Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0297

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an bhfaireachán ar chórais saor ó víosa an Aontais

    COM/2023/297 final

    An Bhruiséil,30.5.2023

    COM(2023) 297 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir leis an bhfaireachán ar chórais saor ó víosa an Aontais


    1.RÉAMHRÁ

    córas saor ó víosa i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair le 61 tríú tír 1 . Faoin gcóras seo, is féidir le náisiúnaigh ó na tíortha seo sealanna gairide suas le 90 lá a chaitheamh sa limistéar Schengen laistigh d’aon tréimhse 180 lá gan víosa. Tá beartas saor ó víosa an Aontais bunaithe ar phrionsabal na cómhalartachta víosa. Tá buntáistí tábhachtacha ag baint le taisteal saor ó víosa do shaoránaigh ar an dá thaobh, rud a neartaíonn caidreamh an Aontais lena chomhpháirtithe.

    As an 60 tír neamh-AE a bhfuil córas saor ó víosa acu, tá comhaontuithe tarscaoilte víosa ag 25 tír 2 leis an Aontas agus fuair 8 dtír díolúine víosa de bharr gur cuireadh comhphlé léirscaoilte víosaí i gcrích (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an tSeoirsia, an Mholdóiv, agus an Úcráin). Fuair na tíortha eile díolúine víosa i gcomhréir leis an gcéad chomhchuibhiú ar rialacha an Aontais (Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 539/2001) 3 . Chomh maith leis sin, an 19 Aibreán 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú díolúine víosa a thabhairt don Chosaiv 4 , tar éis dóibh comhphlé léirscaoilte víosa a chur i gcrích go rathúil, rud a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí 54.

    Ar an iomlán, tá buntáistí móra eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha fós ag baint le taisteal saor ó víosa do bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus do thríú tíortha agus is uirlis thábhachtach é chun turasóireacht agus gnó a chur chun cinn. De réir mheastacháin na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), is ón earnáil taistil agus turasóireachta amháin a tháinig 7 % d'onnmhairí domhanda in 2019 agus tuairim is 4.4 % d’olltáirgeacht intíre thíortha ECFE 6 .

    Ag an am céanna, is cuid lárnach d’acquis Schengen é comhbheartas víosaí an Aontais agus is é ceann dá phríomhchuspóirí ná dul i ngleic le slándáil agus le rioscaí imirce neamhrialta don limistéar Schengen.

    Mar sin féin, léirigh faireachán an Choimisiúin ar chórais saor ó víosa an Aontais, lena n-áirítear na tuarascálacha uaidh de réir an tSásra Fionraíochta Víosaí 7 gur féidir dúshláin mhóra imirce agus slándála a bheith an de thoradh an taistil saor ó víosa.

    Go háirithe, de dheasca easpa ailíniú ó thaobh víosaí de le beartas víosaí an Aontais is féidir mol idirthurais don teacht isteach neamhrialta san Aontas a dhéanamh de thír saor ó víosa, go háirithe i gcás tíortha atá díreach in aice leis an Aontas. D’fhéadfadh taisteal saor ó víosa a bheith ina chúis le himirce neamhrialta méadaithe trí rófhanacht taistealaithe saor ó víosa nó trí iarratais ar thearmann ó náisiúnaigh as tríú tíortha saor ó víosa a bhfuil rátaí ísle aitheantais acu (iarratais ar thearmann nach raibh bunús leo).

    Chomh maith leis sin, de thoradh scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí a chuireann tríú tíortha ar fáil, ar tíortha iad a bhfuil rochtain saor ó víosa acu ar an Aontas, is féidir rioscaí nó bagairtí a bheith ann do shlándáil na mBallstát, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le hinsíothlú lucht coireachta eagraithe, sciúradh airgid, imghabháil cánach agus éillitheacht 8 , agus is féidir le náisiúnaigh tríú tír a mbeadh ceanglas víosa orthu ó cheart rochtain saor ó víosa a fháil ar an Aontas.

    Ina theannta sin, bhí tionchar ollmhór ag imeachtaí geopholaitiúla le déanaí ar shlándáil an Aontais agus a theorainneacha seachtracha, ag léiriú go bhféadfadh gníomhartha de chuid roinnt gníomhaithe eachtracha bagairtí tromchúiseacha a chruthú do leasanna slándála an Aontais. Ba cheart don Aontas a bheith ullamh chun dul i ngleic go gasta le réimse leathan rioscaí slándála a d’fhéadfadh teacht chun tosaigh amach anseo, lena n-áirítear bagairtí hibrideacha.

    Chun dul i ngleic leis na dúshláin seo agus chun bac a chur ar na rioscaí seo go héifeachtach, ba cheart athmheas a dhéanamh agus feabhas a chur ar na rialacha reatha atá mar chuid d’Airteagal 8 de Rialúchán (AE) 2018/1806 (an ‘Rialúchán Víosaí’), maidir le faireachán ar fheidhmiú chórais saor ó víosa le tríú tíortha agus fionraíocht na ndíolúintí víosa i gcásanna a bhfuil rioscaí méadaithe imirce neamhrialta nó slándála ag baint leo (an ‘sásra fionraíochta víosaí’). Is gá na critéir chun an sásra a thionscnamh a bheith cuimsitheach agus soiléir, ach solúbtha go leor ionas go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus go gasta nuair is gá. Chabhródh seo dul i ngleic leis an iliomad dúshlán a bhaineann le taisteal saor ó víosa i gcomhthéacs geopholaitiúil a bhíonn ag athrú i gcónaí.

    Sa chéad chúpla mí de 2023, ar thionscnamh Uachtaránacht na Sualainne, phléigh an Chomhairle um Cheartas agus Ghnóthaí Baile leasú ar na rialacha seo, agus go háirithe leasú ar an sásra fionraíochta víosaí, dá léirigh na Ballstát tacaíocht fhorleathan. Ba é an méadú ar líon na dtrasnuithe teorann aimhrialta chuig an Aontas feadh bhealach na mBalcán Thiar a spreag é seo, a raibh baint aige go páirteach le heaspa ailíniú beartais víosaí sna tíortha comharsanachta (féach pointe 2a thíos), agus a spreag machnamh ar an ngá leis an sásra fionraíochta víosaí a leasú. Ina litir chuig Comhairle na hEorpa ar 20 Márta 2023, thug Uachtarán von der Leyen aitheantas don phlé seo agus dúirt sí go ‘neartóidh an Coimisiún a fhaireachán ar an ailíniú beartais víosaí agus go dtíolacfaidh sé tuarascáil chuimsitheach a réiteoidh an bealach do thogra reachtach ag leasú an tsásra fionraíochta víosaí’.

