Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0130

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le creat nua soghluaisteachta uirbí AE (2022/2023(INI))

IO C, C/2023/1058, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1058/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1058/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1058

15.12.2023

P9_TA(2023)0130

Creat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le creat nua soghluaisteachta uirbí AE (2022/2023(INI))

(C/2023/1058)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teideal XVIII de, chomh maith leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 5(3) de,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 dar teideal The New EU Urban Mobility Framework [Creat Nua Soghluaisteachta Uirbí AE] (COM(2021)0811),

ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach a fhorbairt (COM(2021)0812), agus go háirithe d’Aithris 52 agus Airteagal 40 a bhaineann le ceanglais maidir le nóid uirbeacha,

ag féachaint don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach,

ag féachaint do phacáiste soghluaisteachta uirbí 2013 agus don mheastóireacht air (SWD(2021)0048),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (2) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (4),

ag féachaint do Threoir (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (5),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt (7);

ag féachaint don Chlár don Eoraip Dhigiteach,

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (COM(2021)0101),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions [Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas] (COM(2022)0198),

ag féachaint do Chairt Nua Leipzig maidir le cumhacht chlaochlaitheach na gcathracha ar mhaithe leis an leas coiteann, a glacadh ag na Cruinnithe Aireachta Neamhfhoirmiúla an 30 Samhain 2020,

ag féachaint do Chomhshocrú Amstardam lena mbunaítear an Clár Oibre Uirbeach do AE a comhaontaíodh ag airí AE atá freagrach as cúrsaí uirbeacha an 30 Bealtaine 2016,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 11 maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe,

ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2022 ar na dúshláin do limistéir uirbeacha i ré iar-COVID-19 (8),

ag féachaint dá rún an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Creat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’  (9),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Iúil 2018 maidir le ról cathracha i gcreat institiúideach an Aontais (10),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le ról réigiúin agus chathracha AE i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras COP 21 maidir leis an athrú aeráide (11),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2015 maidir leis an ngné uirbeach de bheartais AE (12),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ar ‘Creat nua don tSoghluaisteacht Uirbeach’  (13),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0108/2023),

A.

de bhrí go n-áirítear le grúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, daoine scothaosta, mná, leanaí nó daoine a bhfuil leanaí in éineacht leo a dhéanann a gceart chun soghluaisteachta, chun staidéir, chun spraoi agus chun obair a dhéanamh a fheidhmiú go hiomlán;

B.

de bhrí go gciallaíonn iompar poiblí seirbhísí traidisiúnta amhail gréasáin iarnróid, meitreo, tram nó bus;

C.

de bhrí go gciallaíonn iompar comhchoiteann iompar poiblí agus seirbhísí nua atá bunaithe ar chomhroinnt, ar éileamh, ar shamhlacha gnó nua solúbtha agus ar shoghluaisteacht eile ina n-iompraítear níos mó paisinéirí i dteannta a chéile;

D.

de bhrí go gcuimsíonn micrea-shoghluaisteacht feistí soghluaisteachta pearsanta a chumhachtaítear go leictreach agus go neamhleictreach amhail rothair, rothair leictreacha, scútair leictreacha, gluaischothromáin, aonrothaigh agus gléasanna soghluaisteachta pearsanta eile

E.

de bhrí go n-áirítear le soghluaisteacht ghníomhach iompar daoine nó earraí araon ar féidir í a chumhachtú trí ghníomhaíocht choirp an duine nó trí mheascán de mhótar leictreach agus de chumhacht an duine, amhail i gcás r-rothar;

F.

de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an togra ón gCoimisiún maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) gréasán iompair inbhuanaithe, éifeachtach, inrochtana agus ilmhódach ar fud AE a thógáil, lena n-áirítear pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (SUMP) a fhorbairt do chathracha;

G.

de bhrí go ndearbhaítear i gCreat Soghluaisteachta Uirbí AE arna mholadh ag an gCoimisiún gur cheart tosaíocht a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil maidir le hiompar comhchoiteann a fhorbairt, go háirithe iompar poiblí, agus soghluaisteacht ghníomhach agus iad a chur i gcroílár na n-iarrachtaí chun soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach;

H.

de bhrí nach mór d’aon chreat soghluaisteachta uirbí díriú ar leasanna poiblí, freastal ar riachtanais daoine agus tacú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na mBallstát ionas go ndéanfar soghluaisteacht uirbeach a phleanáil agus a chomhtháthú le brainsí éagsúla an gheilleagair agus go mbeidh sé dírithe ar iompraíocht chomhchoiteann a athrú chun cathracha níos inbhuanaithe a thógáil le cáilíocht saoil níos fearr trí réitigh iompair éagsúla atá inacmhainne, inrochtana, éifeachtúil, cliste agus inbhuanaithe;

I.

de bhrí gur thug an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil rabhadh gur tháinig méadú ar astaíochtaí iompair idir 2013 agus 2019 agus cé is moite de laghdú in 2020 mar gheall ar dhianghlasáil a tugadh isteach mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, meastar go dtiocfaidh fás ar astaíochtaí iompair fós;

J.

de bhrí go gcuireann ganntanais foirne agus neamhshláine post inbhuanaitheacht eacnamaíoch na hearnála iompair agus, dá bhrí sin, inbhuanaitheacht eacnamaíoch na gcreataí soghluaisteachta uirbí i mbaol;

K.

de bhrí go mbraitheann eagrúchán an iompair sa chathair ar an idirghníomhaíocht leis an timpeallacht;

L.

de bhrí go gcuirfidh an Clár Réime Fís Eorpach EUR 359,3 milliún ar fáil le linn na tréimhse 2021-2023 dá mhisean maidir le cathracha atá aeráidneodrach agus cliste, arb é is aidhm dóibh 100 cathair aeráidneodrach a bhaint amach in AE faoi 2030 (14); de bhrí go dtabharfar aghaidh, inter alia, ar phleanáil uirbeach ghlas leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna moladh ag an gCoimisiún chun an cuspóir sin a bhaint amach;

M.

de bhrí gurb ionann costas iomlán an iompair don tsochaí agus EUR 987 mbilliún in aghaidh na bliana; de bhrí gur féidir an figiúr sin a mhiondealú i gcostais chomhshaoil (44 %), timpistí (29 %) agus costais brú tráchta (27 %); de bhrí gurb ionann carranna príobháideacha agus EUR 565 billiún de na costais sin ach go gcumhdaíonn muirir ó chánacha i dtéarmaí breosla agus úinéireachta, agus dolaí, díreach faoi bhun leath de na costais sin (EUR 267 billiún) a léiríonn go bhfuil costais sheachtracha an iompair fós le hinmheánú go hiomlán; de bhrí go ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear díréireach dóibh siúd ar ioncam níos ísle (15);

N.

de bhrí go dtarlaíonn 75 % d’astaíochtaí iomlána CO2 i gcathracha (16), go dtagann thart ar 23 % d’astaíochtaí iompair AE ó cheantair uirbeacha, go bhfuil cónaí ar 70 % de shaoránaigh AE i gcathracha sa lá atá inniu ann, agus go meastar go sroichfidh an sciar beagnach 84 % in 2050, ionas go mbeidh ról tábhachtach ag cathracha maidir le rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais;

O.

de bhrí go gcosnaíonn brú tráchta thart ar EUR 270 billiún in aghaidh na bliana ar AE agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an tsoghluaisteacht uirbeach, le truailliú aeir, truailliú torainn agus teas uirbeach a dhéanann difear d’fhormhór mhuintir na hEorpa;

P.

de bhrí gur cheart go n-éascódh an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (16) dul chun cinn na mBallstát i dtreo an aistrithe ghlais trí fhorálacha maidir le feidhmiú céimneach bonneagair leictrea-shoghluaisteachta, lena n-áirítear pointí athluchtaithe a imscaradh níos tapúla, agus forálacha maidir le spásanna páirceála do rothair;

Q.

de bhrí go bhfuil an leictrea-shoghluaisteacht ag céimeanna éagsúla forbartha faoi láthair sna Ballstáit agus sna réigiúin ar fud AE, gur cheart díolúintí agus solúbthacht shonrach a chur i bhfeidhm chun go bhféadfaidh na Ballstáit agus na réigiúin a bhfuil margadh leictrea-shoghluaisteachta beagfhorbartha acu dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an aistrithe ghlais; de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go sásóidh acmhainneacht na heangaí fuinnimh na héilimh fuinnimh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a bhaineann le feithiclí leictreacha agus go gcuirfear san áireamh cúlchistí pleanála do chumhacht nasctha eangaí;

R.

de bhrí go bhfuil ardú gan fasach tagtha ar phraghsanna ola le roinnt míonna anuas agus nach léir an treocht a bheidh ann amach anseo; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú; de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, gur beart éifeachtach é an luas a laghdú chun é sin a bhaint amach;

S.

de bhrí go bhfostaíonn an t-iompar poiblí dhá mhilliún duine i bpoist áitiúla shlána i bpobail ar fud AE agus go gcuireann sé raon conairí gairme agus deiseanna fostaíochta ar fáil le baill foirne a thagann ó go leor cúlraí éagsúla; de bhrí, le linn na paindéime, gur ghá sciar suntasach den fhoireann sin dul ar scor sealadach agus gur chinn go leor acu an earnáil a fhágáil, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil sochair slándála sóisialta ísle agus cumhdach cómhargála lag acu;

T.

de bhrí gur tháinig laghdú ar sheirbhísí iompair le déanaí mar thoradh ar ghanntanas lucht saothair san iompar poiblí, lena n-áirítear cealú seirbhísí oíche agus deireadh seachtaine, agus laghdú ar bhealaí; de bhrí go raibh tionchar diúltach aige sin ar shoghluaisteacht chuimsitheach, ag bagairt ar chomhtháthú sóisialta agus rochtain ar phoist, ar oideachas agus ar chúram sláinte do na húsáideoirí is leochailí a bhíonn ag brath go hiomlán ar iompar poiblí le haghaidh a soghluaisteachta; de bhrí go bhfuil bochtaineacht soghluaisteachta ag dul i méid ar fud AE;

U.

de bhrí go bhfuil gluaiseacht éifeachtúil daoine, seirbhísí agus earraí, lena n-áirítear iompar agus lóistíocht lastais cathrach, bunriachtanach d’fheidhmiú na ngeilleagar uirbeach agus do réitigh nuálacha agus dea-chleachtais ar fud chathracha AE, de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag pleananna lóistíochta uirbeacha inbhuanaithe, i bhfianaise an mhéadaithe ar mhéideanna iompair lastais agus lóistíochta;

V.

de bhrí gur tháinig méadú 25 % ar sheachadtaí ríomhthráchtála tomhaltóirí in 2020 mar thoradh ar an bpaindéim, agus gur dócha go leanfaidh an méadú ar sheachadtaí an mhíle deiridh, agus a thionchar ar cheantair uirbeacha de bheith ann;

