíochta forbartha cheana féin ag AE chun cur i gcoinne ionramháil agus trasnaíocht urchóideach faisnéise eachtraí (FIMI); de bhrí go bhfuil baol ann go bhféadfaí creataí rialála AE chun an bhréagaisnéis a chomhrac a chóipeáil agus go bhféadfadh tíortha (forlámhacha) eile iad a úsáid go roghnaitheach chun srian a chur le saoirse na meán agus saoirse tuairimí a nochtadh; de bhrí nach ndearnadh go cuí ar leibhéal AE meastóireacht ar éifeachtacht agus ar thionchar na n-ionstraimí atá ann cheana maidir le hathléimneacht na sochaí a neartú; de bhrí go gcuirfeadh meastóireacht den sórt sin tuilleadh feabhais ar threoshuíomh na mbeartas agus na n-uirlisí a bheidh ann amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar chur isteach eachtrach agus ar bhagairtí hibrideacha;

    CE.

    de bhrí, tar éis a fáis eacnamaíoch agus a leathnaithe pholaitiúil ar an leibhéal domhanda, go bhfuil an tSín ag iarraidh scaipeadh a bolscaireachta thar lear a uasmhéadú, ag scaipeadh scéalta dearfacha maidir leis an tír agus ag an am céanna ag iarraidh guthanna criticiúla a chur faoi chois; de bhrí go bhfuil smacht ag an tSín ar na bealaí traidisiúnta faisnéise uile san Afraic, arb iad na huirlisí is mó úsáid fós ar an mór-roinn chun rochtain a fháil ar fhaisnéis; de bhrí go bhfuil an Rúis ag leathnú a cuid oibríochtaí bréagaisnéise san Afraic freisin; de bhrí go bhfuil baint dhíreach ag Grúpa Wagner leis na hoibríochtaí sin; de bhrí go bhféadfadh na hoibríochtaí sin sábháilteacht shaoránaigh na hEorpa agus forbairt an chomhair le stáit chomhpháirtíochta na hAfraice a chur i mbaol;

    CF.

    de bhrí go bhfuil ról ceannasach á ghlacadh ag AE in obair Choiste Ad Hoc na Náisiún Aontaithe maidir le Cibearchoireacht, faoi Thríú Coiste na Náisiún Aontaithe, agus é mar aidhm leis sin cearta bunúsacha agus nós imeachta na ndaoine atá faoi dhrochamhras a chosaint;

    CG.

    de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an bhfeasacht fhoriomlán ar na contúirtí a bhaineann le hionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis i dtíortha eile ar fud an domhain ó thosaigh paindéim COVID-19; de bhrí go bhfuil roinnt tionscnamh molta ag na Náisiúin Aontaithe chun rialachas a fheabhsú sa réimse digiteach agus chun níos mó comhleanúnachais a chruthú i measc Bhallstáit na Náisiún Aontaithe, amhail an Cód Iompair Domhanda chun sláine na faisnéise poiblí agus an Comhshocrú Digiteach Domhanda a chur chun cinn;

    CH.

    de bhrí, i bpléití le Coiste Speisialta ING2, gur thug ionadaí ó roinnt ardán agus geallsealbhóirí eile freagra dearfach ar bhunú caighdeán domhanda, agus go háirithe caighdeáin Eorpacha agus, nuair ab fhéidir, caighdeáin thrasatlantacha, i gcoinne FIMI;

    CI.

    de bhrí go bhfuil misin agus oibríochtaí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES)/an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) agus toscaireachtaí AE thar lear i measc na bhfeachtas cumarsáide straitéisí is fearr ag AE i dtíortha nach bhfuil san Aontas;

    CJ.

    de bhrí gur fhormheas an Chomhairle an Compás Straitéiseach i mí an Mhárta 2022; de bhrí go leagtar amach sa Chompás Straitéiseach gur cheart uirlisí agus acmhainní cumarsáide straitéiseacha leordhóthanacha a bheith ag gach misean agus oibríocht CBSC/CBES faoi 2024 chun cur i gcoinne FIMI; de bhrí go bhfuil gá le próiseas nuachóirithe agus gairmiúlachta i gcumarsáid misean, lena n-áirítear tacú le tionscnaimh chun leochaileachtaí bréagaisnéise a chomhrac; de bhrí gur chuir Tascfhórsa um Chumarsáid Straitéiseach (StratCom) na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) dlús lena chomhar le misin agus oibríochtaí CBSC chun cabhrú leo feachtais FIMI a bhrath, a anailísiú agus a thuiscint;

    Straitéis chomhordaithe an Aontais i gcoinne trasnaíocht eachtrach

    1.

    á chur i bhfios go láidir gur thug cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine chun tosaigh na naisc idir iarrachtaí ar ionramháil eachtrach faisnéise agus bagairtí ar AE agus ar a gharchomharsanacht, ar na Balcáin Thiar agus ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus ar shlándáil agus cobhsaíocht dhomhanda; ag tabhairt dá haire go ndearna cogadh iomlán na Rúise san Úcráin na héifeachtaí a bhí ag cur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha, ar cuireadh tús leis i bhfad roimh an ionradh agus atá bunaithe ar athbhreithniú stairiúil, níos soiléire fós;

    2.

    á chur i bhfáth gur gá neamhspleáchas straitéiseach oscailte AE a fhorbairt chun deiseanna cur isteach trí spleáchas AE in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh, teicneolaíocht dhigiteach agus sláinte a theorannú; á chur in iúl go dtacaíonn sí le hiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, na Comhairle agus institiúidí eile i ndáil leis sin, go háirithe i gcomhthéacs REPowerEU agus Chlár Oibre Digiteach an Aontais;

    3.

    á thabhairt dá haire go bhfuil obair leantach á dhéanamh ag an gCoimisiúin ar na chéad mholtaí a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Márta 2022; á athdhearbhú, áfach, go n-iarrann sí go mbeadh straitéis chomhordaithe AE ann chun dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach, agus castacht agus cineál ilghnéitheach na mbagairtí á gcur san áireamh, bunaithe ar anailís gheopholaitiúil atá soiléir agus ilpholach; á mheas gur cheart go n-áireofaí sa straitéis uile-shochaí sin bearta chun forálacha atá ann cheana maidir le trasnaíocht eachtrach a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, pointe fócasach a chruthú le haghaidh imscrúdaithe agus freagairtí straitéiseacha chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach, agus cistiú slán a áirithiú do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun seasamh le próisis dhaonlathacha; á chreidiúint gur cheart don straitéis sin sineirgí a thabhairt le chéile agus a chruthú idir iarrachtaí scoite, straitéisí, pleananna gníomhaíochta, treochláir agus tionscadail bhunúsacha agus sruthanna cistiúcháin; á chreidiúint gur cheart dó na spriocanna straitéiseacha, na sainorduithe riachtanacha agus na cumais oibríochtúla a bhunú, amhail comhroinnt faisnéise faoi bhagairtí agus sannadh teicniúil, na huirlisí reachtacha agus taidhleoireachta, amhail reachtaíocht nua, noirm, boscaí uirlisí, sannadh polaitiúil, smachtbhannaí, agus frithbhearta eile, chomh maith le ceanglais fothaithe acmhainneachta, amhail cistiú breise ghníomhaireachtaí AE agus ESSanna a rannchuidíonn leis na hiarrachtaí sin le príomhtháscairí feidhmíochta chun a áirithiú go bhfaighfear scála leordhóthanach agus rochtain leordhóthanach ar thorthaí;

    4.

    á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin maidir leis an bpacáiste um Chosaint an Daonlathais; á mheabhrú go ndearna an Coimisiún ráitis chun moltaí choiste INGE agus ING2 a chur san áireamh go cúramach go bhforbrófaí Pacáiste láidir um Chosaint an Daonlathais in éineacht le reachtaíocht chun bagairtí hibrideacha san Aontas a chomhrac;

    5.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit a áirithiú gur gá coimircí láidre agus diongbháilte ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse tuairimíochta, a áireamh i ngach beart a dhéantar chun AE a chosaint ar chur isteach eachtrach agus ar chúbláil faisnéise;

    6.

    á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart aird chúramach a thabhairt ar iarrachtaí chun bogadh ó chur chuige agnóch tíre lena ndéileáiltear le gach iarracht tionchair eachtraigh ar an mbealach céanna, beag beann ar a dtír thionscnaimh, i dtreo cur chuige rioscabhunaithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla, ar an gcaoi chéanna le Treoir (AE) 2015/849 (18), agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thíortha eile; á chreidiúint go bhfeidhmeodh an cur chuige rioscabhunaithe mar cheann de na bloic thógála de chur chuige cisealta a bhunaíonn beartais agus frithbhearta in aghaidh trasnaíocht eachtrach, a bhainfeadh castacht dhlíthiúil nach bhfuil gá léi, agus a úsáideann na cumais agus na hacmhainní teoranta, ón leibhéal oibríochtúil go dtí an leibhéal beartais, ar bhealach níos éifeachtúla trí aird a thabhairt ar an tábhacht is mó a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar thionchar eachtrach agus freagairt dó, eadhon a tír thionscnaimh; á chreidiúint freisin gur cheart go n-áireofaí leis an gcur chuige sin tacar soiléir smachtbhannaí féideartha, agus dá bhrí sin go bhfeidhmeodh sé mar chineál díspreagtha i dtreo tras-ionsaitheoirí agus mar ghiaráil i dtreo gníomhaithe mailíseacha atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfaí a chur leis an liosta; á mheas go bhféadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na critéir a d’fhéadfadh a bheith ann:

    (a)

    rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le trasnaíocht eachtrach,

    (b)

    clár gadaíochta maoine intleachtúla atá dírithe ar AE agus a Bhallstáit,

    (c)

    reachtaíocht lena gcuirtear iallach ar ghníomhaithe náisiúnta neamhstáit a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faisnéise,

    (d)

    sárú comhsheasmhach ar chearta an duine,

    (e)

    beartas athbhreithnitheach i dtreo an dlíchórais idirnáisiúnta atá ann cheana,

    (f)

    idé-eolaíocht fhorlámhach a fhorfheidhmiú go seach-chríochach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS moltaí sonracha a thíolacadh maidir leis an gcur chuige sin a thabhairt isteach agus iad a chur faoi bhráid na Comhairle lena bhformheas;

    7.

    á mheas gur cheart do AE, i gcomhar leis na Ballstáit, dlús a chur lena chumarsáid straitéiseach maidir le cur i gcoinne agus bréagnú, cúbláil faisnéise trí oibríochtaí leanúnacha a thuairisciú go forleathan de réir mar a tharlaíonn siad (bréagnú), go háirithe sa Domhan Theas; á iarraidh go ndéanfaí cumais réamhbhréagnaithe AE a neartú agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh iontu; á mheabhrú gur leag an Úcráin agus an Téaváin amach samplaí maidir le hionramhálacha faisnéise a réamhbhréagnú agus a bhréagnú agus an gá atá le tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh óna dtaithí; á mheabhrú, ar an gcaoi chéanna, gur gá creat a bheith ann chun an fhaisnéis a chuireann an tsochaí shibhialta agus cuideachtaí príobháideacha ar fáil a chomhroinnt go tapa chun ionramháil ar fhaisnéis a réamhbhréagnú nó a bhréagnú go tapa;

    8.

    á chur in iúl go dtacaíonn sí le hiarraidh phoiblí an Leas-Uachtaráin Věra Jourová i dTaillinn i mí Eanáir 2023 (19) go ndéanfaí bealaí cumarsáide neamhspleácha a leathnú do chainteoirí Rúiseacha; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS obair leantach le tograí agus bearta nithiúla dá réir sin;

    9.

    ag cáineadh fheiniméan contúirteach na bréagaisnéise chun oibre, trína gcuireann soláthraithe seirbhísí bréagaisnéise ar fáil do ghníomhaithe rialtais agus neamhrialtais, mar shampla ar an ngréasán dorcha, ina leagtar amach liostaí seirbhísí agus praghsanna; á chur in iúl gur saoth léi gur úsáideadh an cineál seirbhíse sin chun iarracht a dhéanamh an bonn a bhaint de phróisis toghcháin, i measc go leor úsáidí eile;

    10.

    á iarraidh go mbunófaí struchtúr AE a mbeidh sé de chúram air sonraí staidrimh a anailísiú, tionscadail taighde a chomhordú agus tuarascálacha a chur ar fáil chun feasacht staide agus comhroinnt faisnéise faoi bhagairtí, sannadh agus frithbhearta i ndáil le FIMI a mhéadú, lena n-áirítear ról a thabhairt do sheirbhís gníomhaíochta seachtraí AE, agus a fheidhmíonn mar phointe tagartha agus mar mhol speisialaithe eolais chun malartú oibríochtúil idir údaráis na mBallstát, institiúidí AE agus gníomhaireachtaí AE a éascú agus a chothú; á mheas gur cheart an struchtúr sin a mhaoiniú ó bhuiséad AE agus é a bheith i bhfoirm Lárionad Sláine Faisnéise a chomhoibríonn le hinstitiúidí uile AE chun úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun dúbláil a sheachaint;

    11.

    á iarraidh go n-aithneodh na Ballstáit gur bagairt slándála náisiúnta agus trasteorann é trasnaíocht eachtrach, lena n-áirítear bréagaisnéis; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit ionas gur féidir gníomhaíochtaí den sórt sin a chomhrac go héifeachtach; á iarraidh go leasófar Airteagal 222 CFAE chun trasnaíocht eachtrach a áireamh;

    12.

    á iarraidh ar pharlaimintí náisiúnta Bhallstáit AE machnamh a dhéanamh maidir lena gcomhlachtaí parlaiminteacha féin a bhunú a mbeidh sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann lena ndaonlathas a chosaint ar chur isteach eachtrach agus ar ionramháil ar fhaisnéis, agus malartuithe rialta a bhunú maidir leis na hábhair sin;

    13.

    á thabhairt dá haire gur díol spéise di tabhairt i gcrích chleachtadh comhpháirteach Réiteach Comhtháite 2022 an Aontais, arb é is aidhm dó borradh a chur faoi chumas an Aontais freagairt do ghéarchéim chasta hibrideach lena mbaineann gné inmheánach agus sheachtrach araon; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach raibh an Pharlaimint rannpháirteach sa chleachtadh sin agus á iarraidh go dtabharfadh Institiúidí eile AE ról don Pharlaimint i struchtúr gach cleachtadh den chineál sin;

    14.

    ag spreagadh gach cineál comhair idir seirbhísí institiúidí éagsúla AE atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le faireachán agus cur i gcoinne na bréagaisnéise, amhail an comhar idir tascfhórsa na Parlaiminte maidir le Bréagaisnéis, seirbhísí an Choimisiúin agus roinn StratCom SEGS lena Córas Mear-rabhaidh; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht SEGS agus an Choimisiúin leis an bParlaimint chun é a thabhairt cothrom le dáta go rialta maidir le forbairtí suntasacha i dtimpeallacht bhagartha FIMI, go háirithe nuair a bhaineann sé le toghcháin AE; á mholadh go mbunófaí Córas Mear-Rabhaidh d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus d’Fheisirí de pharlaimintí náisiúnta chun cur i gcoinne na bréagaisnéise ar ardáin ar líne agus chun comhroinnt na bréagaisnéise a chosc;

    15.