    D’fhonn togra reachtach a thíolaic i bhfómhar 2023, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le sainaithint na bpríomhdhúshlán i réimsí na himirce neamhrialta agus slándála a bhfuil baint acu le feidhmiú na gcóras saor ó víosa, maidir le príomheasnaimh an tsásra fionraíochta víosaí reatha, agus maidir le na slite ina bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu, go sonrach trí athbhreithniú Airteagal 8 den Rialúchán Víosaí.

    2.DÚSHLÁIN NA GCÓRAS SAOR Ó VÍOSA

    a.Ailíniú beartais víosaí

    In 2022, rinne Frontex 144 118 trasnú teorann neamhrialta a thuairisciú ag teorainneacha seachtracha an Aontais ar bhealach na mBalcán Thiar 9 , níos mó ná a dhá oiread níos mó ná 2021. Cuid den chúis a bhí leis an méadú sin ná náisiúnaigh tríú tíortha a bheith ag teacht isteach saor ó víosa sna Balcáin Thiar agus ag taisteal ar aghaidh chuig an Aontas 10 .

    Bhí tionchar ag teacht isteach neamhrialta sna Balcáin Thiar náisiúnach, as tíortha a bhfuil víosa ag teastáil uathu don Aontas, ar an líon méadaithe imirceach neamhrialta chuig an Aontas in 2022. Chuir sé seo ualach breise ar chórais tearmainn roinnt Ballstát, tráth a raibh méadú iomlán ar éilimh tearmainn.

    Sa chomhthéacs seo, an 5 Nollaig 2022 chuir an Coimisiún i láthair Plean Gníomhaíochta an Aontais i leith na mBalcán Thiar ina raibh ailíniú na mbeartas víosaí ar cheann de na príomhcholúin, agus an 6 Nollaig ghlac an Coimisiún leis an gCúigiú Tuarascáil de réir an tsásra fionraíochta víosaí 11 , agus dhearbhaigh sé arís gur cheart dul i ngleic leis an neamh-ailíniú le beartas víosaí an Aontais ar bhonn práinne i ngach comhpháirtí sna Balcáin Thiar.

    Cé gur pléadh bainistiú éifeachtach imirce agus teorainneacha mar bhunriachtanas sna comhphléití léirscaoilte víosa, níor tugadh aghaidh go sonrach ar ailíniú beartais víosaí. Tháinig sé chun cinn ó shin mar eochairthoisc d’fheidhmiú inbhuanaithe na gcóras saor ó víosa seo.

    Dearbhaíodh an teachtaireacht seo ar an leibhéal polaitiúil is airde i gconclúidí na Comhairle Eorpaí i mí Feabhra 2023 12 , áit a cuireadh in iúl go láidir go bhfuil tábhacht phráinneach chriticiúil ag baint leis an ailíniú beartas víosaí sna tíortha comharsanachta le haghaidh bainistiú imirce chomh maith le dea-fheidhmiú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán na gcóras saor ó víosa nuair is iomchuí, agus ar iarradh níos mó faireacháin ar bheartais víosaí na dtíortha comharsanachta.

    Ailíniú beartais víosaí: cás na Seirbia

    Ba é ba chúis go páirteach leis an méadú in 2022 ar líon na dtrasnuithe teorann neamhrialta chuig an Aontas feadh bhealach na mBalcán Thiar ná neamh-ailíniú bheartas víosaí na Seirbia le beartas víosaí an Aontais; ag an am sin, bhí comhaontuithe saor ó víosa ag an tSeirbia le 24 thríú tír a raibh víosa ag teastáil óna náisiúnaigh san Aontas. Bhí saoránaigh roinnt de na tíortha sin, lena n-áirítear náisiúnaigh de chuid na Burúine, Chúba, na hIndia agus na Túinéise, ag teacht chuig an tSeirbia saor ó víosa, agus ansin ag iarraidh dul isteach san Aontas go neamhrialta.

    Spreag an tsaincheist teagmháil fhorleathan láithreach idir an Coimisiún agus údaráis na Seirbia.

    Mar thoradh ar an gcomhar sin agus ar iarrachtaí comhordaithe, idir Deireadh Fómhair 2022 agus Aibreán 2023 chuaigh an tSeirbia i mbun gnímh go pras agus rinne sí dul chun cinn substaintiúil i leith an ailínithe le beartas víosaí an Aontais, ag foirceannadh a gcomhaontuithe saor ó víosa leis an mBurúin, leis an Túinéis, leis an India, leis an mBolaiv agus le Cúba 13 , agus ag glacadh uirthi féin plean ailínithe víosaí a ghlacadh faoi dheireadh 2023, plean ina mbeidh amlíne le haghaidh ailíniú iomlán beartas víosaí.

    Tá comhpháirtithe uile de chuid na mBalcán Thiar tar éis a ngealltanais a chomhlíonadh go dtí seo i leith ailíniú beartais víosaí. Fáiltíonn an Coimisiún roimh chinneadh na Seirbia na riachtanais víosa thuasluaite a chur i bhfeidhm arís; agus roimh chinneadh Montainéagró córas víosa a chur ar bun arís le Cúba chomh maith leis an gcóras víosa a thabhairt isteach an athuair do náisiúnaigh tríú tíre atá ina gcónaí go dleathach in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (Eanáir agus Aibreán 2023 faoi seach). Fáiltíonn an Coimisiún leis roimh chinneadh na hAlbáine gan díolúine shéasúrach víosa a athnuachan do náisiúnaigh na hÉigipte, na hIndia agus na Rúise, mar aon le cinneadh na Macadóine Thuaidh riachtanas víosa a thabhairt isteach an athuair do náisiúnaigh na Botsuáine, Chúba agus na hAsarbaiseáine.

    Maidir leis na cinntí sin, is dea-chéimeanna tábhachtacha iad i dtreo líon na n-imirceach neamhrialta chuig an Aontas a laghdú feadh bhealach na mBalcán Thiar, cé go bhfuil roinnt dúshláin thábhachtacha fós ann.

