EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1881

Rún (AE) 2023/1881 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 294–298 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1881/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/294


RÚN (AE) 2023/1881 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0131/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh ionann buiséad deiridh an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an ‘tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 129 179 801,95, arb ionann é agus méadú 25,39 % i gcomparáid le 2020 mar gheall go príomha ar na hacmhainní breise a tugadh i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Údaráis go príomha;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná go ndearnadh ráta leithreasaithe gealltanas 99,99 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú beag 0,01 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 88,85 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta, arb ionann é agus laghdú 0,44 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire gur tugadh plean oibre an Údaráis do 2021 i gcrích faoi Straitéis 2020, ar chinn an Bord Bainistíochta bliain bhreise a chur leis mar gheall ar phaindéim SARS-CoV-2;

3.

ag cur sonrú i gcur chun feidhme chlár oibre an Údaráis agus sa leibhéal maith feidhmíochta a baineadh amach ó thaobh eochairtháscairí feidhmíochta agus spriocanna insoláthartha an Údaráis; ag tabhairt dá haire gur athbhreithnigh an tÚdarás a chreat feidhmíochta agus a eochairtháscairí feidhmíochta in 2021 chun é a ailíniú le Straitéis 2027 an Údaráis, a glacadh in 2021, agus gur chuir sé athruithe chun feidhme i ndáil le teacht i bhfeidhm Rialachán(AE) 2019/1381; ag cur sonrú, thairis sin, i bhfreagracht mhéadaithe an Údaráis i leith shaoránaigh an Aontais tar éis don leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) teacht i bhfeidhm freisin; ag tabhairt dá haire thairis sin gur ghlac an t-údarás a Dhoiciméad Clársceidealaithe, 2022–2024;

4.

ag tabhairt dá haire gurbh é a bhí mar thoradh ar thosaíocht a bhaint de roinnt de na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe ar dtús chun go mbeadh an tÚdarás réidh do na hathruithe a bhaineann le Rialachán (AE) 2019/1381 ná gur cruthaíodh riaráiste a tugadh anonn go 2021, rud ba chúis le moilleanna ar ghiniúint na ngnóthachan éifeachtúlachta; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

5.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an tÚdarás chun a chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a neartú, ag díriú go háirithe ar dhá ghné, na deontais agus na riachtanais soláthair a chomhroinnt chun gur féidir nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh a shainaithint agus teicneolaíochtaí agus acmhainní a chomhroinnt chun réitigh choiteanna TF a oiriúnú; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil gníomhaíochtaí comhordúcháin déanta ag an Údarás leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, agus leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach;

6.

á thabhairt chun suntais gur chuir an tÚdarás 704 cheist i gcrích in 2021 trí thuairimí eolaíocha, trí thuarascálacha teicniúla agus trí fhoilseacháin tacaíochta, is é sin 81 níos lú ná na 785 cheist a bhí beartaithe;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme 98,16 %, agus ceapacháin déanta i gcás 5 oifigeach agus 368 ngníomhaire shealadacha as 380 post arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 354 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 140 gníomhaire ar conradh agus 12 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur tugadh 33 phost foirne nua don Údarás chun Rialachán (AE) 2019/1381 a chur chun feidhme;

8.

á chur in iúl gur geal léi an chothromaíocht inscne i leith bhaill ardbhainistíochta an Údaráis, ar mná iad triúr as cúigear díobh (60 %); ag cur sonrú sa chothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis, agus 12 as 15 (80 %) díobh ina bhfir; ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann an Údaráis i gcoitinne, gur mná iad 285 as 467 (61,03 %);

9.