    á chur in iúl gur geal léi gur éascaigh SEGS Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISAC) chun modheolaíocht agus creat comhchoiteann a fhorbairt chun faisnéis agus fianaise maidir le bagairtí córasacha a bhailiú agus a chomhroinnt agus, ar deireadh, feasacht staide níos fearr a chur ar fáil; á thabhairt chun suntais an dul chun cinn atá déanta ag SEGS maidir le creat coiteann anailíseach agus modheolaíocht choiteann anailíseach maidir le FIMI mar a thuairiscítear in EDAP agus á chur i bhfios go láidir, mar chuid de ISAC, gur féidir le prótacal foinse oscailte, comhoibríoch agus idir-inoibritheach den sórt sin chun tacú leis an bhfeasacht staide rannchuidiú le comhar níos dlúithe idir institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (EUIBAnna), na Ballstáit, ardáin na meán sóisialta, gníomhaireachtaí nuachta, agus gníomhaithe na sochaí sibhialta; á iarraidh go ndéanfaí cistiú leordhóthanach a dhíriú ar fhorbairt leanúnach, ar rannpháirtíocht na sochaí, agus ar fhothú acmhainneachta a rannchuidíonn le glacadh forleathan na samhla sin le raon agus scála suntasach ar fud an Aontais;

    16.

    á iarraidh go mbeadh comhlacht buan i bParlaimint na hEorpa chun cur chuige trasnach a áirithiú chun faireachán agus comhrac éifeachtach a dhéanamh ar chur isteach eachtrach;

    Athléimneacht

    17.

    á iarraidh go ndéanfaidh institiúidí AE, na Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta, an tsochaí shibhialta, saol an ghnó agus na meáin neamhspleácha iarracht chomhchoiteann chun feasacht shóisialta agus institiúideach a ardú agus infheistíocht a dhéanamh san oideachas maidir le bréagaisnéis, ionramháil ar fhaisnéis agus trasnaíocht eachtrach agus conas gníomhú ina coinne, ar bhealach iomlánaíoch;

    18.

    á chur i bhfios go láidir nach mór do AE ceachtanna a fhoghlaim ó thaithí agus saineolas na hÚcráine, na Téaváine agus tíortha eile maidir le cur isteach agus ionsaí eachtrach a chomhrac agus leanúint de dhlúthchomhar leis na tíortha sin sa réimse sin; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil comhthéacs éagsúil ann ina n-oibríonn an Téaváin;

    19.

    á chur in iúl gur geal léi go mbeidh moil go luath ag an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO), líonra neamhspleách do sheiceálaithe fíricí, do thaighdeoirí acadúla agus do gheallsealbhóirí eile, lena gcumhdófar Ballstáit uile an Aontais, agus ar an gcaoi sin go dtreiseofar a misean maidir le feachtais bhréagaisnéise, mífhaisnéis agus inneachar eile arna gcruthú ag tríú tíortha a bhfuil rún soiléir bolscaireachta acu a bhrath agus a anailísiú, agus gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin agus gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise a eagrú; ag cur béim ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le creat dlíthiúil san Aontas nó sna Ballstáit chun seiceáil fíricí ardcháilíochta a áirithiú;

    20.

    á iarraidh an athuair go ndéanfaidh na Ballstáit litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach, oideachas sibhialta, stair choiteann na hEorpa, urraim do chearta bunúsacha, smaointeoireacht chriticiúil agus cur chun cinn rannpháirtíocht an phobail a chur san áireamh ar churaclaim scoile agus ollscoile, i gcomhthráth leis na hiarrachtaí ginearálta chun feasacht a mhúscailt i measc daoine fásta, lena n-áirítear daoine scothaosta, agus iarrachtaí chun na deighiltí digiteacha bunaithe ar aois, inscne agus stádas socheacnamaíoch a dhúnadh; á iarraidh go mbeadh straitéis chomhbheartaithe AE maidir le litearthacht sna meáin ann le tionscadail a chruthaíonn torthaí nithiúla ar scála suntasach a shroicheann an tAontas ina iomláine; á mholadh go roinnfí Treoirlínte AE maidir le Litearthacht sna Meáin le tíortha is iarrthóirí, arna n-aistriú go teangacha náisiúnta, chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun litearthacht dhigiteach a chur chun cinn trí oideachas agus oiliúint; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit, i ndáil leis sin, breithniú ar ábhair oideachais a fhorbairt agus a dháileadh, laistigh d’institiúidí oideachais, atá dírithe ar chatagóirí aoise éagsúla óna bhféadfaidh leanaí agus daoine óga araon foghlaim conas iad féin a chur ar an eolas i gceart agus conas is féidir leo cruinneas na faisnéise a sheiceáil; á iarraidh go gcruthófaí faireachlann de thionchair eachtracha agus a dtionchar ar ardoideachas agus ar thaighde;

    21.

    á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cuimhneachán stairiúil agus taighde stairiúil ar réimis ollsmachtacha, amhail maidir leis an réimeas Sóivéadach, agus díospóireacht phoiblí thrédhearcach, bunaithe ar fhíricí faoi choireanna na réimeas sin chun athléimneacht ár sochaithe i gcoinne saobhadh agus ionramhálacha staire a neartú; á athdhearbhú a thábhachtaí atá ESSanna, amhail Memorial [Cuimhneachán], a bheith ag obair i réimse an chuimhneacháin stairiúil, go háirithe a mhéid a bhaineann le stair na hEorpa le déanaí, atá á n-ionsaí ag bréagaisnéis agus athbhreithniú córasach ón Rúis, ina hiarrachtaí chun údar a thabhairt lena cur isteach agus lena hionsaí leanúnach;

    22.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún Pacáiste éifeachtach um Chosaint an Daonlathais a fhorbairt, agus taithí uathúil na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa agus na tograí deiridh á gcur san áireamh, lena n-áirítear na tionscnaimh chun ár ndaonlathas a neartú ón taobh istigh, trí chultúr sibhialta de rannpháirtíocht dhaonlathach agus rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a chothú i gcónaí, lena n-áirítear lasmuigh de thréimhse an toghcháin;

    23.

    á chur i bhfios go láidir gur gá oiliúint shonrach a bheith ag riaracháin phoiblí ar gach leibhéal maidir le gníomhartha cúblála agus trasnaíochta faisnéise a shainaithint agus a chomhrac, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh an oiliúint sin inscne-íogair; á iarraidh an athuair go leanfadh EUIBAnna agus na húdaráis náisiúnta d’oiliúint chomhchosúil agus gníomhaíochtaí feasachta staide reatha agus iad a neartú ós rud é go bhfuil bagairtí hibrideacha leanúnach agus forleathan agus go ndírítear leo níos mó agus níos mó ar thionchar a imirt ar bheartais agus ar reachtaíocht an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh EUIBAnna oiliúint idirinstitiúideach a chur ar bun chun athléimneacht fhoriomlán EUIBAnna ina iomláine a chur chun cinn;

    24.

    á iarraidh go ndéanfadh EUIBAnna agus údaráis náisiúnta creat cumarsáide tiomnaithe a ghlacadh ina mbeidh bearta chun trasnaíocht eachtrach agus iarrachtaí chun cúbláil a dhéanamh ar an réimse faisnéise a bhrath go tapa, chun iarrachtaí den sórt sin a chosc agus a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi ról SEGS, ECAT, ionad barr feabhais StratCom agus ionad barr feabhais Hybrid mar chomhpháirtithe tábhachtacha chun feasacht staide mhéadaithe agus freagairtí breise a fhorbairt chun cur i gcoinne FIMI;

    25.

    ag athdhearbhú a hiarrata ar SEGS a saineolas a fhorbairt maidir le cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí, lena n-éilítear sainordú neartaithe agus leithdháileadh níos mó acmhainní ar a rannán Cumarsáide Straitéisí agus ar a tascfhórsaí go háirithe, ag leanúint cur chuige rioscabhunaithe agus ag cur san áireamh cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an chogaíocht hibrideach agus an bholscaireacht hibrideach a thagann ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit na Rúise araon, chomh maith le tionchar na cogaíochta hibridí sin ar thíortha is iarrthóirí AE sna Balcáin Thiar, agus ar an Moldóiv agus ar thíortha eile de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur i bhfáth go bhfuil idirphlé leis na saoránaigh fíor-riachtanach chun feasacht a mhúscailt faoi thosaíochtaí beartas eachtrach agus slándála AE; ag aithint agus ag moladh na hoibre ar shuíomh gréasáin agus bunachar sonraí EUvsDisinfo, agus á iarraidh go ndéanfaí an t-ardán sin a leathnú tuilleadh le cistiú iomchuí;

    26.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil géarghá le dlús a chur leis na hiarrachtaí chun feachtais mailíseacha FIMI a chomhrac arb é is aidhm dóibh teorainn a chur le cumas na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha a bheith ag teacht de réir a chéile le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES); á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú SEGS maidir le tacú le hacmhainneacht institiúideach agus trédhearcacht úinéireacht na meán, go háirithe sna Balcáin Thiar, agus staid leochaileach na slándála agus baol na n-iarmhairtí á gcur san áireamh; á chur i bhfios go láidir gur gá bolscaireacht na ngníomhaithe mailíseacha sa réigiún a chomhrac go réamhghníomhach, arb é is aidhm leis an bonn a bhaint de leasanna agus luachanna AE;

    27.

    á iarraidh go ndéanfadh AE agus na Ballstáit dlús a chur leis an tacaíocht a thugtar d’iarrachtaí na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le cur i gcoinne FIMI, ós rud é gur léiríodh go bhfuil siad éifeachtach maidir le feasacht a ardú maidir leis na rioscaí a bhaineann le faisnéis agus bréagaisnéis a tharchuirtear trí na meáin shóisialta, go háirithe, agus tá sé léirithe acu freisin go bhfuil siad éifeachtach i gcás na meán traidisiúnta, ós rud é go n-oibríonn go leor ESSanna ar an leibhéal áitiúil, agus go bhfuil siad níos gaire do spriocanna na bréagaisnéise agus go bhfuil a fhios acu conas cumarsáid a dhéanamh leo ar bhealach níos fearr; á chreidiúint gur cheart do chuideachtaí teicneolaíochta agus meán teagmháil a dhéanamh le ESSanna, atá in ann saineolas a chur ar fáil maidir le comhthéacsanna polaitiúla agus cultúrtha, chun straitéisí a cheapadh chun rioscaí cur isteach ar phróisis toghcháin a mhaolú;

    28.

    á iarraidh go gcuirfear cistiú leordhóthanach agus inbhuanaithe ar fáil, ar bhealach soiléir agus trédhearcach, d’iriseoirí iniúchacha agus ESSanna atá i gcomhréir lena n-iarrachtaí feasacht a mhúscailt, iarrachtaí chun cur isteach ar phróisis dhaonlathacha a nochtadh agus a dtionchar a neodrú;

    29.

    á iarraidh go ndéanfaí foinsí poiblí a chur ar leataobh, a threisiú agus a ghiaráil do na ESSanna ábhartha, agus freisin go ndéanfaí iarrachtaí chun cistiú príobháideach a mhéadú amhail comhdháil deontóirí a éascú; á iarraidh go seolfaí tionscnamh comhpháirteach lena dtabharfar le chéile cistí agus cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear an pacáiste um Chosaint an Daonlathais atá ar na bacáin, mar aon le heagraíochtaí airgeadais, deontóirí déthaobhacha agus tairbhithe, chun feabhas a chur ar chomhchuibhiú agus ar chomhar in infheistíochtaí don athléimneacht dhaonlathach agus chun cur i gcoinne FIMI, agus gur cheart don chreat infheistíochta sin deontais shaincheaptha a chur ar fáil, ar bhonn critéar oibiachtúil, trédhearcach agus faireacháin do sheiceálaithe neamhspleácha fíricí, d’iriseoirí iniúchacha, do lucht acadúil, do mheithleacha machnaimh agus do ESSanna atá i mbun feasacht staide a mhéadú (amhail taighde agus imscrúdú a dhéanamh chun tionscnamh cúblála agus trasnaíochta faisnéise a shainaithint, comhar sa réimse a fhorbairt chomh maith le modheolaíochtaí ISAC agus uirlisí foinse oscailte a fhorbairt agus a oibríochtú chun dul i ngleic le dúshlán FIMI) agus bearta a áireamh chun litearthacht sna meáin, litearthacht dhigiteach agus litearthacht faisnéise a chur chun cinn, chomh maith le gníomhaíochtaí eile chun athléimneacht a chothú agus tacaíocht a thabhairt do chosantóirí chearta an duine trí ghlaonna bliantúla nó débhliantúla ar thograí lena gcumhdófaí cistiú ilbhliantúil fadtéarmach;

    30.

    ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach go ráthófaí do sceithirí, d’iriseoirí agus do ghairmithe eile sna meáin na coinníollacha is gá chun rannchuidiú le díospóireacht phoiblí atá oscailte, saor, neamhchlaonta agus cóir, rud atá ríthábhachtach don daonlathas agus mar phríomhghné chun cabhrú leis an tsochaí cur i gcoinne na bréagaisnéise, na cúblála faisnéise agus an chur isteach; ag cur béim ar an ngá atá le trealamh slán agus le criptiú láidir, foinse oscailte, ó cheann go ceann chun rúndacht agus sláine na cumarsáide idir iriseoirí agus a bhfoinsí a chosaint;

    31.

    á chur in iúl gur geal léi an togra frith-SLAPP (20), ina bhfuil togra le haghaidh Treorach agus moladh chun feabhas a chur ar chosaint iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus ESSanna ar imeachtaí éagóracha cúirte; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an anailís a rinne an Coimisiún ina Thuarascáil 2022 ar an Smacht Reachta ar bhagairtí atá ann cheana i gcoinne shábháilteacht iriseoirí san Aontas agus ar bhagairtí dlíthiúla agus ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar an bhfaireachas spiaireachta ar iriseoirí agus ar ESSanna in AE mar bhealach chun imeaglú agus ciapadh a dhéanamh orthu; á chur i bhfáth gur gá an ghné sin a áireamh i measúnú an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta;

    32.

    á mheabhrú gur leigheas cumhachtach ar FIMI iad seirbhísí meán atá neamhspleách, iolraíoch agus ar ardchaighdeán; áá mheabhrú, i ndáil leis sin, gur bhunaigh Tuairisceoirí gan Teorainneacha an Journalism Trust Initiative [Tionscnamh Iontaobhais Iriseoireachta], a bhfuil sé mar aidhm leis caighdeáin tionscail a leagan síos; á iarraidh an athuair go mbeadh clár buan de chuid an Aontais ann maidir leis na meáin nuachta agus irisleabhair; á mheas nach mór saoirse agus iolrachas na meán a chosaint agus a chur chun cinn freisin sa timpeallacht ar líne, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinneachar iriseoireachta a bheith ar fáil ar ardáin ar líne;

    33.

    ag tabhairt dá haire gur gá a áirithiú go mbeidh nuachtáin thraidisiúnta agus cainéil nuachta i gceist leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise freisin; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh cainéil nuachta níos trédhearcaí maidir le próifíl na saineolaithe a dtugann siad cuireadh dóibh ar a seiteanna;

    34.