    Tá an Coimisiún ag súil go leanfaidh na tíortha comharsanachta ar fad de chuid an Aontais atá saor ó víosa, go leanfaidh siad ar aghaidh lena n-iarrachtaí a mbeartas víosaí féin a ailíniú 14 a thuilleadh le beartas víosaí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann sé le tríú tíortha a bhfuil patrúin d’ardbhrú imirce nó de rioscaí slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais. Neartóidh an Coimisiún a chuid faireacháin agus tuairiscithe ar ailíniú beartais víosaí (féach mír 3 thíos) agus breithneoidh sé, bunaithe ar chomhairliúcháin atá beartaithe, easpa ailíniú beartais víosaí a lua mar fhoras follasach fionraíochtain Airteagal 8 den Rialúchán Víosaí.

    b.Iarratais ar thearmann a chuir náisiúnaigh as tíortha saor ó víosa isteach

    Tagann buntáistí thaisteal saor ó víosa le freagrachtaí agus tiomantas na dtríú tíortha chun inbhuanaitheacht na díolúine víosa a chinntiú. Cuireann iarratais ar thearmann nach raibh bunús leo le cruthú scrogall i gcórais tearmainn na mBallstát agus d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar phróiseas tearmainn náisiúnaigh tríú tíre a bhfuil fíoréilimh tearmainn acu. In 2022, chuir náisiúnaigh tríú tíortha, atá i dteideal taisteal saor ó víosa chuig an Aontas, isteach 22% (thart ar 215 000 iarratas) de na hiarratais iomlán ar thearmann (thart ar 962 000). Tá ráta an-íseal aitheantais ag na hiarratais seo (thart ar 5%). Tá líon na n-iarratas seo ar thearmann níos airde ná mar a bhí riamh, nach mór, .i. breis is dhá oiread ná mar a cuireadh isteach in 2021 agus ardú +15% i gcomparáid le 2019.

    In 2022, chuir náisiúnaigh as tíortha éagsúla saor ó víosa iarratais ar thearmann isteach san Aontas a raibh rátaí aitheantais idir 4 % agus 6 % ag baint leo 15 . Áirítear ar na tíortha sin an Cholóim (43 020 iarratasóir), an tSeoirsia (28 385), an Albáin (13 100) agus Peiriú (12 845). I gcás Veiniséala (50 730 iarratasóir in 2022), bronnadh cosaint náisiúnta i gcás 72 % de na cinntí céadchéime.

      
    Foinse: Sonraí Eurostat, 2022

    Ar an iomlán, tá iarrachtaí móra déanta ag tíortha saor ó víosa i gcomharsanacht an Aontais chun a náisiúnaigh féin a chur ar an eolas faoi chearta agus freagrachtaí an taistil saor ó víosa chuig an Aontas, agus chun mí-úsáid an taistil saor ó víosa a chosc, ionas go bhféadfaidís na tagarmharcanna léirscaoilte víosa agus moltaí na dTuarascálacha de réir an tSásra Fionraíochta Víosaí.

    Gníomhartha chun dul i ngleic le fadhb na n-iarratas ar thearmann nach raibh bunús leo: an Albáin agus an tSeoirsia

    Áirítear go sonrach i measc na ngníomhartha atá déanta ag an tSeoirsia agus an Albáin le blianta beaga anuas seiceálacha teorann cuimsitheacha a chur i bhfeidhm ar imeacht, feachtais múscailte feasachta ar na cearta agus na hoibleagáidí faoin gcóras saor ó víosa, agus gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna le líon ard na n-iarratas ar thearmann. Neartaíodh comhar le Europol agus Frontex chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, mar aon le comhar déthaobhach i bhforfheidhmiú an dlí. Tá an tSeoirsia agus an Albáin fós ag cur a gcomhaontuithe um athligean isteach leis an Aontas i bhfeidhm go rathúil 16 . Chomh maith leis sin, tá na pleananna gníomhaíochta deimhnithe ag an Albáin agus á gcur i bhfeidhm acu fós leis na Ballstáit a ndearnadh an dochar is mó dóibh.

    c.Scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí

    Tá roinnt mhaith rioscaí slándála don Aontas ag baint le scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí (nó cláir saoránachta trí infheistíocht, ar a dtugtar “pasanna órga” go minic) a chuireann tíortha saor ó víosa ar fáil. Go háirithe, is féidir scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí i dtríú tíortha a bhfuil rochtain saor ó víosa acu ar an Aontas a úsáid chun dul timpeall ar nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta mar aon leis an measúnú grinn ar rioscaí imirce agus slándála an duine aonair a ghabhann leis, lena n-áirítear seachaint fhéideartha na mbeart lena ndéantar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc 17 . Tá fadhbanna ag baint leis seo go háirithe nuair nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir na pasanna eisithe do thairbhithe scéimeanna den sórt sin agus gnáthphasanna eile.  

    Tá an Coimisiún i mbun idirphlé leis na tíortha saor ó víosa uile a chuireann scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí ar fáil d’fhonn rioscaí slándála don Aontas a mhaolú nó a sheachaint. Faoi láthair, tá grinnscrúdú á dhéanamh ar roinnt tríú tíortha saor ó víosa de bharr na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a scéimeanna saoránachta trí infheistíocht, nó as na pleananna atá acu scéimeanna dá leithéid a chur ar bun. Áirítear orthu sin an Albáin, Montainéagró agus an Mhacadóin Thuaidh, chomh maith le Vanuatú agus roinnt tíortha i Muir Chairib.

    Tá grinnscrúdú á dhéanamh ar thíortha a fuair a ndíolúine víosa trí chomhphlé léirscaoilte víosa i gcomhthéacs an tuairiscithe rialta faoin sásra fionraíochta víosaí, agus trí thuarascálacha méadaithe, má bhaineann le hábhar. I bPacáiste 2022 um an Méadú 18 agus sa Chúigiú Tuarascáil de réir an tSásra Fionraíochta Víosa, rinne an Coimisiún moltaí sainráite maidir le deireadh céimnithe a chur go héifeachtach le scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí nó gan scéimeanna dá sórt a thionscnamh. Chomh maith leis sin, tugtar aghaidh ar an tsaincheist i gcomhthéacs idirphlé rialta polaitiúil agus sna cruinnithe Fochoiste um Cheartas, um Ghnóthaí Baile agus um Shlándáil a eagraítear faoi chuimsiú Chomhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus na tíortha lena mbaineann.

    I dtaca leis seo, fáiltíonn an Coimisiún roimh chinneadh na hAlbáine tionscnaimh a bhfuil baint acu le bunú scéim saoránachta d'infheisteoirí a chur ar fionraí, chomh maith le cinneadh Mhontainéagró deireadh a chur lena scéim saoránachta d'infheisteoirí de réir a chéile.

    Scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí - cás Vanuatú

    Ba é Vanuatú an chéad tír ar cuireadh a dhíolúine víosa ar fionraí 19 , mar gheall ar na rioscaí slándála a bhain lena scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí.

    Ó 2015 i leith, ag an am céanna nach mór a síneadh an comhaontú tarscaoilte víosaí idir an tAontas agus Vanuatú agus a thosaigh cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe chéanna 20 , thosaigh Vanuatú ag cur scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí ar fáil ar scála bhí ag méadú, ag deonú saoránachta do líon mór iarrthóirí. Tá grinnscrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na scéimeanna agus eolas bailithe aige maidir lena mbainistiú, go háirithe i leith riachtanais iarratais, scagadh slándála na n-iarrthóirí, malartú faisnéise agus staitisticí ar líon na n-iarratas, náisiúntacht na n-iarrthóirí agus an ráta diúltaithe.

