EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1875

Rún (AE) 2023/1875 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 279–283 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1875/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/279


RÚN (AE) 2023/1875 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0143/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é EUR 64 867 177 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn laghdú 27,64 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go n-eascraíonn buiséad na Gníomhaireachta go príomha ó bhuiséad an Aontais agus ó ranníocaíocht CSTE (79,26 %) agus ó na ranníocaíochtaí faoi chomhaontuithe sonracha le haghaidh an chláir Copernicus (20,73 %);

B.

de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná ráta cur chun feidhme buiséid 100 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, arb ionann é agus méadú beag 0,04 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 84.90 % ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú 1,18 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

Feidhmíocht

2.

ag cur sonrú sa mhéid a bhain an Ghníomhaireacht amach i réimsí na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, sláinte an duine agus an comhshaol, an geilleagar ciorclach agus úsáid acmhainní, treochtaí, ionchais agus freagairtí inbhuanaitheachta, agus, go háirithe, maidir leis an gcuspóir sonrach measúnuithe agus táscairí a chur ar fáil chun tacú le huaillmhianta inbhuanaitheachta an Aontais; ag thabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 2021 an chéad bhliain inar cuireadh Straitéis EEA-Eionet 2021-2030 chun feidhme, straitéis atá ailínithe le tosaíochtaí beartais an Aontais;

3.

á chur i bhfáth go soláthraíonn an Ghníomhaireacht faisnéis fhónta, neamhspleách maidir leis an gcomhshaol; ag moladh cháilíocht a aschuir a eisíodh in 2021, amhail seoladh na huirlise MapMyTree, faoi ghealltanas trí bhilliún crann de straitéis bhithéagsúlachta an Aontais; tacaíocht don chaibidlíocht faoin Dlí Aeráide Eorpach agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bhunú; agus seoladh tairseach ghréasáin nua chun tacú le tuairisciú torainn;

4.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) arb é is aidhm dóibh faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chainníochtúil na Gníomhaireachta i ndáil lena pleanáil oibre oibríochtúil, le seachadadh an chláir oibre bhliantúil agus le bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna, i measc nithe eile; ag cur sonrú, go háirithe, sa ráta seachadta 89 % maidir le príomhthuarascálacha agus príomh-mheasúnuithe a baineadh amach in 2021, a bhí beagán faoi bhun na sprice, agus i ráta forghníomhaithe an bhuiséid 95, 2 % arna thomhas mar chéatadán d’íocaíochtaí a cuireadh i gcrích laistigh den spriocdháta dlíthiúil/conarthach; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl;

5.

ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Ghníomhaireacht comhar éifeachtach ar bun in 2021 le Eionet, le hinstitiúidí an Aontais, chomh maith le gníomhaithe domhanda; ag cur sonrú, agus é ina díol sásaimh di, sa ról lárnach a bhí ag an nGníomhaireacht maidir le tacú le gníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an togra le haghaidh an Ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (an ‘8ú CGC’);

6.

á mheabhrú gur thug an Ghníomhaireacht faoi chúraimí nua in 2021 mar thaca le huaillmhianta an Aontais i leith an chomhshaoil a bhaint amach mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den 8ú CGC, agus ag rannchuidiú freisin le gealltanais dhomhanda an Aontais, agus ar an gcaoi sin seasamh na gníomhaireachta mar phríomhfhoinse faisnéise comhshaoil atá ábhartha do bheartais, a neartú;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 99,28 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 3 oifigeach bhuana agus 136 ghníomhaire shealadacha as 140 post arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 130 post údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 79 ngníomhaire ar conradh agus 18 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, chun na cúraimí a dhéanamh i gceart ar chonair an Aontais i dtreo neodracht aeráide, an gheilleagair chiorclaigh agus athbhunú an dúlra, gur cheart go dtiocfadh méadú ar líon na mball foirne laistigh den Ghníomhaireacht sna blianta amach romhainn; á mheabhrú, de réir an togra ón gCoimisiún ar rialachán maidir le hathbhunú an dúlra, go mbeidh gá le 12 phost bhreise chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna an rialacháin sin amháin; á chur i bhfios go mbraitheann lucht ceaptha beartas ar shaineolas agus ar thacaíocht na Gníomhaireachta chun na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme chun todhchaí aeráidneodrach a bhaint amach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na féidearthachtaí ina leith sin agus tuairisciú ar ais don údarás um urscaoileadh; á chur i bhfáth go bhféadfadh acmhainní neamhleora don Ghníomhaireacht an bonn a bhaint de chumas na n-institiúidí gealltanais a chomhlíonadh i ndáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa cothromaíochta inscne laistigh d’ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 6 as 9 díobh (67 %); á thabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 18 as 38 díobh (47 %); á thabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann na Gníomhaireachta i gcoitinne, gur mná iad 112 as 206 díobh (54 %) á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a mhéadú ar gach leibhéal de ordlathas na Gníomhaireachta a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;

