AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.10.2023
COM(2023) 577 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An t-athrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta
1.RÉAMHRÁ
Tá saol níos faide agus níos sláintiúla á chaitheamh ag daoine ar fud na hEorpa anois. Tá ardú tagtha ar an ionchas saoil a bhuí le dul chun cinn leathan sóisialta agus eacnamaíoch na hEorpa le blianta beaga anuas, lena n‑áirítear caighdeáin mhaireachtála fheabhsaithe, rochtain fheabhsaithe ar oideachas agus ar oiliúint, agus dul chun cinn feabhsaithe i gcúram sláinte agus leigheas. Agus méadú ag teacht ar an ionchas saoil, ní mór don Eoraip ‘sochaí fadsaolaí’ a chruthú ina dtabharfar meas don tréimhse níos faide atá á chaitheamh sa tseanaois, ina dtugtar cumhacht do shaoránaigh scothaosta agus ina gcothófar leas agus folláine na glúine seo chomh maith leis na glúnta atá le teacht.
Tá tionchar díreach ag an athrú déimeagrafach ar chaipiteal daonna an Aontais agus ar a iomaíochas, áfach. Tá coinne leis go ndéanfar ganntanais saothair níos measa agus go méadófar an brú ar bhuiséid phoiblí de dheasca aosú an daonra agus an laghdaithe ar an daonra atá in aois oibre Is dócha go mbeidh tionchar as cuimse ag aosú an daonra ar infheistíocht, ar tháirgiúlacht agus ar ghníomhaíocht fiontraíochta. Ina theannta sin, déanann an t‑athrú déimeagrafach difear do chomhtháthú sóisialta, críochach agus idirghlúine ár sochaithe daonlathacha toisc go bhfuil tionchar níos mó aige ar roinnt Ballstát agus réigiún ná a chéile.
Ina conclúidí i mí an Mheithimh 2023, d’iarr an Chomhairle Eorpach bosca uirlisí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus go háirithe a dtionchar ar bhuntáiste iomaíoch na hEorpa. Tá saoránaigh ag súil le gníomhaíocht chomhpháirteach ón Aontas agus óna rialtais náisiúnta chun an t‑athrú déimeagrafach agus a thionchair a bhainistiú. Ba cheart na beartais ábhartha a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais inscne agus na cothroime idirghlúine, a bheith bunaithe ar réaltachtaí áitiúla a chuireann réigiúin thuaithe agus iargúlta san áireamh, agus mórthreochtaí domhanda eile a chur san áireamh, amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Mar gheall ar scála an chúraim sin, teastaíonn cur chuige comhordaithe uile-rialtais ina mbeidh gach gníomhaí sa gheilleagar agus sa tsochaí páirteach ar bhealach daonlathach cuimsitheach. Agus aghaidh á tabhairt air ar an mbealach sin, féadfar treochtaí déimeagrafacha a bhainistiú chun athléimneacht na hEorpa a neartú ar an iomlán, mar atá curtha i dtábhacht ag saoránaigh an Aontais i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
Braitheann an t‑athrú déimeagrafach go príomha ar roghanna saoil a dhéanann daoine aonair agus teaghlaigh. Mar sin féin, ba cheart go gcuideodh beartais an Aontais agus beartais náisiúnta lena áirithiú gur féidir le daoine san Eoraip a gcuid mianta a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart beartais phoiblí agus tacaíocht ar an leibhéal ábhartha a choigeartú d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
I.mianta teaghlaigh agus obair íoctha a thabhairt chun réitigh ar bhealach níos fearr, go háirithe trí rochtain ar chúram leanaí ar ardchaighdeán agus cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú, d’fhonn comhionannas inscne a chothú;
II.cuidiú leis na glúnta óga déanamh go maith agus iad a chumhachtú, a gcuid scileanna a fhorbairt, a rochtain ar mhargadh an tsaothair agus ar thithíocht inacmhainne a éascú;
III.na glúnta scothaosta a chumhachtú agus a leas a chothú, trí athchóirithe mar aon le beartais iomchuí maidir le margadh an tsaothair agus maidir leis an áit oibre;
IV.i gcás inar gá, cuidiú le ganntanais lucht saothair a líonadh trí imirce dhleathach bhainistithe i gcomhlántacht iomlán le leas a bhaint as buanna ó laistigh den Aontas.
Ba cheart uirlisí an Aontais – ionstraimí rialála, creataí beartais agus cistiú – a chomhcheangal ar bhealach éifeachtach le beartais náisiúnta agus réigiúnacha chun gach glúin a chumhachtú agus tacú leo a roghanna saoil agus a gcumas sa gheilleagar agus sa tsochaí i gcoitinne a bhaint amach.
2.TÁ ÁR nGEILLEAGAIR AGUS ÁR SOCHAITHE Á nATHMHÚLÚ AG AN ATHRÚ DÉIMEAGRAFACH
Sna blianta amach romhainn, d’fhéadfadh aosú agus laghdú leanúnach dhaonra an Aontais tionchar diúltach a imirt ar iomaíochas fadtéarmach an Aontais. Ar fud an domhain, réamh‑mheastar go bhfásfaidh daonra an domhain i rith an 21ú haois agus beidh an t‑aosú ina threocht dhéimeagrafach a bheidh a thábhacht ar fud an domhain ag méadú i gcónaí. Ní hionann treo agus luas an athraithe dhéimeagrafaigh ar fud na dtíortha agus réamh‑mheastar go dtarlóidh sciar mór d’fhás daonra an domhain i dtíortha ísealioncaim. Laistigh den Aontas, mar gheall ar aosú agus ar rátaí breithe atá ag laghdú, shroichfidh an daonra buaicphointe thart ar 2026 agus tiocfaidh laghdú air de réir a chéile sna blianta amach romhainn. Réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an daonra in aois oibre san Aontas (faoi 57.4 milliún faoi 2100) agus go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas seanaoise agus cleithiúnais (ó 33 % go 60 % faoi 2100). Mar thoradh ar na treochtaí sin, leanfaidh cion an Aontais de dhaonra an domhain de bheith ag laghdú (ó 6 % inniu go dtí faoi bhun 4 % in 2070), rud a d’fhéadfadh ualú coibhneasta an Mhargaidh Aonair sa gheilleagar domhanda a laghdú agus cumhacht gheopholaitiúil an Aontais a laghdú.
Cion measta agus réamh‑mheasta de dhaonra an domhain DE RÉIR NA MÓR-ROINNE, 1960-2100 (in %)
Leis an athrú déimeagrafach - mura dtugtar aghaidh air - d’fhéadfadh sé go n‑éireoidh na ganntanais saothair níos measa arís, rud a chruthódh baic sa gheilleagar. Tá na ganntanais saothair san Aontas ar na leibhéil is airde riamh faoi láthair, agus tá an daonra in aois oibre atá ag laghdú ar cheann de roinnt tosca éagsúla. Tá an‑éileamh go háirithe ar ghairmithe in ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, matamaitic), TFC (teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide), tógáil agus cúram, agus iompar (go sonrach tiománaithe trucaile agus cóiste) i roinnt Ballstát agus réigiún. De réir mar a rachaidh na daoine de ‘ghlúin an bhabaíbhorrtha’ (daoine a rugadh idir lár na 1940í agus lár na 1960í) ar scor go dtí lár na 2030í, meastar go dtiocfaidh méadú mór ar na ganntanais i bpoist ardoilte agus íseal-oilte in éagmais treochtaí cúitimh. Féadfar ganntanais saothair a mhaolú trí bheartais gníomhachtaithe saothair agus méaduithe pá i ngairmeacha atá buailte go mór. Mura dtacaíonn méaduithe ar tháirgiúlacht leo, áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar freisin ag costais saothair atá ag ardú ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais i leith iomaitheoirí i ngeilleagair mhóra eile.
Féadfaidh an t‑athrú déimeagrafach deiseanna nua a chruthú in earnálacha éagsúla, ach cuireann sé le dúshláin áirithe a bhaineann le spleáchais straitéiseacha. Le daonra na hEorpa atá ag dul in aois, ardaítear acmhainneacht ‘gheilleagar na ndaoine scothaosta’ go dtí thart ar 28.1 % de OTI an Aontais in 2025. I ‘sochaí fadsaolaí’, tagann deiseanna chun cinn in earnálacha agus i réimsí éagsúla, amhail teicneolaíocht, sláinte agus cúram, leigheas, cothú agus folláine, oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil, iompar agus seirbhísí airgeadais, agus an geilleagar sóisialta. Tá tionchar ag athruithe déimeagrafacha freisin ar rochtain ar chógais leighis chriticiúla áirithe, tríd an éileamh ar chógais atá curtha in oiriúint do dhálaí a bhaineann le haois agus do chúram geiriatrach a ardú, rud a imríonn tionchar ar thosaíochtaí T&D earnáil na cógaisíochta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ganntanais lucht saothair a bheith ina mbac ar uaillmhianta chun táirgeadh áitiúil a mhéadú.
Cuireann an t‑athrú déimeagrafach le dúshlán na táirgiúlachta. Le táirgiúlacht níos airde, a spreagtar i bpáirt le nuálaíocht agus uathoibriú (e.g. úsáid na róbataice, na hintleachta saorga), chomh maith le pá a bhaineann leis na forbairtí sin a chruinniú, féadfar ‘díbhinn fadsaolaí’ a bheith ann a chuideoidh leis an laghdú ar an daonra in aois oibre a chúiteamh. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé dúshlánach méaduithe leanúnacha ar tháirgiúlacht a bhaint amach, go háirithe ós rud é go gcuirtear acmhainní i dtreo tomhaltais seachas infheistíocht tháirgiúil mar gheall ar rátaí coigiltis níos ísle na nglúnta scothaosta. D’fhéadfadh níos mó imní a bheith ar oibrithe scothaosta freisin mar gheall ar an riachtanas a scileanna a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, le haosú an daonra laghdaítear gníomhaíocht fiontraíochta toisc gur lú an seans go dtosóidh na cohóirt scothaosta gnó nua agus go n‑ éireoidh aistriú gnó idirghlúine níos casta agus nach ndéanfar é chomh minic.
