EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0102

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe athléimneach

COM/2023/102 final

An Bhruiséil,21.2.2023

COM(2023) 102 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe athléimneach












1.Réamhrá

Clúdaíonn ár naigéan agus ár bhfarraigí 70 % de dhromchla an phláinéid agus níos mó ná 65 % de chríoch an Aontais. Tá éiceachórais shláintiúla mhuirí ríthábhachtach don bheatha ar domhan agus tá ról lárnach acu i bhfolláine an phláinéid. Tá siad ar cheann de na foinsí bithéagsúlachta agus bia is mó, rialaíonn siad an aeráid, agus is linn charbóin mhór iad ( 1 ). Chomh tábhachtach céanna, tugann siad tairbhí suntasacha sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha do phobail chósta.

De réir tuarascála a tháinig ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais( 2 ) le déanaí, tá duine as gach cúigear ar fud an domhain ag brath ar speicis fhiáine dá gcuid bia agus dá nioncam, agus is foinse mhór bia ó speicis fhiáine é an tiascach. Dá bhrí sin, tá sé níos criticiúla ná riamh na hacmhainní sin a chaomhnú trína mbainistiú ar bhealach inbhuanaithe chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Is foinse próitéine ardcháilíochta inacmhainne a bhfuil lorg carbóin sách íseal aici é iasc a bhainistítear agus a ghabhtar ar bhealach inbhuanaithe( 3 ). Tá sé ríthábhachtach don tslándáil bia ag go leor daoine agus chun an bonn eacnamaíoch atá faoi phobail iascaireachta a choinneáil ar bun. Tá sé ríthábhachtach freisin iascaireacht inbhuanaithe agus stoic éisc a bhainistítear go hinbhuanaithe a áirithiú chun bithéagsúlacht na naigéan a chosaint agus chun an tathrú aeráide a chomhrac.

Sa lá atá inniu ann, tá roinnt deacrachtaí ann don mhuirthimpeallacht, agus d’iascairí agus d’earnáil an iascaigh chomh maith. Chomh maith leis na bagairtí eiseacha ar an muirthimpeallacht de dheasca an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta mar gheall ar an iliomad brúnna antrapaigineacha, tá an earnáil ag déileáil freisin le sraith mórdhúshlán, mar gheall ar Brexit, paindéim COVID-19 agus iarmhairtí fhogha míleata neamhthrócaireach na Rúise faoin Úcráin, an dúshlán is déanaí( 4 ). Mar thoradh ar na suaití sin, cuireadh isteach go hollmhór ar an margadh, tá ganntanas amhábhar riachtanach agus tá ardú géar ar phraghsanna breosla agus beatha éisc, chomh maith leis an gcontúirt fhollasach a bhaineann le hoibríochtaí míleata agus mianaigh sa Mhuir Dhubh.

I gcomhthráth le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin láithreacha sin, ní féidir leis an Aontas dearmad a dhéanamh ar an ngá ríthábhachtach atá le hinbhuanaitheacht a chóras bia a chosaint. I gcomhréir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais( 5 ), Straitéis an Aontais um an Oiriúnú don Athrú Aeráide( 6 ) agus Straitéis an Aontais ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’( 7 ), ní mór don Aontas a áirithiú nach gcuirfidh na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as cailliúint na bithéagsúlachta i mbaol infhaighteacht na nearraí agus na seirbhísí a sholáthraíonn éiceachórais shláintiúla mhuirí d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.

Chun iascach an Aontais a dhéanamh níos athléimní, ní mór a áirithiú freisin go gcuireann siad le cosaint agus le hathchóiriú na néiceachóras muirí ar a bhfuil siad ag brath. Muirthimpeallacht shláintiúil ina bhfuil stoic éisc shláintiúla agus bithéagsúlacht shaibhir, sin é an taon bhealach a chinnteoimid go mbeidh todhchaí rathúil ag ár bpobail iascaigh sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá éiceachórais mhuirí faoi bhagairt mhéadaitheach ón athrú aeráide( 8 ) agus ó iascaireacht neamh-inbhuanaithe, neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte( 9 ). Tá brúnna eile( 10 ) nasctha freisin le gníomhaíochtaí daonna, amhail an tiompar muirí, táirgeadh fuinnimh, an turasóireacht, an talmhaíocht agus an tionsclaíocht. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dul i ngleic go comhthreomhar freisin leis na brúnna eile sin ar éiceachórais mhuirí agus ar inbhuanaitheacht na stoc éisc, lena náirítear cineálacha éagsúla truaillithe, bíodh sin ó éilleáin, ó chleachtais talmhaíochta, ó phlaistigh nó ó thorann. Tá an tAontas ag dul i ngleic leis an truailliú muirí trí roinnt tionscnamh reachtach agus beartais faoi chreat níos leithne an phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach( 11 ). Áirítear orthu sin teorainneacha a leagan síos don bhruscar muirí, don torann faoi uisce, do chothaithigh agus d’éilleáin faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus bearta cur chun feidhme chun iad a bhaint amach. Áirítear orthu freisin roinnt spriocanna maidir le laghdú ar thruailliú nialasach a leagan síos( 12 ) agus gníomhaíocht a dhéanamh chun tairbhe na muirthimpeallachta. Le rialacha an Aontais maidir le saoráidí glactha calafoirt, dreasaítear dramhaíl a iascadh go héighníomhach a sheachadadh ag calafoirt freisin( 13 ). 

Tá géarghá le dlús a chur le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun meath na néiceachóras muirí a aisiompú trí dhul i ngleic le gach brú. Mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta seo, ní mór gníomhaíocht a áireamh leis sin chun an bhainistíocht iascaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos nua-aimseartha, chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athchóiriú agus chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach dóibh( 14 ), chomh maith leis an saol mór a spreagadh agus borradh a chur faoi le go ndéanfadh sé amhlaidh( 15 ).

Tá an plean gníomhaíochta seo ina chuid d’iarrachtaí an Choimisiúin beartas comhshaoil agus comhbheartas iascaigh an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos comhsheasmhaí lena thrí cholún inbhuanaitheachta – an colún comhshaoil, an colún eacnamaíoch agus an colún sóisialta. Cuireann sé straitéis réamhbhreathnaitheach ar fáil maidir le conas an cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr maidir le bainistíocht iascaigh agus comhlánaíonn sé an Teachtaireacht maidir le feidhmiú an chomhbheartais iascaigh( 16 ) agus an Teachtaireacht maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais, dá ngairtear an tionscnamh um aistriú fuinnimh anseo feasta( 17 ).

Agus é ag tógáil ar an ngealltanas a tugadh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030, is é sin 30 % dár bhfarraigí a chosaint go dlíthiúil, ar cheart aon trian díobh a chosaint go docht, tugtar aghaidh leis ar na heasnaimh a sainaithníodh sa tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a eisíodh maidir leis an muirthimpeallacht( 18 ), trí dhíriú go háirithe ar limistéir mhuirí faoi chosaint( 19 ) agus ar bhealaí inar féidir le bainistíocht iascaigh rannchuidiú le cosaint agus athchóiriú níos éifeachtaí a dhéanamh ar a mbithéagsúlacht mhuirí, rud a chuideoidh le cuspóirí an Dlí atá beartaithe maidir le hAthchóiriú Dúlra a bhaint amach( 20 ).

Baintear leas sa phlean gníomhaíochta as aighneachtaí a rinne páirtithe leasmhara agus saoránaigh le linn an chomhairliúcháin ghinearálta( 21 ).

Tar éis an chomhaontaithe stairiúil maidir le creat nua domhanda bithéagsúlachta ar thángthas air in Montréal ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (CP-CB15), agus le linn idirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhaontuithe nua a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí maidir leis an mórmhuir a chosaint agus maidir le deireadh a chur le truailliú plaisteach, déanfar ceannaireacht dhomhanda an Aontais a chomhdhlúthú leis an bplean gníomhaíochta seo trína léiriú go ndéanann an tAontas beart de réir a bhriathair. Bhí an tAontas ag stiúradh na n‑iarrachtaí i dtreo creat bithéagsúlachta domhanda nua uaillmhianach a comhaontaíodh ag COP15. Cuideoidh an plean gníomhaíochta seo le cuid de na gealltanais dhomhanda a tugadh a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an gealltanas 30 % de na limistéir dhomhanda thalún agus mhuirí a chosaint agus 30 % de na héiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú.

Ar deireadh, tá cuspóirí an phlean gníomhaíochta seo comhsheasmhach freisin le gealltanais an Aontais a leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan( 22 ) agus leis an ngné sheachtrach den chomhbheartas iascaigh (CBI).

2.Cleachtais iascaireachta a dhéanamh níos inbhuanaithe

Sa lá atá inniu ann, tá brúnna iomadúla ar an muirthimpeallacht nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhleanúnach( 23 ). I gcomhréir le cuspóirí an chreata nua bithéagsúlachta domhanda agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 30 % de limistéar farraige na hEorpa a chosaint, is féidir leis an Aontas sciar suntasach den bhrú sin a laghdú trí limistéir mhuirí faoi chosaint nua a chruthú agus trí bhainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar na cinn atá ann cheana agus trí chleachtais iascaireachta a dhéanamh níos inbhuanaithe, lena náirítear é sin a dhéanamh trí threalaimh iascaireachta ísealtionchair a úsáid. Limistéir faoi chosaint a bhainistítear go héifeachtach, íoslaghdaíonn siad gabhálacha de thaisme speiceas íogair( 24 ), cosnaíonn siad limistéir sceite éisc agus iasclainne agus éisc óga, agus laghdaíonn siad tionchair ar ghnáthóga íogaire, go háirithe grinneall na farraige.

Na cinntí maidir le cathain, cá háit agus conas iascaireacht a dhéanamh, ní hamháin go ndéanann siad difear don spriocspeiceas, ach do chainníocht agus méid na niasc agus na foghabhála freisin, agus dá bharr sin d’inbhuanaitheacht na noibríochtaí iascaireachta. Tugadh na rialacha lena rialaítear an ghné sin den iascaireacht, dá ngairtear ‘bearta teicniúla’ de ghnáth, cothrom le dáta in 2019( 25 ). Leis na rialacha nua, soláthraítear tacar comhleanúnach beart chun cuidiú leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach agus chun cur chuige réigiúnach a ghlacadh chun an tsolúbthacht is gá a chruthú. Sa Rialachán maidir le Bearta Teicniúla tá tacar rialacha bonnlíne maidir le hiascaireacht roghnaitheach i ngach imchuach farraige. Mar shampla, sonraítear ann méideanna agus cruthanna éagsúla mogaill i líonta iascaireachta chun méideanna áirithe éisc, agus na méideanna sin amháin, a ghabháil, greillí sórtála agus painéil a ligeann do speicis áirithe éalú, nó iaimh limistéar iascaireachta atá sonrach ó thaobh suímh agus ama de, mar shampla le linn na tréimhse atáirgthe éisc( 26 ).

Roghnaíocht trealaimh a fheabhsú agus tionchar an iascaigh ar speicis íogaire a laghdú

Ceann de chuspóirí rialacha bonnlíne an Rialacháin maidir le Bearta Teicniúla is ea gabhálacha de thaisme speiceas muirí íogair a íoslaghdú agus, i gcás inar féidir, iad a dhíothú. Tá an iliomad bagairtí roimh éisc agus speicis mhuirí eile, lena n‑áirítear an ró-iascaireacht, an truailliú, agus suaitheadh nó scriosadh agus díghrádú a ngnáthóg. I gcás roinnt acu, tá an ghabháil de thaisme i dtrealamh iascaireachta ar cheann de na príomhbhagairtí. Chuir na fadhbanna sin leis an meath atá tagtha ar líon roinnt speiceas, agus cé go bhfuil an chuid is mó acu faoi dhianchosaint ag reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra, tá cuid acu fós i mbaol a ndíothaithe.

