TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú an chinnidh leordhóthanachta maidir leis an tSeapáin
1.AN CHÉAD ATHBHREITHNIÚ – CÚLRA, ULLMHÚ AGUS PRÓISEAS
An 23 Eanáir 2019, ghlac an Coimisiún Eorpach cinneadh de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS) inar chinn sé go n‑áirithíonn an tSeapáin leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach chuig gnólachtaí a láimhseálann faisnéis phearsanta sa tSeapáin. Mar thoradh air sin, is féidir aistrithe sonraí ón Aontas Eorpach chuig oibreoirí príobháideacha sa tSeapáin a dhéanamh gan ceanglais bhreise.
Cumhdaítear le cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin Acht na Seapáine maidir le Cosaint Faisnéise Pearsanta (APPI), arna chomhlánú le Rialacha Forlíontacha a cuireadh i bhfeidhm chun difríochtaí ábhartha áirithe idir APPI agus RGCS a shárú. Leis na coimircí breise sin neartaítear, mar shampla, cosaint sonraí íogaire (trí chatagóirí na faisnéise pearsanta a mheastar a bheith íogair a mhéadú), feidhmiú ceart aonair (trína shoiléiriú gur féidir cearta aonair a fheidhmiú freisin i gcás sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ar feadh tréimhse níos giorra ná sé mhí, rud nárbh amhlaidh an cás an tráth sin faoi APPI) agus na coinníollacha faoinar féidir sonraí ón Aontas a aistriú (‘ar aghaidh’) arís eile ón tSeapáin chuig tríú tír eile. Tá na Rialacha Forlíontacha ina gceangal ar oibreoirí na Seapáine agus is féidir leis an údarás neamhspleách cosanta sonraí (an Coimisiún um Chosaint Faisnéise Pearsanta, PPC), nó le daoine aonair ón an Aontas, iad a fhorfheidhmiú i gcúirteanna na Seapáine.
Thairis sin, chuir rialtas na Seapáine uiríll, dearbhuithe agus gealltanais oifigiúla ar fáil don Choimisiún maidir leis na teorainneacha agus na coimircí a mhéid a bhaineann le rochtain ar shonraí pearsanta agus úsáid na sonraí sin ag údaráis phoiblí na Seapáine chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus chun críocha slándála náisiúnta, agus shoiléirigh sé go bhfuil aon phróiseáil den sórt sin teoranta don mhéid atá riachtanach agus comhréireach agus faoi réir maoirseacht neamhspleách agus sásraí éifeachtacha sásaimh. Áirítear ar na sásraí sásaimh sa réimse sin nós imeachta sonrach um réiteach díospóidí arna riar agus arna mhaoirsiú ag PPC, nós imeachta a cruthaíodh do dhaoine aonair ón Aontas a n‑aistrítear a gcuid sonraí pearsanta bunaithe ar an gcinneadh leordhóthanachta.
An tráth a glacadh cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin, ghlac an tSeapáin cinneadh coibhéiseach maidir le haistrithe sonraí chuig an Aontas, rud a chruthaigh an limistéar saorshreafa sonraí is mó ar domhan agus a bhfuil ardleibhéal cosanta sonraí ag gabháil leis. Comhlánaíonn na cinntí leordhóthanachta frithpháirteacha sin tairbhí an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2019, agus an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí a caibidlíodh in éineacht le CCE, agus cuireann siad leis na tairbhí sin. Baineann cuideachtaí ar an dá thaobh tairbhe as an tsineirge idir na cinntí leordhóthanachta frithpháirteacha agus CCE, ós rud é, leis an bhféidearthacht sonraí a shreabhadh gan bhac idir an tAontas agus an tSeapáin, go ndéantar malartuithe tráchtála a éascú a thuilleadh agus deiseanna gnó suntasacha a chruthú trí rochtain phribhléideach ar mhargadh a chéile. Leagtar fasach tábhachtach amach ann freisin trína léiriú go soiléir gur féidir, sa ré dhigiteach, ardchaighdeáin phríobháideachais a chur chun cinn agus trádáil idirnáisiúnta a éascú le chéile, agus nach mór é sin a dhéanamh.
