Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0778

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil maidir le hAirteagal 5 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a chur chun feidhme

    COM/2023/778 final

    An Bhruiséil,11.12.2023

    COM(2023) 778 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    Tuarascáil maidir le hAirteagal 5 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a chur chun feidhme


    Tuarascáil maidir le hAirteagal 5 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a chur chun feidhme

    1.Réamhrá

    Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite 1 , leagtar síos sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais de 42,5 % maidir leis an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, agus uaillmhian ann chun 45 % a bhaint amach. Murab ionann agus sprioc 2020, ní dhearnadh rannchuidithe náisiúnta ceangailteacha den sprioc sin ar leibhéal an Aontais. Tá an sprioc le baint amach i gcomhpháirt ag na Ballstáit uile, trí chur lena ngníomhaíocht chomhordaithe agus chomhpháirteach, mar a léirítear sa Treoir agus sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide 2 .

    De réir an Rialacháin maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus aird á tabhairt acu ar chineálacha uile an chomhair réigiúnaigh atá ann cheana agus a dfhéadfadh a bheith ann, chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach ina bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) a bhaint amach go héifeachtach. Mar sin féin, ba í an chonclúid ó mheasúnú uile‑Aontais an Choimisiúin Eorpaigh ar PNFAnna 2020 3 gur cheart do na Ballstáit úsáid phraiticiúil níos fearr a bhaint as an gcomhar réigiúnach.

    Bheadh saothrú costéifeachtach ar an acmhainneacht chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur in úsáid de dhíth ar an uaillmhian mhéadaithe maidir le fuinneamh in‑athnuaite. Ciallaíonn sé sin go bhfeidhmeoidh an comhar idir na Ballstáit ról chun an sprioc a bhaint amach. An tráth céanna, is uirlis é an comhar chun ailíniú rialála níos mó a bhaint amach idir na Ballstáit. Is é is aidhm don Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh in‑athnuaite an comhar a chothú trí fhorálacha maidir le tionscadail chomhpháirteacha, aistrithe staidrimh agus scéimeanna tacaíochta comhpháirtí.

    Tá an chuid is mó de na hinfheistíochtaí go dtí seo i nginiúint an leictreachais in‑athnuaite tar éis tairbhiú de scéimeanna tacaíochta náisiúnta a dtugtar aitheantas dá ról chun sprioc an Aontais a bhaint amach in Airteagal 4 den Treoir chomh maith le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair 4 . Ba cheart an tacaíocht sin a dheonú ar bhealach iomaíoch, mar shampla trí mheán tairiscintí.

    Le hAirteagal 5 den Treoir ceadaítear do na Ballstáit rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite a oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile. D’fhéadfadh sé, gach bliain, gur 5 % ar a laghad de bhuiséid na scéime nó den acmhainneacht thacaithe ó 2023 go 2026 agus ar a laghad 10 % ó 2027 go 2030 a bheadh sa luach sin, nó i gcás níos ísle, leibhéal idirnascachta na mBallstát lena mbaineann in aon bhliain faoi leith. Thairis sin, féadfaidh allmhairiú fisiceach an leictreachais a bheith i gceist nó gan a bheith i gceist le hoscailt na scéimeanna tacaíochta. Má theastaíonn cruthúnas ar allmhairiú fisiceach ó Bhallstát a osclaíonn a scéim tacaíochta, féadfaidh sé an rannpháirtíocht sa scéim a theorannú do thionscadail i dtíortha a bhfuil idirnasc díreach aige leo. I gcomhréir leis an Treoir, má chinneann Ballstát an rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta a oscailt, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann aontú ar na prionsabail den rannpháirtíocht sin, lena gcumhdaítear ar a laghad na prionsabail de leithdháileadh an leictreachais in‑athnuaite atá faoi réir na tacaíochta trasteorann. Chun go mbeidh tuilleadh cur amach acu ar an gcur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit scéim phíolótach amháin nó roinnt scéimeanna píolótacha a eagrú i gcás ina bhfuil tacaíocht ar oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.

    Le hAirteagal 5(5) éilítear ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Airteagail seo. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil cur chun feidhme ar an ngá le hoibleagáid a thabhairt isteach do na Ballstáit chun rannpháirtíocht ina scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite a oscailt go páirteach do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile, d’fhonn oscailt 5 % a bheith ann faoi 2025 agus oscailt 10 % a bheith ann faoi 2030.

    Chun na críche sin, déantar measúnú sa tuarascáil seo ar a mhéid atá Airteagal 5 curtha chun feidhme ag na Ballstáit trí rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta a oscailt nó trí scéimeanna píolótacha a eagrú ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2018/2001. Sa tuarascáil seo cuirtear i láthair samplaí amhail cás-staidéir, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara ar an ábhar sin.

