Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE4262

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2023) 528 final – 2023/0320 (CNS))

    EESC 2023/04262

    IO C, C/2024/2103, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2103/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2103/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2103

    26.3.2024

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

    (COM(2023) 528 final – 2023/0320 (CNS))

    (C/2024/2103)

    Rapóirtéir:

    Katrīna ZARIŅA

    Comhairliúchán

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10.11.2023

    Bunús dlí

    Airteagal 115 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    An rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    18.12.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    17.1.2024

    Seisiún iomlánach Uimh.

    584

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    222/0/4

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfabhar an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le córas Cánach Ceannoifige a bhunú le haghaidh micrifhiontar, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) agus i bhfabhar na gcuspóirí atá leis, ós rud é go gcuireann siad le cás na MFBManna agus go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí trasteorann siúd a shimpliú, na bacainní riaracháin agus airgeadais atá rompu a laghdú maille lena n-iomaíochas foriomlán a mhéadú.

    1.2.

    Tugann CESE dá aire go mbeidh breisluach nach beag ann do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus do na Ballstáit de thoradh córas Cánach Ceannoifige a ghlacadh. I láthair na huaire, is FBManna na fiontair uile nach mór atá gníomhach in earnáil ghnó neamhairgeadais an Aontas Eorpaigh (AE-28) (99,8 %). Is iad a chuireann dhá thrian d’fhostaíocht iomlán AE-28 (66,6 %) ar fáil agus is iad faoi deara beagán faoi bhun trí chúigiú (56,8 %) den bhreisluach a ghineann an earnáil ghnó neamhairgeadais (1). Ós rud é go bhfuil sé beartaithe laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin atá ar MFBManna, is mó na buntáistí iomaíocha a bheidh ann dóibh ina n-oibríochtaí ó lá go lá.

    1.3.

    Molann CESE de ghuth tréan go nglacfaí an togra ón gCoimisiún maidir le córas Cánach Ceannoifige láithreach baill d’fhonn cur le fás na MFBManna, sin agus d’fhonn cothrom na Féinne a chur chun cinn ionas gur féidir do MFBManna a bhíonn i mbun oibríochtaí trasteorann a bheith rannpháirteach sa mhargadh inmheánach, rud a chuideoidh san fhadtéarma le OTI agus le fás a chur faoin bhfostaíocht.

    1.4.

    Is éard is aidhm don togra na costais chomhlíontachta a bhaineann le cáin ar ioncam corparáide a laghdú do na MFBManna sin atá i mbun gnó ar bhonn trasteorann cheana trí bhíthin buanbhunaíochtaí. Tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún go laghdófar na costais chomhlíontachta ar chuideachtaí atá ag obair go hidirnáisiúnta cheana féin má thugtar córas Cánach Ceannoifige isteach, rud a laghdóidh dá réir na bacainní atá ann agus a shábhálfaidh iad, seans, ar chostais comhlíontachta cánach. Maidir le MFBManna nach bhfuil oibríochtaí trasteorann ar bun acu cheana, d’fhéadfadh an togra iad a dhreasú chun scaoileadh fúthu.

    1.5.

    Tá sé d’aidhm ag an togra freisin an t-ualach riaracháin agus airgeadais a thiteann ar na MFBManna a laghdú a fhad a bhaineann le rialacháin chánachais ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú rialta ar na nósanna imeachta náisiúnta maidir le cánacha a ríomh agus a íoc d’fhonn ualaí rialála a laghdú agus iomaíochas foriomlán cuideachtaí a mhéadú.

    1.6.

    Mar atá an scéal faoi láthair, tá CESE i bhfách le cur chuige an Choimisiúin, eadhon raon feidhme an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige a chur i bhfeidhm i gcás MFBManna neamhspleácha amháin a oibríonn ar bhonn trasteorann i mBallstát amháin nó níos mó trí bhuanbhunaíochtaí, agus tríothu sin amháin. San am céanna, tugann CESE dá aire, agus an Coimisiún ag scaoileadh faoin measúnú ex post atá beartaithe aige chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an córas Cánach Ceannoifige le haghaidh MFBManna cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, gur cheart dó breithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé an córas Cánach Ceannoifige a leathnú d’fhonn FBManna a oibríonn ar bhonn trasteorann trí bhíthin fochuideachtaí a chur san áireamh ann.

