Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0604

    Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Náisiúnta na Danmhairge um Athchóiriú don bhliain 2023

    COM/2023/604 final

    An Bhruiséil,24.5.2023

    COM(2023) 604 final

    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta na Danmhairge um Athchóiriú don bhliain 2023

    {SWD(2023) 604 final}


    Moladh le haghaidh

    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár Náisiúnta na Danmhairge um Athchóiriú don bhliain 2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 2 lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an taistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

    (2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, 3 rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh nár sainaithníodh ann go bhfuil an Danmhairg ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinnathbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.

    (3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an taistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.

    (4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré GhlanNialasach 4 chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glannialasachta agus leis na táirgí glannialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus chun an rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena náirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na namhábhair a uasmhéadú. Tá an plean bunaithe ar cheithre cholún: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 5 teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.

    (5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

    (6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 6 arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glannialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na GlanNialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna neisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    (7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. 7 Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh phraghas an fhuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. 8 Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go núsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.

    (8)An 26 Aibreán 2023, chuir an Coimisiún i láthair tograí reachtacha chun athchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí sin inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. Is é is aidhm do na tograí níos mó smachta a thabhairt do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, agus córas forfheidhmiúcháin níos déine á chur i bhfeidhm freisin chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thug siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.

    (9)An 30 Aibreán, chuir an Danmhairg a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 6 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Danmhairge 9 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Danmhairg. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

    (10)An 1 Bealtaine 2023, chuir an Danmhairg a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 isteach. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Danmhairge maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach. Ós rud é nár chuir an Danmhairg a Clár um Chóineasú don bhliain 2023 isteach go tráthúil, ní raibh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh air.

    (11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 don Danmhairg 10 an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Danmhairge ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Danmhairge. Ar bhonn na hanailíse sin, léiríodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Danmhairge ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (12)Ar bhonn sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, 11 tháinig laghdú ar bharrachas rialtais ghinearálta na Danmhairge ó 3,6 % de OTI in 2021 go 3,3 % in 2022, agus thit an ollfhiachas rialtais ó 36,7 % de OTI ag deireadh 2021 go 30,1 % ag deireadh 2022.

    (13)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, áiríodh leis na bearta laghdaithe ioncaim sin laghdú ar an tobhach leictreachais agus áiríodh leis na bearta méadaithe caiteachais sochair shóisialta a bhí dírithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal chun costais arda fuinnimh a chúiteamh. Measann an Coimisiún go mbeidh costas buiséadach na mbeart sin cothrom le 0,1 % de OTI in 2022. An tráth céanna, thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID19 go 0,0 % de OTI in 2022 ó 4,0 % in 2021.

    (14)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an Danmhairg 12 staid fhioscach atá fabhrach i gcónaí in 2022, lena náirítear an seasamh ón spreagadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.

    (15)De réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 13 in 2022 crapthach ag leibhéal 0,6 % de OTI a bhí iomchuí i gcomhthéacs boilsciú ard. Mar a mhol an Chomhairle, lean an Danmhairg de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí infheistíochtaí atá le maoiniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. 0,3 % de OTI in 2022 a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile ón Aontas (0,3 % de OTI in 2021). Chuir infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach de 0,2 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. 14 Dá bhrí sin, níor chaomhnaigh an Danmhairg infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, rud nach raibh i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. An tráth céanna, chuir an méadú ar chaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) ranníocaíocht chrapthach dar méid 0,7 pointe céatadáin leis an staid fhioscach. Dá bhrí sin, bhí smacht leordhóthanach ag an Danmhairg ar an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.

    (16)I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh fíorfhás OTI de 0,3 % in 2024 agus de 1,5 % in 2024.

    (17)Tuartar i réamhaisnéis earraigh ón gCoimisiún in 2023 barrachas rialtais de 2,3 % de OTI le haghaidh 2023 agus cóimheas ollfhiachais rialtaisOTI de 30,1 % ag deireadh 2023.

    (18)Meastar go leanfaidh na bearta fioscacha a glacadh chun tionchar a imirt ar chomhardú an rialtais in 2023 chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh ama leo ó 2022 (go háirithe, bhí sochair shóisialta áirithe dírithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal) agus bearta nua amhail tobhach leictreachais atá níos ísle go sealadach. Tuartar glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún ag leibhéal 0,3 % de OTI in 2023 15 . De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais chun an téileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, meastar gurb é 0,1 % de OTI in 2023 méid na mbeart tacaíochta spriocdhírithe atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta fhioscaigh le haghaidh 2023, i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún (i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2022).

    (19)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 16 go ndéanfadh an Danmhairg gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 17 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don Danmhairg a bheith ar tinneall chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Moladh don Danmhairg freisin cur le hinfheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile ón Aontas.

