Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1914

    Rún (AE) 2023/1914 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

    IO L 242, 29.9.2023, p. 387–392 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1914/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/387


    RÚN (AE) 2023/1914 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2021,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0137/2023),

    A.

    de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar caiteachas (1), gur EUR 60 600 822 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 7,64 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go maoinítear an tÚdarás le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 19 172 407, arb ionann é agus 30,59 % den bhuiséad iomlán), ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát (EUR 23 936 648, arb ionann é agus 38,20 %) agus táillí a fuarthas ó eintitis faoi mhaoirseacht (EUR 17 087 867, arb ionann é agus 27,27 %);

    B.

    de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (‘an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuair sí dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais an Údaráis iontaofa agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

    Bainistiú buiséid agus airgeadais

    1.

    ag tabhairt dá haire agus is mór aici gurbh é 99,94 % ráta cur chun feidhme an bhuiséid, de thoradh na n-iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021, agus gurb ionann é sin agus méadú beag 0,92 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 89,91 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 4,40 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

    2.

    ag tabhairt dá haire gurbh í 2021 an chéad bhliain iomlán ar bhailigh an tÚdarás táillí ó chontrapháirtithe lárnacha tríú tír (CPLanna) agus an chéad bhliain ar thosaigh sé ag bailiú táillí ó stórtha urrúsúcháin, anuas ar tháillí ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus ó stórtha trádála faoi Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

    3.

    ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil uasghrádú déanta ag an Údarás ar a chóras bainistíochta íocaíochtaí atá dírithe ar bhainistiú níos fearr a dhéanamh ar na híocaíochtaí déanacha a dhéanann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó stórtha trádála, mar shampla, agus ar an ús fabhraithe i dtaca leis na híocaíochtaí sin;

    Feidhmíocht

    4.

    ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an tÚdarás bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta (KPIanna) chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a thugtar lena ghníomhaíochtaí agus le bearta eile chun feabhas a chur ar a bhainistiú buiséid, amhail líon na dtopaicí riosca a ndearnadh anailís orthu, ráta cealúcháin na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an ráta iomlaoide foirne; ag moladh an Údaráis as a chlár oibre le haghaidh 2021 a bheith críochnaithe 91 %, agus an chuid is mó dá KPIanna a bheith bainte amach nó sáraithe;

    5.

    ag moladh an Údaráis as a aschuir agus a spriocanna insoláthartha le haghaidh 2021 a ghrúpáil i dtrí chatagóir thosaíochta: (i) ‘príomhthosaíocht’ i gcás 128 n-aschur atá nasctha le tosaíochtaí straitéiseacha; (ii) ‘tosaíocht níos ísle’ i gcás 75 aschur nach bhfuil nasctha leis na tosaíochtaí sin; agus (iii) ‘tosaíocht bainte go hiomlán’ i gcás 29 n-aschur maidir le cúraimí nach mbeidh le déanamh ach amháin má bhíonn dóthain ama ann lena n-aghaidh;

    6.

    ag tabhairt dá haire go raibh tosaíochtaí straitéiseacha an Údaráis dírithe in 2021 ar thrí thopaic thrasearnálacha: margaí caipitil fónta an Aontais, maoiniú inbhuanaithe, agus nuálaíocht agus digitiú; ag tabhairt dá haire freisin gur ann do spriocanna insoláthartha agus do ghaiscí an Údaráis in 2021 i réimsí nach bhfuil nasctha go díreach leis na tosaíochtaí sin, amhail – i measc nithe eile – margadh carbóin an Aontais, gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, seirbhísí infheistíochta, bainistiú infheistíochta nó CPLanna;

    7.

    ag moladh an Údaráis as na nithe a bhain sé amach in 2021, amhail, i measc nithe eile, cur chun feidhme sainorduithe nua a eascraíonn as athbhreithniú 2019 ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, an t-ullmhúchán do na freagrachtaí maoirseachta nua (maoirseacht ar stórtha urrúsúcháin, soláthraithe seirbhísí tuairisciúcháin sonraí agus tagarmharcanna criticiúla), formheas chlárú an chéad dá stórtha urrúsúcháin faoi Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an t-ullmhúchán chun freagrachtaí maoirseachta don Institiúid Eorpach um Margaí Airgid a aistriú chuig an Údarás agus maoirseacht a dhéanamh ar sheacht riarthóir tríú tír um thagarmharcanna a aithnítear ar leibhéal an Aontais;

    8.

    ag moladh an Údaráis, i gcomhthéacs na rioscaí a eascraíonn as digitiú na margaí airgeadais, as na hiarrachtaí a rinne sé in 2021 aiseolas teicniúil a thabhairt d’institiúidí an Aontais maidir leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le margaí cripteashócmhainní agus maidir leis an ngníomh um athléimneacht dhigiteach oibríochtúil; á chur in iúl gur geal léi forbairt threochlár airgeadais inbhuanaithe an Údaráis, 2022–2024, a bheidh ina uirlis phraiticiúil chun a áirithiú go ndéanfaidh an tÚdarás raon leathan cúraimí airgeadais inbhuanaithe a chur i gcrích i roinnt earnálacha éagsúla ar bhealach comhordaithe;

    9.