    1.7.

    Tugann CESE dá aire go measann an Coimisiún gur comhlánú ar a chéile an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige agus an togra maidir le BEFIT (Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim) sa mhéid is go bhfuil BEFIT dírithe den chuid is mó ar ghrúpaí móra a fheidhmíonn ar fud an Aontais agus gur ar bhonn roghnach a chuirfear i bhfeidhm é i gcás grúpaí FBManna a bhfuil fochuideachtaí acu i mBallstáit eile agus a ghlacann cuntais chomhdhlúite.

    1.8.

    San am céanna, tugann CESE faoi deara go dtiocfaidh ann do chreataí dlíthiúla éagsúla ar fud an Aontais le haghaidh cuideachtaí arb inchomparáide a gcás, sin mar gheall ar chineál roghnach an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige a fhad a bhaineann le FBManna i gcoitinne agus cineál roghnach an togra maidir le BEFIT a fhad a bhaineann le grúpaí FBManna a bhfuil cuntais chomhdhlúite acu. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfear rialacha nua an chórais Cánach Ceannoifige i bhfeidhm agus ar na himpleachtaí a bheidh acu i ndáil leis sin. Is gá sin a dhéanamh ar eagla go dtiocfadh ilroinnt agus neamhréireachtaí chun cinn de thoradh creataí dlíthiúla éagsúla a bheith i bhfeidhm maidir le gníomhaithe inchomparáide, rud a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chomhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh.

    1.9.

    Creideann CESE gur mó agus gur fearr an comhar a bheidh idir na húdaráis chánach sna Ballstáit a bhuí le córas Cánach Ceannoifige. Tá tábhacht nach beag le comhar a chothú eatarthu má tá i ndán go gcuirfear an leagan beartaithe den chóras Cánach Ceannoifige chun feidhme go rathúil agus go fóinteach agus go mbainfear amach na cuspóirí atá leagtha síos.

    1.10.

    Is deimhin le CESE gur leor an amlíne atá beartaithe chun an Treoir a thrasuí le gur féidir córais TF na n-údarás cánach sna Ballstáit a choigeartú agus le malartú rianúil sonraí idir na Ballstáit a áirithiú ag céimeanna eile ina dhiaidh sin, rud a spreagfaidh na Ballstáit le bearta a dhéanamh ina leith sin láithreach baill.

    1.11.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na MFBManna tar éis ghlacadh an Togra d’fhonn feasacht a mhúscailt i measc na bhfiontar sin maidir leis an sásra Cánach Ceannoifige atá ar fáil dóibh ionas gur fearr is féidir na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach: ualaí rialála a laghdú, gníomhaíocht trasteorann a mhéadú agus leas iomlán a bhaint as buntáistí an Mhargaidh Aonair. Ba cheart do na páirtithe lena mbaineann acmhainní a chur ar fáil freisin chun oiliúint agus tacaíocht mhodheolaíoch a áirithiú do MFBManna faoi conas ‘tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige’ a ullmhú.

    2.   Cúlra

    2.1.

    I mí Mheán Fómhair 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún an Pacáiste Fóirithinte do FBManna, ar a n-áirítear togra le haghaidh Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Déanacha, togra le haghaidh Treoir maidir le simpliú cánach do FBManna, Córas Cánach Ceannoifige a bhunú maille le sraith beart chun feidhmíocht FBManna a fheabhsú. Go háirithe, leag sé béim air gur gá an Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a fheabhsú, rochtain ar mhaoiniú a mhéadú, an lucht saothair a uas-sciliú agus leas a bhaint as sásraí tacaíochta eile.

    2.2.

    Sa togra ón gCoimisiún maidir le Córas Cánach Ceannoifige a bhunú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, tugtar faoi rialacha simplithe a leagan síos i bhfabhar FBManna neamhspleácha a oibríonn ar bhonn trasteorann san Aontas, a fhad a bhaineann lena mbuanbhunaíochtaí (2) atá lonnaithe i mBallstáit eile.