    (20)I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh an staid fhioscach leathnaitheach in 2023(-0.4 % de OTI), i gcomhthéacs boilsciú ard. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach chrapthach a bheith ann in 2022 (0,6 % de OTI). Réamhmheastar go gcuirfidh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,6 % de OTI leis an staid fhioscach. Níl rannchuidiú fairsingiúcháin glanchaiteachais reatha príomha a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Tá sé mar thoradh freisin ar an gcostas a bhaineann le bearta fuinnimh neamhspriocdhírithe agus méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta agus ar chaiteachas níos airde ar an gcúram sláinte. San iomlán, níl an fás réamhmheasta ar chaiteachas príomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Ba é 0,3 % de OTI an caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile ón Aontas in 2023, agus thug infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,1 pointe céatadáin don staid fhioscach 18 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Danmhairg infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile ón Aontas agus tuartar go ndéanfaidh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh an aistrithe ghlas agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail bearta éifeachtúlachta fuinnimh, athchóiriú cánach glas agus bearta soghluaisteachta glaise a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas.

    (21)Ar bhonn bearta beartais atá ar eolas ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún barrachas rialtais de 1,3 % de OTI in 2024 agus cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI de 28,8 % ag deireadh 2024. Faoi láthair, glacann an Coimisiún leis go gcuirfear deireadh leis na bearta tacaíochta fuinnimh de réir a chéile go hiomlán in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú ar phraghsanna fuinnimh athnuaite.

    (22)Is dócha go leanfaidh an Danmhairg de chuspóir buiséadach meántéarmach de -1,0 % de OTI a bhaint amach, mar a mheas an Coimisiún le haghaidh na tréimhse 2023-2025, in 2023 agus in 2024. Ar bhonn réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh an comhardú struchtúrach cothrom le 3,5 % de OTI in 2023 agus 2,1 % de OTI in 2024 a bheidh os cionn an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh.

    (23)I réamhaisnéis earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go dtiocfaidh méadú ar leibhéal 4,6 % in 2024 ar an gcaiteachas príomha a mhaoinítear go náisiúnta, ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú ar bheartais.

    (24)Tá uasteorainn le cánacha reatha athfhillteacha maoine sa Danmhairg, rud a chiallaíonn nach méadaíonn siad de réir phraghsanna an mhargaidh. Níl siad in ann, dá bhrí sin, deireadh a chur le timthriallta praghsanna tithe agus tá éifeachtaí díobhálacha dáileacháin i gceist leo. D’fhormheas Parlaimint na Danmhairge córas nua cánach maoine chun deireadh a chur leis an uasteorainn in 2017 a bhfuiltear ag súil leis anois go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024. Tá sé fós ina dhúshlán mór do go leor daoine tithíocht inacmhainne a fháil. Tá ganntanas tithíochta inacmhainne i mórlimistéir uirbeacha mar thoradh ar an teaglaim de phraghsanna arda tithe agus amanna feithimh fada le haghaidh tithíocht shóisialta. Léiríonn an Danmhairg sciar méadaitheach de mhorgáistí amúchta ar ráta athraitheach agus ar mhorgáistí amúchta iarchurtha, rud a mhéadaíonn leochaileacht sealbhóirí morgáiste a bhfuil fiachais ollmhóra acu i leith laghduithe féideartha breise i bpraghsanna tithe agus/nó méaduithe i rátaí úis.

    (25)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Danmhairge faoi lán seoil. Chuir an Danmhairg iarraidh amháin ar íocaíocht isteach a chomhfhreagraíonn do 25 gharsprioc agus sprioc sa phlean agus a raibh eisíocaíocht fhoriomlán EUR 301 milliún mar thoradh uirthi. Anuas ar an gcéad iarraidh ar íocaíocht, tá cur chun feidhme an phlean ar an mbóthar ceart, agus táthar ag súil go gcuirfear an dara híocaíocht isteach faoi dheireadh 2023. Táthar ag ullmhú caibidil nua REPowerEU d’fhonn í a chur isteach i mí na Bealtaine. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Danmhairge i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach go héifeachtach agus ar bhonn córasach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.

    (26)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Danmhairge maidir le beartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an taistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Danmhairg.

    (27)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise roimh an Danmhairg a bhaineann le dícharbónú an gheilleagair agus le neartú an gheilleagair chiorclaigh chun tacú leis an aistriú glas.