Cad a cheapann muintir na hEorpa faoin athrú déimeagrafach agus a iarmhairtí?]
De réir thorthaí nua suirbhé ó Eorabharaiméadar, aontaíonn 7 nEorpach as gach 10 nEorpach go gcuireann treochtaí déimeagrafacha rathúnas agus iomaíochas eacnamaíoch fadtéarmach an Aontais i mbaol.
Ceapann formhór na nEorpach (51 %) gur cheart go dtabharfar tús áite polaitiúil i gcónaí do bhainistiú an athraithe dhéimeagrafaigh, i gcás an Aontais agus na mBallstát araon, agus aontaíonn tromlach mór acu – 85 % – go n‑éilítear dlúthchomhar idir gach leibhéal den rialtas chuige sin.
Nuair a cuireadh ceist ar na saoránaigh faoi réitigh bheartais, dúirt siad gur fearr leo cinn lena dtugtar aghaidh ar aosú an daonra chun pinsin leordhóthanacha a áirithiú a bheidh fós inacmhainne do na glúnta atá le teacht (49 %), chomh maith le seirbhísí cúraim sláinte ardchaighdeáin agus inacmhainne a sholáthar (49 %). I margadh an tsaothair, measann saoránaigh gurb iad na gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhífhostaíocht daoine óige na cinn is éifeachtaí (61 %), agus bhí beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil (48 %) ina dhiaidh sin.
|
Le daonra atá ag dul in aois cuirtear níos mó brú ar bhuiséid phoiblí. Le laghdú ar an daonra in aois oibre cuirtear brú anuas ar ioncam ó chánacha ioncaim phearsanta agus ó ranníocaíochtaí slándála sóisialta. Os a choinne sin, de réir mar a théann an daonra in aois, réamh‑mheastar go n‑ardóidh an caiteachas ar chúram sláinte, ar chúram fadtéarmach agus ar phinsin ó 24.6 % den OTI in 2019 go beagnach 27 % in 2040. Mar thoradh air sin, leis an mbrú ar bhuiséid phoiblí, d’fhéadfaí an spás fioscach atá ar fáil le haghaidh infheistíocht i dtosaíochtaí beartais eile a laghdú, amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Ina theannta sin, i sochaí atá ag dul in aois tá gá le hinfheistíocht i réitigh oiriúnaithe soghluaisteachta agus bonneagair, ar réitigh iad a rachaidh chun tairbhe don daonra ar fad agus a dhéanfar ar bhealach glas agus neamhdhíobhálach don digitiú.
Idirghníomhaíonn aistriú déimeagrafach an Aontais le mórthreochtaí domhanda eile, amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Tá dlúthcheangal idir astaíochtaí carbóin agus leibhéal an ioncaim, ach tá dlúthcheangal acu freisin le próifíl aoise na dtomhaltóirí. Cé go n‑úsáideann siad níos lú i ndearbhthéarmaí, is iondúil go mbíonn daoine scothaosta ina gcónaí i dteaghlaigh bheaga agus go bhfuil riachtanais ídithe fuinnimh níos airde acu, rud a fhágann go bhfuil níos mó astaíochtaí in aghaidh an duine ann. Tá níos mó acu ina gcónaí i gceantair thuaithe freisin, áit ina bhfuil spleáchas níos airde ar úsáid carranna. Agus an cion de dhaoine scothaosta sa daonra ag méadú, meastar gurb iad daoine os cionn 65 bliana d’aois a ghinfidh suas le 39 % d’astaíochtaí faoi 2060. Ag an am céanna, bíonn tionchar díobhálach ag an athrú aeráide agus ag an truailliú aeir ar bhásmhaireacht agus ar ghalracht an daonra, go háirithe ar ghrúpaí níos leochailí, daoine scothaosta san áireamh. Is féidir leis an ngéarchéim aeráide agus díghrádú comhshaoil ról a imirt freisin i roghanna maidir le leanaí a bheith acu nó gan a bheith acu. I gcomhthéacs an aistrithe dhigitigh, leis an teicneolaíocht féadfar an tsláinte agus an cúram fadtéarmach a dhéanamh níos costéifeachtaí agus féadfar feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí agus ar cháilíocht seirbhísí, lena n‑áirítear i réigiúin thuaithe agus iargúlta agus do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Fós féin, le drochbhonneagar digiteach agus leibhéil ísle scileanna digiteacha, féadfar deighiltí idir réigiúin, grúpaí agus glúnta a dhéanamh níos measa.
Forbairtí daonra, 2021-2050
Tá an baol ann go dtiocfaidh méadú ar éagothromaíochtaí críochacha laistigh de na Ballstáit agus eatarthu. Tá roinnt réigiún ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin chomhcheangailte a bhaineann le haosú an daonra, leis an sciar íseal de dhaoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal acu, sciar nach bhfuil ag athrú mórán, agus le himirce amach na ndaoine óga agus na ndaoine léannta. Tá an baol ann go gcuirfear iad i ngaiste forbartha tallainne, rud a chuirfeadh teorainn lena gcumas geilleagair inbhuanaithe, iomaíocha agus eolasbhunaithe a thógáil. Mar thoradh ar athruithe déimeagrafacha agus aistrithe struchtúracha, tá níos mó ganntanas saothair agus scileanna os comhair a lán réigiún lagfhorbartha agus réigiún tuaithe, ní bhíonn siad chomh hiomaíoch céanna i dtéarmaí réigiúnacha agus bíonn cumas íseal acu infheistíocht a mhealladh, agus tá deighiltí idir ceantair uirbeacha agus thuaithe i roinnt tíortha. Leis na héagothromaíochtaí críochacha sin freisin, baintear an bonn de chomhtháthú sóisialta agus den mhuinín in institiúidí agus i bpróisis dhaonlathacha san Eoraip.
3.UIRLISÍ BEARTAIS: AGHAIDH A THABHAIRT AR AR ATHRÚ DÉIMEAGRAFACH AGUS É A BHAINISTIÚ
Ní mór don lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal timpeallacht a chruthú ina gcuirfear ar a gcumas do dhaoine ar fud an Aontais a roghanna saoil a bhaint amach agus réiteach a dhéanamh idir an saol teaghlaigh agus an saol gairmiúil. Trí na hiarrachtaí sin a chomhlánú, d’fhéadfadh an imirce dhleathach agus imeascadh éifeachtach náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas cuidiú le brúnna mhargadh an tsaothair a mhaolú agus borradh breise a chur faoin nuálaíocht agus faoin bhfiontraíocht. Tá sraith chuimsitheach d’uirlisí beartais an Aontais ar fáil cheana féin chun tacú leis na Ballstáit an t‑athrú déimeagrafach agus a thionchair a bhainistiú. Tógann an ‘bosca uirlisí’ a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo ar na dea-chleachtais a bhfuil gealladh fúthu ó gach cearn den Aontas agus comhlánaíonn sé gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Aithníonn sé an gá atá le déileáil le gné chríochach na n‑athruithe déimeagrafacha, go háirithe i réigiúin ina bhfuil laghdú ar an daonra agus soghluaisteacht shuntasach oibrithe óga amach ag tarlú (‘imirce daoine oilte’).
Cur chuige cuimsitheach maidir leis an athrú déimeagrafach
3.1.Réiteach a dhéanamh idir mianta teaghlaigh agus obair íoctha
Ba cheart tacú le gach duine ionas go mbeidh siad ábalta gairm bheatha agus teaghlach araon a roghnú. Is rogha phearsanta í an rogha chun leanaí a bheith agat. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí na roghanna sin a mhúnlú le cáilíocht saoil, infhaighteacht cúraim agus tithíochta, chomh maith le deiseanna oibre agus ioncam leordhóthanach. Tá méadú ag teacht ar an treocht i measc daoine óga an cinneadh clann a bheith acu a chur siar nó teorainn a chur le méid na clainne. Ach, nuair a cuireadh ceist orthu faoi sin, chuir go leor acu in iúl, go háirithe mná ard‑oilte, go dteastódh uathu níos mó leanaí a bheith acu ná mar atá i ndáiríre. Áirítear ar na príomhghnéithe lena mínítear an bhearna idir méid iarbhír agus méid inmhianaithe clainne an deacracht atá ann réiteach a dhéanamh idir freagrachtaí oibre agus cúraim agus neamhionannas inscne leanúnach, chomh maith le neamhshlándáil eacnamaíoch agus shóisialta a bhaineann le hionchais fostaíochta, leis an gcostas maireachtála agus le tithíocht.
Rátaí Fostaíochta na mBan & Rátaí Torthúlachta san Aontais
Chunsprioc ráta fostaíochta an Aontais do 2030 a bhaint amach, ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoina leath ar a laghad i gcomparáid le 2019. D’fhéadfadh méadú ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair a bheith ar cheann de na leigheasanna is éifeachtaí ar na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le haosú an daonra. In ainneoin feabhsuithe le blianta beaga anuas, tá rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair fós níos lú ná rannpháirtíocht na bhfear. San Aontas, tá ráta fostaíochta na mban fós 10.7 pointe céatadáin faoi bhun ráta fostaíochta na bhfear agus léirítear leis éagsúlachtaí suntasacha ar fud na mBallstát (idir 20.1 pointe céatadáin sa Rómáin agus 1.4 pointe céatadáin sa Liotuáin). Éiríonn le roinnt Ballstát – amhail an tSualainn, an Ísiltír, an Eastóin agus an Danmhairg – rátaí fostaíochta réasúnta ard os cionn 75 % a bheith acu i measc na mban (mar aon le bearnaí fostaíochta idir na hinscní atá faoi bhun an mheáin), agus tá a rátaí torthúlachta sách ard freisin i gcomparáid leis an Aontas. Mar sin féin, bíonn mná i mbeagnach gach Ballstát, lena n‑áirítear na Ballstáit thuasluaite, ag obair go páirtaimseartha níos minice ná fir, agus tá an bhearna phá idir na hinscní fós mór, go háirithe do mhná a bhfuil leanaí acu, agus tá difríochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit.