    2.3.

    I láthair na huaire is FBManna iad beagnach gach fiontar dá bhfuil in earnáil ghnó neamhairgeadais an Aontas Eorpaigh (AE-28) (99,8 %), is iad a chuireann dhá thrian d’fhostaíocht iomlán AE-28 (66,6 %) ar fáil, agus is iad faoi deara beagán faoi bhun trí chúigiú (56,8 %) den bhreisluach a ghineann an earnáil ghnó neamhairgeadais (3).

    2.4.

    Is le FBManna neamhspleácha (4) a oibríonn go heisiach ar bhonn trasteorann trí bhíthin buanbhunaíochtaí i mBallstát amháin nó níos mó, de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 2 den Togra le haghaidh Treorach (5), agus leo sin amháin, a bhaineann raon feidhme an Togra ón gCoimisiún. Os a choinne sin, ní áirítear fochuideachtaí sa togra ón gCoimisiún Eorpach agus ní bheidh siad i dteideal leas a bhaint as na buntáistí a ghabhann le córas Cánach Ceannoifige

    2.5.

    Go praiticiúil, cuirfear ar chumas na FBManna incháilithe torthaí inchánach a gcuid buanbhunaíochtaí a ríomh bunaithe ar rialacha cánachais an Bhallstáit ina bhfuil a gceannoifig lonnaithe, agus ar na rialacha sin amháin, agus leanfaidh na rátaí cánach is infheidhme de bheith ar comhrian le rátaí cánach an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil an bhuanbhunaíocht / na buanbhunaíochtaí suite i ndáiríre.

    2.6.

    Tá teorainn leis na bearta simpliúcháin a chuirtear chun feidhme trí bhíthin an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige, agus leis an athnuachan is féidir a dhéanamh orthu in imeacht ama, teorainn dhocht is toradh ar shaincheanglais incháilitheachta (6) arb é is aidhm dóibh an baol go rachfaí timpeall ar rialacha cánachais a sheachaint.

    2.7.

    An rogha a chuirfear ar fáil leis an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige, beidh sí ar fáil go ceann cúig bliana (Airteagal 7), mura n-athróidh an Cheannoifig a háit chónaithe idir an dá linn nó mura mbíonn láimhdeachas comhpháirteach na mbuanbhunaíochtaí trí oiread níos mó ná láimhdeachas na ceannoifige ar a laghad (Airteagal 8). I gcásanna den sórt sin, ní bheidh rialacha an chórais Cánach Ceannoifige infheidhme a thuilleadh.

    2.8.

    Ag deireadh gach tréimhse cúig bliana, beidh FBManna i dteideal a rogha a athnuachan go ceann cúig bliana eile gan teorainn fad agus a leanfaidh siad de na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach sa togra ón gCoimisiún (Airteagal 9) a chomhlíonadh. I gcás ina gcinnfidh FBM neamhspleách fochuideachta a bhunú, nó i gcás ina mbeidh láimhdeachas comhpháirteach a buanbhunaíochtaí dhá oiread níos mó ná láimhdeachas na ceannoifige, ar a laghad, nó nuair a scoirfidh sé de bheith incháilithe mar FBM, ní féidir leis rialacha an chórais Cánach Ceannoifige a athnuachan nuair a bheidh an tréimhse cúig bliana istigh (Airteagal 10).

    2.9.

    Ó thaobh na heagraíochta de, cuirfidh ionad ilfhreastail ar a gcumas do FBManna idirghníomhú le húdarás fioscach Bhallstát a gceannoifige, agus leis an údarás sin amháin, i ndáil leis an nós imeachta a bhaineann le rogha a dhéanamh a bheith páirteach agus chun oibleagáidí a chomhdú agus cánacha a íoc.

    2.10.