    (28)Ní leor an dul chun cinn atá déanta ag an Danmhairg i dtreo geilleagar ciorclach agus is gá dlús a chur leis chun spriocanna an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach a bhaint amach. In ainneoin roinnt beart beartais a tugadh isteach anuraidh amhail an Plean Aeráide, tá an dul chun cinn teoranta. Léirítear sa phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach gur as na 129 dtionscnamh sa phlean, tá 27 dtionscnamh curtha i gcrích, tá 88 dtionscnamh de réir an sceidil agus tá moill ar 14 cinn díobh. Léiríonn na staitisticí atá ar fáil nach ndearna an Danmhairg aon dul chun cinn maidir le giniúint dramhaíola, leis an athchúrsáil agus leis an ngeilleagar ciorclach in 2022. Is ar éigean a tháinig laghdú ar an úsáid chiorclach a baineadh as ábhar, ó leibhéal 8 % in 2016 go 7,8 % in 2021, rud a thit faoi bhun mheán an Aontais de 11,7 % in 2021. Cé gurb é is aidhm do phlean gníomhaíochta an gheilleagair chiorclaigh lorg amhábhair an Aontais a laghdú go suntasach, bhí lorg amhábhair na Danmhairge in 2020 cothrom le 25,6 tona/capita, leibhéal atá i bhfad os cionn mheán 2020 an Aontais (13,7 tona/capita). Níl an Danmhairg ag feidhmiú go cuí i roinnt gnéithe den gheilleagar ciorclach, go háirithe maidir le giniúint dramhaíola cathrach, le rátaí athchúrsála agus le cur amú bia. Maidir le dramhaíl chathrach, is ag an Danmhairg fós atá an méid is airde dramhaíola cathrach in aghaidh an duine san Aontas Eorpach ar úsáideadh 786 kg in aghaidh na bliana in aghaidh an duine in 2021 (530 kg in aghaidh na bliana in aghaidh an duine in 2021 a bhí i meán an Aontais), i gcomhthéacs nach bhfuil aon sprioc náisiúnta ann maidir le laghdú foriomlán ar dramhaíl. Maidir le hathchúrsáil, ní mór don Danmhairg iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun sprioc athchúrsála an Aontais le haghaidh 2025 a bhaint amach maidir le dramhaíl chathrach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus tá sí rangaithe faoi bhun mheán an Aontais ag leibhéal de 49.6 % a raibh ráta 34,3 % ann in 2021. Ar deireadh, bíonn an Danmhairg ag feidhmiú go dona san Aontas Eorpach de réir táscairí cur amú bia. Braitheann an Danmhairg go mór ar loscadh dramhaíola, agus déantar os cionn 50 % dá dramhaíl chathrach a loscadh i gcomparáid le meán an Aontais de thart ar 26 %.

    (29)Tá an Danmhairg tiomanta do chuspóirí uaillmhianacha dícharbónaithe agus is ceannródaí í maidir le glacadh fuinnimh inathnuaite, go háirithe maidir le táirgeadh gaoithe. Tháinig laghdú 25,2 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Danmhairge sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, laghdú atá thar an sprioc laghdaithe de 15 %. D’ fhéadfadh an Danmhairg leanúint d’iarrachtaí chun an téileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024 19 . Chun a chuspóirí dícharbónaithe a bhaint amach agus sciar na bhfoinsí inathnuaite sa mheascán fuinnimh a mhéadú, tá sé ríthábhachtach tionscadail a choimisiúnú ar bhealach níos tapúla agus rialacha simplithe ceadaithe chun uaillmhianta náisiúnta a bhaint amach maidir le leathadh amach na hacmhainneachta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus ar tír. Le hacmhainneachtaí breise, lena náirítear oileáin fuinnimh i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh, beidh gá le pleanáil leordhóthanach chun an eangach a leathnú ar an leibhéal tarchurtha agus dáileacháin. Idir an dá linn, is féidir le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh an gá atá le hinfheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh a laghdú. Trí bhorradh a chur faoi bhearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh, trí bhearta inslithe agus leathadh amach foinsí téimh dícharbónaithe a chomhcheangal, d’fhéadfaí an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú tuilleadh agus an téileamh ar fhuinneamh a laghdú. D’fhéadfaí tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí trí dheireadh a chur leis na teorainneacha buiséid ar thionscadail ghlasa do bhardais agus do réigiúin. Chabhródh bearta breise a thacaíonn le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh phríobháideacha le costais arda fuinnimh a laghdú sa Danmhairg a raibh na billí fuinnimh teaghlaigh ar an meán sa tír ar an dara méid ab airde in 2022. Is féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh trí ghníomhaíochtaí tionsclaíocha intíre, go háirithe trí bharrachas teasa i dtéamh ceantair a shaothrú.

