Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0607

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta na hÉireann um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÉireann don bhliain 2023

COM/2023/607 final

An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 607 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na hÉireann um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÉireann don bhliain 2023

{SWD(2023) 607 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta na hÉireann um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÉireann don bhliain 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha a neartú, sin agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú 1 , agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe 3 , rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár sainaithníodh inti go bhfuil Éire ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinnathbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na hÉireann don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an taistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a thabhairt d’fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré GhlanNialasach 4 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glannialasachta agus leis na táirgí glannialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena náirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na namhábhar a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030 5 , teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 6 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré GlanNialasach, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna neisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin 7 . Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-24 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bpleananna fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh phraghas an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí na moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh 8 . Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go núsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfaidh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, le nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

(8)An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha le haghaidh athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Tá sé d’aidhm ag na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, sin agus córas forfheidhmiúcháin níos déine a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thug siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

(9)An 28 Bealtaine 2021, chuir Éire a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 8 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann 9 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag Éirinn. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 4 Bealtaine 2023, thíolaic Éire a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus, an 2 Bealtaine 2023, thíolaic sí a Clár Cobhsaíochta don bhliain 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na hÉireann maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 d’Éirinn 10 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na hÉireann ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hÉireann ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(12)De réir sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat 11 , d’athraigh comhardú ginearálta rialtais na hÉireann sa chaoi gur easnamh 1,6 % de OTI a bhí i gceist in 2021, agus gur barrachas 1,6 % a bhí ann in 2022, agus chuaigh ollfhiachas an rialtais i laghad sa chaoi gur 55,4 % de OTI a bhí ann ag deireadh 2021 agus gur 44,7 % a bhí ann ag deireadh 2022.

(13)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, is bearta iad a d'imir tionchar ar chomhardú ginearálta an rialtais. In 2022, i measc na mbeart a d'fhág gur lú ioncam a bhí ann, bhí laghdú ar dhleacht mháil ar bhreoslaí, agus ciorruithe CBL ar ghás agus ar leictreachas; agus maidir le bearta caiteachais, bhí íocaíochtaí le gach cuntas leictreachais intíre i gceist, maille le raon aistrithe sóisialta. Measann an Coimisiún gurb é an glanchostas buiséadach a bhain leis na bearta sin in 2022
0,5 % de OTI. Ina theannta sin, an costas buiséadach a bhain le cosaint shealadach i gcomhair daoine easáitithe as an Úcráin, costas a meastar gurb é a bhí i gceist leis in 2022 0,1 % de OTI, sin rud eile a d'imir tionchar ar chomhardú ginearálta an rialtais. An tráth céanna, an costas a mheastar a bhaineann le bearta éigeandála sealadacha COVID-19, chuaigh an costas sin i laghad ionas gur 0,7 % de OTI a bhí i gceist leis in 2022, le hais 2,8 % in 2021.

(14)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go saothródh Éire staid fhioscach thacúil in 2022 12 , trí bhíthin an spreagtha a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i measc rudaí eile, sin agus go gcaomhnódh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta.

(15)De réir mheastacháin an Choimisiúin, an staid fhioscach 13 a bhí ann in 2022, bhí sí neodrach den chuid is mó, agus - 0,2 % de OTI i gceist, méid a bhí iomchuí ó tharla boilsciú ard ann. Mar a mhol an Chomhairle, lean Éire de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí atá le maoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. 0.04% de OTI a bhí i gceist in 2022 le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais (0,1 % de OTI in 2021). Trí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, soláthraíodh rannchuidiú méadaitheach dar luach 0,1 pointe céatadáin leis an staid fhioscach 14 . Dá bhrí sin, chaomhnaigh Éire infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, an méadú ar an gcaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim), is rud é trínar soláthraíodh rannchuidiú a bhí neodrach tríd is tríd leis an staid fhioscach, rannchuidiú dar luach -0,2 pointe céatadáin. Dá bhrí sin, chuir Éire teorainn leormhaith leis an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

