EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0173

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh ar ghás

COM/2023/173 final

An Bhruiséil,20.3.2023

COM(2023) 173 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh ar ghás

{SWD(2023) 63 final}


I.Réamhrá

Le linn 2022, d’úsáid an Rúis soláthairtí gáis mar arm polaitiúil. Sa chomhthéacs sin, ghlac an tAontas i mí Lúnasa 2022 Rialachán éigeandála (AE) 2022/1369 ón gComhairle chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú 15 % ar bhealach comhordaithe chun slándáil an tsoláthair a áirithiú.

De réir Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, ní mór do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an t‑éileamh ar ghás a laghdú 15 %, rud a thiocfaidh chun bheith éigeantach i gcás ina ndearbhaítear foláireamh ón Aontas. Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit a bpleananna éigeandála, mar a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán iad, a thabhairt cothrom le dáta chun na bearta a cuireadh chun feidhme a léiriú agus chun an laghdú ar éileamh a baineadh amach a thuairisciú do Eurostat gach dara mí. Foráiltear in Airteagal 9 go mbeidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, agus ar an mbonn sin féadfaidh an Coimisiún a mholadh go gcuirfí síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm an Rialacháin. I nDoiciméad Inmheánach Oibre SWD/2023/63 a ghabhann leis, cuireann an Coimisiún anailís ar fáil ar na laghduithe ar an éileamh ar ghás ó bhí mí Lúnasa 2022 ann, anailís chás-bhunaithe ar réamh-mheastacháin líonta stóras faoi shíntí éagsúla féideartha chun an t‑éileamh a laghdú agus mionanailís dhomhain ar laghduithe roimhe seo agus ar rioscaí ar an taobh thuas agus ar an taobh thíos le haghaidh 2023-2024.

Pléadh an tábhar leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis 1 , lena náirítear ionadaithe ó na Ballstáit agus ó chomhlachais Eorpacha a dhéanann ionadaíocht do sholáthraithe, d’oibreoirí bonneagair, do thrádálaithe agus do phríomhthomhaltóirí an gháis. Léirigh comhaltaí an Ghrúpa Comhordaithe Gáis le linn a chruinnithe an 16 Feabhra a dtuiscint ar an tábhacht a bhaineann le laghdú leanúnach ar an éileamh mar bheart atá anéifeachtach ó thaobh costais de chun slándáil an tsoláthair a chaomhnú agus a neartú.

II.Na bearta a rinneadh agus an laghdú ar an éileamh a baineadh amach

Ó glacadh Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, d’éirigh leis an Aontas éagsúlú a dhéanamh chun imeacht ó ghás na Rúise 2 agus a éileamh ar ghás a laghdú 19 % ó mhí Lúnasa 2022 go mí Eanáir 2023, i gcomparáid le meán na 5 bliana roimhe sin le linn na tréimhse céanna, is é sin 41,5 bcm. Taispeánann Table 2 (féach an Iarscríbhinn) go raibh éagsúlú sa laghdú ar éileamh ó mhí go mí, agus ó Bhallstát go Ballstát, rud a léiríonn na himthosca náisiúnta éagsúla. I gcás foláireamh ón Aontas, léiríonn na díolúintí ón laghdú éigeantach ar éileamh, mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, na himthosca náisiúnta éagsúla sin freisin.

Tá na leibhéil stórála atá ann faoi láthair sách ard don tráth seo bliana, tháinig laghdú leanúnach ar phraghsanna gáis ó bhuaicphointí mhí Lúnasa (cé go bhfuil siad fós i bhfad níos airde ná an meán fadtéarmach), agus áirithítear slándáil an tsoláthair don chuid eile den gheimhreadh seo, is é sin geimhreadh 2022/2023. Léireofar i Roinn III, áfach, go bhfuil margadh gáis an Aontais fós teann agus nach dócha go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n‑oibleagáid 90 % a stóráil faoin 31 Deireadh Fómhair gan aon laghdú ar an éileamh ar ghás tar éis an 31 Márta, rud a chuirfidh slándáil an tsoláthair i mbaol le linn gheimhreadh 2023/2024, agus d’fhéadfadh ganntanas gáis nó filleadh ar phraghsanna gáis an-ard a bheith ann.

