Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE3611

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — a) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554 (COM(2023) 360 final – 2023/0205 (COD)) b) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE (COM(2023) 366 final – 2023/0209 (COD)) agus c) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (COM(2023) 367 final – 2023/0210 (COD))

    EESC 2023/03611

    IO C, C/2024/1594, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1594/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1594/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/1594

    5.3.2024

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa —

    a) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554

    (COM(2023) 360 final – 2023/0205 (COD))

    b) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE

    (COM(2023) 366 final – 2023/0209 (COD))

    agus c) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

    (COM(2023) 367 final – 2023/0210 (COD))

    (C/2024/1594)

    Rapóirtéir:

    João NABAIS

    Comhairliúchán

    a)

    Parlaimint na hEorpa, 19.10.2023

    b)

    Parlaimint na hEorpa, 11.9.2023

    c)

    Parlaimint na hEorpa, 11.9.2023

    Bunús dlí

    a)

    Airteagal 114 CFAE

    b)

    Airteagal 114 CFAE

    c)

    Airteagal 114 CFAE

    An rannóg atá freagrach

    An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    23.11.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    14.12.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    583

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    197/7/13

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil seirbhísí ríomh-airgid agus uathmheaisíní bainc (UMBanna) neamhspleácha á n-áireamh sa treoir (agus sa rialachán), ós rud é go méadaíonn sé sin an chosaint do na húsáideoirí.

    1.2.

    Measann CESE gur gá a shoiléiriú sa treoir nua seo cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear tiachóga digiteacha (amhail Apple nó Google Pay) san áireamh.

    1.3.

    Ba cheart cur le ról údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit óstaigh agus tuilleadh cumhachtaí a áireamh sa ról sin maidir le hinstitiúidí íocaíochta a dhéanann a ngníomhaíochtaí tríd an gceart bunaíochta, sin agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, a fheidhmiú.

    1.4.

    Is díol sásaimh do CESE an fhoráil atá sa treoir atá beartaithe, is é sin foráil maidir le seirbhísí soláthair airgid i siopaí miondíola.

    1.5.

    Tá CESE den tuairim go bhfuil an tréimhse cúig bliana a leagtar síos i gclásal athbhreithnithe na treorach atá beartaithe (Airteagal 43) rófhada.

    1.6.

    I gcás athdhearadh na Treorach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (1) (PSD2), is é sin treoir nua agus an rialachán seo atá beartaithe (PSR – Rialachán maidir le seirbhísí íocaíochta (2)) a chur ina hionad, ní fhoráiltear go dtabharfaí cosaint bhreise don tomhaltóir i gcoinne cineálacha nua calaoise agus caimiléireachta (camscéimeanna); ar an gcúis sin, tá bearta éagsúla á moladh ag CESE faoi phointe 3.2.7 thíos.

    1.7.

    Measann CESE gur rud dearfach é an ceanglas a thugtar isteach maidir le faisnéis a chur ar fáil faoi na costais sula ndéanfaidh an custaiméir an aistarraingt (Airteagal 7 PSR).

    1.8.

    Is díol sásaimh do CESE an togra síneadh a chur leis an toirmeasc ar mhuirir bhreise ar aistrithe creidmheasa agus ar idirbhearta dochair dhírigh in airgeadraí uile an Aontais Eorpaigh (Airteagal 28 PSR).

    1.9.

    Is díol sásaimh do CESE freisin forálacha sin an Rialacháin PSR lena gceanglaítear deais ceadanna agus cead úsáideoirí a thabhairt isteach le haghaidh íocaíochtaí.

    1.10.

    Meabhraíonn CESE nach bhfuil sé inghlactha tomhaltóirí a spreagadh chun a bhfaisnéis aitheantais slándála a iontráil ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí.

    1.11.

    Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí san áireamh an comhghaol idir an treoir atá beartaithe maidir le híocaíochtaí meandracha agus an Rialachán PSR a mhéid a bhaineann sé le fíorú na huimhreach idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN). I ndáil leis sin, is mian le CESE tagairt don tuairim faoin Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Meandracha (3).

    1.12.

    Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go smaoineofaí ar na seirbhísí sin a chur i bhfeidhm maidir le baisc-íocaíochtaí.

    1.13.

    Is an-dearfach go deo an toirmeasc ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta teorainneacha caiteachais na n-ionstraimí íocaíochta a mhéadú go haontaobhach (Airteagal 51).

    1.14.

    Is díol sásaimh do CESE na rialacha maidir le cistí íocaíochta a bhlocáil i gcás nach eol méid an idirbhirt roimh ré (Airteagal 61 PSR).

    1.15.

    Is minic a bhíonn na gníomhaíochtaí calaoise agus na camscéimeanna a chleachtaítear an-tromchúiseach, agus ba cheart, dá bhrí sin, leis an rialachán atá beartaithe é a áireamh sna scéimeanna go bhféadfaí cistí a aisghabháil, gan difear a dhéanamh don tsocraíocht, i gcás ina bhfuil sé réasúnach a mheas go raibh calaois i gceist.

    1.16.

    Is mian le CESE a chur in iúl gur gá feabhas a chur ar na forálacha in PSR maidir le fíordheimhniú láidir custaiméara.

    1.17.