Tá speicis leochaileacha faoi bhagairt go háirithe. Áirítear orthu sin roinnt siorcanna( 27 ), turtair mhara, mamaigh mhuirí, amhail muca mara phríomh-imchuach Mhuir Bhailt agus rónta manaigh na Meánmhara, agus éanlaith mhara, amhail an chánóg Bhailéarach. Tá an baol ann go ngabhfaí gach ceann acu in iascaigh lín éighníomhaigh. Is minic freisin a ghabhtar mamaigh mhuirí i dtráil pheiligeacha mhóra, éanlaith mhara in iascaigh spiléireachta agus turtair mhara i dtráil agus i spiléir.

Mar sin féin, tá réitigh ar fáil go forleathan chun gabhálacha de thaisme a sheachaint, réitigh a bhfuil gá leo cheana féin faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus rialacha an chomhbheartais iascaigh (CBI). Áirítear orthu sin athruithe teicniúla a dhéanamh ar threalaimh iascaireachta nó an iascaireacht a shrianadh in amanna agus i limistéir ina bhfuil láithreacht an-ard speiceas íogair.

Tá sé beartaithe obair a dhéanamh, nó tá obair á déanamh cheana, lena náirítear obair trí thionscadail phíolótacha, chun cosaint níos fearr a thabhairt do speicis íogaire ar fud réigiúin mhuirí an Aontais, cé go bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine agus luais i gceist( 28 ). Mar sin féin, ní mór a thuilleadh a dhéanamh chun na gealltanais faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 a chomhlíonadh go héifeachtach.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a bheith níos uaillmhianaí agus leas iomlán a bhaint as uirlisí CBI chun bearta atá ar fáil cheana féin agus a ndearnadh measúnú eolaíoch orthu a chur chun feidhme mar ábhar práinne. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin limistéir iascaireachta áirithe a iamh go gearrthéarmach nó feistí fuaimchiaptha a shuiteáil, rud a chabhródh, de réir comhairle eolaíoch( 29 ), le téarnamh mhuca mara phríomh-imchuach Mhuir Bhailt nó deilfeanna coiteanna i mBá na Bioscáine. Cuideoidh gníomhaíocht mhear freisin le gabhálacha de thaisme éanlaithe mara i dtrealaimh iascaireachta a laghdú agus le siorcanna a chosaint( 30 ). Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chórais faireacháin chun fairsinge agus dáileadh na ngabhálacha de thaisme a shainaithint.

Príomhphrionsabal den chomhbheartas iascaigh is ea uasleibhéil táirgeachta inbhuanaithe na speiceas éisc a ndéantar saothrú tráchtála orthu a bhaint amach agus rannchuidíonn sé le dea-stádas comhshaoil líon na n‑iasc tráchtála. Is féidir é sin a dhéanamh trí ghabhálacha nó iarracht iascaireachta a theorannú agus trína áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta ardroghnaitheach, ionas nach ngabhfaidh iascairí ach speicis a ndírítear orthu agus nach ngabhfar na speicis sin ach i gcainníochtaí áirithe agus ar aoiseanna agus méideanna áirithe. Is féidir leis an iascaireacht leas a bhaint freisin as cosaint láithreán tábhachtach sceite éisc agus limistéar iasclainne, lena n‑áirítear limistéir atá faoi dhianchosaint, de réir mar a théann na stoic éisc mhéadaithe isteach i limistéir chóngaracha.

Tá a lán réiteach nua agus nuálach ar fáil anois chun feabhas breise a chur ar inbhuanaitheacht teicnící iascaireachta, amhail trealamh iascaireachta níos roghnaithí a úsáid, uirlisí faireacháin chun limistéir ina bhfuil comhchruinniú iasc óg a shainaithint, agus bearta chun limistéir den sórt sin a sheachaint( 31 ). Is gá do na Ballstáit gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéanamh chun leanúint den obair ar bhearta náisiúnta agus ar mholtaí comhpháirteacha agus chun dlús a chur leis an obair sin( 32 ) agus chun na moltaí a d’eisigh an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) a leanúint maidir le glacadh agus leathadh na nuirlisí nuálacha agus na gcleachtas nuálach sin. Chun é sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach dreasachtaí agus tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na pobail iascaireachta lena mbaineann agus leas maith a bhaint as cistí an Aontais atá ar fáil.

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit trí chomhairle a lorg ó institiúidí eolaíocha maidir le conas feabhas a chur ar phatrúin iascaireachta reatha chabhlach an Aontais. I gcás inar gá, ar bhonn comhairle eolaíoch nua, bainfidh sé úsáid freisin as a chumhachtaí cur chun feidhme faoin Rialachán maidir le Bearta Teicniúla a bhaineann le dearadh trealamh iascaireachta( 33 ) chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus na forálacha maidir le roghnaíocht trealaimh á gcur chun feidhme.

Tá sé thar a bheith tábhachtach agus práinneach feabhas a chur ar chaomhnú speiceas atá i mbaol criticiúil agus a dhéantar a iascach ar bhonn tráchtála, amhail an eascann Eorpach. Ciallaíonn bainistíocht agus caomhnú an speicis imircigh sin dul i ngleic le raon gníomhaíochtaí daonna, agus is gá mar sin cur chuige cuimsitheach a ghlacadh lena gcumhdaítear beartais éagsúla.

Gníomhaíocht chun feabhas a chur ar roghnaíocht iascaireachta agus chun tionchar an iascaigh ar speicis íogaire a laghdú

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Faoi dheireadh 2023, luachanna tairsí a fhorbairt don uasráta básmhaireachta incheadaithe ó ghabhálacha de thaisme na speiceas arna roghnú ag na Ballstáit( 34 ), mar chuid de chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (MSFD)( 35 ). Bearta bainistíochta iascaigh a ghlacadh chun na luachanna tairsí sin a chur chun feidhme gan mhoill trí bhearta náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, trí mholtaí comhpháirteacha a chur isteach.

-Bearta náisiúnta a ghlacadh nó moltaí comhpháirteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun foghabhálacha a íoslaghdú (nó iad a laghdú go dtí an leibhéal a chumasaíonn téarnamh iomlán na bpobal) maidir leo seo a leanas:

ofaoi dheireadh 2023: muca mara i bpríomh-imchuach Mhuir Bhailt, sa Mhuir Dhubh agus san Atlantach Ibéarach agus deilfeanna coiteanna i mBá na Bioscáine( 36 );

ofaoi dheireadh 2024: bráithre, sciataí, giotáréisc, scátaí Mhálta, siorcanna bána móra, siorcanna tíogracha gainimh, siorcanna tíogracha gainimh beagfhiaclacha, roic spíonacha an gha nimhe, bradáin fearna, turtair mhara, cánóga Bailéaracha agus rónta manaigh na Meánmhara;

ofaoi 2030: na speicis mhuirí íogaire eile atá i mbaol gabhálacha de thaisme( 37 ), agus tús áite á thabhairt dóibh siúd a bhfuil ‘stádas caomhnaithe neamhfhabhrach’ acu nó atá faoi bhagairt a ndíothaithe.

-Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024, feabhas a chur ar chosaint na heascainne Eorpaí trí Phleananna Bainistíochta Eascann atá ann cheana faoin Rialachán maidir leis an Eascann( 38 ) a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta, i bhfianaise eolas nua agus ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán maidir leis an Eascann, chun bearta caomhnaithe agus bainistíochta a neartú.

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas leis na pleananna bainistíochta eascann sin: i) tionchar an iascaigh (an tiascach tráchtála agus áineasa araon, ag gach céim i saolré na speiceas) agus, ii) tionchair nach mbaineann leis an iascach tríd an reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme, amhail an Treoir Réime maidir le hUisce( 39 ), an Treoir maidir le Gnáthóga( 40 ) agus an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Ba cheart a áireamh sna pleananna iarrachtaí chun gnáthóga eascann a athchóiriú, feabhas a chur ar nascacht aibhneacha agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an imirce, agus ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann leo.

-Faoi mhí an Mhárta 2027, cláir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a thabhairt cothrom le dáta chun bearta iomchuí a chuimsiú i gcoinne trealamh iascaireachta agus bruscar muirí a bhaineann le hiascaireacht a chailleadh agus a aischur, bunaithe ar chineálacha cur chuige a sainaithníodh i gComhstraitéis Cur Chun Feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí. 

-Faoi 2030, bunaithe ar an obair a rinne an Coiste Eolaíoch Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), CGIM agus institiúidí eolaíochta eile, amhail an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), bearta breise a chur i láthair agus a chur chun feidhme chun borradh a chur faoin roghnaíocht, ag tosú leis na stoic éisc a bhfuiltear ag súil leis an dul chun cinn bitheolaíoch is mó ina leith. Ba cheart an méid seo a leanas a chuimsiú sna bearta sin:

oteicnící nua agus nuálacha trealaimh chun gabhálacha iasc beag a laghdú;

obearta a bhaineann go sonrach le ham nó suíomh i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil comhchruinnithe móra iasc faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe.

-Faoi 2030, limistéir mhuirí faoi chosaint nua a chruthú agus gach ceann a bhainistiú go héifeachtach, rud a chinnteodh cosaint dhocht do limistéir thábhachtacha sceite éisc agus iasclainne.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-In 2023, a iarraidh ar STECF mar chuid dá obair leanúnach( 41 ) comhairle a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:

omeastóireacht a dhéanamh ar mhéideanna optamacha na niasc( 42 ) atá le gabháil i dtrealamh iascaireachta, d’fhonn an táirgeacht fhadtéarmach is airde a bhaint amach;

otrealamh iascaireachta a fheabhsú, agus roghnaíocht, meascán spriocspeiceas, agus na gnóthachain fhadtéarmacha agus na hiarmhairtí idirthréimhseacha araon i dtéarmaí sóisialta agus eacnamaíocha á gcur san áireamh.

-Faoi dheireadh 2024, measúnú a dhéanamh, i gcomhthéacs na tuarascála ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Bearta Teicniúla, ar ghabháil, coinneáil, trasloingsiú, tabhairt i dtír agus díol na speiceas atá faoi bhagairt a ndíothaithe nó a bhfuil ‘stádas caomhnaithe neamhfhabhrach’ acu faoin Treoir maidir le Gnáthóga.

-Faoi dheireadh 2024, glacadh na rialacha cur chun feidhme faoin Rialachán maidir le Bearta Teicniúla a ullmhú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

ofeabhas a chur ar roghnaíocht trealamh iascaireachta,

osonraíochtaí mionsonraithe a fhorbairt le haghaidh gairis eisiatóra turtar i dtráil séaclaí in uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar,

orialacha a bhunú maidir le línte scanraithe éan agus línte ualaithe i ngach imchuach farraige.

-A luaithe a sholáthraítear luachanna tairsí faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, uirlisí CBI( 43 ) a úsáid chun teorainneacha a mholadh le haghaidh ghabhálacha de thaisme na speiceas a chumhdaítear leis na luachanna tairsí.

Tionchar an iascaigh ar ghrinneall na farraige a laghdú

Tá gnáthóga sláintiúla ar ghrinneall na farraige ina bpríomhchuid d’éiceachórais shláintiúla mhuirí. Cuireann a mbithéagsúlacht shaibhir láithreacha iasclainne agus sceite éisc ar fáil do go leor speiceas agus rannchuidíonn sí le struchtúr agus feidhmiú na mbia-eangach mara a choinneáil ar bun, chomh maith leis an aeráid a rialú.

Tá iascaireacht ina núsáidtear trealamh teagmhála grinnill soghluaiste áirithe (iascaireacht ghrinnill shoghluaiste)( 44 ), go háirithe trálaeireacht ghrinnill, ar cheann de na gníomhaíochtaí is forleithne agus is díobhálaí do ghrinneall na farraige agus dá ghnáthóga gaolmhara( 45 ). Faoi láthair, meastar gur suaitheadh go fisiciúil 79 % de ghrinneall na farraige cósta, agus gurb í an trálaeireacht ghrinnill is cúis leis an gcuid is mó de sin, agus is dócha go bhfuil a ghnáthóga ar ghrinneall na farraige caillte ag an gceathrú cuid de limistéar cósta an Aontais( 46 ). Déantar trálaeireacht ar na limistéir is déine a iasctar os cionn 10 nuaire sa bhliain( 47 ).