Figure 1 , léirítear ann ídiú gáis an Aontais ó mhí Lúnasa 2022 go mí Eanáir 2023 (an líne ghlas; ‘Iarbhír’) i gcomparáid le meán na tréimhse céanna le linn na 5 bliana roimhe sin (an líne ghorm; ‘Tagairt’) agus an sprioc laghdaithe 15 % (an líne dhearg; ‘Sprioc’) mar a sainmhíníodh í le haghaidh na tréimhse ó mhí Lúnasa 2022 go mí an Mhárta 2023, agus mar a bheadh feidhm aici de réir an togra seo maidir leis na míonna eile. Léiríonn Figure 1 freisin go nídítear i bhfad níos mó gáis sa gheimhreadh ná sa samhraidh. Go deimhin, bíonn thart ar leath an éilimh i Ráithí 2 agus 3 agus a bhíonn i Ráithí 1 agus 4.

Figiúr 1: An t‑ídiú tagartha, an sprioc maidir le hídiú (i.e., tagairt -15 %) agus an t‑ídiú iarbhír (mí Lúnasa 2022 – mí Eanáir 2023); AE27 (bcm)

Foinse: Ríomhanna ENER/CET ar bhonn shraith NRG_CB_GASM Eurostat, foshraith IC_CAL_MG in mcm ón 7 Márta 2023, 11:00 ar aghaidh.

Earnálacha

Chun anailís dhomhain a dhéanamh ar an éileamh ar ghás a laghdú, is gá éileamh na hearnála ar ghás a fhoilsiú go minic. Faoi láthair, ní thuairiscíonn Eurostat ídiú gáis de réir earnáil an éilimh 3 ach ar bhonn bliantúil, le moill bliana. Dá bhrí sin, ní féidir miondealú iontaofa a dhéanamh ar an laghdú ar ghás de réir earnála ná miondealú de réir laghduithe struchtúracha i gcoinne laghduithe neamhstruchtúracha ar bhonn tacar sonraí oifigiúil lena gcumhdaítear an tAontas ar fad.

Measann an Coimisiún 4 , agus sonraí cúnta á núsáid aige, go raibh an laghdú teaghlaigh freagrach as thart ar 50 % le linn na tréimhse ó mhí Lúnasa go mí na Nollag 2022 agus go raibh earnáil an tionscail freagrach as 43 %, agus nach raibh laghdú earnáil na cumhachta freagrach ach as 7 % den laghdú foriomlán ar an éileamh ar ghás, mar gheall ar infhaighteacht íseal hidreachumhachta agus acmhainneachta núicléiche 5 . Bhí earnáil an tionscail freagrach as an gcuid is mó den laghdú ar an éileamh sa samhradh agus san fhómhar, agus bhí teaghlaigh freagrach as an gcuid is mó den laghdú ar an éileamh (agus den tomhaltas) sa gheimhreadh. Measaimid gurbh í an teocht a spreag thart ar an séú cuid den laghdú iomlán, rud a chiallaíonn gur féidir é a chur i leith geimhreadh (luath) níos séimhe ná sa tréimhse thagartha, a chomhfhreagraíonn do 5 bcm as laghdú iomlán 30 bcm idir mí Lúnasa agus mí na Nollag.

Bearta na mBallstát a thuairiscítear sna Pleananna Éigeandála

Sonraítear in Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi bhearta um laghdú ar an éileamh arna gcur chun feidhme, trína bpleananna éigeandála a thabhairt cothrom le dáta. Chuir formhór na mBallstát an Coimisiún ar an eolas faoina bPleananna Éigeandála arna dtabhairt cothrom le dáta.

De réir na bpleananna arna dtabhairt cothrom le dáta, cumhdaíonn na bearta gearrthéarmacha dhá phríomhchineál beart: (1) feachtais faisnéise maidir le laghdú ar ghás agus (2) bearta chun téamh agus fuarú a laghdú.

·Chuir formhór na mBallstát feachtais chumarsáide chun feidhme. I gcásanna áirithe, cuireann na feachtais le feasacht ar scéimeanna fóirdheontais atá ann cheana maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, ar scéimeanna iad a dhírítear den chuid is mó ar theaghlaigh agus ar FBManna.

·Teorannú teochta: cuimsítear i bhformhór na bpleananna srianta ar théamh agus fuarú i bhfoirgnimh phoiblí; leathnaíonn roinnt Ballstát an teorainn seo chun oifigí agus siopaí a chumhdach.

