EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1896

Rún (AE) 2023/1896 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 336–341 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1896/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/336


RÚN (AE) 2023/1896 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 379 228 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú de 2,56 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó tháillí a mhaoinítear an Ghníomhaireacht, gur eascair thart ar 89,40 % dá hioncam le haghaidh 2021 ó tháillí a d’íoc an tionscal cógaisíochta as seirbhísí arna soláthar, gur eascair 9,90 % de ó bhuiséad an Aontais agus 0,7 % de ó ioncam sannta seachtrach;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséadach de 96,38 %, a léiríonn laghdú de 2,46 % i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur oth léi gur ráta forghníomhaithe 72,36 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 6,11 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire, in 2021, in ainneoin na ndeacrachtaí a chruthaigh paindéim COVID-19, gur lean an Ghníomhaireacht de mhargadh aonair feidhmiúil a chur chun cinn do chógais dhaonna agus tréidliachta, trí ghníomhú mar mhol líonra Eorpach na n-údarás cógas rialála lena gcuirtear chun feidhme creat reachtach infheidhme an Aontais do na táirgí sin; ag moladh na Gníomhaireachta as a tacaíocht maidir le freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19, trí mheasúnú tráthúil a dhéanamh ar vacsaíní agus ar theiripí chun ionfhabhtuithe ó víreas SARS-CoV-2 a chosc agus a chóireáil;

3.

ag moladh na Gníomhaireachta as an méid suntasach atá bainte amach aici in 2021 le, i measc nithe eile, ceithre vacsaín COVID-19 agus cúig chóireáil COVID-19 a moladh lena bhformheas, 92 leigheas nua don duine agus 12 leigheas tréidliachta nua a moladh le haghaidh údarú margaíochta, sé chógais PRIME-ainmnithe a moladh lena bhformheas agus 19 n-ainmniú ar stádas dílleachta a deimhníodh; ag moladh na Gníomhaireachta freisin as an dul chun cinn a rinneadh i dtreo Córas Faisnéise maidir le Triail Chliniciúil lánfheidhmiúil agus as seoladh na Trialacha Cliniciúla Luasghéaraithe i dtionscnamh an Aontais;

4.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh spriocanna fhormhór ualach oibre na Gníomhaireachta agus príomhtháscairí feidhmíochta a bhaint amach nó a shárú in 2021, agus go raibh baint amach fhormhór na gcuspóirí a leagadh síos ar an mbóthar ceart nó curtha i gcrích; ag tabhairt dá haire, thairis sin, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha urscaoilte na bliana seo caite, in ainneoin na ndeacrachtaí a d’eascair as paindéim COVID-19, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an nGníomhaireacht maidir le huirlisí, coincheapa agus próisis nua bainistithe feidhmíochta a thabhairt isteach trí Chlár cuimsitheach Feidhmíochta agus Forbartha a fhorbairt lena mbaineann cascáidiú cuspóirí ó leibhéil níos airde síos go dtí leibhéal foirne nó aonair agus faireachán rialta ar dhul chun cinn trí bhainistiú leanúnach feidhmíochta; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh a luaithe a bheidh a bheidh leabú na dtionscnamh sin in oibríochtaí na Gníomhaireachta curtha i gcrích;

5.

ag tabhairt dá haire, tar éis an chibearionsaí i mí na Nollag 2020, go ndearna an Ghníomhaireacht a cumais agus a cosaint cibearshlándála a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cruthaíodh an Coiste Stiúrtha um Bainistiú Slándála Faisnéise chun formhaoirseacht, agus úinéireacht agus treo ar fud na Gníomhaireachta a chur ar fáil don straitéis slándála faisnéise agus dá plean cur chun feidhme, d’fhonn Lárionad Oibríochta Slándála a bhunú ina ndéanfar faireachán cruinn ar líonra na Gníomhaireachta agus go bhforbrófar clár um fheasacht agus oiliúint slándála a bhfuil sé mar aidhm leis cultúr láidir slándála a chothú laistigh den Ghníomhaireacht; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na torthaí a thiocfaidh as na bearta sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-athbhreithniú ar straitéis slándála faisnéise na Gníomhaireachta ar siúl, agus é mar aidhm treochlár feabhsúcháin trí bliana a chur ar bun i gcomhréir le dea-chleachtais eagraíochtaí comhchosúla;