Le freagrachtaí cúraim neamhíoctha, meastar go gcoinnítear thart ar 7.7 milliún bean san Aontas ó pháirt a ghlacadh sa mhargadh saothair. I gcomparáid leis sin, meastar nach bhfuil baint ach ag 450 000 fear leis an méid sin. Tá laghdú tagtha ar rannpháirtíocht na máithreacha a bhfuil naíonáin acu i margadh an tsaothair fiú le fiche bliain anuas, rud a dhéanann difear go minic dá ngairm agus dá n‑ioncam ar feadh na mblianta. Tá éifeacht ag an déine cúraim freisin: níl ach 35 % de chúramóirí neamhfhoirmiúla a sholáthraíonn cúram ar feadh níos mó ná 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine fostaithe (i gcomparáid le 71 % díobh a sholáthraíonn cúram ar feadh níos lú ná 10 n‑uaire an chloig). Tá mná fós tearcionadaithe in a lán gairmeacha ganntanais, amhail TFC. Cuireann sé sin leis na ganntanais saothair agus leis an gcóimheas seanaoise agus cleithiúnais, agus tá níos lú daoine gníomhach ó thaobh an gheilleagair de faoi láthair agus amach anseo araon. Le méaduithe breise ar an ngá atá le cúram mar gheall ar aosú, d’fhéadfaí difear a dhéanamh go díréireach do mhná toisc go bhfuil ualach an chúraim neamhfhoirmiúil á dháileadh go míchothrom fós.
Le cúram leanaí inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán cuirtear ar a gcumas do thuismitheoirí réiteach a dhéanamh idir obair íoctha agus saol an teaghlaigh. Cuireadh i dtábhacht i Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh, gur cheart rochtain ar oideachas cuimsitheach, neamh‑leithscartha ar ardchaighdeán a ráthú. In 2022, ní bhfuair ach aon trian de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois (35.7 %) san Aontas oideachas agus cúram foirmiúil na luath‑óige (ECEC), ach bhí difríochtaí suntasacha laistigh de thíortha agus eatarthu, agus bhí rátaí rannpháirtíochta i bhfad níos ísle ann do leanaí i gcásanna faoi mhíbhuntáiste. Níor shroich ach naoi mBallstát sprioc athbhreithnithe 2030 Barcelona maidir le 45 % a bheith rannpháirteach in ECEC. Is sa Danmhairg amháin atá cúram leanaí lánaimseartha i bhfeidhm do thromlach na leanaí go léir atá faoi bhun trí bliana d’aois. D’fhéadfadh méadú ar sheirbhísí cúraim ar phraghas réasúnta agus ar ardchaighdeán, cur i gcás an méadú mór mar chuid de Phlean Athléimneachta agus Téarnaimh na Portaingéile. tionchar dearfach a imirt ar fhostaíocht ban, go háirithe i dtíortha ina bhfuil rátaí ísle rannpháirtíochta ban i margadh an tsaothair faoi láthair agus scaireanna ísle de sholáthar cúraim fhoirmiúil. Bhainfeadh réigiúin thuaithe agus iargúlta ina bhfuil infhaighteacht íseal seirbhísí cúraim tairbhe mhór as méadú a dhéanamh ar an mbonneagar sóisialta. Dá réir sin, le cúram leanaí inrochtana, inacmhainne agus ar ardchaighdeán féadfaidh tuismitheoirí clann a thógáil agus a bheith gníomhach go fóill chun ioncam neamhspleách a dhéanamh agus a ngairmeacha beatha a shaothrú.
Leanaí i gcúram leanaí foirmiúil
(% de chion na leanaí faoi bhun trí bliana d’aois)
Le socruithe solúbtha oibre agus beartais le haghaidh cothromaíocht oibre is saoil is féidir an t‑ualach cúraim ar mhná a dhéanamh níos éasca. Le taithí a fuarthas ar fud na mBallstát, léirítear go bhféadfadh éifeachtaí fadtéarmacha a bheith ag bearta éagsúla maidir leis an ualach cúraim idir tuismitheoirí a athchothromú, lena n‑áirítear patrúin oibre sholúbtha, cearta saoire leordhóthanacha, go háirithe saoire atharthachta agus saoire tuismitheora dea-chúitithe nach féidir a aistriú, in éineacht le bearta lena méadaítear a nglacadh. Tá aithreacha san Aontas i dteideal 10 lá ar a laghad de shaoire atharthachta chúitithe agus ceithre mhí de shaoire tuismitheora chúitithe, ach rinneadh na cearta sin a thrasuí ar bhealaí éagsúla go dtí seo. Mar shampla, cuireann an Spáinn agus an Fhionlainn tréimhsí saoire atharthachta sách ard ar fáil. Mar sin féin, tá glacadh na saoire tuismitheora ag aithreacha fós íseal den chuid is mó. Is féidir le saoire cúramóirí, a sholáthraítear go flaithiúil san Ísiltír mar shampla, cuidiú leo a bhfuil freagrachtaí cúraim as gaolta cleithiúnacha eile orthu fanacht i margadh an tsaothair. Le socruithe solúbtha oibre féadfar cuidiú leis an am oibre a ailíniú le freagrachtaí teaghlaigh, lena n‑áirítear le hobair pháirtaimseartha dea-chothromaithe idir na hinscní. Trí leas a bhaint as an teilea-obair, nuair is féidir agus faoi na coinníollacha cearta, féadfar cur le réiteach níos fearr a dhéanamh idir saol an teaghlaigh agus an saol oibre.
Le hathchóirithe spriocdhírithe cánach agus sochair féadfar a áirithiú gur fiú a bheith ag obair. Ar an meán, cailleann máthair shingil ar phá íseal a ghlacann post san Aontas thart ar dhá thrian dá holltuilleamh fostaíochta, mar gheall ar mheascán de chostais cúraim leanaí, de shochair aistarraingthe agus de chánacha
. Áirithítear le córais dhea-dheartha sochar cánach go mbeidh daoine aonair agus teaghlaigh araon níos fearr as ó thaobh airgeadais de nuair a ghlacfaidh siad oibre íoctha, mar shampla trí dhreasachtaí cánach don dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh. Trí chánachas ioncaim phearsanta a ghearradh nó trí chreidmheasanna cánach ioncaim a thabhairt isteach/a shíneadh dóibh siúd ar ioncam íseal, féadfar cuidiú le daoine a thabhairt isteach i bhfostaíocht íoctha, agus cur chun cinn an chánachais dhírigh á chaomhnú chun maoiniú na cosanta sóisialta agus na hinfheistíochta poiblí á chosaint. D’fhéadfadh sochair leanaí tacú go sealadach le foirmiú teaghlaigh. Tá sé tábhachtach, áfach, a áirithiú go mbeidh a ndearadh spriocdhírithe agus nach ndídhreasaíonn siad glacadh le hobair íoctha ag mná, rud a dtugann ‘liúntas cúraim solúbtha’ na Fionlainne aghaidh air, cuir i gcás.
Príomhuirlisí ar leibhéal an Aontais:
§Leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil tugadh isteach an ceart chun saoire atharthachta cúitithe, chun saoire tuismitheora cúitithe, an ceart chun saoire cúramóirí, agus an ceart chun socruithe solúbtha oibre a iarraidh do gach tuismitheoir atá ag obair (ag a bhfuil leanaí suas le 8 mbliana d’aois ar a laghad).
§Áirítear le tuilleadh cosaintí dlíthiúla, go háirithe, an Treoir maidir le hOibrithe Toircheasacha (an ceart chun saoire mháithreachais íosta agus chun cosanta ar dhífhostú le linn saoire) agus an Treoir maidir le deiseanna comhionanna agus cóir chomhionann d’fhir agus do mhná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (cosaint ar dhífhostú le linn saoire atharthachta agus saoire uchtála).
§Leis an Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath‑óige, spreagtar na Ballstáit chun rannpháirtíocht sna seirbhísí sin a mhéadú trí spriocanna uaillmhianacha a leagan síos agus tacaítear le seirbhísí ardchaighdeáin, inacmhainne agus inrochtana a sholáthar, agus aird chuí á tabhairt ar chuimsiú leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.
§Leis an Dearbhú maidir le Mná san Earnáil Dhigiteach, ceanglaítear ar na Ballstáit borradh a chur faoi rannpháirtíocht na mban sa tírdhreach digiteach, ag obair leis na hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus leis an tsochaí shibhialta chun comhionannas sa teicneolaíocht a bhaint amach.
Na chéad phríomhchéimeanna eile:
§Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil in 2027, tabharfar deis measúnú a dhéanamh an bhfuil na rialacha fós ag teacht leis na cleachtais oibre a bheidh tagtha chun cinn.
§I gcomhthéacs a Straitéise maidir le Comhionannas Inscne, eagróidh an Coimisiún feachtas um chearta cothromaíochta oibre is saoil chun feasacht tuismitheoirí agus cúramóirí atá ag obair a mhúscailt faoina gcearta agus seolfaidh sé glao faoin gclár um Shaoránacht, Comhionannas, Cearta agus Luachanna maidir le tionscadail a dhírítear ar shocruithe ama oibre atá oiriúnach do theaghlaigh a chur chun cinn agus ar luach an chúraim a aithint.
