Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XR2657

    Rún maidir leis na tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2023 an Choimisiúin Eorpaigh

    COR 2022/02657

    IO C 375, 30.9.2022, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 375/1


    Rún maidir leis na tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2023 an Choimisiúin Eorpaigh

    (2022/C 375/01)

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN,

    ag féachaint don mhéid seo a leanas:

    an Prótacal maidir le Comhar leis an gCoimisiún Eorpach ó mhí Feabhra 2012,

    an Rún ó CnaR maidir lena Thosaíochtaí Polaitiúla do 2020-2025 (1),

    an tuarascáil deiridh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa,

    an t-ionchur ó pharlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a fuarthas faoi chuimsiú an chomhaontaithe comhair idir CnaR agus CALRE,

    rún ó CnaR maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa,

    á mholadh don Choimisiún Eorpach na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích trína Chlár Oibre do 2023:

    Todhchaí na hEorpa

    1.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó na moltaí a glacadh ag seisiún iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa maidir le hAontas Eorpach níos daonlathaí, níos inbhuanaithe agus níos cothroime a bheith ann. Tá CnaR tiomanta rannchuidiú le cur chun feidhme na tuarascála deiridh, lena n-áirítear na hathchóirithe institiúideacha is gá chun nasc láidir a áirithiú idir saoránaigh agus a n-ionadaithe tofa ar gach leibhéal. Tá a thograí leagtha amach ag CnaR i rún ar leithligh maidir le hathruithe agus nuashonruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na conarthaí agus ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha;

    2.

    Ag iarraidh go n-áireofaí i gclár oibre an Choimisiúin Eorpaigh tionscnaimh nithiúla lena gcuirfí na tograí sin chun feidhme, go háirithe d’fhonn modhanna rannpháirtíochta áitbhunaithe a fhorbairt agus gné bhuan de phróiseas cinnteoireachta an Aontais a dhéanamh de na modhanna sin, agus inniúlachtaí reachtacha na n-údarás réigiúnach á n-urramaú i gcónaí;

    3.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an togra maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa lena ndírítear ar chóras Comhairleoirí AE a chruthú, ar togra é a thionscain CnaR mar bhealach chun an bhearna idir institiúidí an Aontais agus saoránaigh an Aontais a laghdú tuilleadh. Tá CnaR tiomanta don togra seo a chur chun feidhme i gcomhar leis an gCoimisiún trí Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla, agus tríd an tionscadal Building Europe with Local Councillors [An Eoraip a thógáil i gcomhar leis na Comhairleoirí Áitiúla]. Molann CnaR freisin an rannpháirtíocht is leithne is féidir a bheith ag polaiteoirí agus riarthóirí áitiúla óga i bpróisis reachtóireachta an Aontais Eorpaigh, tríd an gclár Polaiteoirí Tofa Óga a chur chun cinn freisin;

    4.

    á iarraidh go mbeadh daoine óga rannpháirteach ar bhealach níos fearr sna próisis dhaonlathacha agus go mbeadh bealaí struchtúracha ann chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga (e.g. comhairlí na n-óg); den tuairim gur réamhriachtanas tábhachtach é an t-oideachas sibhialta le go bhféadfar saoránaigh a chumhachtú, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa saol daonlathach ar bhealach eolasach agus gníomhach; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tionscnaimh a mholadh sa chlár oibre uaidh le go bhféadfar curaclam uile-Eorpach a fhorbairt maidir leis an oideachas sibhialta, le luachanna daonlathacha Eorpacha a chur chun cinn, leis an smaointeoireacht chriticiúil, le scileanna digiteacha agus litearthacht sna meáin, i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

    5.

    ag tathant ar an gCoimisiún nós imeachta tapa a threorú arb é is aidhm leis réiteach sásúil buan a fháil ar fhadhb na géarchéime daonnúla sa Mheánmhuir, réiteach a dhíreofar, ar an gcéad dul síos, ar bheatha na n-imirceach a chosaint, ach freisin ar urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú freisin. Tá CnaR agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sásta obair i ndlúthchomhar a dhéanamh;

    6.

    á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid chórasach a bhaint as an ngreille mheastóireachta ar choimhdeacht agus tograí reachtacha á dtíolcadh aige i réimsí beartais a bhaineann le hinniúlachtaí comhroinnte nó comhordaithe;

    An Úcráin

    7.