(16)An cás maicreacnamaíoch atá ina bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta, is cás é atá réalaíoch maidir le 2023, atá faichilleach maidir le blianta eile ina dhiaidh sin. Tá sé tuartha ag an rialtas go dtiocfaidh méadú 5,6 % ar an bhfíor-OTI faoi in 2023, agus go dtiocfaidh méadú 4,1 % air in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin gur fíorfhás OTI is ísle ná sin a bheidh ann in 2023, is é sin 5.5%, agus gur fíorfhás OTI is airde ná sin a bheidh ann in 2024, mar atá 5,0 %. Thar aon rud eile, luas fáis níos inbhuanaithe i dtaca le glanonnmhairí is cúis leis an ráta fáis atá tuartha ag an gCoimisiún maidir le 2024 a bheith níos airde. Mar sin féin, i gcás na hÉireann, d’fhéadfadh luaineacht mhór a bheith ag baint leis an athróg sin mar gur athróg í atá á stiúradh ag líon beag cuideachtaí móra ilnáisiúnta, cuideachtaí a bhfuil ag éirí go maith leo ó thaobh na tráchtála de le blianta beaga anuas.

(17)I gClár Cobhsaíochta an rialtais don bhliain 2023, meastar go dtiocfaidh méadú ar bharrachas ginearálta an rialtais ionas gur 1,8 % de OTI a bheidh ann in 2023. Toradh is ea an méadú in 2023 ar fhás ioncaim buacach den chuid is mó. De réir an Chláir, síltear go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas idir fiachas ghinearálta an rialtais agus OTI ionas gur 44,7 % a bheidh i gceist ag deireadh 2022, agus gur 40,5 % a bheidh i gceist ag deireadh 2023. Tuartar i réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin go mbeidh barrachas rialtais dar luach 1,7 % de OTI ann i dtaca le 2023. Tá sé sin ag teacht leis an mbarrachas a thuartar sa Chlár Cobhsaíochta. An cóimheas idir fiachas ginearálta an rialtais agus OTI a thuartar i réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin, tá sé mórán ar an leibhéal céanna – tuartar gur 40,4 % a bheidh i gceist ag deireadh 2023.

(18)Na bearta fioscacha a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, meastar go leanfaidh siad de thionchar a imirt ar chomhardú an rialtais in 2023. Is bearta iad sin ar cuireadh síneadh leo ó 2022, agus ar na bearta atá i gceist, tá siad seo go háirithe: an dara babhta de dhá íocaíocht le gach cuntas leictreachas intíre, agus sraith nua aistrithe sóisialta. Tá costas na mbeart sin fritháirithe go páirteach a bhuí le cánacha ar bhrabúis amhantair na soláthraithe fuinnimh, is é sin uasteorainn ar ioncam ó tháirgeadh leictreachais. Agus an tioncam sin á chur san áireamh, i réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin tuartar gur 0,3 % de OTI a bheidh i gceist le glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta in 2023 15 . De réir dealraimh, ní ar theaghlaigh leochaileacha ná ar ghnólachtaí leochaileacha atá
formhór na mbeart dírithe in 2023, ach caomhnaíonn siad an comhartha praghais chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, i réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin meastar gurb é 0,1 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta fhioscaigh maidir le 2023 (i gcomparáid le 0,2 % de OTI in 2022). Meastar go dtiocfaidh méadú 0,1 pointe céatadáin de OTI ar chostas buiséadach na cosanta sealadaí i gcomhair daoine easáitithe ón Úcráin i gcomparáid le 2022. Ar deireadh, deireadh a bheith á chur de réir a chéile le bearta éigeandála sealadach COVID-19 dar luach 0,7 % de OTI, meastar gur rud é sin a rachaidh chun sochair do chomhardú an rialtais maidir le 2023.

(19)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 16 go ndéanfadh Éire gníomh chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir le seasamh beartais neodrach foriomlán in 2023 17 , i bhfianaise na tacaíochta leanúnaí sealadaí spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart d’Éirinn a bheith ullamh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint de réir mar a thiocfaidh athruithe ar an staid atá i gceist. Moladh d’Éirinn freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh i bhfianaise an tionscnaimh REPowerEU, trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais, i measc rudaí eile.

