EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0336

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA HEORPA, CHUIG AN GCOMHAIRLE, CHUIG AN GCOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 – 2027

COM/2023/336 final

An Bhruiséil,20.6.2023

COM(2023) 336 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA HEORPA, CHUIG AN GCOMHAIRLE, CHUIG AN GCOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Athbhreithniú meántéarma ar an






















gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 – 2027




































{SWD(2023) 336 final}


1.RÉAMHRÁ

Ó 2020 i leith, tá an tAontas ag dul i ngleic le sraith dúshlán nach raibh coinne leo agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus le NextGenerationEU, tugadh freagairt láidir ar phaindéim COVID-19 agus ar a cuid iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta. Chuir siad ar chumas an Aontais téarnamh go tapa ón ngéarchéim, déanann siad an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní, agus chomh maith leis sin is rudaí iad lena dtugtar aghaidh ar neamhionannais agus lena gcuirtear comhionannas deiseanna chun cinn do chách. Mar sin féin, tá géarchéim mhór eile roimh an Aontas anois agus gan é ach díreach i ndiaidh na cosa a thabhairt leis as ceann de na géarchéimeanna eacnamaíocha domhanda is tromchúisí le breis agus 100 bliain anuas: de dheasca ionradh brúidiúil na Rúise ar an Úcráin, tá dúshláin nua eile nach raibh coinne leo tar éis teacht chun cinn, an ghéarchéim fuinnimh cuir i gcás. Tá buiséad an Aontais tar éis a chur ar chumas an Aontais freagairt go láidir do na nithe sin, laistigh de theorainneacha an bhuiséid féin, trí bheith ag tarraingt ar a chuid solúbthachtaí teoranta ionsuite. Toisc go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin iomadúla sin, tá acmhainní bhuiséad an Aontais ar tí a n-ídithe.

Mar gheall ar an gcogadh foghach mídhleathach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, tá cogadh ann san Eoraip arís, agus is uafásach an tionchar atá á imirt ag an gcogadh céanna. Leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú leis an Úcráin a fhad is gá, agus cuideoidh sé go daingean leis an Úcráin agus í ar a conair Eorpach. Ar an gcéad dul síos, bhí tionchar tubaisteach ag an gcogadh ar an Úcráin agus ar a muintir, ach d’eascair iarmhairtí móra as i gcás na hEorpa agus tríú tíortha freisin, daoine a bheith ar a dteitheadh ón Úcráin, agus na géarchéimeanna fuinnimh agus bia, cuir i gcás. D’fhág an cogadh freisin gurbh éigean lear mór millteach cúnamh daonnúil a shlógadh, rud a chaithfear a choinneáil ar bun, sin agus tacaíocht a shlógadh le haghaidh táirgeadh agraibhia agus cosaint shibhialta i dtríú tíortha. Beidh an Úcráin i ngátar tacaíocht inbhuanaithe le haghaidh fóirithint agus téarnamh gearrthéarmach agus atógáil fhadtéarmach.

Tá borradh tagtha faoin imirce tar éis na paindéime, rud atá ag cur brú ar acmhainneachtaí glactha agus lánpháirtíochta na mBallstát. Beidh gá le tacaíocht airgeadais bhreise chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, feabhas a chur ar bhainistiú teorainneacha, agus comhpháirtíochtaí imirce éifeachtacha a chothabháil le tríú tíortha — bíodh tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais i gceist, nó tíortha a bhfuil líon mór dídeanaithe á n-óstáil acu. Ina theannta sin, maidir le gnéithe inmheánacha agus seachtracha na himirce, leis an gCur Chuige Ginearálta a chomhaontaigh an Chomhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le príomhghnéithe an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, leagtar béim ar an ngá atá ann na freagrachtaí nua a bheidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit a chomhlíonadh, agus ar na costais a bheidh i gceist leis na freagrachtaí sin.

Tá ag géarú ar an éagobhsaíocht gheopholaitiúil, ar ghéarchéimeanna agus ar thubaistí nádúrtha — lasmuigh d’iarmhairtí an chogaidh san Úcráin, agus faoi anáil an athraithe aeráide — agus is rud é sin ag dul i gcion go mór ar thíortha i gcomharsanacht an Aontais agus ar thíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain, rud a mhéadaíonn an gá atá le cabhair éigeandála agus tacaíocht dhaonnúil.

Tá gá le hinfheistíocht mhór chun iomaíochas fadtéarmach a chothú. Trí dhlús a chur le dhá aistriú na hEorpa, tugtar an deis don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta an athuair in earnálacha ríthábhachtacha trí infheistíocht chliste phoiblí agus phríobháideach in earnálacha straitéiseacha, cothrom na Féinne a chaomhnú sa mhargadh aonair ag an am céanna, agus an comhtháthú á chaomhnú dá bhrí sin. Tá sé sin tábhachtach freisin i bhfianaise na spleáchas straitéiseach reatha agus an athraithe dhéimeagrafaigh atá ar siúl faoi láthair, agus maidir lena áirithiú go mbeidh rochtain inacmhainne ar fhuinneamh ann.

Ó 2022 i leith, is mór an méadú atá tagtha ar an mboilsciú i ngeilleagar an Aontais agus i mórgheilleagair eile, go deimhin féin is é an méadú is mó é dá raibh ann le 40 bliain anuas, agus tá curtha leis de dheasca na scrogaill a bhain leis an téarnamh iarphaindéime agus de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin. Mar thoradh air sin, tá bainc cheannais ar fud an domhain tar éis a gcuid beartas airgeadaíochta a dhéanamh níos doichte. Tá méadú tagtha ar rátaí úis ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tháinig méadú ar ráta úis bannaí 10 mbliana an Aontais, sa chaoi gur thart ar ráta nialasach a bhí ann an tráth a glacadh an Creata Airgeadais Ilbhliantúil, agus gur breis agus 3% a bhí i gceist níos lú lá bliain ina dhiaidh sin. Tá tionchar díreach fíor-mhór ag an luaineacht sin ar bhuiséad an Aontais.

Tá riarachán an Aontais faoi bhrú mar gheall ar na cúraimí breise iomadúla atá ar institiúidí an Aontais ó cuireadh tús leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, agus mar gheall ar bhoilsciú ard. Cé go bhfuil iarrachtaí eisceachtúla á ndéanamh chun costais riaracháin a chur in ord tosaíochta athuair agus a laghdú, tá sé ag dul deacair ar institiúidí an Aontais feasta a gcuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh gan an líon foirne a mhéadú dá réir.

Moltar sa Teachtaireacht seo bealach chun cinn trína bhféadfar an cistiú is gá a chur ar fáil ionas go mbeifear in ann tosaíochtaí agus riachtanais choiteanna an Aontais a bhaint amach. Níl baol ar bith uirthi aghaidh a thabhairt ar an tionchar iomlán a imríodh ar bhuiséad an Aontais de dheasca na ngéarchéimeanna éagsúla a casadh orainn, ná a mholadh go leasófaí an buiséad; dírítear inti ar na réimsí is práinní, réimsí ina gcaithfear coigeartú a dhéanamh chun go bhféadfaidh an Aontas a chuid riachtanas agus cuspóirí coiteanna a chomhlíonadh i dtimpeallacht dhomhanda úrnua.

2.AN BUISÉAD FAOI BHRÚ

Buiséal an Aontais a bheith ilbhliantúil, sin rud a fhágann go mbíonn cobhsaíocht agus intuarthacht i gceist, ach fágann sé freisin go bhfuil teorainn leis an gcumas atá sa bhuiséad freagairt d’imeachtaí móra gan choinne, agus tá na solúbthachtaí atá ag baint leis á n-ídiú. Tá 90 % de bhuiséad an Aontais agus NextGenerationEU réamh-leithdháilte cheana féin ar chláir shonracha nó cláir náisiúnta shonrach, nó ar mhaithe le críocha sonracha. Cheana féin, baineadh úsáid as 75 % de na corrlaigh tosaigh neamh-leithdháilte don tréimhse 2021-2027 (nach raibh iontu ach EUR 5.5 billiún, nó 0.45 % den chaiteachas iomlán) nó cuireadh i leataobh iad chun oiriúnú do riachtanais nua agus chun freagairt do ghéarchéimeanna gan choinne. Baineadh úsáid iomlán as an Ionstraim Sholúbthachta, trína gcuirtear solúbthacht bhreise theoranta ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, solúbthacht dar luach tuairim is EUR 1 bhilliún in aghaidh na bliana. Baineann sé sin an bonn ó chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na héigeandálaí is práinní, tacaíocht a chur ar fáil chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na hEorpa i réimsí criticiúla, an múnla sóisialta uathúil Eorpach a choinneáil ar bun agus a neartú, gan trácht ar an gcumas freagairt do dhúshláin nua a mheastar a thiocfaidh chun cinn sna 4 bliana atá romhainn i bhfianaise an chomhthéacs luainigh gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ann.