á chur in iúl gur geal léi Straitéis nua an Údaráis maidir le Brandáil Fostóirí, ina bhfuil cur síos soiléir ar na tairiscintí luacha a bhaineann léi, amhail dálaí oibre solúbtha agus tacaíocht athlonnaithe i measc nithe eile, chun scaipeadh spriocdhírithe na bhfolúntas chuig tíortha faoi ghannionadaíocht a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás suíomh gréasáin nua gairme a chruthú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ag méadú a infheictheachta le tacaíocht ón Roinn Cumarsáide agus Comhpháirtíochta, ó Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais, agus ó ghníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile comhpháirtíochta; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

10.

ag tabhairt dá haire go mbaineann teorainneacha áirithe le cur chun feidhme na rialacha a mhol an Coimisiún Eorpach le déanaí maidir le teilea-obair, agus a chuireann an tÚdarás i bhfeidhm de réir analaí, go háirithe maidir le teilea-obair ar bhonn páirteach lasmuigh de thír na fostaíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh tionchar a bheith ag na rialacha teoranta reatha maidir leis an teilea-obair thar lear ar tharraingteacht an Údaráis agus iarrthóirí á n-earcú ó na Ballstáit éagsúla ar mian leo teacht isteach san Údarás; á iarraidh go mbeadh breis solúbthachta ann maidir le cur chun feidhme na rialacha sin, rud a chuideodh le tarraingteacht an Údaráis a mhéadú agus rud a d’fhágfadh go mbeadh cothromaíocht náisiúntachta níos fearr aige i measc na foirne.

11.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Údarás maidir le dínit an duine a chosaint agus maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, lena n-áirítear comhairleoirí rúnda a bheith ar fáil do gach ball foirne;

12.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, maidir le treoraíocht ar feadh an tsaoil agus maidir le deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint don fhorbairt gairme, maidir le cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, maidir le teilea-obair, maidir leis an gceart chun dícheangail, maidir le cothromaíocht gheografach a fheabhsú ionas go mbeidh ionadaíocht iomchuí ann ó na Ballstáit uile, agus maidir le hearcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas agus maidir lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás bainistiú ar 116 nós imeachta soláthair in 2021 agus go ndearna a Choiste um Sholáthar Poiblí (PPC) athbhreithniú ar 16 chomhad agus é mar chuspóir leis dlíthiúlacht agus rialtacht na mórnósanna imeachta soláthair a fhíorú sula síneofar an conradh atá beartaithe; ag tabhairt dá haire, i gcás na 16 chomhad go léir, go raibh PPC in ann, ina cháil chomhairleach, a fhíorú le cinnteacht réasúnach go bhfuil na nósanna imeachta soláthair agus na conarthaí a eascraíonn astu rialta agus dlíthiúil;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

14.

ag aithint go bhfuil bearta reatha ag an Údarás agus iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh aige chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, go fóill féin, nach ndéanann an tÚdarás CVanna chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú ar líne; ag tathant ar an Údarás bearta a ghlacadh ina leith sin;

15.

ag tabhairt dá haire gur shainaithin an tÚdarás, in 2021, naoi gcoinbhleacht leasa ar leibhéal na ndearbhuithe bliantúla leasa a bhain le saineolaithe seachtracha, agus gur bhainistigh sé na coinbhleachtaí leasa sin; ag tabhairt dá haire gur chinn an tÚdarás gan iarrthóir amháin a réamhroghnaíodh a earcú tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an dearbhú leasanna; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tÚdarás trí choinbhleacht leasa a shainaithint agus a chosc ar leibhéal an tsoláthair agus ar leibhéal na nósanna imeachta maidir le deontais a dhámhachtain; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá iarrachtaí maidir le coinbhleachtaí leasa, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa féideartha, a shainaithint agus a bhainistiú, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas;

16.