    á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (21) (EMFA) d’fhonn creat coiteann a bhunú ar leibhéal an Aontais chun iolrachas agus neamhspleáchas a ráthú sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí na meán trí fhorálacha sonracha a leagan síos i gcoinne cur isteach polaitiúil ar chinntí eagarthóireachta agus i gcoinne faireachais, chomh maith le maoiniú leormhaith a áirithiú d’eagraíochtaí meán seirbhíse poiblí, trédhearcacht úinéireacht na meán, agus ábhar na meán ar líne a chosaint; á chur i bhfos go láidir go gcuirfí bearta i bhfeidhm freisin chun na meáin agus a n-oibrithe a chosaint, go háirithe nuair a dhírítear cumhachtaí eachtracha orthu chun an bonn a bhaint den cheart chun faisnéise; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn na forálacha maidir le faireachas go háirithe feabhsuithe suntasacha chun a áirithiú nach ndéantar úsáid spiaireachta i gcoinne daoine aonair a dhlisteanú, go háirithe iriseoirí, agus ar an gcaoi sin go mbaintear an bonn de chearta bunúsacha seachas iad a neartú;

    35.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe Bord Eorpach nua um Sheirbhísí na Meán a chruthú, faoi chuimsiú an togra ó EMFA, lena dtabharfar le chéile údaráis náisiúnta na meán, ar cheart ról suntasach a bheith aige sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise, lena n-áirítear trasnaíocht eachtrach agus ionramháil ar fhaisnéis; á thabhairt dá haire, go háirithe, gurb é ceann de na cúraimí atá beartaithe ag an mbord comhordú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí meán ag soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a dhíríonn ar lucht féachana in AE agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca don tslándáil phoiblí; á mholadh go ndéanfaí tíortha na mBalcán Thiar agus Comhpháirtíocht an Oirthir a áireamh faoi shainchúram an bhoird i ndáil leis sin; á áitiú nach mór don Bhord Eorpach um Sheirbhísí na Meán a bheith neamhspleách ar an gCoimisiún agus ar rialtais na mBallstát, i dtéarmaí a eagrúcháin agus a mhaoinithe araon, ionas go mbeidh sé in ann oibriú go hoibiachtúil agus ar bhealach neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de;

    36.

    á chur in iúl gur geal léi, i ndáil le EMFA, na tograí le haghaidh faireachán neamhspleách ar an margadh inmheánach do sheirbhísí na meán, lena n-áireofaí sonraí mionsonraithe agus anailís cháilíochtúil ar athléimneacht mhargaí meán na mBallstát, go háirithe maidir leis na rioscaí a bhaineann le FIMI; á chur in iúl gur geal léi an togra maidir le hidirphlé struchtúrtha a eagrú idir ardáin agus earnáil na meán chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ardán le tionscnaimh féinrialála; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach n-áireofar le EMFA nó le reachtaíocht meán nó teicneolaíochta ar bith eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo díolúintí speisialta ó rialacha modhnóireachta inneachair cothrománacha lena dtugtar seic bán dóibh siúd a scaipeann bréagaisnéis;

    37.

    á iarraidh go mbunófaí ‘clásail chomhuaineacha’ lena mbeadh oscailteacht an spáis faisnéise Eorpaigh do thríú tíortha comhréireach leis an rochtain atá ag eagraíochtaí meán Eorpacha sna tíortha sin; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún córas rialála uile-Aontais a fhorbairt chun cosc a chur ar chuideachtaí meán atá faoi rialú eagarthóireachta rialtas eachtrach nó atá faoi úinéireacht tíortha eachtracha ardriosca cuideachtaí meán Eorpacha a fháil; ba cheart feidhm a bheith aige sin, den chuid is mó, maidir le tíortha neamhdhaonlathacha nó ardriosca nach bhfuil cead ag eagraíochtaí meán Eorpacha oibriú iontu gan bhac, nó ina bhfuil brú orthu a gclúdach a chlaonadh i bhfabhar na rialtas náisiúnta; ba cheart na hiarrachtaí sin a bheith bunaithe ar bhunachar sonraí coiteann chun cosc agus/nó ionchúiseamh comhchuibhithe a éascú ar fud an Aontais Eorpaigh; á mholadh gur féidir córas rialála den sórt sin a bhunú ar shásraí scagtha IDC atá ann cheana chun dúbláil a chosc; á mholadh go gcuirfí san áireamh in EMFA na forálacha maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán atá sna moltaí faoi láthair;

    38.

    á chur i bhfios go láidir gur féidir an méadú ar an diúltú don athrú aeráide a nascadh le glacadh níos leithne de theoiricí comhcheilge sa dioscúrsa poiblí atá bunaithe ar fhrithréaltacht a chruthú d’aon ghnó agus ar dhiúltú na heolaíochta, agus lena n-áirítear smaointe bréagacha faoi gach rud ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go vacsaíní COVID-19; ag cur béim ar an ról atá ag gníomhaithe eachtracha i mbréagaisnéis faoin athrú aeráide agus faoi bheartas aeráide AE a scaipeadh, rud a bhaineann an bonn de thacaíocht phoiblí agus atá á úsáid freisin in insintí na ngníomhaithe intíre a bhaineann leas as bréagaisnéis aeráide dá gcuspóirí polaitiúla féin;

    39.

    ag tacú leis an iarraidh a rinne príomhshaineolaithe aeráide ag an 27ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP 27) ar chuideachtaí teicneolaíochta dul i ngleic le fadhb na bréagaisnéise atá ag dul i méid, agus go háirithe glacadh le sainmhíniú uilíoch ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis aeráide lena gcuimsítear bréagléiriú ar fhianaise eolaíoch agus cur chun cinn réiteach bréagach, tiomantas a thabhairt don sprioc gan aon fhógraíocht a fhoilsiú lena n-áirítear mífhaisnéis agus bréagaisnéis agus glas-snasú, agus taighde inmheánach a roinnt maidir le mífhaisnéis agus bréagaisnéis aeráide a scaipeadh agus maidir le glas-snasú ar a n-ardáin;

    40.

    á iarraidh go ndéanfadh ardáin bearta chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun cosc agus toirmeasc a chur ar láithriú fógraíochta lena gcuirtear diúltú don athrú aeráide chun cinn agus iad a chur i bhfeidhm maidir le teoiricí comhcheilge agus bréagaisnéis; á aithint go bhfuil géarghá le luach airgid a bhaint as scaipeadh gheilleagar na bréagaisnéise i dtaca leis an athrú aeráide;

    41.

    á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil stádas ‘fíoraithe’ ar ardáin éagsúla na meán sóisialta, lena n-áirítear Twitter, ag go leor de na haimplitheoirí a chuireann go mór le diúltú don athrú aeráide agus d’ionsaithe ar ghníomhú ar son na haeráide, rud a fhágann gur féidir leo mífhaisnéis agus bréagaisnéis a scaipeadh faoin stádas pribhléideach sin chuig na milliúin lucht leanúna agus gur minic a bhíonn na haimplitheoirí sin bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach; á iarraidh go ndéanfadh Twitter seiceálacha níos déine a chur chun feidhme agus a mharcanna ‘seiceála gorma’ á ndíol;

    Trasnaíocht lena mbaintear úsáid as ardáin ar líne

    42.

    á mheabhrú go bhfuil samhail ghnó na n-ardán ar líne fós ag brath ar fhógraíocht atá bunaithe ar shonraí pearsanta agus ar algartaim theimhneacha trína n-eascraíonn níos mó ioncaim fógraíochta as níos mó rannpháirtíochta, agus go ngintear an rannpháirtíocht sin le halgartaim a thugann luach saothair do thuairimí polaraithe agus foircneacha a théann chun dochair d’fhaisnéis bunaithe ar fhíricí agus, ar an gcaoi sin, go mbaineann rioscaí suntasacha le cúbláil sonraí leo; á chur i bhfáth go gcruthaíonn an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (22) (RGCS), DSA, an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus an Rialachán atá ar na bacáin maidir le Trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla coimircí breise i gcoinne cleachtais mhí-úsáideacha agus ionramhála den sórt sin; á mheabhrú go bhfuil tacaíocht ann do gach beart chun cosc a chur ar mhicrea-spriocdhíriú don fhógraíocht pholaitiúil, go háirithe ach gan a bheith teoranta dóibh siúd atá bunaithe ar shonraí pearsanta íogaire;

    43.

    á iarraidh go n-oibreodh an Coimisiún, na Ballstáit agus cuideachtaí teicneolaíochta le chéile agus tuilleadh acmhainní a infheistiú chun leigheasanna rialála agus teicneolaíocha a fhorbairt ar bhréagaisnéis atá cumhachtaithe ag IS;

    44.

    á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil go leor á dhéanamh fós ag ardáin mhóra, amhail Meta, Google, YouTube, TikTok agus Twitter, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise go gníomhach, agus go bhfuil siad ag leagan amach foirne fiú in ainneoin glaonna leanúnacha ó rialtóirí, ón tsochaí shibhialta agus fiú ó fhoireann na cuideachta atá freagrach as sláine; meabhraíonn sí nach mór pearsanra leordhóthanach a bheith ag ardáin chun nuashonruithe rialta ar uirlisí modhnóireachta a áirithiú ionas nach mbeidh ábhar díobhálach ag dul timpeall ar a mbeartas modhnóireachta; á mheabhrú go mbraitheann feachtais bhréagaisnéise agus trasnaíochta go mór ar chomhordú trasardáin na bréagaisnéise agus na micri-spriocdhírithe; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil AE ag brath ar chuideachtaí nach cuideachtaí AE iad chun sláine na dtoghchán Eorpach a chaomhnú; ag tathant ar na hardáin uile, lena n-áirítear ardáin bheaga, ós rud é gur theip ar chur chuige féinrialála CoP, dlús a chur lena gcomhordú chun feachtais a shainaithint ar bhealach níos fearr agus a scaipeadh a chosc;

    45.

    á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cuideachtaí meán sóisialta ag comhlíonadh a bhfreagrachtaí agus go bhfuil siad neamhéifeachtúil maidir le mífhaisnéis agus bréagaisnéis a shainaithint ar a n-ardáin agus go bhfuil siad mall á baint anuas nuair a dhéanann siad amhlaidh; á chur in iúl go bhfuil aiféala uirthi gur léiriú é an neamhghníomhaíocht sin ag na hardáin ar líne ar easpa rialacha ceangailteacha sa chreat rialála Eorpach; á mheabhrú go dtugann samhail ghnó na n-ardán le tuiscint go bhfuil rochtain acu ar na sonraí ábhartha; á chur in iúl gur oth léi nach ngníomhaíonn siad go minic ach amháin nuair a chuireann saoránaigh, taighdeoirí nó na meáin inneachar sonrach in iúl; á iarraidh go ndéanfadh ardáin tosaíocht a thabhairt d’fhaisnéis bunaithe ar fhíorais a thagann ó fhoinsí iontaofa;

    46.

    á iarraidh go ndéanfadh ardáin níos mó foirne, acmhainní agus cumais cháilithe a leithdháileadh chun faireachán agus maolú a dhéanamh ar inneachar agus iompar díobhálach i dteangacha oifigiúla uile AE, i dteangacha áitiúla agus i gcanúintí, agus ag spreagadh ardán chun cistiú a mhéadú agus comhtháthú seiceálaithe fíricí tríú páirtí creidiúnaithe i dteangacha uile AE a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá ann aghaidh a thabhairt ar inneachar díobhálach;

    47.

    ag tabhairt dá haire gur cúis mhór aiféala é freisin nach gcuireann ardáin mhóra teicneolaíochta seirbhís duine le duine do chustaiméirí ar fáil i bhformhór na mBallstát;

    48.

    ag cáineadh chéimeanna siarghabhálacha Twitter sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise ó tháinig athrú úinéireachta uirthi; á chur in iúl gur saoth léi, go háirithe, gur laghdaigh Twitter go suntasach líon na mball foirne atá freagrach as cur isteach ar an mbréagaisnéis, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as modhnú inneachair domhanda, fuathchaint agus ciapadh ar líne; á chur in iúl gur saoth léi gur tugadh cuntais ar fionraí ar ais le déanaí gan measúnú cuí a dhéanamh agus go háirithe cuntais fhoréigneacha na heite deise agus cuntais faisisteacha a athbhunú, lena n-áirítear na cuntais sin lena ndiúltaítear toradh thoghcháin uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020; ag cáineadh go láidir gur chinn Twitter stop a chur lena bheartas i gcoinne bhréagaisnéis COVID-19 a fhorfheidhmiú;

    49.

    á thabhairt dá haire gur tarraingíodh aird, le cogadh foghach na Rúise san Úcráin, ar an easpa pointí teagmhála do na húdaráis chun bréagaisnéis agus inneachar neamhdhleathach a thuairisciú; á chur in iúl gur saoth léi gur minic a d’aistrigh bainistíocht Meta an fhreagracht as modhnú inneachair chuig an bhfoireann slándála atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil ach beirt ionadaithe ó Meta sna tíortha Baltacha, rud a chiallaíonn nach bhfuil dóthain acmhainní ann chun ábhar a mhaolú, rud a fhágann go bhfuil earráidí ann amhail cosc ar chuntais dhlisteanacha;

    50.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh grúpaí bréagaisnéise sláinte, antoiscigh pholaitiúla agus bunaitheoirí reiligiúnacha amhail an Talaban in ann stádas ‘fíoraithe’ a fháil le seicmharc trí liostáil le ‘Twitter Blue’; á iarraidh go ndéanfadh Twitter a bheartas a leasú chun pearsanú, brionnú nó maímh mhíthreoracha saineolais a chosc;

    51.

    á mheabhrú gur sínitheoir é Twitter leis an gCód Cleachtais neartaithe maidir le Bréagaisnéis, agus nár cheart go mbeadh tionchar ag athrú úinéireachta ar ghealltanais an ardáin faoin gCód; á mheabhrú nach mór don chuideachta Twitter cloí le gach rialachán ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear DSA; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla a áirithiú go gcloíonn Twitter le caighdeáin agus rialacha AE agus smachtbhannaí iomchuí a chur i bhfeidhm má theipeann ar chuideachtaí teicneolaíochta caighdeáin AE a chomhlíonadh;

    52.

    á iarraidh go ndéanfadh ardáin rochtain iomlán a éascú, go háirithe do thaighdeoirí, ar na sonraí atá mar bhonn agus mar thaca ag na torthaí agus stór a choinneáil de na daoine ar baineadh a gcuntas chun cabhrú le taighdeoirí in imscrúduithe a dhéanfar amach anseo, chomh maith le cuidiú le cuideachtaí teicneolaíochta eile, le rialtais dhaonlathacha agus le húdaráis forfheidhmithe dlí gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtarlóidh sé sin faoi chuimsiú DSA agus an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus a cheangal ar ardáin a mhíniú cén fáth a mheas siad nach mbeadh sé indéanta go teicniúil rochtain ar shonraí a sholáthar;

    53.