    I ndiaidh na rioscaí slándála a raibh baint acu le scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí Vanuatú agus na hábhair imní a d’ardaigh Ballstáit a mheas, chinn an Coimisiún go raibh easnaimh thromchúiseacha agus teipeanna slándála ag baint le scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí Vanuatú. Go háirithe, bhí baint acu le heaspa ceanglais chónaithe nó láithreachta, nósanna imeachta um scagadh a bhí an-ghearr, easpa malartú faisnéise córasach le tíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí nó tíortha ina raibh príomháit chónaithe na n-iarratasóirí roimhe seo, agus líon ard pasanna eisithe do náisiúnaigh a mbeadh ceanglas víosa orthu don Aontas murach sin, lena n-áirítear náisiúnaigh as tíortha ardriosca. 

    An 12 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún togra maidir le cinneadh ón gComhairle an comhaontú tarscaoilte víosaí le Vanuatú a chur ar fionraí 21 . Ba é seo an chéad togra riamh le comhaontú tarscaoilte víosaí a chur ar fionraí le tríú tír. An 3 Márta 2022, ghlac an Chomhairle an cinneadh an comhaontú tarscaoilte víosaí le Vanuatú a chur ar fionraí go páirteach 22 . Ós rud é nach ndearnadh na himthosca ba chúis leis an bhfionraí pháirteach a leigheas, an 12 Deireadh Fómhair 2022, chuir an Coimisiún síos togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le fionraíocht iomlán an chomhaontaithe ón 4 Feabhra 2023 i leith 23 . Ghlac an Chomhairle an Cinneadh an 8 Samhain 2022 24 .

    Ó cuireadh an fhionraí pháirteach i bhfeidhm, tá an Coimisiún i mbun idirphlé méadaithe 25 le húdaráis inniúla Vanuatú, chun na himthosca ba chúis le fionraíocht na díolúine víosa a leigheas agus chun ligean don Aontas deireadh a chur leis an bhfionraíocht.

    Tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí á gcur ar fáil ag roinnt tíortha i Muir Chairib. I mí Mheithimh 2022, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i dteagmháil lena n-údaráis inniúla ag iarraidh orthu eolas ábhartha agus sonraí a chur ar fáil faoi na scéimeanna sin.

    Léirigh réamh-mheasúnú gur minic a bhíonn an-chuid cosúlachtaí idir na scéimeanna saoránachta seo d'infheisteoirí agus na scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí a chuirtear ar fáil in Vanuatú. Áirítear leo siúd: cáilitheacht náisiúnach as tíortha a bhfuil víosa ag teastáil uathu le taisteal chuig an Aontas; easpa riachtanais maidir le hiarratais ar an láthair nó cónaí; agaí gearra próiseála a fhágann nach féidir grinnscrúdú dícheallacha dhéanamh ar iarratasóirí; táillí ísle (USD 100 000 – 200 000); agus líon mór iarrthóirí rathúla (81 000 pas ar a laghad eisithe ag an gcúig thír lena mbaineann go nuige seo). Déantar fógraíocht tráchtála ar na scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí uile seo mar shlí chun rochtain shaor ó víosa a fháil chuig an Aontas. Níl córas saor ó víosa ag dlínsí eile, amhail na Stáit Aontaithe agus Ceanada, le tíortha i Muir Chairib a chuireann scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí ar fáil.

    Cé go bhfuil meas ag an Aontas ar cheart ceannasach na dtríú tíortha cinneadh a dhéanamh ar a nósanna imeachta eadóirsithe féin, measann an Coimisiún go dtéann díoladh rochtain shaor ó víosa chuig an Aontas le náisiúnaigh a mbeadh ceanglas víosa orthu murach sin i gcoinne mheon na gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí déthaobhacha atá i bhfeidhm.

    Ag an am céanna, d’fháiltigh an Coimisiún roimh chinneadh na dtíortha sin i Muir Chairib scrúdú na n-iarratas ó náisiúnaigh de chuid na Rúise agus na Bealarúise a chur ar fionraí mar fhreagairt ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

    Tá an measúnú ar na scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí a chuireann na tíortha ábhartha ar fáil fós ar bun agus, i dtaca leis sin, chuir an Coimisiún iarratas eile chuig na tíortha lena mbaineann i mí Feabhra 2023.

    I ndiaidh an measúnú seo a chur i gcrích, déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar an ngníomhaíocht leantach iomchuí de réir rialacha an Rialúcháin Víosaí agus de réir na gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí faoi seach 26 . Oibreoidh an Coimisiún go sonrach i ndlúthchomhar leis na tríú tíortha sin chun teacht ar réitigh fhadtéarmacha. Sa chomhthéacs sin, breithneoidh an Coimisiún an Comhchoiste saineolaithe a thionól a bunaíodh le comhaontuithe tarscaoilte víosaí déthaobhacha, agus arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar dhíospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcomhaontuithe, agus iad a leasú agus a réiteach.

    Go ginearálta, tá an Coimisiún ag breithniú leasú ar Airteagal 8 den Rialúchán Víosaí ionas go luafar na rioscaí slándála a bhaineann le hoibriú scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí mar fhoras sainráite leis an díolúine víosa a chur ar fionraí (féach mír 3 thíos).

    3.AG DUL I NGLEIC LE DÚSHLÁIN THAISTEAL SAOR Ó VÍOSA TRÍ ÚSÁID A BHAINT AS SÁSRA FIONRAÍOCHTA VÍOSA NÍOS ÉIFEACHTÚLA

    Tá an sásra fionraíochta víosaí leagtha amach in Airteagal 8 den Rialúchán Víosaí. Is é an príomhchuspóir atá aige ná fionraí shealadach na díolúine víosa a chumasú i gcás méadú tobann agus suntasach ar imirce neamhrialta nó ar rioscaí slándála.

    Bunaithe ar na dúshláin a léiríodh thuas agus ag cur phléití na Comhairle 27 san áireamh, is é mheasann an Coimisiún, cé gur cosaint é an sásra fionraíochta víosaí in aghaidh mhí-úsáid na ndíolúintí víosa, go bhféadfaí feabhas a chur air go háirithe i dtaobh na n-eilimintí seo a leanas:

    ·Na forais fionraíochta;

    ·Na tairseacha chun an córas a thionscnamh;

    ·Nós imeachta na fionraíochta;

    ·Na forálacha faireacháin agus tuairiscithe.