W.

de bhrí gurb ionann taisteal de chóiste agus 40 % de ghníomhaíocht chomhchoiteann iompair de bhóthar AE;

X.

de bhrí go bhfuil an tsoghluaisteacht ríthábhachtach agus fíor-riachtanach le haghaidh cuimsiú socheacnamaíoch agus toisc chinntitheach struchtúrach i bhforbairt sochaithe agus an cumas daoine aonair, pobail, earnálacha táirgiúla agus seirbhísí, agus réigiúin agus cultúir éagsúla a nascadh, agus i gcur chun cinn an chomhtháthaithe chríochaigh agus shóisialta, an dinimicis eacnamaíoch, agus na cáilíochta agus na cothromaíochta comhshaoil;

Y.

de bhrí gur cheart do bheartais iompair uirbeacha aistriú ó shoghluaisteacht a sholáthar go rochtain ar an tseirbhís a áirithiú, agus tosaíocht níos mó a thabhairt do chách ar rochtain inacmhainne, beag beann ar ioncam, aois, sláinte nó suíomh (e.g. uirbeach, peirea-uirbeach nó tuaithe);

Z.

de bhrí gur gá iompar comhchoiteann agus iompar poiblí go háirithe, lena n-áirítear sna bruachbhailte, a fhorfheidhmiú i dtéarmaí méadú acmhainneachta, cumhdach geografach, minicíochtaí agus inacmhainneacht;

AA.

de bhrí nach mór rochtain a bheith ag gach saoránach ar chórais iompair phoiblí, go háirithe d’úsáideoirí ó ghrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu;

AB.

de bhrí go bhfuil bearta déanta ag cathracha agus Ballstáit éagsúla AE mar fhreagairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair amhail praghas na dticéad le haghaidh iompar poiblí a ísliú;

AC.

de bhrí go ndéantar na seirbhísí traidisiúnta iompair phoiblí a chomhlánú trí sheirbhísí nua atá bunaithe ar sheirbhísí soghluaisteachta samhlacha nua comhroinnte, ar éileamh agus solúbtha; de bhrí go rannchuidíonn na seirbhísí sin le hastaíochtaí carbóin a laghdú, cáilíocht an aeir a fheabhsú agus torann agus plódú a laghdú, ganntanais áiteanna páirceála i limistéir uirbeacha a mhaolú agus nascacht le ceantair fho-uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe a fheabhsú;

AD.

de bhrí gur féidir le réitigh ilmhódacha éifeachtacha lena gcomhcheanglaítear réitigh iompair éagsúla amhail iompar comhchoiteann, soghluaisteacht aonair agus soghluaisteacht ghníomhach, in éineacht leis an mbonneagar is gá, lena n-áirítear moil shoghluaisteachta, cabhrú le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtacht infheistíochtaí i dtimpeallacht uirbeach, agus tairbhí foriomlána do cháilíocht saoil daoine á n-áirithiú ag an am céanna; de bhrí gur cheart don Choimisiún pacáiste ilmhódach a mholadh ina leith sin;

AE.

de bhrí go bhfuil COVID-19 tar éis cur leis na dúshláin atá roimh chórais soghluaisteachta uirbí, ach go bhfuil sé ina chatalaíoch freisin chun iad a dhéanamh níos athléimní, níos cliste, níos sábháilte, níos inbhuanaithe agus níos inrochtana, agus go bhfuil go leor cathracha ar fud na hEorpa ag cur dlús le cur chun feidhme a bpleananna soghluaisteachta le linn na paindéime agus bearta a thabhairt isteach chun scaradh sóisialta a éascú a bhí i bhfabhar soghluaisteacht ghníomhach, as a n-eascróidh méadú mór ar shiúl agus rothaíochta agus cur chun feidhme bonneagair rothaíochta;

AF.

de bhrí go bhfuil na rialacha agus na ceanglais maidir le soghluaisteacht ghníomhach, micrea-shoghluaisteacht, agus cineálacha nua soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha agus ísle fós ag na céimeanna luatha nó go bhfuil siad éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, rud a bhfuil tionchar suntasach aige ar shábháilteacht na saoránach agus a bhfuil deiseanna caillte d’úsáideoirí i mBallstáit éagsúla agus éiginnteacht d’oibreoirí mar thoradh air freisin;

AG.

de bhrí go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag an tsoghluaisteacht ghníomhach rannchuidiú leis na fadhbanna a bhaineann le ceantair uirbeacha a shárú, cáilíocht an aeir a fheabhsú, brú tráchta a laghdú agus sláinte an duine aonair a fheabhsú;

AH.

de bhrí go bhféadfadh tairbhí suntasacha a bheith ag baint le soghluaisteacht ilmhódach fheabhsaithe agus saoráidí bonneagair chliste, lena n-áirítear iarnróid, réitigh roinnte carranna, agus bonneagar soghluaisteachta cliste don turasóireacht agus don fháilteachas agus don bhonneagar cóiríochta sa timpeallacht uirbeach;

AI.

de bhrí go measann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) go raibh neamhchosaint fhadtéarmach ar ábhar cáithníneach le trastomhas 2,5 miocrón nó níos lú (PM 2,5) san Eoraip ina chúis le tuairim is 417 000 bás anabaí in 2018, a raibh thart ar 379 000 díobh in AE-28; de bhrí go bhfuil tairseacha AE i bhfad os cionn threoirlínte EDS maidir le formhór na dtruailleán, agus gur cúis imní ar leith í an easpa teorann laethúil do PM2,5; de bhrí, cosúil le COVID-19, gur éigeandáil sláinte poiblí é sin a éilíonn gníomhaíocht láithreach;

AJ.

de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún Treoir Topaicí maidir le SUMPanna lena ndírítear go sonrach ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar mhicrea-shoghluaisteacht i bpróiseas pleanála agus cur chun feidhme SUMP;

AK.

de bhrí nach bhfuil ach feabhsuithe teoranta ann ó thaobh cuspóirí sábháilteachta ar bhóithre a bhaint amach in AE le blianta beaga anuas agus go gcailleann thart ar 22 600 duine a mbeatha ar bhóithre AE gach bliain agus go ngortaítear thart ar 120 000 duine go dona; de bhrí go dtarlaíonn 39 % de na básanna ar bhóithre in AE i gceantair uirbeacha agus nár baineadh amach sprioc AE líon na mbásanna ar bhóithre a laghdú faoina leath idir 2010 agus 2020;

AL.

de bhrí gurb iad úsáideoirí soghonta bóithre amhail coisithe, rothaí agus úsáideoirí dé-rothaigh chumhachtaithe na daoine is mó atá i mbaol agus gurb ionann iad agus thart ar 70 % de líon iomlán na mbásanna i gceantair uirbeacha;

AM.

de bhrí go bhféadfadh dea-chleachtais agus dreasachtaí amhail teorainneacha luais agus oiliúint speisialta do thiománaithe cabhrú le líon na dtionóiscí tromchúiseacha agus na mbásanna a laghdú;

AN.

de bhrí gur cúis mhór imní é líon na dtionóiscí a bhaineann le rothaíocht agus cineálacha eile soghluaisteachta gníomhaí agus micreaghníomhaí; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí breise ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun sprioc AE a chumhdaítear i gcuspóirí ‘Fís Nialais’ a bhaint amach chun cosaint na n-úsáideoirí uile a fheabhsú;

AO.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag inrochtaineacht uirbeach maidir le grúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, amhail daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, daoine scothaosta nó daoine a bhfuil leanaí in éineacht leo a chumasú chun a gceart chun soghluaisteachta agus chun staidéar agus obair a dhéanamh a fheidhmiú go hiomlán;

AP.

de bhrí go bhféadfadh úsáid na hintleachta saorga (IS) sa tsoghluaisteacht uirbeach feabhas suntasach a chur ar shábháilteacht, slándáil agus éifeachtúlacht, cuimsiú grúpaí leochaileacha a fheabhsú, brú tráchta a laghdú, truailliú aeir agus torainn a laghdú, costais a laghdú agus an earnáil iompair a dhícharbónú;

AQ.

de bhrí gur príomhphrionsabail iad coimhdeacht agus comhréireacht lena rialaítear feidhmiú inniúlachtaí AE agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a urramú i gcónaí agus i réimsí beartais uile AE;

AR.

de bhrí gur cheart don tsoghluaisteacht agus don iompar daoine a tharraingt isteach i limistéir agus amach astu, chun úsáid agus forbairt, lena n-áirítear don turasóireacht, a chumasú do thurasóirí nó do limistéar eacnamaíoch atá suite timpeall ar mhórchathrach amháin nó níos mó;

An creat soghluaisteachta uirbí a neartú caibidil nua maidir le sábháilteacht uirbeach ar bhóithre, inrochtaineacht agus slándáil san Aontas Eorpach

1.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an tsoghluaisteacht uirbeach ríthábhachtach do cháilíocht saoil na ndaoine agus d’fheidhmiú an gheilleagair; á chur i bhfios, chun cuspóirí uaillmhianacha eacnamaíocha, comhshaoil, digiteacha, sláinte agus sochaíocha an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, nach mór réitigh iompair chliste, chuimsitheacha, shláintiúla, inacmhainne, iomaíocha, rianúla agus ilmhódúla, lena n-áirítear iarnród, busanna agus cóistí inbhuanaithe, réitigh roinnte carranna, agus soghluaisteacht ghníomhach agus micrea-shoghluaisteacht a bheith mar threoir ag an tsoghluaisteacht uirbeach in AE; á thabhairt chun suntais gur cheart, leis na réitigh iompair sin, feabhas a chur ar cháilíocht mhaireachtála agus ar dhálaí comhshaoil i gcathracha agus gur cheart leibhéil sástachta níos airde a bheith mar thoradh orthu;

2.

á mheabhrú gur cheart gach beart nua a bheith bunaithe ar thorthaí measúnuithe tionchair cuimsitheacha lena gcuirtear san áireamh iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil chomh maith le riachtanais soghluaisteachta éagsúla na n-úsáideoirí agus gur cheart an measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil na réiteach éagsúil iompair uirbigh a bheith bunaithe ar astaíochtaí saolré agus ar tháscairí comhshaoil ábhartha;

3.

á thabhairt chun suntais go bhfuil saoránaigh toilteanach aistriú chuig modhanna iompair cliste agus inbhuanaithe, go háirithe dá soghluaisteacht laethúil, agus go mbaineann na príomhchoinníollacha don athrú le costas, infhaighteacht agus luas; á mheas go bhfuil ról agus rannpháirtíocht na saoránach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (lena n-áirítear i ndearadh pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe) bunriachtanach chun an tacaíocht phoiblí is gá a áirithiú trí na geallsealbhóirí uile a thabhairt le chéile agus seirbhís ardcháilíochta á pleanáil a chomhlíonfaidh riachtanais agus ionchais gach duine;

4.