    á chur in iúl gur geal léi forálacha DSA lena gceanglaítear ar VLOPanna agus VLOSEanna faisnéis a sholáthar maidir le halgartaim, lena gceanglaítear orthu míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibríonn siad ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar thoghcháin agus ar phróisis dhaonlathacha eile, agus na bearta maolaithe riosca is gá a dhéanamh; á iarraidh ar shínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis a ngealltanais a chomhlíonadh go hiomlán; á chur in iúl gur oth léi an easpa gealltanas ceangailteach do shínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis; á iarraidh go ndéanfaí CoP a ghlacadh go pras mar chód iompair faoi DSA, lena n-áirítear iniúchtaí lena ndéanfaí measúnú ar chomhlíonadh mar a shonraítear faoi Airteagal 28, agus á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar na tograí reachtacha nua nó na nuashonruithe nua is gá chun an bhearna chomhlíontachta a líonadh, agus foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht ardáin a chur ar fionraí go sealadach nó go buan a dteipeann orthu go córasach a ngealltanais faoi CoP a chomhlíonadh;

    54.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach sínitheoirí le CoP iad roinnt gníomhaithe a gcuireann a gcuid seirbhísí go mór le scaipeadh na bréagaisnéise, amhail Apple, Amazon, Odysee, Patreon, GoFundMe, agus Telegram; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha atá fós ann a spreagadh chun CoP a shíniú agus a chomhlíonadh go hiomlán agus páirt a ghlacadh ina thascfhórsa; á iarraidh go mbunófar creat dlíthiúil chun íosleibhéal gealltanas a áirithiú chun an bhréagaisnéis ar na seirbhísí sin a chomhrac; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach gcomhoibríonn Telegram ar chor ar bith le lucht déanta beartas i dtíortha daonlathacha agus go bhfuil drogall air oibriú le ESSanna;

    55.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na gníomhaithe uile san éiceachóras fógraíochta ar líne tiomanta d'fhógraíocht a chuirtear ar chuntais agus ar shuíomhanna gréasáin ina scaiptear bréagaisnéis a rialú agus a theorannú, nó fógraíocht a chur in aice le hinneachar bréagaisnéise, chomh maith le teorainn a chur le scaipeadh fógraíochta ina bhfuil bréagaisnéis, agus go gcumhdaítear leis an ngealltanas sin fógraíocht pholaitiúil freisin; á thabhairt chun suntais, áfach, nach bhfuil dóthain sonraí fós ann chun a dheimhniú an bhfuil torthaí ag teacht as na bearta a rinneadh; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an tsamhail ghnó sin agus na halgartaim mholtóra atá mar bhonn taca léi fós ina gcumasóirí ríthábhachtacha maidir le scaipeadh na bréagaisnéise agus inneachar bréagach, míthreorach agus gríosaitheach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di toilteanas na n-ardán úsáid a bhaint as leithscéal na n-úsáideoirí a ‘chumhachtú’ mar bhealach chun freagracht a aistriú as fógraíocht a chur ar chuntais agus suíomhanna gréasáin ina scaiptear bréagaisnéis orthu a theorannú; de bhrí gur cheart an fhreagracht sin a bheith ar na hardáin, ós rud é go bhfuil na sonraí agus an saineolas ábhartha acu, fad a fhanfaidh a ngníomhaíochtaí trédhearcach agus go gcuirfear na sonraí ar fáil do thaighdeoirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa trédhearcachta sa mhargadh le haghaidh uirlisí cosanta branda lena dtugtar aghaidh ar rioscaí a bhaineann le híomhánna, ós rud é gur minic a bhíonn na huirlisí sin ag brath ar algartaim a bhfuarthas amach go bhfuil siad ag mílipéadú asraonta nuachta dlisteanacha iontaofa;

    56.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di an úsáid a bhaintear as píosaí scannáin a cruthaíodh trí fhíschluichí a úsáid chun bréagaisnéis a scaipeadh faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin agus coinbhleachtaí armtha eile; á iarraidh go mbeadh eagraíochtaí meán níos airdeallaí faoin inneachar sin agus bealaí éifeachtacha a fhorbairt chun é a bhaint óna n-ardáin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil cuideachtaí físeán agus cluichí ar líne atá lonnaithe sa Rúis, lena n-áirítear iad siúd a tháirgeann cluichí soghluaiste, fós ag feidhmiú gan bhac ar mhargaí na hEorpa agus go bhféadfaí iad a úsáid chun bréagaisnéis agus bolscaireacht a scaipeadh;

    57.

    á iarraidh go nglacfaí go pras CoP i gcoinne na bréagaisnéise mar Chód Iompair (CoC) faoi shásra comhrialála DSA, agus é á chur san áireamh go mbeidh rath na Comhdhála ag brath ar fhorfheidhmiú dian i gcás sínitheoirí tearcfheidhmíochta trí iniúchtaí éigeantacha faoi Airteagal 28 de DSA; á iarraidh go ndéanfaí comhchuibhiú ar na sásraí achomhairc éagsúla d’úsáideoirí agus ar na gealltanais maidir le ró-mhodhnú chomh maith le tearc-mhodhnú;

    58.

    á mheabhrú go bhfuil cuntais ag údaráis stáit ar ardáin na meán sóisialta lena n-áirítear cuntais a úsáidtear chun críocha póilíneachta agus chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí bréagaisnéise; ag tabhairt dá haire, fad nach mbíonn na cuntais sin ag gabháil d’idirghníomhaíochtaí le húsáideoirí eile, gur cheart iad a shainaithint mar chuntais shábháilte agus nár cheart d’ardáin iad a bhaint anuas;

    59.

    á iarraidh go mbeadh daoine aonair agus eintitis dhlíthiúla in ann agairt a dhéanamh ar ardáin mar gheall ar easpa gníomhaíochta nuair nach mbaintear mífhaisnéis nó bréagaisnéis anuas, go háirithe nuair a dhírítear orthu;

    60.

    á chur in iúl go dtacaíonn sí le bunú gníomhaireachtaí rátála ardáin neamhspleácha chun an pobal a chur ar an eolas faoi chleachtais ardán ionas gur féidir le daoine rogha eolasach a dhéanamh agus iad ag clárú lena n-úsáid;

    Bonneagar criticiúil agus earnálacha straitéiseacha

    61.

    á chur in iúl gur geal léi Treoir CER a comhaontaíodh le déanaí, an moladh ón gComhairle chun bonneagar criticiúil a neartú, agus Treoir NIS2; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ag leathnú chun bonneagar criticiúil a chumhdach i réimse an táirgthe, na próiseála agus an dáilte bia; á chreidiúint go léirítear leis na hionsaithe a rinneadh le déanaí, amhail sabaitéireacht an bhonneagair chriticiúil agus cibirionsaithe méadaithe, gur gá meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana a luaithe a chuirfear chun feidhme í sna Ballstáit agus á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún tograí neartaithe breise a chur chun cinn, más gá, ar cheart go n-áireofaí orthu athléimneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus bréagaisnéis a chomhrac; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfadh na Ballstáit go léir a straitéisí slándála náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta go pras agus tástálacha struis a dhéanamh ar a mbonneagar criticiúil chun pointí laga a shainaithint; á athdhearbhú go ndéanfaí a moladh, liosta na n-eintiteas criticiúil chun bonneagar digiteach toghcháin agus córais oideachais a leathnú, a áireamh;

    62.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di spleáchas an Aontais ar ghníomhaithe eachtracha agus ar theicneolaíochtaí eachtracha i mbonneagair chriticiúla agus i slabhraí soláthair; á chur i bhfios go bhfuil leochaileachtaí atá cruthaithe ag IDC á n-úsáid mar uirlis gheopholaitiúil; á athdhearbhú go ndéanfaí a hiarrata ar an gCoimisiún reachtaíocht uaillmhianach cheangailteach maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC a fhorbairt lena n-áirítear fachtóirí riosca neamhtheicniúla, ag leanúint as an togra ón gComhairle, agus creat rialála níos láidre a ghabhann leis an Rialachán maidir le Scagadh IDC (23); á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí leis an gcreat rialála níos láidre le treoirlínte chun cleachtais scagtha IDC náisiúnta a chomhchuibhiú tuilleadh cosc a chur ar tháthcheangal cuideachtaí criticiúla in earnálacha ríthábhachtacha nó cuideachtaí meán ag páirtithe eachtracha atá faoi rialú díreach nó indíreach tíortha ardriosca agus gur cheart breithniú a dhéanamh ar infheistíocht amach a chur isteach lena chur san áireamh faoi raon feidhme na hionstraime; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit cláir trédhearcachta úinéireachta a bhunú; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an Coimisiún, faoi réir mhaoirseacht na Comhairle, in ann bac a chur ar IDC a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thionscadail agus do chláir AE nó do leasanna eile AE nó a d’fhéadfadh a bheith contrártha leo; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh infheistíochtaí den chineál sin sna Balcáin Thiar tíortha a bhrú isteach i ngaistí fiachais, agus an réigiún a dhíchobhsú tuilleadh;

    63.

    á thabhairt dá haire, in ainneoin sásraí scagtha FDI den sórt sin, gur deonaíodh conarthaí i mbonneagar criticiúil Eorpach do chuideachtaí Síneacha amhail Nuctech, as a n-eascraíonn rioscaí slándála; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Comhairle agus an Coimisiún úsáid trealaimh agus bogearraí a eisiamh ó mhonaróirí atá bunaithe i dtíortha ardriosca, go háirithe an tSín agus an Rúis, amhail TikTok, ByteDance Huawei, ZTE, Kaspersky, NtechLab nó Nuctech; á iarraidh go ndéanfadh earnálacha ríthábhachtacha agus earnálacha íogaire eile úsáid crua-earraí agus bogearraí a eisiamh ó thíortha ardriosca ar féidir iad a úsáid chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht sonraí agus seirbhísí a chur i mbaol; á mheabhrú go bhfuil aon bhogearra atá ag oibriú i lúb iata fós leochaileach nuair a dhéantar gnáthsheiceálacha nó nuair a dhéantar é a nuashonrú; á mheas go bhfuil aip TikTok, atá faoi úinéireacht ilchuideachta ByteDance na Síne, ag sárú an chreata Eorpaigh um phríobháideachas sonraí, rud a fhágann go bhféadfadh sé a bheith ina riosca agus ina foinse bréagaisnéise a fhaigheann tacaíocht ón tSín; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó institiúidí AE srian a chur le húsáid TikTok ar fheistí corparáideacha; á mholadh go gcuirfí toirmeasc ar TikTok ar gach leibhéal den rialtas náisiúnta agus in institiúidí AE;

    64.

    á chur i bhfáth gur gá comhghuaillíochtaí teicneolaíochta a bhunú agus a fhorbairt le comhpháirtithe daonlathacha chun borradh a chur faoin neamhspleáchas straitéiseach agus chun spleáchas an Aontais ar ghníomhaithe eachtracha ardriosca agus ar a dteicneolaíochtaí a laghdú chomh maith le cumais thionsclaíocha an Aontais a neartú i bpríomhréimsí teicneolaíochta, amhail an intleacht shaorga, leathsheoltóirí, an néalteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha eile;

    65.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na leochaileachtaí a bhaineann le cáblaí agus píblínte faoin bhfarraige agus na hionsaithe méadaitheacha orthu, ag díriú go háirithe ar shabaitéireacht phíblíne gáis Nord Stream i mí Mheán Fómhair 2022; á chreidiúint go gcruthaíonn IDC i gcáblaí agus i bpíblínte faoin bhfarraige riosca breise slándála; á chur in iúl gur geal léi Straitéis Slándála Muirí AE (EMSA) agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an Pharlaimint a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn atá déanta chun feabhas a chur ar an tuiscint ar chosaint an bhonneagair fhomhuirí agus ar athléimneacht na cosanta sin, feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhroinnt faisnéise, cumais faireacháin a chur chun cinn mar aon le hearnáil na tionsclaíochta, sásraí freagartha a neartú, agus an tsaincheist sin a leabú i ngach gné den ghníomhaíocht sheachtrach;

    66.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méid a tháinig chun solais faoin gcaoi a bhfuil clár oibre Gazprom curtha chun cinn ag scothaicmí polaitiúla i mBallstáit AE, mar shampla sa Ghearmáin, agus gur léirigh siad tacaíocht leanúnach do sholáthairtí gáis ón Rúis; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil tionchar ag iarrachtaí brústocaireachta ag stáit eachtracha agus ag gníomhaithe corparáideacha a bhfuil suim acu i dtáirgeadh agus in úsáid breoslaí iontaise san Aontas ar phróisis ceaptha beartas; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil a chuid torthaí ar fáil i dtuarascáil INGE 1; á chur in iúl gur geal léi togra REPowerEU ón gCoimisiún chun córas fuinnimh AE a athrú ó bhonn, rud a chuireann deireadh lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise; ag tathant ar Bhallstáit AE agus ar an gCoimisiún stop a chur le gach allmhairiú breosla iontaise isteach san Aontas ó chórais uathlathacha agus bogadh i dtreo ceannasacht fuinnimh inbhuanaithe;

    67.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na dlúthnaisc idir an Ungáir agus an Rúis, ina bhfuil tionchar á imirt ag an Rúis trína giaráil in earnáil an fhuinnimh; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil céimeanna suntasacha glactha ag an Ungáir chun a spleáchas fuinnimh ar an Rúis a laghdú; á chreidiúint gur gá níos mó a dhéanamh chun neamhspleáchas oscailte straitéiseach a áirithiú in earnáil an fhuinnimh; á iarraidh go gcuirfear dlús le húsáid fuinnimh in-athnuaite, agus aon spleáchas breise ar an tSín á íoslaghdú ag an am céanna;

    68.

    á chur in iúl gur geal léi an gníomh amhábhar criticiúil a moladh le déanaí (24); á chreidiúint go bhfuil an gníomh atá beartaithe ríthábhachtach chun slabhraí soláthair Eorpacha a dhaingniú a bhfuil gá leo chun go mbeidh rath ar an nGníomh Eorpach um Shliseanna (25) atá beartaithe; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá leanúint de chomhaontuithe trádála a lorg le daonlathais atá ar aon intinn leo chun soláthar acmhainní straitéiseacha a áirithiú;

    Trasnaíocht le linn próisis toghcháin

    69.

    á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag APPF i ndáil leis sin, go háirithe maidir le híocaíochtaí airgeadais toirmiscthe ó thíortha nach tíortha den Aontas iad isteach i gcóras polaitiúil AE a chosc agus a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na comhreachtóirí bosca uirlisí APPF a fheabhsú agus rianú éifeachtach na ndeonachán don íocóir deiridh a chumasú, agus ar an gcaoi sin go seachnófaí teacht timpeall ar an toirmeasc trí idirghabhálaithe a úsáid, go háirithe trí shainordú a thabhairt do APPF faisnéis a fháil go díreach ó institiúidí baincéireachta deontóirí agus trí chóras brúfhógraí a sholáthar d’idirbhearta amhrasacha ó na haonaid um fhaisnéis airgeadais sna Ballstáit chuig APPF; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit, thairis sin, coimircí dlíthiúla a neartú lena gcuirtear cosc ar bhallpháirtithe náisiúnta de pháirtithe polaitiúla Eorpacha íocaíochtaí a fháil ó thionscnamh neamh-AE ar an leibhéal náisiúnta, íocaíochtaí a úsáidtear ansin mar ranníocaíochtaí le haghaidh páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi freisin na teagmhálacha oibríochtúla atá bunaithe ag APPF cheana féin le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí inniúla AE agus leis na Ballstáit chun cur i gcoinne iarrachtaí ar shonraí pearsanta a úsáid chun críocha toghchánaíochta go héifeachtach; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an comhar le APPF a fheabhsú tuilleadh trí phointí teagmhála speisialaithe a chur ar fáil agus a oibriú sna húdaráis inniúla le haghaidh cosaint sonraí agus cibearshlándáil thoghchánach;

    70.

    á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a rinneadh laistigh den líonra Eorpach um chomhar maidir le toghcháin, lena n-áirítear na comhphleananna athléimneachta; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún páirt iomlán a thabhairt don Pharlaimint i ngníomhaíochtaí an líonra chomh maith le APPF; á mheas gur cheart líonraí comhchosúla a bhunú le parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit; á mheas freisin gur cheart do pharlaimintí na mBallstát agus do na húdaráis toghcháin níos mó a dhéanamh chun an pobal a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le cur isteach ar phróisis toghcháin náisiúnta; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cód dea-chleachtais a tharraingt suas maidir leis na meáin shóisialta is infheidhme maidir le hionadaithe agus údaráis phoiblí, arb é is aidhm dó comhchaighdeáin iompair a bhunú, ós rud é go dtéann polaiteoirí agus rialtais i muinín na bréagaisnéise uaireanta chun naimhdeas idé-eolaíoch a spreagadh;

    71.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis leagtha síos ag Parlaimint na hEorpa do thoghcháin Eorpacha 2024, lena n-áirítear fócas ar chúbláil faisnéise a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi roimh na toghcháin, gan cur isteach ar dhíospóireachtaí polaitiúla nó sóisialta níos leithne, agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas shainordú na bhFeisirí; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an straitéis sin bunaithe ar dhlús a chur le bearta reatha na Parlaiminte, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le tascfhórsa na Parlaiminte maidir le bréagaisnéis, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí acmhainní breise a leithdháileadh chun na bearta éagsúla a chur chun feidhme;

    72.