9.

ag tabhairt dá haire, ón obair leantach ar thuarascáil 2020 um urscaoileadh maidir le beartas foirne, gur fhorbair an Ghníomhaireacht creatbheartas ilbhliantúil acmhainní daonna atá ailínithe le Straitéis EEA-Eionet 2021-2030 lena dtugtar aghaidh ar chúig réimse fócais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil comhordaitheoir folláine ag an nGníomhaireacht;

10.

ag tabhairt dá haire ón obair leantach ar thuarascáil 2020 um urscaoileadh maidir leis an reachtaíocht le haghaidh maoiniú inbhuanaithe, gur leithdháil an Ghníomhaireacht gníomhaire sealadach breise amháin chun oibriú ar mhaoiniú inbhuanaithe in 2021, agus nár pleanáladh an post sin ach ar feadh trí bliana sa bhileog airgeadais, agus ina dhiaidh sin nach mbeidh an Ghníomhaireacht in ann leanúint de na cúraimí tacaíochta sin ar an leibhéal reatha;

11.

ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht dá measúnú ar riachtanais acmhainní a thuairisciú don Choimisiún; ag tabhairt dá haire freisin, tar éis plé a dhéanamh leis an gCoimisiún, go gclúdófar feidhmeanna tacaíochta sa reachtaíocht nua agus go bhfuil sé curtha in iúl ag an nGníomhaireacht nach leor an post tacaíochta breise i ndáil leis an Rialachán maidir leis an Dlí um Athbhunú an Dúlra;

12.

ag tabhairt dá haire le sásamh go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus maidir le cosc a chur ar chiapadh síceolaíoch agus gnéasach lena dtacaítear, inter alia, le cúrsa ríomhfhoghlama maidir le heitic agus sláine; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht líonra comhairleoirí rúnda agus faisnéis phraiticiúil ar fáil maidir le conas ciapadh líomhnaithe a thuairisciú agus dul i dteagmháil le comhairleoir rúnda ar a hinlíon;

13.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a chinntiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

14.

ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht de nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh a shaothrú go gníomhach leis an gCoimisiún trí bhíthin creatchonarthaí, chomh maith le húsáid a bhaint as córais agus seirbhísí éagsúla de chuid an Choimisiúin;

15.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur leasaigh an Ghníomhaireacht creatchonradh seirbhíse chun seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a sholáthar tríd an mbuiséad uasta tosaigh a dhúbailt ó EUR 500 000 go EUR 1 000 000, agus gurb é an t-údar a úsáideadh an maolú ab infheidhme maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, nár comhlíonadh na coinníollacha ina leith, agus, thairis sin, nár comhlíonadh coinníollacha an Rialacháin Airgeadais lena gceadaítear conarthaí a mhodhnú gan nós imeachta soláthair nua; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go measann an Chúirt go raibh an leasú neamhrialta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, áfach, nach raibh aon íocaíochtaí gaolmhara ann in 2021;

16.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, go n-áiritheofaí iomaíocht chóir idir tairgeoirí agus go soláthrófaí earraí agus seirbhísí ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go ndéanfaí na huirlisí ríomhsholáthair TF arna bhforbairt ag an gCoimisiún a chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag cur sonrú, agus é ina chúis imní di, i mbarúil na Cúirte go bhfuil méadú ag teacht ar na laigí sa soláthar poiblí agus gurb iad sin atá fós mar phríomhfhoinse na n-íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór ghníomhaireachtaí an Aontais;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

17.

ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint sceithirí a sholáthar; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta oscailte, dúnta ná leanúnacha ann in 2021; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2021;

18.

ag tabhairt dá haire, ón obair leantach ar thuarascáil um urscaoileadh 2020, go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag coinneáil súil ar CVanna agus dearbhuithe leasa a tíolacadh agus á mheabhrú do chomhaltaí an bhoird bainistíochta na doiciméid sin a thíolacadh, ar bhonn deonach, i gcás nach bhfuil siad tíolactha go fóill;

19.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

20.

ag aithint an athraithe struchtúraigh a tháinig tar éis sheoladh an tionscadail ‘An t-ionad oibre a bheidh ann amach anseo’; ag cur sonrú san ullmhúchán don tionscadal chun feabhas a chur ar an gcóras bainistithe cáilíochta chun na laigí a sainaithníodh a leigheas, amhail gan ach comhlíonadh páirteach a bheith ann i gcomhpháirteanna an chreata maidir leis an timpeallacht rialaithe, gníomhaíochtaí rialaithe agus faisnéis agus cumarsáid;

21.

á thabhairt dá haire agus imní uirthi, ó thuarascáil na Cúirte, gur leathnaíodh creatchonradh chun seirbhísí ceaintín agus lónadóireachta a sholáthar ar áitribh na Gníomhaireachta dhá uair ar leith, nár chomhdaigh an Ghníomhaireacht nóta eisceachta don chéad síneadh, rud nach bhfuil i gcomhréir le caighdeáin rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta lena gceanglaítear gach imeacht a dhoiciméadú, a dhlisteanú agus a fhormheas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina ábhar imní di, maidir leis an dara síneadh, gur tharraing an Ghníomhaireacht nóta eisceachta suas leis an gcomhad, ach nár comhdaíodh é i gclár lárnach na n-eisceachtaí; ag tabhairt freagra na Gníomhaireachta dá haire gur chuir paindéim COVID-19 bac ar phleanáil agus ar sheoladh glao ar thairiscintí le haghaidh creatchonradh seirbhíse nua; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a córas rialaithe inmheánaigh a neartú i ndáil leis sin;

22.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur úsáid an Ghníomhaireacht, i gconradh seirbhíse chun seirbhísí tacaíochta an chórais faisnéise geografaí a sholáthar, leasú ar chonradh chun síneadh aon mhí amháin a chur le comhlíonadh na seirbhísí, ón 28 Feabhra 2021 go dtí an 31 Márta 2021; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár tháinig an leasú i bhfeidhm, áfach, go dtí an 22 Márta 2021 nuair a shínigh an dá pháirtí chonarthacha é, rud a d’fhág go bunúsach go raibh tréimhse 22 lá de sholáthar seirbhíse ann agus nach raibh aon chonradh ag freagairt dó sin; ag tabhairt dá haire, cé go raibh sé sin aimsithe ag an nGníomhaireacht, nach raibh nóta eisceachta comhlánaithe aici; ag cur sonrú i ndeimhniú na Gníomhaireachta gur mar gheall ar mhaoirseacht a tharla an mhoill; á chur in iúl gur geal léi freagra na Gníomhaireachta go dtreiseoidh sí a rialuithe agus a nósanna imeachta chun laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh moill ar shíneadh conarthaí agus chun a áirithiú go gcomhdófar nótaí eisceachta i gcás ina dtarlaíonn sáruithe neamhdheonacha ar an Rialachán Airgeadais;

23.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur íoc an Ghníomhaireacht, faoi chreatchonradh chun seirbhísí TF a sholáthar, seirbhísí coimhdeacha, faoi phacáiste oibre ar leithligh, ar mhéid EUR 25 000 gan fíorú a dhéanamh ar dtús cé na próifílí beachta agus na rátaí laethúla a chuir an conraitheoir i bhfeidhm go bunúsach agus na seirbhísí á seachadadh agus á sonrascadh aige; ag tabhairt dá haire ó fhreagra na Gníomhaireachta go bhfuil bearta déanta aici chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na Cúirte maidir le horduithe amach anseo;

24.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; ag cur béim láidir ar an ngá atá le córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí cásanna féideartha de choinbhleacht leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

25.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ghlac an Ghníomhaireacht creat digiteála LEE-Eionet i mí Aibreáin 2021, ag tabhairt faoi roinnt príomhghníomhaíochtaí amhail nuachóiriú bhonneagar sonraí na Gníomhaireachta agus tús a chur le tionscadail lena bhfiosraítear úsáid na hintleachta saorga; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Ghníomhaireacht roinnt táirgí digiteacha agus eolais nua in 2021, lena n-áirítear an Fhaireachlann Eorpach um an Aeráid agus Sláinte agus an Taiscéalaí Sonraí Aeráide Eorpach laistigh den ardán Climate-ADAPT agus tuarascálacha idirghníomhacha gréasáin maidir le cáilíocht an aeir agus guaiseacha aeráide;