§Faoi mhí an Mheithimh 2024, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a cuireadh chun feidhme nó a bhí beartaithe faoin Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath‑óige chun spriocanna 2030 a comhaontaíodh a bhaint amach.
|
3.2.Ag tacú leis na glúnta níos óige déanamh go maith agus iad a chumhachtú
Tá cumas na ndaoine óga san Eoraip fós le baint amach go hiomlán. In 2022, bhí níos mó ná duine amháin as gach deichniúr idir 15 agus 29 bliana d’aois san Aontas nach raibh i bhfostaíocht ná san oideachas ná oiliúint (NEET), lena n‑áirítear 13.1 % de mhná óga, 20 % díobh siúd a rugadh lasmuigh den Aontas agus 56 % de na Romaigh óga idir 16-24 bliana d’aois. Léiríonn an tsaincheist sin éagothromaíochtaí móra críochacha ar fud an Aontais, agus tá rátaí an‑ard NEET le feiceáil i réigiúin theas agus oirthear an Aontais, agus sna réigiúin is forimeallaí sa Fhrainc chomh maith. I roinnt de na réigiúin sin, bhí os cionn an ceathrú cuid de na daoine óga ar fad ina NEETanna. Is iondúil go n‑éiríonn níos measa sa rang le daoine óga ó theaghlaigh as cúlraí mhíbhuntáiste, ar nós tuismitheoirí a bhfuil leibhéil ísle oideachais acu, agus go bhfuil baol níos mó ann go bhfágfaidh siad an scoil go luath. Mura bhfuil siad ar scoil ná i bhfostaíocht, cuirtear bac ar dhaoine óga taithí agus foghlaim ar an láthair oibre a fháil, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar a n‑ionchais fhadtéarmacha fostaíochta. Mar gheall air sin tagann meath ar chóimheasa spleáchais idir an pobal fostaithe gníomhach i gcoibhneas leo lasmuigh den lucht saothair.
Daoine óga (15-29 bliana d’aois) nach bhfuil i bhfostaíocht ná san oideachas agus oiliúint, 2022
Tosaítear ag cumhachtú na hóige nuair a cothaítear thimpeallacht chothaitheach do gach leanbh. Ní mór leanaí a chosaint, tacú leo agus iad a chumhachtú. Tá sé sin tábhachtach go háirithe le linn na mblianta múnlaitheacha de shaol an linbh. I gcomhar le tacaíocht a thabhairt d’ioncam tuismitheoirí, áirítear ar na príomhréitigh bheartais rochtain ar sheirbhísí ionchuimsitheacha ardchaighdeáin do leanaí a ráthú, go háirithe oideachas agus cúram na luath‑óige, oideachas bunúsach (lena n‑áirítear gníomhaíochtaí scoilbhunaithe), cúram sláinte agus cothú. Mar shampla, infheistíonn an Bhulgáir EUR 245 mhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun uirlisí teagaisc a nuachóiriú agus feabhas a chur ar fhoghlaim ETIM i scoileanna trí lárionad náisiúnta ETIM amháin agus trí lárionad réigiúnacha ETIM a bhunú, chomh maith le níos mó ná 2 200 saotharlann ETIM agus seomraí ranga ardteicneolaíochta a bhunú. Ba cheart tacaíocht shaincheaptha a thabhairt do dhaoine óga a bhfuil leochaileachtaí éagsúla nó leochaileachtaí iomadúla acu, amhail luathfhágálaithe scoile nó daoine óga atá faoi mhíchumas nó a bhfuil fadhbanna sláinte acu.
Tá sé ríthábhachtach d’ionchais fhadtéarmacha daoine óga, go gcuirfidh a rochtain ar phoist ardchaighdeáin, ar thithíocht inacmhainne agus ar chaighdeáin chuibhiúla mhaireachtála chun cinn. Tá infheistíochtaí san oideachas agus san oiliúint fíor-riachtanach chun daoine óga a shlógadh agus iad a ullmhú le scileanna bunúsacha agus scileanna a sheasfaí an aimsir, amhail na scileanna a theastaíonn don aistriú glas agus don aistriú digiteach, mar a dhéantar san Iodáil leis an tionscnamh ‘School 4.0’ chun spásanna foghlama nuálacha a dhéanamh de 100 000 seomra ranga. Mar a cuireadh i dtábhacht sa Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2023, chun an t‑athrú déimeagrafach a bhainistiú, teastaíonn uirlisí láidre ón Aontas le haghaidh réamhaisnéis ghráinneach ar scileanna agus ar riachtanais an lucht saothair sna príomhearnálacha. Ina theannta sin, chun aistriú rianúil ón scoil go dtí an obair a dhéanamh, tá ról tábhachtach ag an for-rochtain leis an óige, mar a dhéanann an tSlóivéin, mar shampla, lena ‘ambasadóirí’ áitiúla don aos óg a chuireann a bpiaraí ar an eolas faoi dheiseanna faoin Ráthaíocht don Aos Óg, chomh maith le cúrsaí oiliúna ar ardchaighdeán agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, lena n‑áirítear printíseachtaí. Le soghluaisteacht foghlama shealadach ar fud réigiún agus tíortha féadfar feabhas a chur ar na deiseanna do dhaoine óga. Chomh maith le feabhas a chur ar chomhtháthú mhargadh an tsaothair, is ar rochtain ar sheirbhísí bunúsacha (lena n‑áirítear seirbhísí meabhairshláinte) agus ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh a bhraitheann na deiseanna atá ag daoine óga teaghlach a thosú. San Ungáir, is fóirdheontas stáit neamh‑inaisíoctha é an Fóirdheontas Tithíochta Teaghlaigh do theaghlaigh a thógann leanbh amháin ar a laghad, lena n‑áirítear lánúineacha comhghnéis, chun árasán nó teach a cheannach nó a mhéadú. Tá teaghlaigh i lonnaíochtaí beaga incháilithe don Fhóirdheontas Tithíochta do Theaghlaigh Tuaithe, chun daonra na gceantar tuaithe a choinneáil. Tacaíocht spriocdhírithe, áitbhunaithe i gcomhair athbheochan eacnamaíoch, deiseanna oideachais agus rochtain níos fearr ar sheirbhísí agus ar thithíocht, teastaíonn siad sin ó réigiúin atá ‘i ngaiste forbartha tallainne’ (nó atá i mbaol a bheith i ngaiste forbartha tallainne).
Príomhuirlisí ar leibhéal an Aontais:
§I gcomhthéacs Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Linbh, is é is aidhm an don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí aghaidh a thabhairt ar an eisiamh sóisialta trí rochtain éifeachtach ar phríomhsheirbhísí do leanaí a dteastaíonn siad uathu a ráthú, lena n‑áirítear oideachas agus cúram na luath‑óige saor in aisce.
§Leagtar amach sa Limistéar Eorpach Oideachais seacht sprioc le haghaidh 2025 agus 2030, lena n‑áirítear maidir le rannpháirtíocht in oideachas agus cúram na luath‑óige, luathfhágáil scoile, agus tearcfheidhmíocht scoláirí.
§Leis an bpacáiste Tacaíochta um Fhostaíocht don Aos Óg treisítear an Ráthaíocht don Aos Óg, rud a fheabhsaíonn comhtháthú na ndaoine óga sa mhargadh saothair, lena n‑áirítear trí na scileanna don aistriú digiteach agus don aistriú glas a neartú.
§Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint gairmoideachas agus gairmoiliúint a nuachóiriú agus spreagadh athnuaite a thabhairt do phrintíseachtaí agus don Chreat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha.
§Scéim soghluaisteachta trasteorann don aos óg is ea an tionscnamh ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve nó Dírigh, Foghlaim, Máistreacht a fháil, Bain amach) chun tacú le himeascadh daoine óga agus NEETanna sa mhargadh fostaíochta.
§Tacaíonn an Clár don Eoraip Dhigiteach le cláir oideachais speisialaithe i réimse na n‑ardscileanna digiteacha chomh maith le carnadh na dtairiscintí scileanna digiteacha do dhaoine óga, go háirithe cailíní, mar shampla trí Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh.
§Tacaíonn an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste le forbairt réiteach soghluaisteachta cliste a chabhraíonn le dídhaonrú a chosc agus a chuireann ar a gcumas do dhaoine óga rochtain a bheith acu ar sheirbhísí bunúsacha (sláinte, oideachas) agus ar dheiseanna oibre.
§Is é is aidhm do Straitéis an Rabharta Athchóiriúcháin na rátaí bliantúla athchóirithe fuinnimh a mhéadú faoi dhó sna 10 mbliana amach romhainn. Is é is aidhm don Tionscnamh Tithíochta Inacmhainne feabhas a chur ar an rochtain ar thithíocht inacmhainne trí rochtain na dtionscadal áitiúil ar acmhainn theicniúil agus nuálaíochta.
§Tacaíonn an Sásra chun cur leis an Tallann le réigiúin an Aontais oiliúint a chur ar dhaoine, daoine a choinneáil agus a mhealladh, agus aghaidh a thabhairt ar thionchar an aistrithe dhéimeagrafaigh.
§Is é is aidhm do Chreat Inniúlachta Airgeadais AE-ECFE/INFE do leanaí agus don óige san Aontas Eorpach cuidiú lena litearthacht airgeadais a fheabhsú ionas go mbeidh siad ábalta cinntí atá chun a leasa a dhéanamh maidir le hairgead, lena n‑áirítear nuair a bheidh siad níos sine.
Na chéad phríomhchéimeanna eile:
§Go luath in 2024, tabharfaidh an Coimisiún Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna cothrom le dáta, creata a thacaíonn le haistriú daoine óga ón oideachas agus ón dhífhostaíocht go dtí an fhostaíocht trí thréimhsí oiliúna ardchaighdeáin.
§Tá pleananna gníomhaíochta náisiúnta curtha isteach ag 24 Bhallstát faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Tuairisceoidh na Ballstáit ar a ndul chun cinn maidir le cur chun feidhme gach 2 bhliain (ag tosú i mí an Mhárta 2024) agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn foriomlán in 2026.
§In 2023, tá próiseas machnaimh athbhreithnithe meántéarma á dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Oideachais chun tacú le cur chun feidhme. In 2025, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil deiridh ar LEO.
§Déanann an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna 2025 a leagtar amach sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip.