á iarraidh ar na Ballstáit córais iompair uirbeacha a fhorbairt atá sábháilte, inrochtana, cuimsitheach, inacmhainne, cliste, athléimneach agus inbhuanaithe;

5.

ag tacú leis na hiarrachtaí uile chun cathracha a dhéanamh níos inrochtana agus á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht ghasta agus uaillmhianach a dhéanamh chun cathracha a dhéanamh níos cuimsithí;

6.

á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le bochtaineacht iompair agus éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar líonraí iompair, ós rud é go ndéanann siad difear do shaol laethúil na milliún duine ar ioncam níos ísle agus d’úsáideoirí ó ghrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu; á mheas gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht do chathracha aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna gaolmhara na nascachta idir ceantair thuaithe, pheirea-uirbeacha agus uirbeacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le neamhionannais maidir le rochtain ar ghréasáin iompair agus tacú le cathracha beaga agus limistéir pheirea-uirbeacha chun a áirithiú go mbeidh na limistéir sin nasctha; ag cur béim ar an ngá atá le cur chuige ilmhódach agus comhtháite chun eisiamh soghluaisteachta agus bochtaineacht iompair a chomhrac chun rochtain chomhionann ar lárionaid uirbeacha a áirithiú;

7.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chathracha machnamh a dhéanamh ar ‘dhearbháin soghluaisteachta inbhuanaithe’ nó scéimeanna soghluaisteachta ar phraghsanna laghdaithe a thairiscint d’iompar comhchoiteann inbhuanaithe, go háirithe iompar poiblí, a fhéadfaidh grúpaí tairbhithe arna sainiú bunaithe ar chritéir shonracha (úsáideoirí leochaileacha iompair, daoine faoi bhochtaineacht iompair, etc.) a leithdháileadh gan bhac ar a roghanna soghluaisteachta inbhuanaithe;

8.

á mheas gur cheart ioncam ó chánacha carbóin a bhaineann le soghluaisteacht a úsáid chun réitigh iompair inbhuanaithe a mhaoiniú do dhaoine faoi bhochtaineacht iompair;

9.

á chur i bhfáth go bhfuil tionchar éagsúil ag gach modh iompair ar shaol laethúil daoine agus go bhfuil ról ag gach modh iompair maidir le haistriú módach a mbeidh tacaíocht fhorleathan aige chuig modhanna iompair inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iompar comhchoiteann, soghluaisteacht phríobháideach inbhuanaithe agus soghluaisteacht ghníomhach; á chur i bhfáth nach féidir an t-aistriú chuig iompar inbhuanaithe a fhorchur ar dhaoine agus ar réigiúin amháin ach nach mór d’úsáideoirí tacú leis agus é a chur in oiriúint do riachtanais aonair agus gheografacha, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú; á mheas go bhfuil gá le tuilleadh iarrachta chun feasacht an phobail a ardú trí fheachtais agus tionscnaimh eile chun tacaíocht a fháil ó dhaoine; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, gur bealach é an lá saor ó ghluaisteáin chun féidearthachtaí malartacha a chur i láthair; ag spreagadh an Choimisiúin ‘lá comhchuibhithe AE saor ó ghluaisteáin’ a bhunú ar bhonn bliantúil; á iarraidh go gcuirfí sochair ar fáil laistigh de phleananna inbhuanaithe dóibh siúd a roghnaíonn réitigh iompair inbhuanaithe don chomaitéireacht;

10.

á thabhairt chun suntais gur cheart an tábhacht chéanna a thabhairt do gach úsáideoir (ó cheantair uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe) agus gur cheart iad a chur i gcroílár phróiseas na pleanála iompair uirbí, agus é á aithint ag an am céanna nach bhfuil riachtanais soghluaisteachta úsáideoirí agus imthosca agus roghanna aonair aonchineálach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh raon difreáilte de roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe ann seachas réiteach amháin a oireann do chách, lena n-áirítear modhanna gníomhacha inbhuanaithe agus iompar comhchoiteann, a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil sé in ann feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht agus ar an inmharthanacht i gceantair uirbeacha agus rannchuidiú le baint amach spriocanna sóisialta, eacnamaíocha, aeráide agus comhshaoil AE agus leis an sprioc atá aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

11.

á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais, fhioscach agus rialála d’úsáid réiteach soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha agus ísle amhail seirbhísí iompair comhchoiteanna atá éifeachtúil, iontaofa, poncúil, cuimsitheach agus inacmhainne, go háirithe don iompar poiblí, don tsoghluaisteacht aonair, do phointí agus córais nascachta idirmhódaí agus modhanna eile iompair amhail seirbhísí soghluaisteachta nua, cineálacha gníomhacha soghluaisteachta agus iompair, a thugann roghanna solúbtha éagsúla don mhargadh, chun borradh a chur faoin iomaíocht agus chun go mbeidh cathracha ann a mbeidh sé níos éasca maireachtáil iontu, agus réitigh níos fearr, níos sláintiúla, níos luachmhaire, níos cuimsithí, níos inacmhainne, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe á gcur ar fáil do shaoránaigh, go háirithe do chónaitheoirí cathrach;

12.

á iarraidh go mbeadh iompar comhchoiteann agus go háirithe iompar poiblí inrochtana, dea-eagraithe, inacmhainne agus ardchaighdeáin ann do shaoránaigh, agus seirbhís chompordach ó dhoras go doras acu; ag tabhairt dá haire gur toisc thábhachtach iad sciar na bhfeithiclí glana sa flít chomh maith le modhanna cliste agus inbhuanaithe amhail tramanna chun truailliú aeir, astaíochtaí carbóin agus brú tráchta a laghdú;

13.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iompar poiblí ní hamháin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin aeráide ach freisin don ghné shocheacnamaíoch a bhaineann leis, eadhon maidir le comhtháthú sóisialta agus fostaíocht áitiúil shlán, ardcháilíochta a sholáthar; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá infheistíocht a dhéanamh i líonra iompair chomhchoitinn ardcháilíochta, nuachóirithe, idir-inoibritheach, inrochtana agus leathnaithe trí phleanáil chuí a dhéanamh ina mbeidh gníomhaithe áitiúla, bardais agus an pobal i gcoitinne rannpháirteach, trí oibreoirí a bhunú, agus trí infheistíocht a dhéanamh sa taighde eolaíoch agus sa nuálaíocht;

14.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá machaire comhréidh idir soláthraithe iompair phoiblí agus phríobháidigh agus idir modhanna iompair lena gceadaítear iomaíocht chóir chomh maith leis an ngá atá le comhlántacht bhreise idir seirbhísí iompair;

15.

ag aithint na mbuntáistí a bhaineann le réitigh shoghluaisteachta mhalartacha chliste agus inbhuanaithe laistigh de sheirbhísí iompair comhchoiteanna, amhail gluaisteáin chomhroinnte, tacsaithe, rothair leictreacha agus scútair agus cineálacha eile micrea-shoghluaisteachta; á chreidiúint go bhféadfadh carachtar comhlántach a bheith ag modhanna den sórt sin agus go bhféadfaidís raon níos leithne roghanna a chur ar fáil d’úsáideoirí ag brath ar a riachtanais soghluaisteachta;

16.

á iarraidh go mbeadh inrochtaineacht, iontaofacht agus nascacht níos fearr ann idir ceantair uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe, go háirithe i réigiúin ina bhfuil OTI per capita níos lú ná 75 % de mheán AE, chomh maith le moil ilmhódacha do phaisinéirí agus á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí rochtain gan bhac ar iompar cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, sláintiúil agus inacmhainne, lena n-áirítear iompar comhroinnte, a ráthú do chách d’fhonn comhtháthú agus comhsheasmhacht bheartais iompair AE a chosaint; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, i ndáil leis sin, go bhfuil ceantair pheirea-uirbeacha agus thuaithe, go háirithe críocha inar tearc an daonra, thíos le ganntanas réiteach agus bonneagar iompair atá éifeachtúil, inacmhainne agus nasctha, lena n-áirítear bonneagar breosla mhalartaigh, lena gcuirtear srian ar pheirspictíochtaí socheacnamaíocha na limistéar sin agus a gcuid saoránach; á thabhairt chun suntais go bhfuil deis ann chun seirbhísí iompair ar éileamh agus comhroinnte a fhorbairt agus a úsáid do limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe mar bhealach chun gáis ceaptha teasa a laghdú nó chun dálaí tráchta a fheabhsú agus á iarraidh go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú;

17.

á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, nach mór ról níos tábhachtaí fós a bheith ag traenacha uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha agus ag a seirbhís iontaofa ó thaobh minicíochta agus poncúlachta de maidir le comaitéireacht laethúil go dtí limistéir uirbeacha agus uathu;

18.

á chur i bhfios go láidir, trí chosaint láidir agus infhorfheidhmithe ar chearta paisinéirí i gcás moilleanna agus easnaimh seirbhíse eile (amhail cealuithe, freagairt ar ghearáin, riachtanais speisialta paisinéirí) go rannchuidítear le soghluaisteacht paisinéirí a éascú agus le modhanna iompair amhail an t-iarnród a dhéanamh níos tarraingtí agus níos soláimhsithe;

19.

á thabhairt chun suntais go bhfuil taithí ag roinnt cathracha san Aontas ina bhfuil córais iompair phoiblí saor in aisce, a fhágann go dtagann méadú ar phaisinéirí chomh maith le laghdú suntasach ar thrácht gluaisteán; á iarraidh go ndéanfar staidéir chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na gcóras sin, go háirithe maidir leis an éagsúlacht i líon na bpaisinéirí, fad an taistil, líon na dtionóiscí agus na dtaismeach tráchta, nó tionchair ar an athrú aeráide;

20.

á chur i bhfios go mbíonn tionchar suntasach ag sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú do na húsáideoirí bóithre is leochailí ar iompraíochtaí iompair; á chur i bhfáth, ina leith sin, nach mór bearta sistéamacha sábháilteachta bóthair a chuimsiú i gcreat soghluaisteachta uirbí AE a bheidh ann amach anseo, agus béim ar leith á leagan ar úsáideoirí soghonta bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar gheallsealbhóirí eile bearta a ghlacadh, bunaithe ar chaighdeáin sábháilteachta AE, a d’fhéadfadh feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, amhail oiliúint ardcháilíochta a áirithiú, teorainneacha ama oibre tiománaithe agus dálaí oibre agus caighdeáin shóisialta eile a bhaineann le bainistiú tuirse agus sábháilteacht a urramú, feabhas a chur ar bhonneagar siúil agus rothaíochta, úsáid a bhaint as modhanna chun imeachtaí nó dálaí sábháilteachta a bhrath agus a thuairisciú, gach úsáideoir bóithre a chur i gcroílár dhearadh na soghluaisteachta i gcónaí, agus úsáideoirí leochaileacha agus úsáideoirí ó ghrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a chur san áireamh freisin; ag tathant ar na húdaráis áitiúla cur chuige an chórais shábháilte a ghlacadh agus spriocanna sábháilteachta ar bhóithre a leagan síos;

21.

ag tabhairt dá haire go mbíonn an tiomáint róghasta ina príomh-imthoisc i gcás thart ar 30 % de na tuairteanna bóthair marfacha, agus ina himthoisc ghéaraitheach i bhformhór na dtuairteanna. ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go mbaineann acmhainneacht le luas níos ísle i limistéir chónaithe, amhail úsáid teorainneacha luais 30 km/h chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus chun tomhaltas fuinnimh a laghdú; ag tabhairt dá haire gur mó seans go mbeidh fir ná mná i dtimpiste gluaisteáin, ach nuair a bhíonn bean páirteach i dtimpiste cairr, go bhfuil seans 47 % níos mó ann go ngortófar go dona í, go bhfuil seans 71 % níos mó ann go ngortófar go measartha í agus go bhfuil seans 17 % níos níos mó ann go bhfaighidh sí bás; á chur i bhfáth, ina leith sin, go n-úsáidfí dumaithe baineanna cuí i dtástálacha tuairte gluaisteáin chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre do mhná;

22.