    2.Samplaí atá ann cheana doscailt na scéimeanna tacaíochta agus na dtionscadal píolótach

    a.Tairiscint trasteorann Ghearmánach‑Dhanmhargach maidir le fótavoltachas (PV) gréine

    In 2016, ar bhonn comhaontú déthaobhach um chomhar, rinne an Ghearmáin agus an Danmhairg dhá cheant phíolótacha trasteorann don PV gréine, ceann á chur i gcrích ag an nGearmáin agus an ceann eile ag an Danmhairg. Sa cheant Gearmánach dar luach 50 MW, ceadaíodh do shuiteálacha a bhí lonnaithe sa Danmhairg tairiscint a dhéanamh ar íocaíochtaí tacaíochta, agus sa cheant Danmhargach dar luach 20 MW, bhí 2,4 MW ar oscailt do shuiteálacha a bhí lonnaithe sa Ghearmáin. Bhí difríochtaí idir na ceantanna i roinnt gnéithe dá ndearadh. Mar shampla, dámhadh bisigh mhargaidh aistritheacha sa cheant Gearmánach, agus úsáideadh bisigh sheasta sa cheant Danmhargach. Bhí méid cheadaithe na tairisceana sa Ghearmáin idir 0,1 agus 10 MW agus cuireadh uasteorainn ag 2,4 MW uirthi sa Danmhairg. D’fhorchuir an Ghearmáin uasphraghas tairisceana, i gcodarsnacht leis an Danmhairg, nár fhorchuir aon phraghas uasteorann.

    Fuarthas 43 thairiscint dar luach iomlán 297 MW sa cheant Gearmánach, a raibh 143 MW díobh ceaptha do thionscadail a bhí suite sa Ghearmáin (26 thairiscint), agus bhí 154 MW díobh ceaptha do thionscadail a bhí suite sa Danmhairg (17 dtairiscint). Bhain na 5 thairiscint bhuacacha uile le tionscadail a bhí suite sa Danmhairg, dar luach an t‑uastoilleadh incháilithe 10 MW. Fuarthas 36 thairiscint dar luach iomlán 79,45 MW sa cheant Danmhargach, agus níor cuireadh aon tairiscint isteach ar shuiteálacha a bhí suite sa Ghearmáin. Bhain na 9 dtairiscint bhuacacha uile le tionscadail dar luach an t‑uastoilleadh incháilithe 2,4 MW. Dá thoradh sin, dáileadh toilleadh iomlán na comhthairisceana ar thionscadail a bhí suite sa Danmhairg.

    b.An comhaontú atá beartaithe idir Éire agus an Ríocht Aontaithe maidir le feirmeacha gaoithe

    In 2014, doibrigh Éire agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú idir‑rialtasach a raibh se daidhm aige feirmeacha gaoithe a chur ar bun dar luach iomlán timpeall 5 GW i Lár Tíre na hÉireann, le cúnamh ó fhóirdheontais de chuid rialtas na Ríochta Aontaithe agus an leictreachas arna tháirgeadh a onnmhairiú chun na Ríochta Aontaithe. Thairgfí margadh onnmhairíochta leictreachais agus tairbhí eacnamaíocha eile dÉirinn leis sin, agus chuideofaí leis an Ríocht Aontaithe a cuid spriocanna maidir le fuinneamh in‑athnuaite a chomhlíonadh ar chostas ní bísle ná trí fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh eile a chur in úsáid. De réir forbróir amháin ar an tionscal, bhí coinne leis go gcoigleodh tomhaltóirí ón Ríocht Aontaithe tuairim agus GBP 7 mbilliún i gcaitheamh 15 bliana leis an socrú sin 5 . Éiríodh as an gcomhaontú sa deireadh thiar, de dheasca ábhair imní na bpobal áitiúil faoi mhéid na bhfeirmeacha gaoithe a bhí beartaithe, airde na dtuirbíní aonair agus an tionchar ar an gcomhshaol agus ar luachanna réadmhaoine. Thairis sin, braitheadh na tairbhí a raibh coinne leo dÉirinn a bheith níos lú ná na tionchair ar an gcomhshaol a bhainfeadh le suiteáil na bhfeirmeacha gaoithe ina dtír 6 .

    3.Ionchur ó pháirtithe leasmhara

    Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit faoi chuimsiú na Gníomhaíochta Comhbheartaithe faoin Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite (CA-RES) 7 agus trí iarrataí déthaobhacha. Dfhreagair 10 mBallstát san iomlán don cheistneoir a seoladh amach faoi chuimsiú CA-RES. Astu siúd, dfhreagair 6 acu (an Chipir, an Fhionlainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Danmhairg agus an Pholainn) nach raibh siad ag beartú an rannpháirtíocht sna scéimeanna tacaíochta a oscailt. Rinne an tSualainn tagairt don chóras deimhnithe leictreachais atá aici cheana féin leis an Iorua. Dfhreagair an Ghréig, de réir Cinneadh Aireachta le déanaí, go bhfuil 3 chomhcheant don ghaoth agus don PV gréine beartaithe in 2023, a bheidh ar oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile. Le haghaidh na gceantanna sin, ní dhearnadh an sciar den toilleadh do tháirgeoirí ó na Ballstáit eile a shonrú. Ceant eile atá beartaithe in 2023, ní bhainfidh sé ach amháin le táirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile.

    Go dtí seo, níor shínigh na Ballstáit a thug freagra aon chomhaontú comhair dfhonn an rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta a oscailt. Cé is moite den Danmhairg, níor eagraigh aon cheann de na Ballstáit a thug freagra scéimeanna píolótacha ina bhfuil an tacaíocht ar oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile 8 .