    Leis an rialachán atá beartaithe maidir le maoiniú oscailte (4), ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na bpáirtithe lena mbaineann, gan dearmad a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí custaiméirí a chosaint. Ba chóir oiliúint chuí a chur ar fáil do phearsanra na soláthraithe seirbhísí íocaíochta le go bhféadfar na seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos fearr. Creideann CESE gur cheart prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a luaitear faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (5) (RGCS) a ráthú.

    1.18.

    Tá liosta cuimsitheach go leor de na catagóirí sonraí custaiméirí luaite sa rialachán atá beartaithe agus cuireadh síneadh leis an liosta sin (Airteagal 2). Mar sin féin, tá baol ann fós go mbainfí mí-úsáid as na sonraí a bhailítear agus go gcuirfí isteach go neamhdhleathach orthu.

    1.19.

    Ní leor an rialachán atá beartaithe maidir le toirmeasc a chur ar úsáid sonraí pearsanta íogaire agus sonraí airgeadais ábhartha agus ní leor mar a chosnaítear an chothromaíocht agus an trédhearcacht.

    1.20.

    Ba cheart do na deaiseanna (agus tairseacha) patrúin shonracha a leanúint le go bhféadfaidh na tomhaltóirí toiliú maidir leis na sonraí is féidir a roinnt, sin agus na heintitis lena bhféadfar na sonraí a roinnt agus na críocha chun a roinnfear iad a chinneadh.

    2.   Cúlra agus na fadhbanna a tugadh faoi deara

    2.1.

    Tá sé léirithe ag an gCoimisiún go bhfuil sé deimhin de gurb é an cinneadh dhá ionstraim dhlíthiúla ar leith a thíolacadh an cur chuige is oiriúnaí maidir le reachtaíocht i dtaobh íocaíochtaí, sin toisc go bhfuil gá le treoir ar leith lena rialaítear ceadúnú agus maoirseacht na n-institiúidí a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid, ós rud é go dtagann na hinniúlachtaí sin fós faoi shainchúram údaráis na mBallstát agus nach bhfuil an Coimisiún á mholadh go n-aistreofaí iad faoi shainchúram ar leith ar leibhéal an Aontais.

    2.2.

    Cé go bhféadfaí a mheas go bhfuil na cuspóirí a shainaithin an Coimisiún bainte amach den chuid is mó le PSD2, d’fhoilsigh an Coimisiún measúnú ar thionchar na Treorach sin agus tháinig sé ar an tuiscint go bhfuil ceithre phríomhfhadhb fós ann i margadh íocaíochtaí an Aontais.

    2.3.

    Seo a leanas na fadhbanna a shainaithin an Coimisiún: (1) bíonn tomhaltóirí i mbaol calaoise agus ní bhíonn siad muiníneach a fhad a bhaineann sé le híocaíochtaí; (2) tá earnáil na baincéireachta oscailte ag fás agus ag forbairt go fóill agus is gá í a fheabhsú; (3) níl aon leanúnachas ann maidir leis na cumhachtaí atá ag na maoirseoirí sna Ballstáit éagsúla ná na hoibleagáidí atá orthu; (4) níl cothrom iomaíochta ann idir na bainc agus na soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc.

    2.4.

    Measann an Coimisiún go bhfuil ag na ceithre fhadhb sin na hiarmhairtí a leanas don mhargadh: (1) go leanann na húsáideoirí (tomhaltóirí, ceannaithe agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)) de bheith neamhchosanta ar bhaol calaoise agus gur fíorbheag an rogha seirbhísí íocaíochta atá acu, agus praghsanna atá níos airde ná mar ba ghá le híoc acu; (2) go mbíonn roinnt constaicí roimh na soláthraithe baincéireachta agus iad ag iarraidh seirbhísí bunúsacha a sholáthar agus go mbíonn sé níos deacra orthu a bheith nuálach; (3) go mbíonn éiginnteacht ann i measc soláthraithe seirbhísí íocaíochta i dtaobh na n-oibleagáidí atá orthu, agus go mbíonn na soláthraithe neamhbhainc faoi mhíbhuntáiste iomaíoch i gcomórtas leis na bainc; (4) go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí eacnamaíocha ann, sin agus costais oibríochta tráchtála níos airde, rud ag a mbíonn tionchar diúltach ar iomaíochas an Aontais; agus (5) go bhfuil ilroinnt sa mhargadh inmheánach íocaíochtaí agus go mbíonn siopadóireacht dlínse (ina lorgaíonn na gnólachtaí an Ballstát ag a bhfuil an creat dlíthiúil is fabhraí) ar siúl.

    2.5.

    Maidir leis an Rialachán (6) atá beartaithe, shainaithin an Coimisiún cheana féin in 2020 go raibh cur chun cinn timpeallachta airgeadais sonraíbhunaithe ar cheann de thosaíochtaí a straitéise maidir le maoiniú agus íocaíochtaí digiteacha agus d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a ullmhú chun creat ní b’fhearr a chruthú le haghaidh na rochtana ar shonraí airgeadais.

    2.6.

    Baineann an rialáil ar an rochtain ar shonraí airgeadais le próiseáil sonraí i gcaidreamh ‘gnólacht le gnólacht’ nó ‘gnólacht le custaiméir’ (an tomhaltóir san áireamh), bunaithe ar iarraidh – bunriachtanas – ó chustaiméir le haghaidh réimse leathan seirbhísí airgeadais.

    3.   Anailís agus barúlacha ginearálta

    3.1.   An togra le haghaidh Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid (7)

    3.1.1.