Is linn charbóin nádúrtha mhór iad ár naigéan agus ár bhfarraigí, go háirithe dríodair aigéin. Tá méadú ag teacht ar an aitheantas a thugtar don tábhacht a bhaineann le carbón gorm a stóráil agus a choinneáil ar bun i ngnáthóga muirí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide( 48 ). Cé nach dtuigtear stórais charbóin mhuirí chomh maith céanna le stórais charbóin ar talamh, tugtar le fios le fianaise le déanaí( 49 ) go mbíonn tionchar díreach aige ar a acmhainn ar charbón a stóráil nuair a shuaitear dríodar ghrinneall na farraige.

Mar sin féin, is féidir leis an mbithéagsúlacht ar ghrinneall na farraige téarnamh má laghdaítear an brú, mar shampla trí iascaireacht ghrinnill shoghluaiste a laghdú( 50 ). Easraíonn tairbhí móra as sin d’éiceachórais agus don tsochaí, lena náirítear iascaigh trí athbhunú stoc éisc agus trí bhithmhais éisc a mhéadú agus cuidíonn sé le díghrádú na muirthimpeallachta a sheachaint.

Ceanglaítear cheana féin le dlí an Aontais cosaint agus athchóiriú ghrinneall na farraige. Leis an reachtaíocht chomhshaoil, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun grinneall na farraige a chosaint chun ‘dea-stádas comhshaoil’ uiscí an Aontais a bhaint amach( 51 ). Ní mór dóibh freisin na bearta is gá a dhéanamh i láithreáin mhuirí Natura 2000 chun cuidiú le ‘stádas caomhantais fabhrach’ gnáthóg áirithe ar ghrinneall na farraige a bhaint amach nó a choinneáil ar bun.

Le huirlisí bainistíochta iascaigh cuirtear toirmeasc ar iascaireacht ghrinnill shoghluaiste sa Mheánmhuir sna limistéir chúnga chósta agus i limistéir níos doimhne ná 1 000 méadar, agus san Atlantach cuirtear toirmeasc leo ar an trálaeireacht ghrinnill níos doimhne ná 800 méadar, agus tá iamh ar iascaireacht ghrinnill i 16 419 km2 d’éiceachórais leochaileacha mhuirí( 52 ). Cuirtear srian breise ar iascaireacht ghrinnill i limistéir atá thar a bheith íogair trí bhíthin roinnt beart agus rialachán éagsúil( 53 ).

Ina theannta sin, tá bearta déanta ag roinnt Ballstát chun toirmeasc nó srian a chur ar iascaireacht ghrinnill i limistéir áirithe trí bhearta náisiúnta agus trí mholtaí comhpháirteacha CBI a chur isteach( 54 ), mar bhonn le rialacháin tharmligthe. I mí na Samhna 2022, bunaithe ar thogra ón Aontas, chinn CGIM measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann dá nathrófaí teorainneacha doimhneachta na srianta iascaireachta atá ann faoi láthair i ndoimhneacht ó 600 m go 800 m, d’fhonn srianta a leagan síos, b’fhéidir, in uiscí atá níos éadoimhne.

Mar sin féin, ar an iomlán tá iascaireacht ghrinnill shoghluaiste fós forleathan in uiscí an Aontais. Mar shampla, san Atlantach Thoir Thuaidh tarlaíonn sé in 80-90 % de na limistéir iniascaireachta( 55 ), lena náirítear roinnt mhaith láithreán Natura 2000 agus limistéir mhuirí faoi chosaint eile. Déanann sé sin dochar do bhaint amach na spriocanna caomhnaithe domhanda arna leagan síos ag an gCoinbhinsiún maidir leis mBithéagsúlacht( 56 ) agus tá an baol ann go gcuirfear an dul chun cinn maidir le maolú ar an athrú aeráide i mbaol.

Cuireann tionchar na hiascaireachta grinnill soghluaiste ar an muirthimpeallacht inbhuanaitheacht an iascaigh agus infhaighteacht iasc sa mheántéarma agus san fhadtéarma i mbaol freisin. Ní hamháin go ndéanann sé dochar do na héiceachórais ar a bhfuil na hiascaigh sin ag brath, ach tá sé thar a bheith dian ar bhreosla freisin, rud a chruthaíonn costais shuntasacha don earnáil agus lorg carbóin an-ard( 57 ). Mar gheall ar a cineál, tá an iascaireachta ghrinnill shoghluaiste ar cheann de na modhanna iascaireachta is lú atá roghnaitheach agus eascraíonn méideanna díréireacha gabhálacha de thaisme( 58 ) agus ábhair mhuirí aischurtha aisti. Is ábhar imní ar leith é ábhar muirí aischurtha, go háirithe tráth a bhfuil an tAontas ag iarraidh cur amú bia a laghdú( 59 ), saincheist atá thar a bheith ábhartha sa díospóireacht níos leithne maidir le slándáil bia ar fud an domhain.

Tá gá le gníomhaíocht dhaingean chun grinneall na farraige a chosaint agus a athchóiriú, lena n‑áirítear éirí as iascaireacht ghrinnill shoghluaiste, agus an tráth céanna, a áirithiú nach gcuirfear roghanna malartacha comhionanna nó níos measa in ionad na teicníce sin. Tá gá le gnáthóga ar ghrinneall na farraige a chosaint agus a athchóiriú go práinneach i limistéir mhuirí faoi chosaint, go háirithe i bhfianaise a thábhachtaí atá siad mar theophointí bithéagsúlachta muirí san Aontas, an acmhainn atá iontu rannchuidiú leis an méadú ar stoic éisc agus na hoibleagáidí dlíthiúla seanbhunaithe atá ann maidir lena mbainistíocht éifeachtach.

Chun cuspóirí Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais maidir le 30 % d’fharraigí an Aontais a chosaint a bhaint amach, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as uirlisí CBI atá ar fáil agus deireadh a chur de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste i ngach limistéar muirí faoi chosaint faoi 2030 ar a dhéanaí. Ar dtús, ba cheart do na Ballstáit, faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024, bearta náisiúnta a ghlacadh nó, i gcás inarb iomchuí, moltaí comhpháirteacha a mholadh do na grúpaí réigiúnacha chun toirmeasc a chur ar iascaireacht ghrinnill shoghluaiste sna limistéir mhuirí faoi chosaint ar láithreáin Natura 2000 iad a ainmnítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga lena gcosnaítear speicis ghrinneall na farraige agus speicis mhuirí. Chomh maith leis sin, níor cheart iascaireacht ghrinnill shoghluaiste a cheadú in aon limistéar muirí faoi chosaint nuabhunaithe.

Ag tógáil ar thorthaí na ngealltanas a chuir na Ballstáit isteach chun sprioc na Straitéise Bithéagsúlachta a chomhlíonadh maidir le 30 % ar a laghad d’fharraigí an Aontais a chosaint, ba cheart do na Ballstáit comhairle eolaíoch a leanúint agus éifeacht fhoriomlán na mbeart ar an éiceachóras muirí sna cinntí maidir le bainistíocht iascaigh a chur san áireamh. Go háirithe, ní mór dóibh spreagadh athruithe a sheachaint i gcleachtais iascaireachta ar athruithe iad a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh, amhail méadú ar an tionchar a bhíonn ag cineálacha eile trealaimh iascaireachta ar éiceachórais mhuirí nó ar speicis íogaire.

Agus uirlisí níos nuálaí á bhforbairt arna ndearadh chun tionchair na gcineálacha sin trealaimh iascaireachta a theorannú, tá sé ríthábhachtach leanúint den phlé leis an earnáil chun tuilleadh nuálaíochta agus glacadh réiteach nua ar an láthair a spreagadh. Tá sé sin tábhachtach freisin chun a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar oiriúnach don fheidhm i gcónaí agus i gcomhréir leis an bhforbairt theicneolaíoch.

I gcomhréir le cuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí agus an Dlí atá beartaithe maidir le hAthchóiriú Dúlra, ní mór grinneall na farraige a chosaint agus a athchóiriú lasmuigh de na limistéir mhuirí faoi chosaint freisin. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit na luachanna tairsí le haghaidh sláine ghrinneall na farraige, atá á bhforbairt faoi láthair faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, a chomhaontú agus a chur chun feidhme go pras.

Gníomhaíocht chun tionchar na hiascaireachta ar ghrinneall na farraige a laghdú

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Faoi lár 2023, bailchríoch a chur ar ghlacadh na luachanna tairsí maidir leis an méid uasta incheadaithe de ghrinneall na farraige ar féidir a chailleadh nó ar féidir dochar a dhéanamh dóibh de dheasca brúnna daonna, mar chuid de chomhstraitéis cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí( 60 ). Ba cheart dóibh, gan mhoill, bearta náisiúnta a ghlacadh nó, i gcás inarb ábhartha, moltaí comhpháirteacha a chur isteach chun na luachanna tairsí sin a chur chun feidhme.

-Faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024,

obearta náisiúnta a ghlacadh nó, i gcás inarb iomchuí, moltaí comhpháirteacha a mholadh do na grúpaí réigiúnacha chun toirmeasc a chur ar iascaireacht ghrinnill shoghluaiste sna limistéir mhuirí faoi chosaint ar láithreáin Natura 2000 iad a ainmnítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga lena gcosnaítear speicis ghrinneall na farraige agus speicis mhuirí;

oachoimre fhoriomlán a thabhairt( 61 ) ar an gcaoi a bhfuil sé i gceist ag gach ceann acu a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste i ngach limistéar muirí faoi chosaint faoi 2030. I gcás 20 % ar a laghad d’uiscí muirí gach Ballstáit, ba cheart foráil a dhéanamh leo maidir le plean níos mionsonraithe um bearta náisiúnta agus moltaí comhpháirteacha atá le forbairt, lena náirítear, ar a laghad, mionsonraí chun na limistéir a shainaithint inar cheart toirmeasc a chur ar iascaireacht ghrinnill shoghluaiste, agus sonraí maidir leis na Ballstáit agus na cabhlaigh lena mbaineann na bearta sna limistéir sin.

-Bearta náisiúnta a ghlacadh agus, i gcás inarb ábhartha, moltaí comhpháirteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill shoghluaiste i ngach limistéar muirí faoi chosaint faoi 2030.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-Faireachán agus rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na moltaí comhpháirteacha i ngrúpaí réigiúnacha na mBallstát.

-Tacú le forbairt agus glacadh réiteach nuálach atá dírithe ar theorannú tionchair gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill, ag tógáil ar iarratas ar chomhairle ó ICES maidir le trealamh iascaireachta nuálach, a bhfuiltear ag súil leis faoi dheireadh 2023.

3.Aistriú cothrom cóir a bhaint amach do chách

Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, mar straitéis nua fáis eacnamaíoch na hEorpa, bearta chun aistriú cothrom cóir na sochaí agus an gheilleagair a bhaint amach chun samhail forbartha atá cuimsitheach agus inbhuanaithe i ndáiríre a bhaint amach. Is réamhchoinníollacha iad an chothroime agus an chuimsitheacht chun aistriú glas rathúil a bhaint amach.

Is léir go dtéann caomhnú agus cosaint níos fearr speiceas agus gnáthóg muirí chun tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar, go háirithe le haghaidh na bpobal iascaireachta agus cósta a bhfuil a slite beatha ag brath go díreach ar éiceachórais shláintiúla mhuirí. Mar shampla, measann eolaithe dá gcosnófaí 30 % de na haigéin go bhféadfadh méadú ocht milliún tonna a theacht ar na gabhálacha bliantúla domhanda, thart ar 10 % de na gabhálacha sa lá atá inniu ann( 62 ).  