    Measann an Coimisiún gur chóir an sásra fionraíochta víosaí a neartú ionas go mbeidh sé in ann dul i ngleic go gasta agus go cinntitheach le dúshláin éiritheacha a bhaineann le taisteal saor ó víosa. Ag an am céanna, ba cheart go bhfanfadh an sásra fionraíochta mar shásra na rogha deiridh , gan aon uathoibríocht, agus ba cheart go leanfadh aon chinneadh ina leith seo ag cur caidreamh foriomlán an Aontais leis na tríú tíortha lena mbaineann san áireamh mar aon leis an gcomhthéacs foriomlán polaitiúil. Léiríonn na míreanna seo a leanas gnéithe an tsásra fionraíochta víosaí a rachaidh an Coimisiún i gcomhairle arís ina leith le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle d’fhonn a thogra reachtach a chur chun cinn.

    a.Na forais fionraíochta

    Faoi láthair, (Airteagal 8(2), (3) agus (4) den Rialúchán Víosaí), d’fhéadfaí an sásra fionraíochta víosaí a thionscnamh má tá:

    ·Méadú suntasach ar líon náisiúnach na tríú tíre lena mbaineann ar diúltaíodh dul isteach dóibh nó a bhfuarthas iad ag fanacht ar chríoch an Bhallstáit gan ceart chuige sin a bheith acu;

    ·Méadú suntasach ar líon na n-iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann a mbaineann ráta aitheantais íseal leo;

    ·Laghdú ar chomhar leis an tríú tír lena mbaineann i dtaobh athligean isteach;

    ·Riosca méadaithe nó garbhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát, go háirithe méadú mór ar chionta tromchúiseacha coiriúla a bhfuil baint acu le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann;

    ·Maidir leis na tríú tíortha a fuair díolúine víosa mar thoradh ar chomhphlé léirscaoilte víosa, neamhchomhlíonadh na riachtanas ar leith ar úsáideadh iad chun measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí bhí sé léirscaoileadh víosa a dheonú.

    Creideann roinnt Ballstát go bhfuil na forais fionraíochta thuas róshriantach chun déileáil leis na hiliomad cásanna éagsúla ina bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an gcóras saor ó víosa agus/nó ina bhféadfaí rioscaí imirce neamhrialta nó slándála a bheith ann don Aontas.

    A mhéid a bhaineann le himirce neamhrialta, ní foras fionraíochta í easpa ailíniú beartais víosaí faoi láthair. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí bac a chur ar éifeachtacht an tsásra fionraíochta agus é ag dul i ngleic le cásanna ina ndearna imircigh neamhrialta idirthuras trí thríú tíortha comharsanacha, mar a chonacthas le déanaí sna Balcáin Thiar.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a fhiosrú an féidir easpa ailíniú le beartais víosaí a áireamh mar fhoras nua fionraíochta, i gcás ina mbeadh riosca imirce neamhrialta chuig an Aontas ann mar gheall ar an easpa sin. D’fhéadfaí an sásra fionraíochta a thionscnamh faoi fhoras nua mar sin i gcásanna inar chumasaigh easpa ailíniú beartais víosaí ag tríú tír shaor ó víosa teacht isteach neamhrialta san Aontas ag náisiúnaigh tríú tíre atá i láthair go dleathach sa tír shaor ó víosa sin mar thoradh ar thaisteal saor ó víosa, nó ina bhféadfaí iad a chumasú.

    A mhéid a bhaineann le beartas poiblí agus slándáil inmheánach, d’fhéadfaí an sásra fionraíochta a thionscnamh faoin bhforas reatha fionraíochta (Airteagal 8(2)(d)) sa chás go bhfuil riosca méadaithe do shlándáil inmheánach na mBallstát a bhaineann le náisiúnaigh tíre saor ó víosa. Ní théann sé i ngleic, áfach, leis na rioscaí slándála a eascraíonn as scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí a chuireann tíortha saor ó víosa ar fáil, nó le bagairtí hibrideacha.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a fhiosrú an féidir leathnú a dhéanamh ar raon feidhme an fhorais atá ann cheana maidir le beartas poiblí agus slándáil, sa chaoi go gcumhdófar bagairtí eile a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tríú tíortha saor ó víosa, lena n-áirítear, go háirithe, iad sin a bhaineann le scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí a chur ar fáil agus bagairtí hibrideacha. 

    Ar deireadh, leis an sásra fionraíochta víosaí atá ann faoi láthair ní chuirtear san áireamh go bhféadfadh foráil a bheith i gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí idir an tAontas agus tríú tíortha maidir le forais fionraíochta nach n-áirítear sa Rialúchán Víosaí, chun dul i ngleic, mar shampla, le cúinsí a bhaineann go sonrach leis an gcaidreamh idir na páirtithe caibidlíochta. I gcás ina gcinnfidh an tAontas cur i bhfeidhm an chomhaontaithe tarscaoilte víosaí le tríú tír a chur ar fionraí (ar leibhéal an dlí idirnáisiúnta), ní mór an deis a bheith ann freisin foráil a dhéanamh maidir leis an bhfionraí ar leibhéal dhlí an Aontais.

    Chun an deis sin a áirithiú mar aon le comhsheasmhacht idir an sásra fionraíochta víosaí agus comhaontuithe tarscaoilte víosaí an Aontais, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a fhiosrú an féidir tagairt a chur isteach do chur i bhfeidhm foras fionraíochta breise a ndéantar foráil maidir leo i gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí.

    b.Na tairseacha chun an córas a thionscnamh

    D’fhéadfaí an sásra fionraíochta a thionscnamh i ndiaidh méadú mór ar chuairteanna aimhrialta, nó ar iarratais ar thearmann ó thíortha a bhfuil ráta íseal aitheantais agus cionta tromchúiseacha coiriúla acu, nó i ndiaidh laghdú ar chomhar i dtaobh athligean isteach, i gcomparáid leis an mbliain roimhe nó leis an mbliain sula bhfuarthas an díolúine víosa.

    Faoi láthair, is é an bhrí a bhaintear as ‘méadú mór’ os cionn 50 % 28 agus ‘ráta aitheantais íseal’ is ea 3 nó 4 % 29 . Tugann an taithí is déanaí le fios nár leor na tairseacha seo i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna imirce neamhrialta a bhíonn ag Ballstáit, mar a thuairiscítear i bpléití ábhartha sa Chomhairle. Léirigh an fógra a thug Ballstát don Choimisiún i mí Bhealtaine 2019 30 , mar shampla, nach bhféadfaí na tairseacha chun an sásra fionraíochta a thionscnamh a bhaint amach in ainneoin an mhéadaithe a tuairiscíodh ar iarratais ar thearmann nach raibh bunús leo agus ar chionta tromchúiseacha coiriúla a rinne náisiúnaigh de chuid tíre saor ó víosa a bhí cláraithe sa Bhallstát sin. Mheas roinnt Ballstát i bpléití na Comhairle gur chóir na tairseacha seo a shocrú ag leibhéal níos ísle.

