EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1954

Rún (AE) 2023/1954 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – KDT JU(roimh an 30 Samhain 2021, Chomhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 513–517 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1954/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/513


RÚN (AE) 2023/1954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – KDT JU(roimh an 30 Samhain 2021, Chomhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Chomhpháirteanna Leictreonacha agus um Chórais le haghaidh Ceannaireachta Eorpaí (ECSEL) faoin gclár Fís 2020 an 6 Bealtaine 2014 le Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 (1) ón gComhairle, a tháinig i bhfeidhm an 27 Meitheamh 2014, go ceann tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024; de bhrí gur tháinig ECSEL in ionad agus i gcomharbas ar Chomhghnóthas ENIAC (ENIAC) agus ar Chomhghnóthas ARTEMIS (ARTEMIS), a dúnadh an 26 Meitheamh 2014; de bhrí, i mí na Samhna 2021, gur bunaíodh an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (‘Comhghnóthas KDT’) faoin gclár Fís Eorpach le Rialachán (AE) 2021/2085 (2) ón gComhairle chun ECSEL a ionadú, don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach é Comhghnóthas KDT a bhainistíonn clár taighde agus nuálaíochta arb é is aidhm dó neamhspleáchas straitéiseach an Aontais in earnáil na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach a threisiú; de bhrí gur cheart do Chomhghnóthas KDT aghaidh a thabhairt ar thopaicí atá sainithe go soiléir a chuirfeadh ar chumas thionscail an Aontais i gcoitinne na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus i gcórais leictreonacha;

C.

de bhrí gurb iad comhaltaí Chomhghnóthas KDT an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, na Stáit Rannpháirteacha, agus trí chomhlachas tionscail, eadhon an Comhlachas Eorpach um Chomhtháthú an Chórais Chliste, an Comhlachas um Ghníomhaíochtaí Eorpacha Nanaileictreonaice, agus an Comhlachas Tionscail Inside, a dhéanann ionadaíocht ar gheallsealbhóirí sa mhicrileictreonaic agus sa nanaileictreonaic, i gcórais chomhtháite chliste agus i gcórais leabaithe/chibirfhisiciúla;

D.

de bhrí gur suas le EUR 1,8 billiún, lena n-áirítear suas le EUR 26,331 milliún le haghaidh costais riaracháin, atá i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas KDT, lena n-áirítear leithreasuithe LEE, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach; de bhrí go ndéanfaidh comhaltaí príobháideacha Chomhghnóthas KDT ranníocaíochtaí EUR 2,5 billiún ar a laghad le Comhghnóthas KDT, nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe na ranníocaíochtaí sin; de bhrí go ndéanfaidh nó go socróidh na comhaltaí príobháideacha go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais suas le EUR 26,331 milliún le haghaidh chostais riaracháin Chomhghnóthas KDT don tréimhse 10 mbliana;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi cur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat de bhearta chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an ‘Gníomh um Shliseanna ’);

2.

á aithint go mbeartaítear le clár Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha do Chomhghnóthas KDT, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, mar shampla i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar Chomhghnóthas KDT féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus a bheadh comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar chostais riaracháin i measc na gcomhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é don inchomparáideacht; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

4.

á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla Chomhghnóthas KDT, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais Chomhghnóthas KDT an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain sin, i gcomhréir lena rialachán airgeadais agus leis na rialacha cuntais arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta iad, ar gach slí ábharach, na hidirbhearta is bonn leis na cuntais;

5.

ag tabhairt dá haire, i mbuiséad iomlán Chomhghnóthas KDT atá ar fáil don bhliain 2021, lena n-áirítear leithreasuithe neamhúsáidte ó bhlianta roimhe sin arna n-iontráil an athuair, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile, gur áiríodh EUR 218,3 milliún le haghaidh gealltanais agus EUR 199,3 milliún le haghaidh leithreasuithe i gcomhair íocaíochta, agus gurbh é 99,4 % an ráta cur chun feidhme (i gcomparáid le 99,59 % in 2020) le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 84 % (i gcomparáid le 88,63 % in 2020) le haghaidh leithreasuithe i gcomhair íocaíochta;

6.