§Leis na tograí le déanaí ón gCoimisiún le haghaidh Moltaí ón gComhairle, má chomhaontaíonn na Ballstáit iad, tacófar le húdaráis náisiúnta agus leis an earnáil oideachais agus oiliúna oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach ardchaighdeáin, chuimsitheach agus inrochtana a sholáthar chun scileanna digiteacha shaoránaigh na hEorpa a fhorbairt.
|
3.3.Na glúnta scothaosta a chumhachtú agus a leas a chothú
I sochaí atá ag dul in aois, tá sé ríthábhachtach cumhacht a thabhairt d’oibrithe scothaosta fanacht gníomhach ar feadh tréimhse níos faide. Tá méadú tagtha ar mheánráta fostaíochta oibrithe idir 55 agus 64 bliana d’aois ó 45 % in 2011 go 60.5 % in 2021. Mar sin féin, tá na difríochtaí idir na Ballstáit sa réimse sin fós mór, rud a thugann le fios gur féidir é a fheabhsú a thuilleadh. Is féidir le saol oibre níos faide deis a thabhairt do dhaoine scileanna a thabhairt cothrom le dáta ar an láthair oibre agus leanúint de bheith gníomhach, ag cabhrú le fostóirí an fhoireann a choinneáil, agus aistrithe eolais a chur chun cinn san fhórsa saothair ilghlúine. Le socruithe ama oibre níos solúbtha cuidítear le hoibrithe scothaosta a choinneáil, mar shampla, le huaireanta oibre solúbtha nó laghdaithe, agus cuirtear ar a gcumas do dhaoine fanacht níos faide i bhfostaíocht má roghnaíonn siad amhlaidh. Is féidir le ceart oibrithe obair sholúbtha a iarraidh (mar a dheonaítear e.g. sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ísiltír) cuidiú le hathrú cultúrtha i dtreo cleachtais oibre agus ionaid oibre níos cuimsithí.
Rátaí fostaíochta de réir an aoisghrúpa (%)
Ní mór do ghnólachtaí agus d’oibrithe oibriú le chéile chun cleachtais oibre a oiriúnú agus chun coincheapa agus steiréitíopaí réamhcheaptha faoi ghlúnta a athrú. Is bunchloch de ‘shochaí fadsaolaí’ i gcoitinne í meas ar shaoránaigh scothaosta agus ar a bhfolláine. Leagann straitéisí an Aontais um Chomhionannas, a ghlac an Coimisiún in 2020 agus 2021, béim ar an ngá atá ann steiréitíopaí a chomhrac, idirdhealú bunaithe ar aois a chomhrac laistigh dá sainchúram faoi seach, éagsúlacht agus cuimsiú san áit oibre a chur chun cinn, agus deiseanna comhionanna a thabhairt do chách rannchuidiú a dhéanamh agus déanamh go maith. Ba cheart leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na teicneolaíochta maidir le spás oibre a chruthú a bheidh oiriúnaithe do riachtanais a athraíonn thar an tsaolré (e.g. infhaighteacht mhéadaithe stáisiún oibre eirgeanamaíoch, úsáid ‘cóbat’, mar a thugtar orthu, nó córas hibrideach cóimeála duine le meaisín chun an riosca a bhaineann le gortuithe stangtha a laghdú).
Le haosú an daonra méadófar an t‑éileamh ar phleanáil saolré airgeadais. Le rannpháirtíocht fheabhsaithe i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh cheirde agus phearsanta féadfar ioncam scoir a chomhlánú, lena n‑áirítear trí struchtúir a dhíríonn ar rannpháirtíocht i scéimeanna pinsin ceirde nó i dtáirge pinsin phríobháidigh uile-Eorpaigh a mhéadú. Is príomhchuspóir d’Aontas na Margaí Caipitil é torthaí níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh a dhéanann infheistíocht chun ullmhú don am atá le teacht (amhail scor, oideachas leanaí nó rochtain ar thithíocht). Le comhtháthú trasteorann na seirbhísí airgeadais, is féidir feabhas a chur freisin ar sholáthar ionstraimí airgeadais ábhartha, amhail árachas le haghaidh cúram fadtéarmach. Le hoideachas airgeadais níos fearr, féadfar saoránaigh a chumhachtú chuige sin. Ag an am céanna, trí iarrachtaí chun rochtain chuimsitheach ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí baincéireachta a chur chun cinn, is féidir a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, go háirithe daoine scothaosta.
Tá cur chun cinn sláinte agus cosc ar ghalair ina bpríomhchumasóirí le haghaidh fadsaolaí shláintiúil. De réir mar a thagann méadú ar an ionchas saoil, tá ualach na ngalar neamhtheagmhálach ag dul i méid, lena n‑áirítear ailse a mbíonn tionchar díréireach aici ar dhaoine scothaosta. Chuige sin, ní mór fáil agus rochtain níos fearr a bheith ar sheirbhísí coiscthe galar, agus ar dhiagnóisiú agus cóireáil galar neamhtheagmhálach. Chun go mbainfear stíl mhaireachtála shláintiúil amach, teastaíonn cur chuige duine-lárnach uileghabhálach maidir le cúram agus seirbhísí tacaíochta, rud a chuireann athrú ó chóireáil go cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair chun cinn; seirbhísí a chomhtháthú agus a chomhordú feadh chontanam an chúraim, an neamhspleáchais agus na maireachtála neamhspleáiche; agus stíl mhaireachtála ghníomhach agus shláintiúil, do gach glúin, a chothú, mar aon le dea-mheabhairshláinte agus dea-fholláine, agus d’fhéadfaí seirbhísí pobail agus gníomhaíochtaí deonacha a áireamh ann. Mar shampla, sa Rómáin le cabhair ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cabhraíonn forbairt an chórais r-Shláinte agus teilileigheas le rochtain ar raon leathan seirbhísí cúraim sláinte a fheabhsú, go háirithe i gceantair thuaithe agus i mbailte beaga.
Ní foláir an cúram sláinte agus cúram fadtéarmach a neartú agus a dhéanamh níos cost‑éifeachtúla, agus bochtaineacht seanaoise á maolú, rud a bhaineann go háirithe le mná. Go sonrach, le seirbhísí cúraim atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán féadfar laghdú a dhéanamh ar na freagrachtaí cúraim ar na cúramóirí neamhfhoirmiúla san Aontas, a bhfuil thart ar 53 mhilliún acu ann, nach n‑oibríonn ach 65 % díobh go lánaimseartha. Tá sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh i gcúram chun tallann a mhealladh agus a choinneáil san earnáil. Ní mór go mbainfidh cúramóirí foirmiúla leas as pá níos fearr, dálaí oibre níos fearr agus oiliúint leordhóthanach, agus ní mór na gairmeacha ábhartha eile a bheith níos tarraingtí, mar a léirítear i dtreochlár na Fraince, mar shampla, chun tacú le haosú shaoránaigh na Fraince sa bhaile. Chomh maith leis sin, tá éagothroime ann i lucht saothair an chúraim sláinte a bhaineann le haosú oibrithe, easpa oibrithe nua ó scoileanna leighis agus iomaíocht láidir idirnáisiúnta le haghaidh dochtúirí agus altraí. Tá an éagothroime sin níos measa ar an leibhéal críochach i bhfianaise an ghá le cuíchóiriú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí sláinte i réigiúin ina bhfuil an daonra ag laghdú. Ar choinníoll go bhfuil na scileanna digiteacha ábhartha ag úsáideoirí, chomh maith le gairmithe sláinte agus cúraim, is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha seirbhísí costéifeachtacha agus ar cháilíocht níos fearr a éascú, trí uirlisí sláinte digiteacha agus teicneolaíochtaí cúnta. Ina theannta sin, is féidir leo teagmháil shóisialta a éascú chun uaigneas a laghdú, rud a chuireann isteach ar mheabhairshláinte freisin.
Chun pinsin leordhóthanacha agus inbhuanaithe a áirithiú, ní mór tacú le beartais mhargadh an tsaothair trí athchóirithe pinsin. Tá athchóirithe pinsin curtha chun feidhme ag a lán Ballstát le fiche bliain anuas, athchóirithe lenar ardaíodh aois an phinsin reachtúil agus lena ndearnadh coinníollacha a choigeartú. Tá roinnt Ballstát fós ar gcúl, áfach, agus ní mór go mbeadh bearta tacaíochta ag gabháil le hathchóirithe pinsin chun go n‑éireoidh leo. Áirítear orthu sin athchóirithe ar mhargadh an tsaothair chun cúnamh saincheaptha agus deiseanna foghlama feadh an tsaoil a sholáthar, iompraíocht cuardaigh poist a dhreasú, agus fóirdheontais fostaíochta a thairiscint d’oibrithe scothaosta, mar a úsáidtear i ‘dTionscnamh Fostaíochta 50+’ spriocdhírithe na hOstaire. Tá beartais ghníomhacha den sórt sin maidir leis an margadh saothair fíor-riachtanach chun cuidiú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach fanacht sa lucht saothair agus a riachtanais éagsúla á n‑urramú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta ar mian leo oibriú níos déanaí ina saol déanamh amhlaidh. Ba cheart foráil a dhéanamh i gcoigeartuithe beartais maidir le roghanna mealltacha chun scor a chur siar nó chun teorainneacha tuillimh agus bacainní eile a bhaint.
Féadfar feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht agus leordhóthanacht fhioscach trí chomhdhéanamh an airgeadais phoiblí agus bonn ioncaim na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Cé go mbeidh ról i gcónaí ag an ioncam a ghintear trí ioncam ó lucht saothair maidir leis an stát leasa a mhaoiniú, tá gá le machnamh níos iomlánaíche a dhéanamh ar an meascán cánach is fearr i bhfianaise treochtaí déimeagrafacha, lena n‑áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an raon feidhme le haghaidh cánachas caipitil feabhsaithe chun cion laghdaitheach de chánacha saothair a chúiteamh. Ina theannta sin, is féidir comhdhéanamh an airgeadais phoiblí a dhéanamh níos oiriúnaí don fhás agus don fhostaíocht agus é a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol tríd an ualach cánach a aistriú ón saothar i dtreo cánachas fuinnimh agus comhshaoil. Ó bhí 2022 ann, eagraíonn an Coimisiún Siompóisiam Cánach bliantúil ina dtugtar le chéile lucht ceaptha beartas, lucht acadúil, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta chun machnamh a dhéanamh ar conas ár meascán cánach a oiriúnú i bhfianaise 2050. Ar deireadh, trí laghdú a dhéanamh ar chaiteachas ísealthosaíochta nó neamhéifeachtach féadfar cuidiú le tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht na mbuiséad poiblí agus í a fheabhsú.