á iarraidh ar an a áirithiú go ndearna gach comhalta bainistíochta agus comhairleach, a gcomhaltaí malartacha agus saineolaithe eile na dearbhuithe leasa bliantúla a thíolacadh go díograiseach; á iarraidh ar an Údarás ardleibhéal comhlíontachta a áirithiú le rialacha coinbhleachta leasa agus le rialacha trédhearcachta le linn a ghníomhaíochtaí uile;

17.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás, le haghaidh 2022, cur chuige nua iarfhostaíochta a ghlacadh lena n-áirítear na critéir agus an nós imeachta chun deireadh a chur leis an rochtain atá ag baill foirne atá ag fágáil na seirbhíse ar fhaisnéis rúnda; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú;

18.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; ag iarraidh ar an Údarás a shásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

19.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú ar a chórais rialaithe inmheánaigh don bhliain tuairiscithe agus gur thángthas ar an gconclúid go raibh comhpháirteanna agus prionsabail uile an rialaithe inmheánaigh ann tríd is tríd agus iad ag feidhmiú de réir mar a beartaíodh; á chur in iúl gur geal léi gur shainaithin an tÚdarás roinnt beart mar sin féin chun bainistiú faisnéise íogaire a neartú tuilleadh, agus chun sásraí rialaithe inmheánaigh a áirithiú atá oiriúnach don fheidhm maidir leis na cistí méadaithe mar thoradh ar Rialachán (AE) 2019/1381;

20.

ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) maidir le measúnú agus glacadh aschur eolaíoch i réimse na gcomhábhar bia agus an phacáistithe in 2020, gur cuireadh an bharúil chun feidhme agus go measann an tÚdarás í a bheith tugtha chun críche;

21.

ag tabhairt dá haire gur eisigh IAS tuarascáil deiridh in 2021 maidir leis na próisis soláthair agus dámhachtana deontas san Údarás lena gcumhdaítear na blianta 2019-2020; ag tabhairt dá haire gur tháinig IAS ar an gconclúid go bhfuil an creat rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh arna bhunú ag an Údarás dá phróisis soláthair agus dámhachtana deontas deartha go leormhaith, éifeachtúil agus éifeachtach, agus dá bhrí sin go dtugtar cinnteacht réasúnta leis go mbainfear amach na príomhchuspóirí rialaithe inmheánaigh; ag tabhairt dá haire gur eisigh IAS trí mholadh thábhachtacha; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé na córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú; á áitiú go láidir gur gá córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialaithe a bheith ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachta leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

23.

ag tabhairt dá haire gur tugadh chun críche na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh de réir bharúlacha na Cúirte ó 2020; á mheabhrú nach mór na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh de réir bharúlacha na Cúirte ó 2017 a thabhairt chun críche, go háirithe chun neamhspleáchas an oifigigh cuntasaíochta a neartú tríd an oifigeach sin a dhéanamh freagrach go díreach do Stiúrthóir an Údaráis;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

24.

ag cur sonrú sna forbairtí sna réimsí a bhaineann le soláthar seirbhísí idirbheartaíochta, le comhoibriú digiteach agus le treochlár teicneolaíochta an Údaráis; ag cur sonrú i sprioc an Údaráis timpeallacht oibre níos nua-aimseartha agus níos solúbtha a chruthú trí infheistíochtaí TF a dhéanamh, a rinneadh sa treochlár teicneolaíochta roimhe seo agus a chabhraigh le mórshuaití ar obair an Údaráis a chosc le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi tionscadal an chomhoibrithe dhigitigh a leagadh amach maidir le feabhas a chur ar mhalartú eolais agus saineolais laistigh de líonraí foirne, saineolaithe agus páirtithe leasmhara an Údaráis; ag tabhairt dá haire gur sháraigh tionscadal an chomhoibrithe dhigitigh an sprioc 170 grúpa gníomhach comhoibrithe shóisialta a bheith ann in 2021, tar éis 204 ghrúpa ghníomhacha a bheith ann;

25.

ag cur sonrú i gcur chun feidhme na huirlise TF dá ngairtear ‘réiteach iomlán DoI TF’ lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le neamhspleáchas a chur chun feidhme, lena n-áirítear scagadh a dhéanamh ar dhearbhuithe leasanna atá faoi réir rialacha neamhspleáchais an Údaráis; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh saincheisteanna teicniúla sa réiteach nua TF a raibh tionchar diúltach acu ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

26.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar a riachtanaí atá sé na bearta slándála riachtanacha uile a dhéanamh chun nach ann d’aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

27.

ag spreagadh na Gníomhaireachta chun oibriú i ndlúthchomhar le (ENISA) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus le CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta, laistigh den Ghníomhaireacht;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID 19

28.

ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá ghníomhaíochtaí in 2021 agus go raibh sé in ann a chlár oibre a chur i gcrích in ainneoin thionchar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás a mhisin foirne a chur ar fionraí, chomh maith le cruinnithe agus imeachtaí fisiciúla agus gur thug sé tús áite don fhíorúlú, rud a laghdaigh an buiséad i speansais sna línte buiséid gaolmhara i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh filleadh na foirne ar an oifig a chur siar agus gur cuireadh an teilea-obair chun cinn; ag spreagadh an Údaráis chun úsáid a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le taisteal foirne, chun eagar níos fearr a chur ar chruinnithe agus ar chúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná i bpearsa amach anseo;

29.

ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás modúl ionduchtaithe leictreonach sa siúl in 2021 in Uirlis Earcaíochta Taleo, a bhainistíonn agus a thacaíonn le hionduchtú comhaltaí foirne agus oiliúnaithe trí réiteach uathoibrithe a cuireadh in oiriúint tuilleadh do staid na paindéime;

Barúlacha eile

30.

ag cur sonrú in iarrachtaí an Údaráis feasacht ar shábháilteacht bia a mhéadú i measc an phobail i gcoitinne trína chéad fheachtas cumarsáide digití uile-AE a sheoladh in 2021, arb é is aidhm dó míniú a thabhairt ar an eolaíocht atá taobh thiar de shábháilteacht bia san Aontas ar bhealach inrochtana agus cabhrú le cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le roghanna bia; ag tabhairt dá haire gur cuireadh an feachtas i gcrích i gcomhpháirtíocht le húdaráis inniúla na mBallstát agus go raibh sé dírithe go díreach ar lucht féachana neamhspeisialaithe; ag cur sonrú, agus é ina dhíol sásaimh di, sna torthaí dearfacha a tháinig as suirbhé meastóireachta iarfheachtais;

31.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag údarú tapa breiseán beatha inbhuanaithe agus roghanna malartacha inbhuanaithe ar lotnaidicídí maidir le huaillmhianta na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ a bhaint amach; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ó thaobh foirne agus a gcuid saineolais faoi seach bunriachtanach chun moilleanna ar nósanna imeachta iarratais agus ar nósanna imeachta measúnaithe a chosc chun breiseáin bheatha inbhuanaithe agus roghanna malartacha inbhuanaithe ar lotnaidicídí a fhormheas;

32.

á mheabhrú gur ghlac an Pharlaimint sé agóid in 2021 maidir le hallmhairiú barr géinmhodhnaithe do bhia agus do bheatha; á thabhairt chun suntais go bhfuil bearnaí sa mheasúnú riosca arna dhéanamh ag Painéal an Údaráis maidir le hOrgánaigh Ghéinmhodhnaithe mar chúis amháin leis na hagóidí sin; ag tathant ar an Údarás aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin agus iad a dhúnadh mar ábhar práinne;

33.

ag tarraingt aird ar easnaimh leanúnacha i réimse leas na n-ainmhithe, go háirithe ó thaobh iompar ainmhithe beo ach gan bheith teoranta dó sin; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cuireadh tús leis an obair ar shraith mhór sainorduithe maidir le leas ainmhithe a bhaineann, go háirithe, le hiompar ainmhithe, a bheidh mar bhunús leis an reachtaíocht nua atá á dréachtú sa réimse sin;

34.

á iarraidh ar an Údarás leanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí agus slándáil TF), agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

35.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 69.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 1829/2003, (CE) Uimh. 1831/2003, (CE) Uimh. 2065/2003, (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1331/2008, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


Top