á thabhairt chun suntais, i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre, a thábhachtaí atá gnéithe sábháilteachta gníomhacha agus éighníomhacha i bhfeithiclí príobháideacha agus i bhfeithiclí iompair chomhchoitinn agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh an líonra soghluaiste ar fáil sna Ballstáit ós rud é go bhfuil gá leis sin le haghaidh cnaipí éigeandála;

23.

ag tacú leis na hiarrachtaí uile chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre chun aidhmeanna na Físe Nialais a bhaint amach agus á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna agus gníomhaíochtaí an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sna treoirlínte maidir le pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe trí fhaireachán a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus trí na cleachtais is fearr a chur chun cinn;

24.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feachtais faisnéise a sheoladh chun cur le feasacht agus oideachas maidir le sábháilteacht ar bhóithre; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil ról lárnach ag an oideachas chun eolas a chur ar na rialacha agus an cultúr a bhaineann le trácht bóithre ó aois óg agus chun iad a fhoghlaim, rud a chuirfeadh go mór le leibhéil mhéadaithe sábháilteachta tráchta; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí ról na scoileanna a fheabhsú agus a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i múscailt feasachta agus in oiliúint i scoileanna agus sa phobal i gcoitinne;

25.

á iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais agus na modhanna le haghaidh tástálacha tiomána sa Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána (17) a oiriúnú chun oiliúint níos fearr a chur ar thiománaithe amach anseo dá n-idirghníomhaíochtaí le húsáideoirí soghonta bóithre i dtimpeallacht uirbeach i gcomhréir leis an bhFís Nialais, amhail feabhas a chur ar mhodhanna teagaisc, oiriúnú do na forbairtí teicneolaíochta is déanaí agus an t-am cleachta a mhéadú;

26.

á iarraidh go ndéanfaí iompar uirbeach níos inrochtana, níos iontaofa, níos inacmhainne, níos sláintiúla, níos sábháilte agus níos cuimsithí agus ag tacú, i ndáil leis sin, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) agus leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta (18); ag spreagadh an Choimisiúin, sa chomhthéacs sin, treoirlínte a mholadh maidir le hinrochtaineacht, cuimsitheacht, inacmhainneacht, inbhuanaitheacht, sábháilteacht agus slándáil do gach úsáideoir agus neamhúsáideoir iompair agus go háirithe dóibh siúd ar de ghrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu iad; á iarraidh go mbeadh cur chuige níos cuimsithí ann chun inrochtaineacht a áirithiú le linn an turais;

27.

á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh ról lárnach a bheith ag an digitiú agus ag réitigh intleachta saorga ina leith sin sa bhreis ar bheartas eile; á mholadh go gcuirfí agus teicneolaíochtaí intleachta saorga agus digiteacha chun feidhme san iompar poiblí amhail cnaipí SOS agus córais eile lena bhfeabhsaítear sábháilteacht agus slándáil, a mbeidh tionchar dearfach acu freisin trí iompar comhchoiteann a dhéanamh níos sláine d’úsáideoirí atá soghonta faoi láthair, amhail mná;

28.

ag tabhairt dá haire, i gcás na hinrochtaineachta, gur féidir leis an intleacht saorga agus leis an digitiú rannchuidiú go suntasach trí chomharthaí éisteachta san iompar agus bonneagar poiblí, trí fheithiclí príobháideacha cliste a chur in úsáid, trí fhíorúchán réamhturais, trí thrasnuithe crosbhealaigh sábháilte nó cliste nó trí róbait chúnta;

29.

ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin ach ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le beartas agus reachtaíocht Eorpach níos uaillmhianaí agus níos comhsheasmhaí chun feabhas a chur ar rochtain ar an meitreo, ar iompar d’iarnród, ar bhusanna, ar thramanna agus ar réitigh soghluaisteachta comhroinnte; á mheabhrú go bhfuil bacainní fisiciúla fós ar cheann de na príomhchúiseanna le fadhbanna inrochtaineachta d’úsáideoirí ó ghrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le saincheisteanna inrochtaineachta eile amhail infhaighteacht spásanna páirceála atá ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas, dianbheartas agus forfheidhmiú leormhaith maidir le mí-úsáid spásanna páirceála agus cruthú bacainní sealadacha, amhail gairis mhicrea-shoghluaisteachta agus feithiclí eile a bhíonn páirceáilte go dona, inrochtaineacht bhonneagar siúil agus rothaíochta na cathrach, lena n-áirítear cáilíocht agus inrochtaineacht na gcosán, agus trasnuithe bóthair slána agus inrochtana;

30.

á iarraidh go mbeadh an rothaíocht níos inrochtana do dhaoine ó ghrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu; ag tabhairt dá haire go gcuireann crosairí ardaithe do choisithe agus don rothaíocht ag crosbhealaí feabhas ar an tsábháilteacht chomh maith le hinrochtaineacht do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, tríd an ngá a bhíonn le leibhéil a athrú trí úsáid céimeanna nó rampaí agus carrbhealaí á dtrasnú ag acomhail a laghdú;

31.

ag tabhairt dá haire go bhfuil cineálacha nua soghluaisteachta agus micrea-shoghluaisteachta ag teacht chun cinn go tapa, amhail rothair, rothair leictreacha, scútair leictreacha, gluaischothromáin, aonrothaigh agus gléasanna soghluaisteachta pearsanta eile a chumhachtaítear go leictreach agus go neamhleictreach; ag aithint a n-acmhainneachta mar réitigh ‘don chéad mhíle agus don mhíle deireanach’ maidir le seirbhís ó dhoras go doras a chur ar fáil, lena ndéantar iompar comhchoiteann níos tarraingtí agus lena gcuirtear ar chumas saoránach teacht ar chinn scríbe nó taisteal ó chinn scríbe nach ndéanann an t-iompar poiblí freastal orthu faoi láthair; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart na cineálacha soghluaisteachta sin a ionchorprú go cuí, a chur i láthair go cuí agus aghaidh chuí a thabhairt orthu sa tsoghluaisteacht uirbeach, lena n-áirítear maidir le beartais sábháilteachta agus comhlíonta ar gach leibhéal rialachais;

32.

á chur i bhfáth, áfach, gur cúis bhuartha di na heasnaimh thromchúiseacha i rialáil na micrea-shoghluaisteachta i roinnt mhaith Ballstát agus tírdhreach scaipthe na mbeart a glacadh i gcathracha san Eoraip, ós rud é nach n-éascaíonn sé an cineál iompair sin agus go bhfuil rioscaí ag baint leis do shábháilteacht daoine; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, comhoibriú go dlúth leis na Ballstáit agus le cathracha na hEorpa chun moltaí comhchoiteanna íosta, dea-chleachtais agus ceanglais maidir le sábháilteacht uirbeach ar bhóithre a tharraingt suas;

33.

ag tabhairt dá haire go n-áireofaí sna moltaí íosta comhchoiteanna, sna dea-chleachtais agus sna ceanglais sin moltaí maidir le húsáid shábháilte gléasanna soghluaisteachta pearsanta a chumhachtaítear go leictreach agus go neamhleictreach, agus forálacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh, amhail oideachas nó oiliúint thiomnaithe, cuir chuige pháirceála (criosanna saorpháirceála vs criosanna páirceála ainmnithe), teorainneacha luais agus ceanglais aoise, ceanglais clogaid agus trealamh cosanta eile, chomh maith le rialacha maidir le leanaí a iompar, toirmeasc ar thiomáint faoi thionchar substaintí meisciúla, etc.; ag tabhairt dá haire gur cheart na ceanglais sin a chur in oiriúint go rianúil do na leibhéil éagsúla rialachais go neamhspleách ar phleanáil agus ar chur chun feidhme pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus gan prionsabal na coimhdeachta a chur i mbaol; ag spreagadh na mBallstát go láidir, i gcomhar le cathracha, dul ar aghaidh le hoiriúnú a reachtaíochta náisiúnta agus feachtais faisnéise a sheoladh chun feasacht agus oideachas maidir le sábháilteacht ar bhóithre a mhéadú; á chur i bhfáth go bhfuil ról suntasach ag an oideachas ar scoil maidir le heolas a chur ar na rialacha a bhaineann le trácht bóithre agus na rialacha sin a fhoghlaim;

34.

á chur i bhfios go láidir go mbaineann fadhb le ‘páirceáil randamach’ scútar leictreacha agus r-rothar, go háirithe ar chosáin, agus gur gá aghaidh a thabhairt air sin ós rud é go ndéanann sé difear go háirithe do choisithe agus rothaithe, chomh maith le húsáideoirí cathaoireacha rothaí agus tuismitheoirí a mbíonn naíchóistí acu;

35.

ag tabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go gcuirtear sábháilteacht agus slándáil ar bhóithre i mbaol do gach úsáideoir bóithre ós rud é nach ann d’fhorfheidhmiú cuí; á iarraidh go ndíreofaí ar fhorfheidhmiú na rialacha atá ann cheana chun cómhaireachtáil mheasúil modhanna iompair a áirithiú;

36.

á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, caighdeáin agus ceanglais theicniúla le haghaidh cineálacha iompair micrea-shoghluaisteachta a chomhchuibhiú; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le marcáil chomhréireachta agus ar a cur i bhfeidhm agus go ndéanfaí anailís i dtaobh an féidir na feithiclí sin a chur san áireamh sa Rialachán Cineálcheadaithe (19);

Soghluaisteacht ghníomhach

37.

á mheas go n-áirítear le soghluaisteacht ghníomhach iompar daoine nó earraí agus gur féidir í a chumhachtú trí ghníomhaíocht choirp an duine nó trí mheascán de mhótar leictreach agus de chumhacht an duine, amhail i gcás r-rothar;

38.