ag tabhairt dá haire i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (‘tuarascáil na Cúirte’) gur chuir Comhghnóthas KDT clabhsúr airgeadais ar thionscadail leanúnacha an Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar chostais iomlána ghníomhaíochtaí sínithe de chuid an Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus ar na híocaíochtaí iarbhír a rinne Comhghnóthas KDT agus a réamhtheachtaithe, eadhon, ENIAC, ARTEMIS agus ECSEL, chun na gníomhaíochtaí sin a chómhaoiniú, go meastar gurb ionann ranníocaíochtaí deiridh na gcomhaltaí agus EUR 564,3 milliún don Aontas, EUR 812,5 milliún do Stáit Rannpháirteacha agus EUR 2 202,4 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil do chomhaltaí príobháideacha;

7.

ag tabhairt dá haire go raibh EUR 1 170 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais geallta go hiomlán ag Comhghnóthas KDT ag deireadh 2021 le haghaidh comhaontuithe deontais a síníodh le haghaidh Fís 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil thart ar EUR 190,3 milliún (16,6 %) fós le híoc as an méid sin sna blianta amach romhainn;

8.

á thabhairt dá haire gurb é 85 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 Chomhghnóthas KDT a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020; ag tabhairt dá haire nach raibh aon leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí oibríochtúla 2021 beagnach ag Comhghnóthas KDT toisc gur chríochnaigh sé a ghlao deireanach ar thogra faoi dheireadh 2020;

9.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur measadh, ag deireadh 2021, gur fiú EUR 1 594,2 milliún ranníocaíochtaí comhchineáil deiridh ionchasacha an chomhalta phríobháidigh le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla Fís 2020; ag tabhairt dá haire nach féidir le Comhghnóthas KDT ach méid iarbhír ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí príobháideacha a ríomh agus a bhailíochtú a luaithe a bheidh na híocaíochtaí go léir déanta ag Comhghnóthas KDT agus ag na Stáit Rannpháirteacha agus a luaithe a bheidh gach deimhniú deiridh tionscadail agus gach faisnéis ghaolmhar faighte; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin agus ós rud é nach raibh ach líon teoranta de thionscadail Fhís 2020 tugtha chun críche ag deireadh 2021, gurbh ionann ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe an tionscail agus EUR 300,6 milliún; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gurbh ionann na ranníocaíochtaí carnacha measta agus (nár bailíochtaíodh go fóill) comhchineáil ó chomhaltaí príobháideacha agus EUR 968.2 milliún, bunaithe ar mhodheolaíocht pro-rata temporis arna glacadh ag bord rialaithe Chomhghnóthas KDT;

10.

ag tabhairt dá haire gur shínigh na Stáit Rannpháirteacha, ag deireadh 2021, gealltanais chonarthacha arbh ionann iad agus EUR 1 106,2 milliún agus gur dhearbhaigh siad ranníocaíochtaí airgeadais iomlána de EUR 450,2 milliún, a d’íoc siad go díreach le tairbhithe náisiúnta na dtionscadal Fís 2020 ar thacaigh siad leo; á thabhairt dá haire gur fiú EUR 1 058,1 milliún an difríocht idir méid ranníocaíocht airgeadais na Stát Rannpháirteach agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais. Is é is cúis le EUR 1 058,1 milliún ag deireadh 2021 nach n-aithníonn agus nach dtuairiscíonn formhór na Stát Rannpháirteach a gcostais do Chomhghnóthas KDT ach ar thabhairt chun críche thionscadail Fís 2020 a dtacaíonn siad leo;

Soláthar agus foireann

11.

ag tabhairt dá haire go ndéantar soláthar agus conarthaí a bhainistiú i gcomhréir le forálacha rialachán airgeadais Chomhghnóthas KDT agus go ndéantar iad a chomhordú laistigh d’fhoireann riaracháin agus airgeadais Chomhghnóthas KDT;

12.

