Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0127

    Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (COM(2021)0805 – C9-0467/2021 – 2021/0423(COD))

    IO C, C/2023/1081, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1081/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1081/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/1081

    15.12.2023

    P9_TA(2023)0127

    Laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh

    Leasuithe (*1) a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (COM(2021)0805 – C9-0467/2021 – 2021/0423(COD)) (1)

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (C/2023/1081)

    Leasú 1

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (1)

    Is é meatán an phríomh-chomhpháirt atá sa ghás nádúrtha, agus tá sé ar an dara gás is mó, seachas dé-ocsaíd charbóin, a chuireann leis an athrú aeráide agus is é is cúis le timpeall aon trian den téamh atá ag tarlú faoi láthair.

    (1)

    Tá an meatán ar an dara gás is mó, seachas dé-ocsaíd charbóin, a chuireann leis an athrú aeráide agus is é is cúis le timpeall aon trian den téamh atá ag tarlú faoi láthair. D’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta uaidh an cinneadh go bhfuil gá le laghduithe móra ar astaíochtaí antrapaigineacha meatáin faoi 2030 chun fanacht faoi bhun 1,5  oC.

    Leasú 2

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (2)

    Ar an leibhéal móilíneach, cé go bhfanann an meatán san atmaisféar go ceann tréimhse is giorra (idir 10 agus 12 bhliain) ná an dé-ocsaíd charbóin (na céadta blianta), is suntasaí a iarmhairt ceaptha teasa ar an aeráid, agus rannchuidíonn sé le foirmiú an ózóin, ar truailleán aeir láidir é is cúis le fadhbanna sláinte tromchúiseacha . Tá ardú géar tagtha ar mhéid an mheatáin san atmaisféar ar bhonn domhanda le 10 mbliana anuas.

    (2)

    Cé go bhfuil meánaga cónaithe atmaisféarach níos giorra ag an meatán (idir 10 mbliana agus 12 bhliain) ná mar atá ag an dé-ocsaíd charbóin (na céadta blianta), baineann iarmhairt ceaptha teasa ar an aeráid leis atá breis agus 80 oiread  (1a) níos mó ná iarmhairt ceaptha teasa na dé-ocsaíde carbóin (CO2) thar thréimhse 20 bliain . Tá ardú géar tagtha ar mhéid an mheatáin san atmaisféar ar bhonn domhanda le 10 mbliana anuas.

    Leasú 3

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2a)

    Is gás réamhtheachtach é an meatán le haghaidh ózón díobhálach ar leibhéal na talún agus cuireann sé le truailliú an aeir, agus bíonn baint ag an ózón ar leibhéal na talún le beagnach 20 000 bás anabaí gach bliain  (1a) . Trí dhul i ngleic le hastaíochtaí meatáin, tabharfar aghaidh ní hamháin ar an gcomhshaol agus ar an aeráid ach cuirfear feabhas freisin ar chosaint na sláinte i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin.

    Leasú 4

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (3a)

    I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú  (1a) , iarrtar ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí do bheartais agus do bhearta a bhaineann le tréimhse ama 20 bliain a úsáid do phoitéinseal téimh dhomhanda, mar chomhlánú ar an gcreat ama 100 bliain atá in úsáid faoi láthair i gcomhréir le treoirlínte Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) maidir le fardail gás ceaptha teasa. Tugtar faoi deara ann freisin, ach tuilleadh trédhearcachta a bheith ann faoi impleachtaí gearrthéarmacha an téimh dhomhanda a bhaineann le hastaíochtaí meatáin, gur chabhrú a bheadh ann le beartais aeráide an Aontais a dhéanamh níos eolasaí, agus cuirtear i bhfios go láidir ann nár cheart úsáid a bhaint, ar bhealach ar bith, as an méadrach comhlántach sin chun moill a chur ar an ngníomhaíocht is gá chun astaíochtaí CO2 a laghdú go mór agus go tapa freisin.

    Leasú 5

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (4)

    De réir shonraí an Aontais maidir le fardail gás ceaptha teasa (‘GCT’), meastar go bhfuil an earnáil fuinnimh freagrach as 19 % de na hastaíochtaí meatáin laistigh den Aontas. Ní áirítear leis sin na hastaíochtaí meatáin atá nasctha le hídiú fuinnimh iontaise an Aontais atá ag tarlú lasmuigh den Aontas.

    (4)

    De réir shonraí an Aontais maidir le fardail gás ceaptha teasa (‘GCT’), is ón talmhaíocht a thagann 53 % d’astaíochtaí meatáin antrapaigineacha, tagann 26 % ó dhramhaíl agus meastar gurb í an earnáil fuinnimh is cúis 19 % de na hastaíochtaí meatáin laistigh den Aontas. Ní áirítear leis sin na hastaíochtaí meatáin atá nasctha le hídiú fuinnimh iontaise an Aontais atá ag tarlú lasmuigh den Aontas. Is é an tAontas an t-allmhaireoir gáis iontaise is mó ar domhan, agus dá bhrí sin, imríonn an tAontas ról tábhachtach in astaíochtaí meatáin a spreagadh ar fud an domhain.

    Leasú 6

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (5)

    Nasctar le chéile sa Chomhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Sonraítear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (14) go ndéanfar dícharbónú na hearnála gáis a éascú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar cheist na n-astaíochtaí meatáin ó earnáil an gháis. Ghlac an Coimisiún straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú (‘an Straitéis Meatáin’) i mí Dheireadh Fómhair 2020 ina leagtar amach bearta chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas Eorpach, lena n-áirítear in earnáil an fhuinnimh, agus go hidirnáisiúnta. I Rialachán (AE) 2021/1119 (15) (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht sprioc na haeráidneodrachta ar fud an gheilleagair faoi 2050, agus bhunaigh sé gealltanas ceangailteach inmheánach de chuid an Aontais um laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 sna glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis asbhaint na n-aistrithe) faoi 2030. Leis an leibhéal laghduithe sin ar astaíochtaí GCT a bhaint amach, ba cheart na hastaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh a laghdú faoi thimpeall 58 % faoi 2030 i gcomparáid le 2020 .

    (5)

    Nasctar le chéile sa Chomhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Sonraítear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (14) go ndéanfar dícharbónú na hearnála gáis a éascú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar cheist na n-astaíochtaí meatáin ó earnáil an gháis. Ghlac an Coimisiún straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú (‘an Straitéis Meatáin’) i mí Dheireadh Fómhair 2020 ina leagtar amach bearta chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas Eorpach, lena n-áirítear in earnáil an fhuinnimh, agus go hidirnáisiúnta. I Rialachán (AE) 2021/1119 (15) (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht sprioc na haeráidneodrachta ar fud an gheilleagair faoi 2050, agus bhunaigh sé gealltanas ceangailteach inmheánach de chuid an Aontais um laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 sna glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis asbhaint na n-aistrithe) faoi 2030. Tugann an Coimisiún le fios sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán seo gur féidir 77 % d’iomlán na n-astaíochtaí meatáin réamh-mheasta a bheidh os cionn na bonnlíne a laghdú in 2030 go leibhéal níos lú ná suim na dtairbhí sóisialta agus comhshaoil  (15a) . Beidh sé sin ina rannchuidiú dearfach leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5  oC agus chuirfeadh sé ar chumas an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hastaíochtaí meatáin a chomhrac agus slándáil fuinnimh a neartú .

    Leasú 7

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (6)

    Áirítear astaíochtaí meatáin le raon feidhme spriocanna an Aontais do laghduithe ar gháis cheaptha teasa do 2030 a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach, agus sna spriocanna náisiúnta ceangailteacha chun astaíochtaí a laghdú de réir Rialachán (AE) 2018/842 (16). Níl aon chreat dlíthiúil ann ar leibhéal an Aontais faoi láthair áfach, ina leagtar amach bearta sonracha chun astaíochtaí meatáin antraipigineacha in earnáil an fhuinnimh a laghdú. Ina theannta sin, cé go gcumhdaítear astaíochtaí meatáin ó scagadh na hola mianraí agus an gháis i dTreoir 2010/75 (17) maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, ní chumhdaítear gníomhaíochtaí eile in earnáil an fhuinnimh.

    (6)

    Tagann astaíochtaí meatáin ó réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear an talmhaíocht, dramhaíl, fuíolluisce agus fuinneamh. Áirítear astaíochtaí meatáin le raon feidhme spriocanna an Aontais do laghduithe ar gháis cheaptha teasa do 2030 a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach, agus sna spriocanna náisiúnta ceangailteacha chun astaíochtaí a laghdú de réir Rialachán (AE) 2018/842 (16). Níl aon chreat dlíthiúil ann ar leibhéal an Aontais faoi láthair, áfach, ina leagtar amach spriocanna agus bearta sonracha lena gcumhdaítear gach earnáil chun astaíochtaí meatáin antrapaigineacha a laghdú , agus laghdú suntasach á dhéanamh dá bhrí sin ar astaíochtaí meatáin san Aontas faoi 2030, i gcomhréir le Comhaontú Pháras . Ina theannta sin, cé go gcumhdaítear astaíochtaí meatáin ó scagadh na hola mianraí agus an gháis i dTreoir 2010/75 (17) maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, ní chumhdaítear gníomhaíochtaí eile in earnáil an fhuinnimh.

    Leasú 8

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (7)

    Sa chomhthéacs seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ar laghdú na n-astaíochtaí meatáin sa taiscéalaíocht agus táirgeadh réamhtheachtach ola agus gáis iontaise, i mbailiú agus próiseáil gáis iontaise, i dtarchur, dáileadh, stóráil faoi thalamh an gháis agus críochfoirt gáis iontaise leachtaithe (GNL), agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ar mhianaigh ghuail faoi thalamh agus dhromchla atá á n-oibriú, agus ar mhianaigh ghuail atá dúnta nó tréigthe.

    (7)

    Sa chomhthéacs seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ar laghdú na n-astaíochtaí meatáin sa taiscéalaíocht agus táirgeadh réamhtheachtach ola agus gáis iontaise, i mbailiú agus próiseáil gáis iontaise, i dtarchur, dáileadh, stóráil faoi thalamh an gháis agus críochfoirt gáis iontaise leachtaithe (GNL), agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ar pheitriceimiceáin, ar mhianaigh ghuail faoi thalamh agus dhromchla atá á n-oibriú, agus ar mhianaigh ghuail atá dúnta nó tréigthe.

    Leasú 9

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 7 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (7a)

    Ós rud é go dtagann nafta agus leachtanna gáis nádúrtha lena n-úsáid san earnáil pheitriceimiceach freisin as taiscéalaíocht agus táirgeadh réamhtheachtach agus as bailiú agus próiseáil ola agus gáis iontaise agus go mbíonn astaíochtaí meatáin mar thoradh orthu. Ba cheart an earnáil pheitriceimiceach a bheith faoi réir na mbeart maidir le faireachán agus tuairisciú, brath agus deisiú sceite, agus faoi réir teorainneacha le scaoileadh agus bladhmadh cosúil leo siúd in earnáil an fhuinnimh.

    Leasú 10

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (8)

    Na rialacha maidir le tomhas cruinn, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí meatáin sna hearnálacha ola, gáis agus guail, chomh maith le rialacha maidir le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití agus srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh, ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu le creat dlíthiúil iomchuí an Aontais. Ba cheart go bhfaighfí rialacha i gcreat den sórt sin chun trédhearcacht a fheabhsú maidir le hallmhairí fuinnimh iontaise isteach san Aontas, agus na dreasachtaí á bhfeabhsú dá réir do ghlacadh níos forleithne na réiteach maolaithe meatáin ar fud na cruinne.

    (8)

    Na rialacha maidir le tomhas cruinn, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí meatáin sna hearnálacha ola, gáis agus guail, chomh maith le rialacha maidir le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití agus srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh, agus cosaint oibrithe ar astaíochtaí meatáin á háirithiú, ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu le creat dlíthiúil iomchuí an Aontais. Leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart trédhearcacht a fheabhsú maidir le hallmhairí fuinnimh iontaise isteach san Aontas, agus ba cheart glacadh níos forleithne na réiteach maolaithe astaíochtaí meatáin ar fud na cruinne a bheith mar thoradh orthu amach anseo .

    Leasú 11

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (9)

    Is dócha go mbeidh infheistíochtaí ó oibreoirí rialáilte de dhíth ar mhaithe le comhlíontacht na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus ba cheart go gcuirfí na costais a bhainfeadh leis na hinfheistíochtaí sin san áireamh agus taraifí á chomhshocrú, faoi réir phrionsabail na héifeachtúlachta.

    (9)

    Is dócha go mbeidh infheistíochtaí ó oibreoirí rialáilte de dhíth ar mhaithe le comhlíontacht na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus ba cheart go gcuirfí na costais bhreise a bhainfeadh leis na hinfheistíochtaí sin san áireamh agus taraifí á chomhshocrú, faoi réir phrionsabail na héifeachtúlachta. De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), tá bearta laghdaithe meatáin an-éifeachtach ó thaobh costais de sna hearnálacha ola agus gáis, go háirithe i bhfianaise na bpraghsanna margaidh méadaithe ar ghás, agus bheadh teorainn leis na hinfheistíochtaí riachtanacha le haghaidh na mbeart sin, le tréimhse ghearr aisíoca  (1a) . Níor cheart go mbeadh ualach airgeadais díréireach ar úsáideoirí deiridh agus ar thomhaltóirí mar thoradh ar na costais riachtanacha. Ba cheart, dá bhrí sin, costais a bhaineann le hinfheistíochtaí i nglanchostais atá os cionn nialais a chur san áireamh agus taraifí á socrú. Ba cheart teaghlaigh leochaileacha a chosaint ar ualaí airgeadais díréireacha a bhaineann leis an Rialachán seo. Na bearta iomchuí a dhéanann na hoibreoirí chun astaíochtaí meatáin a chosc agus a íoslaghdú, ba cheart gurbh iad na bearta inar mó tionchar sochaíoch na n-astaíochtaí ná tionchar sochaíoch an bhirt mhaolaithe.

    Leasú 12

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 10

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (10)

    Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil amháin ar a laghad a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh go gcomhlíonann na hoibreoirí go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheapachán mar sin agus faoi aon athruithe air sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla gach beart riachtanach a ghlacadh chun comhlíontacht na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú. Agus tréithe trasteorann na n-oibríochtaí agus na n-astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh á gcur san áireamh, ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le chéile agus leis an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát líonra údarás inniúil a bhunú le chéile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm chun dlúthchomhar a chothú, leis na socruithe riachtanacha ann chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, agus chun gur féidir tabhairt faoi chomhairliúcháin.

    (10)

    Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil amháin ar a laghad a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh go gcomhlíonann na hoibreoirí go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheapachán mar sin agus faoi aon athruithe air sin. Ba cheart don Bhallstát acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chur ar fáil do na húdaráis inniúla a cheapfar agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart don údarás inniúil pointe teagmhála a bhunú. Agus tréithe trasteorann na n-oibríochtaí agus na n-astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh á gcur san áireamh, ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le chéile agus leis an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát líonra údarás inniúil a bhunú le chéile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm chun dlúthchomhar a chothú, leis na socruithe riachtanacha ann chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, agus chun gur féidir tabhairt faoi chomhairliúcháin.

    Leasú 13

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (12)

    D’fhonn feidhmiú a gcúraimí a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí an cúnamh go léir is gá a sholáthar do na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, ba cheart d’oibreoirí gach gníomhaíocht riachtanach a ghlacadh atá sainaitheanta ag na húdaráis inniúla laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó d’aon tréimhse eile a chomhaontaítear leis na húdaráis inniúla.

    (12)

    D’fhonn feidhmiú a gcúraimí a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí an cúnamh go léir is gá a sholáthar do na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, ba cheart d’oibreoirí gach gníomhaíocht riachtanach a ghlacadh atá sainaitheanta ag na húdaráis inniúla laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó d’aon tréimhse eile a chomhaontaítear leis na húdaráis inniúla. Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh go rialta ar staid na hearnála chun aon mhoill a d’fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar gheall ar easpa oibrithe agus teicneolaíochtaí oilte a bhrath.

    Leasú 14

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (12a)

    De réir Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) agus Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1b) is faisnéis chomhshaoil iad astaíochtaí isteach sa chomhshaol. Dá bhrí sin, aon fhoras leis na Ballstáit nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais diultú faisnéis a thabhairt maidir le rochtain ar fhaisnéis, is ar bhealach sriantach atá an foras sin le léirmhíniú, agus aird á tabhairt ar an dóigh a rachadh an nochtadh chun leas an phobail agus ar an mbaineann an fhaisnéis a iarrtar le hastaíochtaí sa chomhshaol.

    Leasú 15

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 13

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (13)

    Ba cheart cigireachtaí a bheith mar an príomhshásra a bheadh ar fáil do na húdaráis inniúla, lena n-áireofaí iniúchadh ar dhoiciméadacht agus taifid, tomhais astaíochtaí agus cigireachtaí ar an láthair. Ba cheart go dtarlódh na cigireachtaí ar bhonn tráthrialta, ar bhonn breithmheasa ar an riosca comhshaoil arna stiúradh ag na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí cigireachtaí i gcrích chun gearáin chuí-réasúnaithe agus tarluithe neamh-chomhlíontachta a imscrúdú, agus chun deisiúcháin nó athsholáthairtí comhpháirteanna a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ina sainaithníonn siad sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis inniúla fógra a eisiúint faoi ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a thabharfaidh an t-oibreoir i gcrích. Ba cheart d’údaráis inniúla taifid a choinneáil ar na cigireachtaí agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

    (13)

    Ba cheart cigireachtaí a bheith mar an príomhshásra a bheadh ar fáil do na húdaráis inniúla, lena n-áireofaí iniúchadh ar dhoiciméadacht agus taifid, tomhais astaíochtaí agus cigireachtaí ar an láthair. Ba cheart go dtarlódh na cigireachtaí ar bhonn tráthrialta, ar bhonn breithmheasa ar an riosca comhshaoil arna stiúradh ag na húdaráis inniúla. Ba cheart sásraí rialaithe atá bunaithe cheana agus atá ar fáil do na húdaráis inniúla a chur san áireamh. Ba cheart do na húdaráis inniúla samplaí den dea-chleachtas a shainaithint. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí cigireachtaí i gcrích chun gearáin chuí-réasúnaithe agus tarluithe neamh-chomhlíontachta a imscrúdú, agus chun deisiúcháin nó athsholáthairtí comhpháirteanna a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ina sainaithníonn siad sárú ar cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis inniúla fógra a eisiúint faoi ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a thabharfaidh an t-oibreoir i gcrích. Ba cheart d’údaráis inniúla taifid a choinneáil ar na cigireachtaí agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

    Leasú 16

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 14

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (14)

    I bhfianaise chomh cóngarach agus atá roinnt foinsí astaíochtaí meatáin do limistéir uirbeacha nó chónaitheacha, ba cheart go mbeadh daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá ndearnadh díobháil le sáruithe ar an Rialachán seo in ann gearáin chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil. Ba cheart go gcoinneofaí gearánaigh ar an eolas faoin nós imeachta agus faoi na cinntí a glacadh, agus ba cheart go bhfaighidís cinneadh críochnaitheach laistigh d’achar réasúnach ó thaisceadh an ghearáin.

    (14)

    I bhfianaise chomh cóngarach agus atá roinnt foinsí astaíochtaí meatáin do limistéir uirbeacha nó chónaitheacha agus i bhfianaise a dtionchair ar an tsláinte , ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, ba cheart go mbeadh daoine nádúrtha nó dlítheanacha in ann gearáin chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo . Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhfágfadh an Tairseach Eorpach don Cheartas gur féidir gearáin a chur isteach agus go dtabharfaí rochtain d’údaráis inniúla, chomh maith le faisnéis. Ba cheart go gcoinneofaí gearánaigh ar an eolas faoin nós imeachta agus faoi na cinntí a glacadh, agus ba cheart go bhfaighidís cinneadh críochnaitheach laistigh d’achar réasúnach ó thaisceadh an ghearáin.

    Leasú 17

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 15

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (15)

    Is féidir creidiúnacht na sonraí tuairiscithe a fheabhsú le creat fíoraithe láidir. Ina theannta sin, éilítear le leibhéal mionsonraí agus le castacht theicniúil na dtomhas astaíochtaí meatáin go ndéantar fíorú ceart ar shonraí astaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag oibreoirí agus oibreoirí mianaigh. Cé gur féidir féinfhíorú a dhéanamh, is le fíorú tríú páirtí a áirithítear neamhspleáchas agus trédhearcacht níos mó. Ina theannta sin, éascaítear tacar comhchuibhithe inniúlachtaí agus leibhéal saineolas nach mbeadh ar fáil do gach eintiteas poiblí seans. Ba cheart d’fhíoraitheoirí a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnúcháin i gcomhréir le Rialachán (CE) 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Ba cheart d’fhíoraitheoirí creidiúnaithe neamhspleácha a áirithiú dá réir gur ceart iad na tuairiscí astaíochtaí arna n-ullmhú ag oibreoirí agus oibreoirí mianaigh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart dóibh na sonraí sna tuairiscí astaíochtaí a athbhreithniú lena n-iontaofacht, a gcreidiúnacht agus a gcruinneas a mheasúnú i gcoinne chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta saor in aisce agus ar fáil go poiblí arna bhforbairt ag comhlachtaí neamhspleácha agus arb é an Coimisiún a dhéanann infheidhme iad. Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún dá réir chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun críche infheidhmeacht na gcaighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta sin a ionchorprú agus a leagan amach. Is éagsúil iad na fíoraitheoirí leis na húdaráis inniúla, agus ba cheart go mbeidís neamhspleách ar na hoibreoirí agus ar na hoibreoirí mianaigh, ar cheart dóibh gach cúnamh is gá a sholáthar dóibh le feidhmiú na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe maidir le rochtain ar an áitreabh agus cur i láthair doiciméadachta nó taifead.