·D’fhorchuir roinnt Ballstát teorainneacha soilsithe, a bhaineann le foirgnimh phoiblí agus séadchomharthaí de ghnáth, ach i gcásanna áirithe le fuinneoga siopaí freisin.

Maidir le bearta meántéarmacha, thug na Ballstáit fógra faoi bhearta malartaithe breosla, faoi fhóirdheontais chun athchóiriú fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh nó faoi athsholáthar fearas neamhéifeachtach. Mar bhearta fadtéarmacha, is minic a chuireann na Ballstáit tacaíocht dhíreach ar fáil do chustaiméirí a bhfuil fóirdheontais nó ciorruithe cánach i gceist leo chun imscaradh foinsí in-athnuaite, teaschaidéal nó éifeachtúlacht fuinnimh a éascú (trí iniúchtaí freisin, mar shampla).

III.Ionchas le haghaidh an gheimhridh seo chugainn

Cé gur laghdaigh an tAontas an téileamh go rathúil idir mí Lúnasa 2022 agus mí Eanáir 2023, agus gur éirigh leis éagsúlú a dhéanamh chun imeacht ó allmhairí ón Rúis, fiosraítear sa roinn seo an leor é sin chun aon riosca soláthair a sheachaint i ngeimhreadh 2023/2024 má théann Rialachán (AE) 2022/1369 in éag an 31 Márta 2023. Table 1 , léirítear ann na leibhéil stórála le haghaidh mhí Dheireadh Fómhair 2023 agus mhí an Mhárta 2024, faoi shíntí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann chun an téileamh a laghdú, ar bhonn na faisnéise agus na sonraí margaidh is déanaí atá ar fáil 6 .  Figure 2  , réamh-mheastar ann leibhéal líonta na stóras sna ceithre chás. Léirítear i Table 1 , i gcás nach bhfuil aon laghdú ar an éileamh ar ghás tar éis an 1 Aibreán nó nach bhfuil ach laghdú teoranta (Cásanna A nó B), nach dócha go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an oibleagáid 90 % de stórais a líonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032, agus, dá bhrí sin, nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh gheimhreadh 2023-24. Má leantar leis na laghduithe -15 % ar an éileamh ar ghás tar éis an 1 Aibreán go dtí an 31 Deireadh Fómhair, ar a laghad, is dócha go mbainfear amach an oibleagáid 90 % a stóráil (Cásanna C agus D). Le síneadh a cuireadh leis an laghdú ar an éileamh ar ghás go dtí an 31 Márta 2024, laghdaíodh na rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair ar bhealach cinntitheach le haghaidh gheimhreadh 2024/2025.

Sa tuarascáil uaithi an 12 Nollaig 2022 7 , mheas an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) go bhféadfadh bearna sa soláthar tarlú in 2023 mura ndéantar gníomhaíochtaí breise chun gás a shábháil.

Tábla 1: Leibhéil stórála mhíosúla ag brath ar shíneadh a chur leis an laghdú ar éileamh

Toimhdí an cháis Méid i stóras (bcm) ag deireadh:

Mí Dheireadh Fómhair 2023

Mí an Mhárta 2024

A: Gan síneadh

69

0

B: Síneadh le haghaidh na tréimhse ó mhí Lúnasa 2023 go mí an Mhárta 2024

80

28

C: Síneadh le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin 2023 go mí Dheireadh Fómhair 2023

95

9

D: Síneadh bliana le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin 2023 go mí an Mhárta 2024

95

43

 Foinse: Ríomhanna ENER/CET.

·Cás A: Gan síneadh: Mura ndéanfaí aon laghdú ar an éileamh, ní bhainfeadh na leibhéil stórála ach 69 bcm amach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, go mór faoi bhun na hoibleagáide 90 % a stóráil (89,4 bcm). Ina theannta sin, bheadh na leibhéil stórála ídithe go hiomlán faoi mhí Feabhra 2024, rud a chiallódh go mbeadh imní an-mhór ann maidir le slándáil an tsoláthair le haghaidh gheimhreadh 2024/2025.