Cé go bhfuil gá leis an aistriú agus go bhfuil sé tairbhiúil ó thaobh na socheacnamaíochta de, agus cé nach bhfuil na dúshláin a dhéanann difear d’earnáil an iascaigh atá ann faoi láthair de dheasca COVID agus cogaíochta, lena náirítear praghsanna fuinnimh atá ag ardú, nasctha leis na gníomhaíochtaí a shonraítear sa phlean gníomhaíochta seo, lena náirítear deireadh a chur de réir a chéile leis an iascaireacht ghrinnill i ngach limistéar muirí faoi chosaint, beidh tionchair shóisialta agus eacnamaíocha ag an ngníomhaíocht dheireanach sin go háirithe ar oibreoirí agus ar phobail áirithe( 63 ) agus ní mór aistriú cóir a áirithiú. D’fhéadfadh na tionchair a bheith i raon ó athruithe beaga ar oibríochtaí iascaireachta ar féidir a ionsú go héasca go hathruithe níos mó ar oibríochtaí a mbeadh gníomhaíocht mhaolaithe ag teastáil ina leith chun cuidiú le hiascairí, lena bpobail agus le hoibreoirí ar fud an tslabhra soláthair dul in oiriúint d’athruithe struchtúracha níos leithne. D’fhéadfaí na tionchair a fhritháireamh i bpáirt trí ghníomhaíocht iascaireachta a bhogadh go dtí limistéir iascaireachta eile nuair is féidir sin a dhéanamh.

An tráth céanna táthar ag súil go mbeidh na tionchair níos suntasaí i bpobail atá spleách ar iascach ina bhfuil an t‑éagsúlú eacnamaíoch teoranta faoi láthair. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an t‑aistriú de réir a chéile agus go gcuirfidh na Ballstáit riachtanais shonracha na bpobal áitiúil san áireamh agus go dtacóidh siad leo san aistriú sin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí thacaíocht airgeadais. Tá sé tábhachtach a aithint, ar an gcaoi chéanna leis an taithí a fuarthas agus cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe á thabhairt isteach, go ndéanfar athruithe ar chleachtais na hearnála iascaireachta a chúiteamh sa mheántéarma agus san fhadtéarma, de réir mar a athbhunaítear stoic éisc agus speicis a dhéantar a iascach ar bhonn tráchtála ó limistéir mhuirí faoi chosaint go limistéir iascaireachta eile trí éifeachtaí scaipthe.

Sa ghearrthéarma, eascraíonn na tionchair eacnamaíocha ar an earnáil as na praghsanna méadaithe fuinnimh freisin. D’fhéadfadh coigilteas mór eascairt as an aistriú de réir a chéile ón trálaeireacht ghrinnill atá dian ar bhreosla go modhanna iascaireachta nach bhfuil chomh dian ar fhuinneamh freisin. Tá sé sin i gcomhréir go hiomlán le haidhm an Choimisiúin imeacht ó bhreoslaí iontaise a luaithe is féidir agus leis an uaillmhian atá aige tacú le cabhlach iascaireachta an Aontais agus leis an earnáil dobharshaothraithe ina naistriú struchtúrach fuinnimh. Chun tacú leis an aistriú sin, mhol an Coimisiún freisin cáin bhreosla a thabhairt isteach san athbhreithniú ar Threoir an Aontais maidir le Cánachas Fuinnimh( 64 ) agus tá an tionscnamh um aistriú fuinnimh á chur i láthair aige an tráth céanna leis an bplean gníomhaíochta seo.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit pobail iascaireachta a spreagadh agus tacú leo san aistriú a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta seo agus cuidiú leo a nathléimneacht a neartú agus nuáil agus oiriúnú. Áirítear leis sin úsáid níos fearr a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil trí ionstraimí cistiúcháin an Aontais, go háirithe tacaíocht don nuálaíocht agus d’éagsúlú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, tacaíocht don aistriú fuinnimh agus méadú ar roghnaíocht trealaimh. Léiríonn roinnt samplaí gur féidir le húsáid éifeachtach chistí an Aontais difear a dhéanamh, ach san am a chuaigh thart, bhí an sciar de chistiú an Aontais a úsáideadh chun tacú leis an gcaomhnú muirí róbheag( 65 ). Mar a dheimhnigh an Chúirt Iniúchóirí, is léir go bhfuil scóip ann chun úsáid níos fearr a bhaint as buiséad an Aontais atá ar fáil.

Is iad an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)( 66 ) agus Clár LIFE( 67 ) go príomha na cistí atá le húsáid chun na críche sin. Tá ról lárnach acu maidir le tacú leis na cuspóirí beartais le haghaidh na haeráide agus na bithéagsúlachta. Thairis sin, oibríonn an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun a áirithiú go gcuidíonn gach clár leis na spriocanna cothrománacha a bhaint amach a leagtar amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na gcuspóirí sin( 68 ).

Áirítear ar na foinsí eile cistithe, mar a cuireadh i dtábhacht in ‘Aimsigh do Chlár Cistiúcháin de chuid an Aontais le haghaidh an Chomhshaoil’ ón gCoimisiún( 69 ), an clár Fís Eorpach( 70 ), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (lena náirítear Interreg)( 71 ), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus( 72 ), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe( 73 ), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta( 74 ). Ba cheart do na Ballstáit úsáid straitéiseach a bhaint astu sin, cur leis an gcistiú náisiúnta agus infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a spreagadh chun tacaíocht a dhíriú ar an aistriú, mar shampla straitéisí um speisialtóireacht chliste le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht iomlán a thabhairt do na Ballstáit ina leith sin.

Tá sé tábhachtach lánúsáid a bhaint as na deiseanna don éagsúlú agus don nuálaíocht, ag tosú leo siúd a shainaithnítear sa straitéis nua le haghaidh Geilleagar Gorm Inbhuanaithe san Aontas Eorpach( 75 ). Féachtar sa straitéis seo ar shamhlacha nua gnó a fhorbairt chun lorg comhshaoil na hearnála a laghdú trí dhigitiú agus trí úsáid a bhaint as gléasanna agus teicnící nuálacha. Chun a áirithiú gur féidir le pobail iascaigh atá i mbun aistrithe rochtain iomlán a bheith acu ar an raon deiseanna maidir le héagsúlú eacnamaíoch a thagann chun cinn in earnálacha eile de chuid an gheilleagair ghoirm, seolfaidh an Coimisiún plé ag an bhFóram Gorm atá ar na bacáin, i mí na Bealtaine 2023, ina mbeidh páirtithe leasmhara agus grúpaí éagsúla a fheidhmíonn ar muir agus inár naigéin rannpháirteach.

D’fhéadfadh cláir spriocdhírithe oiliúna agus uas-scilithe a reáchtáiltear le tacaíocht ón Aontas faoi chistí Erasmus+, CEMID nó CSE+ a bheith ina gcuidiú le naisc a chruthú le hearnálacha eile den gheilleagar gorm, amhail táirgeadh algaí agus muirshaothrú athghiniúnach( 76 ), fuinneamh in-athnuaite agus dobharshaothrú inbhuanaithe. Is féidir slite beatha breise nó malartacha a chur ar fáil do phobail iascaireachta áitiúla, amhail turasóireacht dúlra agus iascaireacht áineasa dea-bhainistithe, trí fheabhas a chur ar an inbhuaine comhshaoil, mar shampla trí limistéir mhuirí faoi chosaint a bhainistiú go héifeachtach. Féadfaidh iascairí rochtain a fháil freisin ar thacaíocht ón Aontas chun cuidiú leo ina ról mar mhaoir na farraige. Léiríonn roinnt samplaí dearfacha( 77 ) cheana féin conas is féidir leis an gcomhpháirtíocht sin cuidiú leo bruscar agus trealamh iascaireachta caillte a aisghabháil agus a bhailiú.

Gníomhaíocht chun aistriú cothrom cóir a bhaint amach agus chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as na cistí atá ar fáil

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Bearta a dhéanamh i treo cistiú leordhóthanach a ghlacadh trí na hacmhainní atá ar fáil ó fhoinsí cistiúcháin an Aontais nó foinsí cistiúcháin náisiúnta nó príobháideacha a shlógadh go straitéiseach, go háirithe chun tionscadail a chur chun cinn chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

otacú le teicnící agus tionscadail iascaireachta nach bhfuil chomh díobhálach céanna a úsáid chun líonra Natura 2000 ar fud an Aontais a chur chun feidhme, chun cuspóirí an phlean gníomhaíochta agus na riachtanais a shainaithnítear i gcreataí gníomhaíochta tosaíochta na mBallstát a chomhlíonadh( 78 );

ocuidiú le pobail iascaigh aistriú chuig cleachtais iascaireachta atá níos roghnaithí, nach ndéanann an méid céanna díobhála agus lena núsáidtear níos lú breosla.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-Rochtain ar dheiseanna cistiúcháin a éascú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

ole linn 2023, ceardlann do na Ballstáit a eagrú agus a óstáil chun úsáid an chistithe a threorú agus a chur chun cinn chun an plean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme;

ooibriú go dlúth leis na Ballstáit agus faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme CEMID, chun cur i gcrích gníomhaíochtaí sonracha lena dtacaítear le cuspóirí an phlean gníomhaíochta seo a spreagadh, chomh maith le leas a bhaint as deiseanna cistiúcháin comhlántacha atá ar fáil ó chláir eile, lena náirítear LIFE;

ostraitéisí um speisialtóireacht chliste a chur chun feidhme chun tús áite a thabhairt do thaighde agus infheistíocht réigiúnach i nuálaíocht in earnálacha an gheilleagair ghoirm, lena náirítear an tiascach.

-    Faoi dheireadh 2023, deontais a chur ar bun faoi bhainistíocht dhíreach CEMID ar mó a luach ná EUR 7 milliún chun tacú le tionscadail a rannchuidíonn le forbairt scileanna an gheilleagair ghoirm den chéad ghlúin eile agus a chuireann deiseanna ar fáil le haghaidh gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe muirí.

4.An bonn eolais agus taighde agus nuálaíocht a neartú

Tá bonn eolais fónta ag teastáil le go ndéanfar tionscnaimh a dhearadh agus a fhorbairt chun an t‑iascach a bhainistiú agus chun an mhuirthimpeallacht a chosaint. Chuige sin, teastaíonn bailiú córasach sonraí agus faireachán eolaíoch, bunaithe ar mhodheolaíochtaí láidre. Cé nach féidir leis an easpa faisnéise eolaíche iomláine údar a thabhairt leis na bearta riachtanacha a chur ar atráth nó gan iad a dhéanamh, cuireann sí i dtábhacht an gá atá le níos mó infheistíochta chun bearnaí eolais a shainaithint agus a líonadh.

Úsáideann na Ballstáit raon cineálacha cur chuige agus meascán ionstraimí chun faireachán a dhéanamh ar éiceachórais mhuirí agus ar bhrúnna comhshaoil, go háirithe tríd an gCreat Bailithe Sonraí( 79 ) agus trí chláir faireacháin faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, faoin Treoir maidir le hÉin, faoin Treoir maidir le hÉin( 80 ) agus faoin Treoir maidir le Gnáthóga. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachta chun a áirithiú go mbeidh an faireachán agus an bailiú sonraí leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na hiascaireachta ar ghnáthóga agus speicis mhuirí.

San obair sin ba cheart ceapadh clár faireacháin spriocdhírithe a chuimsiú chun feabhas a chur ar bhreathnuithe agus tuairisciú speiceas a fhoghabhtar de thaisme. Sna cláir ba cheart iascaigh ardriosca agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na ranna cabhlaigh ábhartha uile, lena náirítear soithí beaga, a chuimsiú. Ba cheart dóibh féachaint freisin ar shonraí maidir le hiascaigh áineasa, lena náirítear báid iascaireachta áineasa, agus a dtionchar ar na stoic agus ar an muirthimpeallacht. Beidh ról tábhachtach ag an Rialachán um Rialú nuashonraithe nuachóirithe( 81 ), a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí é, maidir leis na feabhsuithe sin a dhéanamh.

Tá gá le tuilleadh taighde agus bailiú sonraí freisin chun cur leis an eolas ar stádas ghrinneall na farraige agus ar thionchair an iascaigh ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige, lena náirítear dáileadh agus minicíocht na ngníomhaíochtaí iascaireachta grinnill( 82 ) agus a dtionchar ar cheapadh carbóin. Seolfaidh an Coimisiún staidéar chun cainníochtú a dhéanamh ar acmhainn stórála carbóin na gcineálacha éagsúla gnáthóige ar ghrinneall na farraige in uiscí an Aontais agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an iascaireacht ghrinnill ar an acmhainn sin.