    (15)

    Is féidir creidiúnacht na sonraí tuairiscithe a fheabhsú le creat fíoraithe láidir. Ina theannta sin, éilítear le leibhéal mionsonraí agus le castacht theicniúil na dtomhas astaíochtaí meatáin go ndéantar fíorú ceart ar shonraí astaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag oibreoirí agus oibreoirí mianaigh. Cé gur féidir féinfhíorú a dhéanamh, is le fíorú tríú páirtí a áirithítear neamhspleáchas agus trédhearcacht níos mó. Ina theannta sin, éascaítear tacar comhchuibhithe inniúlachtaí agus leibhéal saineolas nach mbeadh ar fáil do gach eintiteas poiblí seans. Ba cheart d’fhíoraitheoirí a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnúcháin i gcomhréir le Rialachán (CE) 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Ba cheart d’fhíoraitheoirí creidiúnaithe neamhspleácha a áirithiú dá réir gur ceart iad na tuairiscí astaíochtaí arna n-ullmhú ag oibreoirí agus oibreoirí mianaigh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin agus modheolaíochtaí reatha Eorpacha nó idirnáisiúnta agus aird chuí á tabhairt ar chineál ghníomhaíochtaí an oibreora. Ba cheart do na fíoraitheoirí na sonraí sna tuairiscí astaíochtaí a athbhreithniú lena n-iontaofacht, a gcreidiúnacht agus a gcruinneas a mheasúnú i gcoinne chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta saor in aisce agus ar fáil go poiblí arna bhforbairt ag comhlachtaí neamhspleácha agus arb é an Coimisiún a dhéanann infheidhme iad. Chun cruinneas na sonraí a áirithiú, ba cheart d’fhíoraitheoirí seiceálacha suímh fógartha agus gan réamhfhógra a dhéanamh. Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún dá réir chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun críche infheidhmeacht na gcaighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta sin a ionchorprú agus a leagan amach. Is éagsúil iad na fíoraitheoirí leis na húdaráis inniúla, agus ba cheart go mbeidís neamhspleách ar na hoibreoirí agus ar na hoibreoirí mianaigh, ar cheart dóibh gach cúnamh is gá a sholáthar dóibh le feidhmiú na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe maidir le rochtain ar an áitreabh agus cur i láthair doiciméadachta nó taifead.

    Leasú 18

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 16

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (16)

    Ba cheart an fhaisnéis sna tuairiscí astaíochtaí a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil a chur ar fáil don Choimisiún i bhfianaise an róil fhíoraithe a bheidh inchurtha i leith na Faireachlainne Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO), go háirithe maidir le modheolaíochtaí um chomhiomlánú sonraí agus um anailísiú agus fíorú ar mhodheolaíochtaí agus próisis staidrimh a úsáideann cuideachtaí lena sonraí tuairiscithe astaíochtaí a chainníochtú. D’fhéadfaí a áireamh leis na critéir thagartha ina leith sin caighdeáin agus treoirdhoiciméid OGMP. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis arna léiriú ag IMEO ar fáil don phobal agus ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin le haghaidh a thabhairt ar aon easnaimh shainaitheanta maidir le tomhas, tuairisciú agus fíorú na sonraí astaíochtaí meatáin.

    (16)

    Agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, ba cheart d’fhíoraitheoirí, do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún féachaint ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil go hidirnáisiúnta, mar shampla ag an bhFaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO), go háirithe maidir le modheolaíochtaí um chomhiomlánú sonraí agus anailísiú agus maidir le fíorú modheolaíochtaí agus próisis staidrimh a úsáideann oibreoirí agus oibreoirí mianach lena sonraí tuairiscithe astaíochtaí a chainníochtú. D’fhéadfaí a áireamh leis na critéir thagartha ina leith sin creat tuairiscithe na Comhpháirtíochta Ola agus Meatáin Gáis (OGMP), teimpléid agus treoirdhoiciméid.

    Leasú 19

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 17

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (17)

    Bhunaigh an tAontas IMEO i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcomhpháirtle Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, leis an gComhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, agus seoladh ag Cruinniú Mullaigh G20 i mí Dheireadh Fómhair 2021 é. Cuireadh de chúram ar IMEO sonraí astaíochtaí meatáin antraipigineacha a bhailiú, a réiteach, a fhíorú agus a fhoilsiú ar leibhéal domhanda. Tá IMEO ina chuid de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, a thug Meabhrán Tuisceana i gcrích leis an Aontas Eorpach. Bíonn ról ríthábhachtach aige freisin chun sonraí astaíochtaí meatáin a fhíorú in earnáil an fhuinnimh agus ba cheart caidreamh iomchuí a bhunú chun cur ar iontaoibh na gcúraimí fíoraithe a chur i bhfeidhm. Toisc nach comhlacht de chuid an Aontais é IMEO agus nach bhfuil sé faoi réir dhlí an Aontais, tá sé fíor-riachtanach a fhoráil go ndéanfaidh IMEO bearta iomchuí chun cosaint leasanna an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú.

    (17)

    Bhunaigh an tAontas IMEO i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcomhpháirtle Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, leis an gComhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, agus seoladh ag Cruinniú Mullaigh G20 i mí Dheireadh Fómhair 2021 é. Cuireadh de chúram ar IMEO sonraí astaíochtaí meatáin antraipigineacha a bhailiú, a réiteach, a fhíorú agus a fhoilsiú ar leibhéal domhanda. Ba cheart ról a bheith ag IMEO maidir le sár-astaírí a shainaithint trí chóras luathbhraite agus rabhaidh.

    Leasú 20

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 25

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (25)

    Ar mhaithe le héifeachtacht an tomhais agus an tuairiscithe, ba cheart go n-éileofaí ar chuideachtaí ola agus gáis astaíochtaí meatáin a thomhas agus a thuairisciú de réir foinse, agus sonraí comhbhailithe a chur ar fáil do na Ballstáit chun go mbeadh na Ballstáit in ann cruinneas a dtuairiscithe fardal a fheabhsú. Ina theannta sin, is riachtanas é fíorú éifeachtach a chur i gcrích ar shonraí tuairiscithe cuideachtaí agus, chun an t-ualach riaracháin d’oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart go n-eagrófaí an tuairisciú ar bhonn bliantúil.

    (25)

    Ar mhaithe le héifeachtacht an chainníochtaithe agus an tuairiscithe, ba cheart go n-éileofaí ar chuideachtaí ola agus gáis astaíochtaí meatáin a chainníochtú agus a thuairisciú de réir foinse, agus sonraí comhbhailithe a chur ar fáil do na Ballstáit chun go mbeadh na Ballstáit in ann cruinneas a dtuairiscithe fardal a fheabhsú. Ina theannta sin, is riachtanas é fíorú éifeachtach a chur i gcrích ar shonraí tuairiscithe cuideachtaí agus, chun an t-ualach riaracháin d’oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart go n-eagrófaí an tuairisciú ar bhonn bliantúil.

    Leasú 21

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 27

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (27)

    Tá cúig leibhéal tuairiscithe i gcreat OGMP 2.0. Tosaíonn an tuairisciú ar leibhéal foinse ar leibhéal 3, a mheastar a bheith inchomparáide le leibhéal 3 UNFCCC. Féadtar tosca astaíochta cineálacha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 4 de OGMP 2.0 go ndéantar tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse. Féadtar tosca astaíochta sonracha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 5 de OGMP 2.0 go gcuirtear tomhais chomhlántacha ag leibhéal láithreáin leis. Ina theannta sin, éilíonn creat OGMP 2.0 ar chuideachtaí tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin a thuairisciú laistigh de 3 bliana ó pháirt a ghlacadh in OGMP 2.0 i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 5 bliana i gcás sócmhainní neamhoibrithe. Ag cur leis an gcur chuige a glacadh in OGMP 2.0 maidir le tuairisciú ar leibhéal foinse, agus an líon mór cuideachtaí san Aontas atá tar éis clárú le OGMP 2.0 in 2021 á chur san áireamh, ba cheart go n-éileofaí ar oibreoirí an Aontais tomhais dhíreacha ar leibhéal foinse a sholáthar dá n-astaíochtaí laistigh de 24 mhí i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 36 mhí i gcás sócmhainní neamhoibrithe. I dteannta le cainníochtú ar leibhéal foinse, is le cainníochtú ar leibhéal suímh a cheadaítear measúnú, fíorú agus réiteach na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir suímh, agus muinín fheabhsaithe a sholáthar dá réir sin i leith astaíochtaí tuairiscithe. Mar ab amhlaidh i gcás OGMP 2.0, éilíonn an Rialachán seo tomhais ag leibhéal láithreáin chun tomhais ar leibhéal foinse a réiteach.

    (27)

    Tá cúig leibhéal tuairiscithe i gcreat OGMP 2.0 is déanaí . Tosaíonn an tuairisciú ar leibhéal foinse ar leibhéal 3, a mheastar a bheith inchomparáide le leibhéal 3 UNFCCC. Féadtar tosca astaíochta cineálacha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 4 de OGMP 2.0 go ndéantar tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse. Féadtar tosca astaíochta sonracha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 5 de OGMP 2.0 go gcuirtear tomhais chomhlántacha ag leibhéal láithreáin leis. Ina theannta sin, éilíonn creat OGMP 2.0 ar chuideachtaí tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin a thuairisciú laistigh de 3 bliana ó pháirt a ghlacadh in OGMP 2.0 i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 5 bliana i gcás sócmhainní neamhoibrithe. Ag cur leis an gcur chuige a glacadh in OGMP 2.0 maidir le tuairisciú ar leibhéal foinse, agus an líon mór cuideachtaí san Aontas atá tar éis clárú le OGMP 2.0 in 2021 á chur san áireamh, ba cheart go n-éileofaí ar oibreoirí an Aontais tomhais dhíreacha ar leibhéal foinse a sholáthar dá n-astaíochtaí laistigh de 12 mhí i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 24 mhí i gcás sócmhainní neamhoibrithe. I dteannta le cainníochtú ar leibhéal foinse, is le cainníochtú ar leibhéal suímh a cheadaítear measúnú, fíorú agus réiteach na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir suímh, agus muinín fheabhsaithe a sholáthar dá réir sin i leith astaíochtaí tuairiscithe. Mar ab amhlaidh i gcás OGMP 2.0, éilíonn an Rialachán seo tomhais ag leibhéal láithreáin chun cainníochtú ar leibhéal foinse a réiteach.

    Leasú 22

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 30

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (30)

    Cé gurb iondúil gur scaoileadh beartaithe a bhíonn i scaoileadh meatáin, ar scaoileadh é a bhíonn mar thoradh ar phróisis nó gníomhaíochtaí agus gairis atá deartha chun na críche sin , is féidir leis a bheith neamhbheartaithe freisin, mar is amhlaidh a bhíonn i gcás mífheidhme .

    (30)

    Is d’aon ghnó a dhéantar meatán a bhladhmadh agus a scaoileadh, mar thoradh ar phróisis nó ar ghníomhaíochtaí agus ar fheistí atá deartha chun na críche sin.

    Leasú 23

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 31 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (31a)

    Tá gealltanas tugtha ag na ballchuideachtaí sa Tionscnamh Aeráide Ola agus Gáis (OGCI), lena n-áirítear go leor cuideachtaí a bhfuil a gceanncheathrú san Eoraip, déine meatáin a ísliú go 0,2  % faoi 2025 agus tá tús curtha acu le hiarrachtaí maolaithe. Bhí a leibhéal déine meatáin réamhtheachtach do 2025 bainte amach cheana féin in 2020 ag ballchuideachtaí OGCI agus bhain siad 0,17  % amach in 2021. Thuairiscigh roinnt mórtháirgeoirí Eorpacha go bhfuil déine meatáin bainte amach acu dá leibhéal déine réamhtheachtach agus dá leibhéal déine meánteachtach go maith faoi bhun an leibhéil. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht caighdeán feidhmíochta maidir le déine astaíochtaí réamhtheachtacha meatáin a thabhairt isteach a bheidh faoi bhun 0,2  % nó cothrom leis agus ba cheart dó méadrach agus forálacha a cheapadh chun an caighdeán feidhmíochta iomchuí a chur chun feidhme.

    Leasú 24

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 32

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (32)

    Ar dhóigh níos sonraí , is é an chaoi is minice a laghdaítear astaíochtaí meatáin ó sceití ná trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití (suirbhéanna LDAR) a dhéantar chun sceití a shainaithint agus iad a dheisiú ina dhiaidh sin . Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suirbhéanna LDAR a dhéanamh go tréimhsiúil ar a laghad agus ba cheart a chumhdach leo sin freisin suirbhéanna ar chomhpháirteanna a scaoileann meatán féachaint an bhfuil meatán á scaoileadh go neamhbheartaithe .

    (32)

    Go sonrach , is é an chaoi is minice a laghdaítear astaíochtaí meatáin ó sceití ná trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití (suirbhéanna LDAR) a dhéantar chun sceitheadh a shainaithint agus , ina dhiaidh, a dheisiú , nó trí chomhpháirteanna a bhfuil sceitheadh astu a athsholáthar . Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suirbhéanna LDAR a dhéanamh go tréimhsiúil ar a laghad agus ba cheart suirbhéanna a chumhdach leo sin freisin ar chomhpháirteanna a scaoileann meatán , chun féachaint ag bhfuil aon trealamh ag mífheidhmiú .

    Leasú 25

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 33

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (33)

    Chun na críche sin, ba cheart cur chuige comhchuibhithe a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh cothrom na Féinne ann do na hoibreoirí uile san Aontas. Ba cheart íoscheanglais le haghaidh suirbhéanna LDAR a chur san áireamh sa chur chuige sin ach méid leordhóthanach solúbthachta a bheith ann freisin do na Ballstáit agus d’oibreoirí. Tá sé sin fíor-riachtanach chun go mbeidh an nuálaíocht ann agus go bhforbrófar teicneolaíochtaí agus modhanna nua LDAR , agus an gaibhniú teicneolaíochta a rachadh chun aimhleas na cosanta comhshaoil a chosc dá réir. Bíonn teicneolaíochtaí nua agus modhanna nua braite ag teacht chun cinn an t-am ar fad agus ba cheart do na Ballstáit an nuálaíocht san earnáil sin a spreagadh ionas go bhféadfar na modhanna is beaichte agus is costéifeachtaí a ghlacadh.

    (33)

    Chun na críche sin, ba cheart cur chuige comhchuibhithe a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh cothrom na Féinne ann do na hoibreoirí uile san Aontas. Ba cheart íoscheanglais le haghaidh suirbhéanna LDAR a chur san áireamh sa chur chuige sin ach méid leordhóthanach solúbthachta a bheith ann freisin do na Ballstáit agus d’oibreoirí. Tá sé sin fíor-riachtanach chun go bhféadfar dul i mbun nuálaíochta agus comhpháirteanna nua, teicneolaíochtaí LDAR agus modhanna nua a fhorbairt , agus an gaibhniú teicneolaíochta a rachadh chun aimhleas na cosanta comhshaoil a chosc dá réir. Bíonn teicneolaíochtaí nua agus modhanna nua braite ag teacht chun cinn an t-am ar fad agus ba cheart do na Ballstáit an nuálaíocht san earnáil sin a spreagadh ionas go bhféadfar na comhpháirteanna, na teicneolaíochtaí LDAR agus na modhanna is lú sceitheadh, is beaichte agus is costéifeachtaí a ghlacadh.

    Leasú 26

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 33 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (33a)

    Tá sé de bhuntáiste ag cur chuige comhchuibhithe go bhfuil sonraíochtaí caighdeánaithe ag baint leis chun scaoileadh meatáin a shainaithint nó a bhrath trí úsáid a bhaint as ionstraimí agus teicneolaíochtaí difriúla a fhéadfar a bhunú nó a shocrú trí bhíthin caighdeáin Eorpacha nó, in éagmais caighdeáin den sórt sin, trí chaighdeáin idirnáisiúnta. In éagmais caighdeáin Eorpacha oiriúnacha, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar iarraidh ar na heagraíochtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú caighdeáin den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ar an gcaoi sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonraíochtaí den sórt sin a bhunú.

    Leasú 27

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 34

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (34)

    Ba cheart roinnt dea-chleachtas a bheith le sonrú in oibleagáidí maidir le suirbhéanna LDAR. Ba cheart suirbhéanna LDAR a dhíriú go príomha ar sceití a aimsiú agus a dheisiú seachas ar a gcainníochtú , agus ba cheart seiceáil a dhéanamh níos minice ar limistéir a bhfuil riosca níos airde sceití iontu; ní faoi threoir an ghá le deisiú a dhéanamh ar chomhpháirteanna a bhfuil meatán ag sceitheadh uathu os cionn na tairsí astaíochta meatáin amháin ba cheart minicíocht na suirbhéanna a shocrú ach faoi threoir dálaí oibríochtúla freisin, agus rioscaí sábháilteachta á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart ligean do na húdaráis inniúla suirbhéanna níos minice a mholadh le haghaidh na gcomhpháirteanna ábhartha i gcás ina sainaithnítear go bhfuil riosca níos airde don tsábháilteacht nó do chaillteanais mheatáin ann; ba cheart gach sceitheadh, gan beann ar a mhéid, a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh air , ós féidir le sceití beaga a bheith ina sceití móra thar am ; tar éis sceití a dheisiú, ba cheart a dheimhniú go raibh an deisiúchán sin éifeachtach; ionas go bhféadfar úsáid a bhaint amach anseo as ardteicneolaíochtaí braite astaíochtaí meatáin, ba cheart a shonrú cén t-íosmhéid caillteanais mheatáin is gá a bheith ann chun go mbeidh údar lena dheisiú, ach rogha an ghairis braite a fhágáil faoi na hoibreoirí. I gcás inarb iomchuí, féadfar faireachán leanúnach a dhéanamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

    (34)

    Ba cheart roinnt dea-chleachtas a bheith le sonrú in oibleagáidí maidir le suirbhéanna LDAR. Ba cheart suirbhéanna LDAR a bheith dírithe go príomha ar sceití a aimsiú agusfáil réidh leo a luaithe is féidir tríd an gcomhpháirt atá ag sceitheadh a dheisiú nó a athsholáthar seachas ar a gcainníochtú; ba cheart minicíocht na suirbhéanna a bheith bunaithe ar an ngá atá le comhpháirteanna a dheisiú nó a athsholáthar le teicneolaíocht is fearr atá in ann sceitheadh a sheasamh ; ba cheart gach sceitheadh, gan beann ar a mhéid, a dheisiú , ós féidir le sceití beaga iompú ina sceití móra le himeacht ama ; tar éis sceití a dheisiú, ba cheart a dheimhniú go raibh an deisiúchán sin éifeachtach; ionas go bhféadfar úsáid a bhaint amach anseo as comhpháirteanna níos forbartha nó ardteicneolaíochtaí braite astaíochtaí meatáin, ba cheart na híoscheanglais le haghaidh an ghairis agus an mhodheolaíocht arna húsáid chun sceitheadh a bhrath a shonrú agus ba cheart é a bheith cruthaithe go bhfuil siad éifeachtúil.

    Leasú 28

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 34 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (34a)

    Tá cuid mhór sceite ann sa lá atá inniu ann de dheasca seanteicneolaíochtaí agus cheal cothabhála. Ba cheart réitigh nuálacha nua a chur in ionad na dteicneolaíochtaí sin go tapa. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan amach sa chlár braite agus deisithe sceití conas atá sé beartaithe ag an oibreoir comhpháirteanna a bhfuil ardriosca sceite meatáin ag baint leo a mhapáil agus conas atá sé beartaithe aige teicneolaíochtaí nuálacha nua a chur in ionad na gcomhpháirteanna sin go léir, rud a áiritheoidh go mbeidh cosaint fhadtéarmach ann ar sceitheadh sa todhchaí.

    Leasú 29

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 35

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (35)

    Is é atá i scaoileadh an scaoileadh de mheatán neamhdhóite isteach san atmaisféar cibé acu go beartaithe trí phróisis, gníomhaíochtaí nó gairis atá saindeartha lena aghaidh , nó go neamhbheartaithe i gcás mífheidhme . I bhfianaise a mhéad atá iarmhairt astaíochtaí GCT, ba cheart scaoileadh a thoirmeasc ach amháin i gcásanna éigeandála, mífheidhme nó le linn teagmhais shonracha nach féidir roinnt scaoileadh a sheachaint iontu.

    (35)

    Is é atá i gceist le scaoileadh scaoileadh meatáin neamhdhóite isteach san atmaisféar d’aon ghnó trí phróisis, gníomhaíochtaí nó gairis atá saincheaptha lena aghaidh. I bhfianaise a mhéad atá iarmhairt astaíochtaí GCT, ba cheart scaoileadh a thoirmeasc ach amháin i gcásanna éigeandála, mífheidhme nó le linn teagmhais shonracha nach féidir roinnt scaoileadh a sheachaint iontu. Chun a áirithiú nach n-úsáidfidh oibreoirí trealamh atá ceaptha scaoileadh, ba cheart caighdeáin teicneolaíochta a ghlacadh lenar féidir roghanna malartacha atá saor ó astaíochtaí a úsáid.

    Leasú 30

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 36

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (36)

    Is é atá i mbladhmadh an dóchán rialaithe meatáin chun críche diúscartha i ngaireas saindeartha don dóchán sin. Meastar gur gnáthbhladhmadh atá ann má dhéantar é le linn gnáth-tháirgeadh ola nó gáis iontaise agus cheal áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh. Ba cheart an gnáthbhladhmadh a thoirmeasc. Níor cheart bladhmadh a bheith incheadaithe ach amháin i gcás nach bhfuil an dara rogha ann ach é a scaoileadh agus i gcás nach bhfuil cosc ar an scaoileadh féin. Tá an scaoileadh níos díobhálaí don chomhshaol ná an bladhmadh toisc go mbíonn leibhéil arda meatáin de ghnáth sa ghás a scaoiltear, ach déanann an bladhmadh an meatán a ocsaídiú ina dhé-ocsaíd charbóin.