·Cás B: Síneadh 8 mí le haghaidh na tréimhse ó mhí Lúnasa 2023 go mí an Mhárta 2024: Sa chás seo líonfaí na stórais rómhall, gan ach 80 bcm á mbaint amach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, go mór faoi bhun na hoibleagáide 90 % a stóráil (89,4 bcm). Ina theannta sin, thitfeadh na leibhéil stórála faoi bhun 30 % (28 bcm) faoi dheireadh an gheimhridh seo chugainn (28 % ag deireadh mhí an Mhárta 2024), rud a d’fhágfadh go mbeadh imní mhór ann maidir le slándáil an tsoláthair agus go mbeadh sé deacair stórais a líonadh go leordhóthanach le haghaidh an gheimhridh ina dhiaidh sin, is é sin geimhreadh 2024/2025.

·Cás C: Síneadh 7 mí le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2023: Sa chás seo líonfaí na stórais go leordhóthanach faoi dheireadh an tsamhraidh seo, 95 % (95 bcm) á mbaint amach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus an oibleagáid 90 % a stóráil á baint amach (89,4 bcm). Mar sin féin, toisc go mbíonn an téileamh fiú i ngnáthgheimhreadh dhá oiread níos airde ná an téileamh le linn an tsamhraidh, bheadh na stórais laghdaithe go hiomlán beagnach faoi dheireadh an gheimhridh seo chugainn (9 bcm faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024). Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil imní an-mhór ann maidir le slándáil an tsoláthair agus fágann sé go bhfuil sé an-deacair stórais a líonadh go leordhóthanach le haghaidh an gheimhridh ina dhiaidh sin, is é sin geimhreadh 2024/2025.

·Cás D: Síneadh bliana le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin 2023 go mí an Mhárta 2024: Le laghdú leanúnach 15 % ar an éileamh, bhainfeadh na leibhéil stórála 95 bcm amach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus an oibleagáid 90 % a stóráil á baint amach (89,4 bcm). Thart ar 43 bcm faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024 a bheadh sna leibhéil stórála.

Figiúr 2: Leibhéil stórála mhíosúla ag brath ar shíneadh a chur leis an laghdú ar éileamh


Foinse: Ríomhanna ENER/CET.

Thairis sin, agus an anailís a rinneadh roimhe seo i Figure 1 agus Table 1 á comhlánú, is ann do roinnt fachtóirí agus rioscaí don bhliain seo agus don chéad gheimhreadh eile a d’fhéadfadh méadú a dhéanamh ar ídiú gáis 8 . Ina measc sin tá téarnamh féideartha san éileamh domhanda ar GNL (féidearthacht theoranta ós rud é gurb é an tAontas fós an margadh préimhe 9 ), téarnamh san éileamh tionsclaíoch ar ghás agus an tathrú ó ghás go gual a aisiompú (an dá rud mar thoradh ar phraghsanna gáis níos ísle in 2023), dálaí aimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don éileamh ar théamh sa gheimhreadh 10 ,, agus giniúint íseal núicléach agus hidreachumhachta (mar gheall ar thriomaigh), chomh maith le tuilleadh bristeacha sa soláthar gáis. Faoi láthair tá acmhainneacht núicléach na Fraince faoi bhun na hinfhaighteachta in 2022, tá leibhéil uisce san Iodáil ag leibhéil 2022, rud a léiríonn giniúint chomh híseal céanna hidreachumhachta, agus bhí athrú ó ghás go gual cheana féin sna chéad seachtainí de 2023 mar thoradh ar phraghsanna ísle gáis (féach roinn IV.3 de SWD/2023/63). Má thagann na rioscaí sin i gcrích a thuilleadh, cuirfidh siad srian ar mhargadh gáis an domhain agus na hEorpa agus d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh do líonadh na saoráidí stórála faoi thalamh a theastaíonn le haghaidh gheimhreadh 2023-2024, do leibhéil na bpraghsanna gáis agus do luaineacht na bpraghsanna sin.

IV.Amach romhainn

D’ainneoin feabhsuithe suntasacha ó bhí mí Lúnasa 2022 ann, tá staid an mhargaidh gáis dhomhanda fós teann in 2023. D’fhéadfadh roinnt tosca (an aimsir, na hallmhairí ón Rúis atá fágtha, infhaighteacht foinsí leictreachais malartacha agus tuilleadh ganntanais i margaí GNL domhanda) séasúr líonta stóras 2023 a dhéanamh deacair. Rud atá tábhachtach, murab ionann agus an séasúr líonta roimhe sin, maidir le líonadh stóras 2023 ní féidir brath ar na 60 bcm de ghás ó phíblíne na Rúise a allmhairíodh isteach san Aontas fós in 2022. Chun teorainn a chur leis na rioscaí do chinnteacht an tsoláthair agus na tionchair chomhfhreagracha ar an margadh, tá gá le laghdú leanúnach ar an éileamh. Chun cinneadh a dhéanamh an ndéanfar an laghdú sin ar an éileamh ar ghás san Aontas a áirithiú agus conas é a áirithiú, tá tábhacht ar leith leis na breithnithe seo a leanas:

1)Tá an soláthar domhanda gáis nádúrtha fós teann. Tháinig laghdú ar an sciar de ghás ó phíblíne na Rúise ina allmhairí iomlána de chuid an Aontais ó 49 % roimh mhí Eanáir 2022, go dtí níos lú ná 10 % i mí Eanáir 2023. In 2022, le linn an tséasúir athlíonta, bhí allmhairí ó phíblíne na Rúise i bhfad níos airde ná mar a bhfuil coinne leis in 2023. Dá bhrí sin, tá gá le héileamh a laghdú i bhfianaise na soláthairtí laghdaithe sin ón Rúis.

2)Laghdódh laghdú ar an éileamh luaineacht na bpraghsanna. Cé go ndearnadh na tionchair eacnamaíocha is measa a sheachaint in 2022, tá na margaí gáis domhanda fós an-srianta in 2023. Bhain praghsanna gáis buaiceanna stairiúla amach in 2022 le praghas uasta os cionn EUR 320/MWh an 26 Lúnasa agus tá siad faoi bhun EUR 45/MWh, ach fós ag leibhéal a dhá oiread níos airde ná an norm stairiúil. Le linn chruinniú an Ghrúpa Comhordaithe Gáis an 16 Feabhra 2023, d’aithin ionadaithe na mBallstát chomh maith le comhlachais gáis an ról bunúsach atá ag laghdú ar an éileamh chun an brú ar mhargadh teann a laghdú agus chun srian a chur le luaineacht na bpraghsanna gáis.

3)Ba cheart leanúint den mheon dlúthpháirtíochta céanna a bhí ann agus Rialachán (AE) 2022/1369 á chur i bhfeidhm. Ní leor an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh mórsholáthraí gáis a mhaireann níos mó ná 30 lá. Mar thoradh ar shuaitheadh fadtéarmach, d’fhéadfadh baol a bheith ann go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíocht neamh-chomhordaithe, rud a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair sna Ballstáit chomharsanachta a chur i mbaol agus ualach breise a chur ar earnáil an tionscail, ar thomhaltóirí agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh san Aontas. Cé go bhfuil roinnt Ballstát níos neamhchosanta ar shuaitheadh ná Ballstáit eile, dhéanfadh aon deacracht nó ganntanas sa soláthar gáis dochar do gheilleagair na mBallstát ar fad.

4)Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Sábháil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’ an 20 Iúil 2022, tá sé níos saoire ar shaoránaigh agus ar earnáil an tionscail leanúint de laghdú réamhghníomhach a dhéanamh ar an éileamh ar bhealach comhréireach atá inláimhsithe go follasach ná aghaidh a thabhairt ar chiorruithe neamh-chomhordaithe níos déanaí.

5)Tá laghdú -15 % ar an éileamh ag teacht leis an oibleagáid 90 % a stóráil: Léiríonn Cásanna C agus D go bhfuil laghdú -15 % ar an leibhéal uaillmhéine ag tosú ón 1 Aibreán 2023 iomchuí agus riachtanach, agus cuireann siad ar chumas an Aontais an oibleagáid 90 % a stóráil a bhaint amach ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, lena náirítear an fhéidearthacht go dtarlódh rioscaí measartha ar an taobh thíos (e.g. soláthar GNL laghdaithe, leibhéil ísle hidreachumhachta nó aimsir atá measartha níos fuaire ná an meán).

6)Tá sé práinneach leanúint den laghdú ar an éileamh ar ghás chun cinnteacht a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh. Rachaidh an rialachán atá ann faoi láthair in éag an 31 Márta 2023, ag deireadh shéasúr an gheimhridh. Má leantar leis an iarracht ar laghdú a dhéanamh ón 1 Aibreán, tabharfar soiléireacht agus seachnófar teachtaireachtaí ann as maidir le dreasachtaí.