    (30)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glannialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena náirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glannialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uassciliú agus an tathsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na nearnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an taistriú glas difear dóibh. In 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair sa Danmhairg le haghaidh 60 gairm bheatha a raibh scileanna nó eolas sonrach ag teastáil uathu le haghaidh an aistrithe ghlais, lena náirítear innealtóirí comhshaoil, gairmithe cosanta comhshaoil agus ailtirí tógála. Cé go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar scileanna glasa, tá laghdú suntasach tagtha ar líon na noibrithe i dtionscail dianfhuinnimh a ghlacann páirt san oideachas agus san oiliúint le linn na tréimhse roimhe seo, ó 24,6 % in 2015 go 15,6 % in 2021.

    AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Danmhairg in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023. I gcás ina mbeadh gá le bearta tacaíochta de bharr méaduithe ar phraghsanna fuinnimh athnuaite, a áirithiú go ndíreoidh na bearta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidh siad inacmhainne go fioscach, agus go ndéanfaidh siad dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh a chaomhnú.

    Agus staid fhioscach fhónta á coinneáil in 2024, infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus ionsú éifeachtach deontais RRF agus cistí eile ón Aontas a áirithiú, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.

    Le haghaidh na tréimhse tar éis 2024, leanfaidh siad d’infheistíocht agus d’athchóirithe a shaothrú a chuideoidh le fás inbhuanaithe níos airde agus staid fhioscach mheántéarmach stuama a chaomhnú.

    An córas nua cánach maoine a chur chun feidhme chun an nasc idir praghsanna agus cánacha an mhargaidh a athshlánú agus cánachas níos cothroime a áirithiú. Dlús a chur leis an infheistíocht i dtógáil tithíochta inacmhainne chun na riachtanais is práinní a mhaolú.

    2.Leanúint dá plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go leanúnach agus bailchríoch a chur go pras ar chaibidil REPowerEU d’fhonn tús a chur lena chur chun feidhme go tapa. Leanúint de chur chun feidhme tapa chláir an bheartais chomhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.

    3.An geilleagar ciorclach agus beartais bainistithe dramhaíola a neartú, lena náirítear trí dhlús a chur le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta náisiúnta na Danmhairge le haghaidh an gheilleagair chiorclaigh, trí chosc dramhaíola agus athúsáid dramhaíola cathrach agus dramhaíola eile a chur chun cinn, trí rátaí athchúrsála a mhéadú, trí dhramhaíl bhia a laghdú, agus trí aistriú ó dhramhaíl chathrach a loscadh i dtreo foinsí giniúna teasa níos glaise.

    4.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus sciar na bhfoinsí inathnuaite sa soláthar fuinnimh a mhéadú. Aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhéadaitheacha éilimh agus solúbthachta trí na forbairtí riachtanacha ar an ngréasán leictreachais ar an leibhéal tarchurtha agus dáileacháin a dhreasú. Cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme maidir le deonú ceadanna le haghaidh an fhuinnimh inathnuaite. Bearta breise a chur chun feidhme a thacaíonn le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí chun billí fuinnimh agus costais an chórais fuinnimh a laghdú. Leathadh amach níos fearr d’fhoinsí téimh dícharbónaithe a áirithiú. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
    (2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
    (3)    COM(2022) 780 final.
    (4)    COM(2023) 62 final.
    (5)    COM(2023) 168 final.
    (6)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
    (7)    COM(2023) 141 final.
    (8)    COM(2022) 583 final.
    (9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Danmhairge (10154/2021).
    (10)    SWD(2023) 604 final.
    (11)    Táscairí EurostatEuro, 47/2023, 21.4.2023
    (12)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Danmhairge don bhliain 2021, IO C 304, 29.7.2021, lch. 14.
    (13)    Is é rud a bhíonn i gceist le tomhas na staide fioscaí an tathrú ar chaiteachas príomhúil (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID19 a áireamh, ach lena náirítear caiteachas a mhaoinítear trí thacaíocht neamhinaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas le hacmhainneacht fáis mheántéarmaigh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Bosca 1 sna Táblaí Staidrimh Fhioscaigh.
    (14)    Réamhmheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta rannchuidiú fairsingiúcháin de 0,3 pointe céatadáin de OTI.
    (15)    Is é atá san fhigiúir leibhéal chostas bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le — i gcás inarb ábhartha — bearta caiteachais chaipitil.
    (16)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta na Danmhairge um Athchóiriú agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár na Danmhairge um Chóineasú don bhliain 2022, IO C 334, 1.9.2022, lch. 27. 
    (17)    Ar bhonn réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, meastar gur 1,9 %, i dtéarmaí ainmniúla, a bheidh san fhás aschuir féideartha meántéarmach a dhéanfaidh an Danmhairg (meán 10 bliana), céatadán a úsáidtear chun an staid fhioscach a thomhas.
    (18)    Réamhmheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht chraptha 0,2 pointe céatadáin de OTI.
    (19)    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle
    Top