    á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún Eorpach Saoráid Eorpach a bhunú do Dhídeanaithe na hÚcráine ar an leibhéal áitiúil, ní mar chiste nua ach mar uirlis oibríochtúil chomhlántach chun an rómhaorlathas a laghdú agus rochtain mhear a thabhairt do cheannairí áitiúla ar na cistí reatha;

    8.

    á chur i bhfáth go bhféadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as cistiú Ghníomhaíocht an Chomhtháthaithe le haghaidh Dhídeanaithe san Eoraip chun réitigh shaincheaptha a fhorbairt chun daoine de bhunadh imirceach a lánpháirtiú ar bhonn fadtéarmach, trí bhíthin infheistíochtaí i dtithíocht, san oideachas, san fhostaíocht, sa tsláinte, i gcuimsiú sóisialta agus i gcúram sóisialta, nó i seirbhísí sóisialta eile. Ba cheart tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhídeanaithe is cuma cén tír thionscnaimh arb as dóibh;

    9.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún togra a ullmhú maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an nGníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip chun réitigh ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bhreithniú le haghaidh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach d’fhonn riachtanais airgeadais leanúnacha a bhaineann le géarchéim na hÚcráine a shásamh; á iarraidh, freisin, go dtabharfaí isteach bearta láidre chun an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus déileáil léi, mar aon le bearta cosanta lena áirithiú go bhfuil teacht ag dídeanaithe ar chúram leighis agus síceolaíoch agus ar chearta maidir le sláinte atáirgthe; i bhfách le pacáiste um chosaint leanaí (“Child Protection Package”) do leanaí ón Úcráin ar dídeanaithe iad agus ag iarraidh bearta speisialta a thacóidh le dídeanaithe leochaileacha;

    10.

    á athdhearbhú, maidir le cur chun feidhme an phrionsabail “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”, dá réir nach gceadaítear ualaí reachtacha nua a thabhairt isteach ach amháin sa chás gur baineadh ualaí a bhí ann roimhe sin, gurb é an bonn cirt bunúsach atá leis an reachtaíocht uile i bpobail dhaonlathacha an glansochar a uasmhéadú don tsochaí ina hiomláine agus nach mór cuspóirí reachtacha agus ardchaighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an Aontais a chaomhnú;

    11.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh; á chur i bhfáth go dtarlaíonn sé nuair a aithnítear cearta saorghluaiseachta agus neamhspleáchas dídeanaithe go maolaítear ar an mbrú ar na córais náisiúnta tearmainn agus ar na hacmhainní glactha sna réigiúin teorann; Mar sin féin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar ábharthacht a Thogra le haghaidh Rialachán maidir le hionstraimiú i réimse na himirce agus an tearmainn agus ar an sainmhíniú ar ionstraimiú sa dréacht-athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen, toisc go mbeadh feidhm acu freisin maidir le dídeanaithe ón Úcráin a bhfuil leas á bhaint ag réimeas na Rúise astu mar uirlis chogaidh, rud a fhágann, dá bhrí sin, go bhfuil baol ann go dtiocfaí salach ar an Treoir um Chosaint Shealadach;

    12.

    ag tacú go láidir le plean téarnaimh Eorpach a chruthú don Úcráin chun geilleagar na hÚcráine a athbheochan, a bonneagar scriosta a atógáil, agus tacaíocht a thábhairt di san athchóiriú daonlathach ar institiúidí agus seirbhísí poiblí na tíre; sa chomhthéacs sin, bunóidh CnaR Comhghuaillíocht Cathracha agus Réigiún ar mhaithe leis an Úcráin a atógáil ina dtabharfar le chéile údaráis áitiúla agus réigiúnacha san Eoraip agus san Úcráin, d’fhonn ról lárnach a thabhairt don fhéinrialú i bpleanáil straitéiseach na hatógála, an próiseas déabhlóide agus an rialachas il-leibhéil san Úcráin a chur chun feidhme a thuilleadh agus an dea-rialachas áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú; ag aontú freisin leis an iarraidh ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus an Aontais comhpháirtíochtaí a athbheochan agus a chur ar bun, lena n-áirítear nascadh cathracha agus réigiún, mar dhlúthpháirteanna de phróiseas na hatógála; Tá CnaR i bhfabhar bearta lena maolófar iarmhairtí fadtéarmacha sóisialta agus eacnamaíocha chogadh na Rúise san Úcráin do réigiúin agus do chathracha an Aontais Eorpaigh;

    13.