B’éigean úsáid fhorleathan a bhaint as ath-imscaradh agus athchlárú, sa bhreis ar na solúbthachtaí buiséadacha a bhí ann cheana, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nach raibh coinne leo. Slógadh cistí an bheartais comhtháthaithe go forleathan chun tacú le daoine atá ar a teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus leis na Ballstáit óstacha trí bhíthin phacáiste na Gníomhaíochta Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip agus phacáiste an Chúnaimh Sholúbtha do Chríocha (CARE agus FAST-CARE). Mhaolaigh leasuithe ar chláir 2014-2020 agus 2021-2027 an brú buiséadach ar na Ballstáit agus d’fhág siad go rabhthas in ann úsáid níos tapúla agus níos solúbtha a bhaint as an gcistiú atá ar fáil. Tá REPowerEU, a bhfuil sé d’aidhm aige deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, á mhaoiniú ag cistí eile a ath-imlonnú agus a athrú de bharr a n-ath-imlonnaithe agus a n-athchuspóra 1 . Fuair an Clár Nascachta Slán, a fhreagraíonn do bhagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí atá ag dul i méid chomh maith le tubaistí nádúrtha, cistiú ó roinnt clár de chuid an Aontais a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu leis an tionscnamh seo 2 chomh maith le corrlaigh bhuiséadacha neamh-leithdháilte. An Gníomh atá beartaithe mar thaca le Táirgeadh Armlóin chun éascaíocht a dhéanamh do mhéadú acmhainneachta táirgeachta armlóin laistigh den Aontas, is gníomh é atá á mhaoiniú trí ath-imscaradh EUR 260 milliún ón gCiste Eorpach Cosanta do 2024 agus ath-imscaradh EUR 240 milliún dar foráladh ar dtús le haghaidh an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch(EDIRPA) in 2023-2024. Maoinítear an Gníomh um Shliseanna trí lamháil Cheannteideal 1 agus ath-imlonnuithe ó chláir eile nó ó shraitheanna de chuid na gclár sin. Ina theannta sin, baineadh úsáid fhorleathan as an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — EUR 7.4 billiún as EUR 9.3 billiún — chun tacaíocht a chur ar fáil do vacsaíní COVID-19 ar fud an domhain, an Úcráin (lena n-áirítear iasachtaí cúnaimh macrairgeadais a sholáthar), dídeanaithe ón tSiria sa Tuirc, inter alia. Dá bhrí sin, táthar an-srianta ó thaobh féidearthachtaí ath-imlonnaithe nó féidearthachtaí rudaí a chur in ord tosaíochta athuair.

I bhfianaise na staide sin, níl aon rogha eile ag an gCoimisiún chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a chuspóirí, cuspóirí práinneacha agus cuspóirí traidisiúnta uile a bhaint amach, go dtí deireadh 2027, ach athbhreithniú spriocdhírithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a mholadh.

3.Coigeartú spriocdhírithe agus cothrom ar an mBUISÉAD chun freagairt do dhúshláin nua 

Tacaíocht bhuanseasmhach fhadtéarmach don Úcráin trí Shaoráid nua na hÚcráine

Seasann an tAontas go daingean leis an Úcráin ar mhaithe le tacú lena cuid frithbheartaíochta i gcoinne ionradh na Rúise agus le todhchaí Eorpach na hÚcráine a thógáil as lámh a chéile. Na hiarmhairtí díreacha agus indíreacha a bhaineann le cogadh a bheith ar siúl san Eoraip, ní chun aghaidh a thabhairt orthu sin a tógadh Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, agus níorbh fhéidir na himeachtaí agus na riachtanais thromchúiseacha sin a thuar. Mar sin féin, faoi mhí an Mheithimh 2023, bhí EUR 30.5 billiún slógtha ag buiséad an Aontais chun tacú leis an Úcráin. Áirítear leis sin an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+, ionstraim nuíosach lena gcuirfear suas le EUR 18 mbilliún ar fáil in 2023, agus a ráthaítear le buiséad an Aontais. 

Ina theannta sin, baineadh athearraíocht as roinnt clár atá ann cheana chun tacú leis an Úcráin agus chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh. Mar shampla, leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a bhfuil an Úcráin bainteach léi anois, déantar foráil do lánaí dlúthpháirtíochta AE — atá riachtanach chun geilleagar na hÚcráine a choinneáil nasctha leis an margadh aonair agus leis an gcuid eile den domhan — agus soghluaisteacht mhíleata. Slógadh cistí réigiúnacha chun cabhrú leis na Ballstáit tacú le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh nó chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh dá bharr, EUR 17 mbilliún san iomlán. Tugadh níos mó solúbthachta do Chistí Gnóthaí Baile an Aontais Eorpaigh chun éascaíocht a dhéanamh d’úsáid cistí nár caitheadh a bhain le 2014-2020. Cuireadh EUR 400 milliún ar fáil do na Ballstáit túslíne tríd an gCiste um Bainistiú Tearmainn agus Lánpháirtíocht agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, chun cuidiú le hÚcránaigh a thagann isteach san Aontas a ghlacadh den chéad uair agus a lánpháirtiú go luath. Tá clár Erasmus+ ag cuidiú freisin chun tacú le muintir na hÚcráine, lena n-áirítear go leor leanaí agus daoine óga, trí EUR 100 milliún breise a atreisiú in 2023 chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Tá tacaíocht bhreise á cur ar fáil lasmuigh de bhuiséad an Aontais, agus EUR 5.6 billiún de chúnamh míleata ann faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SSE) a bunaíodh le déanaí. Is uirlis thábhachtach í SSE chun tacú le féinchosaint na hÚcráine.

Luach EUR 70 billiún atá i gceist san iomlán leis an tacaíocht atá slógtha ag an Aontas agus a chuid Ballstát chun tacú leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine.

Ó thús an chogaidh, tá smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana forchurtha ag an Aontas ar an Rúis, rud a chuir leis na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas tar éis ionghabháil neamhdhleathach na Crimé i mí an Mhárta 2014. Tá obair fós ar siúl maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sócmhainní reoite chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do sheasamh go daingean agus go hiomlán leis an Úcráin agus leanúint de thacaíocht láidir pholaitiúil, eacnamaíoch, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil a chur ar fáil don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine a fhad is gá. Tá gá le maoiniú le haghaidh riachtanais phráinneacha na hÚcráine, le haghaidh téarnaimh agus le haghaidh atógáil fhadtéarmach. Ní chumhdaítear leis an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+ ach 2023 amháin agus ní féidir léi a mhaoiniú ach na riachtanais bhuiséadacha is práinní. Ní féidir léi na réimsí uile ar thug an tAontas gealltanas tacú leo a chumhdach, ná tacaíocht fhadtéarmach a chur ar fáil don téarnamh tapa. Ní mór don Aontas Eorpach an dúshlán a fhreagairt trí thacaíocht don Úcráin a dhearbhú ar bhonn ilbhliantúil. 

An tacaíocht atáthar a thabhairt i dtaca le téarnamh tapa na hÚcráine, ba cheart athrú a theacht uirthi de réir mar a thiocfadh athrú ar an gcás. Ach gníomhaíocht eacnamaíoch a chothú agus bonneagar bunúsach a atógáil, chruthófaí fostaíocht agus ioncam, thabharfaí deis do dhídeanaithe filleadh abhaile, agus laghdófaí an méid cúnaimh idirnáisiúnta ba ghá a thabhairt. De réir mheastacháin an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 3 , USD 81.6 billiún atá i mbearna mhaoinithe na hÚcráine le haghaidh 2024-2027. Thairis sin, i mí an Mhárta 2023, thíolaic an Banc Domhanda in éineacht le Rialtas na hÚcráine, an Coimisiún Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe an measúnú nuashonraithe ar dhamáistí lena gcumhdaítear bliain iomlán d’ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine gan chúis. Fuarthas amach sa mheasúnú gur EUR 384 bhilliún atá i gceist le riachtanais atógála fhoriomlána mheasta na hÚcráine maidir leis na 10 mbliana atá romhainn, agus gur EUR 142 bhilliún atá i gceist leis na riachtanais sin maidir leis an tréimhse 2023-2027. An clár de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a tugadh chun críche an 31 Márta USD, clúdóidh sé 10.2 billiún de na riachtanais sin, agus EUR 7 mbilliún atá i gceist le pacáiste tacaíochta 5 bliana na hIorua.