    Maidir leis an raon feidhme (Airteagail 1 agus 2 agus Aithrisí 13 agus 68), tá an togra seo le haghaidh Treorach bunaithe den chuid is mó ar Theideal II de PSD2 – Soláthraithe seirbhísí íocaíochta – nach bhfuil feidhm aige ach maidir le hinstitiúidí íocaíochta.

    3.1.2.

    Leis an togra seo déantar forálacha na Treorach sin a nuashonrú agus a shoiléiriú maidir le hinstitiúidí íocaíochta trí na hiar-institiúidí ríomh-airgid a áireamh i bhfochatagóir na n-institiúidí íocaíochta, rud a fhágann go ndéantar an dara Treoir um Airgead Leictreonach (8) a aisghairm.

    3.1.3.

    Ina theannta sin, áirítear ann forálacha maidir le seirbhísí aistarraingthe airgid thirim arna soláthar ag miondíoltóirí (gan gá le ceannach a dhéanamh) nó ag soláthraithe neamhspleácha uathmheaisíní bainc (UMBanna), agus déantar athbhreithniú ann ar an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (9).

    3.1.4.

    Is díol sásaimh do CESE go bhfuil seirbhísí ríomh-airgid curtha san áireamh sa treoir (agus sa rialachán freisin), ós rud é go gcuireann sin leis an gcosaint d’úsáideoirí na seirbhísí sin agus na seirbhísí íocaíochta atá cumhdaithe cheana ag PSD2.

    3.1.5.

    Is rud dearfach é freisin go bhfuil seirbhísí neamhspleácha UMB curtha san áireamh.

    3.1.6.

    Tugann CESE dá aire, áfach, go bhfuil líon mór eisiamh fós ann a fhágann nach bhfuil a lán de na seirbhísí cumhdaithe ag an gcreat rialála riachtanach cuí.

    3.1.7.

    Is gá a shoiléiriú sa Treoir nua seo cé acu a áirítear nó nach n-áirítear tiachóga digiteacha (amhail Apple nó Google Pay), ós rud é go n-úsáidtear na seirbhísí sin go forleathan le haghaidh íocaíochtaí ar fud an domhain agus go bhfuil an-tóir orthu san Aontas freisin. Dá bhrí sin, ba mhian le CESE a áitiú gur cheart iad a chur san áireamh.

    3.1.8.

    Agus aird á tabhairt ar a thábhachtaí atá na seirbhísí sin sa lá atá inniu ann, creideann CESE, go deimhin, nach iomchuí nach gcuirfear na hionstraimí íocaíochta sin san áireamh ach san athbhreithniú a dhéanfar faoi cheann cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach.

    3.1.9.

    Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí íocaíochta a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí tríd an gceart bunaíochta, sin agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, a fheidhmiú (Airteagal 31 den treoir atá beartaithe), ba cheart síneadh a chur le ról údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus tuilleadh cumhachtaí a áireamh faoin ról sin.

    3.1.10.

    Faoi láthair, tá a lán cásanna ann ina bhfuil oibleagáid ar na húsáideoirí gearáin a chur faoi bhráid údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid íocaíochta lonnaithe – is é sin le rá, i dtír seachas an tír ina bhfuil na húsáideoirí lonnaithe.

    3.1.11.

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur rud dearfach é an rogha pointe teagmhála lárnach a bhunú sa Bhallstát óstach, arna iarraidh sin don Bhallstát sin, cé go molann CESE go mbeadh sé sin éigeantach agus nach díreach rogha a bheadh ann.

    3.1.12.

    Maidir le seirbhísí soláthair airgid i siopaí miondíola (Airteagal 37 den treoir atá beartaithe), is díol sásaimh an fhoráil sin, ós rud é go bhfreagraíonn sí do riachtanas a eascraíonn as an laghdú leanúnach ar an rochtain ar airgead tirim, ós rud é go bhfuil níos mó agus níos mó UMBanna agus brainsí bainc á ndúnadh.

    3.1.13.

    Maidir leis an gclásal athbhreithnithe (Airteagal 43 den treoir atá beartaithe), measann CESE go bhfuil an tréimhse cúig bliana sula ndéantar athbhreithniú rófhada, toisc a thapa a dhéantar nuálaíocht sna seirbhísí agus go mbíonn soláthraithe seirbhísí nua agus níos sofaisticiúla ag teacht chun cinn i gcónaí, rud nach ábhar iontais é, agus go mbíonn cineálacha nua calaoise ag teacht chun cinn freisin, rud a fhágann go bhfuil sé ríthábhachtach an creat dlíthiúil agus rialála a thabhairt cothrom le dáta níos minice.

    3.2.   An togra le haghaidh Rialachán maidir le seirbhísí íocaíochta (10)

    3.2.1.

    Is é a tugadh isteach leis na treoracha a eisíodh sa réimse seo le blianta beaga anuas bearta a raibh tionchar an-dearfach acu, amhail dliteanas úsáideoirí cártaí íocaíochta a laghdú go EUR 50 i gcás íocaíochtaí neamhúdaraithe, an ceart chun aisíocaíochta i gcás dochar díreach earráideach má dhéantar agóid ina choinne laistigh de thréimhse 8 seachtaine, an toirmeasc ar mhuirir bhreise chun cárta creidmheasa nó cárta dochair a úsáid, agus ceanglais maidir le fíordheimhniú láidir custaiméara a chur chun feidhme.