    Chun dul i ngleic níos fearr leis an mbaol go dtiocfaidh méadú ar imirce neamhrialta a eascróidh as an taisteal saor ó víosa, fiosróidh an Coimisiún an deis oiriúnú a dhéanamh ar na tairseacha ag a ndéantar an sásra fionraíochta víosaí a thionscnamh. Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir éifeacht dhíspreagthach níos mó agus níos mó solúbthachta a chruthú i leith thionscnamh an tsásra, sin agus leanúint den deimhneacht dhlíthiúil agus méid leordhóthanach intuarthachta a chur ar fáil do thríú tíortha, mar aon le cuntasacht an Aontais.

    c.An nós imeachta fionraíochta

    Cloíonn an nós imeachta fionraíochta le cur chuige dhá chéim: fionraí thosaigh 9 mí trí ghníomh cur chun feidhme ar féidir fionraí 18 mí eile a chur léi trí ghníomh tarmligthe 31 . Le linn na fionraí sealadaí, ba cheart don Choimisiún idirphlé feabhsaithe a chur ar bun leis an tríú tír lena mbaineann a mbeadh sé mar aidhm leis teacht ar réiteach cuí a dhéanann na himthosca ba chúis leis an díolúine víosa a chur ar fionraí a leigheas. Chun an baol go sleamhnófaí isteach sa tríú céim den nós imeachta a laghdú, sin é foirceannadh na díolúine víosa agus aistriú na tríú tíre go liosta tíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu, d’fhéadfaí an nós imeachta a shruthlíniú ar shlí go gcuirfí deiseanna níos fearr ar fáil don tír lena mbaineann ar mhaithe le gníomhaíocht leighis shásúil a thabhairt i gcrích. Chomh maith leis sin, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna éigeandála a bhfuil freagairt phráinneach ag teastáil uathu, ba cheart go mbeifí in ann foráil a dhéanamh do nós imeachta práinneach chun an sásra fionraíochta a thionscnamh.

    Chun an nós imeachta fionraíochta a dhéanamh níos éifeachtúla agus chun tréimhse ama iomchuí a chur i leataobh leis na himthosca ba chúis leis an bhfionraí a leigheas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a fhiosrú an féidir síneadh a chur le fad an dá thréimhse shealadacha fionraíochta: e.g., fionraí 12 mí in ionad 9 mí sa 1ú tréimhse agus fionraí 24 mí in ionad 18 mí sa 2ú tréimhse. I gceachtar tréimhse, chuirfí deireadh leis an bhfionraí chomh luath agus a dhéanfaí na himthosca ba chúis leis an bhfionraí a leigheas idir an dá linn.

    D’fhanfadh an fhéidearthacht díolúine víosa a fhoirceannadh trí ghnáth-thogra reachtach, más ann fós do chúiseanna na fionraí, ag deireadh tréimhse 2.

    Ina theannta sin, chun dul i ngleic le cásanna éigeandála arbh é méadú tobann ar an líon imirceach neamhrialta nó ar rioscaí slándála ba chúis leo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a fhiosrú an féidir nós imeachta práinne a thabhairt isteach i gcomhair gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach 32 . Ligfeadh sé sin don Choimisiún díolúine víosa a chur ar fionraí roimh chomhairliúchán an choiste inniúil 33 , nuair atá mórfhorais práinne ann a bhfuil údar cuí ag baint leo. Ba cheart go mbeadh an nós imeachta práinne ina shásra rogha deiridh fós, gan aon uathoibríocht, agus ba cheart go leanfadh aon chinneadh ina leith sin ag cur caidreamh foriomlán an Aontais leis na tríú tíortha lena mbaineann san áireamh mar aon leis an gcomhthéacs foriomlán polaitiúil 34 .

    d.Dualgais faireacháin agus tuairiscithe

    Tá sásra fionraíochta éifeachtúil ag brath ar fhaireachán éifeachtach spriocdhírithe ar thíortha saor ó víosa. Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún, áfach, de réir fhorálacha reatha an Rialúcháin Víosaí, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na tíortha a bhfuil rochtain saor ó víosa faighte acu i ndiaidh comhphlé léirscaoilte víosaí, agus ar feadh tréimhse seacht mbliana tar éis a chur i gcrích go rathúil 35 .

    Chun éileamh na Comhairle Eorpaí an 9 Feabhra 2023 i gcomhair faireachán treisithe ar thíortha saor ó víosa a shásamh 36 , i gcomhréir le litir Uachtarán von der Leyen chuig an gComhairle Eorpach an 20 Márta 2023, tíolacfaidh an Coimisiún ó 2023 ar aghaidh tuarascáil chuimsitheach straitéiseach nua um shásra fionraíochta víosaí. 

    Leanfaidh tuarascáil an tSásra nua fionraíochta víosaí ag déanamh grinnscrúdú ar chomhlíonadh leanúnach na dtíortha a chuir comhphlé léirscaoilte víosa i gcrích níos lú ná 7 mbliana ó shin leis na riachtanais léirscaoilte víosa. Leanfar leis an tuairisciú ar thíortha a chuir comhphlé léirscaoilte víosa i gcrích níos mó ná 7 mbliana ó shin chomh maith, i gcomhréir leis na Tuarascálacha tíortha faoin bPacáiste méadaithe, ach beidh sé dírithe ar thosaíochtaí agus dúshláin ar leith, ar nós ailíniú beartais víosaí, scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí agus iarratais ar thearmann nach raibh bunús leo.

    Ar deireadh, pléifidh an tuarascáil limistéir thíreolaíocha eile lasmuigh de chomharsanacht an Aontais, ag díriú ar thíortha ar leith ina bhféadfadh fadhbanna teacht chun cinn agus lena bhféadfadh comhar breise a bheith ag teastáil chun dul i ngleic le dúshláin ar leith imirce agus/nó slándála a d’fhéadfaí iad a mheas faoin sásra fionraíochta víosaí.

    Pléifear an cur chuige seo sa chéad tuarascáil Shásra fionraíochta víosaí eile, ina gcuirfear an raon feidhme tíreolaíoch agus ábharach in oiriúint do thosaíochtaí agus riachtanais reatha. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a fhiosrú an féidir an cur chuige nua seo a chur i bhfeidhm ar fhorálacha faireacháin agus tuairiscithe an tsásra fionraíochta.