Príomhuirlisí ar leibhéal an Aontais:
§Is é is aidhm do Chreat‑Treoir an Aontais maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde sábháilteacht agus sláinte daoine ag an obair a áirithiú.
§Tugann an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta cosaint ar idirdhealú bunaithe ar aois ag an obair.
§Leis an Moladh ón gComhairle maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh i margadh an tsaothair, tugtar treoir bheartais maidir le bearta gníomhachtaithe ar an leibhéal náisiúnta.
§Faoin Straitéis Eorpach um Chúram, tugtar treoir do na Ballstáit leis an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne agus ar ardchaighdeán chun leordhóthanacht, infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim fhadtéarmaigh a neartú do gach duine a dteastaíonn sé uathu agus chun dálaí oibre cúramóirí a fheabhsú.
§Leis an Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n‑áirithítear cuimsiú gníomhach, tugtar cuidiú do na Ballstáit a heangacha sábháilteachta sóisialta a athchóiriú trí thacaíocht ioncaim leordhóthanach, cumhdach agus glacadh, rochtain ar sheirbhísí agus imeascadh i margadh an tsaothair a chur chun cinn.
§Leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta déantar príomhtháirgí agus príomhsheirbhísí níos inrochtana do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, lena n‑áirítear ríomhsheirbhísí agus gnéithe áirithe de na seirbhísí iompair.
§Tacaíonn an tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ le tíortha an Aontais chun an t‑ualach a bhaineann le mórghalair a laghdú agus feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine na saoránach, rud a chuireann le haosú sláintiúil.
§Leis an gcur chuige cuimsitheach maidir leis an meabhairshláinte cuirtear 20 tionscnamh suaitheanta chun cinn agus sainaithnítear EUR 1.23 billiún de thacaíocht ón Aontas chun an dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn ar fud na nglúnta, ag díriú ar ghrúpaí leochaileacha.
§Le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, tacaítear le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus comhordaítear agus comhlánaítear iad, gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh ualach na hailse a laghdú ar fud chonair iomlán an ghalair, lena n‑áirítear leis an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige nua ón Aontas i leith scagthástála ailse.
§Is scéim pinsin phearsanta dheonach é an Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach atá le tairiscint ag institiúidí airgeadais chun rogha nua a thabhairt do shaoránaigh chun airgead a shábháil nuair a rachaidh siad ar scor.
§Le Creat Inniúlachta Airgeadais AE-ECFE/INFE do dhaoine fásta san Aontas cuirtear scileanna airgeadais daoine fásta chun cinn trí thacaíocht a thabhairt, inter alia, do chláir litearthachta airgeadais agus do mhalartuithe dea-chleachtais.
§Tugann an t‑áireamhán loirg do thomhaltóirí deis do shaoránaigh a lorg comhshaoil a mheas agus tugann sé leideanna chun iompar a aistriú i dtreo patrúin níos inbhuanaithe.
Na chéad phríomhchéimeanna eile:
§Iarrann an Coimisiún ar chomhreachtóirí oibriú i dtreo comhaontú tapa ar a thograí le haghaidh caighdeán maidir le comhlachtaí comhionannais.
§Cuireann an Grúpa ardleibhéil maidir le neamh‑idirdhealú, comhionannas agus éagsúlacht malartuithe cleachtas maidir le comhionannas aoise agus an comhrac i gcoinne an aoiseachais chun cinn, agus foilseoidh sé páipéar aschuir in earrach 2024.
§Faoi mhí an Mheithimh 2024, moltar do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta a cuireadh chun feidhme nó a bhí beartaithe faoin Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, lena gcomhlánaítear faireachán leanúnach ar athchóirithe náisiúnta agus tacaíocht leanúnach dóibh.
§Fógrófar buaiteoirí Ghradaim don Chathair is Inrochtana 2024 le linn na comhdhála ag a ndéanfar comóradh ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas i mí na Nollag 2023.
§In 2024, foilseoidh an Coimisiún an Tuarascáil maidir le Leordhóthanacht Pinsean (i gcomhpháirt leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta) agus an Tuarascáil maidir le hAosú (i gcomhpháirt leis an nGrúpa um Aosú).
§Faoi mhí na Nollag 2025, moltar do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le cur chuige nua de chuid an Aontais i leith scagthástála ailse.
|
3.4.Ganntanais saothair agus imirce dhleathach bhainistithe
In 2022,bhí ganntanais saothair ar an leibhéal b’airde riamh san Aontas. Cé gur shroich an ráta fostaíochta san Aontas an ráta fostaíochta is airde riamh, thuairiscigh thart ar 30 % de na gnólachtaí go léir ganntanais saothair agus thuairiscigh 74 % de na FBManna go bhfuil easpa oibrithe oilte acu. Tá ganntanais saothair in earnálacha agus i ngairmeacha éagsúla thar gach leibhéal scileanna agus tá sé sin le méadú. Gníomhachtú daoine in aois oibre, go háirithe mná, daoine óga agus daoine scothaosta, ganntanais scileanna a laghdú, dálaí oibre a fheabhsú in earnálacha áirithe, agus soghluaisteacht laistigh den Aontas, cé go bhfuil siad ríthábhachtach chun ganntanas saothair a mhaolú, ní leor iad chun freastal ar riachtanais i ngach gairm ina bhfuil ganntanais. Leis an imirce dhleachtach ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad is féidir cuidiú le fostóirí folúntais a líonadh i ngach leibhéal scileanna, mar shampla, le haghaidh gairmeacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu do gheilleagar an Aontais agus dá aistriú glas agus digiteach i gcomhthéacs Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais. I bhfianaise mhéid a mhargaidh saothair, tá an imirce saothair chuig an Aontas fós íseal i gcomparáid leis an leibhéal idirnáisiúnta.
Ganntanais scileanna roimh FBManna (%)
Trí bhealaí feabhsaithe a bheith ann le haghaidh imirce dhleathach chuig an Aontas, féadfar cuidiú le folúntais a líonadh agus dul chun tairbhe do thíortha tionscnaimh ag an am céanna. Is gá an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí mar cheann scríbe do dhaoine tréitheacha ó thríú tíortha agus tá tionscail an Aontais á iarraidh sin go chomhleanúnach. Tá céimeanna réamhghníomhacha ag teastáil lena aghaidh sin chun cabhrú le fostóirí agus fostaithe a mheaitseáil. Aithníonn roinnt Ballstát é sin, mar a léirítear tríd an méadú ar an líon ceadanna oibre a eisítear do náisiúnaigh neamh‑AE chun críoch fostaíochta. Ar an mbealach sin, déanann an tAontas Eorpach a dhícheall tacú le tíortha tionscnaimh ag a bhfuil comhpháirtíochtaí tallainne lena mbonn eacnamaíoch agus a gcaipiteal daonna a neartú. Chun tallann a mhealladh ar fud an domhain, ní mór tionscnaimh spriocdhírithe um imirce saothair a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais nach féidir a chomhlíonadh tríd an lucht saothair intíre agus mianta na náisiúnach tríú tír iad féin agus tosaíochtaí na dtíortha tionscnaimh á gcur san áireamh. Comhcheanglaíonn na Comhpháirtíochtaí Tallainne idir an tAontas agus tríú tíortha tacaíocht dhíreach do scéimeanna soghluaisteachta le haghaidh oibre nó oiliúna agus fothú acmhainneachta agus infheistíocht i gcaipiteal daonna chun an bua céanna a áirithiú do na Ballstáit, do thíortha comhpháirtíochta, do phobail ghnó ar an dá thaobh agus do dhaoine aonair is tairbhí. De réir ECFE, níl ach ceithre Bhallstát den Aontas i measc na 10 dtír is mó atá ábalta tallann agus fiontraithe ardoilte a mhealladh ó thar lear, lena n‑áirítear an tSualainn, tír ag a bhfuil coinníollacha fabhracha víosa d’fhiontraithe chomh maith le timpeallacht chuimsitheach atá oiriúnach do theaghlaigh.Ina theannta sin, ní mór go n‑éascóidh beartais lánpháirtiú rathúil náisiúnach tríú tír i sochaithe na hEorpa, agus lánpháirtiú agus urraim do chroíluachanna agus do phrionsabail an Aontais ina gceart agus ina ndualgas araon.
Is minic a bhíonn sé deacair agus costasach ag imircigh agus ag fostóirí araon a mbealach a dhéanamh trí bhealaí imirce dleathaí agus trí mheaitseáil jabanna. Ba cheart rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú trí dhálaí oibre cothroma a áirithiú d’imircigh dhleathacha, trí aitheantas tapa a thabhairt do cháilíochtaí eachtracha agus trí thacaíocht a thabhairt chun bacainní riaracháin agus teanga a shárú. Mar shampla, tá uirlis thiomnaithe TF bunaithe ag an tSeicia chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais saothair a d’fhéadfaí a líonadh tríd an imirce agus tá ardán ar líne atá áisiúil don úsáideoir ag an nGréig chun an soláthar agus an t‑éileamh ar scileanna a mheaitseáil ar bhealach níos fearr. Ba cheart cur chuige níos comhordaithe a chothú maidir le riachtanais na bhfostóirí atá ag lorg oibrithe san Aontas agus na bhfostóirí atá ag lorg post a mheaitseáil. Is minic a bhíonn imircigh i bpoist nach dtagann lena gcuid scileanna, agus tá beagnach 40 % díobh rócháilithe dá bpoist (i gcomparáid le 20 % de shaoránaigh an Aontais). Is minic freisin a dhéantar leithcheal ar shaoránaigh neamh‑AE agus daoine as cúlraí imirceach, go mbíonn drochdhálaí oibre acu agus d’fhéadfadh sé go mbeadh easpa scileanna teanga ábhartha acu. Mar thoradh air sin, bíonn ráta fostaíochta níos ísle i measc saoránaigh neamh‑AE ná mar a bhíonn i measc náisiúnaigh nó saoránaigh eile den Aontas sna Ballstáit, lena n‑áirítear i measc na hóige. Tugann sé sin údar breise don ghá atá le bealaí dea-eagraithe agus rianúil le haghaidh imirce lucht oibre chuig an Aontas.
