Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AT40547(01)

    Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29).) Cás AT.40547 – Styrene Monomer (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 145/08

    C/2022/8507

    IO C 145, 27.4.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 145/11


    Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)

    Cás AT.40547 – Styrene Monomer

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 145/08)

    An dréachtchinneadh seo, a dhírítear ar (a) INEOS Limited, INEOS Europe AG, INOVYN Enterprises Limited agus INEOS Styrolution UK Limited (dá ngairtear le chéile “INEOS”), (b) Synthomer Deutschland GmbH, Synthomer (UK) Limited (2) agus Synthomer plc (3) (dá ngairtear le chéile “Synthomer”), (c) Trinseo PLC (4) agus Trinseo Europe GmbH (dá ngairtear le chéile “Trinseo”), (d) Synbra Holding B.V. agus BEWI RAW B.V (5). (dá ngairtear le chéile “Synbra”), (e) O.N. Sunde AS agus SUNPOR Kunststoff Gesellschaft m.b.H. (dá ngairtear le chéile “Sunpor”), agus (f) Synthos S.A., Synthos Styrenics Services B.V. agus Black Forest SICAV-SIF (dá ngairtear le chéile “Synthos”) (ar a dtugtar “na Páirtithe” le chéile), baineann sé le sárú aonair leanúnach ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) laistigh de LEE ina iomláine.

    Tugtar tuairisc ar an sárú mar chomhaontú nó cleachtas comhbheartaithe trína ndearna na rannpháirtithe faisnéis phraghsála atá íogair ó thaobh tráchtála de a mhalartú go déthaobhach agus go hiltaobhach agus trína gcomhordaigh siad a n-iompraíocht maidir le gné phraghais a bhaineann le monaiméir stiréine a cheannach, is é sin an Praghas Conartha Míosúil Stiréine nó “PCMS”. Mhair an sárú ón 1 Bealtaine 2012 go dtí an 30 Meitheamh 2018.

    An 17 Iúil 2020, thionscain an Coimisiún imeachtaí de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 (6) i gcoinne na bPáirtithe (7).

    Tar éis caibidlíocht socraíochta (8) agus aighneachtaí socraíochta (9) i gcomhréir le hAirteagal 10a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004, ghlac an Coimisiún, an 29 Meán Fómhair 2022, ráiteas agóidí (an “Ráiteas Agóidí”) a díríodh chuig na Páirtithe an 30 Meán Fómhair 2022.

    Sna freagraí faoi seach a thug siad ar an Ráiteas Agóidí, dheimhnigh na Páirtithe de bhun Airteagal 10a(3) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 gur léirigh an Ráiteas Agóidí ábhar a n-aighneachtaí socraíochta agus dá bhrí sin go raibh siad tiomanta fós don nós imeachta socraíochta a leanúint.

    De bhun Airteagal 16 de Chinneadh 2011/695/AE, tá scrúdú déanta agam an mbaineann an dréachtchinneadh le hagóidí amháin a bhfuil an deis tugtha do na Páirtithe a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith. Tháinig mé ar an gconclúid go mbaineann.

    I gcaitheamh na n-imeachtaí socraíochta, rinne duine de na réamhtheachtaithe scrúdú ar iarraidh a chuir Sunpor faoi bhráid an Oifigigh Éisteachta de bhun Airteagal 15(2) de Chinneadh 2011/695/AE agus mhír 18 den Fhógra Socraíochta (10) i ndáil le húsáid físchomhdhála le haghaidh na bpléití socraíochta i rith phaindéim Covid-19. Tháinig sé ar an gconclúid nár sháraigh úsáid den sórt sin sa chás seo ceart éisteachta Sunpor, a cheart chun ionadaíochta dlíthiúla, nó prionsabal na córa comhionainne (11). Agus é ag teacht ar an gconclúid sin, chuir an tOifigeach Éisteachta san áireamh, go háirithe, nach n-éilítear leis an gceart éisteachta, leis an bprionsabal maidir le cearta na cosanta, le Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ná leis an bhFógra Socraíochta go dtionólfaí cruinnithe go fisiciúil, gur chuir Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta na roghanna céanna ar fáil do na páirtithe uile, agus gur gá moilleanna míchuí ar reáchtáil an nós imeachta riaracháin a sheachaint.

    I bhfianaise an mhéid thuas, agus é á chur san áireamh nár chuir na Páirtithe aon iarraidh nó aon ghearán eile faoi bhráid an Oifigigh Éisteachta, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bPáirtithe sna himeachtaí sa chás seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Samhain 2022.

    Eric GIPPINI FOURNIER


    (1)  De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29).

    (2)  Ar a dtugtaí Synthomer Limited roimhe seo.

    (3)  Ar a dtugtaí Yule Catto & Co plc roimhe seo.

    (4)  Is é Trinseo PLC cuideachta chomharbais dhlíthiúil agus eacnamaíoch Trinseo S.A., arbh é máthairchuideachta deiridh Trinseo Europe GmbH le linn na tréimhse sáraithe é. An 8 Deireadh Fómhair 2021, rinneadh Trinseo S.A. a chumasc in Trinseo PLC.

    (5)  Ar a dtugtaí BEWiSynbra RAW B.V. roimhe seo agus, roimhe sin, Synbra Technology B.V.

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18).

    (7)  A mhéid a bhaineann le Trinseo, an 17 Iúil 2020, thionscain an Coimisiún imeachtaí de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 i gcoinne Trinseo S.A. Le Cinneadh arna ghlacadh an 26 Meán Fómhair 2022, thionscain an Coimisiún imeachtaí de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 i gcoinne Trinseo PLC, arb é comharba dlíthiúil agus eacnamaíoch Trineo S.A. é (féach fonóta 4).

    (8)  Bhí na cruinnithe socraíochta ar siúl idir an 21 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2022.

    (9)  Chuir na Páirtithe a n-iarrataí foirmiúla ar shocraíocht isteach idir [...]. Go háirithe, an [...], d’admhaigh Trinseo PLC toradh na gcruinnithe socraíochta a tionóladh le Trinseo S.A. agus chuir sé isteach a iarraidh fhoirmiúil ar shocraíocht.

    (10)  Faoi Airteagal 15(2) de Chinneadh 2011/695/AE, féadfaidh na páirtithe sna himeachtaí i gcásanna cairtéil a ghabhann do phlé socraíochta de bhun Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004, féadfaidh siad iarraidh ar an oifigeach éisteachta ag céim ar bith le linn an nós imeachta socraíochta chun feidhmiú éifeachtach a gceart nós imeachta a áirithiú. Féach freisin mír 18 d’Fhógra ón gCoimisiún 2008/C 167/01 maidir le nósanna imeachta socraíochta a reáchtáil d’fhonn Cinntí a ghlacadh de bhun Airteagail 7 agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gcásanna cairtéil (IO C 167, 2.7.2008, lch. 1).

    (11)  Litir Wouter Wils chuig Sunpor an 15 Deireadh Fómhair 2020.


    Top