Chun aistriú chuig cleachtais iascaireachta atá níos roghnaithí agus nach bhfuil chomh díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de, ní mór measúnú córasach a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí, chun cuidiú le hiascairí, le gnólachtaí eile san earnáil agus leis an tsochaí ina hiomláine. Chuige sin, tá gá le modhanna samhaltaithe níos fearr chun éifeachtaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil na mbeart caomhantais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a thuar agus a mheasúnú. Faoi dheireadh 2023, tosóidh an Coimisiún ar uirlis samhaltaithe a fhorbairt chun coincheap an ‘chaipitil nádúrtha’ a ionchorprú i gcinntí eacnamaíocha. Is éard a bheidh i gceist leis sin measúnú agus cainníochtú a dhéanamh ar luach eacnamaíoch sheirbhísí an éiceachórais mhuirí agus ar na costais shocheacnamaíocha agus na tairbhí socheacnamaíocha a eascraíonn as an muirthimpeallacht a choinneáil sláintiúil.

Tá sé ríthábhachtach iarrataí ar chomhairle eolaíoch a sheoladh chuig comhlachtaí amhail ICES agus STECF, chun a áirithiú go mbeidh an beartas á stiúradh leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. Ar an gcúis sin agus i bhfianaise cheanglas dlíthiúil CBI dul i gcomhairle le STECF maidir le reachtaíocht thánaisteach, cuireann comhdhéanamh an STECF nua (2022-2025) saineolas ar fáil sna réimsí a bhaineann go háirithe le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta seo agus le tacú leis.

Ina theannta sin, cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil tacaíocht riachtanach ar fáil don Choimisiún maidir le mapáil agus measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas líonra na limistéar muirí faoi chosaint in uiscí an Aontais agus maidir le measúnú a dhéanamh ar staid na speiceas, na ngnáthóg agus na n‑éiceachóras muirí agus ar na brúnna atá orthu. Agus an Straitéis Bithéagsúlachta á cur chun feidhme, dírítear tacaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ar limistéir faoi chosaint, lena n‑áirítear na bearta bainistíochta iascaigh i limistéir mhuirí faoi chosaint a rianú, agus beidh an tacaíocht sin ábhartha go háirithe don obair a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta seo. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an comhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a neartú chun cuidiú leis an bplean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí na córais tuairiscithe comhshaoil reatha a oiriúnú.

Beidh an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach mar bhonn taca freisin le cur chun feidhme éifeachtúil an phlean gníomhaíochta seo, ós rud é gur uirlis riachtanach eile é chun cur leis an mbonn eolais le haghaidh Fharraigí na hEorpa. Tugann sé rochtain saor in aisce agus neamhshrianta ar shonraí muirí a bhailítear sa réimse, lena gcumhdaítear seacht ndisciplín théamacha( 83 ). Soláthróidh an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach agus Seirbhís Faireacháin Copernicus na sonraí atá i gcroílár Leathchúpla Digiteach Eorpach an Aigéin, ardán samhaltaithe digiteach a chuirfidh dlús lenár gcumas roghanna beartais don mhuirthimpeallacht a mheasúnú agus a mheas trí chásanna éagsúla bainistíochta a thástáil. Chun é sin a dhéanamh, déanfar faisnéis chomhshaoil, shóisialta agus airgeadais a ionchorprú ar an ardán.

Tacaíonn clár oibre taighde agus nuálaíochta an Aontais le hinbhuanaitheacht an iascaigh agus le caomhnú agus athchóiriú na bithéagsúlachta muirí. Tá tacaíocht ar fáil go háirithe tríd an gclár Fís Eorpach, laistigh dá chlár oibre ginearálta( 84 ) agus, chomh maith leis sin, tríd an Misean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athchóiriú faoi 2030’ (Aigéan agus Uiscí an Mhisin) agus tithe solais a imchuach réigiúnaigh( 85 ). Is féidir leis a bheith ina thaca le taighde agus nuálaíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht an iascaigh agus caomhnú agus athchóiriú na bithéagsúlachta muirí.

Leagann an Misean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí’ síos cuspóirí uaillmhianacha chun éiceachórais mhuirí agus fionnuisce agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú. Áirítear ar na tosaíochtaí trealamh iascaireachta cliste agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, úsáid ilchuspóireach an spáis mhuirí, soithí iascaireachta ar mhionscála atá glas agus tíosach ar fhuinneamh, a chumhachtaítear níos mó ná riamh le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus le hoibríochtaí gaolmhara. I dteannta a chéile, is éard a bheidh i gceist leis eolas ar chomhpháirteanna éagsúla éiceachórais a fhorbairt, réitigh cheannródaíocha a fhorbairt chun acmhainní agus gnáthóga muirí a chosaint, agus feabhas a chur ar mhodhanna faireacháin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga.

Tá tacaíocht bhreise do bhailiú sonraí, do thaighde agus don nuálaíocht ar fáil trí bhíthin chláir CEMID agus LIFE.

Gníomhaíocht chun an bonn eolais, taighde agus nuálaíocht a neartú

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Réitigh agus dreasachtaí a shainaithint agus a fhorbairt chun tionchair na hiascaireachta ar an gcomhshaol a laghdú, amhail trealamh iascaireachta nuálach, patrúin nua iascaireachta, agus cleachtais iascaireachta fheabhsaithe. Chuige sin, is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as cistiú tiomnaithe náisiúnta agus ón Aontas le haghaidh taighde agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, go háirithe chun oiliúint for-rochtana agus oiliúint speisialaithe (agus réigiúnach) a mhaoiniú, mar shampla maidir le dea-chleachtais i maoirseacht mhuirí.

-Faoi dheireadh 2023, faoi dhlí comhshaoil agus iascaigh an Aontais, cuspóirí agus riachtanais shonracha sonraí a shainiú do gach imchuach farraige chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na hiascaireachta ar éiceachórais agus ar cheapadh carbóin, agus údaráis ar an leibhéal réigiúnach rannpháirteach de réir mar is iomchuí, agus ansin cistí leordhóthanacha a leithdháileadh le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.

-Faoi dheireadh 2024( 86 ), pleananna oibre náisiúnta nuashonraithe maidir leis an gCreat Bailithe Sonraí a chur isteach( 87 ) chun feabhas a chur ar phleanáil agus ar iarrachtaí maidir le bailiú sonraí, lena náirítear é sin a dhéanamh i ndáil le foghabhálacha speiceas íogair agus tionchar na hiascaireachta ar ghrinneall na farraige.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-Le linn na tréimhse buiséid 2021-2027 (agus na chéad chláir oibre eile le haghaidh an chláir Fís Eorpach, lena náirítear an Misean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí’, CEMID agus LIFE, go háirithe), úsáid an chistithe a chur chun cinn le haghaidh comhairle, taighde agus nuálaíochta. Ba cheart an cistiú a dhíriú go sonrach ar ghníomhaíocht chun trealamh agus teicnící nuálacha a dhearadh agus a thástáil lena dtugtar aghaidh ar fhoghabhálacha de thaisme, agus chun acmhainneacht ceaptha carbóin ghrinneall na farraige san Aontas agus tionchair fhéideartha na hiascaireachta grinnill a chainníochtú.

-Faoi dheireadh 2023, tosú ar uirlis samhaltaithe a fhorbairt chun coincheap an ‘chaipitil nádúrtha’ a ionchorprú i gcinntí eacnamaíocha. Is éard atá i gceist leis sin measúnú agus cainníochtú a dhéanamh ar luach eacnamaíoch sheirbhísí an éiceachórais mhuirí agus ar na costais shocheacnamaíocha agus na tairbhí socheacnamaíocha a eascraíonn as an muirthimpeallacht a choinneáil sláintiúil.

-Faoi dheireadh 2023, seacht réimse théamacha an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpaigh, maidir le bataiméadracht, geolaíocht, gnáthóg ghrinneall na farraige, ceimic, bitheolaíocht, fisic agus gníomhaíochtaí daonna, a bhailiú ar thairseach ilfhreastail, chun infheictheacht agus soláimhsitheacht don úsáideoir a fheabhsú.

-In 2024, staidéar a sheoladh ina ndéantar cainníochtú ar acmhainneacht stórála carbóin an Aontais i ngrinneall na farraige agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill ar an acmhainneacht sin.

-In 2024, obair ullmhúcháin a sheoladh chun ardán idirghníomhach a fhorbairt maidir le trealamh iascaireachta roghnaitheach agus nuálach, agus eolas agus dea-chleachtais á gcomhroinnt.

-Faoi dheireadh 2025, trí na chéad chláir oibre eile de chuid an chláir Fís Eorpach le haghaidh na tréimhse 2025-2027, lena náirítear plean oibre an Mhisin ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí’, réitigh inscálaithe a fhorbairt arna ndearadh chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint tlimistéir mhuirí faoi chosaint a chruthú, truailliú muirí a laghdú agus a stad, agus tionchar comhshaoil na hiascaireachta a laghdú.

5.Faireachán agus forfheidhmiú

Níl reachtaíocht iascaigh agus chomhshaoil an Aontais ach chomh maith céanna lena gcur chun feidhme. Ní mór do na Ballstáit beart a dhéanamh chun na rialacha a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorfheidhmiú, agus ní mór don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin ag na Ballstáit.

Faireachán agus forfheidhmiú rialacha CBI ag na Ballstáit( 88 ), rialaítear iad den chuid is mó leis an Rialachán um Rialú ar Iascach, a mhol an Coimisiún a neartú in 2018( 89 ). Tar éis beagnach 5 bliana de phléití idirinstitiúideacha agus caibidlíocht idirinstitiúideach, tá géarghá leis an athbhreithniú a thabhairt chun críche agus córas faireacháin nuashonraithe, níos nua-aimseartha agus níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun tacú leis an aistriú chuig iascach níos inbhuanaithe.

Chomh maith leis an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil a chur chun feidhme( 90 ), bhí gníomhaíocht forfheidhmithe an Choimisiúin le 20 bliain anuas ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme ceart dhlíthe an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht agus rialacha CBI( 91 ). Neartaigh an Straitéis Bhithéagsúlachta tiomantas an Choimisiúin na dlíthe sin a fhorfheidhmiú, mar shampla, maidir le láithreáin Natura 2000 a chomhlánú agus a bhainistiú go héifeachtach agus maidir le foghabháil speiceas faoi chosaint.

Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an bhforfheidhmiú faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, nach raibh dírithe go dtí seo ach ar cheanglais tuairiscithe, agus saothróidh sé cásanna níos substaintiúla de chur chun feidhme mícheart na Treorach. I gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar an Treoir, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an gá oibleagáidí dlíthiúla áirithe a shoiléiriú.

Go dtí seo, níor bhain na Ballstáit úsáid leordhóthanach as an bhforáil maidir le gníomhaíocht a iarraidh ar institiúidí den Aontas i gcás ina naithníonn siad saincheist a bhfuil tionchar aici ar stádas comhshaoil a chuid uiscí muirí nach féidir leo dul i ngleic léi trí bhearta náisiúnta nó atá nasctha le beartas eile, amhail an tiascach( 92 ). Tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an gconclúid go lagaíonn sé sin an comhordú idir réimsí beartais( 93 ). Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an bhforáil thuasluaite mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus, bunaithe ar a thorthaí, féadfaidh sé athbhreithniú a mholadh chun a héifeachtacht a fheabhsú.

Cuidíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)( 94 ), le tacaíocht i réimsí áirithe ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (FRONTEX), freisin leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a gcúraimí agus a noibleagáidí arna sainordú ag CBI a chomhlíonadh. Amach anseo, ba cheart le clár oibre na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach gníomhaíocht a chumhdach maidir le faireachán a dhéanamh ar an iascach a rannchuidíonn go sonrach le cuspóirí an phlean gníomhaíochta seo a bhaint amach. Ba cheart gníomhaíocht shonrach i bpleananna comh-imlonnaithe na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach a bheith i gceist leis sin, i gcomhréir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún( 95 ) lena mbunaítear cláir shonracha um rialú agus cigireacht.