    (36)

    Is é atá i mbladhmadh an dóchán rialaithe meatáin chun críche diúscartha i ngaireas saindeartha don dóchán sin. Meastar gur gnáthbhladhmadh atá ann má dhéantar é le linn gnáth-tháirgeadh ola nó gáis iontaise agus cheal áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh. Ba cheart an gnáthbhladhmadh a thoirmeasc. Níor cheart bladhmadh a bheith incheadaithe ach amháin i gcás nach bhfuil an dara rogha ann ach é a scaoileadh agus i gcás nach bhfuil cosc ar an scaoileadh féin agus, dá réir sin, i gcás nach bhfuil aon rogha eile ann, ba cheart tosaíocht a thabhairt do bhladhmadh ar scaoileadh i gcónaí . De réir IEA  (1a) , áfach, rinneadh 143 bcm de ghás iontaise a bhladhmadh ar fud an domhain in 2021, arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus méid iomlán an gháis nádúrtha a allmhairíodh isteach go dtí an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ísiltír le chéile. Mar thoradh air sin, rinneadh 270 Mt de CO2 agus beagnach 8 Mt de mheatán (240 Mt CO2-eq) a scaoileadh go díreach. Tá an scaoileadh níos díobhálaí don chomhshaol ná an bladhmadh toisc go mbíonn leibhéil arda meatáin de ghnáth sa ghás a scaoiltear, ach déanann an bladhmadh an meatán a ocsaídiú ina dhé-ocsaíd charbóin. De réir IEA, dá ndéanfaí laghdú ar bhladhmadh, scaoileadh agus sceitheadh meatáin, gur mó faoiseamh a bheadh ann láithreach do mhargaí gáis ná mar a bheadh dá ndéanfaí infheistíocht i soláthar nua. Mheas IEA  (1b) go bhféadfaí beagnach 210 billiún méadar ciúbach (bcm) de ghás nádúrtha a chur ar fáil do na margaí gáis dá ndéanfaí iarracht dhomhanda deireadh a chur le bladhmadh neamhéigeandála agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ó oibríochtaí ola agus gáis.

    Leasú 31

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 37

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (37)

    Chun an bladhmadh a úsáid de rogha ar an scaoileadh caithfidh na feistí bladhmtha a dhónn an meatán a bheith éifeachtúil. Ar an gcúis sin, ba cheart ceanglas maidir le héifeachtúlacht dócháin a chur san áireamh freisin le haghaidh na gcásanna ina bhfuil an bladhmadh inghlactha. Ba cheart a cheangal freisin go n-úsáidfear bladhmlastóirí, ar féidir a adhaint ar bhonn níos iontaofa toisc nach ndéanann an ghaoth difríocht dóibh.

    (37)

    Chun an bladhmadh a úsáid de rogha ar an scaoileadh caithfidh na feistí bladhmtha a dhónn an meatán a bheith éifeachtúil. Ar an gcúis sin, ba cheart ceanglas maidir le héifeachtúlacht dócháin a chur san áireamh freisin le haghaidh na gcásanna ina bhfuil an bladhmadh inghlactha. Ba cheart a cheangal freisin go n-úsáidfí bladhmlastóirí uathoibríocha nó leanúnacha , ar féidir iad a adhaint ar bhonn níos iontaofa toisc nach ndéanann an ghaoth difear dóibh.

    Leasú 32

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 40

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (40)

    Gabhann rioscaí sláinte poiblí, sábháilteachta agus comhshaoil le hastaíochtaí meatáin as toibreacha neamhghníomhacha ola agus gáis. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe go fóill agus ba cheart na toibreacha agus láithreáin na dtoibreacha a athshlánú agus a leigheas. Ba cheart príomhról a bheith ag na Ballstáit sna cásanna sin, go háirithe chun fardail agus pleananna maolaithe a bhunú.

    (40)

    Gabhann rioscaí sláinte poiblí, sábháilteachta agus comhshaoil le hastaíochtaí meatáin as toibreacha neamhghníomhacha ola agus gáis. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe go fóill agus ba cheart na toibreacha agus láithreáin na dtoibreacha a athshlánú agus a leigheas. Ba cheart príomhról a bheith ag na Ballstáit sna cásanna sin, go háirithe chun fardail agus pleananna maolaithe a bhunú lena ngabhann spiocdhátaí soiléire .

    Leasú 33

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 44

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (44)

    Tar éis deireadh a bheith curtha le táirgeadh agus mianach a dhúnadh, leanann sé air de bheith ag scaoileadh meatáin, rud ar a dtugtar meatán mianaigh thréigthe (AMM). Tarlaíonn na hastaíochtaí sin go tipiciúil ag poncfhoinsí dea-shainithe amhail seaftaí aerála nó gaothairí faoisimh brú. De réir mar a mhéadaíonn ar an uaillmhian i leith na haeráide agus a aistrítear an táirgeadh fuinnimh chuig foinsí fuinnimh ar lú a lorg carbóin, is dócha go dtiocfaidh astaíochtaí AMM san Aontais in airde. Meastar go leanann meatán de bheith á scaoileadh as mianaigh nach bhfuil faoi uisce fiú 10 mbliana tar éis deireadh a bheith curtha le mianadóireacht iontu agus ar leibhéil atá chomh hard le 40 % de na hastaíochtaí a taifeadadh tráth a ndúnta25. Thairis sin, tá an chóir a thugtar do AMM ilroinnte i gcónaí toisc mianaigh a bheith faoi úinéireacht éagsúil agus mar gheall ar chearta saothraithe difriúla ar fud an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit fardail de shócmhainní dúnta agus tréigthe guail a bhunú dá bhrí sin agus ba cheart a cheangal orthusan nó ar an bpáirtí a aithnítear a bheith freagrach feistí a shuiteáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas.

    (44)

    Tar éis deireadh a bheith curtha le táirgeadh agus mianach a dhúnadh, leanann sé air de bheith ag scaoileadh meatáin, rud ar a dtugtar meatán mianaigh thréigthe (AMM). Tarlaíonn na hastaíochtaí sin go tipiciúil ag poncfhoinsí dea-shainithe amhail seaftaí aerála nó gaothairí faoisimh brú. De réir mar a mhéadaíonn ar an uaillmhian i leith na haeráide agus a aistrítear an táirgeadh fuinnimh chuig foinsí fuinnimh ar lú a lorg carbóin, is dócha go dtiocfaidh astaíochtaí AMM san Aontais in airde. Meastar go leanann meatán de bheith á scaoileadh as mianaigh nach bhfuil faoi uisce fiú 10 mbliana tar éis deireadh a bheith curtha le mianadóireacht iontu agus ar leibhéil atá chomh hard le 40 % de na hastaíochtaí a taifeadadh tráth a ndúnta25. Thairis sin, tá an chóir a thugtar do AMM ilroinnte i gcónaí toisc mianaigh a bheith faoi úinéireacht éagsúil agus mar gheall ar chearta saothraithe difriúla ar fud an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit fardail de shócmhainní dúnta agus tréigthe guail a bhunú dá bhrí sin agus ba cheart a cheangal orthusan nó ar an bpáirtí a aithnítear a bheith freagrach feistí a shuiteáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas. Ba cheart samplaí de dhea-chleachtais a aimsiú agus a chomhtháthú i dtreoirlínte a d’fhéadfaí a chur ar fáil maidir le meatán mianaigh thréigthe (AMM) a chóireáil.

    Leasú 34

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 48

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (48)

    Is mianaigh ghalghuail nó mianaigh ghuail chóic iad mianaigh faoi thalamh. Is mar fhoinse fuinnimh go príomha a úsáidtear galghual agus is mar bhreosla agus imoibreán sa phróiseas déanta cruach a úsáidtear gual cóic. Ba cheart mianaigh ghuail chóic agus ghalghuail araon a bheith faoi réir faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí meatáin.

    (48)

    Is mianaigh ghalghuail nó mianaigh ghuail chóic iad mianaigh faoi thalamh. Is mar fhoinse fuinnimh go príomha a úsáidtear galghual agus is mar bhreosla agus imoibreán sa phróiseas déanta cruach a úsáidtear gual cóic. Ba cheart ceangal a chur ar mhianaigh guail cóic agus mianaigh ghalghuail araon faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin , iad a fhíorú agus bearta maolaithe a dhéanamh ina leith .

    Leasú 35

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 49

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (49)

    I gcás mianaigh faoi thalamh atá ag oibriú, ba cheart maolú ar astaíochtaí meatáin a chur chun feidhme trí dheireadh a chur de réir a chéile le scaoileadh agus bladhmadh. I gcás mianaigh faoi thalamh atá dúnta nó tréigthe, cé gur féidir astaíochtaí meatáin a chosc tríd an mianach a thuile le huisce ní rud é a dhéantar go córasach agus tá rioscaí comhshaoil ag baint leis. Ba cheart deireadh a chur le scaoileadh agus bladhmadh de réir a chéile sna mianaigh sin freisin. Ó tharla go bhfágann srianta geolaíocha agus cúrsaí comhshaoil nach bhfuil an cur chuige céanna i leith maolú ar astaíochtaí meatáin oiriúnach do gach mianach tréigthe faoi thalamh (31), ba cheart do na Ballstáit a bplean maolaithe féin a bhunú agus na srianta sin agus indéantacht theicniúil mhaolú AMM á gcur san áireamh.

    (49)

    I gcás mianaigh faoi thalamh atá ag oibriú, ba cheart maolú ar astaíochtaí meatáin a chur chun feidhme trí dheireadh a chur de réir a chéile le scaoileadh agus bladhmadh ag a bhfuil éifeachtúlacht níos lú ná 99 % . I gcás mianaigh faoi thalamh atá dúnta nó tréigthe, cé gur féidir astaíochtaí meatáin a chosc tríd an mianach a thuile le huisce ní rud é a dhéantar go córasach agus tá rioscaí comhshaoil ag baint leis. Ba cheart deireadh a chur le scaoileadh agus bladhmadh ag a bhfuil éifeachtúlacht níos lú ná 99 % de réir a chéile sna mianaigh sin freisin. Ó tharla go bhfágann srianta geolaíocha agus cúrsaí comhshaoil nach bhfuil an cur chuige céanna i leith maolú ar astaíochtaí meatáin oiriúnach do gach mianach tréigthe faoi thalamh (31), ba cheart do na Ballstáit a bplean maolaithe féin a bhunú agus na srianta sin agus indéantacht theicniúil mhaolú AMM á gcur san áireamh.

    Leasú 36

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 49 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (49a)

    Chun astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail atá ag oibriú a laghdú, ba cheart don Aontas tacú le córais dreasachtaí le haghaidh astaíochtaí meatáin a laghdú. Go háirithe, d’fhéadfadh na córais sin borradh a chur faoi infheistíochtaí i ngabháil agus instealladh meatáin san eangach agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ó sheaftaí aerála agus ó bhladhmadh. Ba cheart don Aontas gníomhú go cinntitheach chun acmhainní airgeadais an Aontais a shlógadh atá dírithe ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí laghdaithe meatáin sna mianaigh ar fad atá ag oibriú nó atá tréigthe. I gcás nach leor tacaíocht ón Aontas chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart córais thiomnaithe táillí agus muirear a spreagadh, ar córais iad a bheidh leagtha amach go soiléir chun infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí laghdaithe meatáin a éascú, inter alia, mar chuid de chláir Státchabhrach a bhfuil sé mar aidhm leo acmhainní táirgthe guail a dhíchoimisiúnú.

    Leasú 37

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 51

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (51)

    Braitheann an tAontas ar allmhairí le haghaidh 70 % dá thomhaltas guail, 97 % dá thomhaltas ola agus 90 % dá thomhaltas gáis iontaise. Ní heol go beacht méid, tionscnamh ná cineál na n-astaíochtaí meatáin a bhaineann leis an bhfuinneamh iontaise a ídítear san Aontais ach a tharlaíonn i dtríú tíortha .

    (51)

    Braitheann an tAontas ar allmhairí le haghaidh 70 % dá thomhaltas guail, 97 % dá thomhaltas ola agus 90 % dá thomhaltas gáis iontaise. Measann IEA gurbh ionann na hastaíochtaí meatáin a bhain le hola agus gás a allmhairíodh go dtí an tAontas in 2020 agus thart ar 9,000 cileathonna de mheatán  (1a) . In 2019, meastar gurbh ionann na hastaíochtaí meatáin ó ola agus gás san Aontas agus 1,033 chileathonna de mheatán  (1b) . Cé go meastar gurb ionann sciar na n-astaíochtaí meatáin iomlána de dhéantús an duine a astaítear san Eoraip agus thart ar 6 %  (1c) , cuireann ídiú na mbreoslaí iontaise a tháirgtear lasmuigh den Aontas, agus an spleáchas allmhairithe orthu, dá bhrí sin, go mór le leibhéal na n-astaíochtaí meatáin a scaoiltear mar gheall ar a n-ídiú san Aontas .

    Leasú 38

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 52

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (52)

    Is iarmhairtí trasteorann iad na hiarmhairtí téimh dhomhanda arb iad astaíochtaí meatáin is cúis leo. Cé go bhfuil roinnt tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise ag tosú ag gníomhú sa chríoch baile chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ina n-earnálacha fuinnimh, is iomaí onnmhaireoir nach bhfuil faoi réir aon rialachán ina mhargadh intíre féin. Tá dreasachtaí soiléire ag teastáil ó oibreoirí den sórt sin chun go ndéanfaidh siad beart i leith a gcuid astaíochtaí meatáin, mar sin ba cheart faisnéis thrédhearcach faoi astaíochtaí meatáin a chur ar fáil do na margaí .

    (52)

    Is iarmhairtí trasteorann iad na hiarmhairtí téimh dhomhanda arb iad astaíochtaí meatáin is cúis leo. Cé go bhfuil roinnt tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise ag tosú ag gníomhú sa chríoch baile chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ina n-earnálacha fuinnimh, is iomaí onnmhaireoir nach bhfuil faoi réir aon rialachán ina mhargadh intíre féin. Tá dreasachtaí soiléire ag teastáil ó oibreoirí den sórt sin chun go ndéanfaidh siad beart i leith a gcuid astaíochtaí meatáin agus , mar sin , tá gá leis an Rialachán seo chun an slabhra soláthair a chumhdach ina iomláine .

    Leasú 39

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 54

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (54)

    Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Straitéis an Aontais um Meatán (34), tá an tAontas tiomanta do bheith ag obair i gcomhar lena chomhpháirtithe fuinnimh agus le príomhthíortha eile onnmhairiúcháin fuinnimh iontaise chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ar fud an domhain. Tá torthaí tábhachtacha ann cheana de bharr taidhleoireacht fuinnimh maidir le hastaíochtaí meatáin. I mí Mheán Fómhair 2021 d’fhógair an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Meatáin Dhomhanda , ar gealltanas polaitiúil é chun astaíochtaí domhanda meatáin a laghdú 30 % faoi 2030 (ó leibhéil 2020), a seoladh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26) i mí na Samhna 2021 i nGlaschú. Tá a dtacaíocht geallta ag níos mó ná céad tír, a chuimsíonn nach mór leath de na hastaíochtaí meatáin antrapaigineacha ar domhan. San áireamh sa Ghealltanas Meatáin Dhomhanda tá gealltanas go mbogfar i dtreo na modheolaíochtaí fardail is fearr atá ar fáil a úsáid chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú , agus tá fócas ar leith ann ar fhoinsí astaíochtaí arda .

    (54)

    Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Straitéis an Aontais um Meatán (34), tá an tAontas tiomanta do bheith ag obair i gcomhar lena chomhpháirtithe fuinnimh agus le príomhthíortha eile allmhairiúcháin fuinnimh iontaise chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ar fud an domhain. Tá torthaí tábhachtacha ann cheana de bharr taidhleoireacht fuinnimh maidir le hastaíochtaí meatáin. I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhógair an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán , ar gealltanas polaitiúil é go ngníomhófar go deonach chun rannchuidiú le comhiarracht na hastaíochtaí domhanda meatáin a laghdú 30 % faoi 2030 (ó leibhéil 2020), a seoladh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26) i mí na Samhna 2021 i nGlaschú. Tá a dtacaíocht geallta ag níos mó ná céad tír, a chuimsíonn nach mór leath de na hastaíochtaí meatáin antrapaigineacha ar domhan. San áireamh sa Ghealltanas Domhanda maidir le Meatán, tá gealltanas go mbogfar i dtreo na modheolaíochtaí fardail is fearr atá ar fáil a úsáid chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú.

    Leasú 40

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 57

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (57)

    I gcomhthráth leis an obair rathúil thaidhleoireachta a leanfar léi chun gealltanais dhomhanda den sórt sin a bhaint amach, tá an tAontas ag spreagadh laghdú suntasach ar astaíochtaí meatáin ar fud an domhain, agus go háirithe sna tíortha a sholáthraíonn fuinneamh iontaise don Aontas.

    (57)

    I gcomhthráth leis an obair thaidhleoireachta a leanfar léi chun gealltanais dhomhanda i leith laghdú mór ar mheatán a bhaint amach, ba cheart don Aontas na hiarrachtaí ar fad a bhaineann le laghdú mór ar astaíochtaí meatáin ar fud an domhain a chur chun cinn tuilleadh , agus go háirithe sna tíortha a sholáthraíonn fuinneamh iontaise don Aontas tríd an allmhairiú a rialáil .

    Leasú 41

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 58

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (58)

    Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar allmhaireoirí fuinnimh iontaise chuig an Aontas faisnéis a sholáthar do na Ballstáit faoi bhearta a bhaineann le tomhas , tuairisciú agus maolú astaíochtaí meatáin arna ndéanamh ag onnmhaireoirí, go háirithe bearta rialála nó deonacha a chuirtear i bhfeidhm chun a gcuid astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta amhail suirbhéanna braite agus deisithe sceití nó bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh. Comhfhreagraíonn na leibhéil tomhais agus tuairiscithe a leagtar amach sna ceanglais faisnéise a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhaireoirí do na cinn a bheith le ceangal ar oibreoirí de chuid an Aontais sa Rialachán seo, mar a leagtar amach in Aithrisí 24 go 26 agus 46. Ní mó an t-anró a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi bhearta chun astaíochtaí meatáin a rialú ná a bhaineann lena gceanglaítear ar oibreoirí de chuid an Aontais.

    (58)

    Dá bhrí sin, ba cheart allmhaireoirí fuinnimh iontaise go dtí an tAontas a chur faoi réir na rialacha atá comhchosúil leo siúd do tháirgeoirí san Aontas maidir le faireachán , tuairisciú agus fíorú a dhéanamh, sceitheadh a bhrath agus a dheisiú agus teorainn a chur le scaoileadh agus bladhmadh.

    Leasú 42

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 58 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (58a)

    I gcás ina léireoidh allmhaireoir gur féidir a mheas go bhfuil na bearta a cuireadh chun feidhme sa slabhra soláthair ar fad mar a chéile ó thaobh éifeachtachta de leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, nó ina soláthróidh sé ráthaíochtaí maidir le tionscnamh agus iompar i dtíortha a meastar gur ionann an rialáil a dhéantar iontu, ba cheart go mbeadh an t-allmhaireoir sin incháilithe le haghaidh maolú. Ba cheart don Choimisiún an maolú a mheasúnú agus a dheonú d’fhonn comhoiriúnacht a dhlí trádála a áirithiú.

    Leasú 43

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 59

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (59)

    Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Aontas bunachar sonraí trédhearcachta le haghaidh allmhairí fuinnimh iontaise san Aontas a chur ar bun agus a bhainistiú, ina mionsonrófar cibé atá nó nach bhfuil na cuideachtaí onmhairiúcháin tar éis clárú leis an gComhpháirtíocht um Meatán Ola agus Gáis (OGMP) le haghaidh cuideachtaí ola agus gáis agus, a mhéid a bheidh sé curtha ar bun, caighdeán comhionann do chuideachtaí guail lena ngabhann aitheantas idirnáisiúnta nó Aontais. Ba cheart faisnéis den sórt sin a bheith ina léiriú ar a mhéid atá na cuideachtaí i dtíortha onnmhairiúcháin tiomanta do bheith ag tomhas agus ag tuairisciú a gcuid astaíochtaí meatáin agus dá bhfíorú de réir mhodhanna tuairiscithe leibhéal 3 de UNFCCC. Bheadh bunachar sonraí trédhearcachta den sórt sin ina fhoinse faisnéise dóibh siúd a allmhairíonn fuinneamh iontaise isteach san Aontas chun cinntí ceannaigh a dhéanamh agus do pháirtithe leasmhara eile agus don phobal. Ba cheart a léiriú sa bhunachar sonraí trédhearcachta freisin na hiarrachtaí a dhéanann cuideachtaí san Aontas agus cuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas a n-astaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú. Ba cheart faisnéis a áireamh ann freisin maidir leis na gníomhaíochtaí rialála tomhais, tuairiscithe agus maolaithe a dhéanann tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise.

