EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1972

Rún (AE) 2023/1972 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 570–575 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1972/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/570


RÚN (AE) 2023/1972 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0089/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (an ‘Comhghnóthas’) i mí Dheireadh Fómhair 2018 ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2026 (1) agus go ndearnadh uathriail air i mí Mheán Fómhair 2020;

B.

de bhrí, i mí Iúil 2021, gur ghlac an Chomhairle rialachán bunaidh nua lena gcuirtear síneadh le fad an Chomhghnóthais faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, ar feadh tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2033 (2) agus é mar mhisean leis seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagair sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas, agus tacú le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach agus iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora bunaithe ar shlabhra soláthair lena n-áiritheofar comhpháirteanna, teicneolaíochtaí agus eolas a chuirfidh teorainn leis an mbaol bristí agus le forbairt raon leathan feidhmchlár a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin, chomh maith leis an úsáid a bhainfear as an mbonneagar sár-ríomhaireachta sin a leathnú amach chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le forbairt príomhscileanna le haghaidh eolaíocht agus thionscal na hEorpa;

C.

de bhrí gurb iad an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, na Stáit Rannpháirteacha (3), agus dhá chomhpháirtí phríobháideacha, arna n-ionadú ag an Ardán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na comhlachais um Luach Mórshonraí, comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais; de bhrí, ag deireadh 2021, gur ghlac bord rialaithe an Chomhghnóthais leis an iarraidh ar bhallraíocht ó thríú comhpháirtí príobháideach eile, Cuibhreannas Eorpach an Tionscail Chandamaigh;

D.

de bhrí gurb ionann an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas (lena n-áirítear leithreasuithe LEE) faoi Rialachán (AE) 2021/1173 agus EUR 3,081 billiún, lena n-áirítear EUR 92 mhilliún le haghaidh costais riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil nó a shárú le ranníocaíocht ó na Stáit Rannpháirteacha;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi go gcinntear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil ón gCúirt’) go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais an Chomhghnóthais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021, ar gach slí ábhartha, a staid airgeadais an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt chun suntais go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábhartha;

2.

ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur mheas an Chúirt go raibh meánriosca ann d’iontaofacht na gcuntas bliantúil, mar gheall ar na nósanna imeachta maidir le haithint agus bainistiú sócmhainní nár bunaíodh fós, agus mar gheall ar na ceanglais maidir le tuairisciú, deimhniú agus bailíochtú ranníocaíochtaí comhchineáil a gcomhaltaí;

3.

ag tabhairt dá haire go bhfaighidh an Comhghnóthas cistiú breise de thart ar EUR 2 bhilliún ón gclár don Eoraip Dhigiteach, chomh maith le cistiú breise EUR 200 milliún ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun tacú leis na bonneagair le haghaidh sár-ríomhairí agus ríomhairí candamacha a fháil, a chur chun úsáide, a uasghrádú agus a oibriú;

4.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach 2020 spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, ar spriocanna iad nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, amhail i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

5.

ag tabhairt dá haire gurbh í 2021 an chéad bhliain iomlán oibríochta don chomhghnóthas ó rinne uathriail air i mí Mheán Fómhair 2020;

6.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar chostais riaracháin i measc na gcomhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a gcomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun na costais sin a dhéanamh inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach Comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

7.

ag tabhairt dá haire, don bhliain 2021, gurbh ionann an buiséad i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nua agus EUR 207,5 milliún (i gcomparáid le EUR 181,5 milliún in 2020) agus an buiséad i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 722,4 milliún (i gcomparáid le EUR 509,1 milliún in 2020); ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad íocaíochtaí a bhí ar fáil agus EUR 348,2 milliún (i gcomparáid le EUR 181,5 milliún in 2020) agus an buiséad gealltanas a bhí ar fáil agus EUR 753,4 milliún (i gcomparáid le EUR 509,1 milliún in 2020); ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa bhuiséad a bhí ar fáil leithreasuithe nár úsáideadh sna blianta roimhe sin, ar leithreasuithe iad a chuir an Comhghnóthas isteach arís i mbuiséad na bliana reatha, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí don bhliain dár gcionn;