Gníomhaíocht chun feabhas a chur ar chur chun feidhme, ar fhaireachán agus ar fhorfheidhmiú

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Maidir leis an gcaibidlíocht i ndáil leis an Rialachán nua um Rialú ar Iascach, feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar iascaigh, mar shampla trí úsáid a bhaint as uirlisí nuálacha amhail cianfhaireachán leictreonach, trí thaifeadadh agus tuairisciú gabhála níos fearr i dtaobh speiceas íogair agus trí dháileadh na hiarrachta iascaireachta. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go ndéanfar leithdháiltí CEMID a dhíriú ar ghníomhaíocht éifeachtach láidir maidir le faireachán, cigireacht agus forfheidhmiú.

-Acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha comhshaoil agus iascaigh chun athbhreithniú nó oiriúnú a dhéanamh ar na bearta is gá chun an plean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-Dlús a chur le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na rialacha comhshaoil agus iascaigh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

oleanúint d’imeachtaí um shárú nó iad a thionscnamh;

oúsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil faoi CBI, amhail iniúchtaí agus pleananna gníomhaíochta faireacháin in éineacht leis na Ballstáit.

-Leanúint de bheith ag oibriú leis na comhreachtóirí chun Rialachán um Rialú uaillmhianach athbhreithnithe a bhaint amach go pras.

-In 2023, tús a chur le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear cláir shonracha um rialú agus cigireacht le haghaidh iascaigh áirithe( 96 ), agus é mar chuspóir é a ailíniú leis an bplean gníomhaíochta seo faoi 2024.

-Oibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach chun na pleananna comh-imlonnaithe a ailíniú leis na cláir shonracha athbhreithnithe um rialú agus cigireacht agus chun an clár oibre a bheidh ann amach anseo a ailíniú le cuspóirí an phlean gníomhaíochta seo.

6.Rialachas, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus for-rochtain

Tá gá le tacaíocht ó na páirtithe leasmhara ar fad, go háirithe iascairí, chun bearta bainistíochta comhshaoil agus iascaigh a chur chun feidhme go rathúil. Dá bhrí sin, agus bearta á bhforbairt agus á gcur chun feidhme, tá sé ríthábhachtach oibriú le trédhearcacht, comhar, for-rochtain, faisnéis agus cuimsitheacht.

Tá freagrachtaí agus oibleagáidí soiléire ar na Ballstáit maidir leis an muirthimpeallacht a chosaint. Cuireann CBI uirlisí ar fáil chun na bearta iascaigh is gá a chur chun feidhme chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Go háirithe, cuireann CBI bonn ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir chun oibriú le chéile trí ghrúpaí réigiúnacha agus trí Chomhairlí Comhairleacha chun na bearta iascaigh is oiriúnaí a shainiú agus a chomhaontú maidir leis na tosca uile áitiúla nó réigiúnacha. Leis an gcur chuige sin d’fhéadfaí an t‑aistriú a bhaint amach agus é a aistriú ó uaillmhian pholaitiúil go fíorghníomhaíocht ar an láthair.

Cé gur ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír den chuid is mó a dhírigh na Ballstáit agus an cur chuige réigiúnach á chur chun feidhme ar dtús, tá éachtaí níos leithne bainte amach aige le blianta beaga anuas, go háirithe ó glacadh an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla in 2019. Mar sin féin, tá dul chun cinn déanta ar na bearta bainistíochta iascaigh is gá i láithreáin mhuirí Natura 2000 faoi Airteagal 11 de CBI( 97 ) ar luas an-mhíchothrom sna himchuacha éagsúla farraige.

Níor cuireadh dlús le moltaí comhpháirteacha maidir le bearta iascaigh laistigh de limistéir mhuirí faoi chosaint go dtí 2021, ach tá an líon foriomlán fós an-íseal agus tá a raon feidhme caomhnaithe teoranta. Ní leor an ráta glactha sin, i bhfianaise a thábhachtaí atá na bearta bainistíochta iascaigh sin chun reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint agus athchóiriú na muirthimpeallachta a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is léir nach mór do na Ballstáit dlús a chur le huaillmhian an chur chuige réigiúnaigh, agus cur leis an uaillmhian sin, chun dul i ngleic le géarchéimeanna an phláinéid agus le cailliúint na bithéagsúlachta muirí agus sláine an éiceachórais atá ag géarú, rud a bhfuil iarmhairtí socheacnamaíocha aige de bharr meath ar stoic éisc agus rioscaí slándála bia. Is gá tiomantas comhchoiteann an Aontais do chaomhnú muirí a athnuachan agus tiomantas polaitiúil soiléir na bpáirtithe leasmhara agus na n‑institiúidí ar fad a áirithiú chun an reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun uirlisí beartais CBI atá ann faoi láthair a úsáid agus a chur ag oibriú.

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an próiseas sin trédhearcach agus go mbeidh na páirtithe leasmhara agus na húdaráis ar fad páirteach ann. Faoi chonarthaí an Aontais, is é caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí inniúlacht eisiach an Aontais, ach is inniúlacht chomhroinnte leis na Ballstáit é an beartas comhshaoil. Mar thoradh air sin, d’fhorbair próisis chinnteoireachta ar leithligh agus neamh-chomhordaithe ar gach leibhéal, rud a chuireann cosc ar bhearta bainistíochta comhleanúnacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar na naisc idir an dá réimse beartais agus feabhas suntasach a chur ar an trédhearcacht agus ar an gcomhordú idir na húdaráis agus na páirtithe leasmhara éagsúla. Chuirfeadh sé sin ar a chumas don Aontas réitigh a dhearadh agus a fhorbairt a rachadh chun tairbhe na n‑iascairí agus an chomhshaoil araon.

Chun léiriú a thabhairt ar an tiomantas chun dlús a chur le gníomhaíocht agus chun an trédhearcacht a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit treochláir a ullmhú agus a fhoilsiú, le hamlíne, ina leagfar amach bearta náisiúnta agus bearta eile a bhfuil i gceist acu a chur ar aghaidh trí mholtaí comhpháirteacha, a bhfuil gá leo chun cuspóirí an phlean gníomhaíochta seo a chomhlíonadh. Ba cheart a chuimsiú leis sin bearta ábhartha a shainítear i gcaibidil 2, 3 agus 6 den Teachtaireacht seo. Leis na treochláir ba cheart cur leis na gealltanais a thug na Ballstáit cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta go dtí 2030 a chomhlíonadh. Chun an próiseas a éascú, soláthróidh an Coimisiún teimpléad do na treochláir.

Chun tacú leis na Ballstáit an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme agus chun comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú, cruthóidh an Coimisiún comhghrúpa speisialta nua do na Ballstáit, ina mbeidh páirtithe leasmhara mar bhreathnóirí. Is é an aidhm dó sin comhroinnt eolais agus plé idir pobail iascaigh agus chomhshaoil a éascú, chomh maith le hardán trédhearcachta agus idirphlé a thabhairt do na Ballstáit maidir lena dtreochláir a chur chun feidhme. Leanfaidh an Coimisiún freisin de spreagadh a thabhairt d’institiúidí eile den Aontas agus d’údaráis náisiúnta an trédhearcacht agus an comhar a mhéadú idir an t‑iascach agus páirtithe agus saineolaithe comhshaoil.

Chun an tsoiléireacht a fheabhsú agus chun cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil reatha a éascú, thug an Coimisiún treoir maidir le róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe uile sna nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 11 de CBI( 98 ). Soláthróidh an Coimisiún tuilleadh treorach freisin maidir le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga agus maidir leis an reachtaíocht iascaigh. 

Chun tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú, ní mór do thomhaltóirí agus do mhargaí ról gníomhach a ghlacadh freisin. Tá sé sin ríthábhachtach chun éileamh a spreagadh ar iasc a fhaightear gan ach na tionchair is lú is féidir a imirt ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Tá tóir ar thionscnaimh éicilipéadaithe na hearnála príobháidí, rud a léiríonn go bhfuil fonn ar thomhaltóirí táirgí a cheannach lena nglactar cur chuige níos inbhuanaithe maidir le bainistíocht stoc éisc. Tá sé tábhachtach go mbeadh na tionscnaimh sin fónta ó thaobh na modheolaíochta de chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú. Déanfar é sin a áirithiú a thuilleadh tríd an togra a glacadh maidir le Cumhachtú Tomhaltóirí don Aistriú Glas agus tríd an togra atá le teacht chun dul i ngleic le maímh ghlasa bhréagacha.

Mar a fógraíodh sa straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, tá sé tábhachtach leanúint den obair ar thionscnamh an chórais bia inbhuanaithe a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh in 2023 le haghaidh cur chuige comhchuibhithe de chuid an Aontais i leith táirgeadh inbhuanaithe bia.

Agus feabhas á chur ag an Aontas ar na caighdeáin maidir le caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí agus ar chosaint na bithéagsúlachta muirí agus an éiceachórais mhuirí mar a thuairiscítear thuas, ba cheart dó na caighdeáin chéanna, ar a laghad, a chur i bhfeidhm ar a shoithí féin agus iad ag iascaireacht ar an mórmhuir nó i limistéar eacnamaíoch eisiach tíortha nach bhfuil san Aontas agus a chuirtear i bhfeidhm agus iad ag iascaireacht in uiscí an Aontais. Chomh maith leis an obair a dhéantar in ERBInna, rannchuidíonn comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe freisin le rialachas iascaigh idirnáisiúnta a chothú trí iascach inbhuanaithe a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta. Éilíonn an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí cinnteoireacht réigiúnaithe freisin, lena náirítear trí chomhar le tíortha nach bhfuil san Aontas, go déthaobhach agus/nó trí ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha amhail coinbhinsiúin réigiúnacha farraige( 99 ).

Feabhas a chur ar rialachas, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus for-rochtain

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024, treochláir a ullmhú agus a fhoilsiú( 100 ) ina leagtar amach na bearta ar fad is gá chun an plean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme, lena náirítear amlínte chun iad a ghlacadh/a chur isteach, agus tograí chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir na húdaráis náisiúnta agus na páirtithe leasmhara.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-In 2023, comhghrúpa speisialta a bhunú do na Ballstáit, ina mbeidh páirtithe leasmhara mar bhreathnóirí, a mbeidh sé de chúram air go sonrach tacaíocht a thabhairt don Choimisiún chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an phlean sin.

-Faoi dheireadh 2024, doiciméad treorach a ghlacadh maidir le Natura 2000 agus le hiascach.

-Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a chur ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta seo.

7.Creat maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta

Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta seo raon gníomhaíochtaí agus beart tacaíochta chun acmhainní iascaigh agus éiceachórais mhuirí a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas agus ar an gcomhordú idir beartais chomhshaoil agus iascaigh ar gach leibhéal. Ceapadh é chun aistriú earnáil an iascaigh i dtreo cleachtais iascaireachta níos inbhuanaithe a éascú agus chun cuidiú léi athléimneacht níos fearr a bhaint amach. Is treoir é do na Ballstáit chun cuidiú leo tús áite a thabhairt do bhearta ina ndírítear ar speicis íogaire agus grinneall na farraige a chosaint agus ar fheabhas a chur ar roghnaíocht iascaireachta.

Chun na bearta sin a chur chun feidhme agus chun go n‑oibreoidh siad go héifeachtach, ní mór don iascach, do na comhlachtaí comhshaoil, don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le chéile. Cé go bhfuil gá le tiomantas agus spreagadh polaitiúil athnuaite, is é cur chuige réigiúnach CBI an creat ceart go fóill chun an plean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme, ós rud é go gcuirtear difríochtaí agus cúinsí réigiúnacha san áireamh go hiomlán ann. Sa phróiseas sin, ní mór aird ar leith a thabhairt ar an obair leanúnach i gcomhthéacs ERBInna, i bhfianaise staid na stoc comhroinnte agus traslimistéir agus an ghá atá ann oibriú le tíortha nach bhfuil san Aontas a fheidhmíonn in uiscí an Aontais.