    3.2.2.

    Mar sin féin, is cúis mhór imní i gcónaí iad an chalaois agus camscéimeanna agus is é an t-úsáideoir seachas an uirlis nó an modh íocaíochta an sprioc anois.

    3.2.3.

    Dá bhrí sin, ní mór dlíthe agus rialacháin a bheith ina gcuidiú chun deireadh a chur le hionsaithe den sórt sin ar chustaiméirí/tomhaltóirí, agus aghaidh á tabhairt freisin ar fhioscaireacht agus ar spúfáil (cumarsáid faoi bhréagriocht). Chun an chalaois a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart don Choimisiún díriú ar chosc agus ar bhrath na calaoise, sin agus lena díriú ar choirpigh, trína cheangal ar gach páirtí a bhfuil a seirbhísí agus a gcórais i mbaol cibearchalaoise bearta a chur chun feidhme. Ag an am céanna, ba cheart dó feasacht úsáideoirí a ardú chun faisnéis agus a sonraí rochtana a chosaint.

    3.2.4.

    Mar is eol don saol, tarlaíonn sé ina lán cásanna go spreagtar na híocóirí/cliaint chun, mar shampla, a ndintiúir, amhail pasfhocail nó cóid, a roinnt nó íocaíochtaí a dhéanamh as a gcuntais.

    3.2.5.

    Is iad na híocóirí/cliaint féin a dhéanann na gníomhaíochtaí sin, ar ndóigh, ach faoi thionchar coirpigh a n-éiríonn leo na dálaí a chruthú a chuirfidh na híocóirí/cliaint amú. Cé gurb é an t-íocóir féin a dhéanann an beart sna cásanna sin, is amhlaidh nach bhfreagraíonn an beart sin dáiríre don rud a theastaíonn ón íocóir a dhéanamh.

    3.2.6.

    Sa chomhthéacs sin, tríd an rialachán seo atá beartaithe (PSR) a chur in ionad PSD2, ní dhéantar aon fhoráil maidir le cosaint níos láidre a thabhairt don tomhaltóir ar na cineálacha nua calaoise agus camailéireachta sin; teastaíonn forálacha, bearta agus ceanglais níos ginearálta maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta, agus maidir le heintitis eile a bhfuil a seirbhísí agus a gcórais i mbaol na cibearchalaoise (e.g. seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus ardáin na meán sóisialta).

    3.2.7.

    Is é atá á mholadh ag CESE roinnt bearta éagsúla a dhéanamh: (1) sainmhíniú soiléir ar na coincheapa ‘mórfhaillí’, ‘údarú’ agus ‘calaois amhrasta/iarbhír’; (2) socruithe lena sainmhínítear an dliteanas go soiléir i gcás calaoise agus/nó camscéimeanna den chineál sin, agus sainmhíniú soiléir ar ‘mórfhaillí’ agus ‘grinnscrúdú’, mar aon leis an gceart chun aisíocaíochta ar an toirt i gcás na méideanna a bhaintear as na cuntais bhainc; (3) sainmhíniú a thabhairt ar dhianchreat maidir le freagrachtaí a roinnt idir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, na híocóirí agus na híocaithe, agus rannpháirtithe eile sa slabhra íocaíochta a áireamh freisin; (4) ceanglas a thabhairt isteach maidir le faireachán breise a bheith á dhéanamh ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar na hidirbhearta, lena n-áirítear trí fhreagrachtaí/dliteanais shoiléire a leagan síos maidir le rannpháirtithe uile na seirbhíse íocaíochta; (5) ceanglas a thabhairt isteach chun infheistíocht a dhéanamh i modhanna agus in uirlisí lenar féidir suíomhanna gréasáin bréige agus uimhreacha IBAN bréige a úsáideann na calaoiseoirí a aithint; (6) ceanglas a chur ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta páirt a ghlacadh i sásraí malartacha um réiteach díospóidí le go mbeidh éifeacht le hAithris 22; (7) an cumas dlíthiúil a thabhairt do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta le go bhféadfaidh siad na seirbhísí íocaíochta a chur ar fionraí i gcás calaois amhrasta, lena n-áirítear trí íocaíochtaí áirithe a bhlocáil agus an t-airgead a íocadh a fháil ar ais; agus (8) i ndáil leis sin, an oiliúint chuí a chur ar phearsanra na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus bearta a dhéanamh chun cur le feasacht úsáideoirí ar an gcaoi le modhanna íocaíochta a úsáid i gceart, chun calaoiseoirí/caimiléirí a bhrath, agus na céimeanna ba cheart a ghlacadh i gcás calaoise/camscéime.

    3.2.8.

    Maidir le híocaíochtaí gan tadhall, thug an Coimisiún le fios sa straitéis maidir le híocaíochtaí miondíola go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht feidhmiúlacht a thabhairt isteach le go bhféadfadh tomhaltóirí a rogha a shainiú maidir leis na tairseacha i gcás íocaíochtaí gan tadhall; tá CESE ag iarraidh go gcuirfí réiteach den chineál sin i bhfeidhm.

    3.2.9.

    Bheadh a leithéid de réiteach ag díriú ar a lán de na hábhair imní atá ag na tomhaltóirí go bhfuil an uasteorainn EUR 50 le haghaidh íocaíochtaí gan tadhall ró-ard agus go dteastaíonn uathu uasteorainn níos ísle ná sin a bheith ar a gcárta dochair.