    á chur i bhfios gur láidre i réigiúin ar leith éifeachtaí na mbeart ceartaitheach arna nglacadh mar chuid de nósanna imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha na mBallstát, cuir i gcás na réigiúin a shainaithnítear in Airteagal 349 CFAE, réigiúin a bhfuil geilleagar agus sochaí atá an-íogair ó thaobh turraingí eisginiúla agus beartais eacnamaíocha a thagann salach ar a chéile de;

    Téarnamh agus comhtháthú

    14.

    den tuairim dá ndéanfaí an clásal éalaithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú, i bhfianaise na géarchéime fuinnimh, na héagobhsaíochta geopholaitiúla agus an téarnaimh ó phaindéim COVID-19, go bhféadfadh tionchar suntasach eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheith aige. Tá CnaR á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfanfadh an clásal ginearálta éalaithe gníomhach go dtí go gcuirfear creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe i bhfeidhm. Tá CnaR i bhfách freisin leis an iarraidh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go ndéanfaí athchóiriú ar an Seimeastar Eorpach d’fhonn a dhlisteanacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mhéadú trí bhíthin cóid iompair arna bhunú ar an gcód iompair maidir leis an gcomhpháirtíocht a ghabhann leis na cistí struchtúracha;

    15.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, i bhfianaise chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta atá ar siúl faoi láthair, go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán i gcinnteoireacht, clársceidealú agus cur chun feidhme na bpleananna sin d’fhonn na rioscaí a eascraíonn as an easpa comhordaithe le foinsí eile maoinithe, lena n-áirítear an comhtháthú, a mhaolú agus an comhleanúnachas agus sineirgí le straitéisí forbartha áitiúla a neartú, dhá rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaint amach;

    16.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról cinntitheach ag an acmhainneacht a bhaineann le beartas comhtháthaithe Eorpach maidir le míchothromaíochtaí críochacha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a íoslaghdú — go háirithe iad siúd a bhfuil breisluach níos airde acu — agus maidir le dáileadh réigiúnach níos cothroime an ioncaim san Eoraip, rud nach n-áirithítear leis an margadh inmheánach agus an domhandú amháin. Mar sin, caithfear é a choinneáil i measc na bpríomhsmaointe ar fiú machnamh a dhéanamh orthu;

    17.

    go mór i bhfabhar an phrionsabail “gan aon dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a moladh san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, lena gcuirtear chun suntais go bhfuil an comhtháthú ar cheann de luachanna ginearálta an Aontais Eorpaigh; á mholadh tús luath a chur le próiseas machnaimh críochnúil faoi na dúshláin fhadtéarmacha a bhaineann leis an gcomhtháthú agus faoin gcaoi ar féidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus beartais eile AE aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin; ag tacú, maidir leis sin, leis an gCoimisiún agus é beartaithe aige sásra a bheidh chun leas na tuaithe a bhunú mar chuid de phróiseas trína gcuirfidh na beartais uile le comhtháthú na limistéar tuaithe, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal an Bhallstáit agus ar an leibhéal fonáisiúnta;

    18.

    á iarraidh go mbunófaí, mar chuid de mheastóireacht 2023 ar fhís fhadtéarmach 2040 maidir le limistéir thuaithe an Aontais Eorpaigh, tograí sonracha a mbeadh acmhainní, ionstraimí airgeadais agus spriocanna cainníochtúla ag dul leo, agus go gcuirfí tionchar chogadh na hÚcráine ar na limistéir thuaithe san áireamh freisin; á iarraidh go nglacfaí clár oibre réamhbhreathnaitheach maidir le limistéir thuaithe na hEorpa, clár oibre a thacódh leis an talmhaíocht agus an táirgeadh áitiúil, a chabhródh le comhtháthú na limistéar uirbeach agus na limistéar tuaithe, a chuirfeadh san áireamh staid na réigiún atá thíos leis de dheasca míbhuntáistí buana nádúrtha nó déimeagrafacha, a neartódh athléimneacht ó thaobh bia de agus a chuirfeadh le hathbheochan inbhuanaithe sna pobail tuaithe agus i réigiúin fhorimeallacha;

    19.

    á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlús a chur leis na hiarrachtaí cumarsáide maidir le beartais Eorpacha i gceantair thuaithe, ar ceantair iad a bhraitheann scoite amach ó na próisis díospóireachta agus nach mbíonn ar an eolas go minic faoi na bealaí rannpháirtíochta a chuireann na hinstitiúidí ar fáil dóibh;

    20.