    (59)

    Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Aontas bunachar sonraí trédhearcachta le haghaidh allmhairí fuinnimh iontaise san Aontas a chur ar bun agus a bhainistiú, ina mionsonrófar cibé atá nó nach bhfuil na cuideachtaí onnmhairiúcháin tar éis clárú leis an gComhpháirtíocht um Meatán Ola agus Gáis (OGMP) le haghaidh cuideachtaí ola agus gáis agus, a mhéid a bheidh sé curtha ar bun, caighdeán comhionann do chuideachtaí guail lena ngabhann aitheantas idirnáisiúnta nó Aontais. Ba cheart faisnéis den sórt sin a bheith ina léiriú ar a mhéid atá na cuideachtaí i dtíortha onnmhairiúcháin tiomanta do bheith ag tomhas agus ag tuairisciú a gcuid astaíochtaí meatáin agus dá bhfíorú de réir mhodhanna tuairiscithe leibhéal 3 de UNFCCC. Bheadh bunachar sonraí trédhearcachta den sórt sin ina fhoinse faisnéise dóibh siúd a allmhairíonn fuinneamh iontaise isteach san Aontas chun cinntí ceannaigh a dhéanamh agus do pháirtithe leasmhara eile agus don phobal. Ba cheart a léiriú sa bhunachar sonraí trédhearcachta freisin na bearta a dhéanann cuideachtaí san Aontas agus cuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas a n-astaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú. Ba cheart faisnéis a áireamh ann freisin maidir leis na gníomhaíochtaí rialála tomhais, tuairiscithe agus maolaithe a dhéanann tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise.

    Leasú 44

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 61

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (61)

    Ba cheart an trédhearcacht le haghaidh ceannaitheoirí a fheabhsú trí bhíthin na mbeart, i dteannta a chéile, dá dtagraítear in Aithrisí 58 go 60, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh cinntí foinsithe a bhfuil bonn eolais fúthu a dhéanamh agus a mhéadóidh ar an bhféidearthacht go nglacfar réitigh maolaithe meatáin ar bhonn níos forleithne ar fud an domhain . Ina theannta sin, ba cheart dóibh cuideachtaí idirnáisiúnta a dhreasú a thuilleadh chun clárú le caighdeáin idirnáisiúnta tomhais agus tuairiscithe ar mheatán amhail OGMP nó chun bearta éifeachtacha tomhais, tuairiscithe agus maolaithe a ghlacadh. Tá na bearta sin ceaptha a bheith ina mbonn le cur chuige céim ar chéim chun déine na mbeart is infheidhme maidir le hallmhairí a mhéadú. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiúin dá bhrí sin ceanglais tuairiscithe allmhaireoirí a leasú nó cur leo. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin agus, má mheasann sé é a bheith iomchuí, tograí a chur isteach lena n-athbhreithniú chun bearta níos déine a fhorchur ar allmhaireoirí agus chun leibhéal éifeachtachta inchomparáide a áirithiú i dtaca le bearta is infheidhme i dtríú tíortha chun faireachán, tuairisciú, fíorú agus maolú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin . Ba cheart an obair arna déanamh ag IMEO a chur san áireamh sa mheastóireacht, lena n-áirítear an tInnéacs Soláthair Meatáin, an bunachar sonraí trédhearcachta agus an uirlis faireacháin ar astaírí meatáin ar fud an domhain. Má shuíonn an Coimisiún gurb iomchuí é na bearta is infheidhme maidir le hallmhaireoirí a dhéanamh níos déine, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear dul i gcomhairle le tríú tíortha ábhartha.

    (61)

    Ba cheart an trédhearcacht le haghaidh ceannaitheoirí a fheabhsú trí bhíthin na mbeart, i dteannta a chéile, dá dtagraítear in Aithrisí 58 go 60, agus ba cheart go n-éascódh na bearta sin scrúdú ar chomhlíonadh iomlán na rialachán ón Aontas maidir le hallmhairiú . Ina theannta sin, ba cheart dóibh cuideachtaí idirnáisiúnta a dhreasú a thuilleadh chun clárú le caighdeáin idirnáisiúnta tomhais agus tuairiscithe ar mheatán amhail OGMP nó chun bearta éifeachtacha tomhais, tuairiscithe agus maolaithe a ghlacadh. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún ceanglais tuairiscithe allmhaireoirí a leasú nó cur leo. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin agus, má mheasann sé é a bheith iomchuí, tograí a chur isteach lena n-athbhreithniú chun bearta níos déine a fhorchur ar allmhaireoirí. Ba cheart an obair arna déanamh ag IMEO a chur san áireamh sa mheastóireacht, lena n-áirítear an tInnéacs Soláthair Meatáin, an bunachar sonraí trédhearcachta agus an uirlis faireacháin ar astaírí meatáin ar fud an domhain. Má shuíonn an Coimisiún gurb iomchuí é na bearta is infheidhme maidir le hallmhaireoirí a dhéanamh níos déine, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear dul i gcomhairle le tríú tíortha ábhartha.

    Leasú 45

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le tomhas, tuairisciú agus fíorú cruinn ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas, chomh maith le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear trí suirbhéanna maidir le sceití a bhrath agus a dheisiú agus coisc ar scaoileadh agus ar bhladhmadh. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir le huirlisí lena n-áiritheofar trédhearcacht i dtaca le hastaíochtaí meatáin ó allmhairiú fuinnimh iontaise isteach san Aontas.

    1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le tomhas, cainníochtú, faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas, chomh maith le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití , oibleagáidí deisiúcháin agus srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir le huirlisí lena n-áiritheofar trédhearcacht i dtaca le hastaíochtaí meatáin ó allmhairiú fuinnimh iontaise isteach san Aontas.

    Leasú 46

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    tarchur gáis, dáileadh, stóráil faoi thalamh agus críochfoirt gáis leachtaigh (GNL) á n-oibriú le meatán iontaise agus/nó in-athnuaite (bith nó sintéiseach) ;

    (b)

    tarchur gáis, dáileadh (seachas córais mhéadraithe ag pointí tomhaltais deiridh) , stóráil faoi thalamh agus críochfoirt gáis leachtaithe á n-oibriú le meatán (bithmheatán nó meatán sintéiseach) iontaise agus/nó in-athnuaite;

    Leasú 47

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 2 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ca)

    peitriceimiceáin.

    Leasú 48

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin a tharlaíonn lasmuigh den Aontas i dtaca le ceanglais faisnéise ó allmhaireoirí, maidir leis an mbunachar sonraí trédhearcachta meatáin agus maidir leis an uirlis faireacháin um astaírí meatáin.

    3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin a tharlaíonn lasmuigh den Aontas i dtaca le ceanglais ó allmhaireoirí, maidir leis an mbunachar sonraí trédhearcachta meatáin agus maidir leis an uirlis faireacháin um astaírí meatáin.

    Leasú 49

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 1a

     

    Sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú

     

    1.     De bhun na sprice fadtéarmaí teochta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras, na sprice maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus an Ghealltanais Dhomhanda maidir le Meatán a bhfuil sé mar aidhm leis laghdú 30 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin antrapaigineacha faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2020, molfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus bunaithe ar mheasúnú tionchair, sprioc cheangailteach don Aontas go laghdófaí astaíochtaí meatáin lena gcumhdófar na hearnálacha ábhartha astaithe ar fad.

     

    2.     De bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile go ndéanfar astaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh san Aontas a laghdú, faoi 2030, go leibhéal a fhágfaidh go mbainfear leas as na buntáistí sóisialta a bhaineann le maolú meatáin ar chostas níos lú.

     

    3.     Socróidh gach Ballstát spriocanna náisiúnta maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin mar chuid dá bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 9 go 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Más rud é, ar bhonn an mheasúnaithe ar an gcéad nuashonrú ar na pleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, go measfaidh an Coimisiún nach leor an méid atá á dhéanamh ar bhonn náisiúnta ag na Ballstáit chun sprioc an Aontais a bhaint amach i dteannta a chéile, molfaidh sé bearta agus feidhmeoidh sé a chuid cumhachtaí ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear amach an sprioc dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i dteannta a chéile.

    Leasú 50

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (1)

    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin’ na hastaíochtaí díreacha uile a tharlaíonn ó na comhpháirteanna go léir a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí d’ astaíochtaí meatáin, cibé acu de thoradh scaoileadh beartaithe nó neamhbheartaithe , dóchán neamhiomlán le bladhmanna nó ó chomhpháirteanna eile agus sceitheadh neamhbheartaithe ;

    (1)

    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin’ na hastaíochtaí díreacha uile a scaoiltear ó na comhpháirteanna go léir a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí astaíochtaí meatáin, bíodh sé sin de thoradh scaoileadh, dóchán neamhiomlán le bladhmanna nó comhpháirteanna eile agus sceitheadh;

    Leasú 51

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1a)

    ciallaíonn ‘comhpháirt’ aon phíosa aonair trealaimh theicniúil a bhfuil sé d’acmhainn aige astaíochtaí éalaitheacha meatáin nó comhdhúile orgánacha so-ghalaithe a astú;

    Leasú 52

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (1b)

    ciallaíonn ‘sceitheadh’ aon astú meatáin neamhbheartaithe ó chomhpháirt;

    Leasú 53

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (7)

    ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ duine dlítheanach atá difriúil leis na húdaráis inniúla arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo a thugann faoi na gníomhaíochtaí fíoraithe agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó duine nádúrtha údaraithe thairis sin, gan dochar d’Airteagal 5(2) den Rialachán sin, tráth a eisítear ráiteas fíoraithe;

    (7)

    ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ duine dlítheanach a thugann faoi na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó duine nádúrtha údaraithe thairis sin, gan dochar d’Airteagal 5(2) den Rialachán sin, tráth a eisítear ráiteas fíoraithe;

    Leasú 54

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (9a)

    ciallaíonn ‘saoráid’ aon suiteáil amháin nó níos mó ar an láithreán céanna atá á hoibriú nó á n-oibriú ag an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna;

    Leasú 55

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (9b)

    ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach na saoráide;

    Leasú 56

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (10)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ comhéifeacht a chainníochtaíonn na hastaíochtaí nó na haistrithe de ghás in aghaidh an aonaid gníomhaíochta, atá bunaithe go minic ar shampla de shonraí tomhais, meánaithe ar mhaithe le ráta ionadaíoch d’astaíochtaí le haghaidh leibhéal gníomhaíochta ar leith, faoi choinníollacha oibriúcháin ar leith, a fhorbairt;

    (10)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ comhéifeacht a chainníochtaíonn na hastaíochtaí gáis in aghaidh an aonaid gníomhaíochta, atá bunaithe go minic ar shampla de shonraí tomhais, meánaithe ar mhaithe le ráta ionadaíoch astaíochta le haghaidh leibhéal gníomhaíochta ar leith, faoi choinníollacha oibriúcháin ar leith, a fhorbairt;

    Leasú 57

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (12)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta sonrach’ fachtóir astaíochta a dhíorthaítear ó thomhais dhíreacha;

    (12)

    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta sonrach’ fachtóir astaíochta le haghaidh cineál foinse astaíochta a dhíorthaítear ó thomhais dhíreacha;

    Leasú 58

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (13)

    ciallaíonn ‘tomhas díreach’ an cainníochtú díreach ar an astaíocht meatáin ag leibhéal foinse le gaireas tomhais meatáin ;

    (13)

    ciallaíonn ‘tomhas díreach’ tomhas na hastaíochta meatáin ag leibhéal na foinse le gaireas tomhais lenar féidir meatán a thomhas ;

    Leasú 59

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (13a)

    ciallaíonn ‘cainníochtú’ oibríochtaí chun cainníocht na n-astaíochtaí meatáin a chinneadh, bunaithe ar thomhais dhíreacha nó, i gcás nach féidir tomhais dhíreacha a dhéanamh, bunaithe ar ríomhanna innealtóireachta mionsonraithe nó uirlisí ionsamhlúcháin, agus bunaithe ar threalamh agus modhanna faireacháin ardfhorbartha;

    Leasú 60

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (14)

    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin’ gach foinse astaíochtaí laistigh de shócmhainn ;

    (14)

    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin’ gach foinse astaíochtaí laistigh de láithreán iomlán ;

    Leasú 61

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 15

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (15)

    ciallaíonn ‘tomhas ag leibhéal láithreáin’ tomhas ón mbarr anuas ina mbaintear úsáid go hiondúil as braiteoirí atá suite ar ardán móibíleach, amhail feithiclí, ladrainn, aerárthaí, báid agus satailítí nó modhanna eile chun forbhreathnú foriomlán ar astaíochtaí ar fud láithreáin iomláin a ghabháil ;

    (15)

    ciallaíonn ‘tomhas ag leibhéal láithreáin’ tomhas ón mbarr anuas ina mbaintear úsáid go hiondúil as braiteoirí atá suite ar ardán móibíleach, amhail feithiclí, ladrainn, aerárthaí, báid, satailítí , úsáid braiteoirí seasta, amhail gréasáin braiteoirí leanúnacha ag pointí áirithe, nó modhanna eile chun forbhreathnú foriomlán ar astaíochtaí ar fud láithreáin iomláin a fháil ;

    Leasú 62

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (17)

    ciallaíonn ‘suirbhé maidir le sceití a bhrath agus a dheisiú’ suirbhé lena sainaithneofar foinsí astaíochtaí meatáin , lena n-áirítear sceitheadh agus scaoileadh neamhbheartaithe ;

    (17)

    ciallaíonn ‘suirbhé maidir le sceití a bhrath agus a dheisiú’ suirbhé a dhéantar le huirlis nó ardteicneolaíocht eile a bhfuil teorainn íosta bhraite agus mhuiníne ag gabháil léi chun foinsí sceite meatáin agus astaíochtaí meatáin eile atá neamhbheartaithe a aimsiú agus a bhrath agus chun na comhpháirteanna sceite a dheisiú nó a athsholáthar ;

    Leasú 63

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (18)

    ciallaíonn ‘scaoileadh’ an scaoileadh de mheatán neamhdhóite isteach san atmaisféar cibé acu go beartaithe trí phróisis, gníomhaíochtaí nó gairis atá saindeartha chun na críche sin , nó go neamhbheartaithe i gcás mífheidhme nó srianta geolaíocha ;

    (18)

    ciallaíonn ‘scaoileadh’ scaoileadh meatáin neamhdhóite isteach san atmaisféar d’aon ghnó trí phróisis, gníomhaíochtaí nó gairis atá saincheaptha chun na críche sin;

    Leasú 64

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 22

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (22)

    ciallaíonn ‘gnáthbhladhmadh’ an gnáth-tháirgeadh d’ ola nó gás iontaise agus i gcás nach bhfuil áiseanna leordhóthanacha ann nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a athinstealladh , é a úsáid ar an láithreán, nó é sheoladh chuig margadh;

    (22)

    ciallaíonn ‘gnáthbhladhmadh’ gnáth-tháirgeadh ola nó gáis iontaise agus i gcás nach ann d’ áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a ath-instealladh , é a úsáid ar an láithreán, é a phróiseáil nó é sheoladh chuig margadh , seachas bladhmadh de dheasca éigeandála ;

    Leasú 65

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 24

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (24)

    ciallaíonn ‘tobar neamhghníomhach’ tobar ola nó gáis nó láithreán tobair áit a bhfuil críoch curtha le taiscéalaíocht nó táirgeadh ar feadh bliain amháin ar a laghad;

    (24)

    ciallaíonn ‘tobar neamhghníomhach’ tobar ola nó gáis nó láithreán tobair , atá ar tír nó amach ón gcósta, áit a bhfuil críoch curtha le taiscéalaíocht nó táirgeadh ar feadh bliain amháin ar a laghad , seachas toibreacha atá líonta go buan agus tréigthe ;

    Leasú 66

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 24 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (24a)

    ciallaíonn ‘tobar atá líonta go buan agus tréigthe’ tobar ola nó gáis nó láithreán tobair, atá ar tír nó amach ón gcósta, atá líonta agus nach n-osclófar arís, ina bhfuil na suiteálacha uile a bhaineann leis an tobar bainte amach agus ina bhfuil deireadh curtha leis na hoibríochtaí agus inar féidir doiciméadacht a chur ar fáil ar leor í chun a léiriú, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, nach bhfuil aon astaíochtaí meatáin ag teacht ón tobar nó láithreán tobair sin;

    Leasú 67

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 39 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (39a)

    ciallaíonn ‘trealamh mianadóireachta guail i mianach guail dúnta nó tréigthe’ aon trealamh a fhanann agus nasc aige leis na strataim iompair meatáin, lena n-áirítear gobghaothairí agus píopaí draenála, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

    Leasú 68

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe 41

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (41)

    ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann fuinneamh iontaise ó thríú tír ar mhargadh an Aontais i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála .

    (41)

    ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann , le linn gníomhaíocht tráchtála, gás iontaise , ola nó gual ó thríú tír ar mhargadh an Aontais , lena n-áirítear aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas arna cheapadh chun na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 27 a chur i gcrích .

    Leasú 69

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Le linn comhshocrú nó formheas á dhéanamh ar na taraifí tarchurtha nó dáileacháin , nó ar na modheolaíochtaí atá le húsáid ag oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí críochfort GNL nó comhlachtaí rialáilte eile lena n-áirítear nuair is infheidhme oibreoirí stórála gáis faoi thalamh, cuirfidh na húdaráis rialála san áireamh na costais a tabhaíodh agus na hinfheistíochtaí a rinneadh chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige.

    1.   Le linn comhshocrú nó formheas á dhéanamh ar na taraifí, nó ar na modheolaíochtaí atá le húsáid ag oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí críochfort GNL nó comhlachtaí rialáilte eile lena n-áirítear nuair is infheidhme oibreoirí stórála gáis faoi thalamh, cuirfidh na húdaráis rialála san áireamh na costais bhreise a tabhaíodh agus na hinfheistíochtaí a rinneadh chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige. Féadfaidh na húdaráis rialála na costais infheistíochta aonaid dá dtagraítear i mír 2 a úsáid chun na costais arna dtabhú ag na hoibreoirí a thagarmharcáil.

    Leasú 70

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Gach 3 bliana, bunóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide.

    2.   Gach 3 bliana, bunóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le tomhas, faireachán, tuairisciú, fíorú agus laghdú, lena n-áirítear astaíochtaí ó scaoileadh agus bladhmadh, astaíochtaí meatáin le haghaidh tionscadail inchomparáide.

    Leasú 71

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil laistigh de … [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill, faoi aon athruithe ar ainmneacha nó ar shonraí teagmhála na n-údarás inniúil.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil laistigh de … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill, faoi aon athruithe ar ainmneacha nó ar shonraí teagmhála na n-údarás inniúil.

    Leasú 72

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go tráthrialta.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go tráthrialta ar fhógra a fháil faoi aon athrú ó Bhallstát .

    Leasú 73

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí agus acmhainní oiriúnacha ag na húdaráis inniúla chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla pointe teagmhála agus go mbeidh cumhachtaí agus acmhainní oiriúnacha acu chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú.

    Leasú 74

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Glacfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

    1.   Glacfaidh na húdaráis inniúla , agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Leasú 75

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Tabharfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun cúraimí na n-údarás inniúil dá dtagraítear sa Rialachán seo a chumasú agus a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar an áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

    2.    Soláthróidh oibreoirí , oibreoirí mianach agus allmhaireoirí, a mhéid a cheanglaítear ar na hallmhaireoirí sin de bhun Airteagal 27, gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun cúraimí na n-údarás inniúil dá dtagraítear sa Rialachán seo a chumasú agus a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar an áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

    Leasú 76

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún, agus i gcás inar gá, le húdaráis tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún líonra d’údaráis inniúla a shocrú chun an comhar a chothú, líonra ina leagfar amach na socruithe is gá maidir le faisnéis agus na cleachtais is fearr a mhalartú agus chun gur féidir comhairliúcháin a dhéanamh.

    3.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún, agus i gcás inar gá, le húdaráis tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún líonra d’údaráis inniúla a shocrú chun an comhar a chothú, líonra ina leagfar amach na socruithe is gá maidir le faisnéis agus na cleachtais is fearr a mhalartú agus chun gur féidir comhairliúcháin a dhéanamh. Tacóidh na pointí teagmhála arna mbunú laistigh de na húdaráis inniúla leis na gníomhaíochtaí sin.

    Leasú 77

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha rialta chun a fhíorú go gcomhlíonann allmhaireoirí Airteagal 27 (2a), a mhéid a cheanglaítear ar na hallmhaireoirí sin de bhun Airteagal 27, trí bhíthin seiceálacha doiciméadacha agus fíorú neamhspleách tríú páirtí, in éineacht le modhanna agus teicneolaíochtaí eile atá ar fáil dóibh chun a fhíorú gurb ann d’astaíochtaí meatáin.

    Leasú 78

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 3 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3b.     Déanfaidh na húdaráis inniúla an plean maolaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(6) a athbhreithniú agus a fhormheas chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí meatáin arna gcur isteach ag na hoibreoirí.

    Leasú 79

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5 – mír 4 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás ina gceanglaítear tuairiscí a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla iad ar fáil go poiblí saor in aisce, ar shuíomh gréasáin ainmnithe agus fáil a bheith orthu go héasca i bhformáid in-íoslódáilte agus ineagarthóireachta.

    I gcás ina gceanglaítear tuairiscí a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla iad ar fáil go poiblí saor in aisce, ar shuíomh gréasáin ainmnithe agus fáil a bheith orthu go héasca i bhformáid in-íoslódáilte agus ineagarthóireachta. Áiritheoidh na sonraí a bhaileofar rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de chuid cuideachtaí.

    Leasú 80

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí tréimhsiúla chun comhlíonadh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a sheiceáil. Críochnófar an chéad chigireacht faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí tréimhsiúla chun comhlíonadh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a sheiceáil. Críochnófar an chéad chigireacht faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfar sásraí rialaithe atá bunaithe cheana agus atá ar fáil do na húdaráis inniúla a chur san áireamh. Sainaithneoidh na húdaráis inniúla dea-chleachtais.

    Leasú 81

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo a shainaithint, eiseoidh na húdaráis inniúla fógra maidir le gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir nó oibreoir mianaigh, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.

    I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú ar cheanglais an Rialacháin seo a shainaithint, eiseoidh na húdaráis inniúla fógra maidir le gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir nó oibreoir mianaigh, agus beidh spriocdhátaí soiléire ann do na gníomhaíochtaí sin, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.