    3.2.10.

    I gcás na gceanglas faisnéise is infheidhme maidir leis na seirbhísí aistarraingthe airgid thirim, is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe a leagan síos go mbeadh gá faisnéis faoi na costais a thabhairt sula ndéanfadh an custaiméir an aistarraingt (Airteagal 7 den rialachán atá beartaithe).

    3.2.11.

    Maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid seirbhísí íocaíochta, is díol sásaimh do CESE freisin an togra chun síneadh a chur leis an toirmeasc ar mhuirir bhreise ar aistrithe creidmheasa agus ar idirbhearta dochair dhírigh in airgeadraí uile an Aontais (Airteagal 28 den rialachán atá beartaithe).

    3.2.12.

    Is díol sásaimh freisin do CESE go mbeidh an sainmhíniú ar na rialacha maidir le hidirbhearta arna dtionscnamh ag ceannaithe ar aon dul leis an sainmhíniú ar na rialacha maidir le dochar díreach, trí na rialacha céanna maidir le cosaint tomhaltóirí a chur i bhfeidhm maidir leis an dá chineál idirbhirt.

    3.2.13.

    Is leasuithe tábhachtacha iad na leasuithe atá in Airteagal 32, lena gceadaítear d’institiúidí íocaíochta rochtain a fháil ar chuntas íocaíochta, agus fágann siad go bhfaightear réidh leis na teorainneacha gan údar ar an rochtain sin.

    3.2.14.

    Is díol sásaimh é freisin na forálacha sa rialachán atá beartaithe lena gceanglaítear go leagfar síos deais ceadanna agus cead úsáideoirí, lena n-áirítear an deis a bheith ag na húsáideoirí iad sin a láimhseáil. Mar sin féin, measann CESE gur cheart an toirmeasc ar chamchóipeáil scáileáin, a leagtar amach in Aithris 61, a chur san áireamh sna hairteagail maidir leis an rochtain ar shonraí cuntais.

    3.2.15.

    Maidir leis an réimse sin freisin, meabhraíonn CESE nach bhfuil sé inghlactha tomhaltóirí a spreagadh chun a bhfaisnéis aitheantais slándála a iontráil ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí. Níor cheart sonraí íogaire tomhaltóirí a phróiseáil agus ní mór a ráthú do na tomhaltóirí nach ndiúltófar rochtain dóibh ar tháirgí ná ar sheirbhísí nuair a dhiúltaíonn siad páirt a ghlacadh i dtimpeallacht baincéireachta oscailte.

    3.2.16.

    Is díol sásaimh é an ceanglas fíorú IBAN saor in aisce a thabhairt isteach le haghaidh na mbanc agus na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, ar nós an méid atá ann cheana sa togra le haghaidh Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Meandracha (Airteagal 50). Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí san áireamh an comhghaol idir an dá thogra (íocaíochtaí meandracha agus PSR) a mhéid a bhaineann sé le fíorú na huimhreach idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN). Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go smaoineofaí ar an tseirbhís sin a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí a dhéanann gnólachtaí ina dtráthchodanna.

    3.2.17.

    Mar sin féin, níl baint ag an mbeart sin ach le camscéim amháin; mar atá luaite thuas, ba cheart bearta breise a áireamh sa Rialachán PSR chun an chalaois a chosc, fiú i gcásanna lasmuigh de thimpeallacht na seirbhísí íocaíochta, agus chun tacú le húsáideoirí a ndearnadh calaois orthu. Molann CESE bealaí a mheas chun na bearta sin a chur i bhfeidhm i dtimpeallachtaí eile lasmuigh de chomhthéacs na n-íocaíochtaí.

    3.2.18.

    Is an-dearfach go deo an toirmeasc ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta teorainneacha caiteachais na n-ionstraimí íocaíochta a mhéadú go haontaobhach (Airteagal 51).

    3.2.19.

    Maidir le dliteanas i leith íocaíochtaí neamhúdaraithe, ainneoin roinnt nuálaíochtaí dearfacha a bheith ann, d’fhéadfaí fós feabhas a chur ar na forálacha dlíthiúla ábhartha chun a áirithiú go mbeidh éifeacht le hAithris 79 PSR. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh meastóireachta a dhéanamh ar an ngá atá le sásra cuí a chur ar bun maidir leis an slabhra freagrachta i dtimpeallacht iomlán na seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear úsáideoirí na seirbhísí.

    3.2.20.

    Níl aon soiléireacht ann go fóill i dtaobh cad is mórfhaillí ann ná conas is féidir a leithéid a chruthú, agus is ar an gcúis sin a d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an tomhaltóir freagrach i gcalaois dar leis na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ainneoin gur ar an tomhaltóir sin a rinneadh an chalaois.

    3.2.21.

    Is díol sásaimh na rialacha maidir le cistí íocaíochta a bhlocáil i gcás nach eol méid an idirbhirt roimh ré, toisc go bhfágfaidh na rialacha sin go dtiocfaidh laghdú ar líon na ngearán ó thomhaltóirí maidir le méideanna díréireacha a bhlocáil agus maidir leis an moill ar chistí blocáilte a scaoileadh, sin nó deireadh a chur leis na gearáin sin fiú (Airteagal 61).

    3.2.22.