    Go sonrach, is í ceannoifig an FBM a bheidh san ‘eintiteas is comhdaitheoir’ le haghaidh na mbuanbhunaíochtaí uile. Dá réir sin, comhdóidh FBManna tuairisceán cánach aonair amháin le húdarás fioscach a gceannoifige (‘an t-údarás comhdaithe’) (Airteagal 11). Cuirfidh an riarachán cánach sin i bhfeidhm na rátaí cánach is infheidhme sa Bhallstát / sna Ballstáit ina bhfuil buanbhunaíochtaí ag an FBM agus, ina dhiaidh sin, cuirfidh sé na hioncaim chánach a eascraíonn as sin chuig an mBallstát / na Ballstáit ina bhfuil buanbhunaíocht ag an FBM (Airteagal 12).

    2.11.

    Áirítear sa togra malartú tráthúil cuíchóirithe faisnéise idir na húdaráis chánach náisiúnta éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear iniúchtaí comhpháirteacha, go háirithe trí úsáid a bhaint as an gcreat atá ann cheana a bunaíodh leis an Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (Airteagal 13).

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Tá CESE i bhfabhar an togra ón gCoimisiún agus na gcuspóirí atá leis, ós rud é go gcuireann siad le cás na MFBManna agus go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí trasteorann siúd a shimpliú, na bacainní riaracháin agus airgeadais atá rompu a laghdú maille lena n-iomaíochas foriomlán a mhéadú. I gcuid de na tuairimí a d’eisigh CESE roimhe seo, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé laghdú a dhéanamh ar na costais chomhlíontachta a thiteann ar na MFBManna a mbaineann an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige leo.

    3.2.

    Tugann CESE dá aire, de réir mheastacháin an Choimisiúin, go gcaitheann FBManna tuairim is 2,5 % dá gcuid láimhdeachais ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí cánach fad agus a chaitheann fiontair mhóra 0,7 % de air sin ós rud é gur deacra do FBManna ar bhonn comhréireach déileáil le tacair éagsúla rialacha cánach atá i bhfeidhm fud fad na mBallstát. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant go ndéanfaí an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige a fhormheas gan mhoill d’fhonn tacú le MFBManna ualach na gcostas comhlíontachta atá orthu a laghdú agus le fiontair bheaga, go háirithe micrifhiontair, an míbhuntáiste gaolmhar iomaíochta atá ag fiontair mhóra orthu a laghdú.

    3.3.

    San am céanna, ba mhaith le CESE na Ballstáit aonair a spreagadh chun measúnú rialta a dhéanamh ar na nósanna imeachta atá ann chun cánacha a ríomh agus a íoc agus tabhairt faoi cibé feabhas is gá a chur orthu chun an t-ualach riaracháin agus airgeadais atá ar ghnólachtaí a laghdú. Tugann CESE dá aire go bhfuil difríochtaí idir na Ballstáit chomh fada agus a bhaineann leis an bhfad aimsire a theastaíonn chun cánacha a ríomh agus a íoc. D’fhéadfadh an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige dea-thionchar a bheith aige ar chomhchuibhiú na nósanna imeachta cánachais agus ar an digitiú.

    3.4.

    Tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún gur fearr a oireann Treoir aonair ón Aontas ná iliomad tionscnaimh reachtacha a bheith i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile d’fhonn simpliú a dhéanamh ar chánachas MFBManna a mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann ar siúl acu agus costais idirnasctha chomhlíontachta ag titim orthu. Is minic fadhbanna den sórt sin ag goilleadh ar na Ballstáit uile agus ní féidir aghaidh a thabhairt orthu le haon éifeacht más i dtaobh le roinnt gníomhaíochtaí náisiúnta a bheifear, ós ilroinnt agus neamhréireachtaí a thiocfaidh de sin. Maidir leis sin, tá an togra ón gCoimisiún go hiomlán i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus dealraíonn sé gurb acmhainn don togra an creat rialála a shimpliú ar son na MFBManna.

    3.5.