Tá an tAontas meáite ar dhul i gcomhar ar bhealach struchtúrtha le deontóirí idirnáisiúnta eile, go háirithe tríd an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí, agus ar dhul i mbun comhpháirtíocht ilbhliantúil leis an Úcráin a chuideoidh leis an tír sin maidir lena conair athchóiriúcháin agus conair a haontachais leis an Aontas. Chuirfeadh sé sin ar chumas na hÚcráine na riachtanais airgeadais is práinní atá aici a chumhdach agus díriú ar athchóiriú an riaracháin phoiblí, ar an dea-rialachas, ar an smacht reachta, ar chomhtháthú de réir a chéile sa mhargadh aonair, agus ar bhainistiú fónta airgeadais (lena n-áirítear bearta frith-éillithe agus frithchalaoise). Is féidir leis deis a thabhairt don Úcráin dul chun cinn a dhéanamh agus an t-aistriú chuig geilleagar athléimneach, aeráidneodrach, digiteach agus cuimsitheach a chothú, cearta bunúsacha agus comhionannas san Úcráin a neartú.

Tá gá le réiteach inbhuanaithe chun tacú leis an Úcráin ar feadh an chuid eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha. Beidh air tiomantas láidir agus solúbthacht láidir an Aontais a chomhcheangal chun dul in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí le tacaíocht airgeadais don Úcráin meascán solúbtha d’iasachtaí agus de dheontais. Beidh ról lárnach ag iasachtaí a mhaoinítear trí iasachtaíocht agus a ráthaítear le buiséad an Aontais, mar atá i gcás na hionstraime um Chúnamh Macra-Airgeadais Plus, chun leachtacht a áirithiú do rialtas na hÚcráine. Is féidir leis an Aontas rátaí úis na n-iasachtaí sin a chumhdach. Ag an am céanna, tacóidh sciar iomchuí de dheontais le hinbhuanaitheacht airgeadais phoiblí na hÚcráine agus le bearta sonracha infheistíochta nó cúnamh teicniúil a mhaoiniú.

Le tacaíocht leanúnach ón Aontas caithfear freisin muinín a chothú in earnáil phríobháideach na hEorpa agus earnáil phríobháideach na hÚcráine sa chaoi go ndéanfaidh siad infheistíocht san Úcráin agus in atógáil na hÚcráine. Le himeacht ama, de réir mar a fheabhsóidh na coinníollacha le haghaidh rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, ba cheart tacaíocht trí ráthaíochtaí, le ranníocaíochtaí breise ó Institiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, a chur ar fáil, chun an riosca a bhaint d’infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach agus chun giaráil chistí an Aontais a mhéadú. Ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar an Úcráin a lánpháirtiú i slabhraí soláthair na hEorpa agus sa mhargadh aonair, ar mhaithe le leas frithpháirteach shaoránaigh agus ghnólachtaí an Aontais agus na hÚcráine.

Chun freastal ar riachtanais láithreacha na hÚcráine, ar an téarnamh agus ar an nuachóiriú, molann an Coimisiún ionstraim chomhtháite sholúbtha a chruthú a mbeidh acmhainneacht fhoriomlán suas le EUR 50 billiún aici do 2024-2027. Cuirfear tacaíocht ar fáil i bhfoirm iasachtaí, deontas agus ráthaíochtaí. Áiritheofar leis sin cistiú cobhsaí intuartha agus cuirfear creat iomchuí ar fáil ag an am céanna lena n-áiritheofar go dtabharfar tosaíocht d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a mbeidh Plean don Úcráin mar bhonn taca leo, inbhuanaitheacht airgeadas na hÚcráine, chomh maith le cosaint bhuiséad an Aontais. Maoineofar an tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Chúlchiste de chuid na hÚcráine, lena gcuirfear acmhainní ar fáil do Shaoráid na hÚcráine ar bhonn bliantúil de bhreis ar na huasteorainneacha caiteachais. Maoineofar an tacaíocht iasachta trí iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais agus beidh an lamháltas idir uasteorainneacha na n-acmhainní dílse agus caiteachas bhuiséad an Aontais mar thaca léi. Tá gá leis an gcur chuige solúbtha sin chun freastal ar riachtanais athraitheacha na tíre go dtí 2027.

An imirce a bhainistiú, comhpháirtíochtaí le tríú tíortha tábhachtacha a neartú agus aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí

Rannchuidíonn buiséad an Aontais le cur chuige cuimsitheach, lena dtugtar le chéile beartais i réimsí na himirce, an tearmainn, an lánpháirtithe, an fhillte agus an bhainistithe teorainneacha, agus lena n-aithnítear an nasc idir gnéithe inmheánacha agus seachtracha na himirce chomh maith leis na riachtanais a eascraíonn as na hiarmhairtí domhanda a bhaineann leis an gcogadh foghach atá an Rúis a chur san Úcráin, riachtanais ó thaobh slándáil bia agus bagairtí hibrideacha, cuir i gcás. Maidir le gné sheachtrach na himirce, déanfaidh an tAontas Eorpach an comhar a dhoimhniú a thuilleadh mar chuid de chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha, cothromaithe agus saincheaptha le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais. Cé go bhfeictear dúshláin mhaoinithe ar fud an domhain, tá an staid thar a bheith dúshlánach i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt agus sa Tuirc. Níl laghdú ag teacht ar na riachtanais maidir le dídeanaithe ón tSiria sa Tuirc agus sa réigiún níos leithne agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú breise ar na dúshláin bhreise a d’eascair as na creathanna talún a bhí ann le déanaí. Le haghaidh 2024-2027, thángthas ar na riachtanais ar fud an réigiúin den chuid is mó. Tiocfaidh riachtanais bhreise chun cinn freisin tar éis dhúnadh an Chiste Iontaobhais don Afraic, ós rud é go bhfuil ionchas méadaitheach ann go gcaomhnófar na leibhéil chéanna maoinithe ar a laghad do bhealach na Meánmhara Theas (EUR 208 milliún in aghaidh na bliana), a raibh gealltanas tugtha ag an gCoimisiún ina leith freisin. Tugtar aird bhreise air sin tar éis Chomhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, lenar cuireadh béim ar an ngá atá le filleadh a mhéadú tríd an gcomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a threisiú lena gcumhdaítear na bealaí imirce uile, ‘le hacmhainní leordhóthanacha freisin’, lena n-áirítear faoin an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

Maidir leis an ngné inmheánach de bhainistiú na himirce agus de bhainistiú teorainneacha, beidh gá le maoiniú breise chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar an mbrú imirce, agus chun cabhrú leo an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme. Sin mar atá i gcás na nithe seo a leanas go mór mór – an scagadh, an nós imeachta teorann, an acmhainneacht glactha, athlonnuithe, agus fillteacha. Maidir leis an gComhshocrú, tá dul chun cinn maith á dhéanamh, agus é mar aidhm ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle na tograí reachtacha a ghlacadh faoi mhí Feabhra 2024 4 agus roinnt comhad a comhaontaíodh cheana a ghlacadh. De bharr na n-athruithe atá beartaithe sa phróiseas reachtach, tá méadú tagtha ar na riachtanais i gcomparáid leis na meastacháin bhunaidh. Is amhlaidh atá go háirithe maidir le bonneagar glactha a bhunú agus a chothabháil, maidir le cur ar ais agus athlonnú méadaithe. Sa lá atá inniu ann, tá na méideanna atá ar fáil do thosaíochtaí atá ann cheana agus chun líon méadaitheach dídeanaithe a óstáil curtha i leataobh cheana féin. I ndáil leis sin, cuirtear 30 % de na cistí i réimse beartais na hImirce 5 chun feidhme faoi na Saoráidí Téamacha, a sholáthraíonn roinnt solúbthachta i bprionsabal. Mar sin féin, tá na Saoráidí Téamacha á n-úsáid ar luas ard chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí agus chun tacú leis na Ballstáit a bhfuil brú eisceachtúil orthu, amhail an ghéarchéim san Afganastáin nó an ghéarchéim a d’eagraigh réimeas na Bealarúise, agus na milliúin daoine atá ag teitheadh ó chogadh na Rúise san Úcráin a óstáil le déanaí. Dá bhrí sin, ní féidir na cistí sin a chur i leataobh chun an Comhshocrú a chur chun feidhme.

Mar gheall go bhfuil ag géarú ar an éagobhsaíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil, tá ag méadú ar na riachtanais dhomhanda atá ann, ach an freagra a chaithfidh an tAontas a thabhairt ar ghéarchéimeanna i dtríú tíortha, níl sé d’acmhainn ag buiséad an Aontais mar atá sé an freagra sin a sholáthar. Lasmuigh den tionchar a bhíonn aici ar an Úcráin, bíonn tionchar ag cogadh ionsaithe na Rúise ar thíortha comharsanachta amhail an Mholdóiv, tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas a mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil uaithi 6 . Ina theannta sin, mar gheall ar ghéarchéimeanna móra in Éimin, sa tSúdáin agus san Afganastáin, agus ar an ngéarchéim dhomhanda bia ina dhiaidh sin agus ar an éagobhsaíocht atá ag dul i méid san Afraic Fho-Shahárach agus in áiteanna eile ar domhan, tá gá níos géire fós le cúnamh ón Aontas agus le cabhair dhaonnúil ná mar a tuaradh.