6.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, go háirithe glacadh straitéis 2021-2025 ón gCoiste um Straitéis Táirgí Íocshláinte Tréidliachta (CVMP) maidir le hábhair fhrithmhiocróbacha; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go raibh díolacháin fhoriomlána ábhar frithmhiocróbach tréidliachta i dtíortha na hEorpa 47 % níos ísle in 2021 ná in 2011 de réir thuarascáil bhliantúil 2022 an Tionscadail Eorpaigh um Fhaireachas ar Thomhailt Ábhar Frithmhiocróbach Tréidliachta a foilsíodh i mí na Samhna 2022 dar teideal ‘Díolacháin d’oibreáin fhrithmhiocróbacha tréidliachta in 31 thír Eorpacha in 2021 - Treochtaí ó 2010 go 2021’;

7.

á chur i bhfáth go mbeidh sé mar thosaíocht tástáil ar ainmhithe a athsholáthar i bhforbairt cógas le linn chur i bhfeidhm phrionsabail an mhalartaithe, an laghdaithe agus an fheabhsaithe (na 3 R-anna) a mhéid a bhaineann le húsáid ainmhithe chun cógas leighis a fhorbairt, a mhonarú agus a thástáil; ag tabhairt dá haire go raibh gá le Meitheal Oibre na 3 R-anna a chur ar feitheamh in 2021 mar gheall ar an mbeartas um pleanáil leanúnachais gnó mar thoradh ar phaindéim COVID-19, dá bhrí sin níor ullmhaigh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an tsaincheist sin; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús arís le gníomhaíocht Mheitheal na 3 R-anna ag deireadh 2022 agus eagrú cruinnithe le geallsealbhóirí maidir leis an tsaincheist sin in 2023; ag dréim leis go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a tuarascálacha débhliantúla maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis na 3R-anna a ullmhú a luaithe is féidir.

8.

ag tabhairt dá haire socruithe oibre foirmiúla na Gníomhaireachta lena príomh-chomhpháirtithe gníomhaireachta de chuid an Aontais (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí), lena leagtar amach cineál an chomhair agus an chomhairliúcháin fhrithpháirtigh i réimsí leasa choitinn; ag tabhairt dá haire gur ann do chomhar gníomhach na Gníomhaireachta leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt d’Éigeandáil Sláinte maidir le frithbhearta leighis agus gur ullmhaíodh Meabhrán Tuisceana eatarthu chun a róil agus a bhfreagrachtaí a shoiléiriú agus comhlántacht a áirithiú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go mbíonn an Ghníomhaireacht rannpháirteach go rialta i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais agus le seirbhísí de chuid an Choimisiúin agus go n-eagraíonn sí nósanna imeachta soláthair comhpháirteacha atá oscailte do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

Beartas foirne

9.

ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 98,02 % an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 644 ghníomhaire shealadacha as 657 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 596 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 206 ghníomhaire ar conradh, 28 saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 138 n-eatramhach ag obair don Ghníomhaireacht in 2021;

10.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach raibh méadú leormhaith ar fhoireann na Gníomhaireachta ag gabháil le tabhairt isteach tascanna nua agus ualach oibre a bhaineann le táillí mar gheall ar phunann na gcógas leighis údaraithe a bhfuil borradh tagtha air in imeacht na mblianta, a chuireann brú suntasach ar an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht féachaint ar bhealaí chun suirbhé a dhéanamh ar an bhfoireann maidir lena bhfolláine agus lena modhanna úsáide lena gcoiscfí traochadh agus feidhmíocht laghdaithe;

11.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 17 as 28 (61 %) díobh; ag tabhairt dá haire an chothromaíocht inscne ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 37 as 66 (56 %) agus gur mná iad 562 as 850 (66 %) ar an bhfoireann iomlán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a mhéadú ar gach leibhéal d’ordlathas na Gníomhaireachta a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;

12.