á thabhairt chun suntais gurb ionann an tsoghluaisteacht ghníomhach agus réiteach luachmhar, éifeachtach agus inrochtana taistil agus comaitéireachta ó dhoras go doras a dtacaíonn daoine léi, agus gur féidir léi rannchuidiú go héifeachtach le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, chomh maith le rannchuidiú le dícharbónú iompair, astaíochtaí níos ísle agus truailliú aeir, agus plódú laghdaithe, agus mar sin gur cheart í a spreagadh in aon chreat iompair don tsoghluaisteacht uirbeach chun réitigh iompair inacmhainne, inrochtana agus inbhuanaithe a áirithiú;

39.

ag spreagadh na n-údarás áitiúil, dá bhrí sin, infheistíocht a dhéanamh agus bonneagar sábháilte rothaíochta agus siúil a thógáil, chun rothair chomhroinnte agus r-rothair a ionchorprú i gcórais iompair i limistéir uirbeacha; ag spreagadh na mBallstát dreasachtaí a chur ar fáil chun rothair a cheannach, lena n-áirítear r-rothair; ag spreagadh, d’fhonn ilmhódúlacht a chothú, cruthú sineirgí idir rothaíocht, siúl agus modhanna eile iompair, amhail níos mó spásanna a chur ar fáil do rothair ar thraenacha agus limistéir pháirceála níos sláine a chur ar fáil do rothair ag stáisiúin agus moil soghluaisteachta;

40.

ag spreagadh an Choimisiúin tuilleadh a dhéanamh chun soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn ar fud AE agus straitéis rothaíochta thiomnaithe a chur chun cinn agus Bliain Eorpach na Rothaíochta a dhéanamh de 2024; ag tathant ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don slabhra soláthair rothar san Aontas i straitéis thionsclaíoch an Aontais.

Bonneagar uirbeach agus nóid uirbeacha TEN-T

41.

á thabhairt chun suntais gur cheart go rannchuideodh pleanáil bonneagair uirbigh le haistriú go hiompar cliste agus inbhuanaithe, lena bhféadfar ilmhódúlacht a bhaint amach agus lena n-áiritheofar cáilíocht saoil i gcathracha agus naisc idir ceantair uirbeacha, fho-uirbeacha agus thuaithe laistigh dá limistéir eacnamaíocha, oideachais, thurasóireachta agus chultúrtha; á iarraidh go ndéanfaí pleanáil bonneagair chun cruthú mol ilmhódach ar leibhéal an nóid uirbigh a éascú agus á thabhairt chun suntais gur cheart go n-ionchorprófaí sa bhonneagar bealaí rochtana agus nasc an mhíle dheireanaigh le moil paisinéirí ilmhódacha, lena n-áirítear bealaí rochtana amhail droichid, tolláin nó íosbhealaí, i gcás modhanna gníomhacha;

42.

á thabhairt chun suntais gur cheart pleanáil bonneagair uirbigh a fhorbairt i gcomhréir le reachtaíocht AE maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus go n-áireofaí ann caighdeáin sábháilteachta do bhonneagar rothaíochta agus siúil agus do mhodhanna soghluaisteachta gníomhaí eile; ag spreagadh na mBallstát agus na n-údarás áitiúil bonneagar sábháilte a thógáil don tsoghluaisteacht ghníomhach agus aird chuí a thabhairt ar leanúnachas agus ar shábháilteacht an bhonneagair bóthair agus rothaíochta má thógtar bonneagar nua nó má dhéantar bonneagar atá ann cheana a uasghrádú;

43.

ag moladh do na Ballstáit, d’údaráis áitiúla agus do líonraí cathrach teacht le chéile chun SUMPanna a chur chun cinn agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil i gcathracha uile na hEorpa, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ag an am céanna; ag moladh do na Ballstáit tacú leis na húdaráis áitiúla chun SUMPanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

44.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá SUMPanna agus á mholadh go mbeadh cur chuige níos comhchuibhithe ann ar fud an Aontais; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur cheart go ndéanfaí na modhanna iompair inbhuanaithe uile, lena n-áirítear soghluaisteacht ghníomhach agus a bonneagar, a ionchorprú ar bhealach níos fearr sna treoirlínte SUMP atá ar na bacáin, agus leas á bhaint as dea-chleachtais sa réimse sin agus as cur chuige cuimsitheach sábháilteachta i limistéir uirbeacha; á mholadh go gcuirfí saoráidí páirceála rothar nó saoráidí luchtaithe r-rothar san áireamh i SUMPanna;

45.

ag spreagadh ról agus rannpháirtíocht na saoránach agus geallsealbhóirí eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, toisc go bhfuil sé bunriachtanach i ndearadh SUMPanna, chun an tacaíocht phoiblí is gá a áirithiú, trí na geallsealbhóirí uile a thabhairt le chéile agus seirbhís ardcháilíochta á pleanáil a chomhlíonfaidh riachtanais agus ionchais gach duine;

46.

á thabhairt chun suntais, le SUMPanna, ní hamháin gur cheart bearta a thíolacadh chun modhanna éagsúla iompair a chomhtháthú agus modhanna iompair inbhuanaithe a chur chun cinn ach gur cheart meastóireacht a dhéanamh freisin ar a n-inacmhainneacht agus ar a n-inrochtaineacht d’úsáideoirí iompair, agus riachtanais éagsúla iompair agus soghluaisteachta grúpaí éagsúla á gcur san áireamh;

47.

á iarraidh go ndéanfaí patrúin agus riachtanais soghluaisteachta éagsúla na ngrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a léiriú le SUMPanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach grúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu sna pleananna sin an-tábhachtach;

48.

ag spreagadh tuilleadh Ballstát rochtain saor ó bhacainní ar sheirbhísí iompair uirbigh a chomhtháthú ina SUMPanna; á mheabhrú gur gá spriocanna agus bearta an Aontais i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sna treoirlínte maidir le SUMPanna trí fhaireachán a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus iad a chur chun cinn;

49.

á thabhairt chun suntais nach mór don Chreat nua don tSoghluaisteacht Uirbeach a leibhéil uile a chur san áireamh; á chur i bhfáth nach mór SUMPanna a ionchorprú agus a chomhordú le pleanáil uirbeach chathrach agus chríochach; ag spreagadh na réigiún chun an comhordú sin idir a gcríocha agus a mbardais a chur chun cinn, trí dhreasachtaí lena dtacaítear leis an nasc sin idir SUMPanna agus an phleanáil uirbeach agus chríochach; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos uaillmhianaí agus Pleananna Soghluaisteachta Uirbí a fhorbairt ar an leibhéal réigiúnach; agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán ag an am céanna;

50.

á chur i bhfáth go bhfuil an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) ag brath ar iompar uirbeach idirmhódúil chun an ‘chéad mhíle agus an míle deireanach’ a éascú do phaisinéirí agus do lasta araon, inar cheart go dtiocfadh méadú ar sciar módach na modhanna iompair inbhuanaithe, lena n-áirítear soghluaisteacht ghníomhach;

51.

á thabhairt chun suntais gur gá soghluaisteacht idirmhódúil a neartú chun daoine a nascadh le poist, le hoideachas agus le fóillíocht, agus rochtain chothrom ar sheirbhísí soghluaisteachta agus iompair a leathnú idir limistéir uirbeacha, limistéir pheirea-uirbeacha agus limistéir thuaithe;

52.

á iarraidh go mbeadh idirnaisc i bhfad níos fearr ann ó aerfoirt, ingearfoirt agus calafoirt go cathracha agus nóid uirbeacha chun go mbeidh réitigh iompair agus soghluaisteachta gan uaim agus ilmhódacha ann; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá an bonneagar iarnróid agus an idir-inoibritheacht i ndáil leis sin;

53.

á chur in iúl gur geal léi an obair atá á déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) i ndáil le hingearfoirt, a bhfuil a fhorbairt ríthábhachtach maidir le seirbhísí soghluaisteachta aeir uirbeacha a chur i bhfeidhm;

54.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le níos mó tacaíochta do nóid uirbeacha TEN-T, lena n-áirítear nóid agus naisc atá lonnaithe i réigiúin fhorimeallacha agus sna réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais toisc go bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar naisc atá in easnamh agus ar dhrochnaisc atá fós ina ndúshlán mór; á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur gá nascacht shaoráideach a threisiú idir limistéir thuaithe, shléibhtiúla, pheirea-uirbeacha agus uirbeacha, le cnámh droma bonneagair idir-inoibrithigh de mhodhanna iompair inbhuanaithe, amhail iarnród, uiscebhealaí intíre agus moil idirmhodúlacha; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá nascacht le hiompar comhchoiteann ardcháilíochta, go háirithe iompar poiblí agus soghluaisteacht ghníomhach agus soghluaisteacht aonair;

55.

á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, forbairt SUMPanna lena nasctar nóid uirbeacha, ós rud é gur féidir a áireamh orthu sin bearta chun modhanna inbhuanaithe iompair a nascadh le modhanna eile; á mheas, i ndáil leis sin, gur cheart gréasán EuroVelo a chomhtháthú go héifeachtach i ngréasán TEN-T chun sineirgí a lorg idir an dá ghréasán sin agus, nuair a bheidh bonneagar TEN-T á thógáil nó á uasghrádú i nóid uirbeacha, gur cheart aird chuí a thabhairt ar an rothaíocht a chumasú;

56.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear naisc chliste agus inbhuanaithe ar fáil do nóid uirbeacha idir príomhlínte, stáisiúin agus seachbhealaí ardluais do thraenacha ardluais agus don timpeallacht laistigh de cheantar uirbeach, agus é mar aidhm leis sin leanúnachas gan bhriseadh a choinneáil ar feadh na bpríomhlínte gréasáin, i gcás inar féidir, agus réitigh soghluaisteachta chomhtháite á gcaomhnú i limistéir uirbeacha agus réitigh nascachta éasca agus chliste le lárionaid chathrach, le ceantair uirbeacha agus pheirea-uirbeacha;

57.

á iarraidh ar an gCoimisiún an liosta reatha de nóid uirbeacha a leathnú chun cathracha breise atá suite ar chonairí TEN-T a áireamh, faoi mar a comhaontaíodh leis na Ballstáit, agus níos mó tacaíochta a chur ar fáil chun cabhrú le nóid uirbeacha nua a gcuid SUMPanna a chruthú agus iad a thabhairt cothrom le dáta; á chur i bhfáth go bhféadfaí feabhas a chur ar rannpháirtíocht níos fearr na n-údarás áitiúil i rialachas agus i bpleanáil chonairí TEN-T agus i sainiú na gcritéar ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar SUMPanna trí shásraí comhair a chruthú;

58.

á mheabhrú go bhfuil srianta struchtúracha agus dúshláin shonracha iompair le sárú ag limistéir uirbeacha sna réigiúin is forimeallaí agus gur gá leanúnachas críochach agus nascacht a áirithiú sna réigiúin sin; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún clár tiomnaithe a tharraingt suas chuige sin, de réir shamhail an chláir roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánachas (scéim POSEI) sa talmhaíocht, chun míbhuntáistí struchtúracha na réigiún sin a chúiteamh;

59.