7)Síneadh leis an laghdú ar an éileamh ar ghás chun 12 mhí a chumhdach, sin é an taon rud a áiritheoidh líonadh leordhóthanach stóras le linn an tsamhraidh chun an rialachán maidir le stóráil a chomhlíonadh agus slándáil an tsoláthair an geimhreadh seo chugainn, mar a chuirtear i láthair i roinn III. Os a choinne sin, dá gcuirfí síneadh leis an tréimhse laghdaithe ó mhí Lúnasa go mí an Mhárta, ní bheadh dóthain ama ann chun stórais a líonadh chuig an leibhéal iomchuí de 90 %, agus bheadh imní ann maidir le slándáil an tsoláthair i dtreo dheireadh an gheimhridh seo chugainn mar thoradh air sin. D’ídeodh aimsir fhuar aisti féin stórais go hiomlán nach mór faoin 31 Márta 2024. De rogha air sin, le síneadh ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair, bheadh stórais laghdaithe go hiomlán nach mór faoin 31 Márta 2024, fiú gan teochtaí fuara agus gan aon cheann de na rioscaí eile ar an taobh thíos a bheith ann. Is é sin le rá, d’fhéadfadh síntí níos giorra ná 12 mhí a bheith ina gcúis le scaollcheannach, Ballstáit ag ceantáil ar a chéile (gan tuilleadh soláthairtí gáis ag teacht chuig margadh an Aontais), praghsanna arda agus ganntanais fhéideartha. Is féidir anailís níos mionsonraithe a fháil i roinn VI de SWD/2023/63.

8)Le tréimhse níos faide, tugtar níos mó solúbthachta chun leathadh na niarrachtaí an téileamh a laghdú le himeacht ama a bharrfheabhsú. Laghdódh sé an fhéidearthacht go háirithe go dtarlódh arduithe tobanna ar phraghsanna agus, dá bhrí sin, chuirfí teorainn leis an gcostas ar na Ballstáit as na méideanna céanna gáis a cheannach. Dá bhrí sin, le síneadh le tréimhse laghdaithe 12 mhí is féidir níos mó solúbthachta a bheith ann chun freastal ar na saintréithe éagsúla idir na Ballstáit, ós rud é go mbíonn sé níos éasca ar roinnt Ballstát an téileamh a laghdú sa samhradh (tús-ualú) agus go mbíonn sé níos éasca ar Bhallstáit eile an téileamh a laghdú sa gheimhreadh (siarchoinneáil). Ina theannta sin, cheadódh sé solúbthacht idir earnálacha: ós rud é go mbíonn an téileamh san earnáil chónaithe íseal sa samhradh, chuirfeadh síneadh ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair an tualach go díréireach ar earnáil an tionscail agus ar an earnáil cumhachta nach bhfuil chomh solúbtha céanna, rud atá ag brath ar fhoinsí cumhachta malartacha a bheith ar fáil.

9)Mar gheall ar an bhfaireachán 2 mhí agus an easpa tuairiscithe níos earnálaí le linn na tréimhse cur chun feidhme ó mhí Lúnasa 2022 go mí an Mhárta 2023, ní thuigtear go hiomlán cineál agus dáileadh earnálach na laghduithe sin ar an éileamh. Chuir sé sin teorainn le cumas an Choimisiúin agus na mBallstát na leochaileachtaí earnála agus na coigiltis a d’fhéadfadh a bheith ann (cumhacht, tionscal, cónaitheoirí agus seirbhísí) a shainaithint agus, dá bhrí sin, bearta níos costéifeachtaí a cheapadh.

 

V.IARSCRÍBHINN

I Table 2  déantar achoimre ar laghduithe míosúla ar an éileamh ar ghás i gcomparáid leis an tréimhse thagartha. Léirítear ann gur bhain bearta deonacha éilimh amach an cuspóir maidir le laghdú 15 % idir mí Lúnasa 2022 agus mí Eanáir 2023. Thart ar 41,5 bcm atá i laghdú 19,2 % an Aontais, i gcomparáid le sprioc 15 % de thart ar 32,5 bcm le haghaidh na 6 mhí sin agus sprioc de thart ar 45,3 bcm le haghaidh na tréimhse ó mhí Lúnasa 2022 go mí an Mhárta 2023.