    4.CONCLÚID

    Is cuid bhunriachtanach d’acquis Schengen é beartas víosaí an Aontais agus ceann de na héachtaí is tábhachtaí de lánpháirtiú an Aontais. Is uirlis é an beartas víosaí chun teagmhálacha daoine-le-daoine, turasóireacht agus gnó a éascú, fad is a chuireann sé bac ar rioscaí slándála agus ar bhaol na himirce neamhrialta chuig an Aontas, agus ba cheart go bhfanfadh sé amhlaidh. Ag an am céanna, tá beartas víosaí an Aontais ag athrú de shíor, agus ní mór dó leanúint ar aghaidh mar sin ionas go mbeidh sé in ann dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin nua.

    Le cúpla bliain anuas, bhí ar an Aontas dul i ngleic le roinnt dúshláin nua éiritheacha a raibh baint acu le feidhmiú a bheartais víosaí, lena n-áirítear imirce neamhrialta méadaithe feadh bhealach na mBalcán Thiar, náisiúnaigh as roinnt mhaith tíortha saor ó víosa timpeall an domhain ag mí-úsáid an chórais tearmainn, agus na rioscaí slándála a eascraíonn as oibriú scéimeanna saoránachta d'infheisteoirí ag tríú tíortha saor ó víosa.

    Cruthaíonn na dúshláin seo agus forbairtí eile gur gá machnamh a dhéanamh ar bhealaí go bhféadfaí uirlisí an bheartais víosaí a neartú le sásra leasaithe fionraíochta víosaí. Tá an Coimisiún ag tnúth leis an tslí is fearr an cuspóir seo a bhaint amach a phlé le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Ba cheart don phlé na pointí seo a leanas a chlúdach go háirithe:

    ·an gá le forais nua fionraíochta a thabhairt isteach chun dul i ngleic le cásanna nua éiritheacha inar féidir mí-úsáid a bhaint as an gcóras saor ó víosa agus/nó a d’fhéadfadh rioscaí imirce neamhrialta nó slándála a chruthú don Aontas;

    ·ar chóir agus conas is fearr na tairseacha a leasú chun an córas a thionscnamh i leith na rioscaí imirce agus slándála tuairiscithe ag Ballstáit, agus ag cruthú ar an gcaoi sin éifeacht dhíspreagthach níos mó, agus ag dul i ngleic go gasta le réimse níos leithne contúirtí a bhaineann le taisteal saor ó víosa;

    ·conas go bhféadfaí an nós imeachta fionraíochta a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos solúbtha;

    ·neartú na ndualgas faireacháin agus tuairiscithe.

    Ar bhonn mionchomhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach i bhfómhar 2023 a athbhreithneoidh an sásra fionraíochta víosaí a ndéantar foráil ina leith in Airteagal 8 den Rialúchán Víosaí.

    (1)

         Áirítear leis seo dhá limistéar riaracháin ar leith de chuid na Síne (Hong Cong agus Macao) agus údarás críochach amháin nach n-aithnítear mar stát é ag ar a laghad ballstát amháin den Aontas (an Téaváin) agus, an 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí, an Chosaiv*. Mar atá luaite in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialúchán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar 14 Samhain 2018 ag lua na dtríú tíortha arbh éigean dá náisiúnaigh víosa a bheith acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha agus a bhfuil díolúine ag a náisiúnaigh ón riachtanas sin, IO L 303 28.11.2018, lch 39.

    (2)

         Antigua agus Barbúda, na Bahámaí, Barbadós, an Bhrasaíl, an Cholóim, Doiminice, Greanáda, Cireabaití, Oileáin Marshall, Oileán Mhuirís, an Mhicrinéis, Oileáin Palau, Peiriú, San Críostóir-Nimheas, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní, Samó, na Séiséil, Oileáin Sholaimh, Tíomór Thoir, Tonga, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Túvalú, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Vanuatú.

    (3)

         Andóra, an Airgintín, an Astráil, Brúiné, Ceanada, an tSile, Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, an Suí Naofa, Hondúras, Iosrael, an tSeapáin, an Mhalaeisia, Meicsiceo, Monacó, an Nua-Shéalainn, Nicearagua, Panama, Paragua, San Mairíne, Singeapór, an Chóiré Theas, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Uragua, Veiniséala. Cuireadh an Ríocht Aontaithe leis in 2019 i ndiaidh di tarraingt siar ón Aontas Eorpach (Rialúchán (AE) 2019/592 de chuid Pharlaimint na hEorpa agus de chuid na Comhairle ar 10 Aibreán 2019 ag leasú Rialúchán (AE) 2018/1806 a luann na tríú tíortha arbh éigean dá náisiúnaigh víosa a bheith acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha agus a bhfuil díolúine ag a náisiúnaigh ón riachtanas sin, i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, IO R 103I ,12.4.2019, lgh 1–4).

    *    Tá an t-ainmniú seo gan dochar do dhearcthaí ar stádas, agus de réir Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus dhearcadh Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ar fhorógra saoirse na Cosaive.

    (4)

    4     Rialúchán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar 19 Aibreán 2023 ag leasú Rialúchán (AE) 2018/1806 a luann na tríú tíortha arbh éigean dá náisiúnaigh víosa a bheith acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha agus a bhfuil díolúine ag a náisiúnaigh ón riachtanas sin (an Chosaiv (Tá an t-ainmniú seo gan dochar do dhearcthaí ar stádas, agus de réir Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus dhearcadh Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ar fhorógra saoirse na Cosaive.)), IO R 110, 25.4.2023, lgh 1–4.

    (5)

    5      Safe-and-seamless-travel-and-improved-traveller-experience-OECDReport-for-the-G20-TWG_merged.pdf

    (6)

    6     De réir Airteagal 8(4) de Rialúchán (AE) 2018/1806 ní mór don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na riachtanas sainiúil, atá bunaithe ar Airteagal 1 agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht léirscaoilte víosa arna dheonú, ag na tríú tíortha a bhfuil díolúine faighte ag a náisiúnaigh ón riachtanas víosa agus iad ag taisteal chuig críocha na mBallstát de bharr gur cuireadh comhphlé léirscaoilte víosa i gcrích idir an Aontas agus an tríú tír sin. Chuige sin, tá an Coimisiún tar éis cúig thuarascáil de réir an tSásra Fionraíochta Víosaí a ghlacadh ó bhí 2017 ann, a chumhdaigh na comhpháirtithe saor ó víosa sna Balcáin Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia) agus i gComhpháirtíocht an Oirthir (an tSeoirsia, an Mholdóiv, agus an Úcráin). Ina theannta sin, déanann an Coimisiún faireachán rialta ar chórais saor ó víosa le tríú tíortha eile, i gcomhthéacs go bhféadfaí an sásra fionraíochta a thionscnamh as a stuaim féin, de réir Airteagal 8(3) de Rialúchán (AE) 2018/1806.

    (7)

    7     Féach chomh maith an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ar 23 Eanáir 2019 maidir le Scéimeanna Saoránachta is Cónaithe d'Infheisteoirí san Aontas Eorpach (COM(2019) 12 final).