B’éigean don chlár um Chabhair Dhaonnúil a bheith ag brath ar threisithe móra buiséid ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, tar éis leas iomlán a bheith bainte as ath-imscaradh agus as na corrlaigh. I roinnt géarchéimeanna sa Mheánoirthear agus san Afraic go háirithe, tá ciorruithe á gcur i bhfeidhm cheana féin ag eagraíochtaí daonnúla ar chiondálacha agus ar chláir a scálú. Is é EUR 83 mhilliún in aghaidh na bliana ar an meán an corrlach neamh-leithdháilte atá fágtha i gCeannteideal 6 (Comharsanacht agus an domhan) in 2024-2027. Mar gheall ar na hinfhaighteachtaí teoranta atá fós ar fáil sa Chiste don Soláthar Coiteann chun foráil a dhéanamh d’iasachtaí breise Cúnaimh Macra-Airgeadais — go háirithe an fógra a fógraíodh le déanaí maidir le hiasacht Cúnaimh Mhacra-Airgeadais EUR 900 milliún don Túinéis — is beag deis a bheidh ann bearta breise den chineál sin a dhéanamh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, más gá sin. Ina theannta sin, baineadh úsáid as thart ar 80 % d’infhaighteacht an chúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn don tréimhse 2021-2027 nó leithdháileadh iad cheana féin chun tacaíocht a chur ar fáil mar fhreagairt ar raon leathan riachtanas. Cuireann sé sin ar neamhní réasúnaíocht an mhaolaithe a bhí in ainm agus cúlchiste solúbtha a chur ar fáil chun freagairt do riachtanais a thiocfadh i gceist gan choinne.

Ag an am céanna, agus i bhfianaise an athraithe geopholaitiúil, tá sé níos tábhachtaí fós dlús a chur leis an tacaíocht dár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar, dlús a chur leis an gcóineasú le Ballstáit an Aontais agus é mar aidhm tacú le sochaithe daonlathacha cobhsaí, rathúla agus dea-fheidhmiúla agus iad ag dul i dtreo ballraíocht san Aontas.

An Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, tá sé ag cuidiú ó thaobh dul i ngleic le mórthubaistí nádúrtha nó le géarchéimeanna sláinte poiblí laistigh agus lasmuigh den Aontas, ach ní raibh sé baol ar bheith leordhóthanach maidir le freastal ar na hiarrataí go léir a rinneadh ó thús an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. In 2021 agus 2022, ídíodh an leithdháileadh go hiomlán chun aghaidh a thabhairt ar mhórtheagmhais nach raibh coinne leo, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha (e.g., tuilte, dóiteáin foraoise, creathanna talún), agus bhí na hiarrataí a fuarthas i bhfad os cionn an mhéid a bhí infhaighte de réir an bhuiséid, is é sin EUR 1.2 billiún (i bpraghsanna 2018) in aghaidh na bliana. D’fhág sé sin nach rabhthas in acmhainn gach riachtanas a shásamh. Agus gan ach leath na bliana 2023 curtha dínn againn, táthar den tuairim cheana féin go mbainfear úsáid iomlán as an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála i mbliana mar gheall ar na creathanna talún sa Tuirc agus sa tSiria, rud a fhágann nach mbeidh níos mó spáis ann le haghaidh slógadh breise go dtí deireadh na bliana.

Chun foráil a dhéanamh do chistiú leordhóthanach chun tacú leis na Ballstáit dúshláin phráinneacha a bhaineann leis an imirce agus le teorainneacha a bhainistiú agus chun an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme a luaithe a ghlacfar é, molann an Coimisiún uasteorainn cheannteideal 4 a mhéadú EUR 2 bhilliún.

Chun go mbeidh an tAontas in ann na dearbhriachtanais a sholáthar i gcomhthéacs teannas urghnách geopholaitiúil, molann an Coimisiún uasteorainn Cheannteideal 6 a mhéadú EUR 10.5 billiún.

Ní mór acmhainneacht an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus ar staideanna éigeandála a threisiú. Ba cheart an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a mhéadú EUR 2.5 billiún.

Iomaíochas fadtéarmach maidir le teicneolaíochtaí criticiúla a chur chun cinn trí Ardán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip 

Iomaíochas gheilleagar na hEorpa a neartú, agus spleáchais straitéiseacha gheilleagar na hEorpa a laghdú trí na claochluithe glasa agus digiteacha, sin iad na cuspóirí is réalta eolais don Aontas le blianta beaga anuas. Le NextGenerationEU, clár suaitheanta téarnaimh eacnamaíoch an Aontais, an bhearna a bhí ann le hais na leibhéal aschuir a bhí ann roimh an bpaindéim, d’éirigh leis an Aontas an bhearna sin a dhúnadh faoi shamhradh na bliana 2021. Leis na cistí atá dírithe ar an gclaochlú glas agus digiteach, déantar an geilleagar níos iomaíche agus ní fhágtar aon duine ar lár ag an am céanna. Leis na hiarrachtaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana atá á ndéanamh ag Ballstáit an Aontais athchóirithe ríthábhachtacha a chur chun feidhme, tá an tAontas níos athléimní. Ba cheart leanúint de na hiarrachtaí sin chun cur ar chumas an Aontais fanacht ar thús cadhnaíochta chun dul i ngleic le dúshláin atá ann cheana agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear spleáchais straitéiseacha sna príomhearnálacha. Thairis sin, tá teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha i gcroílár an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil: 30 % de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, creat dar luach EUR 2 thrilliún, agus den chlár téarnaimh NextGenerationEU, tá sé á chaitheamh ar bheartais aeráide agus tá níos mó ná 20 % den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tiomnaithe do bheartais dhigiteacha. Cuireann an beartas comhtháthaithe EUR 110 billiún leis an aistriú aeráide agus EUR 37 mbilliún leis an aistriú digiteach. Thairis sin, tacaíonn an Clár don Eoraip Dhigiteach le teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus d’údaráis riaracháin phoiblí. Ina theannta sin, is é buiséad an Aontais sár-uirlis an Aontais chun bonn a chur faoi ghníomhaíocht choiteann ar leibhéal an Aontais, sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú, barainneachtaí scála, éifeachtacht, cóineasú, agus dlúthpháirtíocht a dhaingniú, agus teachtaireacht pholaitiúil shoiléir a chur in iúl go bhfuil an tAontas Eorpach ar fad d’aon taobh agus é ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá roimhe.

Tá sé cruthaithe freisin ag tionscal an Aontais go bhfuil athléimneacht ionsuite ann, ach tá dúshláin á gcur air mar gheall ar bhoilsciú ard, ganntanas lucht saothair, cur isteach ar an slabhra soláthair, rátaí úis atá ag dul i méid, agus méadú ar chostais fuinnimh agus ar phraghsanna ionchuir. Anuas air sin, bíonn an iomaíocht ar an margadh domhanda ilroinnte láidir, nach mbíonn sí cothrom i gcónaí. Cé gur minic a dhírítear cistiú ón Aontas ar theicneolaíocht ghlan, ar bhiteicneolaíocht agus ar theicneolaíochtaí digiteacha agus doimhne a chur in úsáid, tá níos mó agus níos mó béime ag ár gcomhpháirtithe domhanda ar thacaíocht a thabhairt do mhonarú na dteicneolaíochtaí sin, amhail sna Stáit Aontaithe leis an nGníomh um Laghdú Boilscithe a rinneadh le déanaí agus ó shin sa tSín.

Glacadh agus uas-scálú fhorbairt agus mhonarú teicneolaíochtaí straitéiseacha san Aontas, sin rud a bheidh ríthábhachtach i dtaca le deiseanna a thapú agus cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, agus le ceannasacht agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa a neartú dá bhrí sin. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht láithreach chun tacú le forbairt agus monarú teicneolaíochtaí straitéiseacha san Aontas, go háirithe teicneolaíochtaí criticiúla teicneolaíochta glaine, biteicneolaíochta agus teicneolaíochtaí digiteacha agus doimhne. Ba cheart tacaíocht níos mó a thabhairt do shlabhraí luacha nua a choimirciú, a neartú agus a fhorbairt agus, ar an gcaoi sin, spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú. Mar a léiríodh le paindéim COVID-19, is féidir ganntanais earraí riachtanacha a bheith mar thoradh ar shlabhraí luacha domhanda casta le haghaidh táirgeadh agus dáileadh táirgí amhail cógaisíocht. Ní mór don Aontas freisin aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus scileanna sna hearnálacha straitéiseacha sin, agus oibrithe breise a mhealladh trí phoist, oiliúint agus printíseachtaí ardcháilíochta.