Ó glacadh na cinntí leordhóthanachta, tá dlús breise curtha ag an Aontas Eorpach agus ag an tSeapáin, mar chomhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile, lena gcomhar maidir le hábhair dhigiteacha, go ginearálta, agus maidir le sreabha sonraí, go háirithe. Ar an leibhéal déthaobhach, léirítear é sin go háirithe i dtabhairt i gcrích na Comhpháirtíochta Digití i mí na Bealtaine 2022 agus i seoladh na caibidlíochta i mí Dheireadh Fómhair 2022 chun disciplíní maidir le sreabha trasteorann sonraí a chur san áireamh in CCE, rud a chuirfidh tuilleadh feabhais ar an tsineirge leis an socrú leordhóthanachta frithpháirteach. Ar an leibhéal iltaobhach, tá an tAontas Eorpach agus an tSeapáin ag obair le chéile chun an coincheap dar teideal ‘Saorshreabhadh Iontaofa Sonraí’ – a sheol an Príomh‑Aire Shinzo Abe, nach maireann – a chur chun cinn, a neartú agus a oibríochtú lena n‑áirítear trí dhlúthchomhar faoi chuimsiú G7, na hEagraíochta Domhanda Trádála (i gcomhthéacs Thionscnamh an Ráitis Chomhpháirtigh maidir le Ríomhthráchtáil) agus na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Ag ECFE, bhí an dlúthchomhar idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir leis na hábhair sin ríthábhachtach, go háirithe i nglacadh prionsabal coiteann maidir le rochtain an rialtais ar shonraí pearsanta atá i seilbh na hearnála príobháidí, prionsabail a glacadh den chéad uair riamh ar an leibhéal idirnáisiúnta . Bhí na sruthanna oibre éagsúla sin go léir ag brath, a bheag nó a mhór, ar na luachanna agus na ceanglais chomhroinnte atá mar bhonn taca leis an socrú leordhóthanachta frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.
Chun a fhíorú go rialta go bhfuil údar fíorasach agus dlíthiúil leis na torthaí sa chinneadh leordhóthanachta, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le toradh an athbhreithnithe. Sa tuarascáil sin, lena gcumhdaítear gach gné d’fheidhmiú an chinnidh, tugtar an chéad athbhreithniú tréimhsiúil i gcrích. Ar thaobh na Seapáine, ghlac ionadaithe ó PPC, ón Aireacht Gnóthaí Inmheánacha agus Cumarsáide, ón Aireacht Dlí agus Cirt, ón Aireacht Cosanta agus ón nGníomhaireacht Náisiúnta Póilíneachta páirt san athbhreithniú. Áiríodh ar thoscaireacht an Aontais triúr ionadaithe arna n‑ainmniú ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, in éineacht le comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh.
Tionóladh cruinniú athbhreithnithe idir an dá thoscaireacht an 26 Deireadh Fómhair 2021, agus bhí roinnt mhaith malartuithe ann roimhe sin agus ina dhiaidh. Go háirithe, chun an t‑athbhreithniú a ullmhú, bhailigh an Coimisiún faisnéis ó údaráis na Seapáine maidir le feidhmiú an chinnidh, go háirithe maidir le cur chun feidhme na Rialacha Forlíontacha. Lorg an Coimisiún faisnéis freisin ó fhoinsí poiblí agus ó shaineolaithe áitiúla faoi fheidhmiú an chinnidh agus faoi fhorbairtí ábhartha i ndlí agus i gcleachtas na Seapáine, a mhéid a bhaineann leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le hoibreoirí príobháideacha agus maidir le rochtain an rialtais araon. Tar éis an chruinnithe athbhreithnithe, rinne an Coimisiún agus PPC roinnt malartuithe chun obair leantach a dhéanamh maidir le pointí a pléadh ag an gcruinniú sin agus, go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna a ardaíodh de bharr rialacha maidir le faisnéis phearsanta faoi ainm bréige a thabhairt isteach in APPI.
2.NA PRÍOMHTHORTHAÍ
Cuirtear na torthaí mionsonraithe maidir le feidhmiú gach gné den chinneadh leordhóthanachta i láthair sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin (SWD(2023) 75) a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Go háirithe, léiríodh sa chéad athbhreithniú gur tháinig creataí cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine le chéile a thuilleadh ó glacadh na cinntí leordhóthanachta frithpháirteacha. Leasaíodh APPI faoi dhó: an 5 Meitheamh 2020, trí Acht Leasaithe an Achta um Chosaint Faisnéise Pearsanta 2020 (an leasú a rinneadh ar APPI in 2020) a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2022; agus an 12 Bealtaine 2021, tríd an Acht maidir le Socrú Achtanna Gaolmhara chun Sochaí Dhigiteach a Fhoirmiú (an leasú a rinneadh ar APPI in 2021). Rinneadh na Rialacha Forlíontacha a oiriúnú chun na leasuithe sin a léiriú, i gcomhairle leis an gCoimisiún.