    Fiafraíodh de na Ballstáit an rud a mheasann siad mar an phríomhbhacainn in aghaidh oscailt na rannpháirtíochta sna scéimeanna tacaíochta. Luadh roinnt tosca mar fhreagra dó sin: difríochtaí idir na scéimeanna tacaíochta náisiúnta agus an riosca go dtugtar iomaíocht éagórach leis an difríocht sin; difríochtaí sna próisis riarthacha; ábhair imní atá bainteach le slándáil an tsoláthair; dúshláin atá bainteach leis an gcumarsáid agus leis an gcomhthuiscint leis na Ballstáit eile; agus easpa idirnascachta leictreachais leis na Ballstáit eile.

    Maidir leis na bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh le dreasacht nó cúnamh a thabhairt do na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstát eile, luadh sna freagraí caighdeánú na nósanna imeachta, lena n‑áirítear creat réamhcheaptha le haghaidh comhaontuithe.

    I dteannta an chomhairliúcháin faoi chuimsiú CA-RES, sheol an Coimisiún glao ar líne ar fhianaise maidir leis an rogha do na Ballstáit chun an rannpháirtíocht ina scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite a oscailt go páirteach do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile, lena n‑áirítear an fhéidearthacht don Choimisiún oscailt shainordaitheach na scéimeanna tacaíochta a mholadh.

    Fuair an Coimisiún 18 rannchuidiú ar an nglao ar fhianaise. Fuair sé 2 fhreagra freisin le ríomhphost tar éis an sprioc-ama. Chuir an chuid is mó de na freagróirí in aghaidh oscailt shainordaitheach na scéimeanna tacaíochta. Léirigh gach freagra ó dhaoine aonair don ghlao ar fhianaise go raibh siad ag cur in aghaidh na hoscailte sainordaithí, agus tugadh ábhair imní anuas i roinnt mhaith acu maidir le ceannasacht na mBallstát.

    Fuair an Coimisiún 3 fhreagra don ghlao ar fhianaise ó na Ballstáit. Tháinig ceann eile isteach tar éis iarraidh dhéthaobhach chomhlántach ón gCoimisiún ar na Ballstáit. As na freagraí don ghlao ar fhianaise, tháinig dhá cheann ó na Ballstáit a bhfuil tionscadal píolótach le haghaidh ceantanna trasteorann curtha i gcrích acu cheana féin – an Danmhairg agus an Ghearmáin 9 . Ina freagra siúd, cuireann an Danmhairg i dtábhacht an gá do na Ballstáit a bheith solúbtha agus iad ag déanamh cinnidh faoi na huirlisí iomchuí chun tacú leis an bhfuinneamh in‑athnuaite, lena n‑áirítear trí bhíthin scéimeanna tacaíochta náisiúnta agus oscailt na scéimeanna sin do tháirgeoirí sna Ballstáit eile. Meabhraíonn an Danmhairg freisin go bhfuil coinne leis amach anseo go ndéanfar an fuinneamh in‑athnuaite ar tír a shuiteáil gan scéimeanna tacaíochta a úsáid.

    Sa fhreagra ón nGearmáin tugtar tuairisc ar na gnéithe dearthóireachta de na ceantanna trasteorann píolótacha leis an Danmhairg, ar na ceachtanna a foghlaimíodh uathu i dtéarmaí neartú na héifeachtúlachta a dfhéadfadh teacht mar thoradh ar an gcomhar agus ar an tábhacht a bhaineann leis na coinníollacha rialála i gceantanna trasteorann, agus ar an reachtaíocht is infheidhme sa Ghearmáin maidir leis na scéimeanna tacaíochta don fuinneamh in‑athnuaite. De réir na rialacha náisiúnta, ó 2017 ar aghaidh, nuair is gá an tacaíocht maidir le fuinneamh in‑athnuaite a chinneadh trí cheantanna, osclófar sciar den toilleadh iomlán a bheidh le cur leis ar bhonn bliantúil do thionscadail fuinnimh in‑athnuaite sna Ballstáit eile faoi choinníollacha áirithe 10 . Rinneadh na rialacha a leasú ina dhiaidh sin in 2017, 2021 agus 2023, lenar méadaíodh sciar an toillte is gá a oscailt do thionscadail sna Ballstáit eile, lena ndearnadh teicneolaíochtaí breise incháilithe do rannpháirtíocht sna ceantanna trasteorann, lenar tugadh isteach athruithe ar ríomh na mbiseach margaidh, agus lenar cuireadh ceanglas na cómhalartachta ar fionraí. De réir na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, is gá 20 % den toilleadh iomlán a chuirtear leis ar bhonn bliantúil a bheith ar oscailt do thionscadail fuinnimh in‑athnuaite sna Ballstáit eile, agus ní chuirtear an toilleadh gaoithe amach ón gcósta san áireamh leis an teorainn shocraithe 20 % agus is féidir leis an toilleadh iomlán a bheith ar oscailt do thionscadail sna Ballstáit eile. Ina rannchuidiú siúd, aithníonn an Ghearmáin, maidir le hoibleagáid shainordaitheach chun scéimeanna tacaíochta a oscailt, go gcuirfeadh sí borradh faoin gcomhar maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh i measc na mBallstát. Meabhraíonn sí freisin áfach na forálacha neartaithe maidir le tionscadail chomhpháirteacha in Airteagal 9 den Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite a athbhreithníodh le déanaí. Measann an Ghearmáin an tacaíocht ón gCoimisiún don chomhar a bheith ina cuidiú chun éifeachtúlacht na scéimeanna tacaíochta a mhéadú san Aontas.