8.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go ndearna an Chúirt an riosca do bhainistíocht buiséid a aicmiú mar mheánriosca don Chomhghnóthas mar gheall ar laigí a tugadh faoi deara sa phróiseas pleanála agus faireacháin buiséid agus ar chastacht agus cineál ilbhliantúil a chonarthaí agus a ghníomhaíochtaí deontais; á iarraidh ar an gComhghnóthas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa bhuiséad agus sna nósanna imeachta faireacháin a bheidh ann amach anseo;

9.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh EUR 180 milliún geallta cheana féin ag an gComhghnóthas don chómhaoiniú 50 % faoi dheontais taighde agus nuálaíochta Fís 2020, arb é an sprioc íosta faoi Rialachán (AE) 2018/1488 é agus go maoineoidh na Stáit Rannpháirteacha an 50 % eile de chostais fhoriomlána an tionscadail, agus go rannchuideoidh comhaltaí príobháideacha sa bhreis ar chostais uasta incháilithe na ngníomhaíochtaí deontais; ag tabhairt dá haire, áfach, gur cúis bhuartha di nach raibh ach EUR 4,2 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil tuairiscithe ag na comhaltaí príobháideacha faoin dáta sin; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil ardriosca ann nach mbainfear amach EUR 420 milliún de ranníocaíochtaí na gcomhaltaí príobháideacha, mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1488, faoi dheireadh chur chun feidhme an tionscadail deontais;

10.

ag tabhairt dá haire go gceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle go ndéanfaidh an Comhghnóthas tionscadail dar luach EUR 7 mbilliún iad a chur chun feidhme, ar cheart EUR 3,1 billiún de a ghiaráil ó na Stáit Rannpháirteacha agus EUR 900 milliún de a ghiaráil ó chomhaltaí príobháideacha i bhfoirm ranníocaíochtaí airgid thirim agus ranníocaíochtaí comhchineáil; ag tabhairt chun suntais gur méadú suntasach é sin i gcomparáid le CAI a bhí ann roimhe sin faoina raibh ar an gComhghnóthas tionscadail de thart ar EUR 1,4 billiún a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an riosca nach mbainfidh an Comhghnóthas amach spriocanna ranníocaíochta na gcomhaltaí eile faoi Rialachán (AE) 2021/1173;

11.

ag tabhairt dá haire, maidir le buiséad 2021 an Chomhghnóthais a bhí ar fáil do thionscadail oibríochtúla, gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas oibríochtúil agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla agus 2 % agus 47 % faoi seach; ag tabhairt dá haire go dtugtar míniú den chuid is mó ar an ráta cur chun feidhme an-íseal le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le tús moillithe an chomhghnóthais faoi CAI 2021-2027 i mí Iúil 2021 agus le haistriú cistí EUR 700 milliún chuig an gComhghnóthas i mí na Nollag 2021 ag an gCoimisiún agus ag na Stáit Rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire gur chuir moilleanna ó na heintitis óstacha agus saincheisteanna soláthair maidir le príomh-chomhpháirteanna mar thoradh ar an gcás paindéime domhanda i dtógáil na bhfoirgneamh (lárionaid sonraí), a bhí riachtanach chun na sár-ríomhairí a fuarthas cheana féin a óstáil agus a oibriú, leis an ráta íseal cur chun feidhme freisin;

12.

ag tabhairt dá haire gurbh é tús moillithe roinnt tionscadal nua bonneagair ba chúis le ráta íseal cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla den chuid is mó, rud a d’fhág go raibh moill ar íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a bhí beartaithe do 2021, agus gurbh é an t-am breise gan choinne ba ghá don obair rialaithe ex ante ar tháirgí insoláthartha, maidir leis na chéad íocaíochtaí deontais eatramhacha do thionscadail Fís 2020, ba chúis leis an ráta íseal sin freisin;

13.

ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas riaracháin agus leis na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin, nár chuir an Comhghnóthas ath-leithdháileadh mhéideanna suntasacha na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta nár úsáideadh sna blianta roimhe sin san áireamh go leordhóthanach agus buiséad riaracháin 2021 á phleanáil aige; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár úsáideadh na leithreasuithe buiséid a ath-leithdháileadh ó bhlianta roimhe sin roimh leithreasuithe nua na bliana;

14.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil nósanna imeachta iontaofa fós ag an gComhghnóthas chun ranníocaíochtaí comhchineáil a dheimhniú agus a bhailíochtú, ar ranníocaíochtaí iad arna dtuairisciú ag a chomhaltaí príobháideacha agus a Stáit Rannpháirteacha agus gurb é an t-aon Chomhghnóthas amháin nach bhfuil plean straitéiseach cur chun feidhme aige chun ranníocaíochtaí comhaltaí eile a bhaint amach; á iarraidh ar an gComhghnóthas an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an easpa plean den sórt sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Chomhghnóthas nósanna imeachta iontaofa a chur chun feidhme chun ranníocaíochtaí comhchineáil a dheimhniú agus a bhailíochtú, chomh maith le plean straitéiseach cur chun feidhme (treochlár) a chur chun feidhme ina mbeidh garspriocanna réalaíocha agus spriocanna ranníocaíochta bliantúla do na Stáit Rannpháirteacha agus do na comhaltaí príobháideacha ar leibhéal an chláir; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-admhaíonn an Comhghnóthas an ghníomhaíocht atá molta ag an gCúirt agus go bhfuil sé tiomanta aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin go tráthúil;

15.

ag tabhairt dá haire, faoi CAI 2021-2027, gurb iad an clár Fís Eorpach agus an clár don Eoraip Dhigiteach i gcónaí ar an bpríomhacmhainn airgeadais do chomhghnóthais, agus buiséad iomlán EUR 15,1 billiún i gceist leo chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta na gcomhghnóthas a chómhaoiniú agus go gcuireann na comhghnóthais EUR 11,6 billiún chun feidhme, arb ionann é agus thart ar 12 % de bhuiséad iomlán Fís Eorpach EUR 95,5 billiún; á chur in iúl gur geal léi, ar an taobh eile, go gcuirfidh an Comhghnóthas agus an Comhghnóthas um Shliseanna a bheidh ann amach anseo (4) tionscadail mhóra fothaithe acmhainneachta, imlonnaithe agus infheistíochta chun feidhme, ar tionscadail iad a bhaineann leis an Straitéis um Margadh Aonair Digiteach Eorpach faoin gClár don Eoraip Dhigiteach agus go bhfaighidh an Comhghnóthas agus an Comhghnóthas um Shliseanna a bheidh ann amach anseo EUR 3,4 billiún i gcistí an Aontais ón gClár don Eoraip Dhigiteach, arb ionann é agus 39 % de chistiú iomlán an chláir EUR 8,6 billiún, chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme;

16.

ag tabhairt dá haire, bunaithe ar an tuarascáil ón gCúirt, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gComhghnóthas, faoi Rialacháin (AE) 2021/695 (5) agus (AE) 2021/1173, próiseas bainistíochta láraithe nua a thabhairt isteach, is é sin córas lárbhainistithe na ranníocaíochtaí airgeadais (CMFC), chun ranníocaíochtaí airgeadais a Stát Rannpháirteach a bhainistiú;

17.

ag tabhairt dá haire, faoin gcóras CMFC atá beartaithe, gur féidir le gach Stát Rannpháirteach a ranníocaíocht airgeadais faoi seach a íoc leis an gComhghnóthas ar leibhéal an tionscadail le haghaidh tairbhithe atá bunaithe ina stát agus le linn an phróisis sin, go bhfuil ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach freisin maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin a íoctar leis an gComhghnóthas le haghaidh iarratasóirí atá bunaithe ina stát, i gcomhréir le rialacha airgeadais agus iomaíochta an Aontais, lena gceadaítear do Stát Rannpháirteach cinneadh a dhéanamh, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta, an dtacóidh sé le tairbhí náisiúnta de thionscadal taighde agus nuálaíochta roghnaithe agus formheasta nó nach dtacóidh; ag tabhairt dá haire, ar an taobh eile, go mbeidh ar an gComhghnóthas na híocaíochtaí cómhaoinithe a fhorghníomhú do gach Stát Rannpháirteacha a roghnaigh a ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire go mbeidh ar an gComhghnóthas dhá phróiseas mhalartacha a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu chun tacú le comhaontuithe riaracháin le Stáit Rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire go gcaithfidh údarás cistiúcháin náisiúnta gach Stáit Rannpháirtigh comhaontú a shíniú leis an gComhghnóthas, chun íocaíocht ranníocaíochtaí náisiúnta a chur de chúram air, nó chun comhaontuithe aistrithe cistí náisiúnta a chomhordú le haghaidh na n-íocaíochtaí le tairbhithe agus tuairisciú ar ranníocaíochtaí; ag tabhairt dá haire, de réir amlíne an Chomhghnóthais, gur cheart na comhaontuithe a bheith sínithe sular shínigh an Comhghnóthas a chéad samhail-chomhaontú deontais le haghaidh glaonna a seoladh faoi CAI 2021-2027; á iarraidh ar an gComhghnóthas simplithe don nós imeachta sin a bhfuil ualach mór ag baint leis a fhiosrú agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann;