Príomhuirlisí ar leibhéal an Aontais:
§Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Cárta Gorm AE, a mbeidh feidhm aici ón 19 Samhain 2023, éascófar earcú oibrithe ardcháilithe san Aontas.
§Leis an Treoir maidir le Cead Aonairbunaítear cead aonair amháin maidir leis an gceart chun oibre agus déantar foráil maidir le sraith ceart d’oibrithe tríú tír agus leagtar síos leis an Treoir maidir le Cónaitheoirí Fadtéarmacha na rialacha is infheidhme chun stádas cónaitheora fhadtéarmaigh AE a fháil. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an dá Threoir d’fhonn lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a phríomhshruthú agus a éascú agus a gcearta a neartú.
§Le Comhpháirtíochtaí Tallainne le tríú tíortha áirithe (faoi láthair, Maracó, an Túinéis, an Éigipt, an Bhanglaidéis, an Phacastáin) feabhsaítear conairí dleathacha le haghaidh shoghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair agus forbraítear tallann ar bhealach comhthairbheach, bealach lena n‑urramaítear ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag tíortha comhpháirtíochta.
§Sa Phlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 moltar tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí ghníomhaíochtaí lena n‑áirítear feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta agus ar aitheantas do cháilíochtaí imirceach nó oideachas agus oiliúint chuimsitheach a fhorbairt.
§Ba cheart a áireamh i gComhaontuithe Saorthrádála le tríú tíortha, lena n‑ áirítear na cinn atá faoi chaibidlíocht leis an Astráil, an Indinéis, an India agus an Téalainn, forálacha chun tacú le gluaiseacht gairmithe oilte.
Na chéad phríomhchéimeanna eile:
§Cuirfidh an Coimisiún pacáiste maidir le Soghluaisteacht Tallainne ar aghaidh i mí na Samhna 2023, lena n‑áirítear togra le haghaidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar ardán TF chun meaitseáil saothair idir fostóirí an Aontais agus cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a éascú, Moladh ón gCoimisiún maidir le cáilíochtaí náisiúnach tríú tír a aithint, agus moladh ón gComhairle maidir le creat soghluaisteachta foghlama.
§Tríd an Ardán Imirce Saothair, neartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún a thuilleadh an comhar maidir leis an imirce a éascú ionas gur féidir ganntanais réigiúnacha saothair sna Ballstáit uile a líonadh.
|
4.AN BOSCA UIRLISÍ DÉIMEAGRAFAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
Féadfaidh an bosca uirlisí déimeagrafaíochta cuidiú le leas a bhaint as beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit beartais chomhtháite a chur ar bun agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar an athrú déimeagrafach agus ar ábhair imní maidir leis an déimeagrafaíocht phríomhshrutha sna beartais uile. Spreagtar na Ballstáit le leas a bhaint as na huirlisí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais in éineacht le beartais náisiúnta. Trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, fuair na Ballstáit moltaí tírshonracha maidir le réimsí ábhartha amhail pinsin, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach (lena n‑áirítear a leordhóthanacht agus a n‑inbhuanaitheacht), cúram leanaí, cánachas, tithíocht shóisialta, scileanna, foghlaim aosach agus beartais fostaíochta. Cuireann gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar athrú déimeagrafach agus ar a thionchair le dul chun cinn sochaíoch níos leithne i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Ní mór comhionannas inscne, neamh‑idirdhealú agus cothroime idirghlúine a bheith i gcroílár roghanna beartais. Tá sé ríthábhachtach go ndéanann na meascán de bheartais roghnaithe comhionannas inscne agus comhdheiseanna a chosaint i gcónaí agus go gcuireann na meascán de bheartais leo sin, go háirithe trí fheabhas a chur ar rochtain éifeachtach na mban ar mhargadh an tsaothair agus trína chur ar a gcumas do dhaoine san Eoraip a mianta agus a roghanna pearsanta a fhíorú. Maidir leis sin, soláthar foirmiúil leathan de chúram leanaí agus cúram fadtéarmach ar phraghas réasúnta agus ar ardchaighdeán, tá sé ina phríomhréiteach beartais. Ag an am céanna, tá réitigh bheartais a théann chun tairbhe do roinnt glúnta nó do gach glúin á gcur chun feidhme, agus ba cheart tacú leo, i réimsí beartais éagsúla amhail oideachas agus oiliúint (e.g. foghlaim idirghlúine lena gcothaítear eolas agus lena dtógtar scileanna i gcomhpháirt), tithíocht agus cúram (e.g. maireachtáil idirghlúine agus cúram pobalbhunaithe, lena n‑áirítear seirbhísí lae do dhaoine fásta) agus san áit oibre (e.g. lucht saothair ilghlúine a fhreastalaíonn ar riachtanais éagsúla agus a infheistíonn in aistrithe eolais agus scileanna dhá threo idir na glúnta).
Ba cheart beartais na mBallstát lena dtugtar aghaidh ar an athrú déimeagrafach a bheith bunaithe ar an saol mar atá sna ceantair áitiúla. Ós rud é go bhfuil difríocht idir na dúshláin idir na Ballstáit agus na réigiúin, ba cheart freagraí beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme mar iarracht chomhbheartaithe agus ba cheart go mbeadh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach go gníomhach iontu. Tá ról le himirt ag seirbhísí fostaíochta poiblí, ag comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí sochaí sibhialta freisin. Tá an Coimisiún réidh chun tacú leis na Ballstáit sa chleachtadh sin, lena n‑áirítear trí fhoghlaim fhrithpháirteach agus malartú dea-chleachtas ar gach leibhéal a éascú, mar shampla, faoi chuimsiú an tSásra chun cur leis an Tallann a thacaíonn le réigiúin an Aontais aghaidh a thabhairt ar thionchar an aistrithe dhéimeagrafaigh. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith freisin ar na dúshláin shonracha a bhaineann le déimeagrafaíocht limistéar tuaithe ina thuarascáil atá le teacht maidir le cur chun feidhme na físe fadtéarmaí do na limistéir thuaithe, atá beartaithe lena foilsiú go luath in 2024.
Bosca Uirlisí Déimeagrafaíochta:
príomhuirlisí ar leibhéal an Aontais atá ar fáil do na Ballstáit
Le teicneolaíochtaí digiteacha féadfar borradh a chur faoi bhuntáiste iomaíoch na hEorpa agus cuidiú le tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh a chúiteamh. Tá an geilleagar agus margaí an tsaothair san Eoraip á n‑athmhúnlú cheana féin ag an intleacht shaorga agus ag an uathoibriú. Gníomhaíocht beartais lena gcuirtear an nuálaíocht agus cur i bhfeidhm méadaithe na dteicneolaíochtaí chun cinn, má bhíonn sí deartha agus curtha i bhfeidhm go maith, féadfaidh sí cur le cúiteamh a dhéanamh ar thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh ar tháirgiúlacht agus ar inbhuanaitheacht fhioscach. Leis an teicneolaíocht freisin, féadfar an tsláinte agus an cúram fadtéarmach a dhéanamh níos costéifeachtaí agus feabhas a chur ar rochtain ar an réimse sin agus ar cháilíocht sa réimse sin, lena n‑áirítear i réigiúin thuaithe agus iargúlta, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ina theannta sin, is féidir le huirlisí digiteacha cur le folláine an daonra atá ag dul in aois, saol níos sláintiúla agus níos gníomhaí a chur chun cinn. Is féidir leo rannpháirtíocht shóisialta a éascú freisin, rud a mhaolaíonn leithlisiú sóisialta i measc daoine scothaosta, go háirithe nuair a úsáidtear uirlisí digiteacha mar bhealach chun fíor-idirghníomhaíochtaí idirphearsanta a éascú.
Sa bhreis ar na hionstraimí rialála agus na creataí beartais a liostaítear thuas, tá réimse ionstraimí maoiniúcháin ar fáil ar leibhéal an Aontais chun tacú leis na Ballstáit. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta spreagtar athchóirithe agus infheistíochtaí ar fud cheithre cholún an Bhosca Uirlisí, go sonrach, tá thart ar EUR 8 mbilliún curtha i dtreo oideachas agus chúram na luath‑óige, thart ar EUR 43.2 billiún i dtreo an oideachais, thart ar EUR 41.7 billiún i dtreo uas‑sciliú agus athsciliú, agus tá thart ar EUR 48.2 billiún ann chun tacú le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, agus thart ar EUR 15.1 billiún do thithíocht shóisialta agus bonneagar sóisialta. Sna comhaontuithe comhpháirtíochta 2021-2027, shainaithin 26 Bhallstát an déimeagrafaíocht mar dhúshlán mór dá gcríocha a mbeidh aghaidh le tabhairt air le tacaíocht ó chistí an Bheartais Chomhtháthaithe. Le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, treoraítear, in éineacht leis na Ballstáit, beagnach EUR 7 mbilliún chun saol oibre atá cothrom ó thaobh inscne de, dálaí oibre comhionanna agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn, agus EUR 427 milliún chun tacú le haosú gníomhach agus sláintiúil oibrithe. Leis an athbhreithniú meántéarma atá le teacht ar chláir an Bheartais Chomhtháthaithe, atá le bheith curtha i gcrích faoi lár 2025 agus atá faoi stiúir na moltaí tírshonracha a glacadh in 2024, beidh deis ann measúnú a dhéanamh ar staid na réigiún sin agus, i gcás inarb iomchuí, clársceidealú chistí an Bheartais Chomhtháthaithe a ailíniú. Ina theannta sin, faightear maoiniú EUR 43 mhilliún ón gclár Fís Eorpach i gcomhair taighde chun ganntanais agus neamhréireanna scileanna a laghdú, agus faightear maoiniú EUR 27 milliún chun dul i ngleic le tionchair shocheacnamaíocha an athraithe dhéimeagrafaigh.