    Áitítear sa chuid is mó de na freagraí ón tionscal nach dtugtar aghaidh le hoscailt shainordaitheach na scéimeanna ar éilimh bhunúsacha na rialtas lena mbaineann, go bhféadfaí dlisteanacht na scéimeanna agus an tacaíocht phoiblí dóibh agus don aistriú fuinnimh trí chéile a laghdú leis sin, agus is féidir nach é oibleagáid cheangailteach a thabhairt isteach an bealach is iomchuí chun sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite a bhaint amach óir is féidir go mbeidh athrú ar na ceanglais nach mór do shaoráidí tacaithe a chomhlíonadh chun tacaíocht a fháil a bheith i gceist leis, nó athrú ar an scéim maoiniúcháin í féin, rud a chruthódh ualach riaracháin dá bharr. Mar shampla, tugann freagróirí le fios faoi scéim tacaíochta REER na Spáinne (Régimen Económico de Energías Renovables), nach mór do shaoráidí giniúna cumhachta a bheith lonnaithe ar mhórthír na Spáinne agus roinnt garspriocanna riarthacha a chomhlíonadh. B’éigean an ceanglas maidir le suíomh a athrú le hoscailt na scéimeanna tacaíochta a chumasú, chomh maith leis an gceanglas chun garspriocanna riarthacha áirithe a chomhlíonadh le haghaidh suiteálacha atá suite sna Ballstáit eile, óir bheadh na suiteálacha sin faoi réir próisis dhifriúla ceadaithe agus riarthacha ó na cinn is infheidhme sa Spáinn. Thairis sin, más conradh difríochta a bheidh sa tairiscint, d’fhéadfadh cóir mhíchothrom idir na Ballstáit teacht mar thoradh ar rialacha difriúla faoin gcaoi chun ualach airgeadais na n‑íocaíochtaí tacaíochta a roinnt idir rannpháirtithe sa mhargadh sna tíortha lena mbaineann.

    Os a choinne sin, comhlachas tionscail amháin a bhí i bhfabhar na hoscailte sainordaithí, d’áitigh ar son scéim aonadach AE nó bearta tacaíochta comhchuibhithe, chun tacú le cur in úsáid costéifeachtach an fhuinnimh in‑athnuaite agus le comhtháthú agus feidhmiú an mhargaidh leictreachais. Chuir freagróir eile ó chomhlachas tionscail an chomhairle, dá ndéanfaí oscailt na scéimeanna tacaíochta ina ceangal sainordaitheach, gurbh é daonra an Bhallstáit féin a chuirfeadh an cistiú náisiúnta ar fáil go díreach nó go hindíreach, agus gur cheart dá bhrí sin rannchuidiú leis an gcistiú sin go sonrach chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit sin a bhaint amach. Léirigh comhlachas tionscail eile tacaíocht don oscailt shainordaitheach, chun go n‑onnmhaireofaí an fuinneamh arna tháirgeadh chuig an mBallstát a eagraíonn an ceant. Ina theannta sin, d’iarr an freagróir go mbeadh an rogha ann an leictreachas in‑athnuaite le tacaíocht trasteorann a iompar mar mhóilíní gásacha, is é sin an hidrigin. Áitíonn an freagróir go bhféadfadh sé sin a bheith ina chuidiú chun an fhadhb a shárú nach mbíonn toilleadh leordhóthanach i gcónaí ar an eangach leictreachais agus chun an fhéidearthacht a chruthú go ndéanfaí an fuinneamh in‑athnuaite a stóráil ar bhonn séasúrach.

    Cé go raibh an chuid is mó de na freagróirí i bhfabhar gan oscailt na scéimeanna tacaíochta a chur ina ceangal éigeantach, bhí aitheantas go forleathan ina measc faoi thairbhí an chomhair do chur in úsáid an fhuinnimh in‑athnuaite. Luadh earnáil na gaoithe ón talamh go sonrach mar earnáil ina mbaineann tábhacht ghéar leis an gcomhordú agus an comhar córasach i measc tíortha timpeall ar imchuach farraige.

    Bhí roinnt freagróirí tionscail i bhfabhar dreasachtaí a thabhairt d’oscailt na scéimeanna tacaíochta, óir chruthófaí iomaíocht leis i measc líon tairgeoirí níos mó, thabharfaí spreagadh leis do na Ballstáit chun a nósanna imeachta riaracháin a chomhchuibhiú, agus dhéanfaí foráil leis maidir le tuilleadh cur chuige Eorpach, ina mbeadh spás teoranta ag Ballstát amháin mar shampla chun fuinneamh in‑athnuaite breise a chur in úsáid i gcoibhneas le héileamh suntasach náisiúnta, agus poitéinseal acmhainní Ballstáit eile a bheith níos mó ná an t‑éileamh intíre. Mar sin féin, chuir tionscal an ghrianfhuinnimh i dtábhacht nach mór don ualach riaracháin fanacht teoranta, agus nach mór d’infheictheacht na sásraí tacaíochta agus na mbeartas náisiúnta ar an dá thaobh a bheith faoi ráthaíocht le go n‑éireodh leis na tairiscintí trasteorann.