    Is minic a bhíonn na gníomhaíochtaí calaoise agus na camscéimeanna a chleachtaítear an-tromchúiseach, agus ba cheart, dá bhrí sin, leis an rialachán atá beartaithe a áireamh sna scéimeanna go bhféadfaí cistí a aisghabháil, gan difear a dhéanamh don tsocraíocht, i gcás ina bhfuil sé réasúnach a mheas go raibh calaois i gceist.

    3.2.23.

    Is dearfach an rud é an ceanglas maidir le calaois a thuairisciú (Airteagal 82), agus béim á leagan ar an ról tábhachtach atá ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) sa réimse sin.

    3.2.24.

    Ba cheart a cheangal ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta uimhreacha IBAN calaoiseacha agus sonraí eile a chomhroinnt más féidir a leithéid a úsáid chun an chalaois a chosc, d’fhonn cásanna calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chosc (Airteagal 83) an chéad uair a dhéantar iarracht an chalaois a dhéanamh, is cuma an dearnadh í nó ar diúltaíodh di, agus nach mbeadh ar bheirt chustaiméirí éagsúla an chalaois sin a thuairisciú. Molann CESE é a chur san áireamh an bhféadfaí an ceanglas sin a chur i bhfeidhm maidir le tríú páirtithe, lena n-áirítear údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, d’fhonn tairbhe a bhaint as an éifeacht ghréasáin. Más féidir sonraí a roinnt níos tapúla idir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus leis na húdaráis, beifear in ann an chalaois a bhrath agus a chosc ar bhealach níos fearr.

    3.2.25.

    Is díol sásaimh do CESE na ceanglais atá ann foláireamh a thabhairt maidir le cineálacha nua calaoise, ach níor cheart, in imthosca ar bith, go dtiocfadh laghdú ar dhliteanas na soláthraithe seirbhísí íocaíochta i leith calaois a chosc, an dualgais cruthúnais nó cearta tomhaltóirí a chosaint (Airteagal 84).

    3.2.26.

    Meastar gur rud dearfach freisin forálacha an Rialacháin PSR maidir le cláir oiliúna a thabhairt isteach do phearsanra na soláthraithe seirbhísí íocaíochta.

    3.2.27.

    Is díol sásaimh do CESE na forálacha atá sa Rialachán PSR maidir le fíordheimhniú láidir custaiméara, chun a áirithiú go mbeidh ar a laghad modh amháin chun fíordheimhniú láidir a dhéanamh ar fáil do gach duine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas fisiciúil, daoine scothaosta, daoine nach bhfuil in ann úsáid a bhaint as modhanna digiteacha agus daoine nach bhfuil rochtain acu ar bhealaí digiteacha nó ar fhóin chliste.

    3.2.28.

    Bíonn a lán tomhaltóirí ag gearán gur gá de ghnáth teacht a bheith ag duine ar réiteach atá bunaithe ar aip chun fíordheimhniú láidir a dhéanamh.

    3.2.29.

    Is é a chiallaíonn sé sin go bhfuil a lán tomhaltóirí ann nach féidir leo leas a bhaint as modhanna íocaíochtaí áirithe, go háirithe íocaíochtaí as ceannacháin ar líne trí bhíthin cártaí. Molann CESE go ndéanfaí measúnú ar an bhfíordheimhniú láidir custaiméara is oiriúnaí agus é a chur san áireamh, agus saincheisteanna cur chun feidhme agus forfheidhmithe reachtaíochta eile amhail RGCS agus an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta (11) á gcur san áireamh.

    3.2.30.

    Is díol sásaimh iad na forálacha lena dtugtar cumhachtaí do ÚBE idirghabháil a dhéanamh i leith táirgí íocaíochta a chuireann soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar fáil (Airteagal 104).

    3.2.31.

    Mar a tugadh faoi deara i gcás PSD3 (An tríú Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta), is i bhfad rófhada amach romhainn atá an spriocdháta faoina gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an rialacháin seo maidir le seirbhísí íocaíochta.

    3.2.32.

    Molann CESE do na reachtóirí smaoineamh a dhéanamh ar shíneadh sé mhí eile a chur leis an tréimhse cur chun feidhme, rud a d’fhágfadh go mbeadh am ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad féin a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil tábhachtach.

    3.3.   An togra le haghaidh Rialachán maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais (Maoiniú Oscailte) (12)

    3.3.1.

    Is é is aidhm don togra seo le haghaidh Rialacháin aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a shainaithnítear i réimse na comhroinnte sonraí trí bhealach a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí rochtain níos fearr a bheith acu ar a gcuid sonraí airgeadais.

    3.3.2.

    Leis an tionscnamh seo, beidh tomhaltóirí agus gnólachtaí in ann tairbhe a bhaint as táirgí agus seirbhísí a cruthaíodh chun freastal ar a riachtanais, bunaithe ar na sonraí ábhartha, agus na rioscaí bunúsacha á seachaint ag an am céanna. Tá CESE den tuairim gur cheart saincheisteanna a bhaineann le hinrochtaineacht agus úsáid a chur san áireamh ón tús agus réitigh theicneolaíocha á bhforbairt, rud a chabhródh le fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a sheachaint.

    3.3.3.

    Leis an rialachán atá beartaithe, tá rún ag an gCoimisiún na torthaí eacnamaíocha a fheabhsú do chustaiméirí na seirbhísí airgeadais (tomhaltóirí agus gnólachtaí) tríd an gclaochlú digiteach a chur chun cinn agus dlús a chur le glacadh samhlacha gnó sonraíbhunaithe in earnáil airgeadais an Aontais.