Chun an t‑athrú déimeagrafach a bhainistiú go héifeachtach, teastaíonn sonraí cuimsitheacha, ardchaighdeáin agus gráinneacha agus cumas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun sonraí agus saineolas a bhailiú agus a mheasúnú chun anailís agus treoir ar na réitigh iomchuí a sholáthar. Tá sé ríthábhachtach iarrachtaí a chomhordú freisin. Ar an leibhéal náisiúnta, tá measúnuithe ar an athrú déimeagrafach agus ar a thionchair déanta nó á seoladh ag na Ballstáit, mar shampla san Ísiltír tríd an gciste stáit nua, an ‘Coiste Stáit um Fhorbairtí Déimeagrafacha 2050’. Mar chomhlánú leis na gníomhaíochtaí sin, soláthraíonn an staidreamh Eorpach ar dhaonra agus imirce agus ‘Atlas na Déimeagrafaíochta’ ar leibhéal an Aontas corpas sonraí gan fasach, léarscáileanna idirghníomhacha agus cairteacha sa réimse sin cheana, chomh maith le huirlisí eile, amhail an Fhaireachlann Tuaithe. Mar sin féin, ní mór aird níos mó a thabhairt ar an mbonn fianaise a thógáil agus ar acmhainneachtaí a bhailiú chun treochtaí déimeagrafacha agus a n‑impleachtaí a mheas agus a réamh‑mheas tuilleadh, lena n‑áirítear conas is féidir beartais a dhearadh ar bhealach níos fearr chun freastal ar an gcohórt seanóirí inár sochaithe atá ag athrú. Céim mhór sa treo sin is ea an togra le haghaidh Rialachán maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht arb é is aidhm dó déimeagrafaíocht, imirce idirnáisiúnta agus staidreamh daonáirimh agus tithíochta a nuachóiriú agus a chomhtháthú.
Chun feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
Neartóidh sé an bonn sonraí agus fianaise
§Déanfaidh sé ardán dinimiciúil d’Atlas na Déimeagrafaíochta chun eolas faoi dhéimeagrafaíocht a chruthú agus a scaipeadh ar leibhéal an Aontais, rud a éascóidh an malartú idir na Ballstáit.
§Tacóidh sé, faoi chuimsiú an Chórais Staidrimh Eorpaigh, leis na Ballstáit a staidreamh daonra agus tithíochta a fheabhsú agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun feidhme, bunaithe ar an gcreat rialála amach anseo le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht (ESOP).
§Tacóidh sé le gníomhaíochtaí anailíseacha faoi shnáithe na fostaíochta agus na nuálaíochta sóisialta CSE+ (EaSI) in 2024, lena dtabharfar aghaidh ar phríomhghnéithe na bhforbairtí déimeagrafacha, go háirithe maidir le fadsaolaí, le haosú agus le cúram fadtéarmach.
§Tacóidh sé le taighde trí Fhís Eorpach maidir le freagairtí beartais ar dhúshláin déimeagrafaíochta, lena n‑áirítear staidéar ar na himpleachtaí a bhaineann leis an ngá le cúram fadtéarmach atá ag méadú (an ‘sruth cúraim’) atá le foilsiú faoi 2025.
Tacóidh sé le hathbhreithniú agus uasghrádú na mbeartas a bhaineann le déimeagrafaíocht ar gach leibhéal
§Spreagfaidh sé idirphlé agus malartuithe rialta leis na Ballstáit, i gcomhar leis an Uachtaránacht, maidir le gach gné den déimeagrafaíocht trí struchtúir agus acmhainní tiomnaithe.
§Bainfidh sé leas as an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun cúnamh a sholáthar d’údaráis náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, chun straitéisí náisiúnta a fhorbairt nó a nuashonrú arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, go háirithe i gcomhthéacs na dtionscadal suaitheanta ‘Tús Áite don Aos Óg’, ‘Scileanna’, ‘Bacainní ar fhorbairt réigiúnach a shárú’, agus ‘Imeascadh imirceach agus mealladh tallainne’.
§Eiseoidh sé an 9ú tuarascáil um chomhtháthú go luath in 2024, lena dtabharfar deis machnamh a dhéanamh ar an dóigh a gcuidíonn an beartas comhtháthaithe leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha.
§Déanfaidh sé ábhair imní déimeagrafacha a phríomhshruthú i dtograí beartais ábhartha ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na measúnuithe tionchair a ghabhann leo, i gcás inarb iomchuí.
§Eagróidh sé comhdháil théamach sa chéad leath de 2024 chun machnamh a dhéanamh ar conas is féidir le córais agus beartais fadsaolaí a chothú san Eoraip, ag tógáil ar phríomhthorthaí na dTuarascálacha maidir le Leordhóthanacht Pinsean agus maidir le hAosú.
Áiritheoidh sé nach bhfágtar aon réigiún san Aontas ar lár
§Seolfaidh sé an tArdán um thallann a chur chun tairbhe go hoifigiúil an 23-24 Samhain 2023 agus rachaidh sé ar aghaidh le tuilleadh glaonna faoin Sásra um thallann a chur chun tairbhe.
§Tabharfaidh sé aird ar leith ar na dúshláin shonracha a bhaineann le déimeagrafaíocht limistéar tuaithe ina thuarascáil atá le teacht maidir le cur chun feidhme na físe fadtéarmaí do limistéir thuaithe.
§Tacóidh sé le 100 gleann nuálaíochta réigiúnach a chruthú ina mbeidh páirt ag réigiúin an Aontais ina bhfuil feidhmíocht nuálaíochta níos ísle, agus tabharfar maoiniú EUR 100 milliún dóibh ó chlár Fís Eorpach agus EUR 70 milliún ón Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha (I3) faoi CFRE.
§Tionólfaidh sé idirphlé rialta i ngrúpa ábhartha an Choimisiúin lena gcumhdaítear cistí an Bheartais Chomhtháthaithe freisin maidir le dúshláin dhéimeagrafacha agus tacaíocht ó chistí ábhartha, lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar bhealach leordhóthanach ar dhúshláin dhéimeagrafacha le linn a gclársceidealaithe agus a gcur chun feidhme.
§Iarrfaidh sé ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an athbhreithniú meántéarma atá le teacht ar chláir an Bheartais Chomhtháthaithe chun na cláir a choigeartú, i gcás inar gá, de réir na riachtanas arna gcruthú ag na dúshláin dhéimeagrafacha.
|
5.CONCLÚID
Tá tionchar as cuimse ag an athrú déimeagrafach ar ár saol agus ar iomaíochas ár ngeilleagair. Cé gur féidir leis ‘an tsochaí fadsaolaí’ cuidiú linn deiseanna nua a chur in oiriúint agus a bhaint amach, le haosú an daonra agus an daonra in aois oibre atá ag laghdú d’fhéadfaí na dúshláin atá ann cheana a bhaineann leis an nganntanas saothair, táirgiúlachta agus buiséad poiblí a dhéanamh níos measa, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne. D’fhéadfadh treochtaí déimeagrafacha cur freisin le difríochtaí idir réigiúin agus tíortha a mhéadú, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chomhtháthú sóisialta agus den mhuinín inár n‑institiúidí daonlathacha chun rathúnas agus folláine leathanbhunaithe a sholáthar.
Ní mór don Eoraip tabhairt faoi chur chuige cuimsitheach lena dtugtar cumhacht do gach glúin a tallann agus a mianta a bhaint amach. Chuir ceannairí an Aontais in iúl in Granada go bhfuil rún daingean acu infheistíocht a dhéanamh i scileanna don todhchaí agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chun geilleagar athléimneach, inbhuanaithe a chruthú a oireann do dhaoine agus do shochaí inar féidir le daoine aonair a gcumas a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar cuspóirí beartais éagsúla a chothromú go cúramach. Le beartais an Aontais agus beartais náisiúnta, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas do dhaoine ar fud na hEorpa réiteach a dhéanamh idir mianta teaghlaigh agus oibre íoctha. Ní mór ár n‑iarrachtaí a threorú i gcónaí de réir an chomhionannais inscne, urramú na gceart bunúsach, an neamh‑idirdhealaithe agus na cothroime idirghlúine. Agus brú á chur ag géarghanntanais saothair ar ghnólachtaí ar fud an Aontais, tá imirce dhleathach agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tír ríthábhachtach freisin, in éineacht le leas a bhaint as an tallann laistigh den Aontas. Beidh an Cruinniú Mullaigh Comhpháirtithe Sóisialta atá beartaithe ag Val Duchesse sa chéad leath de 2024 ina dheis chun dul i ngleic a thuilleadh le ceist phráinneach na nganntanas saothair agus scileanna. Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an iomaíochais ar an iomlán, chuir Uachtarán an Choimisiúin de chúram ar Mario Draghi, iar-Uachtarán BCE agus Ceann Rialtais na hIodáile, tuarascáil a ullmhú maidir lena bhfuil i ndán d’iomaíochas an Aontais faoi shamhradh 2024.
Trí oibriú le chéile, is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Eoraip níos láidre, níos dinimiciúla, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe. Léirítear sa Teachtaireacht seo na príomh‑athchóirithe agus na príomhinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach san Eoraip agus chun an t‑athrú sin a bhainistiú. Mar a leagtar amach thuas, ba cheart do lucht ceaptha beartas sna Ballstáit iad a chur i bhfeidhm ina gcomhthéacsanna náisiúnta agus réigiúnacha i gcur chuige uile-rialtais. Tá an Coimisiún tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit leis na huirlisí atá idir lámha a úsáid go héifeachtach agus, chuige sin, leanúint lena bhforbairt tuilleadh. Ina n‑iarrachtaí, ba cheart do lucht ceaptha beartas rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a chur chun cinn freisin agus páirt a thabhairt iontu do na gníomhaithe go léir – comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, agus eile, agus a mbeartais a bhunú ar chúrsaí mar atá go háitiúil. Ar an mbealach sin, is féidir linn cuidiú le daoine aonair agus le pobail déanamh go maith, ag cothú leas agus fholláine na glúine seo agus na nglúnta atá le teacht.