(20)In 2023, tuartar i réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin go mbeidh an staid fhioscach neodrach tríd is tríd (0,2 % de OTI), tráth a bhfuil boilsciú ard i gceist. An staid fhioscach a bhí ann roimhe sin, in 2022, bhí sí sin í féin neodrach tríd is tríd (- 0,2 % de OTI). An fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, táthar ag tuar go soláthróidh sé rannchuidiú craptha dar luach 0,3 % de OTI leis an staid fhioscach. San áireamh ann sin tá costas na mbeart tacaíochta spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh, costas a bhfuil laghdú 0,1 % de OTI tagtha air. San áireamh freisin tá costais níos airde a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (costais ar ar tháinig méadú 0,1 % de OTI). Ar an iomlán, an fás a thuartar a thiocfaidh ar phríomhchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta, tá sé i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gur 0,1 % de OTI a bheidh i gceist leis an gcaiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais in 2023, agus meastar go soláthróidh infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú neodrach 0,0 pointe céatadáin leis an staid fhioscach 18 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag Éirinn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus táthar ag tuar go ndéanfaidh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, ar nós infheistíocht le haghaidh éascaíocht a dhéanamh do chur in úsáid foinsí inathnuaite, agus le haghaidh leictriú teicneolaíochtaí eile a chumasú, dhá rud a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(21)De réir an Chláir Cobhsaíochta, meastar go méadóidh an barrachas rialtais ghinearálta go 2,8 % den OTI in 2024. Den chuid is mó, léiríonn an méadú in 2024 an laghdú ar chaiteachas de réir mar a scoirtear de bhearta sealadacha caiteachais. Leis an gclár, tá coinne go dtiocfaidh laghdú go 38,2 % ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ag deireadh 2024. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin barrachas rialtais 2,2 % de OTI in 2024. Tá sé sin níos ísle ná an barrachas atá tuartha sa chlár, go príomha mar gheall ar chaiteachas níos airde i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin. I réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin, tuartar go mbeidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ar aon dul le 38,3 % ag deireadh 2024.

(22)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh ar fad in 2024. Glacann an Coimisiún leis freisin go ndéanfar bearta tacaíochta fuinnimh a chéimniú amach go hiomlán in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú an athuair ar phraghsanna fuinnimh.

(23)Sa chlár, tá sé beartaithe ag Éirinn an cuspóir buiséadach meántéarmach — comhardú struchtúrach buiséid -0,5 % de OTI 19 — a bhaint amach in 2023 agus in 2024 agus é a choinneáil ar bun ar feadh na coda eile de thréimhse an chláir. Bunaithe ar réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin, tuartar gur easnamh 0,1 % de OTI a bheidh i gceist leis an gcomhardú struchtúrach in 2023 agus barrachas 1,0 % de OTI in 2024, is é sin céatadán os cionn an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh.

(24)Ag glacadh leis nach dtiocfaidh aon athrú ar bheartais, réamh-mheastar i réamhaisnéis earraigh 2023 an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú 1,9 % ar an nglanchaiteachas príomha a mhaoinítear go náisiúnta 20 in 2024.

(25)De réir an chláir, tá coinne go méadóidh infheistíocht phoiblí ó 2,0 % de OTI in 2023 go 2,1 % in 2024. An infheistíocht níos airde, is léiriú í ar leibhéal níos airde infheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus infheistíochta a mhaoiníonn an tAontas, is é sin tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a mheastar a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin an plean gníomhaíochta ar son na haeráide a thabhairt cothrom le dáta agus saoráid lárionaid sonraí a thógáil, ar rudaí iad atá mar chuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta freisin.

(26)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, tá coinne go méadóidh an barrachas rialtais ghinearálta go 2,9 % de OTI in 2025 agus go 3,1 % faoi 2026. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go mbainfidh an comhardú rialtais ghinearálta amach luach tagartha ábhartha an Chonartha thar thréimhse an chláir. De réir an chláir, tá coinne go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ó 38,2 % ag deireadh 2024 go 32,0 % faoi dheireadh 2026.

(27)Tuartar go dtiocfaidh breis agus dúbailt ar an sciar den daonra atá níos sine ná 64 bliana d’aois i gcomparáid leis an daonra in aois oibre (20-64) faoi 2070, ionas go mbeadh níos lú ná beirt ranníocóirí féideartha ann in aghaidh gach duine ar scor, san áit a raibh beagnach ceathrar ranníocóirí ann in 2022. Mar gheall ar aosú sin an daonra, ní mór an córas pinsin a chosaint ar chostais mhéadaitheacha. De réir an athchóirithe pinsin a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2022, is é 66 bliana d’aois an aois inphinsin i gcónaí. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an rialtas aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht an chórais pinsin ar thaobh na ranníocaíochtaí. In 2023, tá coinne leis go dtíolacfaidh an rialtas treochlár le haghaidh méadú de réir a chéile ar ranníocaíochtaí árachais shóisialta idir 2024 agus 2034. D’fhágfadh sé sin gur shoiléire an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige socruithe maoiniúcháin chóras na bpinsean stáit a leagan amach.