Tá roinnt tionscnamh curtha ar aghaidh ag an Aontas cheana féin chun tacú lena thionscal. Féachann Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais le hiomaíochas thionscal glan-nialasach na hEorpa a fheabhsú, tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht agus poist ardcháilíochta a chruthú. Cuireann sé timpeallacht níos tacúla ar fáil chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais i réimse na teicneolaíochta glaine a mhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. Leis an gClár Oibre Eorpach um Nuálaíocht, tá iarracht déanta ag an Aontas an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta sa rabharta nua nuálaíochta teicneolaíochta doimhne agus gnólachtaí nuathionscanta. Ag an am céanna, tá Ballstáit an Aontais ag leasú a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi láthair chun Caibidlí REPowerEU a chur san áireamh, ar deis ríthábhachtach é chun tacaíocht láithreach a chur ar fáil do chuideachtaí agus borradh a chur faoina n-iomaíochas, agus spleáchais a laghdú ag an am céanna.

Cé go gcuireann na réitigh idirlinne sin tacaíocht thapa spriocdhírithe ar fáil, ní mór don Aontas freagairt do riachtanais infheistíochta a chuid tionscal ar bhealach níos struchtúrtha chun imeall Eorpach a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach, ó theicneolaíochtaí nascachta agus ríomhaireachta, lena n-áirítear micrileictreonaic, ríomhaireacht chandamach, 6G, agus intleacht shaorga; maidir le biteicneolaíocht agus bithmhonarú, agus teicneolaíochtaí glan-nialasacha. Beidh tionchar dearfach suntasach ag glacadh na n-infheistíochtaí sin san Aontas ar neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais, trína spleáchais straitéiseacha a laghdú, agus tacú leis an aistriú glan agus digiteach ag an am céanna.

Ina dhiaidh sin, déanfaidh Ardán nua um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) na hionstraimí AE atá ann cheana a threisiú agus a ghiaráil ar mhaithe le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil go tapa. Tá roinnt cistí agus clár ag an Aontas, bídís ar siúl agus lasmuigh den bhuiséad, chun tacaíocht a chur ar fáil don teicneolaíocht ghlan, don bhiteicneolaíocht agus don digitiú. Áirítear ar na hionstraimí sin, go háirithe, an Ciste don Nuálaíocht, InvestEU, Fís Eorpach, an Ciste Eorpach Cosanta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an bheartais chomhtháthaithe. D’iarr Comhairle Eorpach an 23 Márta ‘a áirithiú go n-úsáidfí iomlán an chistithe atá ar fáil agus as na n-ionstraimí airgeadais atá ann cheana, agus go mbainfí leas astu ar bhealach níos solúbtha, chun tacaíocht thráthúil spriocdhírithe a chur ar fáil in earnálacha straitéiseacha gan difear a dhéanamh do chuspóirí an bheartais chomhtháthaithe.’ Ach ionstraimí agus creataí rialachais atá ann cheana a ghiaráil, cuirfear dlús leis an gcur chun feidhme agus beifear in ann méideanna níos mó de thacaíocht airgeadais a shlógadh.

Cabhróidh STEP ó thaobh cistiú atá ann cheana a dhíriú ar thionscadail cheannasachta agus ó thaobh dlús a chur leis an gcur chun feidhme i bhfothacar réimsí a shainaithneofar mar réimsí atá ríthábhachtach i dtaca le ceannaireacht na hEorpa, agus ag an am céanna, cosnóidh sé an comhtháthú agus coinneoidh sé cothrom na Féinne i réim sa Mhargadh Aonair. Is éard atá i gceist leis sin an uasteorainn a mhéadú ó 4 % go 10 % chun acmhainní ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi InvestEU a úsáid, rud a mbeidh ionú nua ann a bheidh tiomnaithe d’infheistíochtaí ceannasachta. Maidir le cistí an bheartais chomhtháthaithe, arb ionann iad agus an beartas aonair is mó de chuid an Aontais a mhaoinítear trí bhuiséad an Aontais, molann an Coimisiún tosaíocht nua STEP i ngach mórchiste — Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir. I gcomhréir le cuspóirí comhtháthaithe agus rannchuidiú le hiomaíochas na réigiún sa Mhargadh Aonair, molann an Coimisiún tacú le hinfheistíochtaí STEP i bhfiontair nach FBManna iad, ar féidir leo rannchuidiú go suntasach le forbairt na réigiún tearcfhorbartha agus na réigiún trasdula, agus i réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil OTI per capita acu atá faoi bhun mheán an AE. Faoi na cistí sin, molann an Coimisiún réamh-mhaoiniú 30 % in 2024 chun an glacadh a dhreasú chomh maith le cómhaoiniú an Aontais a mhéadú go 100 % do thionscadail Eorpacha STEP. Ag an am céanna, is féidir le húdaráis bhainistíochta an deis a thapú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus chun poist tharraingteacha inrochtana ar ardcháilíocht a chur chun cinn.

Ba cheart tacú le STEP freisin trí chláir roghnaithe a threisiú. I gcás InvestEU, beifear in ann réimse beartais nua (‘an cúigiú ionú’) a chruthú a bheidh dírithe ar thacú le hinfheistíochtaí ceannasachta. Tabharfaidh na hacmhainní ráthaíochtaí do chomhpháirtithe cur chun feidhme chun infheistíochtaí sna hearnálacha ceannasachta a chumasú trí tháirgí airgeadais fiachais (lena n-áirítear ráthaíochtaí) agus cothromais do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, agus tionscadail sna hearnálacha a fhaigheann tacaíocht ó STEP. Déanfaidh InvestEU infheistíocht bhreise a ghiaráil, go háirithe ón earnáil phríobháideach, trí aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus ar chásanna infheistíochta fo-optamacha sna hearnálacha a bhfuil STEP dírithe orthu. Moltar do na Ballstáit acmhainní a chur ar fáil d’urranna InvestEU na mBallstát chun tacú le táirgí airgeadais i gcomhréir le cuspóirí STEP.

Tá an Ciste don Nuálaíocht ar cheann de na príomhionstraimí ar leibhéal an Aontais lena ndírítear ar theicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin a thaispeáint agus ar mhonaraíocht teicneolaíochta glaine a mhéadú. Dá bhrí sin, is é príomhionstraim na hEorpa a straitéis tionsclaíochta ghlas a neartú agus cuspóirí comhtháthaithe á gcaomhnú ag an am céanna. An neart atá aige a mhéadú agus sineirgí a chruthú le sruthanna cistiúcháin eile tríd an Séala Ceannasachta, tá siad sin ina gcuid ríthábhachtach de fhreagairt an Aontais i bhfianaise an rása dhomhanda do mhonarú teicneolaíochta glaine agus an aistrithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de le haghaidh tionscal. Chun dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí nialais agus nuálacha ar fud an Aontais, beidh acmhainní breise ag an gCiste don Nuálaíocht a chuirfear in áirithe do na Ballstáit a bhfuil OTI per capita acu atá faoi bhun mheán an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2015-2017.

Le breisiú don Chomhairle Nuálaíochta Eorpach faoin gclár Fís Eorpach, tacófar leis an nuálaíocht fhíorchlaochlaitheach, ón taighde luathchéime go dtí na céimeanna tionscnaimh agus méadaithe.

Cuirfidh Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) tacaíocht de chineál cothromais amháin ar fáil dar luach idir EUR 15 mhilliún agus EUR 50 milliún le haghaidh FBManna ardriosca nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ardriosca nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis de, rud a chuirfidh leis an nuálaíocht cheannródaíoch sna teicneolaíochtaí criticiúla a fhaigheann tacaíocht ó STEP. Le hinfheistíochtaí den sórt sin, trí urrann nua STEP de Chiste CNE, bainfear leas as infheistíochtaí príobháideacha agus féadfar iad a fhorlíonadh le maoiniú comhlántach a chuirfidh Grúpa BEI agus/nó na Ballstáit ar fáil, agus leas á bhaint as na féidearthachtaí iomadúla atá ann tacú le maoiniú riosca faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Áiritheofar comhlántacht idir Ciste CNE agus InvestEU ós rud é nach n-infheisteoidh Ciste CNE ach i gcuideachtaí a bhfuil próifíl riosca infheistíochta acu a chomhlánaíonn tacaíocht InvestEU. Tá sé d’aidhm ag infheistíochtaí Chiste CNE an méid a mhéadú faoi thart ar chúig trí leas a bhaint as comhinfheistíochtaí breise ó infheisteoirí cothromais eile agus déanfar iad a chomhlánú le maoiniú breise ó Ghrúpa BEI. Thairis sin, iarrann an Coimisiún ar BEI leanúint de chomhairle infheistíochta a chur ar fáil do Chiste CNE chun comhaontuithe ardcháilíochta a áirithiú agus chun comhinfheistíocht bhreise a mhealladh; agus smaoineoidh an Coimisiún ar raon feidhme reatha na comhairle sin a leathnú.