    á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an tÚdarás agus an dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, trí bhíthin Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach; ag tabhairt dá haire le sásamh go roinneann ESMA oifigeach cuntasaíochta leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus gur soláthair chomhpháirteacha le gníomhaireachtaí eile agus leis an gCoimisiún iad formhór na nósanna imeachta soláthair atá mar thoradh orthu; á thabhairt dá haire gur ann do Mheabhrán Tuisceana 2013 idir an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh lena mbunaítear creat chun faisnéis a mhalartú nuair a bhíonn freagrachtaí rialála an dá eintiteas ag teacht le chéile i ndáil le margaí mórdhíola fuinnimh; á chur i bhfáth gur dócha go mbeidh gá le comhar neartaithe maidir le hábhair rialála a bhaineann le margaí fuinnimh mar thoradh ar an staid reatha sna margaí tráchtearraí; á mholadh don Údarás bearta a dhéanamh chun an comhar feabhsaithe sin a éascú;

    Beartas foirne

    10.

    ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme 85,20 %, agus 213 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 250 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 226 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 85 ghníomhaire ar conradh agus 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2021;

    11.

    ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 23 % ar líon na mball foirne in 2021 i gcomparáid le 2020, agus go raibh 58 mball reachtúla breise ann; ag moladh an Údaráis as a iarrachtaí 102 bhall foirne a earcú, de thoradh 21 nós imeachta roghnúcháin (inmheánach agus seachtrach) a seoladh, 2 075 CV a ndearnadh scagadh orthu agus 175 iarrthóir a cuireadh faoi agallamh in 2021;

    12.

    ag cur sonrú sa dáileadh inscne i measc chomhaltaí ardbhainistíochta an Údaráis, ar mná iad ceathrar as gach cúigear díobh (80 %); ag cur sonrú sa dáileadh inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis, inar mná iad triúr as gach cúigear (60 %); ag cur sonrú freisin sa dáileadh inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán an Údaráis, inar fir iad 162 as na 308 mbaill foirne (53 %); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom inscne agus gheografach a áirithiú i measc lucht bainistíochta agus fhoireann an Údaráis agus á iarraidh ar an Údarás na gnéithe sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin amach anseo; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá scileanna, eolas agus taithí an iarrthóra nuair a bhíonn baill foirne á n-earcú agus ardú céime á thabhairt dóibh;

    13.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Údarás maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi go neartaítear cur i bhfeidhm an bheartais sin trí bhearta cumarsáide agus trí sheisiúin feasachta; á chur in iúl gur geal léi nach ndearnadh aon chásanna ciaptha a thuairisciú, a imscrúdú nó a thabhairt os comhair na cúirte in 2021; á chur in iúl gur geal léi freisin plean an Údaráis ‘Beartas don Éagsúlacht agus don Chuimsiú’ a fhorbairt;

    14.

    á iarraidh ar an Údarás leanúint de bheartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoraíocht ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint maidir le forbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun go mbeadh ionadaíocht iomchuí ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

    Soláthar

    15.

    ag tabhairt dá haire, in 2021, gur bhainistigh an tÚdarás 15 nós imeachta soláthair, agus gur tugadh 7 gcinn díobh sin chun críche go hiomlán; ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag an Údarás sineirgí a chruthú trí nósanna imeachta comhpháirteacha soláthair le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus leis an gCoimisiún; ag spreagadh an Údaráis chun leanúint de shineirgí a fhorbairt le comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

    16.

    ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an bharúil atá i dtuarascáil na Cúirte gur chinn an tÚdarás in 2021 nós imeachta idirbheartaithe a sheoladh gan fógraíocht a dhéanamh air, agus, dá bhrí sin, gur sháraigh sé pointe 3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár formheasadh an réasúnú don chinneadh sin i dtuarascálacha eisceachtaí arna logáil go lárnach sular gníomhaíodh; á iarraidh ar an Údarás a áirithiú amach anseo gur i gcomhréir le prionsabail na dlíthiúlachta agus na rialtachta a chaithfear le gach cás nach gcloítear leis na próisis agus na nósanna imeachta seanbhunaithe;

    Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

    17.

    ag moladh an Údaráis as na bearta agus na beartais chuimsitheacha atá curtha i bhfeidhm aige, agus as an dúthracht a chaitear lena gcur i bhfeidhm, chun trédhearcacht, eitic agus dea-iompar riaracháin a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaca le comhaltaí foirne an Údaráis, leis an mbord maoirseoirí, leis an mbord bainistíochta agus leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna; ag tabhairt dá haire, tar éis measúnú arna dhéanamh ag oifigeach eitice an Údaráis tráth a ndearnadh seiceáil ad hoc i gcomhthéacs nós imeachta aonair a bhaineann le cruthú trí phost mar cheannaire foirne, gur moladh athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le dearbhuithe leasanna ag comhaltaí an bhoird roghnúcháin chun trédhearcacht sna dearbhuithe sin a fheabhsú; á iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ach a ndéanfar an t-athbhreithniú sin a thabhairt chun críche agus a fhormheas;

    18.

    ag tabhairt dá haire go bhfuair an tÚdarás 11 dearbhú in 2021 maidir le coinbhleachtaí leasanna roimh chruinnithe an bhoird maoirseoirí agus dhá dhearbhú den sórt céanna roimh chruinnithe an bhoird bainistíochta; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna foireann eitice an Údaráis in 2021 seiceáil, i measc nithe eile, ar 251 dearbhú bliantúil ó bhaill foirne agus nach raibh coinbhleachtaí leasa i gceist in aon cheann díobh, ar 16 dhearbhú maidir le fostaíocht shochrach céilí lena n-athbhreithniú agus nár sainaithníodh aon saincheist iontu sin lena n-éilítear gníomhaíochtaí sonracha, agus ar 38 n-iarraidh ar chead chun déileáil in ionstraimí airgeadais agus formhór na n-iarrataí sin á bhformheas; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an fhoireann eitice measúnú ar 94 iarraidh chun coinbhleachtaí leasa a chosc i gcomhthéacs na hearcaíochta in 2021, inar mhol an fhoireann eitice do stiúrthóir feidhmiúcháin an Údaráis comhdhéanamh na bpainéal roghnúcháin a athrú i naoi gcás; á iarraidh ar an Údarás leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá déanta aige chun a áirithiú nach dtarlaíonn aon choinbhleachtaí leasa;

    19.

    ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an tÚdarás dhá chomhchoiste, coiste amháin do bhainisteoirí sinsearacha agus coiste amháin do bhaill foirne, ar gá dóibh a bheith rannpháirteach i gcás ina dtagann coinbhleachtaí leasa chun cinn i gcomhthéacs gníomhaíocht atá beartaithe don todhchaí tar éis dóibh an tÚdarás a fhágáil; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur eagraigh an tÚdarás naoi ‘gcruinniú fágála’ dhéthaobhacha in 2021 leis na baill foirne uile a bhí ag fágáil an Údaráis chun dearbhuithe a sheiceáil maidir le gníomhaíochtaí agus chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil coinbhleachtaí leasa ann idir dualgais na mball foirne lena mbaineann san Údarás agus a ngníomhaíochtaí amach anseo; á thabhairt faoi deara nár tarraingíodh anuas aon saincheisteanna maidir leis an ábhar sin;

    20.

    ag moladh an Údaráis toisc go ndearna sé roinnt gníomhaíochtaí in 2021 chun feasacht a mhúscailt maidir leis na rialacha i ndáil le coinbhleachtaí leasa, maidir le rialacha eitice, maidir leis an bhfiosrúchán ar thrádáil le hionstraimí airgeadais, agus maidir le rialacha iarfhostaíochta agus tréimhsí marana; ag moladh an Údaráis ina theannta sin as rialacha inmheánacha a chur i bhfeidhm i ndáil le coinbhleachtaí leasa agus cásanna ‘dorais imrothlaigh’ atá infheidhme maidir lena bhord bainistíochta;

    21.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an tÚdarás CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí a bhoird bainistíochta agus a fhoirne bainistíochta; ag moladh an mhodha thrédhearcaigh a dtuairiscíonn an tÚdarás cruinnithe a fhoirne le geallsealbhóirí seachtracha agus a gcuireann sé ar fáil iad ar a shuíomh gréasáin;

    22.