    3.3.4.

    Cé go nglactar go hiomlán leis an gcuspóir sin maidir le geilleagar sonraíbhunaithe a chur chun cinn, tá sé tábhachtach creat rialála a bhunú lena saineofar go soiléir na rialacha lena rialaítear an chomhroinnt sonraí, agus an chómhalartacht á cur san áireamh do na páirtithe uile lena mbaineann (lena n-áirítear na páirtithe nach bhfuil san Aontas). Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i réimse na sonraí airgeadais, ós rud é go mbíonn faisnéis atá íogair faoi dhaoine aonair agus faoi ghnólachtaí i gceist.

    3.3.5.

    Leis an rialachán atá beartaithe, ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na bpáirtithe lena mbaineann, gan dearmad a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí custaiméirí a chosaint. Ba chóir oiliúint chuí a chur ar fáil do phearsanra na soláthraithe seirbhísí íocaíochta le go bhféadfar na seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos fearr. Creideann CESE gur cheart prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a luaitear faoi RGCS a ráthú.

    3.3.6.

    Tá liosta cuimsitheach go leor de na catagóirí sonraí custaiméirí luaite sa rialachán atá beartaithe agus cuireadh síneadh leis an liosta sin (Airteagal 2). Mar sin féin, tá baol ann fós go mbainfí mí-úsáid as na sonraí a bhailítear agus go gcuirfí isteach go neamhdhleathach orthu. Cuireann CESE i bhfios go láidir freisin go bhféadfadh sé nach mbeadh cothrom iomaíochta ann idir na hinstitiúidí airgeadais ardrialáilte agus na rannpháirtithe eile sa mhargadh.

    3.3.7.

    Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaí sainordú sainráite do ÚBE agus don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) (Airteagal 7) treoirlínte a fhorbairt chun sonraí tomhaltóirí a phróiseáil le haghaidh táirgí agus seirbhísí a bhaineann le scór creidmheasa agus measúnú riosca tomhaltóirí agus i gcás táirgí árachais saoil, sláinte agus breoiteachta.

    3.3.8.

    Mar sin féin, ní leor an rialachán atá beartaithe maidir le toirmeasc a chur ar úsáid sonraí pearsanta íogaire agus sonraí airgeadais ábhartha agus ní leor mar a chosnaítear an chothromaíocht agus an trédhearcacht.

    3.3.9.

    Tacaíonn CESE leis an bhforáil lena gceanglaítear ar shealbhóirí sonraí deais a chur ar fáil do chustaiméirí le gur féidir leo cinntí a dhéanamh chun a seasamh a chosaint (Airteagal 8).

    3.3.10.

    Ba cheart do na deaiseanna (agus tairseacha) patrúin shonracha a leanúint le go bhféadfaidh na tomhaltóirí toiliú maidir leis na sonraí is féidir a roinnt, sin agus na heintitis lena bhféadfar na sonraí a roinnt agus na críocha chun a roinnfear iad a chinneadh. Tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh agus go mbraithfeadh na tomhaltóirí go bhfuil gá lena dtoiliú.

    3.3.11.

    Dar le CESE gur cheart cosc a chur ar chur chun feidhme cleachtas sriantach ag sealbhóirí sonraí nó ní fhéadfar na deaiseanna a oibriú ar an mbealach is fearr.

    3.3.12.

    Ar aon dul leis na moltaí a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le PSR, molann CESE do na reachtóirí smaoineamh ar shíneadh sé mhí eile a chur leis an tréimhse cur chun feidhme le haghaidh ghnéithe teicniúla an chreata le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais.

    An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  COM(2023) 366 final.

    (2)  COM(2023) 367 final.

    (3)   IO C 146, 27.4.2023, lch. 23.

    (4)  COM(2023) 360 final.

    (5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (6)  COM(2023) 360 final.

    (7)  COM(2023) 366 final.

    (8)   IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.

    (9)   IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

    (10)  COM(2023) 367 final.

    (11)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

    (12)  COM(2023) 360 final.


    IARSCRÍBHINN

    Diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas ar caitheadh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí ar a son le linn na díospóireachta (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