ag aithint an obair leanúnach atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le creat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna a bhunú a mbeidh an chothromaíocht oibre is saoil ina chroílár; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, cur chun feidhme iomlán timpeallacht oibre hibrideach, cláir folláine agus cúnaimh fostaithe na Gníomhaireachta, cruthú meitheal oibre chun an t-ualach oibre a bhainistiú, foireann sláinte thiomnaithe laistigh den fheidhm acmhainní daonna, chomh maith le cúrsaí oiliúna agus suirbhéanna maidir le folláine;

13.

ag tabhairt dá haire gur chabhraigh an méadú suntasach de 61 ghníomhaire shealadacha arna gcinneadh ag an údarás buiséadach leis an nGníomhaireacht dul i ngleic leis an ualach oibre breise a d’eascair as paindéim COVID-19, chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme shainordú méadaithe na Gníomhaireachta;

14.

ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a a bheith ann ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh é 2021 an tríú bliain as a chéile gur ardaigh an Chúirt barúlacha nua don Ghníomhaireacht a bhaineann le soláthar; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte an tuairim maidir le rómheastachán na Gníomhaireachta ar luach creatchonartha trína gceadófaí do níos mó cuideachtaí tairiscintí a chur isteach de bharr tairseach níos ísle maidir leis an gceanglas a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais agus eacnamaíoch (láimhdeachas bliantúil); á iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar easnaimh a próiseas soláthair agus moltaí na Cúirte a leanúint freisin;

16.

ag tabhairt dá haire gur saincheist leanúnach fós iad dliteanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn, go dtí 2039, as an léas arsheanáitreabh oifige na Gníomhaireachta i Londain; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, bunaithe ar thuarascálacha 2020 agus 2021 ón gCúirt, go bhfuil méadú tagtha ar an méid measta a chomhfhreagraíonn do na dliteanais sin ó EUR 377 milliún an 31 Nollaig 2020 go dtí EUR 383 mhilliún an 31 Nollaig 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Ghníomhaireacht ar chomhaontú le húinéir an fhoirgnimh chun a seanáitreabh a fholigean ó mhí Iúil 2019; ag tabhairt dá haire go bhfuil téarmaí an fholéasa comhsheasmhach leis an gceannléas agus go maireann sé go dtí 2039; ag aithint gurb ionann áitreabh na Gníomhaireachta i dtríú tír a fholigean agus acmhainní a atreorú chun gníomhaíocht a dhéanamh lasmuigh de shainordú dlíthiúil na Gníomhaireachta; ag aithint, thairis sin, go bhfuil gá le cinneadh polaitiúil chun réiteach fadtéarmach a áirithiú maidir leis an tsaincheist sin;

17.

ag tabhairt dá haire na bearta a rinne an Ghníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha na Cúirte ó 2019 maidir le creatchonradh arna shíniú ag an nGníomhaireacht le trí chuideachta chun oibrithe sealadacha a sholáthar; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go bhfuil stádas na mbarúlacha sin uasghrádaithe ag an gCúirt ó ‘fós gan réiteach’ go ‘fós ar siúl’; á thabhairt faoi deara gur chomhaontaigh an Chúirt athmheasúnú a dhéanamh ar an mbarúil sin maidir le ‘dúnadh’, tar éis sheoladh an nós imeachta nua maidir le soláthar oibrithe gníomhaireachta sealadacha an 25 Bealtaine 2022;

18.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do na nósanna imeachta soláthair uile, iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; ag iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí TF ríomhsholáthair a d’fhorbair an Coimisiún; ag iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, tuairim na Cúirte go bhfuil laigí an tsoláthair phoiblí ag méadú agus go bhfuil siad fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

19.

ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint do sceithirí a sholáthar; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chás sceithireachta inmheánach in 2021, ach, go bhfuarthas 29 dtuarascáil ar chásanna sceithireachta seachtracha, agus dúnadh 23 chás díobh sin agus tá 6 chás fós ar siúl; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta sna cásanna atá fós ar siúl;

20.

ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí a boird bainistíochta, a lucht bainistíochta sinsearaí agus na saineolaithe eolaíocha a bhfuil baint acu le hobair na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár thuairiscigh an Ghníomhaireacht aon chás coinbhleachtaí leasa in 2021; ag moladh na Gníomhaireachta as rialacha a chur i bhfeidhm do chomhaltaí a boird maidir le coinbhleachtaí leasa agus cásanna ‘dorais imrothlaigh’;

21.