18.

ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na barúlacha ón gCúirt, nach ndearna an Coimisiún measúnú ar na hacmhainní breise is gá chun an córas CMFC atá beartaithe a chur chun feidhme ná nár áiríodh iad i meastacháin acmhainní foirne tosaigh an Chomhghnóthais chun clár oibre nua taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an easpa pleanála seo i dtabhairt isteach chóras CMFC in éineacht leis an staid foirne, agus an easpa uirlisí agus tacaíochta TF, tionchar diúltach a imirt ar chur chun feidhme chláir an Chomhghnóthais agus ar bhaint amach ranníocaíochtaí na gcomhaltaí eile; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach mór córas CMFC a bhainistiú de láimh, agus go mbeidh sé sin dian ó thaobh acmhainní daonna de; á iarraidh go gcuirfí an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoi stádas cur chun feidhme an chórais láraithe nua sin;

Soláthar agus foireann

19.

ag tabhairt chun suntais gur mheas an Chúirt go raibh meánriosca ann do chaiteachas conartha agus do nósanna imeachta soláthair phoiblí don Chomhghnóthas, mar gheall ar na nósanna imeachta casta soláthair le haghaidh conarthaí ardluacha;

20.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh 15 bhall foirne reachtúla agus 3 bhall foirne eatramhacha fostaithe ag an gComhghnóthas, ar baill foirne iad a chabhraíonn leis an bhfoireann airgeadais agus cumarsáide; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ó cuireadh deireadh le leithdháileadh post saineolaithe náisiúnta ar iasacht faoi Rialachán (AE) 2021/1173, gur cuireadh an earcaíocht ar feitheamh agus go n-earcófar oifigeach cláir in 2022 in ionad sin;

21.

á chur in iúl gur oth léi go mbaineann na príomhábhair imní a shainaithin an Chúirt leis an bhfíoras go bhfuil an Comhghnóthas gann ar fhoireann agus, mar gheall ar an easpa foirne reachtúla leordhóthanaí, go bhfuil méadú tagtha ar an úsáid a bhaintear as foireann eatramhach, rud a d’fhéadfadh laigí i mbainistíocht airgeadais, buiséid agus foirne a bheith mar thoradh air, agus go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an easpa sin ó thaobh leanúnachas gníomhaíochtaí, príomhinniúlachtaí a choinneáil agus easpa rialuithe inmheánacha leordhóthanacha, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aici ar bhaint amach chuspóirí an Chomhghnóthais; á chur in iúl gur geal léi, faoi Rialachán (AE) 2021/1173, go bhfuil an Comhghnóthas in ann bearta a dhéanamh chun an tsaincheist sin a réiteach agus go bhfuil tús curtha aige leis an bpróiseas earcaíochta agus tosaíocht á tabhairt aige do sheasaimh riachtanacha a bhaineann le príomhfheidhmeanna an Chomhghnóthais agus le maolú riosca, amhail seasaimh an iniúchóra inmheánaigh;

22.

ag tabhairt dá haire, faoi Rialachán (AE) 2021/1173, go mbeidh ar an gComhghnóthas níos mó ná EUR 7 mbilliún a chur chun feidhme i gcistí agus, chuige sin, gur gá dó 39 mball foirne breise a earcú chun an leibhéal beartaithe a bhí aige de 54 bhall foirne reachtúla a bhaint amach faoi dheireadh 2023 (6); ag tabhairt dá haire, mar gheall ar ghlacadh moillithe Rialachán (AE) 2021/1173, nár sheol an Comhghnóthas na próisis earcaíochta is gá do sheacht bpost ardtosaíochta ach go déanach in 2021, agus nach bhféadfadh sé an fhoireann a bhí aige a mhéadú le linn 2021;