Leis na leasuithe sin, tugadh córais an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine le chéile ar bhealach níos dlúite fós, go háirithe trí oibleagáidí slándála sonraí a neartú (trí dhualgas a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt faoi sháruithe ar shonraí), cearta an ábhair sonraí (go háirithe an ceart rochtana agus an ceart chun agóid a dhéanamh) agus na cosaintí a thugtar i gcás aistrithe sonraí (i bhfoirm ceanglas breise faisnéise agus faireacháin, lena n‑áirítear faisnéis faoi rioscaí féideartha a bhaineann le rochtain an rialtais sa tír cinn scríbe). Sa chomhthéacs sin, is díol suntais é go ndearnadh cuid de na coimircí breise dá bhforáiltear faoi na Rialacha Forlíontacha maidir le sonraí pearsanta a thagann ón Aontas Eorpach, i.e. a mhéid a bhaineann le coinneáil sonraí agus na coinníollacha maidir le toiliú feasach le haghaidh aistrithe trasteorann, go ndearnadh iad a ionchorprú in APPI, rud a fhágann go bhfuil siad infheidhme go ginearálta maidir leis na sonraí pearsanta uile, gan beann ar a mbunús nó ar a bpointe bailithe.
Príomhfhorbairt eile ar díol sásaimh don Choimisiún í is ea claochlú APPI ina chreat cuimsitheach cosanta sonraí lena gcumhdaítear an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí araon, faoi réir mhaoirseacht eisiach PPC. Leis an neartú sin ar chreat cosanta sonraí na Seapáine agus ar chumhachtaí PPC, d’fhéadfaí an bealach a réiteach chun an cinneadh leordhóthanachta a leathnú thar mhalartuithe tráchtála, chun aistrithe atá eisiata óna raon feidhme faoi láthair a chumhdach, i réimse an chomhair rialála agus an taighde rialála, cuir i gcás.
Dhírigh an chéad athbhreithniú ar rialacha nua maidir le ‘faisnéis phearsanta faoi ainm bréige’ a chruthú agus a úsáid freisin, ar rialacha iad a tugadh isteach leis an leasú a rinneadh ar APPI in 2020. Is é is aidhm do na rialacha nua sin, go bunúsach, éascú a dhéanamh ar úsáid (inmheánach) faisnéise pearsanta ag gnólachtaí a láimhseálann faisnéis phearsanta chun críoch staidrimh go bunúsach (e.g. treochtaí agus patrúin a shainaithint chun tairbhe a dhéanamh do ghníomhaíochtaí breise, lena n‑áirítear taighde). Leis an gcruinniú athbhreithnithe agus leis na malartuithe a rinneadh ina dhiaidh sin idir an Coimisiún agus PPC, bhíothas in ann léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na bhforálacha nua sin a shoiléiriú. Mar thoradh ar an bplé sin, d’fhonn léiriú níos soiléire a thabhairt ar chur i bhfeidhm beartaithe na bhforálacha nua sin agus, ar an gcaoi sin, deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú, leasaíodh na Rialacha Forlíontacha ar dhá bhealach an 15 Márta 2023. Ar an gcéad dul síos, sonraítear sna Rialacha Forlíontacha nach féidir an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun críoch staidrimh – rud a shainmhínítear mar phróiseáil a dhéanamh le haghaidh suirbhéanna staidrimh nó torthaí staidrimh a tháirgeadh – chun sonraí comhiomlána a sholáthar, agus nach n‑úsáidfear toradh na próiseála chun tacú le bearta nó cinntí maidir le haon duine aonair ar leith. Ar an dara dul síos, cuireann siad in iúl go soiléir go measfar i gcónaí gur ‘faisnéis phearsanta’ faoi APPI í faisnéis phearsanta faoi ainm bréige a fuarthas ón Aontas Eorpach ar dtús, chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den leanúnachas maidir le sonraí a mheastar a bheith ina sonraí pearsanta a chosaint faoi RGCS nuair a aistrítear ar bhonn an chinnidh leordhóthanachta iad.