á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fheabhsú trí thuairisciú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar na cruinnithe atá ag foireann na Gníomhaireachta le geallsealbhóirí seachtracha, agus ar infhaighteacht an tuairiscithe sin ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;

22.

á áitiú gur gá rialacha córasacha a chothabháil maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a cód iompair a athbhreithniú agus a fheabhsú agus leanúint dá sásraí rialaithe agus iniúchóireachta inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

23.

á chur i bhfáth gur údarás poiblí í an Ghníomhaireacht, in ainneoin go dtagann an chuid is mó dá maoiniú ó fhoinsí príobháideacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil muinín an phobail agus ráthaíocht maidir le neamhspleáchas agus sláine na Gníomhaireachta ríthábhachtach agus, dá bhrí sin, gur gá ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú trína gníomhaíochtaí uile chun gabháil rialála a sheachaint agus chun a áirithiú go leanfaidh saoránaigh de mhuinín a bheith acu sa chreat dlíthiúil agus rialála cógaisíochta san Aontas;

Rialú inmheánach

24.

ag tabhairt dá haire maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá curtha ar bun ag an nGníomhaireacht, gur córas éifeachtach é ar an iomlán ó thaobh gnéithe indibhidiúla de agus ó thaobh an chórais i gcoitinne, agus go mbeadh mionfheabhsuithe ag teastáil chun a thuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht roinnt gnéithe sonracha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhormheas bord feidhmiúcháin na Gníomhaireachta cur chuige nua agus treoir inmheánach nua in 2021 maidir leis an modheolaíocht le haghaidh rialuithe airgeadais ex-post, lena dtugtar isteach amlínte nua chun an cleachtadh a thabhairt i gcrích i dtréimhse rollach 18 mí; ag tabhairt dá haire nár léiríodh aon laigí suntasacha leis na nósanna imeachta rialaithe inmheánacha, cé gur sainaithníodh dhá réimse rialuithe le haghaidh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á tabhairt orthu faoi láthair trí phleananna gníomhaíochta feabhsúcháin sonracha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin;

25.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an bharúil ó thuarascáil na Cúirte maidir le heasnaimh nós imeachta iomadúla in dhá nós imeachta earcaíochta iniúchta, rud a bhaineann an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na laigí a d’aimsigh an Chúirt i réimse na hearcaíochta agus a córas rialaithe inmheánaigh a neartú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

26.

á chur in iúl gur saoth léi go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nós imeachta earcaíochta inmheánach chun próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú; á thabhairt le fios go raibh 18 gceann roinne ann in 2021 de réir thuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta, agus go raibh 13 cheann roinne ann in 2020.

27.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais Bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; ag cur béim láidir ar an gceanglas córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

Digitiú agus an t-aistriú glas

28.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht dá straitéis gnóthachan éifeachtúlachta in 2021, ag tógáil ar an gClaochlú Digiteach, ag baint leasa as na gníomhaíochtaí a rinne an tascfhórsa um Chlaochlú Gnó Dhigitigh; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur áiríodh sna gníomhaíochtaí iniúchadh a dhéanamh ar an intleacht shaorga, ar an meaisínfhoghlaim agus ar an róbataic chun réitigh phragmatacha a thógáil ar riachtanais ghnó na Gníomhaireachta atá ann cheana, agus dlús a chur leis an nuálaíocht tríd an Saotharlann Nuálaíochta Digití, a d’fhorbair creat chun anailís a dhéanamh ar na próisis d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú trí theicneolaíocht agus nuálaíocht dhigiteach ar fud na Gníomhaireachta;