    Chuir freagróirí ón tionscal grianfhuinnimh agus gaoithe i dtábhacht araon a thábhachtaí atá roinnt pointí atá bainteach le bonneagar na heangaí. Chuir siad i dtábhacht an gá chun leibhéal na hidirnascachta leictreachais a mhéadú, agus tagairt á déanamh acu do naisc fhisiceacha na heangaí mar cheann de na réamhcheanglais d’oscailt na scéimeanna tacaíochta. Chuir freagróir ó thionscal na gaoithe i dtábhacht gur gá costais nasctha eangaí a bheith ina gcuid den leithdháileadh costais agus tairbhe freisin. D’áitigh freagróir ó thionscal an ghrianfhuinnimh gur cheart cothrom iomaíochta idir na tíortha lena mbaineann a áirithiú trí na creataí rialála a chomhchuibhiú nó trí bhearta cionroinnte costais a chur i bhfeidhm. Mar shampla, má tá difríocht idir costais nasctha eangaí, d’fhéadfaí biseach a chur leis na tairiscintí sa phróiseas roghnúcháin tairiscintí ag a bhfuil dálaí margaidh níos fabhraí.

    Chonacthas tuairimíocht choiteann freisin i roinnt de na freagraí ó roinnt freagróirí i dtéarmaí chionroinnt níos leithne na gcostas agus na dtairbhí. Chuir tionscal na gaoithe i dtábhacht gur cheart don scéim trasteorann a bheith ina cuidiú do na Ballstáit chun difríochtaí a shárú ó thaobh a measúnaithe ar chostais agus tairbhí, gur cheart feabhas a chur ar shlándáil soláthair na tíre a osclaíonn a scéimeanna tacaíochta leis an leictreachas arna ghiniúint, agus gur cheart don tír sin tairbhiú freisin den mheath ar phraghsanna leictreachais de bharr an toillte breise shuiteáilte den fhuinneamh in‑athnuaite. Chuir tionscal an ghrianfhuinnimh i dtábhacht bealaí ina bhféadfaí an sásra tacaíochta a dhearadh sa chaoi go dtairbheodh an tír óstach den tsuiteáil freisin, amhail trí rannpháirt a thabhairt don daonra áitiúil, d’fhorbróirí áitiúla agus an tsuiteáil a bheith faoi úinéireacht áitiúil fhéideartha. Chuir tionscal an ghrianfhuinnimh i dtábhacht leis sin a thábhachtaí atá an chuntasaíocht shoiléir thrédhearcach don leictreachas a tháirgtear agus a onnmhairítear, chun an comhaireamh dúbailte a sheachaint.

    Mhaígh freagróir amháin ón tionscal fuinnimh in‑athnuaite sa Danmhairg gur tógadh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, idir chinn ar talamh agus chinn amach ón gcósta, gan scéimeanna tacaíochta a úsáid, agus go ndéanfaí dochar le húsáid fóirdheontas do rath agus do shochair an tionscail fuinnimh in‑athnuaite. Ar an taobh eile den scéal, thug an t‑ionadaí tionscail le fios an gá le fóirdheontais don mhonaraíocht gaoithe agus grianfhuinnimh mar bhealach chun slabhraí luacha Eorpacha a neartú.

    4.Measúnú

    Ar bhonn na fianaise a ullmhaíodh agus an tuarascáil seo á cur i dtoll a chéile, is léir gur fíorbheagán forbairtí sonracha atá le fáil sna Ballstáit atá bainteach le hoscailt na scéimeanna tacaíochta, i dtéarmaí na gceanglas reachtach agus na taithí araon óna gcur chun feidhme trí scéimeanna píolótacha.

    Tá an Ghearmáin ar cheann den fhíorbheagán Ballstát a cheap oscailt na scéimeanna tacaíochta ina cuid dá reachtaíocht maidir le fuinneamh. Léirítear leis áfach an easpa spéise i gceantanna trasteorann ó na Ballstáit eile, rud a chuireann leis an dua a bhaineann le cur chun feidhme an tsásra comhair seo. Níl an chuid is mó de na Ballstáit eile ag beartú an rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta a oscailt, cé is moite den Ghréig, atá ag pleanáil roinnt eile ceantanna gaoithe agus grianfhuinnimh a eagrú in 2023 a bheidh ar oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile, agus ceann amháin acu sin tiomnaithe do tháirgeoirí nach bhfuil lonnaithe ach amháin i dtíortha comharsanacha. I roinnt Ballstát, ní bheadh oscailt na scéimeanna tacaíochta indéanta gan athruithe ar an gcreat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair, amhail sa Spáinn, nach mór do shuiteálacha arna maoiniú ag scéimeanna tacaíochta a bheith suite ar chríoch na Spáinne agus nach mór dóibh garspriocanna riarthacha sonracha a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, b’éigean tuilleadh solúbthachta a chruthú le hathruithe rialála féideartha a mhéid a bhaineann le suíomh na suiteála, agus a mhéid a fhanfaidh eilimintí sonracha laistigh de na nósanna imeachta riaracháin náisiúnta le haghaidh foinsí in‑athnuaite fuinnimh nach bhfuil comhchuibhithe le rialacha an Aontais, chun ceadú do shainaithint na ngarspriocanna riarthacha inchomparáide laistigh de chreat rialála tíre eile, agus sonraíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh.