    á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Údaráis do na caighdeáin eiticiúla is airde maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc; á mheabhrú, tar éis bharúlacha na Cúirte, go bhfuil sé de cheanglas ar chomhaltaí bhord maoirseoirí an Údaráis staonadh ó pháirt a ghlacadh sa phlé agus ó vótáil ar bhearta a bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith; á chur i bhfáth gur cheart do na comhaltaí sin staonadh freisin ó fhreastal ar chruinnithe ina mbíonn plé den sórt sin ar siúl, chun neamhspleáchas an bhoird maoirseoirí a chaomhnú; á chur in iúl gur geal léi freagra an Údaráis go bhfuil a bheartas leasaithe aige chun a cheangal go sainráite go bhfágfaidh comhaltaí a bhfuil coinbhleacht acu an seomra;

    23.

    á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir lena choinbhleachtaí leasa agus lena bheartas eitice, go bhfuil úsáid bainte ag an Údarás as toirmeasc sealadach ar thrádáil in ionstraimí airgeadais roghnaithe ag a fhoireann chun aon riosca a bhaineann le déileáil chos istigh a sheachaint; á iarraidh ar an Údarás leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá déanta aige chun coinbhleachtaí leasa a chosc;

    24.

    á chur in iúl gur geal léi foilsiú na dtreoirlínte comhpháirteacha athbhreithnithe maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na bpríomhshealbhóirí feidhme i mí Iúil 2021 ag ESMA agus ÚBE tar éis na leasuithe ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus a n-éifeacht ar mheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, go háirithe maidir le frithsciúradh airgid agus rioscaí maoinithe sceimhlitheoireachta agus éagsúlacht inscne a chur chun cinn;

    25.

    á mheabhrú, tar éis thorthaí na Cúirte, go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn laistigh de phróiseas breithmheasa chathaoirleach agus stiúrthóir feidhmiúcháin an Údaráis nuair atá údarás inniúil náisiúnta de chuid chomhalta den bhord maoirseoirí, mar shampla, faoi réir nós imeachta um shárú ar dhlí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, tiomantas an Údaráis crostagairt shainráite do choinbhleachtaí leasa a thabhairt isteach ina phróiseas breithmheasa;

    26.

    á áitiú gur gá tacair chórasacha rialacha a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an Údarás bearta inmheánacha frithéilliúcháin a bhunú freisin; á iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

    Rialú inmheánach

    27.

    á chur in iúl gur geal léi an measúnú bliantúil ar chóras rialúcháin inmheánaigh an Údaráis agus an chonclúid gur ann do chóras den sórt sin agus go bhfeidhmíonn sé go maith; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, díreach mar a bhí amhlaidh i gcleachtas comhchosúil in 2020, a rinne an tÚdarás 78 dtáscaire rialúcháin inmheánaigh a thomhas, lenar cumhdaíodh na prionsabail rialúcháin inmheánaigh uile agus gurb amhlaidh a shainaithin sé 22 easnamh, ar mioneasnaimh a bhí sa chuid is mó díobh agus gan aon cheann díobh ina gcúis le ceistiú a dhéanamh i dtaobh arbh ann do phrionsabail an rialúcháin inmheánaigh agus d’fheidhmiú cuí na bprionsabal sin; ag tabhairt dá haire go mbaineann na deiseanna feabhsúcháin a breathnaíodh den chuid is mó leis na comhpháirteanna ‘timpeallacht rialúcháin’ agus ‘gníomhaíochtaí rialúcháin’;

    28.

    ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchadh Inmheánach an Choimisiúin iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna agus ar eitic an Údaráis in 2021 inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na córais bhainistíochta agus rialúcháin a chuir an tÚdarás i bhfeidhm sna réimsí sin deartha go leormhaith, curtha chun feidhme go héifeachtach agus go dtacaíonn siad leis an Údarás a chuspóirí gnó a bhaint amach; ag tabhairt faoi deara, maidir leis an iniúchadh sin, gur eisigh an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach ceithre mholadh; á iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

    29.

    ag meabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialúcháin a neartú chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú; á áitiú go láidir go gceanglófaí go mbeadh córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialúcháin ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachta leasa, rialuithe ex ante/ex post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

    Digitiú agus an t-aistriú glas

    30.

    ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur éirigh leis an Údarás in 2021 a shamhail bhainistíochta atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí a aistriú ó chóras atá bunaithe ar Excel go timpeallacht néalbhunaithe nua, rud a bhfuiltear ag dréim leis, dar leis an Údarás, chun go bhfeabhsóidh sé a chumais phleanála agus tuairisciúcháin, i gcomhthéacs chastacht mhéadaitheach a shamhlacha buiséadúcháin agus costála;

    31.