    Ar a mhuin sin, tá sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ós rud é nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun gníomhaíochtaí trasteorann MFBManna a éascú, rud a rannchuidíonn le comhdhlúthú an Mhargaidh Aonair. I ndáil leis sin, is fiú a mheabhrú nach mbaineann na bearta atá beartaithe ach le ríomh thoradh inchánach na mbuanbhunaíochtaí amháin, agus nach ndéantar na rialacha cánachais a chomhchuibhiú sna Ballstáit ós ceadmhach dóibh go fóill a mboinn chánach agus a rátaí cánach féin a chur i bhfeidhm.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    Measann CESE go bhfuil na forálacha maidir le hincháilitheacht agus foirceannadh dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus in Airteagal 8 den togra le haghaidh Treorach ceaptha go cuí chun cleachtais pleanála cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a dhíspreagadh arb é is aidhm dóibh, ar chúiseanna straitéiseacha, an Cheannoifig a aistriú chuig tír ísealchánach d’aon turas.

    4.2.

    D’fhonn a chinntiú go mbeidh na rialacha nua cobhsaí agus éifeachtach, tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún gur leor an tréimhse a socraíodh, mar atá cúig bliana, le bheith páirteach an chéad uair sa chóras Cánach Ceannoifige agus gur réasúnta an tréimhse í freisin dá gcinnfí ar bheith páirteach ann athuair. San am céanna, beifear in ann cosc a chur ar phleanáil cánach agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fhás fiontair ar leith in imeacht ama ionas gurb acmhainn do MFBManna na roghanna cánachais is iomchuí a dhéanamh.

    4.3.

    A bhuí leis an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige, creideann CESE go bhfuil deimhniú againn air go gcruthófar breisluach do na Ballstáit san fhadtéarma, in ionad méadú a dhéanamh sa ghearrthéarma ar na costais choigeartaithe atá dírithe ar córais TF na n-údarás cánach a thabhairt cothrom le dáta. Is ann do chórais chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis chánach cheana féin, cuir i gcás an Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, agus baintear úsáid astu go forleathan. Is deimhin le CESE go bhfuil gá le dea-chomhar a chothú idir na húdaráis chánach má tá rath le bheith ar chur chun feidhme an Togra.

    4.4.

    Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún freisin maidir leis an dea-thionchar a mheastar a bheidh ag an méadú féideartha a thiocfaidh ar an mbonn cánach, ar fhás OTI agus ar an bhfostaíocht sna Ballstáit de thoradh córas optamach Cánach Ceannoifige a chur chun feidhme do MFBManna.

    4.5.

    Mar sin féin, síleann CESE go mb’fhearrde an togra, gan aon agó, sonraí ní ba shainiúla a bhailiú mar chuid den anailís ar an measúnú tionchair a rinne an Coimisiún óir ba mhó ab fhéidir aird a tharraingt ar ghnéithe cainníochtúla na dtairbhí a bhfuiltear ag súil leo dá réir sin.

    4.6.

    Molann CESE don Choimisiún grinnmheastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach cúig bliana tar éis a teacht i bhfeidhm agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mba ghá í a oiriúnú, más iomchuí sin, rud a bheartaítear in Airteagal 19 den Togra le haghaidh Treorach. Maidir leis sin, tá tábhacht nach beag le comhoibriú na mBallstát chun faisnéis úsáideach a chur ar fáil dá chéile.

    4.7.

    Is cinnte gur fóinteach an beart an faireachán leanúnach atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige. Is cosúil go mbaineann na paraiméadair mheastóireachta ar fad atá ceaptha ag an gCoimisiún le hábhar (7). Molann CESE aird ar leith a thabhairt ar na costais chomhlíontachta a bheidh le glanadh ag na MFBManna sin a roghnóidh a bheith páirteach sa chóras Cánach Ceannoifige a fhad a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (i) a láimhdeachas agus (ii) MFBManna is inchurtha leo ach nach gcuireann an simpliú atá beartaithe i bhfeidhm. Beidh na gnéithe sin fíorthábhachtach chun tuiscint a fháil ar an tairbhe iarbhír a bheidh ann do MFBManna ó thaobh an tsimpliúcháin de agus chun measúnú a dhéanamh ar a úsáidí atá an córas nua Cánach Ceannoifige do chuideachtaí nach iad atá i dteideal a bheith páirteach sa chóras.