    á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé slándáil, athléimneacht agus iontaofacht an bhonneagair toghcháin a chosaint, lena n-áirítear, i measc nithe eile, córais TF, meaisíní agus trealamh vótála, líonraí agus nósanna imeachta oifige toghcháin, bunachair sonraí clárúcháin vótálaithe agus saoráidí stórála; á chur i bhfios go láidir go bhfuil teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ag éirí níos forleithne i mbainistiú toghchánach agus i bpróisis dhaonlathacha; ag tabhairt dá haire, chun freagairt go héifeachtach do dhúshláin toghcháin atá ag teacht chun cinn, gur gá do chomhlachtaí bainistíochta toghcháin patrúin oibre nua a ghlacadh lena bhfeabhsaítear a gcumas rioscaí a chosc agus athléimneacht a léiriú, i dtimpeallacht dhigiteach chasta freisin; á iarraidh go gcuirfí sraith straitéisí seirbhísí agus uirlisí ar fáil do Bhallstáit AE agus do rialtais áitiúla chun FIMI a chomhrac; ag tabhairt dá haire, nuair a dhéantar toghcháin, gur cheart rian páipéir infhíoraithe a bheith ag ballóide páipéir agus gur cheart go mbeidís faoi réir iniúchtaí neamhspleácha chun a áirithiú go mbeidh na torthaí cruinn; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról bunúsach ag an mbreathnóireacht toghcháin agus ag lucht faireacháin neamhspleách ar thoghcháin;

    Cistiú ceilte ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag gníomhaithe agus deontóirí eachtracha

    73.

    á athdhearbhú gur cúis imní di an méid a tháinig chun solais go rialta maidir le cistiú ollmhór Rúiseach do pháirtithe polaitiúla, do pholaiteoirí agus d’iar-pholaiteoirí agus d’iaroifigigh i roinnt tíortha daonlathacha agus iarracht á déanamh acu cur isteach agus giaráil a fháil ina bpróisis intíre; á chur in iúl gur cúis bhuartha di naisc na Rúise le roinnt páirtithe polaitiúla agus polaiteoirí in AE agus a chur isteach fadréimseach ar ghluaiseachtaí scarthacha i gcríocha Eorpacha agus in AE, amhail sa Chatalóin i gcás ina n-iarrtar ar na húdaráis ábhartha imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh agus á mholadh go ndéanfadh an Ionad Barr Feabhais Eorpach chun Bagairtí Hibrideacha a Chomhrac (Ionad Barr Feabhais Hibrideach) i Heilsincí staidéar ar an gcás sonrach sin;

    74.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil an líonra Eorpach um chomhar maidir le toghcháin ag mapáil cistiú eachtrach i mBallstáit AE agus á chur in iúl gur spéis léi a bheith curtha ar an eolas faoi na hiarrachtaí sin; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar chistiú eachtrach ó thíortha lasmuigh de AE; á iarraidh go ndéanfadh an líonra rialacha coiteanna AE a shainaithint maidir le feachtasaíocht pholaitiúil agus maoiniú páirtithe polaitiúla, lena n-áirítear rialacha ó thríú tíortha, go háirithe na caighdeáin sin lena ndúntar na bealaí éalaithe a shainaithnítear sna moltaí i dtuarascáil INGE 1 a glacadh an 9 Márta 2022 a mbeadh feidhm acu maidir le dlíthe toghcháin náisiúnta i ngach Ballstát, lena n-áirítear sásraí forfheidhmithe; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit aghaidh a thabhairt go práinneach ar shaincheist na ndeonachán ó thríú tíortha do pháirtithe polaitiúla náisiúnta, chun bealaí éalaithe atá ann cheana ina reachtaíocht a dhúnadh;

    75.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíocht reachtach ar siúl faoi láthair maidir le reacht agus cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; ag dréim leis go gcuirfidh na caibidlíochtaí sin le sainordú APPF, go háirithe maidir lena áirithiú go mbeidh idirbhearta airgeadais ó thíortha nach bhfuil san Aontas isteach i gcóras polaitiúil AE teoranta, trédhearcach agus faoi réir rialuithe níos déine agus go mbeidh creat nuashonraithe mar thoradh uirthi, ar cheart dó ról pháirtithe polaitiúla AE i réimse daonlathach na hEorpa a neartú chomh maith le srian a chur le cur isteach ó chumhachtaí eachtracha; á athdhearbhú go bhfuil gá le cur chuige cothrom agus comhréireach chun a chur ar chumas páirtithe polaitiúla ó thríú tíortha atá ar aon intinn leo, lena n-áirítear tíortha laistigh de Chomhairle na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil cearta iomlána ionadaíochta acu iontu, a bheith rannpháirteach trí bhallraíocht agus ranníocaíochtaí, agus trédhearcacht an chistithe agus na cinnteoireachta á feabhsú tuilleadh agus an baol go gcuirfidh eintitis eachtracha neamhdhaonlathacha nó stáit ardriosca isteach orthu a theorannú ag an am céanna;

    76.

    á mheabhrú gur cheart na hacmhainní is gá a chur ar fáil do APPF, go háirithe acmhainní daonna agus TF, chun a chur ar a chumas a chúraimí reatha agus aon chúraimí nua dá bhforáiltear leis an reachtaíocht a chomhlíonadh, nach féidir a chur chun feidhme go héifeachtach ach le foireann bhreise iomchuí;

    77.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil obair reachtach leanúnach á déanamh faoi láthair maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an rialachán atá beartaithe lena gcuirfear srian ar theicnící fógraíochta polaitiúla teimhneacha agus á chur i bhfáth gur gá do chomhreachtóirí é a ghlacadh in am trátha roimh an toghchán Eorpach in 2024; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur mian léi toirmeasc a chur ar ghníomhaithe ó lasmuigh den Aontas agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) fógraí a cheannach agus trédhearcacht agus neamh-idirdhealú a ráthú lena n-áirítear tríd an lipéadú iomchuí i ndáil le fógraí polaitiúla ar líne a bheith á gceannach ag gníomhaithe ó laistigh den Aontas; á chur i bhfios go láidir gur gá do na páirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith in ann feachtasaíocht a dhéanamh ar líne agus ar fud an Aontais roimh na toghcháin Eorpacha, agus an baol a bhaineann le trasnaíocht eachtrach a theorannú ag an am céanna;

    An chibearshlándáil agus an athléimneacht i ndáil le cibirionsaithe a bhaineann le próisis dhaonlathacha

    78.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú tromchúiseach ar chibirionsaithe, go háirithe an t-ionsaí diúltaithe seirbhíse (DDoS) a dáileadh le déanaí i gcoinne shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022, ar mhaígh grúpa haiceála atá ar son na Creimile freagracht ina leith agus an haiceáil féideartha ar triúr FPE agus níos mó ná caoga oifigeach de chuid an Choimisiúin a bhfuil bogearraí Pegasus acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go neartófaí athléimneacht agus cumais chosanta institiúidí AE sa réimse digiteach, go háirithe roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa;

    79.

    á chur in iúl gur geal léi an comhaontú maidir le Treoir NIS2 agus á chreidiúint go dtugtar aghaidh léi ar shaincheist an chomhordaithe idir na Ballstáit; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit comhar feabhsaithe a áirithiú agus dea-chleachtais a roinnt i nGrúpa Comhair NIS, go háirithe maidir leis an gcibearshlándáil do thoghcháin; á iarraidh go ndéanfaí bonneagar toghchánach a mheas mar bhonneagar criticiúil; á chreidiúint go bhfuil gá le reachtaíocht bhreise chun slándáil shlabhra soláthair TFC na hEorpa a chosaint go héifeachtach ar dhíoltóirí a bhfuil riosca ag baint leo agus chun cosaint a thabhairt ar ghoid maoine intleachtúla cibearchumasaithe;

    80.

    á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún togra amach le haghaidh rialacha nua chun slándáil choiteann cibearshlándála agus faisnéise a bhunú ar fud EUIBAnna; á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir le tuarascáil speisialta CIE ó mhí an Mhárta 2022, cruthú bord cibearshlándála idirinstitiúideach nua, borradh a chur faoi chumais chibearshlándála, agus measúnuithe aibíochta rialta agus ‘cibearshláinteachas’ níos fearr a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthchomhar éifeachtúil tráthúil idir EUIBAnna trí na struchtúir atá ann cheana, amhail an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA); á chreidiúint gur cheart na struchtúir sin a neartú agus go bhfuil gá le comhordú níos éifeachtúla; á iarraidh go ndéanfadh na comhlachtaí, na gníomhaireachtaí agus an Coimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas go rialta faoi chonclúidí agus torthaí a bheidh ann amach anseo maidir le cibearshlándáil agus slándáil faisnéise in AE; á iarraidh go ndéanfaí iniúchadh iomlán cibearshlándála, chun a chinneadh an bhfuil rialú leordhóthanach ag EUIBAnna ar shlándáil a gcóras agus a bhfeistí TFC, lena n-áirítear measúnú riosca, leochaileachta agus bagartha, agus tástáil treáite mar thaca leis, trí thríú páirtí seachtrach ceannródaíoch agus fíoraithe, nuair a thiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm agus go bliantúil ina dhiaidh sin, agus ceanglais slándála faisnéise na n-institiúidí á gcur san áireamh; á chreidiúint gur gá na rioscaí agus na leochaileachtaí tuairiscithe a mhaolú i nuashonruithe cibearshlándála, agus gur cheart na moltaí ón measúnú a chur chun feidhme trí na beartais chibearshlándála faoi seach;

    81.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus ENISA comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí Eorpacha eile atá ann cheana agus atá beartaithe agus atá ag obair leis an gcibearshlándáil a mhapáil agus réitigh a mholadh chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a líonadh;

    82.

    á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar SEGS go ndéanfaí rialuithe cibearghaolmhara ar bhealaí cumarsáide straitéiseacha a neartú (e.g. cainéil mhíleata in aimsir chogaidh agus mhisin CBSC);

    83.

    á aithint, maidir le cibirionsaithe, go bhfuil gá le cosc ach nach bhfuil sé leordhóthanach; á chreidiúint go bhfuil freagairt spriocdhírithe chruinn ríthábhachtach chun cibear-ionsaithe a chomhrac; á chreidiúint gur cheart don Aontas dul i ngleic le cibirionsaithe trí na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    an gá atá le freagrúlacht mhéadaithe agus athléimneacht mhéadaithe i gcoinne cibirionsaithe;

    (b)

    an gá atá le solúbthacht i gcásanna criticiúla, agus an smacht reachta agus cearta bunúsacha á gcosaint ag an am céanna;

    (c)

    an gá atá le rialacháin choiteanna chun comhordú éifeachtúil a áirithiú, á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit, dá bhrí sin, dlús a chur le cur chun feidhme Threoir CER agus Threoir NIS2;

    (d)

    an gá atá le faisnéis a roinnt idir na Ballstáit agus laistigh díobh, go háirithe maidir le leochaileachtaí slándála, agus an gá atá ann an leibhéal cosanta criticiúil a cheilt ar chomhroinnt faisnéise poiblí á chur san áireamh;

    (e)

    an gá atá le taighde agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí nua a chuirfeadh leis an gcibear-athléimneacht;

    (f)

    an gá le gníomhaithe amhail ESSanna, an earnáil phríobháideach agus comhpháirtithe eile a bheith rannpháirteach ar bhealach sábháilte agus inbhuanaithe;

    (g)

    á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit seasamh níos réamhghníomhaí a ghlacadh agus a gcumais sa chibearspás a leathnú bunaithe ar na cineálacha cur chuige ‘rannpháirtíocht leanúnach’ agus ‘cosaint chun cinn’, i ndlúthchomhar idir na Ballstáit agus i gcomhairle le contrapháirtithe ábhartha AE;

    An tionchar a bhíonn ag cur isteach ar chearta mionlach agus grúpaí leochaileacha eile

    84.

    á mheabhrú gur minic a bhíonn nasc idir trasnaíocht eachtrach agus cuspóirí polaitiúla atá contrártha le AE agus lena luachanna daonlathacha, lena gcumhdaítear sáruithe follasacha ar chearta an duine, lena gcuirtear srian ar chearta na mban agus na bpobal LGBTIQ+, agus lena ndéantar fuath a chothú i leith mionlach, imirceach agus na ndaoine is leochailí;

    85.

    á chur in iúl gur oth léi ionstraimiú polaitiúil shaincheist na himirce agus an úsáid a bhaintear as i bhfeachtais cur isteach agus bréagaisnéise; á iarraidh go n-áiritheofaí bainistiú éifeachtúil theorainn sheachtrach AE i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha;

    86.

    á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil pobal LGBTIQ+ fós ina sprioc le haghaidh cur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise; á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid an phobail LGBTIQ+ i roinnt Ballstát, amhail an tSlóvaic, an Ungáir agus an Pholainn, agus an bhréagaisnéis a scaip na meáin atá faoi úinéireacht an stáit agus eagraíochtaí atá i bhfad ar dheis ar an ábhar; á chur in iúl gur oth léi gurb iad bréagaisnéis agus fuathchaint i gcoinne LGBTIQ+ an phríomhchúis ba chúis le dúnmharú beirt daoine óga sa tSlóvaic i mí Dheireadh Fómhair 2022; á iarraidh go ndéanfaí cláir fhadtéarmacha a fhorbairt lena dtacófar le heagraíochtaí áitiúla pobail agus le tionscnaimh ó na saoránaigh chun cabhrú le forbairt a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht an phobail in aghaidh antoisceachais na heite deise;

    87.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag bréagaisnéis na Rúise an bonn a bhaint de thacaíocht shochaí na hEorpa do dhídeanaithe ón Úcráin; á iarraidh go ndéanfadh EUIBAnna agus na húdaráis náisiúnta faireachán ar bhréagaisnéis na Rúise maidir le dídeanaithe ón Úcráin agus maidir leis an gcogadh san Úcráin agus í a bhréagnú;

    88.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit comhpháirtíochtaí a neartú le ENRanna agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag obair sa réimse chun faireachán a dhéanamh ar shaothar leanaí agus chun moill a chur ar scaipeadh na bréagaisnéise ar an ábhar sin (e.g. leanaí i gcoinbhleachtaí armtha);

    89.

    á athdhearbhú go mbeadh córas ann chun go mbeadh sé éasca ábhar a roinnt i dteangacha réigiúnacha agus mionlaigh; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur thug an Coimisiún tacaíocht don ghníomhaíocht phíolótach dar teideal ‘European Language Equality’ [Comhionannas Teanga Eorpach] (ELE); á chreidiúint gur gá bearta breise a dhéanamh chun freagairt éifeachtach ar chur isteach atá dírithe ar mhionlaigh a áirithiú; á iarraidh freisin go ndéanfadh AE agus na Ballstáit seiceáil fíricí inrochtana a chur chun feidhme chun bréagaisnéis a chomhrac agus rochtain ar fhaisnéis a chur ar fáil i ngach formáid is féidir do dhaoine faoi mhíchumas;

    90.

    á athdhearbhú go bhfuil gá le gníomhaíocht spriocdhírithe, trí chreat dlíthiúil comhchuibhithe AE, i gcoinne scaipeadh na bréagaisnéise agus na fuathchainte maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinscne, lucht LGBTIQ+ agus Romaigh, mionlaigh eile, inimircigh agus dídeanaithe agus daoine faoi mhíchumas chomh maith le pobail reiligiúnacha; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun bac a chur ar mhaoiniú grúpaí, gluaiseachtaí agus daoine aonair frith-inscne a scaipeann bréagaisnéis go gníomhach nó a ghlacann páirt i gcúbláil faisnéise atá dírithe ar dhaoine LGBTIQ+, ar chearta na mban, ar mhionlaigh, ar dhídeanaithe, ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar shaincheisteanna a dhéanann difear dóibh, agus é mar aidhm leis sin an tsochaí a roinnt;

    91.