(28)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann faoi lán seoil, ach tá moilleanna suntasacha air. Mar gheall ar acmhainní teoranta agus beartú tosaíochta neamhleor, tá Éire tite chun deiridh sa phróiseas cur chun feidhme. Thíolaic Éire leasú ar a plean i mí na Bealtaine 2023. Níor chuir Éire a céad iarratas ar íocaíocht isteach go fóill. Tá caibidil REPowerEU á hullmhú faoi láthair. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa sa phlean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na hÉireann i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

(29)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na hÉireann maidir leis an mbeartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an taistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin in Éirinn.

(30)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshláin bhreise roimh Éirinn a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, soláthar uisce óil agus cóireáil fuíolluisce, chomh maith leis an gcóras leictreachais, an bonneagar fuinnimh agus teicneolaíochtaí eangaí cliste, an creat ceadaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar inbhuanaithe agus scileanna glasa.

(31)Tá méadú ag teacht i gcónaí ar ghiniúint dramhaíola na hÉireann agus tá sí fós i bhfad os cionn mheán an Aontais. Níl aon athrú tagtha ar a feidhmíocht athchúrsála le roinnt blianta anuas. Tháinig méadú beag ar úsáid chiorclach ábhar ionas gur 2 % a bhí i gceist in 2021, ach tá an méid sin go mór faoi bhun mheán an Aontais Eorpaigh go fóill, is é sin 11,7 %. Cé go bhfuil feabhsuithe á ndéanamh ó thaobh bainistiú dramhaíola de, níl dé go fóill ar thionchar phlean gníomhaíochta dramhaíola 2020 don gheilleagar ciorclach, ná ar thionchar na straitéise geilleagair chiorclaigh uile-rialtais a foilsíodh i mí na Nollag 2021. Tá gá le tuilleadh infheistíochtaí chun cuspóirí an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach a bhaint amach. Is éard atá i gceist leis sin feabhas a chur ar bhonneagar bailithe agus cóireála dramhaíola ar leithligh chun dramhaíl a atreorú ón líonadh talún agus ón loscadh, agus béim ar leith á leagan ar an bplaisteach agus ar an mbithdhramhaíl. Maidir le bainistiú agus cáilíocht uisce, tá ar Éirinn aghaidh a thabhairt ar bhonneagar atá ag dul in aois agus atá as dáta, rud a fhágann go bhfuil ceann de na rátaí sceite píopaí is airde san Aontas aici. Ina theannta sin, is fadhb é cáilíocht an uisce óil i limistéir áirithe fós. Ní thugtar aghaidh ar bhealach leordhóthanach ar dhíghrádú cháilíocht an uisce de dheasca leathnú na talmhaíochta. Tá gá le hinfheistíocht bhonneagair i dtaca le hathshlánú na naibhneacha freisin, sin agus le cur chuige níos cuimsithí chun éilliú uisce ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta a rialú.

(32)Chonacthas in 2022 go bhfuil leochaileacht ag baint le córas cumhachta na hÉireann mar gur ghá bearta tacaíochta éigeandála a dhéanamh mar thoradh ar fhadhbanna soláthair leictreachais. Áirítear ina plean um ghníomhú ar son na haeráide an sprioc uaillmhianach córas fuinnimh na tíre a athrú ó bhonn faoi 2030 ionas gur leictreachas inathnuaite a bheidh in 80 % den leictreachas. Is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh lear mór giniúint athraitheach ann. An tsolúbthacht atá ag baint leis an gcóras féin agus le comhtháthú an chórais faoi láthair, ní leor iad chun dul i ngleic leis an lear mór giniúint athraitheach sin ná leis an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar fhuinneamh, go háirithe ó lárionaid sonraí, agus d’fhéadfadh sé go bhfágfadh an méid sin gur dheacair an sprioc maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh a bhaint amach. Solúbthacht ar thaobh an éilimh, agus uasghráduithe móra ar an mbonneagar tarchurtha, dáilte agus stórála, is rudaí iad sin a bheidh ríthábhachtach i dtaca le spleáchas na hÉireann ar allmhairí breosla iontaise a laghdú agus leis an aistriú chuig córas fuinnimh aeráidneodrach a éascú agus a luathú. Ceann de na príomhdhúshláin a bhaineann le solúbthacht ar thaobh an éilimh a fhorbairt is ea nach bhfuil straitéis chomhordaithe ann lena gcumhdófaí an córas fuinnimh ina iomláine, lena náirítear téamh agus fuarú, agus ceann eile de na dúshláin sin is ea easpa bonneagair méadraithe chliste. Ach feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais pleanála agus ceadaithe le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh, stórála agus nascóirí eangaí, trína áirithiú go mbeadh líon foirne iomchuí ar fáil ag gach céim de phróisis phleanála, agus scileanna leormhaithe ag an bhfoireann sin, agus tríd an gcreat foriomlán a chuíchóiriú, d’fhéadfaí dlús a chur le forbairtí mórscála agus, ar an gcaoi sin, dlús a chur leis an aistriú glas.