    4.8.

    Molann CESE, agus an Coimisiún ag scaoileadh faoin measúnú ex post atá beartaithe aige chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an córas Cánach Ceannoifige le haghaidh MFBManna cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, gur cheart dó breithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé an córas Cánach Ceannoifige a leathnú d’fhonn FBManna a oibríonn ar bhonn trasteorann trí bhíthin fochuideachtaí a chur san áireamh ann.

    4.9.

    Tugann CESE dá aire go measann an Coimisiún gur comhlánú ar a chéile an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige agus an togra maidir le BEFIT sa mhéid is go bhfuil BEFIT dírithe den chuid is mó ar ghrúpaí móra a fheidhmíonn ar fud an Aontais agus gur ar bhonn roghnach a chuirfear i bhfeidhm é i gcás grúpaí FBManna a bhfuil fochuideachtaí acu i mBallstáit eile agus a ghlacann cuntais chomhdhlúite. De réir an Choimisiúin, simplíonn an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige rialacha do FBManna agus iad i dtús a leathnaithe. Má ritheann le FBManna leathnú leo agus cur lena bhfás, tá an baol ann go sáróidh siad raon feidhme rialacha an chórais Cánach Ceannoifige; sa chás sin, is acmhainn dóibh a bheith páirteach i dtogra BEFIT, más mian leo.

    4.10.

    Tugann CESE faoi deara, i ngeall ar chineál roghnach an togra maidir le córas Cánach Ceannoifige agus an togra maidir le BEFIT a fhad a bhaineann siad le FBManna a bhfuil cuntais chomhdhlúite acu, gur baolach go dtiocfaidh rialacha éagsúla cánach chun cinn do chuideachtaí i gcásanna ab inchomparáide murach sin, cibé acu ar fud an Aontais nó sna Ballstáit féin é sin. Molann sé don Choimisiún, dá réir sin, faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfear rialacha nua an chórais Cánach Ceannoifige i bhfeidhm agus ar na himpleachtaí a bheidh acu ina leith sin. Tá an baol ann go dtiocfaidh ilroinnt agus neamhréireachtaí chun cinn de thoradh creataí dlíthiúla éagsúla a bheith i bhfeidhm maidir le gníomhaithe inchomparáide, rud a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chomhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh.

    4.11.

    Cuireann CESE chun suntais a thábhachtaí atá sé breisluach an togra reachtaigh lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige a chur chun cinn, mar is ceart, agus a chur in iúl go fada fairsing do FBManna i ngach Ballstát, eadhon breisluach an togra ó thaobh simplithe de agus ó thaobh costais chomhlíontachta a laghdú do FBManna, go mór mór MFBManna a oibríonn ar bhonn trasteorann. Is móide is gá é sin a dhéanamh ós baol gur beag an t-eolas atá ag gnóthais áirithe ar thairbhí iarbhír an tionscnaimh nó go bhfuil siad dall ar fad orthu fiú amháin. Ar an gcaoi sin, tharlódh go mba mhinice fiontair ag roghnú an chórais nua seo agus go mb’inrochtana mar chóras acu é, rud a d’fhágfadh gur lú an baol go gcuirfí an iomaíocht chun saobhachta agus gur dhóichí ná a chéile go ndéanfaí an Margadh Aonair a chomhdhlúthú a thuilleadh.

    4.12.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na MFBManna tar éis ghlacadh an Togra d’fhonn feasacht a mhúscailt i measc na MFBManna maidir leis an sásra Cánach Ceannoifige atá ar fáil dóibh d’fhonn cur leis an gcaoi a mbaintear leas as agus leis an tairbhe a dhéanfaidh sé ar fud an Aontais. Ba cheart do na páirtithe lena mbaineann acmhainní a chur ar fáil freisin chun oiliúint agus tacaíocht mhodheolaíoch a áirithiú do MFBManna faoi conas ‘tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige’ a ullmhú. Áirítear leis sin freisin tacaíocht a chur ar fáil chun cur le litearthacht dhigiteach na MFBManna.