    á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuiltear ag díriú go sonrach ar chearta na mban trí bhréagaisnéis, go háirithe bréagaisnéis sláinte, agus cur isteach eachtrach; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú iomlán ar fhoinsí cistiúcháin na bhfeachtas bréagaisnéise inscne; ag athdhearbhú a hiarrata go gcruthófaí córais réamhrabhaidh trínar féidir feachtais bhréagaisnéise inscneacha a thuairisciú agus a shainaithint;

    92.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta a fhorbairt chun meáin neamhspleácha Rúisise a neartú, ar meáin iad a bhfuil rochtain éasca ag pobail labhartha na Rúisise orthu; á iarraidh freisin go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do thráchtairí neamhspleácha chun cur i gcoinne thionchar bholscaireacht tríú tír ar mhionlaigh san Eoraip;

    Trasnaíocht arna déanamh ag gníomhaithe domhanda trí ghabháil scothaicme, diaspóraí náisiúnta, ollscoileanna agus imeachtaí cultúrtha

    93.

    ag cáineadh go láidir na hiarrachtaí líomhnaithe atá á ndéanamh ag tíortha eachtracha, lena n-áirítear Catar agus Maracó tionchar a imirt ar Fheisirí, ar iar-Fheisirí agus ar fhoireann Pharlaimint na hEorpa trí ghníomhartha éillithe, arb ionann iad agus cur isteach tromchúiseach eachtrach ar phróisis dhaonlathacha AE; á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun trédhearcacht agus sláine institiúidí AE a fheabhsú, agus chun feachtais éillithe, cúblála, tionchair agus trasnaíochta a chomhrac; á athdhearbhú go mbeadh rialacha agus eitic trédhearcachta nuashonraithe ann, go mapálfar cistiú eachtrach do bhrústocaireacht a bhaineann le AE, lena n-áirítear cistiú d’eagraíochtaí neamhbhrabúis agus go ndéanfaí rialáil chuí agus faireachán ar ghrúpaí cairdis; á athdhearbhú gur gá an obair ar fad ar chomhaid reachtacha a bhaineann le Catar agus Maracó a chur ar fionraí láithreach, chomh maith le suaitheantais rochtana ionadaithe leasanna an dá thír, go dtí go soláthrófar faisnéis agus soiléiriú ábhartha sna himscrúduithe breithiúnacha agus go ndéanfar meastóireacht ar na sainchomhaid a d’fhéadfadh a bheith curtha i mbaol mar thoradh ar an gcur isteach eachtrach sin;

    94.

    á chur in iúl gur geal léi an síneadh a cuireadh leis an téarma oifige agus an sainordú nuashonraithe do ING2, coiste speisialta agus ag dréim leis go n-ullmhóidh coiste ING2 tuarascáil tionchair ina sainaithneofar na lochtanna i rialacha Pharlaimint na hEorpa maidir le trédhearcacht, eitic, sláine agus éilliú agus tograí a dhéanamh le haghaidh na n-athchóirithe chun an t-éilliú a chomhrac go héifeachtach agus le haghaidh modhanna eile a úsáideann gníomhaithe eachtracha chun tionchar a imirt ar phróisis chinnteoireachta na hEorpa, ós rud é gur cheart aon cheanglais fheabhsaithe maidir le nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas i gcoinne an ghá atá ann daoine aonair agus grúpaí leochaileacha áirithe a chosaint;

    95.

    á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh chun feidhme go fóill na moltaí ó thuarascáil INGE 1 maidir le rialacha trédhearcachta níos déine a thabhairt isteach, maoiniú eachtrach a mhapáil le haghaidh brústocaireacht a bhaineann le AE, agus a áirithiú go ndéantar é a iontráil sna taifid chun gur féidir cistiú ó rialtais eachtracha a shainaithint;

    96.

    á mheabhrú gur thug Uachtarán an Choimisiúin gealltanais le linn a haitheasc ar Staid an Aontais maidir leis an ngá atá le nuashonrú a dhéanamh ar chreat reachtach an Aontais chun an t-éilliú a chomhrac; á mheas gur cheart go ndíreodh nuashonrú den sórt sin go háirithe ar an tsaincheist maidir le gabháil scothaicmí ag leasanna eachtracha, ag doirse imrothlacha agus ag gáinneáil tionchair chun cosc a chur ar ghníomhairí eachtracha tionchar a imirt ar chóras polaitiúil an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún freisin a rialacha níos doichte chun gabháil den sórt sin ag rialtais nó eintitis uathlathacha nó ardriosca atá faoina rialú a chosc, chun déileáil le saincheist na gabhála scothaicme sna tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta; á mheabhrú go n-iarrann an Pharlaimint arís agus arís eile go mbunófaí córas nua smachtbhannaí buana atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as éilliú ar mhórscála;

    97.

    ag tabhairt dá haire breithiúnas an 22 Samhain 2022 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-37/2013 (26), lena neamhbhailítear foráil den chúigiú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid (27), faoinar ghá do na Ballstáit a áirithiú gur cheart go mbeadh rochtain i ngach cás ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil cuideachtaí; á chur i bhfáth gur uirlis riachtanach iad cláir faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do thaighdeoirí, d’imscrúdaitheoirí agus d’iriseoirí chun éilliú líomhnaithe agus leasanna gnó aindleathacha a bhrath, agus go ndéantar srian mór ar rochtain ar na cláir sin, faireachán a dhéanfaidh an pobal i gcoitinne amach anseo ar fhíorúinéireacht a theorannú go mór; á mheas go gcuireann an neamhbhailiú sin srian ar obair réimse leathan gairmithe atá ag comhrac an éillithe agus an sciúrtha airgid; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún bealaí cuí a aimsiú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil cuideachtaí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún bearta a mholadh faoin Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid d’fhonn teorainn a chur le húsáid airgid thirim chun úsáid airgid neamhdhlisteanaigh a dhíspreagadh agus, ar an gcaoi sin, éilliú a chosc; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an breithiúnas glactha ag roinnt Ballstát mar leithscéal chun rochtain ar an gclár a chur ar fionraí go hiomlán;

    98.

    á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart na sonraí maidir le tionchar eachtrach trí ionadaithe leasa ar leibhéal an Aontais a bheith ar fáil go forleathan agus a chur i láthair go soiléir; á chur in iúl gur geal léi na hathruithe a tugadh isteach le comhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 maidir le clár trédhearcachta (28) i ndáil leis sin; á mholadh, áfach, go gcuirfí roinn ar leith a bhaineann le tionchar eachtrach isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais nó go mbunófaí clár tionchair eachtraigh; á mheas go bhféadfaí liosta de thíortha ardriosca a áireamh i gClár Trédhearcachta an Aontais; á mholadh go mbeadh ceanglais agus dreasachtaí níos láidre ann do chumhachtaí eachtracha chun clárú; á mheas go bhfuil ceanglais fheabhsaithe chlárúcháin agus nochta riachtanach do ESSanna, do chomhairleoireachtaí, do ghníomhaireachtaí, d’fhondúireachtaí, do mheithleacha machnaimh agus do chuideachtaí príobháideacha a fhaigheann cistiú eachtrach;

    99.

    á iarraidh go ndéanfadh Rúnaíocht Chlár Trédhearcachta AE toirmeasc a chur ar aon eintitis a bhfuil caidreamh díreach nó indíreach acu le Rialtas na Rúise, de bhun chinneadh ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (29); á iarraidh go gcuirfí na bearta céanna i bhfeidhm maidir leis an mBealarúis;

    100.

    á athdhearbhú gur cúis imní di comhpháirtíochtaí idir ollscoileanna agus eintitis Shíneacha, lena n-áirítear Institiúidí Confucius, ach go háirithe na saoráidí taighde sin a bhaineann le coimpléasc míleata na Síne, agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo do shaoirse acadúil agus do chosaint maoine intleachtúla; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na torthaí (30) a fuarthas le déanaí go bhfuil líon mór taighdeoirí Eorpacha atá ag obair ar an intleacht shaorga, ar theicneolaíochtaí candamacha, ar chiorcaid chomhtháite, ar thaighde spáis, ar thaighde ábhar nua, ar an néareolaíocht agus ar an mbiteicneolaíocht á maoiniú go díreach ag Daon-Phoblacht na Síne; ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis agus institiúidí taighde na mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar na comhpháirtíochtaí sin, agus, i gcás ina bhfuil bunús le spiaireacht nó cur isteach líomhnaithe, gníomhaíocht a dhéanamh chun ceannasacht eacnamaíoch agus pholaitiúil na hEorpa a fhorfheidhmiú agus a choimirciú, lena n-áirítear trí chistiú a dhiúltú nó trí cheadúnais institiúidí gaolmhara a chúlghairm; á athdhearbhú gur bunluach í an tsaoirse acadúil in aon sochaí dhaonlathach; ag tathant ar na Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as sásraí atá ann cheana chun eolas eolaíoch, tionsclaíoch agus teicniúil a chosaint, agus iad a leathnú chuig na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann i gcistiú gníomhaíochtaí taighde agus sa tacaíocht airgeadais a fhaigheann siad, go háirithe trí nósanna imeachta díchill chuí a bhunú chun measúnú a dhéanamh an bhfuil cistiú eachtrach tionscadal ina bhagairt slándála;

    101.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil an tSín ag iarraidh taighde eolaíoch sibhialtach agus míleata a chomhcheangal faoi chuimsiú an chláir um lánpháirtiú sibhialta-míleata; á éileamh go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcomhar atá ann cheana le hinstitiúidí taighde atá maoinithe go díreach ag míleata na Síne nó a bhfuil naisc acu leis, agus go ndéanfar breithniú ar an eolas eolaíoch a d’fhéadfadh a bheith imithe go dtí taobh na Síne; á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Coimisiún Eorpach na treoirlínte maidir le dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach T&N, ach á mholadh go gcuirfí bearta comhréireacha i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí acadúla agus taighde, agus go n-áiritheofaí níos mó trédhearcachta i gcomhpháirtíochtaí eachtracha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di Dlí Náisiúnta Faisnéise na Síne, lena gceanglaítear ar thaighdeoirí Síneacha in ollscoileanna an Iarthair a gcuid eolais a roinnt leis an stát, agus maidir le spleáchas na Síne ar spiaireacht mar bhealach chun eolas a fháil chun a spriocanna eacnamaíocha agus míleata a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh gealltanais éigeantacha maidir le dícheall agus comhlíonadh níos fearr i gcomhar acadúil le hollscoileanna agus taighdeoirí na Síne, agus go mbeadh aon chomhar le hollscoileanna na Síne faoi réir measúnú cuimsitheach ar riosca slándála;

    102.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di gníomhaíochtaí leanúnacha oifigí Russkiy Dom (Teach na Rúise) arna maoiniú ag an ngníomhaireacht chónaidhme Rossotrudnichestvo atá faoi réir smachtbhannaí ag AE, ar scaip a dtionscadail mhíthreoracha bréagaisnéis, bolscaireacht agus clár oibre na Creimile i measc shochaí shibhialta AE;

    103.

    á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Coimisiún sraith straitéisí maidir le conas cur isteach eachtrach ar thaighde agus nuálaíocht a mhaolú chun cabhrú le hollscoileanna agus eagraíochtaí taighde Eorpacha cur isteach eachtrach a bhrath agus a chosc agus iad fós oscailte do chomhpháirtíochtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún institiúidí acadúla agus taighde a áireamh sa Phacáiste um Chosaint an Daonlathais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíochtaí sa réimse sin a chomhordú tuilleadh, go háirithe chun dlús a chur le ról na n-oifigeach eitice agus slándála in institiúidí ardoideachais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún treoirlínte a fhorbairt tuilleadh maidir le taighde iontaofa agus slándáil eolais chun tacú le sláine an chomhair taighde idirnáisiúnta le heagraíochtaí Eorpacha; á thabhairt chun suntais an fhéidearthacht, go bhféadfadh gníomhairí dímhaoine nó eachtracha ó stáit ardriosca a bheith ar chláir nó i mbunachar sonraí, in ollscoileanna Eorpacha agus in eagraíochtaí taighde;

    104.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuarascálacha a rinneadh le déanaí faoi bhunú stáisiúin phóilíneachta thar lear de chuid na Síne laistigh de AE; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus údaráis AE imscrúdú ar na stáisiúin phóilíneachta sin a líomhnaítear a bheith ann, agus gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann le United Front Work Department na Síne san Eoraip; á athdhearbhú gur bagairt iad stáisiúin den sórt sin do shlándáil náisiúnta na mBallstát lena mbaineann agus an Aontais i gcoitinne, agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit iad a dhúnadh láithreach; ag cáineadh an chleachtais ina gcuirtear daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach i mbaol, go háirithe grúpaí diaspóra na Síne agus grúpaí easaontacha polaitiúla, chomh maith le príosúnacht a ngaolta sa tSín chun iallach a chur ar dhaoine atá ina gcónaí thar lear filleadh ar an tSín;

    105.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na líomhaintí maidir le hoibríochtaí póilíneachta neamhdhleathacha ar ithir eachtrach a dhiúltaíonn comhar póilíneachta agus breithiúnach oifigiúil déthaobhach; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na stáisiúin seirbhíse póilíneachta thar lear, mar a thugtar orthu, laistigh de AE, a líomhnaítear a chuir ina luí ar na mílte éalaithigh amhrasta filleadh ar an tSín, agus na céimeanna iomchuí a ghlacadh i ndáil leis sin; á éileamh go gcloífeadh údaráis na Síne agus ambasáidí na Síne i mBallstáit AE le nósanna imeachta caighdeánacha idirnáisiúnta;

    106.

    ag cáineadh comharthaí trasnaíochta ón Tuirc agus ghéarleanúna ar ghníomhaithe polaitiúla, ar cheannairí an fhreasúra agus ar mhionlaigh laistigh den Aontas; ag cáineadh an togra nua maidir le Dlí Bréagaisnéise Türkiye, ar bagairt é don tsaoirse cainte sa tír;

    107.

    Iá chur in iúl gur saoth léi scaipeadh na bréagaisnéise agus úsáid leatromach an idirlín ag réimeas na hIaráine chun mórsháruithe ar chearta an duine, foréigean i gcoinne agóideoirí agus mí-úsáidí cumhachta a cheilt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cur isteach ó eagraíochtaí Ioslamacha atá spreagtha ag stáit eachtracha;

    108.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar ghníomhaíochtaí tionchair na ngníomhaireachtaí eachtracha um fhaisnéis stáit fhorlámhach laistigh de AE, go háirithe sa Bhruiséil; á athdhearbhú go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta a gcreataí frithspiaireachta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an nuachóiriú a d’fhógair rialtas na Beilge ar an gcreat frithspiaireachta agus á iarraidh go mbeadh níos mó acmhainneachta ag Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais (INTCEN) chun a shainordú frithfhaisnéise a chur i gcrích agus chun an comhar leis na húdaráis náisiúnta a dhoimhniú; á iarraidh go mbeadh na húdaráis inimirce níos airdeallaí agus foireann cuideachtaí eachtracha, amhail TASS agus COSCO, ó thíortha ardriosca á scagadh acu, nuair a dhéanann siad iarratas ar víosaí oibre; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfadh údaráis inimirce comhordú a fheabhsú chun go mbeidh sé níos deacra d’oifigigh faisnéise eachtraí taisteal a dhéanamh ag baint úsáid as céannachtaí bréagacha;

    109.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di imscrúdú a rinne New York Times le déanaí ina gcuirtear i leith Ghluaiseacht Impiriúil na Rúise, grúpa forchiníoch, gur eagraigh sé feachtas chun buamaí litreach a sheoladh chuig saoránaigh mhóra na Spáinne go déanach in 2022, le cabhair ó GRU, seirbhís faisnéise míleata na Rúise; ag tabhairt rabhadh faoin riosca spiaireachta in aerfoirt na Fraince amhail Strasbourg, Bordeaux, Brest, Quimper agus Toulouse, a úsáideann an chuideachta trealaimh Síneach Nuctech, atá nasctha le réimeas na Síne agus lena choimpléasc míleata-tionsclaíoch, le haghaidh scagadh bagáiste; á chur i bhfios go láidir go bhfuil Nuctech i láthair i 26 de 27 mBallstát AE, agus á mheabhrú go bhfuil cosc curtha ag an Liotuáin, ag na Stáit Aontaithe agus ag Ceanada ar an gcuideachta óna gconarthaí poiblí;

    110.

