Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0118

    P9_TA(2023)0118 Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le criptea-sócmhainní áirithe (athmhúnlú) Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Aibreán 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus le criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú) (COM(2021)0422 – C9-0341/2021 – 2021/0241(COD)) P9_TC1-COD(2021)0241 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 20 Aibreán 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (athmhúnlú)

    IO C, C/2023/466, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/466/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/466/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/466

    1.12.2023

    P9_TA(2023)0118

    Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le criptea-sócmhainní áirithe (athmhúnlú)

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Aibreán 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus le criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú) (COM(2021)0422 – C9-0341/2021 – 2021/0241(COD))

    (An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

    (C/2023/466)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0422))

    ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0341/2021)

    ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 30 Samhain 2021  (1),

    ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021  (2),

    ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le gníomhartha dlí (3),

    ag féachaint don litir dar dáta an 2 Márta 2022 a sheol an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an [5 Deireadh Fómhair 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0081/2022),

    A.

    de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

    1.

    ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

    2.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

    3.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    (1)   IO C 68, 9.2.2022, lch. 2.

    (2)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 89.

    (3)   IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.


    P9_TC1-COD(2021)0241

    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 20 Aibreán 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (athmhúnlú)

    (Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/1113.)


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/466/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top