Molann an Coimisiún an creat seo a leanas chun an plean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme.

-In Earrach 2023 cuirfidh an Coimisiún teimpléad agus treoraíocht ar fáil do na Ballstáit chun ullmhú na dtreochlár a éascú.

-I bhFómhar 2023 gairfidh an Coimisiún an chéad chruinniú den chomhghrúpa speisialta nua chun tacú leis na Ballstáit a dtreochláir náisiúnta a ullmhú agus chun tús a chur leis an bpróiseas rianaithe.

-Faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024 cuirfidh na Ballstáit treochláir faoi bhráid an Choimisiúin agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad. Ba cheart a leagan amach sna treochláir sin na bearta náisiúnta agus na bearta eile atá beartaithe acu a mholadh trí mholtaí comhpháirteacha chun cuspóirí an phlean gníomhaíochta a bhaint amach, lena náirítear amlíne go 2030.

-Le linn an chéad leath de 2024 glacfaidh an Coimisiún an dara tuarascáil dá chuid ar an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla. Cuirfear an méid sin san áireamh san athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis Bhithéagsúlachta, athbhreithniú atá dlite freisin sa chéad leath de 2024, lena ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme. Déanfar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta seo a mheasúnú i gcomparáid (1) leis na bearta a fógraíodh agus a leagadh amach sna treochláir le haghaidh 2030 agus (2) leis na bearta náisiúnta nó na moltaí comhpháirteacha a rinneadh nó a cuireadh isteach faoi mhí an Mhárta 2024.

-Agus é ag brath ar an measúnú a dhéanfaidh sé ar an dul chun cinn a rinneadh, agus i gcomhréir lena cheart tionscnaimh, measfaidh an Coimisiún an bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun feabhas a chur ar chur chun feidhme aon cheann de na bearta a chuirtear i láthair sa phlean gníomhaíochta seo, lena náirítear é sin a dhéanamh trí thogra reachtach a eisiúint bunaithe ar mheasúnú tionchair críochnúil.

8.Conclúid

Tá an tAontas ina cheann feadhna ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun teacht ar chomhaontú maidir le spriocanna uaillmhianacha don chreat bithéagsúlachta domhanda nua agus anois ní mór dó spriocanna insoláthartha a dhéanamh de sin.

Chun dul i ngleic leis na trí ghéarchéim atá os comhair ár bpláinéid: tá an t‑athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an truailliú níos práinní ná riamh chun farraigí agus aigéin na hEorpa a chosaint agus a athchóiriú agus chun an tslándáil bia agus folláine shocheacnamaíoch na hEorpa a áirithiú d’iascairí, do phobail chósta agus do shochaithe i gcoitinne. Tá géarghá le tacú le hiascach an Aontais agus cabhrú leis a athléimneacht a mhéadú agus rannchuidiú le héiceachórais mhuirí a bhfuil sé ag brath orthu a chosaint agus a athchóiriú.

Mar chuid den Chomhshocrú Iascaigh agus Aigéan faoin Teachtaireacht maidir le CBI( 101 ) agus mar aon le gníomhaíochtaí a eascraíonn as tionscnamh an aistrithe fuinnimh, iarrann an Coimisiún ar gach dream lena mbaineann – na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle – a bheith uaillmhianach maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta seo agus oibriú i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara chun beartais chomhshaoil agus iascaigh an Aontais a chur chun feidhme i gcomhleanúnachas iomlán chun a áirithiú go mbeidh earnáil iascaigh inbhuanaithe rathúil ann i dteannta agus i sineirge le héiceachóras muirí sláintiúil bithéagsúil.

(1) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) COM(2020) 259.
(2) () IPBES (2022): Summary for policymakers of the thematic assessment of the sustainable use of wild species of the Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services. J.-M. Fromentin, M.R. Emery, J. Donaldson, M.-C. Danner, A. Hallosserie, D. Kieling, G. Balachander, E.S. Barron, R.P. Chaudhary, M. Gasalla, M. Halmy, C. Hicks, M.S. Park, B. Parlee, J. Rice, T. Ticktin, agus D. Tittensor (eagarthóirí). Ardrúnaíocht IPBES, Bonn na Gearmáine. 33 leathanach. https://doi.org/10.5281/zenodo.6425599
(3) ()    Bianchi, M., Hallström, E., Parker, R.W.R. et al. Assessing seafood nutritional diversity together with climate impacts informs more comprehensive dietary advice. Commun Earth Environ 3, 188 (2022). https://doi.org/10.1038/s43247-022-00516-4 .
(4) ()    Lena náirítear an dobharshaothrú agus an tionscal próiseála éisc.
(5) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM/2020/380).
(6) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Forging a climate-resilient Europe — the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
(7) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381).
(8)

()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) COM(2020) 259 final.

(9) ()    An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 2019, Teachtaireachtaí muirí II, Navigating the course towards clean, healthy and productive seas through implementation of an ecosystem-based approach.
(10) ()    Na tuarascálacha is déanaí ó IPBES (Global Assessment Report on Biodiversity and Ecosystem Services (2019); Methodological Assessment Report on the Diverse Values and Valuation of Nature, (2022)), léiríonn siad go bhfuil meath ag teacht ar shláinte na néiceachóras ar a bhfuilimid féin agus gach speiceas eile ag brath níos tapúla ná riamh agus go bhfuil an bonn á bhaint againn faoinár ngeilleagair, ár slite beatha, ár slándáil bia, ár sláinte agus ár gcáilíocht saoil ar fud an domhain.
(11) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Pathway to a Healthy Planet for All, EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean Gníomhaíochta an Aontais um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú], COM/2021/400 final.
(12) ()    Áirítear orthu sin, i measc nithe eile, laghdú 50 % a dhéanamh ar dhramhaíl agus bruscar plaisteach ar muir, laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear isteach sa chomhshaol; laghdú 50 % a dhéanamh ar chaillteanas cothaitheach agus lotnaidicídí ceimiceacha; laghdú 25 % a dhéanamh ar éiceachórais an Aontais ina bhfuil truailliú aeir ina bhagairt ar an mbithéagsúlacht.
(13) ()    Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).
(14) ()    Mar a cheanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE).
(15) ()    Tá an plean gníomhaíochta ábhartha freisin do na réigiúin is forimeallaí san Aontas (mar a liostaítear in Airteagal 249 CFAE), ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu freisin, i gcomhréir leis an iarraidh ó Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 chun díriú ar éiceachórais na réigiún sin a chosaint agus a athbhunú go práinneach, mar gheall ar a luach bithéagsúlachta fíorshaibhir.
(16) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: The common fisheries policy today and tomorrow: a Fisheries and Oceans Pact towards sustainable, science-based, innovative and inclusive fisheries management [An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéin i dtreo bainistíocht iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach], COM(2023)103.
(17) () Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais, COM(2023)100.
(18) ()    Tuarascáil Speisialta CIE 26/2020, Marine environment: EU protection is wide but not deep [An mhuirthimpeallacht: Tá cosaint an Aontais fairsing gan bheith domhain], https://op.europa.eu/webpub/eca/special-reports/marine-environment-26-2020/en/ .
(19) () Is limistéir iad limistéir mhuirí faoi chosaint atá sainiúil ó thaobh na geografaíochta de agus ar leagadh síos cuspóirí cosanta dóibh (an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 2018 ). Féach an anailís spásúil is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil ar limistéir mhuirí faoi chosaint i bhfarraigí na hEorpa: https://www.eionet.europa.eu/etcs/etc-icm/products/etc-icm-reports/etc-icm-report-3-2020-spatial-analysis-of-marine-protected-area-networks-in-europe2019s-seas-iii
(20) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra, an Bhruiséil, 22.6.2022 COM(2022) 304 final 2022/0195 (COD).
(21) ()    Tá achoimre ar an gcomhairliúchán i gceangal mar iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.
(22) ()    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm, Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le clár oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, JOIN(2022) 28 final.
(23) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) COM(2022) 259 final.
(24) () Mar a shainmhínítear in Airteagal 6(8) de Rialachán (AE) 2019/1241.
(25) ()    Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(26) ()    Iarscríbhinní V go XI a ghabhann le Rialachán 2019/1241.
(27) ()    Mura sonraítear a mhalairt, ba cheart go dtuigfí le tagairtí do ‘siorcanna’ sa doiciméad seo go gcumhdaítear gach speiceas den aicme Chondrichthyes (siorcanna, roic, sciataí agus ciméaraí).
(28) ()    I Muir Bhailt, tá na Ballstáit ag ullmhú chun bearta a ghlacadh chun gabhálacha de thaisme mhuca mara phríomh-imchuach Mhuir Bhailt, atá i mbaol criticiúil, a laghdú trí limistéir a iamh i gcomhréir le comhairle eolaíoch. Sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, tá bearta maolaithe breise á nullmhú ag na Ballstáit i gcomhthéacs an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) chun speicis íogaire a chosaint, amhail gabhálacha siorcanna atá i mbaol a laghdú agus iasclanna a chosaint. Sa Mhuir Dhubh, tá bearta á nullmhú freisin chun bradáin fearna agus muca mara a chosaint. San Atlantach Thoir Thuaidh, bhunaigh páirtithe conarthacha bearta faoi Choinbhinsiún Osló-Páras (OSPAR) chun cuidiú le téarnamh na speiceas agus na héanlaithe mara atá faoi bhagairt nó a bhfuil meath ag teacht orthu. I gcás Mhuir Bhailt, is é is aidhm do Choinbhinsiún Heilsincí (HELCOM) limistéir ardriosca a mhapáil d’éanlaith mhara, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na niarrachtaí caomhnaithe chun éanlaith mhara agus speicis éisc chósta a chosaint agus brúnna a theorannú.
(29) ()    Iarraidh ón Aontas maidir le bearta éigeandála chun foghabhálacha deilfeanna coiteanna (Delphinus delphis) agus mhuca mara phríomh-imchuach Mhuir Bhailt (Phocoena phocoena) san Atlantach Thoir Thuaidh a chosc (Comhairle ó ICES a Iarradh go Speisialta, Éiciréigiúin an Atlantaigh Thoir Thuaidh, arna Foilsiú an 26 Bealtaine 2020).
(30) ()    Airteagal 21 de Rialachán 2019/1241 agus Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis.
(31) ()    Amhail iad siúd a bhféachadh orthu faoi DISCARDLESS, faoi MINOW agus faoin gcomhairle ó ICES maidir le trealamh nuálach.
(32) ()    De réir Airteagal 15 de Rialachán 2019/1241 nó Airteagal 11 de Rialachán 1380/2013 (CBI). Féach freisin https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/marine/docs/Marine%20SWD%20288%20final.pdf
(33) ()    Airteagal 8(5) agus Airteagal 24(1) (a), (c), (d), (g) de Rialachán 2019/1241.
(34) ()    Is é sin, ‘speicis éan, mamaigh, reiptílí agus speicis éisc agus ceifileapóid nach saothraítear go tráchtálach, atá i mbaol foghabhála teagmhasacha sa réigiún nó san fhoréigiún’, Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn, Cuid II, Critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta, sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar ghnéithe riachtanacha agus ar shaintréithe agus ar stádas comhshaoil reatha na nuiscí mara faoi Airteagal 8(1)(a) de Threoir 2008/56/CE.
(35) ()    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)
(36) ()    Mar shampla, trí bhearta a moladh in ICES, 2023, EU additional request on mitigation measures to reduce by-catches of common dolphin (Delphinus delphis) in the Bay of Biscay a chur chun feidhme ina niomláine. Sa Tuarascáil ó Choiste Comhairleach ICES, 2023. Comhairle ó ICES 2023, sr.2023.01. https://doi.org/10.17895/ices.advice.21946634  nó bearta comhéifeachta.
(37) ()    Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 35.
(38) ()    Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athbhunú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17).
(39) ()    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(40) ()    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(41) ()    Cur leis an obair a rinne STECF ar bhearta teicniúla: STECF EWG 20-02, https://stecf.jrc.ec.europa.eu/web/stecf/ewg2002  agus STECF 21-07: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/ewg2107 .
(42) ()    Speicis tráchtála mar a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán 2019/1241.
(43) ()    Amhail rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta, i gcomhréir le comhairle eolaíoch.
(44) ()    Dá dtagraítear i dTábla 1 den tuarascáil ó STECF, ‘Support of the Action plan to conserve fisheries resources and protect marine ecosystems [Tacaíocht don phlean gníomhaíochta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint] (STECF-OWP-22-01), Bastardie, F. agus Doerner, H. eagarthóirí, EUR 28359 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022, ISBN 978-92-76-52911-8, doi:10.2760/25269, JRC129455. Áirítear ar an liosta dreidirí tarraingthe, dreidirí meicnithe lena náirítear dreidirí súite, trál dobharchú grinnill, trál dobharchú dúbailte, trál grinnill dhá bhád, saighní trá, saighní Danmhargacha (saighean ar ancaire), saighní dhá bhád, eangacha saighne Albanacha, saighní báid agus trál bíoma.
(45) ()    Fuarthas gurb í an iascaireacht an ghníomhaíocht mhuirí dhaonna is fairsinge a chuireann isteach ar ghrinneall na farraige ar fud fharraigí réigiúnacha na hEorpa. Sa Mhuir Thuaidh, léiríodh i réamh-mheasúnú gurbh í an iascaireacht ghrinnill ba chúis le thart ar 95 % den suaitheadh is cúis le scríobchaitheamh fisiciúil (ICES 2019). Ina theannta sin, de réir measúnú a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil déanann an trálaeireacht ghrinnill 79 % de ghrinneall chósta an Aontais a shuaitheadh (Coimisiún an Aontais, tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, 2020).
(46) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE), COM/2020/259 final
(47) ()     https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/figures/bottom-trawl-fishing-intensity-in .
(48) ()    Comhdháil 2022 na Náisiún Aontaithe chun Tacú le Cur Chun Feidhme Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14, ‘ Our ocean, our future, our responsibility: draft declaration’ [Ár naigéan, ár dtodhchaí, ár bhfreagracht: dréachtdearbhú], Liospóin, 27 Meitheamh–1 Iúil 2022.
(49)