Tá athrú tagtha ar an tírdhreach domhanda. Léiríonn fogha gan chúis na Rúise go bhfuil bagairt ann do shlándáil na hEorpa agus go leanfaidh sé de bheith ina bhagairt ar shlándáil na hEorpa sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, neartóidh STEP an Ciste Eorpach Cosanta, rud a chuirfidh borradh faoi chumas nuálaíochta bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa, agus cuirfidh sin le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Bainfear úsáid as breisiú an Chiste Eorpaigh Cosanta le haghaidh gníomhaíochtaí atá dírithe ar theicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha ar féidir leo borradh suntasach a chur faoi fheidhmíocht na gcumas a bheidh ann amach anseo ar fud an Aontais, a bhfuil sé d’aidhm acu an nuálaíocht a uasmhéadú agus táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua a thabhairt isteach.

Cuirfidh STEP sineirgí chun cinn freisin i measc na n-ionstraimí atá ann cheana. Leis na solúbthachtaí breise a mholtar faoi STEP, cuirfear ar chumas na mBallstát tionscadail a mhaoiniú ó chistí an bheartais chomhtháthaithe, ar bhonn aonair nó i gcomhar le cistí eile de chuid an Aontais, mar shampla trí leas a bhaint as buntáistí an ‘Séala Ceannasachta’ atá beartaithe. I ndáil leis sin, beidh na Ballstáit in ann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ a dheonú go díreach do thionscadail ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu.

Tá an Coimisiún ag obair freisin chun an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir rialacha an Chiste Nuálaíochta agus na rialacha maidir le Státchabhair chun próiseas níos cuíchóirithe a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún critéir a ailíniú a thuilleadh agus próisis a chuíchóiriú chun a áirithiú go ndéanfar an cinneadh maidir le Státchabhair an tráth céanna leis an gcinneadh cistiúcháin don Chiste Nuálaíochta, ar choinníoll go dtabharfaidh an Ballstát fógra iomlán in am trátha. Tá measúnú á dhéanamh ar shineirgí den sórt sin freisin le haghaidh ionstraimí roghnaithe eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste CNE. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis na Ballstáit maidir le togra chun rátaí níos airde cabhrach a chumasú trí bhónas do thionscadail a thagann faoi raon feidhme STEP i réigiúin a fhaigheann cúnamh chun tuilleadh forbartha eacnamaíche a spreagadh, agus cuspóirí comhtháthaithe á gcaomhnú an tráth céanna. Cruthófar ‘Ionad Ilfhreastail’ nua chun na tosaíochtaí nua a stiúradh ar thrí leibhéal: (i) laistigh den Choimisiún, ullmhóidh sé treoraíocht ábhartha chun treoir straitéiseach a thabhairt agus chun comhordú a dhéanamh ar chomhlíonadh thosaíochta STEP i gcláir oibre an Choimisiúin agus i gcinntí infheistíochta na n-ionstraimí éagsúla; (ii) mar phointe iontrála do thionscnóirí tionscadail a bhfuil cistí de chuid an Aontais á lorg acu le haghaidh infheistíochtaí, agus ar an gcaoi sin faisnéis a lárú maidir le deiseanna cistiúcháin agus cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; (iii) ar deireadh, cuideoidh sé leis na Ballstáit trí chomhairle a chur ar fáil maidir le saincheisteanna rialála agus trí chumarsáid dhá threo leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe a chaomhnú, rud a chinnteoidh comhordú leordhóthanach agus cur chun cinn leordhóthanach infheistíochtaí criticiúla i dtíortha an Aontais.

Cé go bhfuil STEP ag brath ar athchlárú agus atreisiú na gclár atá ann cheana chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, is foras tábhachtach tástála é freisin le haghaidh céimeanna breise i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ionstraim nua a chruthú (Ardán STEP), lena mbainfear úsáid as cláir atá ann cheana amhail InvestEU, an Ciste don Nuálaíocht, Fís Eorpach, an Ciste Eorpach Cosanta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cistí an bheartais chomhtháthaithe.

Chun borradh a chur faoin acmhainneacht infheistíochta atá tiomnaithe go sonrach d’infheistíochtaí STEP a chur chun cinn, molann an Coimisiún freisin EUR 10 mbilliún a leithdháileadh ar chláir spriocdhírithe:

·EUR 3 bhilliún le haghaidh InvestEU, a mbeidh infheistíochtaí dar luach EUR 75 bhilliún mar thoradh air i bhfianaise an ráta soláthair 40 % agus iolraitheoir 10 ar an meán;

·EUR 0.5 billiún don chlár Fís Eorpach, arna chomhlánú le hath-imscaradh dar luach EUR 2.1 billiún agus úsáid méideanna dígheallta, a mbeidh infheistíochtaí dar luach EUR 13 bhilliún mar thoradh air le meániolraitheoir 5;

·EUR 5 bhilliún don Chiste don Nuálaíocht, a léiríonn a chur chun feidhme go dtí seo go bhféadfadh infheistíochtaí dar luach thart ar EUR 20 billiún a bheith mar thoradh air;

·EUR 1.5 billiún don Chiste Eorpach Cosanta, a bhféadfadh infheistíochtaí dar luach suas le EUR 2 bhilliún a bheith mar thoradh air.

Ar bhonn na gcistí sin amháin, d’fhéadfadh infheistíochtaí nua dar luach EUR 110 billiún a bheith mar thoradh ar STEP.

Ina theannta sin, leis an Ardán seo beifear in ann cistiú atá ann cheana a dhíriú ar thionscadail cheannasachta STEP agus dlús a chur le cur chun feidhme i bhfothacar de réimsí a shainaithneofar mar réimsí atá ríthábhachtach do cheannaireacht na hEorpa. Trí dhreasachtaí airgeadais a chur ar fáil i gcistí an bheartais chomhtháthaithe i bhfoirm réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú níos airde, moltar do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt dá gcláir arís. Mar thoradh ar gach 5 % d’athchlárú i dtreo thosaíochtaí STEP, cuirtear acmhainní dar luach EUR 18.9 billiún ar fáil, sa bhreis ar EUR 6 bhilliún a bheidh le híoc as an gCiste um Aistriú Cóir.

Ar fud na gclár, molann an Coimisiún ‘Séala Ceannasachta’ atá le dámhachtain ar thionscadail a rannchuidíonn le cuspóirí Ardán STEP, ar choinníoll gur roghnaíodh an tionscadal faoin gclár Fís Eorpach, faoin gclár don Eoraip Dhigiteach, faoin gCiste Eorpach Cosanta, faoin gclár EU4Health, nó faoin gCiste Nuálaíochta. Úsáidfear an Séala mar lipéad cáilíochta chun infheistíochtaí a mhealladh agus cuirfidh sé ar chumas tionscadal nach bhfaigheann maoiniú faoi chlár amháin mar gheall ar easpa maoinithe rochtain níos fearr a bheith aige ar mhaoiniú in ionstraimí eile. An méadú ar an uasteorainn faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun acmhainní a úsáid le haghaidh táirgí InvestEU trína urranna náisiúnta, cuireann sé solúbthacht bhreise dar luach EUR 30 billiún ar fáil a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do na Ballstáit le haghaidh infheistíochtaí ceannasachta den sórt sin.

Ar an iomlán, d’fhéadfadh suas le EUR 160 billiún a bheith i gceist le méid iomlán measta na n-infheistíochtaí nua trí STEP.

Chun na hathruithe sin a chur chun feidhme, molann an Coimisiún uasteorainn Cheannteideal 1 a mhéadú faoi EUR 3.5 billiún, Cheannteideal 3 faoi EUR 5 bhilliún agus Cheannteideal 5 faoi EUR 1.5 billiún.