(33)Tháinig laghdú 0,2 % ar thomhaltas gáis nádúrtha in Éirinn sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, rud atá i bhfad faoi bhun an sprioclaghdaithe 15 %. D’ainneoin na díolúine a deonaíodh d’Éirinn, moltar d’Éirinn feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun an téileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 21 . Beidh ról lárnach ag bearta éifeachtúlachta fuinnimh maidir le tomhaltas fuinnimh a laghdú agus le cuidiú an sprioc uile-Aontais a bhaint amach, is é sin glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad. Uasghráduithe fuinnimh cónaithe, iarfheistiú agus imscaradh tapa téimh inathnuaite, is rudaí iad sin a bheidh ríthábhachtach i dtaca le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Tá spriocanna uaillmhianacha ann coibhéis 500 000 teach a iarfheistiú ionas go mbainfidh siad amach Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) B2, chomh maith le 400 000 teaschaidéal a shuiteáil i dtithe atá ann cheana lena gcur in ionad córais téimh atá níos sine agus nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna faoi dheireadh 2030, ach ina ainneoin sin, tá dúshláin fós ann, mar gheall ar an nganntanas oibrithe oilte den chuid is mó. Tá líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflít na hÉireann ag fás go tapa ó bhonn aníseal, ach táthar ag streachailt ó thaobh dlús na bpointí athluchtaithe poiblí a choinneáil cab ar chab leis an bhfás sin. Níl ach thart ar 100 ciliméadar de línte iarnróid ann atá leictrithe, rud a fhágann gurb í Éire an Ballstát den Aontas a bhfuil an sciar is ísle d’iarnróid leictrithe aici. Ina theannta sin, tá brú tráchta ann a bhfuil cáilíocht an aeir agus am comaitéireachta thíos go mór leis.

(34)Tá ganntanas lucht saothair agus scileanna ann in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach maidir leis an aistriú glas, lena náirítear monarú, imscaradh agus cothabháil teicneolaíochtaí aeráidneodracha, rud a fhágann go bhfuil scrogaill ann i dtaca leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthábhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas-sciliú agus an tathsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe le haghaidh daoine aonair agus sna hearnálacha agus sna réigiún is mó a ndéanann an taistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh go raibh ganntanas lucht saothair ann in Éirinn i gcás 12 ghairm bheatha ina dteastaíonn scileanna nó eolas sonrach le haghaidh an aistrithe ghlais, gairmithe cosanta comhshaoil, gairmithe innealtóireachta agus innealtóirí leictreacha ina measc. Ina theannta sin, tuairiscíodh gur rud ab ea ganntanas lucht saothair a chuir srian ar tháirgeadh sa tionsclaíocht (46,8 % de ghnólachtaí) agus sa tógáil (60,3 % de ghnólachtaí).

(35)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar an gClár Cobhsaíochta don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim 22 i moladh (1) thíos.

(36)I bhfianaise na nidirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú i dtaca leis na praghsanna fuinnimh; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur ag an am céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí costéifeachtúil, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacraairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint ag an am céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na hÉireann, rannchuidíonn moltaí (1), (2), (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad, an dara agus an tríú moladh maidir leis an limistéar euro.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh Éire in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023. Dá mbeadh gá le bearta tacaíochta chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, a áirithiú go mbeidís dírithe ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. Agus staid fhioscach fhónta á coinneáil ar bun in 2024, infheistíocht phoiblí a maoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go nionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach a chothú.

Don tréimhse tar éis 2024, leanúint d’infheistíocht agus d’athchóirithe a shaothrú a chuideoidh le tuilleadh fás inbhuanaithe agus staid fhioscach meántéarmach stuama a chaomhnú.