()    An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, Carbon stocks and sequestration in terrestrial and marine ecosystems: a lever for nature restoration? A quick scan for terrestrial and marine EUNIS habitat type, Wageningen, mí na Samhna 2020; féach freisin: Cavan & Hill, 2021 ; Duarte et al., 2020 ; Luisetti et al., 2019 ; Pusceddu et al., 2014 .

(50) ()    Féach, mar shampla: Hiddink, J.G., et al, ‘ Global analysis of depletion and recovery of seabed biota after bottom trawling disturbance ’, Proceedings of the National Academy of Sciences, 2017.
(51) ()    Mar a cheanglaítear le Treoir 2008/56/CE.
(52) ()    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus liosta a bhunú de na limistéir inarb eol nó inar dócha éiceachórais mhuirí leochaileacha a bheith, IO L 242, 19.9.2022, lgh. 1-141.
(53) ()    Mar shampla, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241.
(54) ()    Ó bhí 2013 ann, chomhaontaigh na Ballstáit i gcúig Mholadh Chomhpháirteacha teorainn a chur leis an trálaeireacht ghrinnill i roinnt limistéar den Mhórmhuir Thuaidh agus de Mhuir Bhailt, i bpáirt chun sceireacha atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de a chosaint. Glacadh bearta náisiúnta i roinnt Ballstát freisin, bearta a chuimsítear sna pleananna bainistíochta faoin Rialachán maidir leis an Meánmhuir agus i mbearta CGIM atá i bhfeidhm.
(55) ()    Comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) faoi uiscí Eorpacha an Atlantaigh agus Muir Bhailt, EU request on how management scenarios to reduce mobile bottom fishing disturbance on seafloor habitats affect fisheries landing and value, Comhairle ó ICES ar iarratas speisialta, an 24 Meitheamh 2021.De réir na comhairle sin ó ICES, sainaithníodh patrúin chomhchosúla sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh cé go bhfágann difríochtaí sa mhodheolaíocht nach bhfuil na torthaí inchomparáide go díreach.
(56) ()     Dureuil et al., Elevated trawling inside protected areas undermines conservation outcomes in a global fishing hot spot , Science 362, 1403–1407 (2018), DOI: 10.1126/science.aau05.
(57) ()    Sala, A., Damalas, D., Labanchi, L. et al. Energy audit and carbon footprint in trawl fisheries. Sci Data 9, 428 (2022). https://doi.org/10.1038/s41597-022-01478  
(58) ()    IPBES (2022): Summary for policymakers of the thematic assessment of the sustainable use of wild species of the Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services. J.-M. Fromentin, M.R. Emery, J. Donaldson, M.-C. Danner, A. Hallosserie, D. Kieling, G. Balachander, E.S. Barron, R.P. Chaudhary, M. Gasalla, M. Halmy, C. Hicks, M.S. Park, B. Parlee, J. Rice, T. Ticktin, agus D. Tittensor (eagarthóirí). Ardrúnaíocht IPBES, Bonn na Gearmáine. 33 leathanach. https://doi.org/10.5281/zenodo.6425599
(59) ()    Cuideoidh an tathbhreithniú ar an Treoir Réime Dramhaíola, atá beartaithe do 2023, le cur amú bia a laghdú i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le tosaíochtaí an Choimisiúin le haghaidh 2023.
(60) ()    De réir Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/848.
(61) ()    Ba cheart an phleanáil sin a bheith ina cuid de na treochláir dá dtagraítear i gcaibidil 7.
(62) ()    Sala, E., Mayorga, J., Bradley, D. et al. Protecting the global ocean for biodiversity, food and climate. Nature 592, 397–402 (2021). https://doi.org/10.1038/s41586-021-03371-z
(63) ()     An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Support of the Action plan to conserve fisheries resources and protect marine ecosystems [Tacaíocht don phlean gníomhaíochta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint] (STECF-OWP-22-01). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022. Ar fáil ag: https://www.researchgate.net/publication/360642059_Scientific_Technical_and_Economic_Committee_for_Fisheries_STECF_-_Support_of_the_Action_plan_to_conserve_fisheries_resources_and_protect_marine_ecosystems  
(64) ()    Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas. Arna foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. L 283, 51 an 31 Deireadh Fómhair 2003.
(65) ()    Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 26/2020, Marine environment: EU protection is wide but not deep [An mhuirthimpeallacht: Tá cosaint an Aontais fairsing gan bheith domhain], leathanach 46.
(66) ()    Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004. Is é an Coimisiún a bhainistíonn 13 % den chiste go díreach.
(67) ()    Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, IO L 172, 17.5.2021.
(68) ()    A mhéid a bhaineann le buiséad EUR 5,3 billiún CEMID atá ar fáil do na Ballstáit le haghaidh na mblianta 2021 go 2027, tá sé beartaithe i ndréachtchláir na mBallstát 29 % den bhuiséad a leithdháileadh ar an mbithéagsúlacht, agus 56 % den bhuiséad a leithdháileadh ar an athrú aeráide (an staid mar atá an 28 Meán Fómhair 2022). Tá buiséad EUR 5,43 billiún ag clár LIFE le haghaidh 2021-2027 agus maoinítear tionscadail leis chun an mhuirthimpeallacht a chosaint agus a chaomhnú agus chun an brú ar éiceachórais mhuirí a laghdú.
(69) ()    DOI 10.2779/768079.
(70) ()    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh.
(71) ()    Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
(72) ()    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+).
(73) ()    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).
(74) ()    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(75) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chuige nua i leith geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas, Geilleagar Gorm an Aontais a Chlaochlú le haghaidh Todhchaí Inbhuanaithe. COM/2021/240 final.
(76) ()    Ciallaíonn muirshaothrú athghiniúnach feamainn agus sliogéisc a fhás i ngairdíní cósta faoi uisce.
(77) ()     https://oceans-and-fisheries.ec.europa.eu/news/joining-hands-eu-fight-marine-litter-2021-09-29_en ; agus https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-175441?&lg=EN/EN .
(78) ()    Arna nglacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 8 den Treoir maidir le Gnáthóga.
(79) ()    Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle. IO L 157, 20.6.2017, lgh. 1-21. Clár ilbhliantúil an Aontais maidir le bailiú sonraí mar a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2021/1167 ón gCoimisiún.
(80) ()    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (an Treoir maidir le hÉin) agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (an Treoir maidir le Gnáthóga).
(81) ()    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006. IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50.
(82) ()    Sa chomhthéacs sin, tá ról ríthábhachtach ag taifeadadh sonraí faoin Rialachán um Rialú nuashonraithe nuachóirithe.
(83) ()    Amhail gnáthóga ar ghrinneall na farraige, bataiméadracht, geolaíocht agus gníomhaíochtaí daonna (e.g. feirmeacha gaoithe, dobharshaothrú, trácht soithí), agus paraiméadair fhisiceacha, cheimiceacha agus bhitheolaíocha na timpeallachta muirí.
(84) ()    Agus go sonrach trí ‘Cluster 6: Food, Bioeconomy, Natural Resources, Agriculture and Environment’ [Cnuasach 6: Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol] de Chlár Oibre an chláir Fís Eorpach.
(85) ()    Misean an Aontais: Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athchóiriú: https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe/restore-our-ocean-and-waters_en
(86) ()    Nó faoi 2027 i gcás roinnt Ballstát, ag brath ar thráthchlár na bpleananna oibre atá ann faoi láthair.
(87) () Mar a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1004.
(88) ()    Ciallaíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le beo-acmhainní uisceacha a chaomhnú, a bhainistiú agus a shaothrú, maidir le dobharshaothrú agus maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil, a iompar agus a mhargú (Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle).
(89) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach {SEC(2018) 267 final} - {SWD(2018) 279 final} - {SWD(2018) 280 final}.
(90) ()    Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil, IO L 328, 6.12.2008, lgh. 28–37.
(91) ()    Sa dara tuarascáil 5 bliana ar chur chun feidhme an Rialacháin um Rialú, tugtar staid na himeartha maidir leis an ngníomhaíocht forfheidhmiúcháin a rinne an Coimisiún idir 2015 agus 2019: EUR-Lex - 52021DC0316 - EN - EUR-Lex (europa.eu)
(92) ()    Airteagal 15 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí.
(93) ()    Tuarascáil Speisialta 26/2020 , Marine environment: EU protection is wide but not deep [An mhuirthimpeallacht: Tá cosaint an Aontais fairsing gan bheith domhain], leathanach 47, moladh 87, tagairt d’Airteagal 15 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí.
(94) () Rialachán (AE) Uimh. 2019/173.
(95) ()    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena mbunaítear cláir shonracha rialaithe agus chigireachta le haghaidh iascaigh áirithe agus lena naisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2012/807/AE, 2013/328/AE, 2013/305/AE agus 2014/156/AE, IO L 317/29 an 14 Nollaig 2018.
(96) () Dá dtagraítear in Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
(97) ()    Féach Fonóta 29 maidir le hAirteagal 11 de Rialachán 1380/2013 (CBI).
(98) ()    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le bearta caomhnaithe a bhunú faoin gComhbheartas Iascaigh le haghaidh láithreáin Natura 2000 agus chun críocha na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, SWD 288 final.
(99) ()    Cumhdaíonn ceithre choinbhinsiún réigiúnacha farraige uiscí muirí an Aontais: an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí – HELCOM), (OSPAR), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Coinbhinsiún Osló-Páras – OSPAR), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona – UNEP-MAP) agus an Coinbhinsiún maidir leis an Muir Dhubh a Chosaint ar Thruailliú (Coinbhinsiún Bhúcairist). Is páirtí conarthach é an tAontas sna chéad trí cinn.
(100) ()    Cuirfidh an Coimisiún teimpléid ar fáil le haghaidh na dtreochlár chun treoir a thabhairt do na Ballstáit sa phróiseas.
(101) ()    COM(2023)103
Top