Tábla 2: Laghduithe ar an éileamh ar ghás ó mhí Lúnasa 2022 go mí Eanáir 2023

Ballstát

Lúnasa

Meán Fómhair

Deireadh Fómhair

Samhain

Nollaig

Eanáir

Lúnasa-Eanáir

AE27

-13,5 %

-14,0 %

-24,4 %

-25,0 %

-12,4 %

-22,2 %

-19,2 %

An Ostair

-26,7 %

-11,3 %

-24,0 %

-16,9 %

-13,6 %

-23,9 %

-19,2 %

An Bheilg

-1,0 %

-6,0 %

-20,5 %

-29,7 %

-9,8 %

-18,3 %

-16,0 %

An Bhulgáir

-14,9 %

-17,8 %

-32,7 %

-21,2 %

-21,8 %

-29,4 %

-23,9 %

An Chróit

-21,7 %

-23,1 %

-20,0 %

-25,6 %

-27,6 %

-24,2 %

-24,1 %

An Chipir

-

-

-

-

-

-

-

An tSeicia

-15,0 %

-9,1 %

-22,9 %

-18,8 %

-10,9 %

-24,0 %

-17,7 %

An Danmhairg

-21,7 %

-23,3 %

-31,1 %

-33,4 %

-13,7 %

-26,5 %

-24,9 %

An Eastóin

-37,1 %

-31,7 %

-46,9 %

-32,3 %

-32,4 %

-38,0 %

-36,2 %

An Fhionlainn

-35,7 %

-57,4 %

-62,6 %

-58,3 %

-65,1 %

-63,1 %

-58,5 %

An Fhrainc

1,6 %

-2,5 %

-27,8 %

-29,3 %

-8,3 %

-19,2 %

-17,1 %

An Ghearmáin

-28,0 %

-14,7 %

-28,6 %

-28,3 %

-4,7 %

-18,6 %

-19,4 %

An Ghréig

4,5 %

-26,3 %

-42,0 %

-23,0 %

-12,6 %

-36,7 %

-22,7 %

An Ungáir

-18,7 %

5,0 %

-33,9 %

-19,8 %

-17,5 %

-27,4 %

-21,0 %

Éire

11,3 %

2,1 %

-8,8 %

-10,3 %

9,5 %

-4,3 %

-0,3 %

An Iodáil

-5,2 %

-14,0 %

-19,8 %

-22,7 %

-18,5 %

-22,7 %

-18,6 %

An Laitvia

-42,6 %

-52,7 %

-72,7 %

-15,2 %

0,9 %

-37,0 %

-31,8 %

An Liotuáin

-43,6 %

-45,0 %

-50,8 %

-46,0 %

-11,9 %

-51,5 %

-40,5 %

Lucsamburg

-36,4 %

-26,1 %

-35,5 %

-33,2 %

-17,5 %

-25,0 %

-27,7 %

Málta

4,6 %

-1,1 %

-11,2 %

43,6 %

27,0 %

21,9 %

+12,1 %

An Ísiltír

-29,7 %

-32,6 %

-33,3 %

-35,1 %

-17,5 %

-32,2 %

-29,5 %

An Pholainn

-26,7 %

-25,4 %

-23,7 %

-8,3 %

-5,3 %

-12,0 %

-14,9 %

An Phortaingéil

-10,7 %

-17,0 %

-12,0 %

-8,9 %

-18,6 %

-34,9 %

-17,1 %

An Rómáin

-25,2 %

-20,7 %

-27,5 %

-21,8 %

-15,9 %

-21,0 %

-21,2 %

An tSlóvaic*

10,6 %

5,5 %

2,1 %

-2,7 %

23,6 %

-7,8 %

+4,6 %

An tSlóivéin

-13,7 %

-10,9 %

-22,2 %

-11,7 %

-12,4 %

-14,7 %

-14,2 %

An Spáinn

2,6 %

0,7 %

-6,2 %

-21,8 %

-24,4 %

-23,9 %

-13,7 %

An tSualainn

-27,3 %

-35,7 %

-41,8 %

-51,0 %

-38,0 %

-41,9 %

-40,2 %

Nóta: Athrú ar ídiú gáis in 2022 i gcomparáid le meán 2017-2021. Ní úsáidtear gás nádúrtha sa Chipir.

Foinse: Ríomhanna ENER/CET ar bhonn shraith NRG_CB_GASM Eurostat, foshraith IC_CAL_MG in TJ (GCV) ón 7 Márta 2023, 11:00 ar aghaidh.

* Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar shonraí Eurostat i dtaobh na Slóvaice.

(1)

  An Clár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (europa.eu)

(2)

In 2022, tháinig laghdú 47 % ar sholáthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas ó 152 bcm in 2021 go 80 bcm. Ba iad na Stáit Aontaithe, a mhéadaigh a n‑onnmhairí ó 21 bcm go 50 bcm, agus an Ríocht Aontaithe, a mhéadaigh a soláthairtí ó 6 bcm go 24 bcm, a chuir soláthairtí ina n‑ionad den chuid is mó. Tháinig tuilleadh méaduithe ar an soláthar gáis chuig an Aontas ón Iorua (+10 bcm), ón Asarbaiseáin (+3 bcm), ó Chatar (+2 bcm) agus ó Oileán na Tríonóide agus Tobága (+1 bcm).

(3)

Is í giniúint cumhachta an t‑aon earnáil a bhfuil sonraí oifigiúla Eurostat ar fáil di; laghdú 2,1 % idir mí Lúnasa 2022 agus mí Eanáir 2023 ar bhonn shraith NRG_CB_GASM Eurostat, foshraith TI_EHG_MAP in TJ (GCV) ón 7 Márta 2023, 11:00 ar aghaidh.

(4)

Ard-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde

(5)

Agus úsáid á baint as tréimhsí tagartha éagsúla, sa réamhanailís le Bruegel (2023) agus le IEA (2023), ina n‑úsáidtear sonraí cúnta, meastar méideanna comhchosúla.

(6)

Toimhdí:

-Leibhéil stórála ón 7 Márta 2023 ar aghaidh (58,5 bcm ag deireadh an 5 Márta).

-Soláthar píblíne neamh-Rúiseach cothrom le meán na 7 mí dheireanacha in 2022.

-Tá soláthar GNL cothrom le meán na 7 mí dheireanacha in 2022, móide 15 bcm/a (1,25 bcm/mí) ó mhí Aibreáin 2023.

-Gan aon ghás ón Rúis trí phíblíne.

-Meánéileamh na tréimhse tagartha, agus laghduithe céatadáin á gcur i bhfeidhm mar a luaitear.

-Onnmhairí chuig an Eilvéis mar a bhí in 2021 (na sonraí is déanaí atá ar fáil; 2,2 bcm/a, 1/3 de sa samhradh agus 2/3 sa gheimhreadh).

-Onnmhairí 0,5 bcm/mí chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv.

(7)

IEA (2022): Conas Ganntanais Gháis a sheachaint san Aontas Eorpach in 2023. Sraith phraiticiúil gníomhaíochtaí chun bearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir an soláthar agus an téileamh a dhúnadh, Conas Ganntanais Gháis a Sheachaint san Aontas Eorpach in 2023 – Anailís - IEA  

(8)

 IEA (2022): Conas Ganntanais Gháis a sheachaint san Aontas Eorpach in 2023. Sraith phraiticiúil gníomhaíochtaí chun bearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir an soláthar agus an téileamh a dhúnadh, Conas Ganntanais Gháis a Sheachaint san Aontas Eorpach in 2023 – Anailís - IEA

(9)

Ní théann páirtithe eile sa mhargadh domhanda san iomaíocht os cionn leibhéal áirithe praghsanna gáis nádúrtha ós rud é go n‑athraíonn siad go breoslaí eile.

(10)

Dar le ENTSOG, dá dtarlódh geimhreadh an-fhuar ar dhóchúlacht 5 % thiocfadh méadú 24 bcm ar an éileamh. Féach Figiúr 1 (le laghdú measta 15 % ar an éileamh) in ionchas soláthair geimhridh ENTSOG 2022/2023, le fáil ag: https://entsog.eu/sites/default/files/2022-10/SO0038-22_Winter%20Supply%20Outlook_2022-23_2.pdf . Tá sé sin i gcomhréir le ríomhanna ENER/CET de 28 bcm éileamh breise le haghaidh na bliana ar fad i gcás nach gcuirtear an laghdú 15 % ar an éileamh i bhfeidhm ar mheánéileamh na 5 bliana roimhe sin ach ar an éileamh is airde sa tréimhse 2014-2021 le haghaidh gach míosa (níl sonraí míosúla ar fáil le haghaidh na mblianta roimhe sin).

Top