á thabhairt chun suntais go bhfuil uiscebhealaí intíre ar cheann de na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus nach bhfuil leas bainte acu fós, den chuid is mó, as méideanna suntasacha earraí a iompar ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gceantair uirbeacha, mar a léirítear sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur féidir ról tábhachtach a bheith ag iompar ar uiscebhealaí intíre maidir le cuspóirí aeráide AE a bhaint amach;

60.

á chur i bhfáth go bhfuil forbairt bhreise ar bhonneagar na n-uiscebhealaí intíre ríthábhachtach chun iompar uirbeach cliste, inbhuanaithe agus iomaíoch a thógáil;

61.

á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar sciar módach na n-uiscebhealaí intíre san iompar uirbeach trí fheabhas a chur ar a athléimneacht, a éifeachtúlacht agus a inbhuanaitheacht trína úsáid a chur chun cinn agus a dhreasú agus trí infheistíochtaí leordhóthanacha a cheadú chun plódú ar bhóithre a éascú, sábháilteacht a fheabhsú agus astaíochtaí a laghdú;

62.

á iarraidh ar na Ballstáit a n-údaráis áitiúla a spreagadh chun an sprioc maidir le húsáid níos fearr a bhaint as uiscebhealaí intíre i gcathracha a áireamh ina SUMPanna agus tograí nithiúla a chur i dtoll a chéile chun borradh a chur faoin lóistíocht ar ár n-uiscebhealaí intíre agus seachadadh deiridh a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, feabhas a chur ar a bhailiú sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach le haghaidh uisce-iompar paisinéirí agus lasta agus ag cur sonrú san acmhainneacht atá ag iompar ar uiscebhealaí intíre don mhíle deiridh i lóistíocht uirbeach inbhuanaithe;

63.

á iarraidh ar na Ballstáit díriú ar chroíghréasán uiscebhealaí intíre TEN-T a thabhairt chun críche faoi 2030, deireadh a chur leis na naisc atá in easnamh agus bonneagar fisiciúil agus digiteach atá ar ardcháilíocht agus idirnasctha go modúlach a cheadú laistigh den chreat uirbeach lena n-áirítear feabhas a chur ar naisc iarnróid ag calafoirt;

64.

á iarraidh go ndéanfaí bearta AE chun deireadh a chur leis na bacainní reachtacha, riaracháin agus trasteorann a chuireann bac ar iompar ilmhódach laistigh de gheilleagar na hEorpa, arna bhforbairt i gcomhar le geallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire gur cheart an fhís ilmhódach sin a fhorbairt sa chéad Chlár Gníomhaíochta Comhtháite Eorpach eile don iompar ar uiscebhealaí intíre (NAIADES); á iarraidh go mbeadh dreasachtaí breise ann chun ardáin calafoirt idirmhódúla a fhorbairt;

65.

ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá iompar áitiúil, toisc go taistealaíonn 93 % de phaisinéirí iarnróid, go sonrach, ar línte réigiúnacha;

66.

á iarraidh go méadófar sciar módach na soghluaisteachta iarnróid agus an lasta agus a idirnascadh le modhanna iompair eile sa chreat iompair uirbigh; á iarraidh, i ndáil leis sin, go bhfeabhsófaí an creat rialála atá ann cheana agus go laghdófaí bacainní teicneolaíochta agus oibríochtúla; á chur i bhfáth go bhfuil comhtháthú iomlán an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) le bheith críochnaithe faoi 2030, rud a fhágann gur ábhar práinne é;

67.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá machaire comhréidh do sholáthraithe iompair d’iarnród agus an rochtain chomhionann atá acu ar bhonneagar uirbeach chomh maith le hathbhreithniú ar rochtain ar riain chun feabhas a chur ar iomaíochas an iarnróid sa chreat iompair uirbigh, i gcomhréir go hiomlán leis an gCeathrú Pacáiste Iarnróid, lena n-áirítear forálacha seirbhíse poiblí agus chun réitigh iompair inbhuanaithe, inacmhainne agus tharraingteacha a áirithiú do phaisinéirí agus do lasta;

68.

ag cur sonrú sna tairbhí a bhaineann le sineirgí idir an rothaíocht agus an t-iarnród, lena gceadaítear réitigh ríthábhachtacha an mhíle deiridh agus taisteal fóillíochta; ag spreagadh, i ndáil leis an méid sin, inrochtaineacht leordhóthanach ar stáisiúin traenach chun na críche sin, chomh maith le spásanna páirceála sábháilte leordhóthanacha a áirithiú ag stáisiúin agus moil shoghluaisteachta;

69.

á mheas gur cheart go mbeadh sé d’acmhainneacht ag cathracha teorann iompar laethúil trasteorann atá éifeachtúil agus saoráideach a sholáthar agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar naisc atá in easnamh agus ar scrogaill tráchta, agus nascacht níos fearr agus níos inbhuanaithe á n-áirithiú idir príomhchathracha Eorpacha agus mórchathracha; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go háirithe gur cheart seirbhísí iarnróid ardluais agus seirbhísí traenach oíche araon a chur chun úsáide ar bhealach níos fearr, go háirithe sna limistéir ina bhfuil na seirbhísí sin in easnamh faoi láthair; á chur i bhfáth go bhfuil sé ar cheann de na príomhbhuntáistí iomaíocha a bhaineann leis an iarnród gur féidir leis nasc a sholáthar idir lár na gcathracha; ag tathant, ina leith sin, ar na húdaráis uile lena mbaineann deireadh a chur le haon bhacainní atá ann cheana agus na naisc lár-go-lár sin a bhunú idir cathracha Eorpacha nach bhfuil na naisc sin acu go fóill;

70.

á chur i bhfáth go bhfuil agaí feithimh teorann thar a bheith fada ann d’iarnród ach go háirithe d’iompar lasta de bhóthar, rud a bhíonn ina chúis, i gcásanna áirithe, le cur isteach ar chórais soghluaisteachta uirbí agus ar gach cineál iompair; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag tarluithe den sórt sin ar bhailte agus ar limistéir teorann agus go bhfuil tionchar díreach acu ar cháilíocht an aeir agus ar thruailliú torainn agus, ag an am céanna, go ndéanann siad sláinte shaoránaigh na hEorpa níos measa; a mhéadaíonn an baol go dtarlóidh tionóiscí bóthair agus a dhéanann damáiste don bhonneagar; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí isteach caighdeán uile-Aontais de mheán-am aon nóiméad amháin chun feithiclí tromshaothair a phróiseáil agus a rialú ag teorainneacha an Aontais, lena n-áirítear bearta i gcás nach gcomhlíontar é;

71.

á chur i bhfáth go n-éilíonn uaillmhianta agus spriocanna soghluaisteachta uirbí maoiniú leormhaith agus fadtéarmach agus go bhfuil sé sin níos tábhachtaí fós i bhfianaise boilsciú ard nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus i bhfianaise an aistrithe luathaithe i dtreo an neamhspleáchais ó bhreoslaí iontaise, arna spreagadh, i measc tosca eile, ag an ngéarchéim fuinnimh a spreag cogadh foghach neamhdhleathach, gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le hionstraimí tacaíochta neamhairgeadais eile; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh meascán de chistiú leordhóthanach poiblí, príobháideach, náisiúnta agus Eorpach ann agus go ndéanfar cláir agus tionscadail ábhartha AE atá ann cheana a chur chun feidhme go pras; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh maoiniú uaillmhianach ann don tsoghluaisteacht uirbeach chun feabhas a chur ar nascacht, éifeachtúlacht, inacmhainneacht, idirmhódúlacht agus inbhuanaitheacht, tar éis chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh maoinithe ar nascacht idirmhódúil idir limistéir uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe, lena n-áirítear an t-iarnród, agus go mbeadh tuilleadh rothstoc agus bonneagar níos digitithe ann chun cur i gcoinne an dídhaonraithe sna limistéir sin;

72.

á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtacódh pleanáil infheistíochta uirbí le réitigh ilmhódacha do gach úsáideoir, lena n-áirítear iompar comhchoiteann;

73.

á iarraidh go mbeadh an Banc Eorpach Infheistíochta (Grúpa BEI) níos rannpháirtí chun go bhféadfar an cistiú atá ar fáil a mhéadú, lena n-áirítear leithdháileadh díreach ar údaráis áitiúla, i gcás inar féidir, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais cathracha agus bailte beaga;

74.

ag cur sonrú sna tairbhí a bhaineann le tacaíocht agus oiliúint an Aontais maidir le hacmhainneacht riaracháin d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le sásraí agus deiseanna cistiúcháin;

An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach i réimse an iompair uirbigh

75.

ag tabhairt dá haire go bhfuil limistéir uirbeacha thíos le tionchair an truaillithe aeir; á mheabhrú go méadaíonn nochtadh do thruailliú aeir amhail cáithníní míne líon na mbásanna anabaí san Eoraip; á iarraidh ar na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun cáilíocht an aeir i gcathracha a fheabhsú;

76.

ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta beartais éagsúla á n-úsáid ag údaráis áitiúla i limistéir uirbeacha Eorpacha chun truailliú aeir agus torainn agus brú tráchta a laghdú ina gcathracha, amhail criosanna astaíochtaí ísle, fuinneoga seachadta spriocdhírithe le haghaidh lasta, greamáin astaíochtaí, pleananna cúrsaíochta tráchta, etc.; ag aithint, i ndáil leis an méid sin, an bhreisluacha a bhaineann le dea-chleachtais a roinnt ar fud cathracha agus ar an leibhéal Eorpach;

77.

ag leagan béim ar na tairbhí breise a bhaineann le plódú tráchta a laghdú, go háirithe maidir le rochtain a chumasú d’fheithiclí éigeandála, amhail gluaisteáin phóilíneachta, otharcharranna agus innill dóiteáin;

78.

ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn dícharbónú níos éifeachtúla i gceantair uirbeacha mar gheall ar an dlús daonra níos mó, i measc nithe eile, agus gur cheart, dá bhrí sin, dícharbónú a dhéanamh ar ráta níos tapúla sna ceantair sin;

79.

á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh áitiúla chun dul i ngleic le hastaíochtaí torainn ó iompar i bhfianaise an tionchair dhiúltaigh ar shláinte an duine agus ar an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear, mar shampla, radair torainn a úsáid i bPáras; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún tionscnaimh den sórt sin a shainaithint agus a chur chun cinn lena n-áirítear trína threoirlínte maidir le SUMPanna, agus gur cheart do na Ballstáit na huirlisí sin a úsáid ar bhonn níos forleithne;

80.