23.

ag tabhairt dá haire, maidir leis na torthaí ón gCúirt ar an staid foirne fhorbhásach sa Chomhghnóthas in 2021, go bhfuil gá le hiarrachtaí méadaithe i réimse na n-acmhainní daonna i gcoitinne agus i rannpháirtíocht phleanáil acmhainní an Choimisiúin chun feabhas a chur ar phleanáil acmhainní daonna agus go sonrach ar an bpróiseas earcaíochta, chun go seachnófar cásanna d’fholúntais fhadtéarmacha, ráta ard athraithe foirne, líon ard ball foirne seachtrach, spleáchas ar shaineolas roinnt ball foirne, ualaí iomarcacha oibre agus neamhláithreachtaí agus neamhéifeachtúlachtaí foirne dá bharr sin, agus, ina ionad sin, go ndéanfar dálaí fostaíochta atá tarraingteach agus cothrom ar bhonn sóisialta a thairiscint lena dtacaítear le cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

24.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021, gur mná iad 47 % de líon iomlán 45 shaineolaí a ghlac páirt i meastóireachtaí agus in athbhreithnithe ar thionscadail agus gur fir iad 53 % díobh; á chur in iúl gur geal léi na figiúirí sin agus ag moladh don Chomhghnóthas tuilleadh feabhais a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc bhaill foirne an Chomhghnóthais;

25.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an Comhghnóthas ag obair le hArd-Stiúrthóireacht an Bhuiséid de chuid an Choimisiúin chun soiléiriú a dhéanamh ar an staid maidir le ranníocaíochtaí pinsin foirne an Chomhghnóthais, i gcomhréir leis na moltaí ón gCúirt a rinneadh go déanach in 2021; á iarraidh ar an gComhghnóthas gan fanacht ar ríomh deiridh na ranníocaíochtaí gan íoc, ach an oibleagáid sin a bhreithniú nuair a dhéantar a bhuiséad amach anseo a phleanáil, amhail trí fhabhrú comhfhreagrach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Feidhmíocht

26.

ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais dírithe den chuid is mó ar chur i gcrích glaonna agus gníomhaíochtaí a tionscnaíodh in 2019 agus in 2020 (tionscadail oidhreachta);

27.

á chur in iúl gur geal léi gur shínigh trí chuibhreannas déag comhaontuithe leis an gComhghnóthas in 2021 agus gur thosaigh siad ag obair i mí Aibreáin 2021; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear leis na tionscadail na trí thopaic den ghlao Towards Extreme Scale Technologies and Applications, agus go n-úsáidtear leo níos mó ná 70 % den chistiú ainmnithe atá ar fáil faoi Fhís Eoraip 2020;

28.

ag tabhairt chun suntais go n-oibreoidh na cuibhreannais éagsúla ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chuideoidh leis an Eoraip a bheith iomaíoch ar fud an domhain i réimse na sár-ríomhaireachta agus, le deich gcinn de na tionscadail sin, go dtabharfar aghaidh ar EuroHPC-01-2019 Extreme scale computing and data driven technologies agus go mbeidh dhá thionscadal eile, MICROCARD agus REGALE, dírithe ar an topaic EuroHPC-02-2019 maidir le HPC and data centric environments and application platforms;

29.

ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndíreoidh tionscadal exaFOAM ar an topaic EuroHPC-03-2019 maidir le Industrial software codes for extreme scale computing, gur sheol an Comhghnóthas glao lena gcumhdaítear an glao Training and Education on High Performance Computing chun máistirchlár Eorpach sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a dhearadh agus a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire gur seoladh an glao ag tús na bliana agus, faoi mhí Dheireadh Fómhair, go raibh an Comhghnóthas in ann a fhógairt go leanfaí leis an tionscadal, a bheidh faoi stiúir Ollscoil Lucsamburg agus a dhéanfar i gcomhar le seacht n-ollscoil Eorpacha eile; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go n-éascófar oideachas agus forbairt ghairmiúil daoine a bhfuil ardchumas acu leis an tionscnamh seo, ar daoine iad atá ríthábhachtach do rath an Chomhghnóthais;