    Leasú 82

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Tar éis na chéad chigireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla cláir a tharraingt suas le haghaidh gnáthchigireachtaí. Bunófar an tréimhse idir cigireachtaí ar mheasúnacht ar an riosca comhshaoil agus ní mhairfidh sí níos faide ná 2 bhliain . I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo a shainaithint, tarlóidh an chigireacht ina dhiaidh sin laistigh de bhliain amháin .

    3.   Tar éis na chéad chigireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla cláir a tharraingt suas le haghaidh gnáthchigireachtaí. Bunófar an tréimhse idir cigireachtaí ar mheasúnacht ar an riosca comhshaoil , lena n-áirítear measúnú ar thionchair charnacha na n-astaíochtaí meatáin uile mar thruailleán, agus ní rachaidh sí thar 16 mhí . I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo a shainaithint, tarlóidh an chigireacht ina dhiaidh sin laistigh de thréimhse naoi mí ar a mhéad .

    Leasú 83

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 4 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhfuil bunús leo dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar theagmhais neamhchomhlíonta a luaithe is féidir tar éis an dáta a thagann na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na gearáin nó na teagmhais neamhchomhlíonta sin:

    (a)

    chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhfuil bunús leo dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar theagmhais neamhchomhlíonta a luaithe is féidir tar éis an dáta a thagann na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na gearáin nó na teagmhais neamhchomhlíonta sin agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta sin :

    Leasú 84

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 5 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I ndiaidh gach cigireachta ullmhóidh na húdaráis inniúla tuarascáil ina gcuirfear síos ar bhunús dlí na cigireachta, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na torthaí ábhartha agus moltaí le tuilleadh gníomhaíochtaí ón oibreoir nó oibreoir mianaigh.

    I ndiaidh gach cigireachta ullmhóidh na húdaráis inniúla tuarascáil ina gcuirfear síos ar bhunús dlí na cigireachta, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na torthaí ábhartha agus moltaí le tuilleadh gníomhaíochtaí ón oibreoir nó oibreoir mianaigh , lena n-áirítear na spriocdhátaí dá gcur chun feidhme .

    Leasú 85

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Déanfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh na gníomhaíochtaí uile is gá a leagtar amach sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó aon tréimhse eile arna comhaontú leis na húdaráis inniúla.

    6.   Déanfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh na gníomhaíochtaí uile is gá a leagtar amach sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 gan mhoill laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó aon tréimhse eile arna comhaontú leis na húdaráis inniúla.

    Leasú 86

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mheasann gur fhulaing sé díobháil mar thoradh ar shárú ar cheanglais an Rialacháin seo ag oibreoirí nó oibreoirí mianaigh, gearán i scríbhinn a thaisceadh leis na húdaráis inniúla.

    1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach gearán i scríbhinn a thaisceadh leis na húdaráis inniúla maidir le sárú a d’fhéadfadh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh a dhéanamh ar cheanglais an Rialacháin seo . Ina theannta sin, gníomhóidh an Tairseach Eorpach um Cheartas mar phointe teagmhála chun gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann.

    Leasú 87

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Beidh bunús iomchuí leis na gearáin agus dóthain fianaise iontu faoin sárú líomhnaithe agus an díobháil a eascraíonn uaidh .

    2.   Beidh bunús iomchuí leis na gearáin agus dóthain fianaise iontu faoin sárú líomhnaithe.

    Leasú 88

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas maidir leis na cúiseanna a bhain lena gcinneadh gan imscrúdú a thionscnamh.

    3.   I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama, ach tráth nach déanaí ná mí amháin, maidir leis na cúiseanna lena gcinneadh gan imscrúdú a thionscnamh.

    Leasú 89

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Measfaidh fíoraitheoirí comhréireacht na dtuarascálacha astaíochtaí a chuirfidh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh faoina mbráid i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfaidh siad comhréireacht na dtuarascálacha leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus déanfaidh siad athbhreithniú ar na foinsí sonraí agus modheolaíochtaí a úsáidfear d’fhonn a n-iontaofacht, a gcreidiúnacht agus a gcruinneas a mheas, go háirithe na pointí seo a leanas:

    1.   Measfaidh fíoraitheoirí comhréireacht na dtuarascálacha astaíochtaí a chuirfidh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh nó allmhaireoirí faoina mbráid , a mhéid a cheanglaítear na hallmhaireoirí sin de bhun Airteagal 27, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfaidh siad comhréireacht na dtuarascálacha leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus déanfaidh siad athbhreithniú ar na foinsí sonraí agus modheolaíochtaí a úsáidfear chun a n-iontaofacht, a gcreidiúnacht agus a gcruinneas a mheas, go háirithe na pointí seo a leanas:

    Leasú 90

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    aon chóras rialaithe cáilíochta nó dearbhaithe cáilíochta arna cur i bhfeidhm ag na hoibreoirí nó na hoibreoirí mianaigh .

    (d)

    aon chóras rialaithe cáilíochta nó dearbhaithe cáilíochta arna cur i bhfeidhm ag na hoibreoirí mianaigh nó na hallmhaireoirí i bhfeidhm, a mhéid a cheanglaítear na hallmhaireoirí sin de bhun Airteagal 27 .

    Leasú 91

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear i mír 1, bainfidh fíoraitheoirí úsáid as caighdeáin Eorpach nó idirnáisiúnta atá ar fáil go poiblí saor in aisce le haghaidh astaíochtaí meatáin a chainníochtú arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5. Go dtí an dáta nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi infheidhmeacht na gcaighdeán sin, bainfidh fíoraitheoirí úsáid as caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta reatha i ndáil le cainníochtú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

    I bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear i mír 1, bainfidh fíoraitheoirí úsáid as caighdeáin Eorpach nó idirnáisiúnta atá ar fáil go poiblí le haghaidh astaíochtaí meatáin a chainníochtú arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe le mír 5. Go dtí an dáta nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi infheidhmeacht na gcaighdeán sin, bainfidh fíoraitheoirí úsáid as caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta reatha i ndáil le cainníochtú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

    Leasú 92

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    I gcás nach mbeidh aon chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ar fáil, cuirfidh oibreoirí nó oibreoirí mianach faisnéis ar fáil do na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin nó na modheolaíochtaí a úsáideann na hoibreoirí, na hoibreoirí mianaigh nó na hallmhaireoirí chun críche gníomhaíochtaí fíoraithe.

    Leasú 93

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Féadfaidh fíoraitheoirí seiceálacha ar láithreáin a dhéanamh chun iontaofacht, creidiúnacht agus cruinneas na bhfoinsí sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáidtear a chinneadh.

    Déanfaidh fíoraitheoirí seiceálacha ar láithreáin , le réamhfhógra agus gan réamhfhógra, chun iontaofacht, creidiúnacht agus cruinneas na bhfoinsí sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáidtear a chinneadh.

    Leasú 94

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Déanfar na gníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus sa mhír seo a ailíniú le caighdeáin agus modheolaíochtaí reatha Eorpacha nó idirnáisiúnta chun an t-ualach ar oibreoirí, ar oibreoirí mianach nó ar allmhaireoirí a theorannú, a mhéid a cheanglaítear na hallmhaireoirí sin de bhun Airteagal 27, agus ar údaráis inniúla agus tabharfar aird chuí ar chineál ghníomhaíochtaí an oibreora.

    Leasú 95

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás ina gcinntear sa mheasúnú nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh na fíoraitheoirí an t-oibreoir nó an t-oibreoir mianaigh ar an eolas faoi sin agus cuirfidh an t-oibreoir an t-oibreoir mianaigh tuarascáil athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora gan mhoill.

    I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh na fíoraitheoirí é sin in iúl don oibreoir, d’oibreoir an mhianaigh nó don allmhaireoir, a mhéid is gá don allmhaireoir de bhun Airteagal 27, agus cuirfidh an t-oibreoir, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir, a mhéid a bheidh gá leis an allmhaireoir de bhun Airteagal 27, tuarascáil athbhreithnithe astaíochtaí faoi bhráid an fhíoraitheora gan mhoill agus tráth nach déanaí ná trí seachtaine .

    Leasú 96

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Tabharfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh gach cúnamh is gá do na fíoraitheoirí chun feidhmíocht na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

    4.   Tabharfaidh oibreoirí , oibreoirí mianach agus allmhaireoirí a mhéid is gá na hallmhaireoirí sin de bhun Airteagal 27, gach cúnamh is gá do na fíoraitheoirí chun feidhmíocht na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

    Leasú 97

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5 a.     Na costais a thabhófar de bharr na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfear san áireamh iad dá dtagraítear in Airteagal 3.

    Leasú 98

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Ar an gcoinníoll go gcosnófar leas an Aontais, sannfar ról fíoraithe don Fhaireachlann um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta maidir le sonraí astaíochtaí meatáin , go háirithe maidir leis an cúraimí seo a leanas:

    1.    Agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, breithneoidh fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfidh an Fhaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO) ar fáil don phobal , go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    Leasú 99

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    tuairisciú ar thorthaí maidir le neamhréitigh mhóra idir foinsí sonraí.

    (e)

    tuairisciú ar thorthaí maidir le neamhréireachtaí móra idir foinsí sonraí a rannchuidíonn le modheolaíochtaí eolaíocha níos láidre a thógáil;

    Leasú 100

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe e a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (e a)

    tuairisciú sár-astairí arna n-aithint trí chóras luathbhraite agus rabhaidh.

    Leasú 101

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Féadfaidh an Coimisiún sonraí astaíochtaí meatáin a chur faoi bhráid na Faireachlainne um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta, mar a cuireann na húdaráis inniúla ar fáil di iad i gcomhréir leis an Rialacháin seo .

    2.    Cuirfidh an Coimisiún sonraí ábhartha maidir le hastaíochtaí meatáin faoi bhráid IMEO .

    Leasú 102

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.     Cuirfear an fhaisnéis a tháirgeann an Fhaireachlann um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta ar fáil don phobal agus don Choimisiún.

    scriosta

    Leasú 103

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina bhfuil meastachán de na hastaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse ina n-úsáidtear fachtóirí astaíochta atá cineálach ach atá foinseshonrach le haghaidh gach foinse.

    1.    Faoin … [10 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina mbeidh cainníochtú ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinseach arna meas ag úsáid fachtóirí astaíochta cineálacha ar a laghad do gach foinse. Féadfaidh oibreoirí a roghnú tuarascáil a thíolacadh go comhuaineach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2.

    Leasú 104

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.    Faoi … [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil freisin ina bhfuil tomhais dhíreacha d’ astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse le haghaidh sócmhainní oibrithe. Féadfar go n-áiritheofar le tuairisciú ar leibhéal den sórt sin úsáid tomhais agus samplála ar leibhéal foinse mar bhonn chun fachtóirí astaíochta sonracha a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí a leagan síos.

    2.   Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina mbeidh cainníochtú ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinseach:

     

    (a)

    i gcás sócmhainní oibrithe faoin…[12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus

     

    (b)

    i gcás sócmhainní neamhoibrithe faoin…[24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ar choinníoll nár thuairiscigh oibreoir na sócmhainní sin de bhun na hoibleagáide faoi phointe (a).

     

    Is é a bheidh i gceist le tuairisciú ar an leibhéal sin tomhas díreach agus sampláil ar leibhéal na foinse a úsáid mar bhonn chun fachtóirí sonracha astaíochta a bhunú a úsáidtear chun astaíochtaí a chainníochtú.

    Leasú 105

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Faoi … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina bhfuil tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse maidir le sócmhainní oibrithe dá dtagraítear i mír 2 , arna gcomhlánú le tomhais astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, lena gceadaítear measúnú agus fíorú na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir láithreáin dá réir sin.

    Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina mbeidh cainníochtú ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinseach , arna gcomhlánú le tomhais ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal an láithreáin, agus ar an gcaoi sin beifear in ann measúnú agus fíorú a dhéanamh ar na meastacháin ar leibhéal na foinse arna gcomhiomlánú de réir láithreáin:

    Leasú 106

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 — mír 3 — fomhír 1 — pointe a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a)

    i gcás sócmhainní oibrithe faoin…[24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin; agus

    Leasú 107

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 — mír 3 — fomhír 1 — pointe b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    i gcás sócmhainní neamhoibrithe faoin…[42 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, ar choinníoll nár thuairiscigh oibreoir iad sin de bhun phointe (a).

    Leasú 108

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, áiritheoidh oibreoirí go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus go n-áiritheofar iontu ráiteas fíorúcháin a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

    Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, áiritheoidh oibreoirí agus gnóthais go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus go n-áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

    Leasú 109

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.     Faoi … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina bhfuil tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse maidir le sócmhainní neamhoibrithe. Féadfar go n-áiritheofar le tuairisciú ar leibhéal den sórt sin úsáid tomhais agus samplála ar leibhéal foinse mar bhonn chun fachtóirí astaíochta sonracha a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí a leagan síos.

    scriosta

    Leasú 110

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 5 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Faoi … [48 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina bhfuil tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse maidir le sócmhainní neamhoibrithe mar a leagtar amach i mír 4, arna gcomhlánú le tomhais astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, lena gceadaítear measúnú agus fíorú na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir láithreáin dá réir sin.

    scriosta

    Leasú 111

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 5 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, áiritheoidh gnóthais go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus go n-áiritheofar iontu ráiteas fíorúcháin a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

    scriosta

    Leasú 112

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 6 – fomhír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí cainníochtaithe a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a thomhas ;

    (c)

    faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí cainníochtaithe;

    Leasú 113

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 6 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad tuairiscithe le haghaidh na dtuarascálacha a leagan síos faoi mhíreanna 2, 3, 4 agus 5 . Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad tuairiscithe le haghaidh na dtuarascálacha a leagan síos faoin Airteagal seo agus na tuarascálacha fardail náisiúnta atá i bhfeidhm cheana á gcur san áireamh . Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2). Go dtí go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, úsáidfidh oibreoirí agus gnóthais treoirdhoiciméid theicniúla agus teimpléid tuairiscithe OGMP 2.0, i gcomhair oibríochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha, de réir mar is infheidhme.

    Leasú 114

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7.   Maidir le tomhais ag leibhéal láithreáin dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5, bainfear úsáid as teicneolaíochtaí cainníochtaithe iomchuí lena bhféadtar tomhais den sórt sin a sholáthar .

    7.   Maidir le tomhais ar leibhéal an láithreáin dá dtagraítear i mír 3, úsáidfear teicneolaíochtaí cainníochtaithe astaíochtaí arna bhforbairt ag na comhlachtaí iomchuí Eorpacha nó idirnáisiúnta um chaighdeánú. Go dtí go mbunófar caighdeáin den sórt sin , úsáidfidh oibreoirí agus gnóthais, de réir mar is infheidhme, treoirdhoiciméid theicniúla OGMP 2.0 agus leanfaidh siad na cleachtais tionscail úrscothacha agus na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas .

    Leasú 115

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    8.   I gcás ina bhfuil neamhréireachtaí suntasacha idir na hastaíochtaí arna gcainníochtú trí mhodhanna ar leibhéal foinse a úsáid agus idir na hastaíochtaí sin a eascraíonn as tomhas ag leibhéal láithreáin, déanfar tomhais bhreise laistigh den tréimhse tuairiscithe chéanna.

    8.   I gcás neamhréireachtaí suntasacha idir na hastaíochtaí ar leibhéal na foinse agus na hastaíochtaí sin ar leibhéal an láithreáin, áireofar sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna leis an neamhréireacht. I gcás nach é éiginnteacht na teicneolaíochta cainníochtaithe a úsáidtear is cúis leis an neamhréireacht, déanfar na bearta breise seo a leanas laistigh den tréimhse tuairiscithe chéanna:

    Leasú 116

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 — mír 8 — pointe (a) nua

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a)

    i gcás ina bhfuil an tomhas ar leibhéal an láithreáin níos airde ná an tomhas atá suntasach ó thaobh staidrimh de san fhardal ar leibhéal na foinse, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht san áireamh sa tuarascáil chun réiteach a dhéanamh idir an fardal ar leibhéal na foinse agus tomhas leibhéal an láithreáin, agus nuashonróidh sé a fhardal ar leibhéal na foinse chun tomhais níos airde ar leibhéal an láithreáin a léiriú;

    Leasú 117

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 — mír 8 — pointe (b) nua

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    i gcás ina bhfuil an tomhas ar leibhéal an láithreáin níos ísle ná an fardal ar leibhéal na foinse go leibhéal atá suntasach ó thaobh staidrimh de, déanfaidh an t-oibreoir athbhreithniú ar íosteorainn bhraite (MDL) na bhfeistí tomhais leibhéal an láithreáin chun a dheimhniú go bhfuil MDL íseal go leor chun leibhéil ionchasacha astaíochtaí ón gcomhpháirt aonair a bhrath; i gcás nach bhfuil MDL sách íseal, déanfaidh an t-oibreoir an tomhas arís agus úsáid á baint as feistí le MDL sách íseal go leor laistigh den bhliain féilire chéanna, agus cuirfidh sé an toradh sin i gcomparáid leis an bhfardal leibhéal foinseach; i gcás ina gcinnfear go bhfuil an MDL leormhaith, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht san áireamh sa tuarascáil ina leagfar amach na cúiseanna atá leis an neamhréireacht.

    Leasú 118

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    9.    Déanfar tomhais ar astaíochtaí meatáin le haghaidh bonneagar gáis de réir caighdeáin Eorpacha (CEN) nó idirnáisiúnta (ISO) maidir le hastaíochtaí meatáin a chainníochtú .

    9.    Faoin… [9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraíochtaí is infheidhme maidir le tomhais dhíreacha agus cainníochtú astaíochtaí meatáin a leagan síos. Beidh feidhm ag na sonraíochtaí sin maidir le hiarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint ag an gCoimisiún chun críoch an Airteagail seo .

    Leasú 119

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 11 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    11 a.     Tagróidh faireachán agus tuairisciú don phoitéinseal téimh dhomhanda, atá ar scála ama 100 bliain 29,8 oiread níos mó ná dé-ocsaíd charbóin agus 82,5 oiread níos mó ná dé-ocsaíd charbóin ar scála ama 20 bliain  (1a) .

    Leasú 120

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfaidh oibreoirí gach beart atá ar fáil dóibh chun astaíochtaí meatáin a chosc agus a íoslaghdú ina gcuid oibríochtaí.

    1.    Déanfaidh oibreoirí gach beart maolaithe iomchuí atá ar fáil dóibh chun astaíochtaí meatáin a chosc agus a íoslaghdú ina gcuid oibríochtaí.

    Leasú 121

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Faoin… [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle maidir leis an tionchar a bheadh ag caighdeán feidhmíochta réamhtheachtach uaillmhianach a thabhairt isteach maidir le déine astaíochtaí meatáin don ola agus don ghás a allmhairítear isteach san Aontas nó a eastósctar laistigh den Aontas. Déanfaidh an Coimisiún measúnú sonrach ar shocrú caighdeáin déine meatáin atá faoi bhun 0,2  % nó cothrom leis.

    Leasú 122

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     Sula nglacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1c, déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair, ina ndéanfar meastóireacht go háirithe ar na himpleachtaí don aeráid agus do shlándáil an tsoláthair fuinnimh araon san Aontas, agus lánurraim á tabhairt do Rialachán (AE) 2021/1119.

    Leasú 123

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1c.     Faoin… [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeán feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1d a leagan síos lena gcuirfear chun feidhme leibhéal déine astaíochtaí meatáin don earnáil réamhtheachtach atá le baint amach faoin…[3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus an mhodheolaíocht chun méadrach déine astaíochtaí meatáin stóinsithe a shainiú go soiléir.

    Leasú 124

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1d.     Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an leibhéal déine astaíochtaí a leagan amach do na hearnálacha meánteachtacha agus iartheachtacha atá le baint amach.

    Leasú 125

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Faoi … [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí clár braite agus deisithe sceití faoi bhráid na n-údarás inniúil ina dtabharfar mionsonraí maidir le hábhar na suirbhéanna a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na ceanglais san Airteagal seo.

    Faoi … [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí clár braite agus deisithe sceití faoi bhráid na n-údarás inniúil ina dtabharfar mionsonraí maidir le hábhar na suirbhéanna agus na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na ceanglais san Airteagal seo.

    Leasú 126

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, saothróidh an tAontas forbairt thráthúil ag na heagraíochtaí iomchuí um chaighdeánú ar chaighdeáin Eorpacha ina mbeidh na sonraíochtaí teicniúla i leith suirbhéanna agus gníomhaíochtaí maidir le sceitheadh a bhrath agus a dheisiú chun críche an Airteagail seo.

     

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun a cheangal go gcomhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun na tagairtí do na caighdeáin Eorpacha sin a thabhairt cothrom le dáta agus chun sonraíochtaí teicniúla a leagan síos maidir le suirbhéanna ar bhrath sceite agus ar dheisiú, i gcás inarb iomchuí. Go dtí go mbunófar na sonraíochtaí sin, úsáidfidh oibreoirí cleachtais, teicneolaíochtaí, próisis agus leibhéal saineolais a mbeifí ag súil leis ó phríomhsholáthraí seirbhíse na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh agus, i gcás ina n-iarrfar sin, soláthróidh siad faisnéis do na húdaráis inniúla agus d’fhíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin nó na modheolaíochtaí a úsáideadh.

    Leasú 127

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 2 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Faoi … [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh oibreoirí suirbhé maidir le gach comhpháirt ábhartha faoina bhfreagracht i gcomhréir leis an gclár braite agus deisithe sceití dá dtagraítear i mír 1.

    Faoi … [9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh oibreoirí suirbhé maidir le gach comhpháirt ábhartha faoina bhfreagracht i gcomhréir leis an gclár braite agus deisithe sceití dá dtagraítear i mír 1.