    I dtéarmaí na taithí ón gcur chun feidhme trí thionscadail phíolótacha, léiríodh leis an sampla píolótach Gearmánach-Danmhargach go gcumasaítear tionscadail leis na ceantanna trasteorann ag a bhfuil dálaí níos fabhraí, amhail na cinn sin atá bainteach le poitéinseal acmhainní, chun dul in iomaíocht ar chostas níos ísle do bhuiséad poiblí na tíre a mhaoiníonn an scéim tacaíochta. Sa scéim phíolótach seo, b’éigean biseach aistritheach dar luach EUR 5,38 cent/kWh a chur leis na cúig thairiscint bhuacacha ar cheant na Gearmáine le haghaidh tionscadail atá le tógáil sa Danmhairg, a bhí faoi bhun an mheánphraghais i gceantanna náisiúnta na Gearmáine roimhe sin an tráth sin (EUR 7,25 cent/kWh), rud a chiallaigh gur tháinig laghdú beagnach 26 % air. Mar sin féin, mar a léirítear le hionchur ó roinnt páirtithe leasmhara sa tuarascáil seo, i dteannta an tairbhe a bhaineann leis an bhfuinneamh in‑athnuaite a chur in úsáid ar bhealach costéifeachtach, ba cheart a áirithiú leis na scéimeanna tacaíochta trasteorann freisin go mbeadh leithdháileadh cothrom ar na costais níos leithne idir tíortha rannpháirteacha ar bhealach go gcumasaítear tógáil na dtionscadal fuinnimh in‑athnuaite leis sin.

    Cuirtear i dtábhacht leis an taithí ó scéim phíolótach na Gearmáine-na Danmhairge freisin an tábhacht a bhaineann leis na difríochtaí ar choinníollacha rialála idir na tíortha rannpháirteacha a chur san áireamh. Toradh an cheant Ghearmánaigh ina raibh na tairiscintí buacacha uile suite ar thalamh feirme sa Danmhairg, ní hamháin go bhféadfaí é a chur i leith an phoitéinsil acmhainní níos fearr sa Danmhairg, ach freisin i leith na srianta maidir le suíomh sa Ghearmáin, lena dtoirmeasctar suiteáil na dtionscadal PV gréine ar thalamh talmhaíochta, chomh maith le cánacha a bhí ábhairín níos ísle agus costais léasaithe talún níos ísle sa Danmhairg 11 .

    Dfhorchuir an Danmhairg na srianta céanna maidir le suíomh sa tairiscint Dhanmhargach freisin, ach le haghaidh suiteálacha ar chríoch na Gearmáine amháin, rud a bhraith roinnt páirtithe leasmhara mar mhíbhuntáiste do shuiteálacha Gearmánacha sa tairiscint trasteorann 12 . Thairis sin, is féidir gur dhíspreagadh é ionchas ceantanna amach anseo sa Ghearmáin do thairgeoirí Gearmánacha ó bheith rannpháirteach sa cheant trasteorann. Is féidir gur spreagadh freisin don rannpháirtíocht ghníomhach ó thairgeoirí Danmhargacha é scor an tsásra tacaíochta le haghaidh gléasraí grianfhuinnimh PV ar mhórscála sa Danmhairg roimh an gceant trasteorann agus an easpa ceantanna a bhí le teacht. Léiríonn an tidirghníomhú idir na bearta náisiúnta agus trasteorann an tábhacht a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (i) uainiú na mbeart náisiúnta agus trasteorann; agus (ii) idirghníomhú idir na tíortha rannpháirteacha a mhéid a bhaineann leis an socrú institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais.

    Léirigh an chuid is mó de na freagróirí do chomhairliúchán an Choimisiúin le páirtithe leasmhara chun an tuarascáil seo a ullmhú gur chuir siad in aghaidh oscailt shainordaitheach na scéimeanna tacaíochta. Idir an cheannasacht náisiúnta agus an t‑ualach riaracháin méadaithe a bhí i measc na bhfáthanna, agus an deacracht a bhaineann leis na costais agus na tairbhí a dháileadh ar bhealach a bhraithfeadh na páirtithe lena mbaineann a bheith cothrom agus cóir. Nochtadh sna hidirmhalartuithe déthaobhacha leis na Ballstáit fadhbanna freisin atá bainteach le glacadh an phobail le húsáid an bhuiséid náisiúnta chun forbairt an fhuinnimh in‑athnuaite a mhaoiniú i mBallstát eile. Cás breise a luadh ba ea gur gá don Bhallstát ranníocach eisíocaíocht láithreach a dhéanamh le tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht sa chaiteachas caipitil, lena mbaineann impleachtaí buiséadacha, agus nach dtiocfadh aon bhun ar ghnóthachain fhéideartha ón gcomhar ach san am a bheadh le teacht. Mar sin féin, óir nach bhfuil aon réamhíocaíocht caiteachais caipitil bainteach leis an gcuid is mó de na scéimeanna tacaíochta fuinnimh in‑athnuaite atá ann faoi láthair, ach íocaíochtaí leanúnacha ar aschur leictreachais a bheith i gceist leo agus iad le híoc in imeacht ama, ní thiocfadh an fhadhb sin aníos sa chuid is mó de na cásanna.