30.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur ullmhaigh an Comhghnóthas an dara céim de thionscadal an tionscnaimh maidir le próiseálaí Eorpach, ar bunchloch é den tionscnamh Eorpach i dtreo uathriail straitéiseach sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta, i dteicneolaíochtaí sliseanna agus i mbonneagar, agus gur cuireadh tús in 2022 le cur chun feidhme an dara céim sin, ar céim í ar cheart di cur leis an méid a baineadh amach leis an gcéad chéim;

Rialú inmheánach

31.

á chur in iúl gur geal léi, in 2020, gur fhorbair an Comhghnóthas plean gníomhaíochta chun na gníomhaíochtaí atá fágtha de na 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh de chreat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin a chur chun feidhme in 2021, agus, mar gheall ar easpa príomhfhoireann riaracháin (amhail ceann airgeadais agus riaracháin agus ceann cumais iniúchóireachta inmheánaí), nach raibh roinnt gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh tábhachtacha formheasta go fóill ag an gComhghnóthas laistigh de sprioc-amanna 2021 a leagtar síos ina phlean gníomhaíochta;

32.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, in ainneoin na rioscaí atá roimh an gComhghnóthas mar gheall ar an mbuiséad méadaithe atá aige, nach ndearna sé ach cleachtadh measúnaithe riosca bliantúil simplithe; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, nach raibh forbairt straitéise rialaithe agus faireacháin ná plean leanúnachais gnó agus slándála TF curtha i gcrích go hiomlán ag an gComhghnóthas faoi dheireadh 2021; á chur i bhfios go láidir gur mhéadaigh na moilleanna sin riosca rialaithe inmheánaigh an Chomhghnóthais do 2021;

33.

á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, agus díriú ar chineálacha tairbhithe ar gnách leo earráidí a dhéanamh amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus tairbhithe nua;

Coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú, agus straitéis frithchalaoise

34.

á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Comhghnóthas sraith chuimsitheach rialacha agus nósanna imeachta chun creat soiléir oibre a chur ar fáil dá fhoireann agus go bhfuil na rialacha sin i bhfeidhm ar fud struchtúr rialachais iomlán an Chomhghnóthais, agus go bhfuil na nósanna imeachta um choinbhleacht leasa i bhfeidhm do chomhaltaí an chomhlachta rialaithe agus na gcomhlachtaí comhairleacha araon;

35.

ag tabhairt dá haire gur mór aici, ina theannta sin, gur cuireadh bearta sonracha chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa na saineolaithe atá i gceannas ar mheastóireacht ar iarratais ar dheontais agus ar an athbhreithniú ar thionscadail agus ar thairiscintí a chosc agus a bhainistiú;

36.

á thabhairt chun suntais gur ghlac an Comhghnóthas an chomhstraitéis frithchalaoise taighde agus gur thosaigh sé á cur chun feidhme agus, maidir le réimsí eile caiteachais seachas deontais, go gcuirfidh an Comhghnóthas an straitéis frithchalaoise i bhfeidhm mutatis mutandis agus de réir analaí, ar straitéis í arna formheas ag Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta de chuid an Choimisiúin.

(1)  Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).

(3)  Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe a roghnaigh a bheith ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Tuirc.

(4)  I mí Feabhra 2022, mhol an Coimisiún go ndéanfaí an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a leasú agus a athainmniú mar an Comhghnóthas um Shliseanna a bheidh amach anseo ann. Tá sé beartaithe go mbeidh de shainchúram breise ar an gComhghnóthas um Shliseanna gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta an Tionscnaimh ‘Sliseanna don Eoraip’ faoi CAI 2021-2027 a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, bainfidh an Comhghnóthas um Shliseanna úsáid as an mbuiséad ón gclár don Eoraip Dhigiteach chun borradh a chur faoi fhorbairt teicneolaíochtaí leathsheoltóra nuálacha den chéad ghlúin eile agus chun acmhainneacht táirgthe sliseanna san Eoraip a neartú.

(5)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(6)  COM(2020)569, 19.9.2020.


Top