    á iarraidh go ndéanfadh páirtithe polaitiúla AE freagairt láidir ar fhuathchaint agus feachtais chiaptha i gcoinne Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhorbairt; á iarraidh go ndéanfadh riarachán na Parlaiminte nós imeachta institiúidithe a fhorbairt a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a tharlaíonn feachtais den sórt sin i gcoinne ionadaithe tofa AE;

    Díspreagadh, sannadh agus frithbhearta comhchoiteanna, lena n-áirítear smachtbhannaí

    111.

    á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí uile-Aontais agus cumas cinnteoirí AE gníomhú go tapa chun srian sealadach a chur ar chraoladh bealaí bolscaireachta áirithe tar éis an chogaidh neamhdhlisteanaigh agus neamhdhleathach sa Rúis i gcoinne na hÚcráine agus á chur i bhfios go láidir gur gá cur chun feidhme comhsheasmhach agus neamh-imchéimniú na smachtbhannaí sin a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi ailíniú tíortha áirithe is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha AE leis na bearta sin; á iarraidh go rachadh an Coimisiún i mbun comhoibriú níos dlúithe leis na Ballstáit maidir le smachtbhannaí a fhorchur agus a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Iúil 2022 i gcás T-125/22 RT na Fraince (31), inar dhiúltaigh an Chúirt d’argóint RT go bhfuil an toirmeasc ar chraoltóireacht neamhdhleathach, agus dá bhrí sin gur sheas sí leis an toirmeasc ar inneachar craolacháin a fhorchuirtear ar RT France; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Comhairle craoladh satailíte a áireamh sna pacáistí smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, an ‘gníomhaireacht nuachta’ atá cleamhnaithe le GRU InfoRos, mar a luaitear ina rún i mí na Bealtaine 2022 (32) agus gach bolscaire mór le rá ón gCreimil a chur ar liostaí AE de dhaoine aonair atá faoi smachtbhannaí; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na bealaí sin fós in ann a gcuid insintí a scaipeadh faoi ailiasanna bréagacha nó trí bhealaí eile san Aontas Eorpach; ag cáineadh go láidir oscailt oifige RT (Russia Today roimhe seo) i mBéalgrád agus seoladh a seirbhíse nuachta ar líne i Seirbis, rud a ligfidh don ghníomhaí mailíseach sin a bréagaisnéis a scaipeadh sa réigiún ina iomláine; ag tathant, sa chomhthéacs sin, ar údaráis na Seirbia ailíniú a dhéanamh leis an gcinneadh ón gComhairle maidir le gníomhaíochtaí craolacháin Sputnik agus RT a chur ar fionraí;

    112.

    á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis i gcás sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022)0684) agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht go gcuirfí de chúram ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh imscrúdú agus ionchúiseamh comhsheasmhach agus aonfhoirmeach a áirithiú ar choireanna den sórt sin ar fud AE; á iarraidh go dtabharfaí níos mó acmhainní do INTCEN AE chun cuidiú le smachtbhannaí AE a chur ar an eolas agus a fhorfheidhmiú, chomh maith le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise fóiréinsí agus beartas sannta a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí;

    113.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar ionramháil na gcóras aitheantais uathoibríoch (AIS) chun sonraí GPS a sheachaint agus suíomh soithí a chúbláil, rud a chuireann ar chumas gníomhaithe áirithe dul timpeall ar smachtbhannaí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún prótacail slándála AIS níos déine a fhorchur agus á iarraidh go n-áireofaí teicneolaíocht cumarsáide faoi bhréagriocht AIS laistigh de chóras rialaithe onnmhairí dé-úsáide AE;

    114.

    ag athdhearbhú a hiarrata costais a fhorchur ar dhéantóirí cur isteach eachtraigh trí bhíthin acmhainneacht láidir sannta; ag cur sonrú sa mhachnamh leanúnach atá bunaithe ar na conclúidí ón gComhairle ó mhí an Mheithimh 2022 maidir le bosca uirlisí a ullmhú chun bosca uirlisí Hibrideach an Aontais agus Bosca Cibear-Uirlisí an Aontais a chomhlánú, lena dtugtar aghaidh go sonrach ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le FIMI; ag tabhairt dá haire go rabhthas ag súil go dtabharfaí bosca uirlisí FIMI isteach i bhfómhar 2022; á chreidiúint go láidir gur cheart go n-áireofaí sa bhosca uirlisí sin córas sonrach smachtbhannaí maidir le FIMI chomh maith le bearta chun cumas sannta na n-institiúidí Eorpacha agus na rialtas náisiúnta a neartú; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí sna bearta sin treoirlínte le haghaidh smachtbhannaí náisiúnta i gcoinne FIMI agus gur cheart do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm agus iad ag gníomhú ar bhealach comhordaithe; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit plé ar an bhféidearthacht vótáil trí thromlach cáilithe agus smachtbhannaí á gcur i bhfeidhm ar stáit ardriosca; ag tabhairt dá haire go mbeidh breisluach an Bhosca Uirlisí Hibrideacha agus Bhosca Uirlisí FIMI atá beartaithe, i gcomparáid leis an mBosca Cibear-Uirlisí, ag teacht leis an gcomhaontú maidir le noirm iompair fhreagraigh stáit lena dtugtar léirmhíniú feabhsaithe ar a bhfuil i gceist le sárú ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, amhail ceannasacht agus neamhchur isteach i ngnóthaí inmheánacha Ballstáit;

    115.

    á athdhearbhú a thábhachtaí atá cumas AE é féin a chosaint ar ionsaithe bréagaisnéise agus gníomhú in aghaidh trasnaíocht eachtrach; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí aghaidh ar chistiú leordhóthanach agus go dtabharfaí aghaidh ar bhearnaí infheistíochta agus reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a gcreataí dlíthiúla a thabhairt cothrom le dáta, más gá, chun bunús dlí a thabhairt isteach ar a ngearrfar pionós ar chur isteach eachtrach ó thíortha ardriosca; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh bunús dlí den sórt sin isteach i ndréachtchód pionósach na Beilge, rud a fhágfaidh go bhféadfar cosaint níos fearr a thabhairt do na hinstitiúidí Eorpacha ar a críoch;

    116.

    á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún machnamh ar conas bréagaisnéis ó ghníomhaithe aonair laistigh den Aontas a chomhrac, amhail lucht tionchair ar na meáin shóisialta nó polaiteoirí a chuireann bréagaisnéis chun cinn thar ceann stáit ardriosca, etc.; á thabhairt chun suntais an gá a d’fhéadfadh a bheith ann córas smachtbhannaí a fhorbairt i gcoinne déantóirí na coire atá i mbun FIMI laistigh den Aontas;

    Comharsanacht, comhar domhanda, iltaobhachas

    117.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di iarrachtaí na Rúise an dioscúrsa maidir le slándáil dhomhanda bia agus fuinnimh a chúbláil, ar nithe iad a léiríodh i gcainéil chumarsáide eile, lena n-áirítear asraonta Síneacha den chuid is mó agus i gcásanna áirithe Al Jazeera, ag cur an milleán ar an Iarthar as an mborradh atá tagtha ar phraghsanna bia mar gheall ar a smachtbhannaí ar an Rúis; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tarraingt shuntasach bainte amach ag na scéalta cúbláilte sin, go príomha sa Domhan Theas agus i roinnt tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha; á mheabhrú gurb í an Rúis amháin atá freagrach as cur isteach ar tháirgeadh agus trádáil talmhaíochta na hÚcráine mar thoradh ar a cogadh foghach i gcoinne na tíre; á iarraidh go ndéanfadh SEGS, dá bhrí sin, bearta breise chun cur i gcoinne scaipeadh insintí cúbláilte sa Domhan Theas, arna leathadh ag an Rúis agus ag an tSín, lena n-áirítear trí uirlisí agus acmhainní a roinn StratCom agus a mhisin agus a oibríochtaí CBSC/CBES a neartú, agus trí chomhar agus comhordú méadaithe leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo; á chreidiúint gur cheart do AE oibriú go dlúth leis an Úcráin chun cur i gcoinne insintí cúbláilte a thagann ón Rúis; á iarraidh go ndéanfadh institiúidí AE, dá bhrí sin, tacaíocht a chur ar fáil d’fhor-rochtain taidhleoireachta na hÚcráine sa Domhan Theas; á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann le heagraíochtaí réigiúnacha ón Domhan Theas, amhail an tAontas Afracach agus ASEAN, chun dea-chleachtais a mhalartú chun cur i gcoinne FIMI;

    118.

    á mheabhrú go bhfuil go leor feachtas cúblála faisnéise agus an-chuid feachtas bolscaireachta státurraithe dírithe ar thíortha a dhéanann roghanna straitéiseacha maidir lena bpróisis athchóirithe dhaonlathaigh agus treoshuíomh a dtíortha ar son na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cumarsáid réamhghníomhach, éifeachtach agus thrédhearcach, agus á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann maidir le cumarsáid straitéiseach le heagraíochtaí comhpháirtíochta agus le tíortha comhpháirtíochta chun cur i gcoinne FIMI i dtíortha aontachais agus i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo amhail na Balcáin Thiar agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chreidiúint gur cheart do AE teagmháil níos mó a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe i ndáil le tíortha comharsanachta chun sochaithe daonlathacha athléimneacha a thógáil; á mheabhrú gur ábhar síochána agus slándála í cobhsaíocht na dtíortha sin;

    119.

    á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh bearta straitéiseacha agus réamhghníomhacha ann chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun cur isteach ó thríú tíortha ar phróisis pholaitiúla, toghcháin agus dhaonlathacha eile na dtíortha aontachais a chosc; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun athléimneacht na dtíortha sin i gcoinne fheachtais FIMI a mhéadú agus chun tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a spreagadh chun bearta cinntitheacha a dhéanamh chun dul i ngleic le bréagaisnéis ionramhálach, bolscaireacht mhailíseach agus bagairtí hibrideacha eile;

    120.

    á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn atá déanta i bpróiseas an mhéadaithe sna Balcáin Thiar agus luas mall leanúnach an phróisis sin, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar thacaíocht do AE agus frustrachas i measc dhaonra an réigiúin; ag cáineadh go leantar d’iarrachtaí na Rúise tionchar a imirt ar na Balcáin Thiar, nach mór a thuiscint mar chuid de straitéis níos leithne chun an t-údarásaíochas a chur chun cinn san Eoraip; á thabhairt faoi deara, thairis sin, go bhfuil an teachtaireacht atá ar son na Rúise á leathadh trí mheáin na Seirbia agus na hUngáire sna Balcáin Thiar; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na torthaí a fuarthas le déanaí gurb í an tSeirbia an tír is leochailí i leith tionchar eachtrach mailíseach sna Balcáin Thiar, go háirithe ón Rúis agus ón tSín, agus nach bhfuil smachtbhannaí i gcoinne na Rúise curtha chun feidhme ag an tSeirbia fós agus nach bhfuil sí ailínithe le beartas eachtrach AE;

    121.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, ina mheastóireacht ar RGCS atá ar na bacáin, soiléireacht a chur ar fáil maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag RGCS ar chomhroinnt sonraí chun ionramháil faisnéise idir gníomhaithe poiblí, príobháideacha agus acadúla in AE a chomhrac agus i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis;

    122.

    á chreidiúint go mbeidh straitéis na Tairsí Domhanda ina huirlis gheopholaitiúil thábhachtach chun dlús a chur le rannpháirtíocht agus caidreamh AE le comhpháirtithe ón Domhan Theas, ag freagairt do thionchar na Síne, trína Thionscnamh An Crios agus Bóthar, agus le tionchar tíortha eile nach bhfuil san Aontas amhail an Rúis agus an Iaráin, muinín a chothú le tíortha nach bhfuil san Aontas agus muinín a chothú i measc tíortha is iarrthóirí chun íomhá AE a neartú vis-à-vis an Rúis agus an tSín; á chreidiúint gur cheart dul i ngleic leis mar thionscadal geopholaitiúil lena ndéantar infheistíochtaí straitéiseacha ar bhonn riachtanais na hEorpa maidir leis an aistriú digiteach agus glas, trí nasc láidir leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus leis an nGníomh um Shliseanna, agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún soiléireacht a sholáthar maidir le tosaíochtaí thionscnamh na Tairsí Domhanda; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhú mar ‘Fhoireann na hEorpa’ i gcur chun feidhme na straitéise, grinnscrúdú daonlathach cuí, rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte agus gníomhaíocht chomhordaithe idir institiúidí uile AE agus na Ballstáit a áirithiú, chomh maith le hearnáil phríobháideach na hEorpa; á iarraidh go rachadh an Coimisiún agus SEGS i mbun comhoibriú agus comhordú go dlúth le tionscnaimh nascachta eile ina bhfuil comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, amhail SAM, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus an Téaváin, chun a áirithiú go ndéanfar cearta bunúsacha a choimirciú;

    123.

    ag tacú go láidir leis an obair atá déanta ag Roinn um an gCumarsáid Straitéiseach, um Thascfhórsaí agus um Anailís Faisnéise SEGS agus a thascfhórsaí geografacha; á chreidiúint gur gá aird níos mó a thabhairt ar thimpeallacht na bagartha a leagan amach i gcomhthéacs na ngníomhaithe a bhaineann le húdaráis na Síne, agus i gComharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt agus níos faide i gcéin; á chur in iúl gur geal léi, i bhfianaise an mhéid sin, obair SEGS maidir le feabhas a chur ar acmhainneachtaí thoscaireachtaí AE agus mhisin agus oibríochtaí CBSC chun freagairt do FIMI, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chreidiúint, áfach, gur cheart níos mó acmhainní a leithdháileadh chun a gcuid oibre a neartú, laistigh de cheanncheathrú SEGS agus sa réimse araon; á iarraidh go mbeadh tuilleadh forbartha acmhainní ann, lena n-áirítear oiliúint shaincheaptha do phearsanra CBSC, comhroinnt eolais agus comhordú méadaithe le misin, oibríochtaí agus toscaireachtaí eile de chuid an Aontais, rannpháirtíocht níos fearr leis na meáin áitiúla agus leis an tsochaí áitiúil agus cumarsáid réamhghníomhach agus fhrithghníomhach i dteangacha áitiúla;

    124.

    á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh na sásraí comhair i bhfeidhm leis na Stáit Aontaithe, amhail an comhar leanúnach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe laistigh den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC); ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, gur rinneadh an ráiteas comhpháirteach tar éis TTC an 5 Nollaig 2022 ina luaitear go háirithe go bhfuil meitheal 5 maidir le Data Governance and Technology Platforms [Ardáin Rialachais Sonraí agus Teicneolaíochta] agus meitheal 6 maidir le Misuse of Technology Threatening Security and Human Rights [Mí-úsáid na Teicneolaíochta mar bhagairt ar Shlándáil agus Chearta an Duine] ‘ag comhordú chun scaipeadh ionramháil agus trasnaíocht faisnéise na Rúise a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt air, go háirithe i gcomhthéacs ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus a tionchar ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, go háirithe san Afraic agus i Meiriceá Laidineach’; á chur in iúl gur geal léi go raibh an Coimisiúin tiomanta don Pharlaimint a chur ar an eolas go rialta maidir le hobair TTC agus á iarraidh go leanfar de na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna sna réimsí sin; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS dlús breise a chur leis an obair leis na Stáit Aontaithe maidir le dea-chleachtais agus eolas oibríochtúil a chomhroinnt, agus maidir le sainmhínithe agus cineálacha cur chuige coiteanna a fhorbairt;

    125.