    Thairis sin, ba cheart a chur san áireamh freisin leis an machnamh a dhéantar ar oscailt shainordaitheach na scéimeanna tacaíochta a fhorchur na forálacha a tugadh isteach le déanaí sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite. De réir na bhforálacha úd, is gá do gach Ballstát aontú chun creat a chur ar bun don chomhar ar thionscadail chomhpháirteacha le ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile chun fuinneamh in‑athnuaite a tháirgeadh, faoi dheireadh 2025. Tugadh isteach an fhoráil sin mar cheann ceangailteach mar fhreagairt don chomhar neamh‑leordhóthanach idir na Ballstáit maidir leis an bhfuinneamh in‑athnuaite, agus mar sin trí thaithí a fháil le cur chun feidhme na forála sin d’fhéadfaí tuiscint níos fearr a fháil ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le tuilleadh beart ceangailteach d’fhonn an comhar a neartú agus chun cur in úsáid níos éifeachtúla an fhuinnimh in‑athnuaite a bhaint amach dá réir.

    Mar sin féin, aithnítear go forleathan na tairbhí den chomhar agus an gá chun tuilleadh dreasachtaí a thabhairt dó. Leis an bhfás atá ar chur in úsáid an fhuinnimh in‑athnuaite, d’fhéadfadh suíomhanna oiriúnacha le haghaidh suiteálacha nua éirí gann i roinnt Ballstát seachas a chéile, go háirithe nuair a fheictear na difríochtaí idir na Ballstáit i dtéarmaí an éilimh ar leictreachas, poitéinseal acmhainní fuinnimh in‑athnuaite agus suíomhanna atá ar fáil le haghaidh suiteálacha nua.

    Is cosúil go mbaineann tuilleadh féidearthachtaí le cur chun feidhme na scéimeanna tacaíochta trasteorann le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta, ar minic a thairgtear méideanna giniúna móra leo sa bhreis ar éilimh tíre amháin, agus a dteastaíonn infheistíocht mhór iontu. Dfhéadfadh tionscadail den sórt sin a bheith ina rogha an‑mhealltach do thíortha talamhiata ina bhfuil infhaighteacht theoranta áitiúil do thionscadail in‑athnuaite nua chun rochtain a fháil ar phoitéinseal fuinnimh in‑athnuaite na dteicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta. Mar a mhínítear thuas, dfhéadfaí cur chuige den sórt sin a fhorlíonadh le ceanglas le haghaidh idirmhalartú fisiceach leictreachais, cé go mbfhéidir nach gá sin agus go bhfuil sé faoi réir éilimh na mBallstát lena mbaineann. Anuas air sin, dfhéadfadh scéimeanna tacaíochta trasteorann a bheith rí‑ábhartha freisin i gcomhthéacs roinnt de na tionscadail hibrideacha 13 idirnascairí a bhfuiltear á ndearadh agus ag teacht ar chomhaontú ina leith, i gcás ina mbíonn idirnasc fisiceach faoi ráthaíocht ag na tionscadail hibrideacha amach ón gcósta agus ina bhféadfaí tionscadail gaoithe trasteorann amach ón gcósta a éascú leis na scéimeanna tacaíochta trasteorann.

    5.Conclúid

    Tugtar tuairisc sa tuarascáil seo ar an taithí a fuarthas go dtí seo ó Airteagal 5 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a chur chun feidhme, in éineacht leis an aiseolas ó na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara éagsúla a mhéid a bhaineann leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus an t‑ionchas amach anseo.

    Léirítear go neamhbhalbh san fhianaise, má dhéantar an comhar idir na Ballstáit i réimse an fhuinnimh in‑athnuaite a eagrú go maith, go mbaineann acmhainneacht shuntasach leis i dtéarmaí na costéifeachtachta, chóineasú na gcreataí rialála, agus úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní in‑athnuaite dá bhfuil ar fáil. I gcás na scéimeanna tacaíochta trasteorann ní féidir an acmhainneacht a fhíorú ach amháin má chuirtear san áireamh i mbunú na scéime an tionchar ó ghnéithe dearthóireachta éagsúla ar thoradh agus na costais agus na tairbhí do na tíortha rannpháirteacha ar bhonn áitiúil agus ó thaobh lánpháirtiú an mhargaidh de araon. Thairis sin, thabharfaí le tuiscint ó thionchar na ndifríochtaí rialála ar thoradh na scéimeanna tacaíochta trasteorann go mbeidh deiseanna breise ann do na Ballstáit chun feabhas a chur ar a gcreataí náisiúnta do chur in úsáid an fhuinnimh in‑athnuaite.