Coigeartuithe teicniúla ar na dálaí eacnamaíocha nua

(I)Réiteach inbhuanaithe ar chostais chistiúcháin NextGenerationEU

Bhunaigh an Coimisiún clár daingean iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhfuil bonn taca faoi le bonneagar iontaofa íocaíochtaí, socraíochta agus cuntasaíochta laistigh de thréimhse ghearr. Cuireann an bonneagar seo an cumas ar fáil chun an iasachtaíocht a bhainistiú a bhaineann le roinnt cláir beartais de chuid an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta. Chun cláir de chuid an Aontais a mhaoiniú trí eisiúintí comhpháirteacha an Aontais, bhí gá le huasghrádú suntasach ar ailtireacht bainistithe fiachais an Choimisiúin. Deimhníodh oiriúnacht mhodh cistiúcháin an Aontais chun riachtanais NextGenerationEU a chomhlíonadh sa tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le bainistiú fiachais NextGenerationEU 7 inar tugadh faoi deara gur chumasaigh nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú fiachais na cistí riachtanacha a fháil ar iasacht in am, i gcomhréir le teorainneacha rialála agus ag costais a chomhfhreagraíonn dá sheasamh sa mhargadh. Faoi NextGenerationEU amháin, gheobhaidh an Coimisiún suas le EUR 800 billiún ar iasacht faoi dheireadh 2026, agus beidh eisiúintí breise ann tar éis an dáta sin mar gheall ar riachtanais athmhaoinithe. As an méid sin, úsáidfear suas le EUR 420 billiún chun tacaíocht neamh-inaisíoctha a sholáthar agus clúdóidh an buiséad na costais seirbhísithe fiachais ina leith. Leanann an Coimisiún dá chumas bainistithe fiachais a fhorbairt a thuilleadh, agus béim ar leith á leagan ar an éileamh a neartú trí leachtacht agus bonneagar an mhargaidh thánaistigh a fhorbairt chun an praghas is fearr is féidir a áirithiú ar mhaithe leis an mbuiséad agus le Ballstáit uile an Aontais.

Léirítear rath chlár cistiúcháin an Aontais go dtí seo i muinín láidir infheisteoirí i neart creidmheasa an Aontais mar eisitheoir agus i leas infheisteoirí i mbannaí an Aontais, lena n-áirítear bannaí glasa. Amhail ó dheireadh mhí na Bealtaine 2023, tá EUR 394 billiún de bhannaí gan íoc ag an Aontas, agus tá formhór na bhfáltas bannaí leithdháilte ar NextGenerationEU.

Ó 2022 i leith, bhí ardú mór ar rátaí úis sna margaí airgeadais mar thoradh ar bheartais airgeadaíochta níos déine chun srian a chur leis an mboilsciú. Tháinig méadú suntasach ar chostais chistiúcháin d’eisitheoirí uile na mbannaí, lena n-áirítear don Aontas Eorpach. Tháinig méadú ar ráta úis 10 mbliana bannaí an Aontais ó thart ar nialas tráth a eisíodh an chéad bhanna le haghaidh NextGenerationEU in 2021 go breis agus 3 %. Mar thoradh air sin, meastar go n-úsáidfear imchlúdach iomlán 2021-2027 dar luach EUR 14.9 billiún chun na costais mhaoiniúcháin a chumhdach faoi shamhradh 2023. Tá luaineacht na rátaí úis i bhfad níos airde ná mar a bhí coinne leis nuair a glacadh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, rud a fhágann nach bhfuil na huasteorainneacha ilbhliantúla socraithe oiriúnach do chaiteachas a bhaineann le costais iasachtaíochta.

I gcomhthéacs luaineacht chomh hard sin sna margaí airgeadais, ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht is gá ag buiséad an Aontais chun freastal ar chostais mhéadaitheacha iasachtaíochta. Cé go ndéantar foráil sa chreat dlíthiúil atá ann cheana maidir leis na sásraí is gá chun a áirithiú go gcumhdóidh an tAontas a oibleagáidí i gcónaí i leith sealbhóirí bannaí i ngach cás, ba cheart na modhanna agus na huirlisí a bheith ag buiséad an Aontais chun a fhiachas a íoc ar an mbealach is éifeachtúla is féidir.

Dá bhrí sin, moltar ionstraim speisialta nua chun na costais bhreise a bhaineann le hiasachtaí NextGenerationEU a chumhdach, agus chun na críche sin amháin. Leanfaidh maoiniú NextGenerationEU de bheith cumhdaithe faoi uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. Ionstraim speisialta nua, de bhreis ar na huasteorainneacha agus os cionn na n-uasteorainneacha, a bheadh sa teicníc bhuiséadach chun aghaidh a thabhairt ar an luaineacht úis, chun an róchaiteachas i ndáil leis na méideanna atá beartaithe d’iasachtaí NextGenerationEU a chumhdach go heisiach. Dhéanfaí a shlógadh a ghníomhachtú le linn an nóis imeachta bhuiséadaigh bunaithe ar réamhaisnéis ar bhonn na hiarrachta is fearr.

Mhol an Coimisiún ionstraim speisialta nua, de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, chun na costais chistiúcháin bhreise NextGenerationEU a chumhdach. Beidh an ionstraim speisialta nua teoranta do chostais chistiúcháin NextGenerationEU de bhreis ar na méideanna a bhí beartaithe ar dtús do 2021-2027. Leis sin, beifear in ann leithreasuithe buiséadacha breise a sholáthar go tráthúil i gcás méaduithe chun costas caiteachais úis a chumhdach.

(II)Riarachán feidhmiúil a choinneáil ar bun chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach

Tá acmhainní an riaracháin Eorpaigh (ceannteideal 7) faoi bhrú mór mar gheall ar chúraimí breise a tugadh don Aontas, mar gheall ar mhéadú ar phraghsanna fuinnimh agus ar bhoilsciú ard.

Leis an iliomad tionscnaimh nua a tugadh isteach le dhá bhliain anuas, cuireadh cúraimí suntasacha breise ar an Aontas ó cuireadh tús leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil seo gan méadú comhfhreagrach ar an bhfoireann. Tá an réaltacht gheopholaitiúil nua ag cur leis sin. Sa bhreis ar chomhordú na tacaíochta airgeadais, daonnúla agus míleata don Úcráin, i measc na samplaí tá an Idir-inoibritheacht, an Chibearshlándáil, Nascacht Shlán, sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, an tSaoráid Síochána Eorpach, an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an tÚdarás um Ullmhacht agus Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte, an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (lena n-áirítear an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha), REPowerEU, nó Ardán Fuinnimh an Aontais. I gcás an Choimisiúin, thiocfadh 600 post breise bunaíochta as na tionscnaimh nua sin go dtí 2027, mar a léirítear sna Ráitis Airgeadais Reachtacha a ghabhann leis na tograí dlíthiúla. Agus breithniú á dhéanamh freisin ar na hinstitiúidí eile agus ar na riachtanais a bhaineann leis an gcibearshlándáil, is 885 post breise a bheadh i gceist leis sin. Dá bharr sin, tá acmhainní an riaracháin Eorpaigh á mbrú go dtí an teorainn. Ní bheidh an riarachán Eorpach in ann leanúint de líon méadaitheach cúraimí a chur i gcrích leis an leibhéal acmhainní atá ann faoi láthair.

Tá iarrachtaí eisceachtúla déanta ag an gCoimisiún chun costais riaracháin a laghdú agus tá sé ar intinn aige leanúint d’athruithe struchtúracha a chur i bhfeidhm. D’ath-imscar an Coimisiún breis agus 900 post go hinmheánach ó 2019 i leith, lena n-áirítear trí iarracht mhór a dhéanamh na seirbhísí atá ann cheana a nuachóiriú, rud a d’fhág go raibh siad níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, ach níl aon fhéidearthacht maidir le coigilteas ann a thuilleadh. Tugadh isteach modhanna oibre nua agus forbraíodh beartas tógála nua, lena gcumhdaítear an tréimhse 2022-2030, bunaithe ar úsáid níos cliste spásanna, a chuirtear in ionad na socruithe caighdeánacha oifige chun an dromchla a úsáidtear a bharrfheabhsú.

Cé go bhfuil deacracht oibiachtúil ag baint le luaineacht shuntasach na sonraí maicreacnamaíocha sna tuartha iomchuí agus go gcuireann sí bac go héifeachtach ar aon phleanáil fhadtéarmach do Cheannteideal 7, léiríonn beagnach gach réamhaisnéis atá ar fáil faoi láthair nach leor leibhéal na leithreasuithe mar a comhaontaíodh iad i mí na Nollag 2020, a bhí bunaithe ar dhíbhoilsceoir bliantúil 2 %, agus gur gá é a threisiú.

Chun dualgais dhlíthiúla na nInstitiúidí a chomhlíonadh agus chun na freagrachtaí breise arna sannadh ag na comhreachtóirí don Choimisiún a láimhseáil, is gá uasteorainn Cheannteideal 7 a ardú faoi EUR 1.9 billiún.