á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh áitiúla chun dul i ngleic le hastaíochtaí torainn ó iompar i bhfianaise an tionchair dhiúltaigh a bhíonn acu ar shláinte an duine agus ar an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear, mar shampla, radair torainn a úsáid i bPáras; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún tionscnaimh den sórt sin a shainaithint agus a chur chun cinn trína threoirlínte maidir le SUMPanna, agus gur cheart do na Ballstáit na huirlisí sin a úsáid ar bhonn níos forleithne;

81.

ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacháin maidir le rochtain ar fheithiclí uirbeacha (UVARanna) á n-úsáid ar bhonn níos minice i limistéir uirbeacha Eorpacha chun brú tráchta agus truailliú a laghdú, lena n-áirítear trí rochtain d’fheithiclí earraí troma a shrianadh; ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn UVARanna bunaithe ar chaighdeáin feithiclí Euro; ag cur sonrú, ina leith sin, sa togra le haghaidh caighdeáin nua Euro 7 atá níos déine;

82.

á chur i bhfáth nach mór do limistéir uirbeacha a bheith inrochtana do chách, ós rud é go bhféadfadh idirdhealú i measc saoránach a bheith mar thoradh ar rochtain a shrianadh ar limistéar uirbeach d’fheithiclí sonracha nó d’úsáideoirí sonracha, agus go ndéanann cur chun feidhme na limistéar sin difear go háirithe do shoghluaisteacht laethúil saoránach ísealioncaim agus saoránach ó limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe agus a stádas socheacnamaíoch; á chreidiúint nár cheart pionós a ghearradh ar aon ghrúpaí saoránach mar gheall go n-éireodh iompar neamhéifeachtúil dóibh nó go mbeadh sé dodhéanta soghluaisteacht a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh tuilleadh uirbithe a bheith mar thoradh air sin;

83.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá réitigh chliste chun eolas níos fearr a thabhairt do thiománaithe ar bhealach comhsheasmhach faoi chomhlíonadh rialacha áirithe acu, go háirithe maidir le forfheidhmiú trasteorann; ag tabhairt dá haire gur féidir le caighdeáin choiteanna Eorpacha agus réitigh theicneolaíocha rochtain gan uaim a cheadú ar gach crios den sórt sin agus gur cheart go mbeadh na caighdeáin sin bunaithe ar shonraí agus gur cheart go gceadófaí do UVARanna i gcriosanna ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an t-áireamh astaíochtaí an-ard; á thabhairt chun suntais gur cheart measúnuithe tionchair a bheith ag gabháil le UVARanna, chomh maith le comhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí eile, faisnéis agus fógraí faoi na tosca eacnamaíocha lena mbaineann; á chur i bhfáth gur cheart d’údaráis áitiúla fógra a thabhairt don Choimisiún sula dtabharfar isteach UVARanna;

84.

ag cur béim ar an bhfíoras go gcabhródh bearta den sórt sin le tairbhí na gcriosanna sin a chothromú ó thaobh cáilíocht aeir agus brú tráchta a fheabhsú agus a n-easnaimh maidir le hidirdhealú, tuilleadh ilroinnte an limistéir iompair Eorpaigh aonair, costais bhreise ar lóistíocht uirbeach nó an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an turasóireacht áitiúil;

85.

ag tacú le comhtháthú na gné lasta inbhuanaithe i SUMPanna chun dlús a chur le pleananna lóistíochta uirbí inbhuanaithe agus le réitigh astaíochtaí nialasacha agus réitigh astaíochtaí ísle d’iompar lasta cathrach, lena n-áirítear iarnród, uiscebhealaí intíre, cabhlaigh astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle agus rothair lastais trí bhíthin lóistíocht rothaíochta trí úsáid a bhaint as samhlacha dáileacháin nua, ródú dinimiciúil agus naisc ilmhódacha;

86.

á thabhairt chun suntais gur cheart déileáil leis an lóistíocht uirbeach mar chuid lárnach den phleanáil uirbeach chun éifeachtúlacht na seirbhísí lasta uirbeacha a áirithiú agus chun cur isteach ar rannpháirtithe eile a sheachaint;

87.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé críochfoirt lasta ilmhódacha a ionchorprú sa chóras iompair uirbigh agus sa bhonneagar iompair uirbigh; ag cur sonrú san acmhainneacht a bhaineann le moil bailithe beartán atá i gcoiteann ag gach oibreoir iompair, atá inrochtana do gach cineál úsáideora agus atá ar fáil i líon leordhóthanach chun bailiú sábháilte beartán a éascú ionas go laghdófar an trácht a bhaineann le seachadadh earraí trí naisc an mhíle deiridh laistigh de chathracha;

88.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an lóistíocht uirbeach a dhícharbónú, dlús a chur leis an aistriú i dtreo lóistíocht cathrach astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i gcomhthéacs éileamh ríomhthráchtála atá ag dul i méid trí bhíthin feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, iarnróid agus uiscebhealaí intíre; ag spreagadh na n-údarás áitiúil chun féachaint freisin ar an acmhainneacht agus ar na féidearthachtaí chun earraí a iompar trí úsáid a bhaint as réitigh mhalartacha amhail rothair, rothair lasta agus r-rothair ina lóistíocht chathrach;

89.

á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a áirithiú go mbeidh fáil phoiblí ar phointí athluchtaithe agus ar bhonneagar athbhreoslaithe breoslaí malartacha (i gceantair uirbeacha, fho-uirbeacha agus thuaithe) ar bhealach ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí na gcatagóirí feithicle uile, de bhun an rialacháin maidir le bonneagar breoslaí malartacha chun rannchuidiú le glacadh níos gasta le réitigh iompair inbhuanaithe; á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú leis an gCoimisiún chun dreasachtaí a chruthú do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí chun modhanna iompair astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a ghlacadh amhail moltaí maidir le nós imeachta reachtach simplithe sa phleanáil uirbeach agus i ndeonú údaraithe;

90.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá breoslaí malartacha le haghaidh soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle, chomh maith leis an ngeilleagar ciorclach chun spriocanna uaillmhianacha comhshaoil an Aontais a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go bhfuil acmhainneacht mhór ag an aistriú go feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, go háirithe feithiclí leictreacha, i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach atá cuimsitheach agus níos inacmhainne; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil barrfheabhsú na timpeallachta rialála ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun tacú leis an tionscal iarfheistithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun dreasachtaí éagsúla airgeadais, fioscacha agus rialála a fhorbairt chun a chur ar chumas úsáideoirí príobháideacha agus gnó aistriú go roghanna malartacha astaíochtaí nialasacha agus ísle;

91.

ag moladh do na húdaráis áitiúla bonneagar luchtaithe a sholáthar le haghaidh rothair leictreacha agus rothair lastais; á chur i bhfios go láidir gur cheart bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha a bheith mar chuid de mhoil ilmhódacha agus críochfoirt ilmhódacha;

92.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh saoráidí iarnróid agus iompair phoiblí atá as úsáid agus as feidhm agus a ghlacann go leor spáis, amhail stáisiúin, láithreáin, trádstórais agus ceardlanna meicniúla neamhúsáidte, fiú má tá siad fós faoi úinéireacht na cuideachta, réitigh fheidhmiúla a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhfuil tairbhí díreacha ag baint leo do phobail áitiúla, amhail tionscnaimh neamhbhrabúis, margaí feirmeoirí agus tionscnaimh dhlúthpháirtíochta ar mórscála eile, agus úsáid inbhuanaithe spásanna poiblí sa timpeallacht uirbeach á háirithiú ag an am céanna;

93.

á thabhairt chun suntais gur uirlisí iad IS agus digitiú is féidir a úsáid chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais iompair trína gcur chun feidhme i bhfeithiclí, i gcórais bainistithe tráchta agus i seirbhísí barrfheabhsaithe atá bunaithe ar chórais chliste iompair (ITS) chun éascaíocht agus iontaofacht na pleanála iompair chomhchoitinn a fheabhsú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, amanna agus costais taistil a laghdú, agus brú tráchta a mhaolú, agus intuarthacht seirbhíse agus sástacht custaiméirí á bhfeabhsú go mór ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur féidir an t-iompar a dhéanamh níos sábháilte, níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne; á chur i bhfáth gur gá, sa chomhthéacs sin, slándáil agus rúndacht na sonraí uile a tháirgtear agus a bhailítear a chosaint;

94.

ag moladh go nglacfaí na teicneolaíochtaí feithiclí is déanaí amhail gluaisteáin paisinéirí, veaineanna, trucailí agus busanna úrscothacha, ar féidir ról tábhachtach a bheith acu in iompar uirbeach trí réitigh iompair aonair agus chomhchoitinn atá cliste, inbhuanaithe, sábháilte, inacmhainne agus éifeachtúil agus lóistíocht a sholáthar chun soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun bainistíocht tráchta níos éifeachtúla atá cothrom le dáta a chumasú; á chur i bhfáth, leis an teicneolaíocht atá ar fáil, go n-éascaítear comhtháthú rianúil ilmhódach, lena n-áirítear ticéadú aonair, ar choinníoll go ndéanann na hoibreoirí éagsúla sceidealú agus sonraí fíor-ama a chomhroinnt i gceart; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le taighde agus infheistíochtaí sa tsoghluaisteacht chliste agus san uas-sciliú agus athsciliú a bhaineann léi, chun rannchuidiú le réitigh nuálacha iompair a fhorbairt;

95.

ag tacú le stráicí bóthair criticiúla agus le bhaill dhubha tionóisce (e.g. tolláin, droichid, limistéir mhóra ina bhfuil brú tráchta) a fheistiú le ITS leormhaith agus le seirbhísí ITS a sholáthar ag suíomhanna agus in limistéir ar stráicí bóthair criticiúla, as a dtiocfaidh dul chun cinn tapa ó thaobh sábháilteachta agus éifeachtúlachta bóithre de;

96.

á chur i bhfios go láidir gur féidir le feithiclí uathrialaitheacha atá feistithe le córais IS, ar feithiclí iad a dhéanann a dtimpeallacht a scanadh agus a fhreagraíonn di láithreach, earráid an duine a laghdú go suntasach agus go bhféadfadh siad rannchuidiú go mór le tionóiscí agus básanna a laghdú má dhéantar iad a chur chun feidhme leis na coimircí iomchuí; á mheas, dá bhrí sin, ós rud é nach raibh aon bhorradh faoin dul chun cinn maidir le rátaí básanna ar bhóithre AE a laghdú le fiche bliain anuas, go bhféadfadh na huirlisí sin a bheith ina n-uirlisí tábhachtacha chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo Fís Nialais;

97.

á mheas gur gá creat beartais áitiúil agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a sholáthar a bheidh in ann tacú le hearnáil na tionsclaíochta agus le hoibreoirí soghluaisteachta samhlacha gnó nuálacha agus inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí nua soghluaisteachta uirbí a sheoladh, amhail úsáid feithiclí uathrialaitheacha; ag tabhairt dá haire gur féidir é sin a éascú trí rialacháin maidir le beartais rochtana uirbeacha a ailíniú chun barainneachtaí scála agus costais níos ísle a bhaint amach;

98.