ag tabhairt dá haire go ndearna Comhghnóthas KDT, chun a chuspóirí a bhaint amach agus tacaíocht leordhóthanach a thabhairt dá oibríochtaí agus dá bhonneagar, cistí a leithdháileadh chun na seirbhísí agus na soláthairtí is gá a sholáthar; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs na bainistíochta fónta airgeadais agus na héifeachtúlachta, gur bhain Comhghnóthas KDT an úsáid is mó is féidir as na Comhaontuithe Seirbhíse éagsúla a tugadh i gcrích cheana le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, chomh maith lena chomhaltaí príobháideacha agus gur bhain sé úsáid as creatchonarthaí idirinstitiúideacha (mar shampla, seirbhísí agus trealamh TF, seirbhísí foirne eatramhacha, seirbhísí iniúchóireachta seachtracha); ag tabhairt dá haire, i bhfianaise an chomhthéacs sláintíochta mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na srianta a forchuireadh, gur reáchtáladh formhór na gcruinnithe agus na n-imeachtaí go léir go cianda agus nach raibh ach líon an-bheag misean ar siúl sa ráithe dheireanach de 2021 agus mar thoradh air sin, in 2021, nach raibh ach fíorbheagán nósanna imeachta soláthair ag Comhghnóthas KDT, go bunúsach le haghaidh conarthaí ar luach íseal;

13.

ag tabhairt dá haire gur seoladh dhá nós imeachta idirbheartaithe ar luach an-íseal i mí na Bealtaine 2021 chun dhá chonradh a dhámhachtain don tacaíocht lóistíochta agus chun físeáin a chruthú i gcomhthéacs eagrú leagan digiteach ‘Siompóisiam Chomhghnóthas ECSEL 2021’ agus i mí Mheán Fómhair 2021, sheol ECSEL nós imeachta idirbheartaithe le haghaidh conradh ar luach íseal a bhain le seimineár ardleibhéil a eagrú;

14.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go raibh 29 mball foirne fostaithe ag Comhghnóthas KDT an 31 Nollaig 2021, lenar áiríodh gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht; ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gur earcaigh ECSEL, in 2021, dhá ghníomhaire conarthacha do phoist mar chúntóir airgeadais/riaracháin (a fágadh folamh tar éis d’iarbhaill foirne imeacht); ag tabhairt dá haire gur tugadh an earcaíocht chun críche sa cheathrú ráithe de 2021; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh beirt ghníomhairí sealadacha ar scor agus go raibh duine eile curtha in ionad dhuine amháin acu cheana féin;

15.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard i ngach comhghnóthas le linn na tréimhse ó 2018 go 2021, agus é ag thart ar 11 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas KDT a bheith mar thoradh ar chóimheas ard na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle;

16.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte, le togra ón gCoimisiún (3) maidir le Rialachán (AE) 2021/2085 a leasú, go ndéanfar Comhghnóthas KDT a chlaochlú ina Chomhghnóthas Sliseanna amach anseo, le sainchúram nua a bhaineann le cur chun feidhme an Tionscnaimh ‘Sliseanna don Eoraip’ faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go dtacóidh Comhghnóthas KDT le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha leathsheoltóra na chéad ghlúine eile lenar cheart cumas táirgthe sliseanna an Aontais a threisiú; ag tabhairt dá haire, de réir an togra sin, go gcuirfidh Comhghnóthas KDT tionscadail a bhfuil costas thart ar EUR 10,9 billiún orthu chun feidhme faoi CAI 2021–2027, agus ba cheart dó 19 mball foirne breise a earcú chun an 50 ball foirne reachtúil a bhaint amach faoi 2025; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ós rud é nach raibh ach 29 mball foirne ag Comhghnóthas KDT (13 bhall foirne shealadacha agus 16 bhall foirne ar conradh) ag deireadh 2021, go bhféadfadh dúshláin shuntasacha ó thaobh acmhainní daonna a bheith roimh an gComhghnóthas maidir leis na hearcaíochtaí nua sin a bhainistiú, sa bhreis ar na próisis nua riaracháin agus oibríochtúla atá fós le bunú;

17.

ag tabhairt dá haire, bunaithe ar thuarascáil bhliantúil 2021 ar ghníomhaíochtaí, ó thaobh cothromaíocht inscne de, gur tháinig méadú ar líon na saineolaithe ar mná iad le haghaidh athbhreithnithe i gComhghnóthas KDT i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, i gcéatadán agus i ndearbhfhigiúirí araon; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an ráta céatadáin 19,4 % fós íseal agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