(III)Solúbthacht a thabhairt do bhuiséad an Aontais le haghaidh riachtanais gan choinne

Baineadh úsáid as trí cheathrú de chorrlaigh 2021-2027. I gcás na mblianta 20242027, níl ach thart ar EUR 1.4 billiún fós ann san iomlán, lena n-áirítear corrlaigh roimhe seo san Ionstraim Corrlaigh Aonair, agus tá an staid i roinnt ceannteideal neamhbhuan. Ag an gcéim seo den chlárthréimhse agus i dtimpeallacht an-luaineach, tá leibhéal íseal na gcorrlach gan fasach, rud a d’fhéadfadh níos mó brú a chur ar an Ionstraim Sholúbthachta ná mar a bhí beartaithe ar dtús. Go deimhin, is í an Ionstraim Sholúbthachta an t-aon fhéidearthacht atá ann tacú le haon chineál riachtanas nó géarchéimeanna breise beag beann ar chineál na riachtanas nó na ngéarchéimeanna sin. Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, úsáidfear EUR 4 bhilliún de ina iomláine in 2021-2024, gan aon mhéid a thabhairt anonn go dtí na blianta ina dhiaidh sin. I bhfianaise an bhrú ard atá ar na ceannteidil éagsúla, beidh ról ríthábhachtach ag an Ionstraim Sholúbthachta chun a áirithiú gur féidir le buiséad an Aontais beart a dhéanamh.

Ní mór buiséad an Aontais a bheith feistithe chun freagairt do riachtanais gan choinne a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Ós rud é go bhfuil corrlaigh bhuiséadacha an-teoranta don chuid eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, ba cheart an Ionstraim Sholúbthachta a mhéadú EUR 3 bhilliún.

(IV)Inbhuanaitheacht uasteorainn na n-íocaíochtaí

Tá coinne leis go mbainfidh íocaíochtaí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil buaicphointe amach in 2026 agus 2027 mar a bhí i gclárthréimhsí roimhe seo – cé go bhfuil an cás níos measa fós mar gheall ar na híocaíochtaí mar gheall ar na moilleanna i bhfianaise ghlacadh déanach na ngníomhartha dlíthiúla ábhartha. Chun a áirithiú gur féidir na méaduithe atá beartaithe a mheaitseáil go hiomlán le hinfhaighteacht íocaíochtaí, ba cheart uasteorainn ábhartha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a mhéadú.

Ní mór do bhuiséad an Aontais a bheith in ann a ghealltanais a chomhlíonadh le leibhéal leordhóthanach íocaíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart uasteorainn na n-íocaíochtaí le haghaidh 2026 a mhéadú EUR 7.7 billiún i bpraghsanna 2018 agus EUR 2.8 billiún i bpraghsanna 2018 le haghaidh 2027, rud atá cothrom le 50 % den togra chun an uasteorainn do ghealltanais i bpraghsanna 2018 a mhéadú.

4.CONCLÚIDÍ AGUS NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

Ní leor a thuilleadh na hinfhaighteachtaí atá ar fáil faoi láthair i mbuiséad an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas, gan trácht ar na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo sna blianta amach romhainn. I bhfianaise an mhéid sin, moltar sa Teachtaireacht seo athbhreithniú teoranta, spriocdhírithe agus cothrom ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 chun a áirithiú go mbeidh buiséad an Aontais in ann a chuid spriocanna a bhaint amach sna blianta amach romhainn.

Tá na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an Teachtaireacht sin:

-Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ina bhfuil anailís mhionsonraithe ar chur chun feidhme an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 20212027 (SWD(2023)336);

-Togra lena leasaítear Rialachán 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027, arna leasú le Rialachán 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 8 (COM(2023)337);

-Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine, (COM(2023)338);

-Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), (COM(2023)335).

I bhfianaise na srianta buiséadacha práinneacha, a thiocfaidh chun cinn cheana in 2024, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh an pacáiste sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna Conarthaí. Déanfaidh an Coimisiún gach a bhfuil ar a chumas chun gur féidir teacht ar chomhaontú gan mhoill 9 . 



Iarscríbhinn 1 – Tábla forléargais

 Tosaíochtaí Polaitiúla

 

Saoráid na hÚcráine (iasachtaí agus deontais)

50.0

Iasachtaí

33.0

Deontais

17.0

An imirce agus dúshláin sheachtracha

15.0

An Imirce

2.0

Dídeanaithe ón tSiria (an tSiria, an Iordáin, an Liobáin)

1.7

Bealach imirce theas (líne na Comharsanachta Theas)

0.3

Cúlchiste ICFCI

3.0

Dídeanaithe Siriacha (an Tuirc)

3.5

Na Balcáin Thiar

2.0

Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála

2.5

Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip

10.0

An Ciste Nuálaíochta

5.0

InvestEU

3.0

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach faoi Fís Eorpach (**)

0.5

An Ciste Eorpach Cosanta (EDF)

1.5

Coigeartuithe teicniúla

 

Iomlán Riarachán

1.9

Ionstraim EURI

18.9 (***)

An Ionstraim Sholúbthachta

3.0

(*) Ina theannta sin, rannchuideoidh ath-imlonnuithe dar luach EUR 0.6 billiún le Comharsanacht an Oirthir ICFCI chun tacaíocht don Mholdóiv a mhéadú agus chun foráil a dhéanamh maidir le MFAnna

(**) Ina theannta sin, méadóidh ath-imlonnuithe dar luach EUR 2.1 billiún an ranníocaíocht laistigh den Chomhairle Nuálaíochta Eorpach: EUR 0.8 billiún ó aistriú ó cholún 2 go colún 3 de CNE; Athchúrsáil dar luach EUR 1.2 billiún agus EUR 0.1 billiún de thoradh athshreabha a úsáid

(***) Méid táscach bunaithe ar réamhaisnéisí margaidh an 16 Meitheamh 2023. Ar bhonn na dtoimhdí éagsúla le haghaidh fhorbairt na rátaí úis a úsáideann na hOifigí Eorpacha is mó um Bainistiú Fiachais, d’fhéadfadh an méid sin a bheith idir EUR 17 mbilliún agus EUR 27 mbilliún.

Iarscríbhinn 2 – Saoráid mhaoiniúcháin na hÚcráine – forléargas


Iarscríbhinn 3 – Ardán na dTeicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)

(1)

Iasachtaí atá fágtha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh suas le EUR 225 bhilliún, acmhainní breise ó dhíolachán lamháltais de chuid Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (ETS) (lasmuigh de bhuiséad an Aontais) suas le EUR 20 billiún; aistrithe deonacha ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit. Tugadh tacaíocht do sholúbthacht Fuinnimh Inacmhainne (SAFE) isteach i gcistí an Bheartais Chomhtháthaithe 2014-2020 chun tacaíocht dhíreach a chumasú do theaghlaigh leochaileacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil costais fuinnimh mhéadaithe rompu.

(2)

Fís Eorpach, Clár Spáis an Aontais agus an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta.

(3)

Foinse:  https://www.imf.org/-/media/Files/Publications/CR/2023/English/1UKREA2023001.ashx  

(4)

 Joint Roadmap of the European Parliament and Rotating Presidencies of the Council on the organisation, coordination, and implementation of the timeline for the negotiations between the co-legislators on the CEAS and the New European Pact on Migration and Asylum [Treochlár Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Uachtaránachtaí Rothlacha na Comhairle maidir le heagrú, comhordú agus cur chun feidhme amlíne na caibidlíochta idir na comhreachtóirí maidir le CET agus an Comhaontú Eorpach Nua maidir le hImirce agus Tearmann].

(5)

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus an Ionstraim don Bainistiú Teorainneacha agus do Víosaí (BMVI).

(6)

Le bunú Shaoráid na hÚcráine beifear in ann acmhainní a ath-imlonnú ó ICFCI chuig tíortha comharsanachta eile lena n-áirítear an Mholdóiv.

(7)

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ‘Tuarascáil speisialta 16/2023: Bainistiú fiachais NGEU sa Choimisiún — Tús spreagtha, ach ailíniú breise leis an dea-chleachtas is gá’, a foilsíodh an 12 Meitheamh 2023, atá ar fáil ag https://www.eca.europa.eu/en/publications/SR-2023-16 (arna rochtain an 15 Meitheamh 2023)

(8)

 IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11–22 agus IO L 325, 20.12.2022, lch. 11–12. 

(9)

Ar deireadh, leis an gcinneadh ón reachtóir a mhéid a bhaineann leis an gCiste Aeráide Sóisialta mar a glacadh é an 10 Bealtaine 2023, agus ós rud é go bhfuil an deis sásra a bhunú chun príomhshuim iasachtaí NextGenerationEU a aisíoc go luath tar éis dul i léig i bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar rátaí úis, tá na tograí atá in COM(2021)569 imithe i léig. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún a thogra do 2021 a tharraingt siar in 2024.

Top