    á mheas gur ardáin thábhachtacha comhair idir comhpháirtithe atá ar aon intinn iad tionscnaimh amhail TTC agus Sásra Mearfhreagartha G7 (RRM), chun uirlisí a fhorbairt agus dea-chleachtais a chomhroinnt chun cur i gcoinne FIMI; á iarraidh go mbeadh an Aontas ar thús cadhnaíochta sna tionscnaimh chomhair sin chun a áirithiú go bhfuil caighdeáin dhomhanda á bhforbairt i gcomhréir le luachanna Eorpacha; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS an Pharlaimint a chur san áireamh go rialta, trína riarachán, i bpléití le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus réimsí a shainaithint ina bhféadfadh tacaíocht na Parlaiminte breisluach a chur leis an bpróiseas; á iarraidh go mbeadh comhar níos doimhne ann idir comhpháirtithe daonlathacha, amhail na Stáit Aontaithe, agus go gcuirfí comhar acadúil chun cinn chun staid a sheachaint ina mbeadh an tSín i gceannas ar fhorbairt IS;

    126.

    á iarraidh go ndéanfaí teagmháil dhíreach neartaithe idir sainchoistí parlaiminteacha sa chaidreamh trasatlantach tríd an Idirphlé Trasatlantach Reachtóirí;

    127.

    á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Cód Iompair Domhanda na Náisiún Aontaithe i bhfeidhm; ag tathant ar SEGS go mbeifí rannpháirteach go dlúth sa phróiseas agus go ndéanfaí achomharc chuig Ballstáit eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le feasacht choiteann ar na dúshláin dhomhanda agus ar an ngá atá le dlúthchomhar; á chreidiúint nár cheart go ndíreodh an Cód ar ardáin amháin, ach go bhféachfaí freisin ar ghníomhaithe stáit agus neamhstáit eile; á iarraidh go ndéanfaí le hardáin níos mó acmhainní agus acmhainneachta a leithdháileadh chun faireachán a dhéanamh ar inneachar díobhálach i dteangacha nó canúintí áitiúla; á iarraidh go ndéanfaí le hardáin cineálacha cur chuige a chur san áireamh chun na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus le teicneolaíochtaí eile a mhaolú; á athdhearbhú gur gá cearta bunúsacha a choimirciú laistigh den Chód; á chreidiúint go mbeidh sé thar a bheith deacair athrú a dhéanamh ar an dlí idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, á mholadh go n-oibreoidh AE go dlúth le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun freagairtí idirnáisiúnta ar FIMI a fhorbairt;

    128.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di coimirciú na gceart bunúsach i bpróiseas na Náisiún Aontaithe maidir le Coinbhinsiún Domhanda maidir le cibearchoireacht a dhréachtú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS a áirithiú go gcloífear le noirm, cearta agus luachanna Eorpacha sa phróiseas, lena n-áirítear trí Choinbhinsiún Bhúdaipeist a chur chun cinn mar chaighdeán domhanda; á mheabhrú gur bhain contúirt leis na próisis chun comhrac i gcoinne na bréagaisnéise a bheith in úsáid mar leithscéal chun srian a chur le saoirse na meán;

    129.

    á mheabhrú gur cheart do gach iarracht chun cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach a lándícheall a dhéanamh chun urraim a thabhairt do ESSanna, do rialuithe atá ann cheana ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa chomh maith le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus nár cheart mí-úsáid a bhaint astu chun údar a thabhairt le beartais sriantacha agus chun iad a dhlisteanú, ar ábhar imní é a bhaineann freisin le Ballstáit AE; á iarraidh go ndéanfaí critéir chun comhaontuithe le tíortha nach bhfuil in AE a chur ar fionraí nó a chúlghairm a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine, mar shampla i gcás sáruithe ar chearta an duine, toisc go nochtar AE do thionchar eachtrach le cur i bhfeidhm na gcritéar sin faoi láthair;

    130.

    ag cáineadh iarrachtaí cuideachtaí míleata príobháideacha (PMCanna), amhail Grúpa Wagner agus grúpaí armtha eile, mílístí agus ionadaithe, lena n-áirítear mar Kadyrovites agus Night Wolves, chun tionchar a imirt ar phróisis dhaonlathacha i roinnt tíortha ar fud an domhain; ag cáineadh na dteachtaireachtaí bagartha agus imeaglaithe a sheol Grúpa Wagner chuig Parlaimint na hEorpa le déanaí; á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle agus na Ballstáit PMCanna na Rúise a áireamh ar liosta sceimhlitheoirí AE; á iarraidh go ndéanfadh SEGS tionscnamh a chruthú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun cur i gcoinne grúpaí gníomhaithe mailíseacha neamhstáit, amhail Wagner; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áireofaí i mboscaí uirlisí AE atá ann cheana freagairtí, amhail smachtbhannaí, ar stáit neamh-AE a mhaoiníonn nó a chomhoibríonn le cuideachtaí míleata príobháideacha i réigiúin leochaileacha;

    131.

    á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dlúthchomhar leanúnach le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe an Úcráin agus tíortha is iarrthóirí eile, chun athléimneacht a chothú i gcoinne ionsaithe hibrideacha; á chreidiúint go bhféadfadh an comhar féideartha sin a bheith i bhfoirm ‘Information Ramstein’, ina léirítear Grúpa Teagmhála Ramstein um Chosaint, a thabharfadh le chéile saineolaithe ó na meáin ón Úcráin, ó AE agus níos faide i gcéin chun plé a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó athléimneacht na hÚcráine i gcoinne cogaíocht faisnéise na Rúise agus chun oibríochtaí comhpháirteacha a fhorbairt; á mholadh go ndéanfadh AE agus a Bhallstáit, thairis sin, an comhar leis an Téaváin a dhoimhniú chun feachtais bhréagaisnéise agus oibríochtaí cur isteach a chomhrac;

    132.

    á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS an comhar le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo a mhéadú maidir le sásraí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar chur isteach toghchán, mar shampla le húdaráis toghcháin na Téaváine, Cheanada, na hAstráile agus na Brasaíle; á iarraidh go mbeadh comhar méadaithe ann le ECAT chun athléimneacht a fhorbairt i measc Bhallstáit an Aontais agus ECAT; á iarraidh go ndéanfadh toscaireachtaí AE agus ambasáidí na mBallstát i dtríú tíortha faireachán agus mapáil leanúnach ar theicnící bréagaisnéise agus ar ghníomhaithe sna tíortha faoi seach ina bhfuil siad bunaithe, ar cheart dóibh na hacmhainní riachtanacha a fháil ina leith, agus cabhrú le tíortha comhpháirtíochta a mbonneagair ríthábhachtacha toghcháin a fhorbairt agus a neartú, agus caighdeáin uaillmhianacha a leagan síos lena dtairgfear léirmhíniú feabhsaithe ar an dlí idirnáisiúnta atá ann cheana; á mheas gur gá oiliúint nuashonraithe a chur ar oifigigh agus ar thaidhleoirí AE maidir le FIMI;

    133.

    á athdhearbhú gur mhol sí moil cumarsáide straitéisí réigiúnacha a bhunú lasmuigh de AE, arna dtionscnamh ag SEGS agus le cistiú leordhóthanach; á chreidiúint gur cheart do na moil ilteangacha sin guth AE a neartú sna réigiúin tosaíochta (i.e. na Balcáin Thiar, an Ind-Chiúin-Aigéanach, an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh (MENA), Meiriceá Laidineach, agus an Afraic Thiar agus Oirthear na hAfraice), feabhas a chur ar a fhor-rochtain ar na meáin réigiúnacha agus ionramháil faisnéise agus feachtais bhréagaisnéise arna n-urrú ag an gcoigríoch lena ndírítear ar luachanna agus leasanna AE a bhréagnú; á chur i bhfios go láidir gur cheart do ghníomhaíochtaí na mol tacaíocht a chur ar fáil freisin do thoscaireachtaí AE agus do mhisin taidhleoireachta na mBallstát, sineirgí a chur ar fáil le soláthraithe seirbhíse meán AE atá i láthair sna réigiúin sin agus tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht leis na meáin áitiúla agus do lucht tionchair tuairimí;

    134.

    á iarraidh go leanfadh SEGS agus na Ballstáit de bheith ag obair go dlúth le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun noirm choiteanna maidir le hiompar freagrach stáit agus sainmhínithe stáit a bhunú, agus uirlisí agus reachtaíocht a fhorbairt chun cúbláil agus trasnaíocht faisnéise eachtraí a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh SEGS comhar iltaobhach agus il-gheallsealbhóra le tíortha nach bhfuil san Aontas, leis an tsochaí shibhialta agus leis an tionscal a neartú, maidir le cur i gcoinne FIMI trí chomhpháirtíochtaí atá ar aon intinn leo, agus in idirphlé agus fóraim taidhleoireachta idirnáisiúnta, agus cosaint na gceart bunúsach á áirithiú ag an am céanna agus uirlisí á bhforbairt chun cur i gcoinne FIMI; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na folúntais do shainphoist náisiúnta laistigh d’Ionad Barr Feabhais Hibrideach AE (Hybrid CoE) líonta fós ag roinnt Ballstát de chuid an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit ionadaithe náisiúnta agus saineolaithe a cheapadh chuig Ionad Barr Feabhais Hibrideach;

    135.

    á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá taidhleoireacht pharlaiminteach agus misin chun dlús a chur le hiarrachtaí agus leasanna straitéiseacha AE maidir le bréagnú, agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe san Afraic agus i réigiún MENA; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na tionscnaimh a rinne an Pharlaimint agus a seirbhísí chun tacú leis an daonlathas parlaiminteach i dtíortha nach bhfuil in AE trí fheidhmiú daonlathach na bparlaimintí, idirghabháil agus idirphlé parlaiminteach a threisiú, breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí leis an tsochaí shibhialta;

    136.

    á thabhairt chun suntais go bhféadfadh AE rannchuidiú le comhphobal domhanda seiceálaithe fíricí agus caighdeáin cháilíochta dhomhanda a bhunú le haghaidh seiceáil fíricí arna spreagadh ag an gCód Eorpach Caighdeán d’Eagraíochtaí Neamhspleácha um Sheiceáil Fíricí; á mheas, thairis sin, gur gá do AE tacú le hiarrachtaí seiceála fíricí i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha an mhéadaithe;

    137.

    á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht a chuirtear ar fáil tríd an Dearlaic Eorpach don Daonlathas, ach á chreidiúint gur gá do AE níos mó gníomhaíochta a dhéanamh chun tacú leis an iriseoireacht neamhspleách i réimsí a bhfuil tionchar ag gníomhaithe eachtracha mailíseacha orthu, amhail an Rúis agus an tSín, chomh maith le tacaíocht straitéiseach agus cistiú struchtúrach a chur ar fáil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla, ESSanna, seiceálaithe fíricí agus na meáin atá bunaithe lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear i dtíortha ardriosca, i dtíortha an mhéadaithe agus i dtíortha is iarrthóirí; ag athdhearbhú a hiarrata, dá bhrí sin, go mbunófaí ciste sonrach Eorpach do na meáin dhaonlathacha chun tacú leis an iriseoireacht i dtíortha an mhéadaithe agus i dtíortha comharsanachta an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí; ag tabhairt dá haire gur tháinig go leor iriseoirí ón Úcráin chuig AE mar aon leis an méadú atá ag teacht ar líon na ndídeanaithe cogaidh agus á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht shaincheaptha do thimpeallacht meán na hÚcráine, a ndearna ionradh na Rúise dochar mór di; á iarraidh go ndéanfadh SEGS gné pharlaiminteach a áireamh ina thionscnaimh for-rochtana agus forbartha acmhainní i dtíortha comharsanachta AE chun tacú le ESSanna agus leis na meáin neamhspleácha;

    138.

    á mheas go bhfuil AE anois ina mhol mór do sheomraí nuachta neamhspleácha ón Rúis agus ón mBealarúis, ós rud é go bhfuil deireadh curtha ag na tíortha sin leis na meáin neamhspleácha laistigh dá gcríocha; á chreidiúint gur féidir leis na meáin neamhspleácha rannchuidiú le cur i gcoinne na bréagaisnéise a scaipeann an Chreimil agus, san fhadtéarma, le múnlú na Rúise mar thír níos daonlathaí atá faoi shíocháin lena comharsana; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, cur chuige struchtúrtha fadtéarmach a fhorbairt lena n-áirítear beartas arna chistiú go leordhóthanach a bhunú lena soláthrófaí tacaíocht lárnach fhadtéarmach do mheáin neamhspleácha na Rúise agus na Bealarúise agus don iriseoireacht ar deoraíocht;

    139.

    á iarraidh go n-imeodh an Coimisiún agus SEGS ó chur chuige atá il-oiriúnach do thíortha i dtreo cur chuige rioscabhunaithe agus gan a bheith cúthail ag fóraim idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe, ó thaobh sainaithint agus ainmniú na dtíortha sin a rinne iarracht cur isteach eachtrach a dhéanamh, chun tíortha eile a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis an tsaincheist;

    o

    o o

    140.

    Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    (1)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0070.

    (2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0030.

    (3)   IO C 347, 9.9.2022, lch. 61.

    (4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0406.

    (5)   IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.

    (6)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0448.

    (7)   IO C 224, 27.6.2018, lch. 58.

    (8)   IO C 23, 21.1.2021, lch. 152.

    (9)   IO C 184, 5.5.2022, lch. 71.

    (10)   IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.

    (11)   IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.

    (12)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 164.

    (13)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0027.

    (14)   IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.

    (15)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha). IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.

    (16)  Tuarascáil ar an anailís tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (SWD(2022)0066). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022SC0066.

    (17)  Achoimre feidhmiúcháin ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha cibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (SWD(2022)0282).

    (18)  Treoir (AE) 2015/849 an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (19)  Vice-President Jourová speech on Defending EU values in the time of the war.

    (20)  Togra le haghaidh treoir maidir le daoine a ghabhann do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá gan bhunús nó mí-úsáideach go follasach (‘cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail’)(COM(2022)0177).

    (21)  Togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat coiteann do sheirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (COM(2022)0457).

    (22)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (23)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).

    (24)  Togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160).

    (25)  Togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú (An Gníomh Eorpach um Shliseanna) (COM(2022)0046).

    (26)  Breithiúnas an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers [Cláir Ghnó Lucsamburg], C-37/20, ECLI:EU:C:2022:912.

    (27)  Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, agus lena leasaítear Treoracha 2009/138/CE agus 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).

    (28)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).

    (29)  Cinneadh (CBES) 2022/884 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 128).

    (30)  Staidéar dar teideal ‘How to Do Trusted Research: China-Specific Guidelines for European Stakeholders’ [Conas Taighde Iontaofa a dhéanamh: Treoirlínte Sonracha na Síne do Gheallsealbhóirí Eorpacha], a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2022.

    (31)  Breithiúnas an 27 Iúil 2022, RT France v an Chomhairle, T-125/22, ECLI:EU:T:2022:483.

    (32)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas Eorpach – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú (IO C 479, 16.12.2022, lch. 75).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1226/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top