    á chur in iúl gur geal léi go raibh sé d’aidhm ag an Údarás a chuid cosaintí cibearshlándála a neartú trí athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis braite slándála le huirlisí níos sofaisticiúla agus níos uathoibrithe, trí na scileanna slándála i measc aonad TFC an Údaráis a mhéadú agus trí Oifigeach Slándála Faisnéise nua agus Oifigeach Bainistíochta Doiciméad a fhostú;

    32.

    ag meabhrú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann TFC a bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu, chun go seachnófar imirce daoine oilte, neamhéifeachtúlachtaí agus rioscaí agus laigí i leith cibirionsaithe, ar rioscaí agus laigí iad a d’fhéadfadh dul i méid;

    33.

    ag moladh don Údarás oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (An Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Údarás; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá bheartas cibearshlándála a fhorbairt tuilleadh, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

    34.

    ag moladh an Údaráis as a bheartas uaillmhianach comhshaoil, as ar tháinig feabhas in 2021 ar roinnt eochairtháscairí comhshaoil amhail, i measc nithe eile, laghdú dramhaíola, athchúrsáil páipéir agus laghdú ar thaisteal; ag tabhairt dá haire go ndéantar na tionchair a bhaineann le baint amach spriocanna inbhuanaitheachta nó an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a thomhas agus go ndéantar faireachán orthu trí phainéal rialúcháin le haghaidh KPIanna arna shocrú ag lucht bainistíochta an Údaráis;

    35.

    ag moladh an Údaráis as an dul chun cinn a rinne sé chun clárú le Scéim an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) faoi 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás a bheith gan pháipéar go hiomlán faoi 2025;

    Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

    36.

    ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás de dhul i ngleic go rathúil leis na dúshláin a bhain le paindéim COVID-19, e.g. tríd an áitreabh agus a phróisis a chur in oiriúint go leanúnach do na bearta cosanta athraitheacha arna nglacadh ag rialtas na Fraince agus ag an gCoimisiún;

    37.

    ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás de bheith ag obair go rianúil in 2021 de thoradh na n-infheistíochtaí a rinne sé roimhe sin i gcloschomhdháil agus i bhfíschomhdháil agus in uirlis vótála; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an tÚdarás uirlis nua bainistíochta agus áirithinte deisce a shuiteáil chun treoraíocht sláinte poiblí san oifig a áirithiú ar bhealach níos fearr, chun solúbthacht a mhéadú agus chun ullmhú don réaltacht tar éis na paindéime;

    Tráchtanna eile

    38.

    ag tabhairt dá haire gur shainaithin an tÚdarás rioscaí in 2021, amhail, i measc nithe eile, acmhainneacht theoranta a shainorduithe a bhaint amach, acmhainní neamhleora agus easpa saineolais chun an clár oibre fairsing reachtach a bhainistiú (eadhon maidir le hAontas na Margaí Caipitil agus CPLanna), na hiarmhairtí a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, sainorduithe féideartha nua don Údarás i réimsí áirithe (amhail i dtaca le taisclanna lárnacha urrús), margaí airgeadais níos luainí, agus cóineasú teoranta maoirseachta agus maoirseacht theoranta ar CPLanna tríú tír; á iarraidh ar an gCoimisiún na saincheisteanna sin a chur san áireamh agus na hacmhainní is gá a leithdháileadh chun gur féidir leis an Údarás sainorduithe nua nó sainorduithe leathnaithe a bhaint amach;

    39.

    ag tabhairt dá haire, maidir leis na saincheisteanna a eascraíonn as an obair leantach a rinne an tÚdarás ar bharúlacha na Cúirte sna blianta roimhe seo – amhail trasmhaoiniú bliantúil an Údaráis ar ghníomhaíochtaí, comhchuibhiú an chórais ríofa táillí agus raon feidhme imchéimniúcháin an tsásra muirearúcháin táillí, nach dtagann siad faoi raon feidhme gníomhaíochta an Údaráis; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha tarmligthe agus na rialacháin a bhaineann leis na saincheisteanna sin a leasú, mar a mhol an tÚdarás;

    40.

    á iarraidh ar an Údarás díriú ar thorthaí a chuid oibríochtaí a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile;

    41.

    ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (7) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

    (1)   IO C 41, 29.3.2022, lch. 152.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

    (5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (6)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (7)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


    Top