    (8)

    8    Is éard atá i gceist le bealach na mBalcán Thiar an teacht isteach neamhrialta chuig an Aontas tríd an réigiún: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.

    (9)

    9     Bhain siad siúd go príomha le teacht náisiúnaigh na Túinéise, Chúba agus na Burúine tríd an tSeirbia, teacht náisiúnaigh na hIndia tríd an tSeirbia agus an Albáin, agus teacht náisiúnaigh tríú tíre a bhfuil cónaí orthu go dleathach in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha tríd an Albáin agus Montainéagró, mar a thuairiscíodh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais i leith na mBalcán Thiar https://home-affairs.ec.europa.eu/system/files/2022-12/Western%20Balkans_en.pdf  

    (10)

    10     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, an Cúigiú Tuarascáil faoin sásra fionraíochta víosaí, COM(2022) 715 final/2.

    (11)

    11     Cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach (9 Feabhra 2023) – Conclúidí, https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-1-2023-INIT/en/pdf  

    (12)

    12     Ar 21 Deireadh Fómhair d’fhógair an tSeirbia foirceannadh na gcomhaontuithe saor ó víosa leis an mBurúin agus leis an Túinéis, agus tugadh an riachtanas víosa isteach arís ar 22 Samhain 2022. Lean foirceannadh an chomhaontaithe shaor ó víosa le Guine Bissau é ar 1 Nollaig, agus cuireadh an riachtanas víosa i bhfeidhm arís cúig lá ina dhiaidh. Ar an 6 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún leis an 5ú Tuarascáil Shásra Fionraíochta Víosa, ag athdhearbhú an iarratais go n-ailíneodh an tSeirbia a beartas víosaí le liosta tríú tíortha an Aontais a bhfuil víosa ag teastáil uathu, ar bhonn práinne. Tar éis fhoilsiú na tuarascála, trí lá ina dhiaidh, ar 9 Nollaig, d’fhógair an tSeirbia foirceannadh an chomhaontaithe shaor ó víosa leis an India, foirceannadh a cuireadh i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2023. An 27 Nollaig, foirceannadh na comhaontuithe saor ó víosa leis an mBolaiv agus le Cúba freisin, agus bhí éifeacht leis sin an 10 Feabhra agus an 13 Aibreán 2023 faoi seach.

    (13)

    13     Beidh ar na tíortha is iarrthóirí ailíniú iomlán a chinntiú leis an acquis Eorpach, lena n-áirítear leis an mbeartas víosaí, faoi chuimsiú an phróisis aontachais.

    (14)

    14     Áirítear leis an ráta aitheantais cineálacha cosanta atá rialáilte ag an Aontas (stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí) agus cuireann sé stádais chosanta náisiúnta as an áireamh (cúiseanna daonnúla). Ríomhtar é leis an méid cinntí dearfacha céadchéime (ag deonú stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí) a roinnt ar líon iomlán na gcinntí a eisíodh.

    (15)

         Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine um athligean isteach cónaitheoirí neamhdhlíthiúla – Dearbhuithe, IO L 124, 17.5.2005, lgh 22–40; Comhaontú idir an Aontas Eorpach agus an tSeoirsia um athligean isteach cónaitheoirí neamhdhlíthiúla, IO L 52, 25.2.2011, lgh 47–65.

    (16)

         Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 23 Eanáir 2019 maidir le Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d'Infheisteoirí san Aontas Eorpach (COM(2019) 12 final), lch 23.

    (17)

          https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_6082  

    (18)

         Cinneadh Comhairle (AE) 2022/366 ar 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach; Cinneadh Comhairle (AE) 2022/2198 ar 8 Samhain 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine.

    (19)

         Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta. IO L 173, 3.7.2015, lgh 48–54.

    (20)

         Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (COM/2022/6 final)

    (21)

         Cinneadh ón gComhairle (AE) 2022/366 an 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach

    (22)

         Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine. COM(2022) 531 final

    (23)

         Cinneadh ón gComhairle (AE) 2022/2198 an 8 Samhain 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine

    (24)

         Airteagal 8(6)(a) de Rialúchán (AE) 2018/1806.

    (25)

         Féach liosta na gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí ag  https://eur-lex.europa.eu/EN/legal-content/summary/visa-waiver-agreements.html#:~:text=The%20visa%20waiver%20agreements%20referred,during%20a%20180%2Dday%20period  

    (26)

         An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 9-10 Márta 2023,

          https://www.consilium.europa.eu/en/meetings/jha/2023/03/09-10/  

    (27)

         Thar thréimhse dhá mhí, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin, nó i gcomparáid leis an dá mhí dheireanacha roimh theacht i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tíre a luaitear in Iarscríbhinn II.

    (28)

         Leagtar amach na tairseacha seo i Réamhaithrisí 23 agus 24 den Rialúchán Víosaí.

    (29)

       Thuairiscigh an Ballstát méadú ar na cúinsí seo a leanas a bhaineann le náisiúnaigh tríú tíortha atá saor ó víosa: méadú ar líon na ndiúltuithe iontrála, na n-iarratas ar thearmann nach raibh bunús leor, agus na gcionta coiriúla. Ba é conclúid mheasúnú an Choimisiúin nár comhlíonadh na coinníollacha chun an córas a thionscnamh sa chás sin.

    (30)

         Ina theannta sin, nuair atá comhaontú tarscaoilte víosaí ag an Aontas leis tríú tír lena mbaineann, ba cheart feidhmiú an chomhaontaithe sin a chur ar fionraí chomh maith, de réir Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais.

    (31)

         Mar a dhéantar foráil dó in Airteagal 8 de Rialúchán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar 16 Feabhra 2011 ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

    (32)

         Sna cásanna sin, chuirfí an t-acht faoi bhráid Choiste inniúil um Chómhalartacht víosa agus um Fhionraíocht víosaí lena mheas, 14 lá ar a dhéanaí i ndiaidh ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme.

    (33)

         Ba cheart don nós imeachta práinne nósanna imeachta fionraíochta na gcomhaontuithe tarscaoilte víosaí a chur san áireamh, má bhaineann le hábhar.

    (34)

         Ó tugadh an dualgas faireacháin agus tuairiscithe seo isteach in 2017, tá cúig thuarascáil eisithe ag an gCoimisiún COM(2017) 815 final (an chéad tuarascáil); COM(2018) 856 final (an dara tuarascáil); COM(2020) 325 final (an tríú tuarascáil); COM(2021) 602 final (an ceathrú tuarascáil); COM(2022) 715 final/2 (an cúigiú tuarascáil).

    (35)

         Cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach (9 Feabhra 2023) – Conclúidí, https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-1-2023-INIT/en/pdf .

    Top