18.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na comhghnóthais cuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí d’fhoireann na gComhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar ranníocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe tríú tír iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gcomhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Rialuithe Inmheánacha

19.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go leanann comhaontuithe riaracháin arna dtabhairt i gcrích ag ENIAC agus ARTEMIS leis na hÚdaráis Náisiúnta Chistiúcháin (NFAnna) d’fheidhm a bheith acu tar éis a gcumasc chun ECSEL a bhunú; ag tabhairt dá haire, faoi na comhaontuithe sin, go raibh straitéisí iniúchóireachta ex post de chuid ENIAC agus ARTEMIS ag brath go mór ar na NFAnna chun iniúchadh a dhéanamh ar éilimh ar chostais tionscadail; á chur in iúl gur oth léi nach gceadaíonn an éagsúlacht shuntasach sna modheolaíochtaí agus sna nósanna imeachta a úsáideann NFAnna do Chomhghnóthas ECSEL ráta earráidí ualaithe iontaofa aonair nó ráta earráidí iarmharacha a ríomh don Seachtú Creatchlár le haghaidh íocaíochtaí Taighde agus nach raibh ach EUR 0,6 milliún, nó 0,4 % de na híocaíochtaí oibríochtúla iomlána, i gceist le híocaíochtaí iomlána ECSEL in 2021 chun an Seachtú Clár Réime um Thaighde atá fágtha a dhúnadh, agus nár bhain riosca d’earráidí ábharthacha leo in 2021;

20.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gurb í comhsheirbhís iniúchóireachta Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta an Choimisiúin a dhéanann na hiniúchtaí ex post i gcás íocaíochtaí Fhís 2020; á chur in iúl gur saoth léi, bunaithe ar thorthaí a iniúchta ag deireadh 2021, gur thuairiscigh Comhghnóthas KDT ráta earráide ionadaíoch 2,2 % (i gcomparáid le 2,68 % in 2020) le haghaidh Fís 2020 agus ráta earráidí iarmharach 1,2 % (i gcomparáid le 1,25 % in 2020);

21.

ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar rialuithe íocaíochta oibríochtúla Chomhghnóthas KDT, go ndearna an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) iniúchadh ar íocaíochtaí Fís 2020, arna sampláil go randamach, a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex post (maidir leis na hidirbhearta íocaíochta deontais arna dtástáil ag na tairbhithe, gurb ionann an tairseach tuairiscithe d’earráidí inchainníochtaithe agus 1 % de na costais iniúchta); á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chúirt, in dhá chás, earráidí a aimsiú agus a chainníochtú a tharla mar thoradh ar ró-éileamh ar chostais phearsanra;

22.

ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i dtorthaí na Cúirte maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile, agus á thabhairt chun suntais go dtuairiscítear na hearráidí sin go rialta i dtuarascálacha bliantúla roimhe sin ón gCúirt ó 2017; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart do Chomhghnóthas KDT a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as Draoi na gCostas Pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

23.

ag tabhairt dá haire sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí go ndearna ECSEL measúnú in 2021 ar éifeachtacht a chórais rialaithe inmheánaigh bunaithe ar an gcreat athbhreithnithe; ag tabhairt dá haire gurbh é cuspóir foriomlán an chleachtais féinmheasúnaithe a thuiscint an raibh na prionsabail uile i láthair agus ag feidhmiú; ag tabhairt dá haire go raibh an cleachtadh bunaithe go príomha ar fhéinmheasúnú ar tháscairí faireacháin agus ar anailís ar thuarascálacha ag an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí, ag an gCúirt agus ag iniúchóirí seachtracha le tacaíocht ó fhianaise eile, amhail clár na n-eisceachtaí, an cleachtadh measúnaithe riosca, obair leantach ar ghníomhaíochtaí, moltaí, torthaí, agus plé leis an mbainistíocht ar ghníomhaíochtaí agus ar chuspóirí ECSEL;

24.