á iarraidh go bhforbrófaí creat iomchuí dlíthiúil, eiticiúil agus beartais le haghaidh úsáid na hintleachta saorga i soghluaisteacht agus iompar atá inbhuanaithe agus cliste agus i sonraí úsáideora;

99.

á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go mbeidh feithiclí atá go hiomlán uathrialach nó ar ardleibhéal uathoibrithe ar fáil ar bhonn tráchtála sna blianta amach romhainn agus gur gá creataí rialála iomchuí, lena n-áiritheofar a n-oibriú sábháilte agus lena bhforálfar do chóras soiléir lena rialaítear dliteanas, a bheith i bhfeidhm a luaithe is féidir chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe a thiocfaidh as sin, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí idir feithiclí uathrialaitheacha agus bonneagar agus úsáideoirí eile;

100.

á chur i bhfáth nach mór réitigh dhigiteacha a thabhairt isteach ar bhealach cuimsitheach agus rannpháirteach chun iompar inrochtana a bhaint amach do na grúpaí úsáideoirí uile, nach mór dóibh sásraí rialaithe daonna a áirithiú agus idirdhealú bunaithe ar scileanna digiteacha agus ar rochtain ar theicneolaíocht a sheachaint;

101.

á iarraidh go ndéanfaí uasghrádú práinneach ar an mbonneagar fisiciúil agus digiteach i gcathracha chun a áirithiú go ndéanfar tiomáint uathoibrithe a chur chun feidhme go sábháilte agus na rialacha maidir le trácht a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát agus na n-údarás áitiúil;

102.

á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht na soghluaisteachta aeir i limistéir uirbeacha ag méadú, go háirithe maidir le húsáid fhéideartha ladrann ag an bpobal i gcoitinne;

103.

á chur i bhfios go láidir gur gá aerárthaí gan foireann a mheas mar chuid den chreat soghluaisteachta agus, dá bhrí sin, gur cheart a sábháilteacht agus a slándáil a rialú, agus gur cheart measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh ar shoghluaisteacht aeir uirbeach, sula nglacfar aon bheart nó aon phlean sa réimse sin, chun meastóireacht chuí a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann leo agus ar na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sábháilteacht, torann, príobháideachas nó cearta cónaithe;

104.

á chur i bhfios go bhfuil méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le saincheisteanna i leith iompar de bhóthar mar gheall ar an tionchar suntasach atá acu ar an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá malartuithe dea-chleachtas agus sonraí; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún maidir leis na 19 dtáscaire soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a fheabhsú faoi 2022;

105.

á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar thosca éagsúla lena gcinntear cáilíocht na seirbhísí iompair uirbigh chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha atá ann faoi láthair agus chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa reachtaíocht sin; ag moladh do na húdaráis náisiúnta faisnéis staidrimh a roinnt go rialta leis an gCoimisiún, lena n-áirítear faisnéis maidir le soláthar iompair chomhchoitinn, cáilíocht an aeir, tionóiscí soghluaisteachta uirbí, sreafaí paisinéirí, patrúin chomaitéireachta, sonraí maidir le soghluaisteacht ghníomhach, lena n-áirítear sonraí ó mhoil lóistíochta rothar cuideachtaí a úsáideann rothair lastais ina slabhra soláthair, ó roinnt gluaisteán agus ó mhoil soghluaisteachta eile atá ag teacht chun cinn;

106.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sonraí socheacnamaíocha a chur leis an raon feidhme a bhaineann le sonraí a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin in aghaidh an nód uirbigh agus gur cheart go gcumhdófaí leis na sonraí sin inrochtaineacht, inacmhainneacht nó soláimhsitheacht seirbhísí soghluaisteachta poiblí agus príobháideacha agus seirbhísí eile;

107.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tacú le cathracha Eorpacha na dúshláin a bhaineann le bailiú sonraí a shárú agus comhroinnt sonraí iompair agus soghluaisteachta Eorpacha idir na Ballstáit a chur chun cinn, arna mbainistiú trí spás coiteann sonraí poiblí;

108.

á chur i bhfáth gur gá tacú le cur chun feidhme tapa réiteach soghluaisteachta atá glas, úsáideoir-lárnach agus comhtháite do dhaoine, d’earraí agus do gheallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí chun a áirithiú go ndéanfar réitigh nua soghluaisteachta a dhearadh de réir riachtanais na ndaoine agus chun rochtain a thabhairt do gach saoránach ar ghlúin nua roghanna taistil atá glan, sábháilte, inacmhainne agus cothrom; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go n-oibreodh geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha i gcomhar agus go rachaidís i mbun idirphlé cuiditheach leis an tsochaí, leis na húdaráis áitiúla agus le gnólachtaí chun soghluaisteacht inbhuanaithe daoine agus earraí a bhaint amach do i limistéir uirbeacha;

109.

á iarraidh ar na Ballstáit faisnéis tráchta fíor-ama idir-inoibritheach ar fud an Aontais a áirithiú, ar faisnéis í ba cheart a bheith ar fáil do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhorbróirí, chun cruthú suíomhanna gréasáin faisnéise taistil, pleanálaithe turais ar líne agus feidhmchlár agus seirbhísí eile do shaoránaigh agus d’oibreoirí lóistíochta a éascú;

110.

á iarraidh go ndéanfaí seirbhísí soghluaisteachta digití ilmhódaí (MDMS) amhail ‘soghluaisteacht ar éileamh’ (MaaS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh ar fud na hEorpa, lena gcomhtháthófar an t-iompar comhchoiteann chomh maith le ‘réitigh an chéad mhíle agus an mhíle deiridh’ eile amhail seirbhísí comhroinnte micrea-shoghluaisteachta, lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta idir soláthraithe iompair agus modhanna iompair; á chur i bhfáth gur uirlis ríthábhachtach é MaaS do mhoil ilmhódacha lena gcomhtháthaítear na seirbhísí soghluaisteachta agus páirceála uile agus, ar an gcaoi sin, go soláthraítear léi faisnéis maidir leis na seirbhísí is fearr atá ar fáil agus costas agus fad an taistil á gcur san áireamh, agus go ndéantar an uaillmhian i leith astaíochtaí nialasacha agus ísle a ionchorprú tuilleadh léi agus ticéadú aonair a cheadú;

111.

ag teacht leis an tuairim gur gá tuilleadh a dhéanamh chun tacú le córais faisnéise ilmhódaí agus le ticéadú cliste; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh eispéaras úsáideora rianúil ag paisinéirí agus iad ag cuardach, ag roghnú agus ag ceannach a gcuid seirbhísí soghluaisteachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart réitigh earnáilsonracha a mheas agus a chur chun cinn chun ticéadú ilmhódach a chur chun cinn;

112.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ticéadú ilmhódach agus modhanna íocaíochta atá soláimhsithe; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas amach i staidéar Eorabharaiméadair 2019 go mbeadh uirlis ticéadaithe aonair do gach turas uirbeach in aon chathair Eorpach ar an uirlis is úsáidí don tsoghluaisteacht phearsanta; ag tathant go láidir ar an gCoimisiún gan moill a chur ar aon togra reachtach eile atá geallta aige lena ndéantar difear don tsoghluaisteacht uirbeach, go háirithe ticéadú ilmhódach; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme ticéadaithe ilmhódaigh ríthábhachtach chun modhanna iompair inbhuanaithe a dhéanamh a inrochtana agus a éifeachtúla agus is féidir d’úsáideoirí; ag moladh do na Ballstáit a reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú agus feachtais faisnéise agus réitigh soghluaisteachta comhtháite a sheoladh lena n-áirítear ticéadú comhtháite;

113.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh eispéaras úsáideora rianúil ag paisinéirí agus a réiteach soghluaisteachta uirbí roghnaithe á úsáid acu agus roghanna taistil cianturais á meas acu; á mheas, chun ticéadú rianúil a bhaint amach i gcásanna mar sin, gur cheart tacú le réitigh earnáilbhunaithe agus iad a mheas mar thúsphointe agus ticéadú ilmhódach á fheabhsú don taisteal uirbeach agus don taisteal cianturais;

114.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bainistíocht páirceála cliste, lena n-áirítear páirceáil idirmhódúil amhail páirceáil agus taisteal agus slán sciobtha, ós rud é go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag baint leo i dtaobh astaíochtaí a laghdú, brú tráchta a sheachaint agus am a shábháil; á iarraidh go bhfeabhsófaí úsáid aipeanna móibíleacha don pháirceáil chliste chun rochtain ar spásanna páirceála agus ar shaoráidí páirceála agus taistil a éascú, agus chun a n-infhaighteacht agus raon na modhanna íocaíochta a mhéadú;

115.

ag moladh do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla na nithe seo a leanas a chur ar fáil: spásanna páirceála slána rothar agus saoráidí stórála slána rothar gar do na stáisiúin tosaigh agus deiridh, lena n-áirítear páirceáil do rothair a bhfuil toisí níos mó acu, amhail rothair trí roth (lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil soghluaisteacht theoranta acu) agus rothair lastais, limistéir atá tiomnaithe do rothair leictreacha agus do rothair leictreacha lastais ina bhfuil pointí athluchtaithe agus, i gcás inar féidir, pointí deisiúcháin, ag stáisiúin traenach, aerfoirt agus calafoirt mhuirí agus i bhfoirgnimh nua, athchóirithe agus i bhfoirgnimh atá ann cheana freisin; ag moladh go ndéanfaí tionscadal a fhorbairt agus go dtabharfaí tacaíocht do na tionscadail sin lena gcuirfear stóráil shlán rothar ar fáil do shaoránaigh nach bhfuil rochtain acu ar stóráil phríobháideach; ag aithint go n-éilítear caighdeáin sábháilteachta níos airde maidir le stóráil mar thoradh ar theacht chun cinn rothar leictreach; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngadaíochtaí rothar leictreach; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún tacaíocht a sholáthar do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina leith sin;

o

o o

116.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus a bparlaimintí.

(1)   IO L 249, 14.7.2021, lch. 38.

(2)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.

(3)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.

(4)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.

(5)   IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.

(6)   IO L 188, 12.7.2019, lch. 116.

(7)   IO L 354, 23.12.2016, lch. 22.

(8)   IO C 342, 6.9.2022, lch. 2.

(9)   IO C 132, 24.3.2022, lch. 45.

(10)   IO C 118, 8.4.2020, lch. 2.

(11)   IO C 162, 10.5.2019, lch. 31.

(12)   IO C 316, 22.9.2017, lch. 124.

(13)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 17.

(14)  An Coimisiún Eorpach, Fís Eorpach.

(15)  Tuarascáil speisialta Uimh. 6/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe in AE.

(16)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(17)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(18)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(19)  Rialachán (AE) 2018/858 an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1058/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top