    Is cosúil nach bhfuil aon réiteach amháin ann ar oscailt na scéimeanna tacaíochta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar fud na dtíortha uile, i bhfianaise an ghá chun scéimeanna a chur in oiriúint d’imthosca sonracha na dtíortha chomhpháirtíochta. Mar sin féin, is féidir leis an gCoimisiún, arna iarraidh sin ag na Ballstáit ábhartha, an próiseas sin a éascú trí threoraíocht, teimpléid do chomhaontuithe comhair, saineolas teicniúil, agus cúnamh a chur ar fáil maidir le costais agus tairbhí díreacha agus indíreacha an chomhair. I gcomhthéacs an fhuinnimh amach ón gcósta, lena mbaineann acmhainneacht faoi leith maidir le scéimeanna tacaíochta trasteorann breise a bhunú amach anseo, bíonn an Coimisiún i mbun pléití go tráthrialta cheana féin leis na Ballstáit i bhfóraim amhail Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, lena gcumhdaítear réimsí amhail an bonneagar amach ón gcósta agus cionroinnt costas an fhuinnimh in‑athnuaite, i measc ábhar eile. I ndáil leis sin, glacfaidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an gcionroinnt costas amach ón gcósta faoi lár 2024. Déanfaidh an Coimisiún sonraí a chomhroinnt agus comhairle a thairiscint do na Ballstáit freisin chun cuidiú le deiseanna maidir le fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta a shainaithint, lena n‑áirítear de réir an chineáil teicneolaíochta, tar éis mheasúnú an Choimisiúin ar na PNFAnna deiridh arna dtabhairt cothrom le dáta.

    Áirítear sa Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In‑athnuaite ceanglas sainordaitheach chun creat maidir le comhar ar thionscadail chomhpháirteacha a fhorbairt, mar sin tugtar aghaidh leis an Treoir cheana féin ar an ngá atá le comhar níos láidre idir na Ballstáit i réimse na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh. Níl aon fhianaise dhochloíte ann faoi na tairbhí a bhainfeadh le hoibleagáid a thabhairt isteach do Bhallstáit chun rannpháirtíocht a oscailt go páirteach ina scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite do tháirgeoirí atá lonnaithe sna Ballstáit eile. Dá bhrí sin, is féidir gurbh é an bealach is iomchuí le dul chun cinn a dhéanamh é faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bhforálacha ar a bhfuiltear go díreach tar éis comhaontú a dhéanamh a mhéid a bhaineann leis an gcomhar agus lena dtionchar ar bhaint amach spriocanna, agus an fhéidearthacht a choinneáil oibleagáidí breise a mholadh níos moille, mar bheart chun dul chun cinn a neartú i dtreo sprioc 2030 le haghaidh foinsí in‑athnuaite fuinnimh a bhaint amach dá mba rud é go measfaí an dul chun cinn a bheith neamh‑leordhóthanach.

    (1)

    Treoir (AE) 2018/2001, arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413.

    (2)

    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.

    (3)

      An t‑aistriú glas a bhrú ar aghaidh agus an téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn tríd an bpleanáil chomhtháite fuinnimh agus aeráide (COM(2020) 564 final).

    (4)

     Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (2022/C 80/01).

    (5)

    https://www.bbc.com/news/science-environment-21147279

    (6)

     Cross-border cooperation on renewable energy [Comhar trasteorann maidir leis an bhfuinneamh in‑athnuaite], lch. 5, https://www.eea.europa.eu/publications/cross-border-cooperation-on-renewable-energy.

    (7)

    Tionscadal den chlár Fís 2020 is ea CA-RES. Tacaíonn sé le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach. Trí mheán CA-RES, idirmhalartaíonn na tíortha rannpháirteacha eispéiris agus dea-chleachtas.

    (8)

    Ina freagra siúd, rinne an Danmhairg tagairt don tairiscint trasteorann phíolótach in 2016 don PV gréine leis an nGearmáin, ar a dtugtar tuairisc i Roinn 2.a den tuarascáil seo.

    (9)

    Déantar tagairt sa tríú freagra ó Bhallstát (an Liotuáin) don chreat rialála is infheidhme maidir le scéimeanna tacaíochta comhpháirtí agus don rannpháirtíocht i gceantanna i mBallstát eile, gan seasamh a ghlacadh i bhfabhar ná ag cur in aghaidh oscailt shainordaitheach na scéimeanna tacaíochta.

    (10)

    1) Tá conradh idirnáisiúnta maidir le sásra comhair faoin Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite

    i bhfeidhm idir an Ghearmáin agus an tír chomhpháirtíochta; 2) is cómhalartach é an comhar, rud a chiallaíonn go n‑osclaíonn an dá pháirtí a gceantanna ina margaí féin don tír chomhpháirtíochta i méideanna inchomparáide; agus 3) ní mór an leictreachas a ghinfear a allmhairiú go fisiceach nó éifeacht inchomparáide a bheith aige ar mhargadh leictreachais na Gearmáine.

    (11)

      https://static.agora-energiewende.de/fileadmin/Projekte/2017/RES-Policy/144_cross-border_RES_cooperation_WEB.pdf  

    (12)

      https://www.eea.europa.eu/publications/cross-border-cooperation-on-renewable-energy  

    (13)

    Ciallaíonn an téarma hibrideach an táirgeadh gaoithe amach ón gcósta a chumasc leis an idirnascadh leictreachais.

    Top