    Pointe 3.2.7

    Le leasú mar a leanas

    Tuairim ón rannóg

    Leasú

    Is é atá á mholadh ag CESE roinnt bearta éagsúla a dhéanamh: (1) sainmhíniú soiléir ar na coincheapa ‘mórfhaillí’, ‘údarú’ agus ‘calaois amhrasta/iarbhír’; (2) socruithe lena sainmhínítear an dliteanas go soiléir i gcás calaoise agus/nó camscéimeanna den chineál sin, agus sainmhíniú soiléir ar ‘mórfhaillí’ agus ‘grinnscrúdú’, mar aon leis an gceart chun aisíocaíochta ar an toirt i gcás na méideanna a bhaintear as na cuntais bhainc; (3) sainmhíniú a thabhairt ar dhianchreat maidir le freagrachtaí a roinnt idir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, na híocóirí agus na híocaithe, agus rannpháirtithe eile sa slabhra íocaíochta a áireamh freisin; (4) ceanglas a thabhairt isteach maidir le faireachán breise a bheith á dhéanamh ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar na hidirbhearta, lena n-áirítear trí fhreagrachtaí/dliteanais shoiléire a leagan síos maidir le rannpháirtithe uile na seirbhíse íocaíochta; (5) ceanglas a thabhairt isteach chun infheistíocht a dhéanamh i modhanna agus in uirlisí lenar féidir suíomhanna gréasáin bréige agus uimhreacha IBAN bréige a úsáideann na calaoiseoirí a aithint; (6) ceanglas a chur ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta páirt a ghlacadh i sásraí malartacha um réiteach díospóidí le go mbeidh éifeacht le hAithris 22; (7) an cumas dlíthiúil a thabhairt do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta le go bhféadfaidh siad na seirbhísí íocaíochta a chur ar fionraí i gcás calaois amhrasta, lena n-áirítear trí íocaíochtaí áirithe a bhlocáil agus an t-airgead a íocadh a fháil ar ais; agus (8) i ndáil leis sin, an oiliúint chuí a chur ar phearsanra na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus bearta a dhéanamh chun cur le feasacht úsáideoirí ar an gcaoi le modhanna íocaíochta a úsáid i gceart, chun calaoiseoirí/caimiléirí a bhrath, agus na céimeanna ba cheart a ghlacadh i gcás calaoise/camscéime.

    Is é atá á mholadh ag CESE roinnt bearta éagsúla a dhéanamh: (1) sainmhíniú soiléir ar na coincheapa ‘mórfhaillí’, ‘údarú’ agus ‘calaois amhrasta/iarbhír’; (2) socruithe lena sainmhínítear an dliteanas go soiléir i gcás calaoise agus/nó camscéimeanna den chineál sin, agus sainmhíniú soiléir ar ‘mórfhaillí’ agus ‘grinnscrúdú’, mar aon leis an gceart chun aisíocaíochta i gcás na méideanna a bhaintear as na cuntais bhainc; (3) sainmhíniú a thabhairt ar dhianchreat maidir le freagrachtaí a roinnt idir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, na híocóirí agus na híocaithe, agus rannpháirtithe eile sa slabhra íocaíochta a áireamh freisin; (4) ceanglas a thabhairt isteach maidir le faireachán breise a bheith á dhéanamh ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar na hidirbhearta, lena n-áirítear trí fhreagrachtaí/dliteanais shoiléire a leagan síos maidir le rannpháirtithe uile na seirbhíse íocaíochta; (5) ceanglas a thabhairt isteach chun infheistíocht a dhéanamh i modhanna agus in uirlisí lenar féidir suíomhanna gréasáin bréige agus uimhreacha IBAN bréige a úsáideann na calaoiseoirí a aithint; (6) ceanglas a chur ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta páirt a ghlacadh i sásraí malartacha um réiteach díospóidí le go mbeidh éifeacht le hAithris 22; (7) an cumas dlíthiúil a thabhairt do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta le go bhféadfaidh siad na seirbhísí íocaíochta a chur ar fionraí i gcás calaois amhrasta, lena n-áirítear trí íocaíochtaí áirithe a bhlocáil agus an t-airgead a íocadh a fháil ar ais; agus (8) i ndáil leis sin, an oiliúint chuí a chur ar phearsanra na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus bearta a dhéanamh chun cur le feasacht úsáideoirí ar an gcaoi le modhanna íocaíochta a úsáid i gceart, chun calaoiseoirí/caimiléirí a bhrath, agus na céimeanna ba cheart a ghlacadh i gcás calaoise/camscéime.

    Toradh na vótála:

    Ar son:

    83

    In aghaidh:

    110

    Staonadh:

    19

    Pointe 3.2.8

    Le leasú mar a leanas

    Tuairim ón rannóg

    Leasú

    Maidir le híocaíochtaí gan tadhall, thug an Coimisiún le fios sa straitéis maidir le híocaíochtaí miondíola go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht feidhmiúlacht a thabhairt isteach le go bhféadfadh tomhaltóirí a rogha a shainiú maidir leis na tairseacha i gcás íocaíochtaí gan tadhall; tá CESE ag iarraidh go gcuirfí réiteach den chineál sin i bhfeidhm.

    Maidir le híocaíochtaí gan tadhall, thug an Coimisiún le fios sa straitéis maidir le híocaíochtaí miondíola go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht feidhmiúlacht a thabhairt isteach le go bhféadfadh tomhaltóirí a rogha a shainiú maidir leis na tairseacha i gcás íocaíochtaí gan tadhall; tá CESE ag iarraidh go gcuirfí réiteach den chineál sin i bhfeidhm , más é atá cruthaithe ag an measúnú gur rud indéanta a bheadh san fheidhmiúlacht .

    Toradh na vótála:

    Ar son:

    73

    In aghaidh:

    126

    Staonadh:

    17

    Pointe 3.2.20

    Le leasú mar a leanas

    Tuairim ón rannóg

    Leasú

    Níl aon soiléireacht ann go fóill i dtaobh cad is mórfhaillí ann ná conas is féidir a leithéid a chruthú , agus is ar an gcúis sin a d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an tomhaltóir freagrach i gcalaois dar leis na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ainneoin gur ar an tomhaltóir sin a rinneadh an chalaois .

    Níl aon soiléireacht ann go fóill i dtaobh cad is mórfhaillí ann ná conas is féidir a leithéid a chruthú.

    Toradh na vótála:

    Ar son:

    68

    In aghaidh:

    136

    Staonadh:

    17


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1594/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top