    Leasuithe 128 agus 270cp1

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 2 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Ina dhiaidh sin, athdhéanfar suirbhéanna braite agus deisithe sceití gach 3 mhí.

    Ina dhiaidh sin, déanfar suirbhéanna chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú leis na minicíochtaí seo a leanas:

    Leasú 129

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 — mír 2 — fomhír 2 — pointe a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a)

    uair amháin gach dhá mhí do gach comhpháirt os cionn talún trí úsáid a bhaint as feistí braite a bhfuil an íosteorainn bhraite dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) acu;

    Leasú 130

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 — mír 2 — fomhír 2 — pointe b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    uair amháin gach ceithre mhí i gcás na gcomhpháirteanna uile os cionn talún ina n-úsáidtear feistí braite a bhfuil an íosteorainn bhraite dá dtagraítear i mír 3, pointe (b) acu;

    Leasú 131

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 — mír 2 — fomhír 2 — pointe c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c)

    uair amháin gach cúig mhí, nó ar na leibhéil mhinicíochta a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I, do gach comhpháirt faoi thalamh ina n-úsáidtear feistí braite a bhfuil an íosteorainn bhraite dá dtagraítear i mír 3, pointe (c) acu.

    Leasú 132

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.    Trí na suirbhéanna a dhéanamh, bainfidh oibreoirí úsáid as gairis lena bhféadtar caillteanas meatáin ó chomhpháirteanna ina bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin nó níos mó a bhrath.

    3.    Agus na suirbhéanna á ndéanamh acu, úsáidfidh oibreoirí feistí braite a bhfuil íosteorainn bhraite acu mar seo a leanas:

    Leasú 133

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 3 – pointe a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a)

    17 ngram san uair de mheatán ag teocht chaighdeánach agus ag brú caighdeánach; déanfar an suirbhé ar leibhéal gach foinse astaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann;

    Leasú 134

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 3 – pointe b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    50 cuid in aghaidh an mhilliúin meatáin nó 1 ghram san uair; déanfar an suirbhé ag teagmháil le gach foinse fhéideartha astaíochtaí aonair le haghaidh comhpháirteanna os cionn talún;

    Leasú 135

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 3 – pointe c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c)

    500 páirt in aghaidh an mhilliúin nó 5 gram san uair de meatán do chomhpháirteanna faoi thalamh.

    Leasú 136

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfaidh oibreoirí gach comhpháirt a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n-astú acu a dheisiú nó a athsholáthar.

    Déanfaidh oibreoirí gach comhpháirt a shuitear go bhfuil siad ag sceitheadh meatáin a dheisiú nó a athsholáthar.

    Leasú 137

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfar na comhpháirteanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheisiú nó a athsholáthar láithreach tar éis iad a bhrath, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin ach tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis iad a bhrath , ar choinníoll go bhféadfaidh oibreoirí a léiriú nach bhféadfar beart a dhéanamh láithreach de bharr cúinsí sábháilteachta nó teicniúla agus ar choinníoll go leagfaidh oibreoirí sceideal deisithe agus faireacháin síos .

    Déanfar na comhpháirteanna dá dtagraítear sa mhír seo a dheisiú nó a athsholáthar láithreach tar éis iad a bhrath, nó a luaithe is féidir le haghaidh an chéad iarrachta ach tráth nach déanaí ná cúig lá tar éis a mbrath. Le deisiúcháin nó athsholáthar dá dtagraítear sa mhír seo , úsáidfear teicneolaíochtaí úrscothacha agus ábhair úrscothacha a thugann cosaint fhadtéarmach ar sceitheadh amach anseo .

     

    I gcás inar féidir le hoibreoirí a léiriú nach bhfuil rath ar an deisiú dá dtagraítear sa mhír seo nó nach féidir é a dhéanamh laistigh de chúig lá mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta nó teicniúla, cuirfidh nahoibreoirí fianaise maidir leis an moill ar fáil do na húdaráis inniúla agus bunóidh siad sceideal deisiúcháin agus faireacháin tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis an bhraith. Socrófar an sceideal deisithe agus faireacháin dá dtagraítear san fhomhír seo ionas go ndeiseofar an sceitheadh a aimsíodh laistigh de 30 lá tar éis a bhrath.

    Leasú 138

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Beidh cúinsí sábháilteachta agus teicniúla, dá dtagraítear sa dara fomhír, nach bhféadtar beart a dhéanamh láithreach mar gheall orthu, teoranta do shábháilteacht pearsanra agus daoine daonna in aice láimhe, do thionchair chomhshaoil, do thiúchan an chaillteanais mheatáin, do rochtain ar an gcomhpháirt agus d’infhaighteacht an táirge a chuirfear in ionad na comhpháirte a chur san áireamh. Féadfar go n-áiritheofar le cúinsí maidir le tionchar comhshaoil cásanna ina bhféadfaí leibhéal níos airde astaíochtaí meatáin a bheith ann de bharr deisiú ná mar a bheadh ann in éagmais an deisithe.

    Beidh cúinsí sábháilteachta agus teicniúla, dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír , teoranta do na nithe seo a leanas:

    Leasú 139

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 3 – pointe -a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (a)

    sábháilteacht pearsanra agus daoine i ngaireacht don sceitheadh a braitheadh;

    Leasú 140

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 3 – pointe b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    aon drochthionchar ar an gcomhshaol a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanamh más féidir a léiriú go mbeadh na tionchair sin níos mó ná na tairbhí comhshaoil a bhaineann le beart a dhéanamh, amhail i gcás ina bhféadfadh leibhéal foriomlán níos airde astaíochtaí meatáin a bheith mar thoradh ar dheisiú ná mar a bheadh ann mura ndéanfaí deisiú;

    Leasú 141

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 3 – pointe c a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c)

    inrochtaineacht comhpháirte, lena n-áirítear aon cheadanna rochtana; agus

    Leasú 142

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 3 – pointe d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (d)

    neamh-infhaighteacht na bpáirteanna athsholáthair is gá chun an chomhpháirt nó na comhpháirteanna is gá don athsholáthar a dheisiú.

    Leasú 143

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás ina bhfuil gá le múchadh córais sula bhféadtar tabhairt faoin deisiú nó faoin athsholáthar, íoslaghdóidh oibreoirí an sceitheadh laistigh de 1 lá amháin tar éis é a bhrath agus deiseoidh siad an sceitheadh faoi dheireadh an chéad mhúchta córais sceidealaithe eile nó laistigh de bhliain amháin, cibé acu is luaithe.

    I gcás ina bhfuil gá le múchadh córais sula bhféadtar tabhairt faoin deisiú nó faoin athsholáthar, mar gheall ar choinníoll amháin nó níos mó a leagtar amach i bpointí (a) go (d) a bheith curtha i bhfeidhm, íoslaghdóidh oibreoirí an sceitheadh laistigh de lá amháin tar éis é a bhrath agus deiseoidh siad an sceitheadh faoi dheireadh an chéad mhúchta córais sceidealaithe eile nó laistigh de bhliain amháin, cibé acu is luaithe.

    Leasú 144

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Déanfaidh oibreoirí taifead de na cinntí uile maidir le deisiúchán a mhoilliú de bhun an Airteagail seo a bhunú, a chothabháil agus a chur ar fáil go hiomlán do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar le gach cinneadh agus leis na sceidil deisiúcháin agus faireacháin chomhfhreagracha. Iontrálfaidh oibreoirí an fhaisnéis sin sa taifead gan mhoill. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an oibreoir an sceideal deisiúcháin a leasú, agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    Leasú 145

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 5 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    D’ainneoin mhír 2 , breathnóidh oibreoirí ar chomhpháirteanna a suíodh go raibh 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n-astú acu le linn aon cheann de na suirbhéanna a rinneadh roimhe seo a luaithe is féidir tar éis an deisiú a dhéanamh de bhun mhír 4 , agus tráth nach déanaí ná 15 lá ina dhiaidh sin chun a áirithiú gur éirigh leis an deisiú.

    D’ainneoin mhír 2 , breathnóidh oibreoirí ar chomhpháirteanna a suíodh go raibh meatáin á sceitheadh acu díreach tar éis an deisithe a rinneadh de bhun mhír 4 , agus tráth nach déanaí ná 30 lá ina dhiaidh sin chun a áirithiú gur éirigh leis an deisiú.

    Leasú 146

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 5 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    D’ainneoin mhír 2, breathnóidh oibreoirí ar chomhpháirteanna a shuitear go bhfuil níos lú ná 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin á n-astú acu, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis gur braitheadh na hastaíochtaí, chun a sheiceáil cibé acu a tháinig nó nár tháinig athrú ar mhéid an chaillteanais meatáin.

    scriosta

    Leasú 147

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 5 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás ina sainaithnítear go bhfuil riosca níos airde don tsábháilteacht nó do chaillteanais mheatáin ann, féadfar go molfaidh na húdaráis inniúla gur cheart suirbhéanna ar na comhpháirteanna ábhartha a dhéanamh níos minice.

    scriosta

    Leasú 148

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 6 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun mhír 7, taifeadfaidh oibreoirí gach sceitheadh a shainaithneofar gan beann ar a méid, agus breathnóidh siad go leanúnach orthu chun a áirithiú go ndeiseofar iad i gcomhréir le mír 4.

    Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun mhír 7, taifeadfaidh oibreoirí gach sceitheadh a shainaithneofar gan beann ar a méid, agus breathnóidh siad go rialta orthu agus áiritheoidh siad go ndeiseofar iad i gcomhréir le mír 4.

    Leasú 149

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 7 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Laistigh de 1 mhí amháin tar éis gach suirbhé a dhéanamh , cuirfidh oibreoirí tuarascáil ina bhfuil torthaí an tsuirbhé agus sceideal deisiúcháin agus faireacháin faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní ábhartha lonnaithe. Áireofar ar a laghad sa tuarascáil na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    Gach bliain , cuirfidh oibreoirí tuarascáil ina mbeidh achoimre ar thorthaí na suirbhéanna uile a cuireadh i gcrích agus na sceideal deisithe agus faireacháin comhfhreagrach go léir le linn na bliana roimhe sin faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní ábhartha lonnaithe. Áireofar ar a laghad sa tuarascáil na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    Leasú 150

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 7 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheanglas ar an oibreoir an tuarascáil nó an sceideal deisiúcháin agus faireacháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    scriosta

    Leasú 151

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhnithe, scéimeanna creidiúnaithe nó scéimeanna cáilithe comhionanna , lena n-áirítear cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil le haghaidh soláthraithe seirbhíse i ndáil leis na suirbhéanna.

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhnithe, scéimeanna creidiúnaithe nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta , lena n-áirítear cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil le haghaidh soláthraithe seirbhíse agus le haghaidh oibreoirí i ndáil leis na suirbhéanna.

    Leasú 152

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Ní cheadófar scaoileadh ach sna cásanna a leanas:

    2.   Ní cheadófar scaoileadh ná bladhmadh ach sna cásanna a leanas:

    Leasú 153

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    i gcás éigeandála nó i gcás mífheidhme; agus

    (a)

    i gcás éigeandála nó i gcás mífheidhme;

    Leasú 154

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    i gcás nach féidir é a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leis chun comhpháirteanna nó trealamh a oibriú, a dheisiú, a chothabháil nó a thástáil agus faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16.

    scriosta

    Leasú 155

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.    Le scaoileadh faoi phointe (b) de mhír 2, áiritheofar na cásanna sonracha a leanas nach bhféadtar deireadh foriomlán a chur le scaoileadh iontu :

    3.    De bhreis ar mhír 2, pointe (a), ní cheadófar scaoileadh ná bladhmadh ach amháin sna cásanna sonracha seo a leanas i gcás nach féidir scaoileadh nó bladhmadh, de réir mar is infheidhme, a dhíothú go hiomlán nó i gcás ina bhfuil gá leis ar chúiseanna sábháilteachta :

    Leasú 156

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    le linn gnáthoibríochtaí comhpháirteanna áirithe , ar choinníoll go gcomhlíonann an trealamh gach caighdeán trealaimh arna shonrú agus go ndéantar cothabháil cheart agus iniúchadh tráthrialta air chun caillteanais mheatáin a íoslaghdú;

    (a)

    le linn gnáthoibríochtaí gaireas agus caidéal neomatach, séalaí gáis thirime, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféir, nó comhpháirteanna eile atá deartha lena scaoileadh , ar choinníoll go gcomhlíonann an trealamh na caighdeáin trealaimh shonraithe go léir arna mbunú de bhun mhír 5b, agus go ndéantar cothabháil cheart air agus go ndéantar cigireacht rialta air chun caillteanais meatáin a íoslaghdú;

    Leasú 157

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    le linn umar stórála nó árthach ísealbhrú eile a mheas nó a shampláil;

    (c)

    le linn umar stórála nó soitheach ísealbhrú eile a thomhas nó a shampláil , ar choinníoll go gcomhlíonann an t-umar nó an soitheach na caighdeáin arna mbunú de bhun mhír 5b ;

    Leasú 158

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    le linn leachtanna a dhíluchtú ó umar stórála nó ó árthach ísealbhrú eile go feithicil iompair i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme;

    (d)

    le linn leachtanna a dhíluchtú ó umar stórála nó ó árthach ísealbhrú eile go feithicil iompair i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme , ar choinníoll go gcomhlíonann an t-umar nó an soitheach na caighdeáin arna mbunú de bhun mhír 5b ;

    Leasú 159

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 3 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    le linn deisiú agus cothabhála , lena n-áirítear trealamh scaoilte agus díbhrúite a úsáidtear chun deisiú agus cothabháil a dhéanamh;

    (e)

    le linn deisiú , cothabhála, nósanna imeachta tástála agus díchoimisiúnaithe , lena n-áirítear trealamh scaoilte agus díbhrúite a úsáidtear chun deisiú agus cothabháil a dhéanamh;

    Leasú 160

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   I gcás ina gceadaítear scaoileadh de bhun mhíreanna 2 agus 3 , ní scaoilfidh oibreoirí ach i gcás nach bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil nó ina bhfuil riosca go gcuirfear sábháilteacht na n-oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

    4.   I gcás ina gceadaítear scaoileadh de bhun mhír 2 , ní scaoilfidh oibreoirí ach i gcás nach bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil de dheasca easpa inadhainteachta, neamhábaltacht lasair a chothú, cúiseanna imní sábháilteachta, nuair is airde tionchar comhshaoil aeráide na mbeart maolaithe ná an tairbhe, nó i gcás ina bhfuil riosca go gcuirfear sábháilteacht na n-oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

    Leasú 161

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     I gcás ina mbeidh trealamh malartach nach n-astaíonn astaíochtaí ar fáil chun teacht in ionad an trealaimh scaoilte, tiocfaidh sé ina ionad faoin 31 Nollaig 2026, ar choinníoll go gcomhlíonann an trealamh neamh-scaoilte na caighdeáin a bhunaítear de bhun mhír 5b.

    Leasú 162

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Ní cheadófar bladhmadh ach i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh ar chúiseanna seachas cúinsí eacnamaíocha. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le bladhmadh a roghnú in ionad an mheatáin a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh.

    5.    De bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, ní cheadófar bladhmadh ach i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair , a phróiseáil mar ghás nó a sheoladh chuig margadh ar chúiseanna seachas cúinsí eacnamaíocha. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le bladhmadh a roghnú in ionad an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh.

    Leasú 163

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5a.     I gcás ina ndéantar láithreán a thógáil, a athsholáthar nó a athchóiriú, go hiomlán nó go páirteach, ní úsáidfidh oibreoirí ach rialaitheoirí agus caidéil neomatacha atá saor ó astaíochtaí ar an láithreán sin.

    Leasú 164

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 5 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5b.     Faoi … [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí infheidhmeacht na gcaighdeán teicneolaíochta maidir le trealamh scaoilte, trealamh atá saor ó astaíochtaí agus trealamh bladhmtha a ionchorprú agus a leagan amach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe den sórt sin a athbhreithniú i gcomhréir le forbairtí teicneolaíocha.

    Leasú 165

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 15 – mír 5 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    5c.     I gcás ina gceanglaítear cead nó formheas riaracháin ar bhealach eile ó na húdaráis ábhartha le cur chun feidhme an Airteagail seo, nó i gcás ina mbeidh moill eisceachtúil ar na gníomhaíochtaí is gá don chur chun feidhme sin mar gheall ar easpa trealaimh scaoilte nó bladhmtha, soláthróidh na hoibreoirí sceideal mionsonraithe maidir leis an gcur chun feidhme sin do na húdaráis inniúla. Leanfaidh oibreoirí ar aghaidh lena gcur chun feidhme gan mhoill. Féadfaidh na húdaráis inniúla modhnuithe ar an sceideal a iarraidh.

    Leasú 166

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo;

    (a)

    arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo;

    Leasú 167

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    I gcás ina ndéantar saoráid a thógáil, a athsholáthar nó a athchóiriú, nó i gcás ina ndéantar gairis dócháin eile a shuiteáil, ní shuiteálfaidh oibreoirí ach gairis dócháin a bhfuil lastóir uathoibríoch nó lastóir leanúnach agus éifeachtúlacht bainte scriosta fhoriomláin maidir le hidreacarbóin acu.

    1.    Suiteálfaidh oibreoirí gach simléar bladhaire lena n-úsáidtear gairis dócháin a bhfuil lastóir uathoibríoch nó lastóir leanúnach agus éifeachtúlacht bainte scriosta ar a laghad 99 % maidir le hidreacarbóin acu faoi . .. [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Leasú 168

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.     Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonann gach simléar bladhaire nó gach gaireas dócháin eile ceanglais mhír 1 faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    scriosta

    Leasú 169

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Déanfaidh oibreoirí cigireachtaí seachtainiúla ar shimléair bhladhaire arna ndéanamh i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

    3.   Déanfaidh oibreoirí cigireachtaí seachtainiúla ar shimléir bhladhaire arna ndéanamh i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Mar rogha mhalartach ar chigireachtaí seachtainiúla a dhéanamh ar shimléar bladhaire, féadfaidh oibreoirí gairis chianda nó uathoibrithe faireacháin leanúnaigh a úsáid, má fhormheasann na húdaráis inniúla iad, chun breathnóireachtaí ar an simléar bladhaire dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii) den tríú fomhír d’Iarscríbhinn III a bhailiú. I gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, déanfaidh oibreoirí cúis na neamhrialtachta a imscrúdú agus í a leigheas laistigh de 6 huair an chloig nó, i gcás drochaimsire nó dálaí foircneacha eile, laistigh de 24 uair an chloig.

    Leasú 170

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit fardal na dtoibreacha neamhghníomhacha go léir ar a gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV ar a laghad.

    1.   Faoi … [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit fardal na dtoibreacha neamhghníomhacha , na dtoibreacha atá líonta go buan agus na dtoibreacha atá tréigthe go buan go léir ar a gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV ar a laghad.

    Leasú 171

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.     Faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], suiteálfar trealamh chun astaíochtaí meatáin a thomhas ar gach tobar neamhghníomhach.

    scriosta

    Leasú 172

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Cuirfear tuarascálacha ina bhfuil na tomhais dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid na n-údarás inniúil faoi … [ 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin agus cumhdófar an bhliain féilire is déanaí atá ar fáil. Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

    3.   Cuirfear tuarascálacha ina bhfuil faisnéis maidir le cainníochtú na n-astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce, de réir mar is infheidhme, ó na toibreacha go léir dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid na n-údarás inniúil faoi … [ 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin agus cumhdófar an bhliain féilire is déanaí atá ar fáil.

     

    I gcás ina gcuirtear fianaise iontaofa ar fáil do na húdaráis inniúla lena gcruthaítear nach ann d’aon astaíochtaí meatáin ó thoibreacha atá líonta go buan agus tréigthe go buan le cúig bliana anuas, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach sa mhír seo maidir leis an tobar sin.

     

    Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

    Leasú 173

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, laistigh de 3 mhí ón tráth a chuirfidh na hoibreoirí na tomhais isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

    4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, laistigh de 3 mhí ón tráth a chuirfidh na hoibreoirí na tomhais isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

    Leasú 174

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Beidh na Ballstáit freagrach as na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh, seachas i gcás ina bhféadtar páirtí freagrach a shainaithint, agus sa chás sin is é an páirtí sin a bheidh freagrach astu.

    5.   Beidh na Ballstáit freagrach as na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh, seachas i gcás ina bhféadtar páirtí freagrach a shainaithint, agus sa chás sin is é an páirtí sin a bheidh freagrach astu.

    Leasú 175

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 6 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfaidh na Ballstáit plean maolaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun toibreacha neamhghníomhacha atá lonnaithe ina gcríoch a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan.

    Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí freagrach plean maolaithe a fhorbairt chun toibreacha neamhghníomhacha atá lonnaithe ina gcríoch a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan , agus cuirfidh siad chun feidhme é faoi . .. [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Leasú 176

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    6 a.     Agus toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go buan agus toibreacha tréigthe á sainaithint acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú stóinsithe agus oibiachtúil bunaithe ar na torthaí eolaíocha is déanaí, lena n-áirítear sonraí ó IMEO.

    Leasú 177

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 19 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn le linn gníomhaíochtaí iar-mhianadóireachta.

    (c)

    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn le linn gníomhaíochtaí iar-mhianadóireachta agus laistigh de limistéar an mhianaigh .

    Leasú 178

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 20 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh, déanfaidh oibreoirí mianaigh tomhas agus cainníochtú leanúnach ar astaíochtaí meatáin san aer aerála ar gach seafta aerála sceite arna úsáid ag an oibreoir mianaigh , trí úsáid a bhaint as fearas a bhfuil teorainn íogaireachta tiúchain meatáin 100 páirt in aghaidh an mhilliúin ar a laghad aige . Déanfaidh siad tomhais mhíosúla bunaithe ar shamplaí freisin.