á chur in iúl gur geal léi go ndearna ECSEL measúnú ar an gcóras rialaithe inmheánaigh le linn na bliana tuairiscithe agus gur chinn sí go bhfuil sé éifeachtach agus go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail i láthair agus ag feidhmiú mar a bhí beartaithe;

Iniúchadh inmheánach

25.

ag tabhairt dá haire go ndéanann Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin Eorpaigh ról iniúchóir inmheánach Chomhghnóthas KDT, mar a shonraítear in Airteagal 28 dá rialachán airgeadais; ag tabhairt dá haire, i mí Dheireadh Fómhair 2021, gur chuir Stiúrthóir Feidhmiúcháin ECSEL na hiniúchóirí inmheánacha ar an eolas faoi na forbairtí tábhachtacha is déanaí ag ECSEL agus faoi thorthaí an chleachtais measúnaithe riosca is déanaí;

An córas láraithe nua chun ranníocaíochtaí airgeadais na Stát Rannpháirteach a bhainistiú

26.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, go bhfuil sé d’oibleagáid ar Chomhghnóthas KDT, bunaithe ar an gCreat-Rialachán maidir le Fís Eorpach agus ar Rialachán (AE) 2021/2085, próiseas bainistíochta láraithe nua a thabhairt isteach, Córas Lárbhainistithe na Ranníocaíochtaí Airgeadais (CMFC), chun ranníocaíochtaí airgeadais a Stát Rannpháirteach a bhainistiú;

27.

ag tabhairt dá haire, faoin gcóras CMFC atá beartaithe, gur féidir le gach Stát Rannpháirteach a roghnú a ranníocaíochtaí airgeadais faoi seach a íoc le Comhghnóthas KDT ar leibhéal an tionscadail le haghaidh tairbhithe atá bunaithe ina stát; ag tabhairt dá haire, le linn an phróisis sin, go bhfuil ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach freisin maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin, a íoctar le Comhghnóthas KDT d’iarratasóirí atá bunaithe ina stát, i gcomhréir le rialacha airgeadais agus iomaíochta an Aontais; ag tabhairt dá haire go gceadaítear leis sin do Stát Rannpháirteach a chinneadh, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta, tacú nó gan tacú le tairbhí náisiúnta de thionscadal taighde agus nuálaíochta atá roghnaithe agus formheasta;

28.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go mbeidh ar Chomhghnóthas KDT na híocaíochtaí cómhaoinithe a fhorghníomhú do gach Stát Rannpháirteach a roghnaíonn a ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar iontaoibh Chomhghnóthas KDT; ag tabhairt dá haire go mbeidh air dhá phróiseas mhalartacha a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu chun tacú le comhaontuithe riaracháin le Stáit Rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire go gcaithfidh NFA gach Stáit Rannpháirteach comhaontú riaracháin a shíniú le Comhghnóthas KDT, chun cúram ranníocaíochtaí náisiúnta a íoc a chur ar an gComhghnóthas, nó chun comhaontuithe aistrithe cistí náisiúnta a chomhordú le haghaidh íocaíochtaí chuig tairbhithe agus tuairisciú ar ranníocaíochtaí;

29.

ag tabhairt dá haire gur cúis imní don Chúirt é nach ndearna an Coimisiún measúnú ar riachtanais acmhainní breise Chomhghnóthas KDT chun an córas CMFC atá beartaithe a chur chun feidhme ná nár áiríodh iad i meastacháin acmhainní foirne tosaigh Chomhghnóthas KDT chun an clár Fís Eorpach a chur chun feidhme; ag aontú leis an gCúirt go bhféadfadh an easpa pleanála sin i dtabhairt isteach chóras CMFC in éineacht leis an staid foirne, agus an easpa uirlisí TF agus tacaíochta tionchar diúltach a imirt ar chur chun feidhme chláir Chomhghnóthas KDT agus ar bhaint amach ranníocaíochtaí na gcomhaltaí eile agus, i gcás nach mór CMFC a bhainistiú de láimh, go mbeidh sé sin dian ó thaobh acmhainní daonna; ag iarraidh ar Chomhghnóthas KDT agus ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le forbairtí breise.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas ECSEL (IO L 169, 7.6.2014, lch. 152).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(3)  Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna, COM(2022)0047 an 8.2.2022.


Top