Maidir le coimircí cosanta sonraí a chur chun feidhme sa chleachtas, fáiltíonn an Coimisiún roimh na céimeanna éagsúla a ghlac PPC. Áirítear leis sin treoirlínte nuashonraithe a ghlacadh, lena n‑áirítear maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí. Tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfaí na treoirlínte sin a shoiléiriú chun aghaidh a thabhairt freisin ar na ceanglais shonracha a bhfuil feidhm acu faoi na Rialacha Forlíontacha maidir le sonraí pearsanta a fuarthas ón Aontas a aistriú ar aghaidh ón tSeapáin, lena n‑áirítear – mar a leanas ó Riail Fhorlíontach (4) agus mar a mhínítear sa chinneadh leordhóthanachta – eisiamh aistrithe ar aghaidh bunaithe ar scéim deimhniúcháin Rialacha Príobháideachais Trasteorann (CBPR) APEC. Ina theannta sin, cé gur mhínigh PPC go ndéanann PHIBOnna sonraí a fuarthas ón Aontas Eorpach ar dtús agus a aistrítear ar aghaidh a fhrámáil‘trí chonradh a thabhairt i gcrích a cheanglaíonn an faighteoir le bearta lena n‑áirithítear leanúnachas na cosanta’, ní chuireann PPC treoir ar fáil faoi láthair maidir le hábhar molta (i dtéarmaí coimircí) ‘beart coibhéiseach’ a úsáidtear le haghaidh aistrithe idirnáisiúnta sonraí, bíodh sé sin i bhfoirm treoirlínte nó i bhfoirm samhlacha conarthaí cosanta sonraí. Na soiléirithe breise sin a d’fhéadfadh a bheith bunaithe go háirithe ar mhalartú faisnéise agus dea-chleachtais idir PPC agus an Coimisiún, d’fhéadfadh siad a bheith thar a bheith úsáideach toisc go mbaineann siad le gnéithe atá ábhartha go háirithe do chuideachtaí atá ag feidhmiú sa dá dhlínse.
A mhéid a bhaineann le maoirseacht agus forfheidhmiú, tugann an Coimisiún dá aire gur bhain PPC níos mó úsáide as a chumhachtaí neamh‑chomhéigneacha maidir le treoraíocht agus comhairle (Airteagal 147 APPI) ná as a chumhachtaí comhéigneacha (e.g. orduithe ceangailteacha a fhorchur, Airteagal 148 APPI) sa tréimhse tar éis ghlacadh an chinnidh leordhóthanachta. Thuairiscigh PPC freisin nach bhfuarthas aon ghearán go dtí seo maidir le comhlíonadh na Rialacha Forlíontacha, agus nach ndearnadh aon imscrúdú ar shaincheisteanna den sórt sin ar thionscnamh PPC féin. Le linn an chruinnithe athbhreithnithe, áfach, d’fhógair PPC go bhfuil sé ag féachaint, ar a thionscnamh féin, seiceálacha randamacha a dhéanamh chun comhlíonadh na Rialacha Forlíontacha a áirithiú. Is díol sásaimh don Choimisiún an fógra sin, ós rud é go measann sé go mbeadh seiceálacha randamacha den sórt sin an‑tábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaí sáruithe (féideartha) ar na Rialacha Forlíontacha a chosc agus a bhrath agus go dtabharfaí aghaidh orthu, agus ar an gcaoi sin comhlíonadh éifeachtach na rialacha sin a áirithiú. Ós rud é gur neartaíodh cumhachtaí maoirseachta PPC leis na leasuithe a rinneadh ar APPI in 2020 agus 2021, d’fhéadfadh na seiceálacha randamacha sin a bheith mar chuid d’iarracht fhoriomlán chun úsáid na gcumhachtaí sin a mhéadú.
Ar deireadh, is mór an díol sásaimh don Choimisiún gur bunaíodh pointí teagmhála tiomnaithe do dhaoine aonair ón Aontas a bhfuil ceisteanna nó ábhair imní acu maidir le próiseáil a sonraí pearsanta sa tSeapáin, bíodh sin ag oibreoirí tráchtála (Líne Fiosrúcháin) nó ag údaráis phoiblí (Líne Idirghabhála Gearán). Mar sin féin, tugann sé dá aire go luaitear ar leathanach gréasáin an Líne Fhiosrúcháin go bhfuil sé ar fáil i ‘Seapáinis amháin’, ar dócha go gcuirfeadh sé daoine aonair ón Aontas ó úsáid a bhaint as an tsaoráid seo, cé gur mhínigh PPC go bhfuil cúnamh ar fáil i mBéarla i bprionsabal. Tuigeann an Coimisiún go mbreithneoidh PPC bealaí chun inrochtaineacht na bpointí teagmhála sin do mhuintir na hEorpa a éascú, lena n‑áirítear tríd an bpointe sin a shoiléiriú.