    1.   Maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh, déanfaidh oibreoirí mianaigh tomhas agus cainníochtú díreach leanúnach ar astaíochtaí meatáin ar an leibhéal foinse ar gach seafta aerála sceite . Tuairisceoidh oibreoirí mianach do na húdaráis inniúla maidir le scaoileadh meatáin in aghaidh an tseafta aerála in aghaidh na bliana i gcileatonn (kt) meatáin , trí úsáid a bhaint as trealamh agus as modheolaíochtaí as a n-eascraíonn cruinneas tomhais le lamháltas 0,5 kt de mheatán in aghaidh na bliana nó 5 % den mhéid tuairiscithe . Déanfaidh siad tomhais mhíosúla bunaithe ar shamplaí freisin.

    Leasú 179

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 20 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Déanfaidh oibreoirí stáisiúin draenála tomhais leanúnacha ar thiúchain an mheatáin scaoilte agus bhladhmtha, gan beann ar na cúiseanna atá le gníomhaíocht scaoilte nó bhladhmtha den sórt sin.

    2.   Déanfaidh oibreoirí stáisiúin draenála tomhais agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse ar scaoileadh iomlán an mheatáin scaoilte agus bhladhmtha, gan beann ar na cúiseanna atá le gníomhaíocht scaoilte nó bhladhmtha den sórt sin.

    Leasú 180

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Maidir le tomhais leanúnacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás nach bhfuil cuid den trealamh tomhais ag feidhmiú ar feadh tréimhse, féadfar léamha a glacadh le linn na dtréimhsí nuair a bhí an trealamh ag feidhmiú a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar shonraí ar bhonn pro rata le haghaidh na tréimhse nach raibh an trealamh ag feidhmiú inti.

    Maidir le tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás nach bhfuil cuid den trealamh tomhais ag feidhmiú ar feadh tréimhse, féadfar léamha a glacadh le linn na dtréimhsí nuair a bhí an trealamh ag feidhmiú a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar shonraí ar bhonn pro rata le haghaidh na tréimhse nach raibh an trealamh ag feidhmiú inti.

    Leasú 181

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Feidhmeoidh an trealamh a úsáidtear chun tomhais leanúnacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhéanamh ar feadh níos mó ná 90 % den tréimhse ina n-úsáidtear é chun faireachán a dhéanamh ar astaíocht, gan aga neamhfhónaimh a glacadh chun athchalabrú a dhéanamh a chur san áireamh.

    Feidhmeoidh an trealamh a úsáidtear chun tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhéanamh ar feadh níos mó ná 90 % den tréimhse ina n-úsáidtear é chun faireachán a dhéanamh ar astaíocht, gan aga neamhfhónaimh a glacadh chun athchalabrú agus deisiúcháin a dhéanamh a chur san áireamh.

    Leasú 182

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 20 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Déanfaidh oibreoirí mianaigh meastachán ar astaíochtaí guail iar-mhianadóireachta trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta guail iar-mhianadóireachta, arna nuashonrú go bliantúil, bunaithe ar shamplaí guail a bhaineann go sonrach leis an bhfosú agus i gcomhréir le caighdeáin eolaíocha iomchuí.

    5.    I gcás inarb ábhartha, déanfaidh oibreoirí mianaigh meastachán ar astaíochtaí guail iar-mhianadóireachta trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta guail iar-mhianadóireachta, arna nuashonrú go bliantúil, bunaithe ar shamplaí guail a bhaineann go sonrach leis an bhfosú agus i gcomhréir le caighdeáin eolaíocha iomchuí.

    Leasú 183

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 22 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh meatáin ó stáisiúin draenála ón [1 Eanáir 2025], seachas i gcás éigeandála , mífheidhme nó i gcás nach féidir iad a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leo chun críocha cothabhála. Sna cásanna sin, ní scaoilfidh oibreoirí stáisiúin draenála ach amháin mura bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil nó má tá riosca go gcuirfear sábháilteacht na n-oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 23, léireoidh oibreoirí stáisiúin draenála do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

    1.   Cuirfear toirmeasc ar bhladhmadh lena mbaineann éifeachtúlacht dheartha scriosta agus bainte faoi 99 % agus scaoileadh meatáin ón gcóras draenála ón 1 Eanáir 2025, ach amháin i gcás éigeandála nó i gcás nach féidir a sheachaint agus a bhfuil géarghá leis le haghaidh cothabhála. Sna cásanna sin, ní scaoilfidh oibreoirí stáisiúin draenála ach amháin mura bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil nó má tá riosca go gcuirfear sábháilteacht na n-oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 23, léireoidh oibreoirí stáisiúin draenála do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

    Leasú 184

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 22 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná 0,5 tona meatáin/cileathonna guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2027.

    2.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná cúig thona meatáin/cileathonna guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2027 ach amháin i gcás ina mbeadh sé ina bhagairt dhíreach do shláinte agus do bheatha mianadóirí oibre agus ina méadófaí an riosca sábháilteachta oibre i ngléasraí mianadóireachta .

     

    Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná 3 thona meatáin/cileathonna guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2031.

     

    Beidh feidhm ag na tairseacha sin in aghaidh na bliana in aghaidh an mhianaigh agus in aghaidh an oibreora, i gcás ina n-oibríonn eintiteas amháin roinnt mianach.

    Leasú 185

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 22 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag na Ballstáit córas tiomnaithe dreasachtaí a chur chun feidhme chun astaíochtaí meatáin a laghdú, féadfaidh siad táillí, muirir nó pionóis dá dtagraítear in Airteagal 30 a úsáid mar ionstraim chun a ráthú go gcomhlíonfaidh oibreoirí mianach atá ann cheana na hoibleagáidí i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

    Leasú 186

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 23 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Ón [1 Eanáir 2025], cuirfidh oibreoirí stáisiúin draenála na húdaráis inniúla ar an eolas faoi gach imeacht scaoilte agus bladhmtha:

    Ón 1 Eanáir 2025, tabharfaidh oibreoirí stáisiúin draenála fógra do na húdaráis inniúla maidir le gach imeacht scaoilte agus bladhmtha lena mbaineann éifeachtúlacht dheartha scriosta agus bainte faoi 99 %.

    Leasú 187

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 23 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo;

    (a)

    arb é éigeandáil is cúis leis,

    Leasú 188

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 24 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na hastaíochtaí meatáin a leanas ó mhianaigh ghuail thréigthe agus dhúnta faoi thalamh inar scoireadh de tháirgeadh guail:

    Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na hastaíochtaí meatáin a leanas ó mhianaigh ghuail thréigthe agus dhúnta faoi thalamh inar scoireadh de tháirgeadh guail:

    Leasú 189

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh na Ballstáit fardal na mianach guail dúnta go léir agus na mianach guail tréigthe go léir ina gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an modheolaíocht agus lena n-áirítear na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII ar a laghad.

    1.   Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh na Ballstáit fardal na mianach guail faoi thalamh go léir agus na mianach guail tréigthe go léir ina gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an modheolaíocht agus lena n-áirítear na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII ar a laghad.

    Leasú 190

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Agus mianaigh dúnta agus mianaigh tréigthe á sainaithint acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú stóinsithe agus oibiachtúil bunaithe ar na torthaí eolaíocha is déanaí, lena n-áirítear sonraí ó IMEO nuair atá siad ar fáil;

    Leasú 191

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfar tiúchain meatáin ó gach eilimint a liostaítear i gcuid 1(vi) d’Iarscríbhinn VII a suíodh go raibh meatán á astú acu a thomhas i gcomhréir leis na caighdeáin eolaíocha iomchuí agus ar bhonn uaire ar a laghad.

    scriosta

    Leasú 192

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Ó … [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], suiteálfar trealamh tomhais le haghaidh gach eiliminte a liostaítear i bpointe (v) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VII maidir le mianaigh ghuail dhúnta agus mianaigh ghuail thréigthe inar cuireadh deireadh le hoibríochtaí ó … [50 bliain roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] .

    Ó … [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], suiteálfar trealamh tomhais le haghaidh gach eiliminte a liostaítear i bpointe (v) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VII a suíodh go n-astaíonn siad os cionn 0,5 tona meatáin in aghaidh na bliana bunaithe ar an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le mianaigh ghuail dhúnta agus mianaigh ghuail thréigthe.

    Leasú 193

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Leis an trealamh, déanfar tomhas nó cainníochtú díreach ar an leibhéal foinse i gcomhréir leis na caighdeáin eolaíocha iomchuí agus, más féidir, gach uair an chloig, agus ar cháilíocht leordhóthanach ionas gur féidir meastachán ionadaíoch a dhéanamh ar na hastaíochtaí bliantúla meatáin ó na heilimintí uile a liostaítear i gcuid 1, pointe (v) d’Iarscríbhinn VII a suíodh go raibh meatán á astú acu.

    Leasú 194

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 – fomhír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Beidh teorainn íogaireachta 10 000 páirt in aghaidh an mhilliúin ar a laghad ag an trealamh tomhais a úsáidtear chun na tomhais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh.

    scriosta

    Leasú 195

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Má thugtar faoi deara go bhfuil an scaoileadh bliantúil meatáin a thagann ó eilimint a liostaítear i gcuid 1, pointe (v) d’Iarscríbhinn VII faoi bhun 1 thonna meatáin ar feadh 6 bliana as a chéile i gcás mianach faoi uisce nó 12 bhliain as a chéile i gcás mianach tirim, ní dhéanfar tuilleadh faireacháin ná tuairiscithe ar an eilimint áirithe sin.

    Leasú 196

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 25 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Beidh oibreoirí mianaigh freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le mianaigh dhúnta. Beidh na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le mianaigh thréigthe.

    4.   Beidh oibreoirí mianaigh , oibreoirí sócmhainní nó na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le mianaigh dhúnta. Beidh na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le mianaigh thréigthe.

    Leasú 197

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Ar bhonn an fhardail dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh na Ballstáit plean maolaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail thréigthe.

    Ar bhonn an fhardail dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh na Ballstáit plean maolaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhúnta agus thréigthe faoi thalamh .

    Leasú 198

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Cuirfear an plean maolaithe faoi bhráid na n-údarás inniúil faoi … [ 36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus áiritheofar ann na heilimintí a leagtar amach i gCuid 4 d’Iarscríbhinn VII ar a laghad.

    Cuirfear an plean maolaithe faoi bhráid na n-údarás inniúil faoi … [ 18 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus áireofar ann na heilimintí a leagtar amach i gCuid 4 d’Iarscríbhinn VII ar a laghad. Déanfaidh na Ballstáit é a chur chun feidhme faoin … [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Leasú 199

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh ón trealamh dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ón 1 Eanáir 2030, seachas i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil iad a úsáid nó a mhaolú nó ina bhfuil riosca go gcuirfear sábháilteacht na n-oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leo. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 25, léireoidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit an gá le scaoileadh nó bladhmadh a roghnú in ionad úsáide nó maolú.

    2.   Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh ón trealamh dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ón 1 Eanáir 2030, seachas i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil iad a úsáid nó a mhaolú nó ina bhfuil riosca go gcuirfear sábháilteacht comhshaoil, sábháilteacht daoine, lena n-áirítear sábháilteacht an phearsanra, nó an tsláinte phoiblí i mbaol leo. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 25, léireoidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit an gá le scaoileadh nó bladhmadh a roghnú in ionad úsáide nó maolú.

    Leasú 200

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 26 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Maidir le mianaigh ghuail dhúnta:

     

    (a)

    beifear in ann meatán a ghabháil trí dhíghású;

     

    (b)

    féadfar leanúint de bheith ag oibriú gairis dhíghásaithe a bhaineann le sábháilteacht, e.g. cochaill aerála (Protegohaube);

     

    (c)

    ní dhéanfaidh raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo difear d’úsáid gáis mhianaigh mar acmhainn fuinnimh;

     

    (d)

    ceadófar faoin Rialachán seo uisce mianaigh a ghaibhniú chun astaíochtaí meatáin a laghdú.

    Leasú 201

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 1 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag allmhaireoirí nó trí chur leis.

    Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2025 i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag allmhaireoirí nó trí chur leis.

    Leasú 202

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2a.     Amhail ón 1 Eanáir 2026, léireoidh allmhaireoirí guail, ola agus gáis go gcomhlíonann onnmhaireoirí guail, ola agus gáis isteach san Aontas na ceanglais maidir le tomhas, faireachán, tuairisciú agus fíorú, brath agus deisiú sceite, agus scaoileadh agus bladhmadh a bhunaítear i gCaibidlí 3 agus 4 den Rialachán seo nó go gcomhlíonann siad ar shlí eile na ceanglais maidir le maoluithe a leagtar amach i mír 2b den Airteagal seo.

    Leasú 203

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2b.     Beidh allmhaireoirí a léiríonn cur chun feidhme beart a mheastar a bheith inchomparáide ó thaobh éifeachtachta de nó a thugann ráthaíochtaí tionscnaimh ó thíortha a mheastar coibhéis rialála a bheith acu faoi réir maolú ar mhír 2a, i gcomhréir le mír 2c.

    Leasú 204

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2c.     I gcás ina n-éilíonn allmhaireoirí maolú dá bhforáiltear i mír 2b, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile is gá. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infheidhmeacht maolaithe agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

     

    (a)

    éifeachtacht na mbeart nó na gceanglas rialála i gcomparáid leis na bearta nó na ceanglais sin is infheidhme laistigh den Aontas;

     

    (b)

    cruinneas na sonraí arna soláthar ag allmhaireoirí; agus

     

    (c)

    pionóis as neamhchomhlíonadh agus éifeachtacht an fhorfheidhmithe sna dlínsí ábhartha ina n-iarrtar coibhéis rialála.

    Leasú 205

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2d.     Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe faoin 31 Nollaig 2025 i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na módúlachtaí agus leis na nósanna imeachta d’allmhaireoirí a mhaíonn maolú faoi mhír 2c, agus leis na ceanglais shonracha maidir le coibhéis éifeachtachta agus rialála a léiriú, lena n-áirítear an ról is gá a bheith ag IMEO chun an rialú cáilíochta dá dtagraítear i mír 2b a áirithiú.

    Leasú 206

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2 e (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2e.     Allmhaireoirí a chuireann gual, ola agus gás ar an margadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh siad an tAirteagal seo laistigh dá gcríoch. Leagfaidh na Ballstáit amach pionóis chomhleanúnacha le haghaidh sáruithe, lena n-áirítear an t-údarú chun ola, gás agus gual a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 30 a chur ar fionraí, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le sáruithe a dhíspreagadh go héifeachtach.

    Leasú 207

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 2 f (nua))

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    2f.     I gcás nach gcuireann allmhaireoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i mír 2a agus i mír 2b ar fáil, ach gur féidir leo a léiriú d’údaráis inniúla an Bhallstáit allmhairithe go ndearnadh gach iarracht réasúnta chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar phionóis a laghdú nó gan pionóis a fhorchur ar allmhaireoirí dá dtagraítear i mír 2e.

    Leasú 208

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Faoin 31 Nollaig 2025, nó níos luaithe ná sin má mheasann an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ar fáil, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar chur i bhfeidhm an Airteagail sin, agus an méid a leanas go háirithe a mheas:

    Faoin 31 Nollaig 2025, nó níos luaithe ná sin má mheasann an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ar fáil, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo chun na ceanglais is infheidhme i leith allmhaireoirí a neartú d’fhonn caighdeáin feidhmíochta réamhtheachtacha a chur chun feidhme maidir le hastaíochtaí meatáin ar gach allmhairiú gáis iontaise agus ola atá coibhéiseach le déine na n-astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus caighdeán comhchuimseach i gcás allmhairí guail.

    Leasú 209

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    tuairisciú na sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin atá ar fáil a bailíodh i gcomhthéacs na huirlise faireacháin meatáin domhanda dá dtagraítear in Airteagal 29;

    scriosta

    Leasú 210

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    anailís arna déanamh ag IMEO ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin;

    scriosta

    Leasú 211

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    faisnéis maidir le bearta faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus maolaithe oibreoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas agus a n-allmhairítear fuinneamh isteach san Aontas uathu; agus

    scriosta

    Leasú 212

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    slándáil an tsoláthair agus impleachtaí na cothroime iomaíochta i gcás oibleagáidí breise féideartha , lena n-áirítear bearta sainordaitheacha amhail caighdeáin nó spriocanna astaíochta meatáin, agus na hearnálacha ola, gáis agus guail a chur san áireamh ar leithligh.

    (d)

    Agus leasuithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á moladh ag an gCoimisiún, déanfaidh sé measúnú go háirithe ar na himpleachtaí don aeráid, do shlándáil soláthair an Aontais agus don chothroime iomaíochta i gcás oibleagáidí breise a d’fhéadfadh a bheith ann , lena n-áirítear bearta éigeantacha amhail caighdeáin nó spriocanna maidir le hastaíochtaí meatáin . Féadfaidh an Coimisiún earnálacha na hola , an gháis agus an ghuail a chur san áireamh ar leithligh freisin .

    Leasú 213

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 27 – mír 3 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar an bhfianaise is gá chun comhlíontacht fhoriomlán oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme an Aontais a áirithiú , molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo chun na ceanglais is infheidhme maidir le hallmhaireoirí a neartú d’fhonn leibhéal inchomparáide éifeachtachta a áirithiú i ndáil le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh a thomhas, a thuairisciú, a fhíorú agus a mhaolú .

    I gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar an bhfianaise is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme an Aontais araon, lena n-áirítear a sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar amach in Airteagal 2(1) , pointe (a) de Chomhaontú Pháras, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 33 chun na ceanglais is infheidhme maidir le hallmhaireoirí a neartú.

    Leasú 214

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí trédhearcachta meatáin ina bhfuil faisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun Airteagal 27 agus Airteagail 12(11), 16(3), 18(4), 20(7), 23(2) agus 25(5) agus coinneoidh sé ar bun é .

    1.    Faoin … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí trédhearcachta meatáin a bhunú agus a choinneáil ar bun, arna eagrú de réir tíre, cuideachta, agus cainníochtaí gáis, guail agus ola a allmhairítear, ina mbeidh an fhaisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun Airteagal 27 agus Airteagail 12(11), 16(3), 18(4), 20(7), 23(2) agus 25(5).

    Leasú 215

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 2 – pointe b – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    cibé acu atá nó nach bhfuil bearta rialála sainordaitheacha i bhfeidhm aici maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh, lena gcumhdaítear na heilimintí a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh a thomhas, a thuairisciú, a fhíorú agus a mhaolú;

    (i)

    cibé acu atá nó nach bhfuil bearta rialála éigeantacha i bhfeidhm aici maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh, lena gcumhdaítear na heilimintí a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh a thomhas, a thuairisciú, a fhíorú agus a mhaolú agus cibé an leor na bearta sin ;

    Leasú 216

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 28 – mír 2 – pointe b – pointe ii a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (iia)

    cibé an bhfuil an Gealltanas Domhanda maidir le Meatáin sínithe aici;

    Leasú 217

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 29 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Leis an uirlis, cuirfear bonn eolais faoi idirphlé déthaobhach an Choimisiúin i ndáil le beartais agus bearta i leith astaíochtaí meatáin a dhéanamh . I gcás ina sainaithnítear leis an uirlis foinse mhór astaíochta nua, cuirfidh an Coimisiún an tír ábhartha ar an eolas fúithi d’fhonn feasacht agus gníomhaíochtaí feabhais a chur chun cinn.

    2.   Leis an uirlis, cuirfear bonn eolais faoi idirphlé déthaobhach an Choimisiúin maidir le beartais agus bearta astaíochtaí meatáin. I gcás ina sainaithnítear leis an uirlis mórfhoinse nua astaíochtaí , tabharfaidh an Coimisiún foláireamh don tír ábhartha d’fhonn feasacht a chur chun cinn agus, más gá, cuirfidh sé tacaíocht theicniúil ar fáil chun gníomhaíochtaí meara feabhais a áirithiú .

    Leasú 218

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad , lena n-áirítear an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as .

    Leasú 219

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar go n-áiritheofar an méid a leanas leo:

    Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus áiritheofar an méid a leanas leo:

    Leasú 220

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena gcinnteofar go mbainfear go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn siad uathu agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe tromchúiseacha leantacha;

    (a)

    fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, an tionchar ar shábháilteacht agus ar an tsláinte, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena gcinnteofar go mbainfear na tairbhí eacnamaíocha go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh , ar tairbhí iad a dhíorthaítear óna gcuid sáruithe agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe tromchúiseacha leantacha nó iomadúla ;

    Leasú 221

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Sa bhreis ar na pionóis a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo, déanfaidh na Ballstáit a mbreithniú i dtaobh an údaraithe chun ola, gás nó gual a chur ar an margadh a fhionraí i gcás sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ar an Rialachán seo agus slándáil an tsoláthair fuinnimh á cur san áireamh acu.

    Leasú 222

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 3 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    níl tuarascáil ar astaíochtaí meatáin i gcomhréir le hAirteagal 12 curtha isteach ag an oibreoir nó gnóthas;

    Leasú 223

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 3 – pointe a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (la)

    mainneachtain allmhaireoirí, a mhéid a cheanglaítear orthu de bhun Airteagal 27, a léiriú go bhfuil na ceanglais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú, maidir le sceitheadh a bhrath agus a dheisiú, agus maidir le gnáth-aeráil agus bladhmadh, comhlíonta ag onnmhaireoirí guail, ola agus gáis, i gcomhréir le hAirteagal 27;

    Leasú 224

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 3 – pointe l b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (lb)

    mainneachtain allmhaireoirí, a mhéid a cheanglaítear orthu de bhun Airteagal 27, an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le measúnú neamhspleách ar chomhlíonadh arna dhéanamh ag comhlacht fíorúcháin.

