Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0686

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN Tuarascáil ón Aontas Eorpach maidir leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh (a cheanglaítear faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh 13/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto)

    COM/2023/686 final

    An Bhruiséil,31.10.2023

    COM(2023) 686 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

    Tuarascáil ón Aontas Eorpach maidir leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh (a cheanglaítear faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh 13/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto)

    {SWD(2023) 348 final}


    Tuarascáil maidir leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh

    Is éard atá sa Tuarascáil seo agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi an Tuarascáil ón Aontas Eorpach maidir leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Airteagal 3, mír 1, de Phrótacal Kyoto a ghabhann le CreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (Prótacal Kyoto’), don dara tréimhse gealltanais (2013-2020) de Phrótacal Kyoto (dá ngairtear an tréimhse choigeartúcháin anseo feasta) a chomhlíonadh, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 1 , i gcomhréir le cinntí ábhartha Chomhdháil na bPáirtithe atá ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto 2 . 

    Tarchuirfear iad chuig Rúnaíocht Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) faoin 24 Deireadh Fómhair 2023.

    Leis an bhfaisnéis atá sa Tuarascáil, éascófar an measúnú ar chomhlíonadh an Aontais Eorpaigh maidir lena ghealltanais faoi Airteagal 3(1) de Phrótacal Kyoto don dara tréimhse gealltanais. Bunófar an measúnú sin ar an gcomparáid idir cainníocht na n‑aonad atá bailí don dara tréimhse gealltanais a aistarraingeofar faoin tréimhse choigeartúcháin, agus na hastaíochtaí comhiomlána don dara tréimhse gealltanais. Tháinig deireadh leis an tréimhse bhreise chun gealltanais a chomhlíonadh an 9 Meán Fómhair 2023.

    Chomhaontaigh an tAontas, a Bhallstáit agus an Íoslainn a ngealltanais chainníochtaithe maidir le teorannú agus laghdú astaíochtaí a chomhlíonadh go comhpháirteach faoi Airteagal 3 den Phrótacal Kyoto don dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, i gcomhréir le forálacha Airteagal 4 de 3 . Chomhaontaigh an tAontas, a Bhallstáit agus an Íoslainn gealltanas cainníochtaithe maidir le laghdú astaíochtaí lena ndéantar a meánastaíochtaí bliantúla gás ceaptha teasa a theorannú le linn an dara tréimhse gealltanais chuig 80 % de shuim a nastaíochtaí bonnbhliana, rud a léirítear i Leasú Doha.

    Leagtar amach i gCinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle 4 téarmaí an chomhaontaithe comhlíonta chomhpháirtigh mar aon le leibhéil astaíochtaí faoi seach gach Páirtí sa chomhaontú. Sainítear leis na leibhéil astaíochtaí méideanna sannta na mBallstát agus na hÍoslainne don dara tréimhse gealltanais. Cinneadh na leibhéil astaíochtaí sin ar bhonn reachtaíocht an Aontais atá ann cheana don tréimhse 2013-2020 faoin ‘bpacáiste comhtháite um fhuinneamh agus um an athrú aeráide’ 5 .

    Tá méid comhpháirteach sannta an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne don dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto cothrom leis an gcéatadán a inscríobhadh don Aontas, dá Bhallstáit agus don Íoslainn sa tríú colún d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Prótacal Kyoto, arna ionadú ag Leasú Doha (80 %) dá astaíochtaí bonnbhliana arna iolrú faoi ocht.

    I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Phrótacal Kyoto, ní dhéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas an 1 Feabhra 2020 difear do na gealltanais faoin dara tréimhse gealltanais.

    Is é 37 604 433 280 thona de choibhéis CO2 an méid comhpháirteach sannta a bheidh ann de thoradh an ríomha sin 6 . Cinntear méid sannta an Aontais i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe comhlíonta chomhpháirtigh agus tá sé cothrom le 15 813 089 338 dtona de choibhéis CO2 7 . 21 791 343 942 thona de choibhéis CO2 atá i méideanna comhiomlánaithe sannta na mBallstáit agus na hÍoslainne.

    Aistarraingt Aonaid Kyoto

    Rinne an tAontas, an Comhphobal Eorpach mar a tugadh air an tráth sin, agus a Bhallstáit Prótacal Kyoto a dhaingniú an 31 Bealtaine 2002. Ag Coinbhinsiún Doha maidir leis an athrú aeráide i mí na Nollag 2012, ghlac páirtithe i bPrótacal Kyoto Leasú Doha, lena mbunaítear an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, dar thús an 1 Eanáir 2013 agus dar chríoch an 31 Nollaig 2020 (‘Leasú Doha’). Thug an tAontas, a Bhallstáit agus an Íoslainn fógra faoi théarmaí an chomhaontaithe chun gealltanais an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne a chomhlíonadh go comhpháirteach faoi Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto sa dara tréimhse gealltanais i gcomhréir le forálacha Airteagal 4 de. 8   Bhí na 28 dtír seo a leanas ina mBallstáit tráth an chomhaontaithe: Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, ArdDiúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

    An líon carnach iomlán tonaí de choibhéis CO2 a aistarraingeofar faoin gcomhlíonadh comhpháirteach, déanfar é a ríomh mar shuim chainníocht na dtonaí de choibhéis CO2 sna cuntais aistarraingthe i gclárlanna an Aontais, na 27 mBallstát, na Ríochta Aontaithe agus na hÍoslainne, agus is é atá ann 33 731 035 055 thona de choibhéis CO2.

    Tabhairt anonn Aonaid Kyoto

    Ós rud é nach ndéantar foráil maidir le haon tríú tréimhse gealltanais faoi Phrótacal Kyoto, ní iarrfaidh an tAontas aonaid a thabhairt anonn.

    Cainníocht iomlán na n‑aonad i gcuntais choinneála na mBallstát, cainníocht a d’iarr na Ballstáit iad a thabhairt anonn, déanfar í a thuairisciú i dtuarascálacha na mBallstát maidir leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh.

    (1)

    Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE, IO L 165, 18.6.2013, lgh. 13-40.

    (2)

    Cinntí 5/CMP.1, 13/CMP.1, 15/CMP.1, 22/CMP.1, 27/CMP.1, 1/CMP.8, 1/CMP.17, 3/CMP.11 agus 4/CMP.11.

    (3)

    FCCC/KP/CMP/2012/13/Add.1

    (4)

    Cinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi, IO L 207, 4.8.2015. lgh. 1-14.

    (5)

    Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun an scéim ón gComhphobal i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí 2020, IO L 140, 5.6.2009. 2009.

    (6)

      FCCC/IRR/2016/EU  

    (7)

      FCCC/IRR/2016/EU

    (8)

    FCCC/KP/CMP/2012/13/Add.1

    Top