26.

ag tabhairt dá haire, maidir le líonra TF na Gníomhaireachta agus timpeallacht na bagartha cibearshlándála, go bhfuil líonraí ‘gorma/glasa’ tugtha isteach ag an nGníomhaireacht sna hoifigí, inarb é an líonra glas deighilt ríomhairí glúine na foirne ó na córais inmheánacha go léir agus go mbaineann an líonra gorm le ríomhairí glúine nach féidir a leithlisiú go fóill agus atá srianta mar sin ó thaobh na mbogearraí atá ar fáil;

27.

ag cur sonrú i gcóras bainistíochta comhshaoil na Gníomhaireachta agus gealltanas na Gníomhaireachta a bheith ina eagraíocht ‘neodrach ó thaobh na haeráide de’; ag tabhairt dá haire gur choimisiúnaigh an Ghníomhaireacht staidéar in 2021 agus é mar aidhm leis sin gníomhaíochtaí indéanta a shainaithint chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na Gníomhaireachta a laghdú agus chun cuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030;

28.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

29.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear an bhainistíocht, laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

30.

á thabhairt dá haire, mar fhreagairt ar na srianta a bhain leis an bpaindéim, gur thionscain an Ghníomhaireacht earcaíocht ar líne, le tacaíocht ó chur chun feidhme ardán earcaíochta Systal, agus gur éirigh léi líon mór earcaíochtaí a thabhairt i gcrích in 2020 agus in 2021 agus gan ach ráta íseal folúntais ann i ndeireadh gach bliain den dá bhliain sin;

31.

á chur in iúl gur geal léi, in ainneoin phaindéim leanúnach COVID-19, gur lean obair na Gníomhaireachta de bheith éifeachtúil, solúbtha agus curtha i gcrích gan mhoill nár ghá in 2021; ag moladh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm,;chun a shainaithint ar bhealach níos fearr amach anseo cé na cruinnithe agus na cúraimí a d’fhéadfaí a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla trí iad a dhéanamh go cianda seachas go pearsanta;

32.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghníomhaireacht ar na bearta bonnlíne cibearshlándála a chur chun feidhme in 2021 in oirchill rialachán lena leagtar síos bearta maidir leis an gcibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (‘Rialachán maidir leis an gCibearshlándáil’), chomh maith le cur chuige gan iontaoibh agus fíordheimhniú ilfhachtóra do gach seirbhís inmheánach, agus go ndearnadh pribhléidí riaracháin TF a athbhreithniú agus a theorannú don íosmhéid;

Barúlacha eile

33.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht tús le tionscadal ilbhliantúil, ilchomhpháirte in 2021 chun a láithreacht ar líne a chuíchóiriú sna blianta amach romhainn agus beartais níos láidre maidir le hinneachar gréasáin a fhorbairt ar fud ardáin uile na Gníomhaireachta agus loighic loingseoireachta fheabhsaithe a bhunú; ag tabhairt dá haire go mbeidh an suíomh gréasáin corparáideach nua i gcomhréir le treoirlínte inrochtaineachta WCAG 2.1;

34.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an pobal a chur ar an eolas go leordhóthanach faoi na rioscaí a bhaineann le neamhghníomhaíocht maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus oiriúnú dó, á chur in iúl gur díol sásaimh di gníomhaíochtaí cumarsáide na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin, cibé acu ábhar closamhairc, díospóireachtaí ar líne, an comórtas grianghrafadóireachta bliantúil nó gníomhaíochtaí cumarsáide áitiúla, agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus, más féidir, dlús a chur leo sa tréimhse atá le teacht;

35.

ag tabhairt dá haire gurb í an Ghníomhaireacht a bhí ina cathaoirleach ar Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (EUAN) lena n-áirítear formhór a fholíonraí, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir leis an digiteáil, an athléimneacht agus an téarnamh glas, agus í ag obair, i measc nithe eile, chun an t-aistriú glas a chothú agus ag cur le glasú riarachán EUAN;

36.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

37.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 12.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


Top