    Leasú 225

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15(7), déanfaidh na Ballstáit breithniú ar phionóis a laghdú nó gan pionóis a fhorchur ar oibreoirí don tréimhse cur chun feidhme a mheasann na húdaráis náisiúnta a bheith riachtanach.

    Leasú 226

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 3 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3b.     Ní bheidh feidhm ag mír 3, pointí (l), (la), (lb) i leith allmhaireoirí i gcás ina mainníonn allmhaireoirí an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a sholáthar, agus inar féidir leo a léiriú d’údaráis inniúla na mBallstát allmhairiúcháin go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun an fhaisnéis sin a fháil.

    Leasú 227

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 30 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Foilseoidh na Ballstáit go bliantúil faisnéis maidir le cineál agus méid na bpionós a forchuireadh faoin Rialachán seo, agus maidir leis na sáruithe agus na hoibreoirí ar a bhforchuireadh pionóis.

    5.   Foilseoidh na Ballstáit go bliantúil faisnéis maidir le cineál agus méid na bpionós a fhorchuirtear faoin Rialachán seo agus i gcomhréir leis na pionóis a leagtar amach sa [Cosaint leasaithe ar an gcomhshaol tríd an dlí coiriúil] , na sáruithe agus na hoibreoirí ar a bhfuil na pionóis forchurtha .

    Leasú 228

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 31 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8 (5), 22(3) agus 27(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó … [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] .

    2.   Déanfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 (5), […] a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo .

    Leasú 229

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 31 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(5), 22(3) agus 27(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(5), […] i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Leasú 230

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 32 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfaidh Coiste an Aontais Fuinnimh, a bunaíodh le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999, cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

    1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide agus an Coiste maidir leis an Aontas Fuinnimh, a bunaíodh le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999, cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

    Leasú 231

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 33 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana agus cuirfidh sé tograí reachtacha isteach, más iomchuí , chun an Rialachán seo a leasú . Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

    1.    Faoin 1 Eanáir 2027 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an meastóireacht a dhéantar ar an Rialacháin seo. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

    Leasú 232

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 34 – mír 1

    Rialachán (AE) 2019/942

    Airteagal 15 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Gach 3 bliana, bunóidh ACER tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide. Eiseoidh sí moltaí maidir le táscairí agus luachanna tagartha le haghaidh costais aonaid infheistíochta chun na hoibleagáidí faoin [Rialachán seo] a chomhlíonadh de bhun Airteagal 3 den [Rialachán seo]’.

    5.   Gach 3 bliana, déanfaidh ACER tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí chun comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a fhaire, a thuairisciú , a fhíorú agus a laghdú , lena n-áirítear scaoileadh agus bladhmadh i gcás tionscadail inchomparáide. Eiseoidh sí moltaí maidir le táscairí agus luachanna tagartha le haghaidh costais aonaid infheistíochta chun na hoibleagáidí faoin [Rialachán seo] a chomhlíonadh de bhun Airteagal 3 den [Rialachán seo].

    Leasú 233

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VI – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Sceidil braite, deisiúcháin agus faireacháin sceite

    Leasú

    Cuid 1 Suirbhéanna braite agus deisithe sceite

    D’ainneoin na suirbhéanna braite agus deisithe sceite mar a leagtar amach in Airteagal 14.2 (c), i gcás gach comhpháirte faoi thalamh a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní mór suirbhéanna braite agus deisithe sceite a dhéanamh de réir na minicíochtaí íosta seo a leanas:

    Sócmhainn

    Ábhar

    Minicíocht

    […]

    […]

    […]

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Leasú 234

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I – fo-cheannteideal 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Cuid 2 Sceidil deisithe agus monatóireachta

    Leasú 235

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I – mír 2 – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    Maidir le comhpháirteanna a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n-astú acu , tásc ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiúchán le linn shuirbhé LDAR agus sa chás nach ndearnadh, an chúis a bhí leis sin , agus na ceanglais á gcur san áireamh a mhéid a bhaineann siad leis na heilimintí is féidir a chur san áireamh le haghaidh deisiúchán moillithe, de réir mhír 4 d’ Airteagal 14.

    (iii)

    I gcás comhpháirteanna a shuitear go bhfuil siad ag astú, léiriú ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiú le linn an tsuirbhé LDAR agus , mura ndearnadh, cén fáth , agus na ceanglais maidir leis na heilimintí is féidir a chur san áireamh i gcás deisiúchán moillithe á gcur san áireamh , de réir Airteagal 14 , mír 4 .

    Leasú 236

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I – mír 2 – pointe iv

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iv)

    I gcás comhpháirteanna a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n-astú acu , sceideal beartaithe deisiúcháin ina bhfuil tásc ar an dáta deisiúcháin beartaithe,

    (iv)

    I gcás comhpháirteanna a shuitear go bhfuil siad ag astú , sceideal beartaithe deisiúcháin ina léirítear an dáta deisiúcháin atá beartaithe,

    Leasú 237

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I – mír 2 – pointe iv

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (v)

    Maidir le comhpháirteanna a suiteadh i suirbhé LDAR roimhe go raibh níos lú ná 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin á n-astú acu, ach a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n-astú acu le linn fhaireachán iar-LDAR chun a sheiceáil ar tháinig forbairt ar mhéid an chaillteanais meatáin, tásc ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiúchán láithreach agus sa chás nach ndearnadh an chúis a bhí leis sin (de réir iii) agus sceideal beartaithe deisiúcháin ina bhfuil tásc ar an dáta deisiúcháin beartaithe.

    scriosta

    Leasú 238

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I – mír 5 – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    I gcás comhpháirteanna a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n-astú acu , torthaí faireacháin arna dhéanamh i ndiaidh an deisiúcháin le seiceáil ar éirigh leis an deisiúchán

    (iii)

    I gcás comhpháirteanna a shuitear go bhfuil siad ag astú , torthaí faireacháin arna dhéanamh i ndiaidh an deisiúcháin le seiceáil ar éirigh leis an deisiúchán

    Leasú 239

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn I – mír 5 – pointe iv

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iv)

    Maidir le comhpháirteanna a shuitear go bhfuil níos lú ná 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin á n-astú acu, torthaí faireacháin iar-LDAR le seiceáil cibé acu a tháinig nó nár tháinig forbairt ar mhéid an chaillteanais meatáin agus moladh ar bhonn an toraidh.

    scriosta

    Leasú 240

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    ainm agus cineál na sócmhainne;

    (ii)

    suíomh, ainm agus cineál na sócmhainne;

    Leasú 241

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe iv

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (v)

    méid tomhaiste nó méid measta an gháis nádúrtha arna scaoileadh nó arna bhladhmadh;

    (v)

    méid tomhaiste an mheatáin arna scaoileadh nó arna bhladhmadh;

    Leasú 242

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe v a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (va)

    an éifeachtúlacht bladhmtha agus an cineál bladhma a úsáidtear;

    Leasú 243

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe ix

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ix)

    torthaí cigireachtaí seachtainiúla ar shimléair bhladhaire arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17

    (ix)

    torthaí na gcigireachtaí seachtainiúla agus an fhaireacháin leanúnaigh ar shimléair bhladhaire arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17

    Leasú 244

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    De bhun Airteagal 18, is gá an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh i bhfardal toibreacha neamhghníomhacha:

    De bhun Airteagal 18, ní mór an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a áireamh i bhfardail ar thoibreacha neamhghníomhacha agus ar thoibreacha atá líonta agus tréigthe go buan :

    Leasú 245

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    ainm, cineál agus seoladh an tobair nó láithreán an tobair;

    (ii)

    ainm, cineál agus seoladh an tobair nó láithreán an tobair , ag sonrú cé acu tobar neamhghníomhach nó tobar atá líonta agus tréigthe go buan atá ann ;

    Leasú 246

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iv)

    torthaí ar thomhais ar bith ar thiúchain meatáin.

    (iv)

    torthaí ar thomhais na n-astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce .

    Leasú 247

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    De bhun Airteagal 18, maidir le toibreacha atá líonta agus tréigthe go buan, ní mór na nithe seo a leanas a áireamh sna fardail freisin:

     

    (i)

    na tomhais dheireanacha is eol ar astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce, más ann dóibh;

     

    (ii)

    faisnéis lena léirítear gur dheimhnigh an t-údarás inniúil ábhartha go gcomhlíonann an tobar nó láithreán an tobair atá i gceist na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(24a);

     

    (iii)

    doiciméadacht leordhóthanach chun a léiriú nach raibh aon astaíochtaí meatáin ón tobar nó ó láithreán an tobair sin le 5 bliana anuas ar a laghad.

    Leasú 248

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn IV – pointe 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    De bhun Airteagal 18, is gá an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh i bpleananna maolaithe:

     

    (i)

    an sceideal chun aghaidh a thabhairt ar gach tobar neamhghníomhach, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh;

     

    (ii)

    ainm agus seoladh oibreoir, úinéir nó cheadúnaí an tobair neamhghníomhaigh, i gcás inarb infheidhme;

     

    (iii)

    an dáta deiridh réamh-mheasta maidir le feabhsúchán, athshlánú nó líonadh uile na dtoibreacha neamhghníomhacha.

    Leasú 249

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    cúis an imeachta scaoilte agus/nó an imeachta bladhmtha;

    (iii)

    cúis an imeachta scaoilte agus/nó an imeachta bladhmtha; an bonn cirt atá le scaoileadh a úsáid in ionad bladhmadh, más infheidhme;

    Leasú 250

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iv)

    tonnáiste an mheatáin arna scaoileadh agus arna bhladhmadh (nó meastachán mura bhfuil cainníochtú indéanta).

    (iv)

    tonnáiste an mheatáin arna scaoileadh agus arna bhladhmadh (nó meastachán mura bhfuil cainníochtú nó tomhas indéanta).

    Leasú 251

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – pointe 1 – mír 1 – pointe v – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (v)

    torthaí ar thomhas tiúchain meatáin i leith na ngnéithe seo a leanas:

    (v)

    torthaí tomhais dhírigh nó cainníochtaithe dhírigh ar leibhéal na foinse ag na bponcfhoinsí astaíochtaí seo a leanas:

    Leasú 252

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 1 – mír 1 – pointe v – pointe 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2)

    píopaí scaoilte neamhúsáidte

    2)

    píobáin aerála neamhúsáidte , mura bhfuil siad mar chuid den bhonneagar sábháilteachta

    Leasú 253

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 1 – mír 1 – pointe v – pointe 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4)

    lomáin;

    scriosta

    Leasú 254

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 1 – mír 1 – pointe v – pointe 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5)

    bristeacha strataim in-sainaitheanta i gcríoch an mhianaigh nó nasctha lena iar-spruadar guail;

    scriosta

    Leasú 255

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 2 – mír 1 – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    chun tomhais a dhéanamh , ní mór gaireas a úsáid ag a bhfuil teorainn íogaireachta 10 000 páirt in aghaidh an mhilliúin ag an bhfad is gaire is féidir don fhoinse astaíochtaí ata á tomhas .

    (ii)

    ní mór tomhais a dhéanamh trí úsáid a bhaint as trealamh a bhfuil cruinneas tomhais astaíochtaí meatáin aige arb ionann é agus 0,5 tona ar a laghad in aghaidh na bliana .

    Leasú 256

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 3 – mír 1 – pointe iii – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    astaíochtaí meatáin ó na heilimintí uile a leagtar amach in Airteagal 25(3) lena n-áirítear:

    (iii)

    astaíochtaí meatáin ó na poncfhoinsí astaíochta uile a leagtar amach i gCuid 1 lena n-áirítear:

    Leasú 257

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 3 – mír 1 – pointe iii – pointe 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1)

    cineál na heiliminte

    1)

    an cineál poncfhoinse astaíochta

    Leasú 258

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 3 – mír 1 – pointe iii – pointe 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5)

    meastacháin ar astaíochtaí meatáin ón eilimint

    5)

    meastacháin ar astaíochtaí meatáin na poncfhoinse astaíochta

    Leasú 259

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 4 – mír 1 – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    liosta na n-eilimintí uile a chumhdaítear in Airteagal 25(3) ;

    (i)

    liosta de na poncfhoinsí astaíochta uile a leagtar amach i gCuid 1 ;

    Leasú 260

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VII – Cuid 4 – mír 1 – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    indéantacht theicniúil mhaolú na n-astaíochtaí meatáin ó eilimintí a leagtar amach in Airteagal 25(3) ;

    (ii)

    indéantacht theicniúil mhaolú na n-astaíochtaí meatáin; gach poncfhoinse astaíochta

    Leasú 261

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    De bhun Airteagal 27, ní mór d’allmhaireoirí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil :

    De bhun Airteagal 27, ní mór d’allmhaireoirí tuarascáil a sholáthar ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach láithreán óna ndearnadh an t-allmhairiú chuig an Aontas, lena n-áirítear táirgeadh réamhtheachtach ola agus gás iontaise, bailiú, próiseáil agus tarchur gás iontaise, agus críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe :

    Leasú 262

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    tíortha agus réigiúin inar táirgeadh an fuinneamh a chomhfhreagraíonn d’ ainmniúlacht aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) leibhéal 1 an Aontais agus tíortha agus réigiúin trínar iompaíodh an fuinneamh go dtí gur cuireadh ar mhargadh an Aontais é , a chomhfhreagraíonn d’ainmniúlacht aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) leibhéal 1 ;

    (ii)

    tír agus réigiúin a chomhfhreagraíonn d’ainmníocht an Aontais d’aonaid chríochacha maidir le staidreamh (NUTS) leibhéal 1 inar táirgeadh an fuinneamh , tíortha agus réigiúin a chomhfhreagraíonn d’ ainmníocht an Aontais maidir le haonaid chríochacha um staidreamh (NUTS) leibhéal 1 trínar iompraíodh an fuinneamh go dtí gur cuireadh ar mhargadh an Aontais é;

    Leasú 263

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    maidir le hola agus gás iontaise, cibé acu atá nó ach bhfuil an t-onnmhaireoir ag déanamh tomhais agus tuairisciú ar a astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais fardal náisiúnta GCT a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais tuairiscithe UNFCC nó a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé caighdeáin 2.0 na Comhpháirtíochta um Meatán Gáis agus Ola . Ní mór cóip den tuarascáil is déanaí ar astaíochtaí meatáin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-airítear i gcás inar féidir , an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(6). Ní mór modh an chainníochtaithe (amhail sraitheanna UNFCCC nó leibhéil OGMP) arna úsáid sa tuarascáil a shonrú le haghaidh gach cineáil astaíochta ;

    (iii)

    maidir le hola agus gás iontaise, faisnéis lena sonraítear tomhais dhíreacha an onnmhaireora, nó i gcás inarb ábhartha, tomhais dhíreacha an táirgeora ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal an láithreáin, arna ndéanamh ag soláthraí seirbhíse neamhspleách, sa tréimhse bliana féilire dheireanach atá ar fáil lena n-áirítear sonraí in aghaidh an chineáil mhionsonraithe, aonair, cineál na foinse astaíochta agus faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí cainníochtaithe a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a thomhas; tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar a chuid astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais i leith fardail náisiúnta GCT a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus i dtaobh an bhfuil i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC nó i gcomhréir le caighdeáin Chomhpháirtíocht Ola agus Meatáin Gáis 2.0 . Ní mór cóip den tuarascáil is déanaí maidir le hastaíochtaí meatáin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil uirthi , an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(6) , i gcás ina bhforáiltear sin sa tuarascáil sin . Sonrófar an modh cainníochtaithe (amhail leibhéil UNFCCC nó leibhéil OGMP) a úsáidtear sa tuairisciú do gach cineál astaíochtaí ;

    Leasú 264

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – pointe iv

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iv)

    maidir le hola agus gás, cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an t-onnmhaireoir bearta rialála nó deonacha i bhfeidhm chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta amhail suirbhéanna braite agus deisithe sceití nó bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh. Ní mór tuairisc ar na bearta sin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear, i gcas inar féidir, tuairiscí ó shuirbhéanna braite agus deisithe sceití agus ó imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire is déanaí atá ar fáil;

    (iv)

    maidir le hola agus gás, faisnéis lena sonraítear bearta rialála nó deonacha an onnmhaireora, nó i gcás inarb ábhartha, bearta rialála nó deonacha an táirgeora chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta amhail suirbhéanna chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú nó bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh ; suirbhéanna agus cláir chun sceitheadh a bhrath agus a dheisiú atá déanta le 2 bhliain féilire anuas agus faisnéis faoin scaoileadh ar fad; agus imeachtaí bladhmtha le 2 bhliain féilire anuas . Ní mór tuairisc ar na bearta sin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, tuairiscí ó shuirbhéanna braite agus deisithe sceite agus ó imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire is déanaí atá ar fáil;

    Leasú 265

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – pointe v

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (v)

    maidir le gual, cibé acu atá nó ach bhfuil an t-onnmhaireoir ag déanamh tomhais agus tuairisciú ar a astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais fardal náisiúnta GCT a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais tuairiscithe UNFCC nó a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé caighdeán idirnáisiúnta nó Eorpach le haghaidh faireacháin , tuairisciú agus fíorú astaíochtaí meatáin. Ní mór cóip den tuarascáil is déanaí ar astaíochtaí meatáin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear i gcás inar féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(6). Ní mór modh an chainníochtaithe (amhail sraitheanna UNFCCC nó leibhéil OGMP) arna úsáid sa tuarascáil a shonrú le haghaidh gach cineáil astaíochta;

    (v)

    maidir le gual, faisnéis lena sonraítear sonraí astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse an onnmhaireora arna dtomhas le haghaidh astaíochtaí meatáin aeir aerála, arna ríomh agus arna gcainníochtú i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V; tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar a chuid astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais i leith fardail náisiúnta GCT a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus i dtaobh an bhfuil i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC nó i gcomhréir le caighdeán idirnáisiúnta nó Eorpach chun faireachán , tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin. Ní mór cóip den tuarascáil is déanaí ar astaíochtaí meatáin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear i gcás inar féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(6). Ní mór modh an chainníochtaithe (amhail sraitheanna UNFCCC nó leibhéil OGMP) arna úsáid sa tuarascáil a shonrú le haghaidh gach cineáil astaíochta;

    Leasú 266

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – pointe vi

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (vi)

    maidir le gual, cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an t-onnmhaireoir bearta rialála nó deonacha i bhfeidhm chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh. Ní mór tuairisc ar na bearta sin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear, i gcas inar féidir, tuairiscí ó imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire is déanaí atá ar fáil;

    (vi)

    maidir le gual, faisnéis lena sonraítear bearta rialála nó deonacha an onnmhaireora chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena n-áirítear bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh ; toirteanna meatáin scaoilte agus bladhmtha arna ríomh i ngach láithreán táirgthe le 2 bhliain féilire anuas; agus pleananna maolaithe scaoilte agus bladhmtha atá i bhfeidhm sa láithreán táirgthe . Ní mór tuairisc ar na bearta sin a bheith ag gabháil leis sin, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, tuairiscí ó imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire is déanaí atá ar fáil;

    Leasú 267

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn VIII – mír 2 – pointe vi a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (vi a)

    tagairt dá phlean gníomhaíochta féin maidir le laghdú meatáin i gcomhréir le hAirteagal 15 de [dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáideach];


    (*1)  Tuigfear gurb é tagairtí do ‘cp’ i gceannteidil na leasuithe a glacadh an chuid chomhfhreagrach de na leasuithe sin.

    (1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig na coistí freagracha le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0162/2023).

    (1a)   De réir IPCC, ar amscála 100-bliain, tá poitéinseal téimh dhomhanda 29,8 oiread níos mó ag an meatán ná atá ag an dé-ocsaíd charbóin agus tá sé 82,5 oiread níos láidre ar amscála 20 bliain. An Séú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (AR6, Tábla 7.15 ag https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/downloads/report/IPCC_AR6_WGI_FullReport.pdf)

    (1a)   An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Air quality in Europe – 2020 report [Cáilíocht aeir san Eoraip – tuarascáil 2020], lch. 7.

    (1a)   https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0436_GA.html – Tuairisc Spyraki

    (14)  COM(2019) 640 final.

    (15)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021).

    (14)  COM(2019) 640 final.

    (15)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021).

    (15a)   https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=SWD:2021:0459:FIN:GA:PDF (lch. 67)

    (16)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018).

    (17)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010).

    (16)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018).

    (17)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010).

    (1a)   https://www.iea.org/reports/global-methane-tracker-2023 – Feabhra 2023

    (1a)   Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13)/

    (1b)   Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

    (19)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003).

    (19)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003).

    (20)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008).

    (20)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008).

    (1a)   https://www.iea.org/reports/flaring-emissions – September 2022

    (1b)   https://iea.blob.core.windows.net/assets/9414ec9a-bbba-4592-b005-4af05c894bdc/Theenergysecuritycasefortacklinggasflaringandmethaneleaks.pdf – June 2022

    (31)  Best Practice Guidance for Effective Methane Recovery and Use from Abandoned Mines (UNECE, 2019) [Treoraíocht maidir le Dea-Chleachtas in Aisghabháil agus Úsáid Éifeachtach Mheatáin as Mianaigh Thréigthe (UNECE, 2019)]

    (31)  Best Practice Guidance for Effective Methane Recovery and Use from Abandoned Mines (UNECE, 2019) [Treoraíocht maidir le Dea-Chleachtas in Aisghabháil agus Úsáid Éifeachtach Mheatáin as Mianaigh Thréigthe (UNECE, 2019)]

    (1a)   Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh: https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=SWD:2021:0459:FIN:EN:PDF

    (1b)   Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh: https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=SWD:2021:0459:FIN:EN:PDF

    (1c)   Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh: https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=SWD:2021:0459:FIN:EN:PDF

    (34)  COM(2020) 663 final

    (34)  COM(2020) 663 final

    (1a)   An Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) https://www.ercevolution.energy/ipcc-sixth-assessment-report/


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1081/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top