Inbhuanaitheacht fhioscach chóras na bpinsean stáit a áirithiú trí shocruithe maoiniúcháin an chórais sin a shonrú.

2.Dlús suntasach a chur le cur chun feidhme a plean téarnaimh agus athléimneachta, trí acmhainní leordhóthanacha a áirithiú freisin, agus an aguisín agus an chaibidil REPowerEU a thabhairt chun críche go pras d’fhonn tús a chur go mear lena cur chun feidhme. Dul ar aghaidh le cur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin.

3.Dlús a chur le hinfheistíochtaí chun borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach. An bonneagar cóireála dramhaíola a bhaineann leis na céimeanna arda d’ord na réiteach dramhaíola a fhorbairt a thuilleadh, sin agus ionstraimí eacnamaíocha chun dramhaíl a chosc agus chun cur lena mhéad ábhar a athúsáidtear, a athmhonaraítear agus a athchúrsáiltear. Córas níos éifeachtaí a fhorbairt chun dramhaíl inathchúrsáilte a bhailiú ar leithligh, lena náirítear dramhaíl inbhithdhíghrádaithe. Dramhaíl a atreorú ón líonadh talún agus ón loscadh, agus béim ar leith á leagan ar an bplaisteach agus ar an mbithdhramhaíl. Tuilleadh díchill a dhéanamh i dtaca le dlús a chur le hinfheistíochtaí sa bhonneagar uisce óil agus fuíolluisce.

4.An spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Díriú ar fheabhas a chur ar an tsolúbthacht sa chóras leictreachais agus ar chomhtháthú an chórais fuinnimh. Straitéis thiomnaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme chun freagairt ar thaobh an éilimh a fhorbairt, agus dlús a chur le feidhmiú céimneach bonneagair méadraithe chliste agus teicneolaíochtaí eangaí cliste. Cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcreat pleanála agus ceadaithe le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh, stórála agus nascóirí eangaí. Bearta breise a chur chun feidhme a thacódh leis an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí chun billí fuinnimh agus costais córais fuinnimh a laghdú. Dlús a chur le suiteáil pointí athluchtaithe poiblí le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

 

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(3)    COM(2022) 780 final.
(4)    COM(2023) 62 final.
(5)    COM(2023) 168 final.
(6)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(7)    COM(2023) 141 final.
(8)    COM(2022) 583 final.
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Meán Fómhair 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann (ST 11046/21; ST 11046/21 ADD 1).
(10)    SWD(2023) 607 final.
(11)    Táscairí EurostatEuro, 47/2023, 21.4.2023
(12)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÉireann don bhliain 2021, IO C 304, 29.7.2021, lch. 28.
(13)    Is é rud a bhíonn i gceist le tomhas na staide fioscaí an tathrú ar phríomhchaiteachas (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh, ach lena náirítear caiteachas a mhaoinítear trí thacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fioscacha.
(14)    Sholáthair caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta rannchuidiú neodrach dar luach 0,0 pointe céatadáin de OTI.
(15)    Is ionann an figiúr agus leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le — i gcás inarb ábhartha — bearta caiteachais chaipitil.
(16)    Moladh ón gComhairle maidir le Clár Náisiúnta na hÉireann um Athchóiriú don bhliain 2022 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hÉireann don Bhliain 2022, IO C 334, 1.9.2022, lch. 52. 
(17)    Ar bhonn réamhaisnéis earrach 2023 an Choimisiúin, meastar gur 12,3 %, i dtéarmaí ainmniúla, atá i gceist le fás aschuir féideartha meántéarmach na hÉireann (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
(18)    Táthar ag tuar go soláthrófar rannchuidiú leathnaitheach dar luach 0,1 pointe céatadáin de OTI leis an gcaiteachas caipitil eile a mhaoinítear go náisiúnta.
(19)    An comhardú struchtúrach (iarmhéid atá coigeartaithe go timthriallach agus atá glan ó bhearta aonuaire agus sealadacha) arna athríomh ag an gCoimisiún agus úsáid á baint as an modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann, léirítear leis easnamh struchtúrach 0,9 % de OTI in 2023 agus barrachas 0,1 % in 2024.
(20)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis agus caiteachas dífhostaíochta timthriallaí san áireamh.
(21)    Rialacháin (AE) 2022/1369 agus (AE) 2023/706 ón gComhairle.
(22)    Faoi Airteagail 5(2) agus 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.
Top