3.CONCLÚID
Bunaithe ar na torthaí foriomlána a rinneadh mar chuid den chéad athbhreithniú seo, is é conclúid an Choimisiúin go leanann an tSeapáin de leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta ón Aontas Eorpach a aistrítear chuig oibreoirí gnó sa tSeapáin a láimhseálann faisnéis phearsanta faoi réir APPI arna chomhlánú ag na Rialacha Forlíontacha, mar aon leis na huiríll, na dearbhuithe agus na gealltanais oifigiúla atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gcinneadh. Sa chomhthéacs sin, aithníonn seirbhísí an Choimisiúin an comhar den scoth, agus an t‑athbhreithniú á dhéanamh, le húdaráis na Seapáine agus go háirithe le PPC, agus is mór acu é.
I bhfianaise an toraidh sin ar an athbhreithniú agus i gcomhréir le haithris 181 den chinneadh leordhóthanachta, measann an Coimisiún nach gá an timthriall dhá bhliain a choinneáil ar bun le haghaidh athbhreithnithe amach anseo agus measann sé, dá bhrí sin, gur iomchuí bogadh go timthriall ceithre bliana de bhun Airteagal 45(3) RGCS. Rachaidh sé i gcomhairle, dá réir sin, leis an gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 93(1) RGCS.
An tráth céanna, d’fhéadfadh neartú gnéithe áirithe de chreat na Seapáine cuidiú le tuilleadh feabhais a chur ar na coimircí a leagtar amach in APPI agus sna Rialacha Forlíontacha. Chuige sin, molann an Coimisiún an méid a leanas:
1.Is díol sásaimh don Choimisiún an úsáid a bheartaíonn PPC a bhaint as seiceálacha randamacha chun comhlíonadh na Rialacha Forlíontacha a áirithiú agus spreagann sé an úsáid sin freisin. Ós rud é go measann sé go mbeadh seiceálacha randamacha den sórt sin an‑tábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaí sáruithe (féideartha) ar na Rialacha Forlíontacha a bhrath agus go dtabharfaí aghaidh orthu, agus go n‑áiritheofaí leis sin comhlíonadh éifeachtach na rialacha.
2.Is díol sásaimh don Choimisiún gur fhoilsigh PPC treoirlínte nuashonraithe maidir le haistrithe idirnáisiúnta, ós rud é go gcuirfidh siad le hinrochtaineacht rialacha APPI maidir leis an ábhar sin agus go ndéanfaidh siad na rialacha sin níos soláimhsithe don úsáideoir. I gcás inarb ábhartha, ba cheart na ceanglais shonracha a eascraíonn as na Rialacha Forlíontacha a mhíniú sna treoirlínte sin (nó in ábhar treorach eile), lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le scéim deimhniúcháin Chóras CBPR APEC a eisiamh i gcás aistriú ar aghaidh sonraí pearsanta a fuarthas ón Aontas Eorpach ar dtús.
3.Le linn an athbhreithnithe, pléadh conas a d’fhéadfaí rochtain níos fearr a thabhairt d’eachtrannaigh ar Líne Fiosrúcháin/Idirghabhála PPC maidir le ceisteanna agus gearáin ó dhaoine aonair. Sa chomhthéacs sin, bheadh sé tábhachtach a shoiléiriú ar an suíomh gréasáin tiomnaithe go bhfuil cúnamh ar fáil i mBéarla i bprionsabal.
Leis an athbhreithniú, bhíothas in ann réimsí a shainaithint le haghaidh comhar féideartha amach anseo. Mar a tugadh le fios, ní chuireann PPC treoir ar fáil faoi láthair maidir le hábhar molta (ó thaobh coimircí de) ‘beart coibhéiseach’ a úsáidtear le haghaidh aistrithe idirnáisiúnta sonraí, bíodh sé sin i bhfoirm treoirlínte nó i bhfoirm samhlacha conarthaí cosanta sonraí. I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na gclásal samhla agus a gcumais mar uirlis dhomhanda le haghaidh aistrithe sonraí, mar a d’aithin G7 agus ECFE, léirigh an Coimisiún go bhfuil spéis aige i gcomhar leis an tSeapáin amach anseo maidir le clásail den sórt sin a fhorbairt. Réimse eile a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún a fhiosrú le PPC is ea raon feidhme an chinnidh leordhóthanachta a leathnú thar aistrithe idir oibreoirí tráchtála.
Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chreat cosanta sonraí na Seapáine agus ar an gcleachtas iarbhír. I ndáil leis an méid sin, tá sé ag tnúth le malartuithe
amach anseo le húdaráis na Seapáine maidir le forbairtí a bhaineann leis an gcinneadh, chomh maith le comhar a neartú a thuilleadh ar an leibhéal idirnáisiúnta tráth a bheidh méadú ag teacht ar an éileamh ar chaighdeáin dhomhanda maidir le príobháideachas agus sreabha sonraí.