29.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici an dul chun cinn atá déanta maidir le clár digitithe riaracháin na Gníomhaireachta atá dírithe ar nuachóiriú a dhéanamh ar phróisis agus ar uirlisí a úsáidtear i réimsí bainistíochta foirne, airgeadais agus pleanála; ag moladh chur i bhfeidhm chéim 1 agus chéim 2 den chlár Feidhmíochta agus Forbartha in 2021, ina gcuimsítear, i measc nithe eile, uirlis dhigiteach nua a sheoladh chun gach próiseas feidhmíochta agus forbartha a bhainistiú agus a chomhtháthaítear leis na córais ionduchtaithe atá ann cheana, agus cur chun feidhme an chomhaid phearsanta dhigitigh do gach ball foirne reachtúil, lena n-ionadaítear comhad pearsanta stairiúil i scríbhinn agus comhaid oibre scanta;

30.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 ar mhaithe le hinbhuanaitheacht mhéadaithe chun an lorg carbóin óna gníomhaíochtaí a laghdú; ag tabhairt dá haire go raibh torthaí dearfacha éagsúla mar thoradh ar iarrachtaí den sórt sin, lena n-áirítear laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh agus uisce na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn na Gníomhaireachta in 2021 maidir lena clárú don scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil, an nuashonrú ar chóras na Gníomhaireachta um Bainistiú Comhshaoil (EM) chun na hacmhainní a shainaithint a chuideoidh le gníomhaíochtaí EM a leabú ina próisis ghnó oibríochtúla agus faireachán a dhéanamh ar lorg comhshaoil na Gníomhaireachta tríd an bPrótacal maidir le Gás Ceaptha Teasa a chur i bhfeidhm;

31.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aistriú chuig bainistiú agus próisis gan pháipéar i gcás inar féidir; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

32.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (an Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht. á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

33.

ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar phleanáil leanúnachais gnó a chur i bhfeidhm le linn 2021, gur ghá cuid de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chur ar feitheamh, a mhoilliú nó a ghearradh siar; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an Ghníomhaireacht d’fhaireachán a dhéanamh ar a plean leanúnachais gnó agus ar a plean bagartha don tsláinte phoiblí, chun sláinte agus sábháilteacht na mball foirne, na dtoscairí agus na gconraitheoirí a chosaint agus ag an am céanna leanúint dá sainordú a chomhlíonadh;

34.

ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt beart déanta ag an nGníomhaireacht chun faireachán agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, amhail rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhainistiú trí scaradh sóisialta a chur chun feidhme agus ligean d’fhostaithe oibriú ón mbaile; ag tabhairt dá haire nach raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar oibríochtaí ná ar thorthaí na Gníomhaireachta;

Barúlacha eile

35.

ag moladh na Gníomhaireachta as a hiarrachtaí in 2021 faisnéis shoiléir, thrédhearcach, chruinn agus thráthúil a chur ar fáil maidir le formheas agus maoirseacht vacsaíní agus cóireálacha COVID-19 san Aontas le luas agus minicíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; ag aithint go raibh cumarsáid na Gníomhaireachta ríthábhachtach chun saoránaigh an Aontais a chur ar a suaimhneas, chun mífhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac, chun muinín a chothú agus chun an tsláinte phoiblí a chosaint; ag moladh mhéadracht fheabhsaithe agus aiseolas dearfach na Gníomhaireachta maidir le trácht suíomhanna gréasáin, preasagallaimh agus cuntais na meán sóisialta in 2021;

36.

ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Ghníomhaireacht in 2021 creatstraitéis nua 5 bliana don chumarsáid sheachtrach agus don rannpháirtíocht sheachtrach, lena gcumhdaítear 2021 go 2025, arb é is aidhm di tuiscint níos fearr ar an nGníomhaireacht agus ar a cuid oibre i measc shaoránaigh an Aontais a fhorbairt, chomh maith le creat straitéiseach a chur ar fáil chun pleananna bliantúla cumarsáide agus rannpháirtíochta a fhorbairt; ag tabhairt dá haire go leagtar amach sa chreatstraitéis nua spriocanna amhail méadú ar an tionchar ar an tsláinte phoiblí, comhar neartaithe le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí agus bunú próiseas barrfheabhsaithe cumarsáide géarchéime i measc nithe eile;

37.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid sineirgí (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil) le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a fhorbairt, agus a comhar, a malartuithe dea-chleachtais agus a pléití leis na gníomhaireachtaí sin maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

38.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-ghearrtha a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 26.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


Top