    An Bhruiséil, an 17 Eanáir 2024.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Na costais comhlíontachta cánach atá ar FBManna. Na costais comhlíontachta cánach atá ar FBManna – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).

    (2)  Ciallaíonn ‘buanbhunaíocht’ áit sheasta ghnó atá suite i mBallstát eile, mar a shainmhínítear faoin gcoinbhinsiún déthaobhach ábhartha maidir le cánachas dúbailte a sheachaint nó, ina éagmais sin, sa dlí náisiúnta.

    (3)  Na costais comhlíontachta cánach atá ar FBManna. Na costais comhlíontachta cánach atá ar FBManna – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).

    (4)  A mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar FBManna, tagraítear sa Treoir atá beartaithe do Threoir 2013/34/AE maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite, agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas. De réir na sainmhínithe a thugtar ar FBManna sa Treoir sin, bhainfeadh raon feidhme na Treorach le cuideachta i gcás nach mbeadh teorainneacha dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar seo a leanas sáraithe aici ar dháta a cláir comhardaithe, agus sa chás sin amháin: iomlán an chláir comhardaithe = EUR 20 milliún; glanláimhdeachas = EUR 40 milliún; agus/nó meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais = 250.

    (5)  De réir Airteagal 2, ‘tá feidhm ag an Treoir seo maidir le FBManna a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

    (a)

    tá siad bunaithe faoi dhlí Ballstáit agus is mar a chéile foirm dóibh agus ceann de na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II;

    (b)

    tá cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát i gcomhréir le dlíthe cánach an Bhallstáit sin, ar a n-áirítear a choinbhinsiúin dhéthaobhacha chun cánachas dúbailte a sheachaint;

    (c)

    tá siad go díreach nó ar leibhéal a n-úinéirí faoi réir cáin bhrabúis a liostaítear in Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV, nó aon cháin eile ag a bhfuil saintréithe comhchosúla;

    (d)

    tá siad incháilithe mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga agus mar fhiontair mheánmhéide (MFBManna), mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/34/AE;

    (e)

    oibríonn siad go heisiach i mBallstáit eile trí bhuanbhunaíocht amháin nó níos mó;

    (f)

    ní cuid de ghrúpa comhdhlúite iad chun críoch cuntasaíochta airgeadais i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE agus is fiontar uathrialach iad a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    ní fiontar comhlachaithe é de réir bhrí Airteagal 2(13) de Threoir 2013/34/AE;

    ní fiontar comhpháirtíochta é de réir bhrí Airteagal 3(3) de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.’

    (6)  Féadfaidh an cheannoifig a roghnú rialacha cánachais na ceannoifige a chur i bhfeidhm i ndáil lena buanbhunaíocht nó lena buanbhunaíochtaí i mBallstáit eile má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    níor mhó láimhdeachas comhpháirteach a buanbhunaíochtaí, i gcás an dá bhliain fhioscacha dheireanacha, ná méid atá cothrom le dhá oiread an láimhdeachais arna ghiniúint ag an gceannoifig;

    (b)

    bhí cónaí uirthi chun críoch cánach sa Bhallstát ceannoifige le linn an 2 bhliain fhioscacha dheireanacha;

    (c)

    comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(1), pointe d) don dá bhliain fhioscacha dheireanacha.

    (7)  Mar seo a leanas atá i mír 2 d’Airteagal 19: ‘Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir, i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear sonraí comhiomlánaithe maidir leis an líon FBManna incháilithe i gcomparáid le FBManna a rinne rogha gan a bheith páirteach, a gcostais láimhdeachais agus chomhlíontachta i gcoibhneas le láimhdeachas; sonraí maidir leis an líon FBManna a leathnaigh trasteorann trí bhuanbhunaíocht a bhunú agus an líon FBManna a dícháilíodh toisc gur chruthaigh siad fochuideachta, nó na costais chomhlíontachta le haghaidh FBManna a chuireann an rogha i bhfeidhm.’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2103/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top