    á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an straitéis nua do na Réigiúin is Forimeallaí san Aontas a chur i ngníomh, idir a raon feidhme agus a téagar uile, ar réigiúin iad a ndearna an phaindéim difear ar leith dóibh, agus a ndéanann fós, agus atá, ar an iomlán, leochaileach maidir leis an ngéarchéim idirnáisiúnta a d’eascair as an gcogadh san Úcráin;

    21.

    ag teacht le Comhdháil na dTionól Reachtach Réigiúnach agus le Parlaimint na hEorpa, maidir leis na dúshláin, riachtanais, agus saintréithe déimeagrafacha ar leith a bhfuil ar na réigiúin fhorimeallacha agus oileánacha dul i ngleic leo, lena n-áirítear oileánraí agus na réigiúin is forimeallaí, go bhfuil gá le tacaíocht thiomnaithe spriocdhírithe ón Aontas, cuir i gcás sna haistrithe glasa agus digiteacha, lena n-áirítear cláir thaighde agus infheistíochta lena ndíreofaí ar acmhainneacht na réigiún sin i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, na talmhaíochta inbhuanaithe agus an iascaigh inbhuanaithe, chosaint na mara agus na bithéagsúlachta, agus i dtaca le laghdú a dhéanamh ar na míbhuntáistí iomadúla struchtúracha agus buana a bhfuil na críocha sin den Aontas thíos leo, cuir i gcás na deacrachtaí atá ag na réigiúin sin maidir lena lorg CO2 a laghdú;

    22.

    ag teacht le Parlaimint na hEorpa maidir le comhshocrú um na hoileáin agus clár oibre de chuid an Aontais le haghaidh na n-oileán a chur chun tosaigh, i gcomhar leis na príomh-gheallsealbhóirí, mar atá údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, oibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, dála an chomhshocraithe uirbigh agus an chomhshocraithe um an tuath atá le teacht amach anseo; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar chás ilchineálach chríocha oileánacha an Aontais Eorpaigh;

    23.

    á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na gníomhartha reachtacha is gá a thionscnamh chun an straitéis do na réigiúin is forimeallaí a chur chun feidhme maidir le “tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas”, ar léiriú í ar thiomantas buanseasmhach an Choimisiúin do na réigiúin sin trí bhíthin cur chuige áitbhunaithe agus tacaíochta saincheaptha i gcomhréir leis an gConradh;

    24.

    á chur i bhfáth gur féidir le bailte beaga agus sráidbhailte ról ríthábhachtach a imirt maidir le próisis chomhtháite forbartha críochaí a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a rólsan san infheistiú críochach comhtháite agus i bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun cinn agus uirlisí críochacha eile a chur chun cinn lena dtacaítear le tionscnaimh arna mbunú ag na Ballstáit trí líonra tacaíochta comhairleach a chruthú laistigh den bheartas comhtháthaithe chun a n-úsáid a chothú, go háirithe i measc na limistéar beag uirbeach arb iad na lárionaid réigiúnacha iad, agus chun a áirithiú go dtacóidh na rialtais náisiúnta le gach tionscnamh um infheistiú críochach comhtháite agus um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, go háirithe na réigiúin sin is mó a bhfuil gá acu leis, cuir i gcás réigiúin bheagfhorbartha agus iad siúd a thit chun deiridh ó thaobh forbairt áitiúil de;

    25.

    den bharúil gur léiriú atá sna géarchéimeanna éagsúla atá os comhair an Aontais Eorpaigh faoi láthair ar an ngá atá le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a choinneáil ar bun agus fuinneamh úr reachtach a thabhairt dó in 2023 agus tá sé á chur in iúl, dá bhrí sin, de réir na Chéad Tuarascála Bliantúla maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, gur sáraíodh an íosmhéid 37 % de chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh ar an aistriú glas;

    An t-aistriú glas agus an inbhuanaitheacht

    26.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun plé leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i dtaobh chur chun feidhme na dtionscnamh a d’eascair as Comhshocrú Aeráide Ghlaschú agus a eascróidh as conclúidí COP27 amach anseo, agus tacaíocht a thabhairt don chomhar il-leibhéil agus don ionchur ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt don ról atá ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha maidir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus spriocanna na taidhleoireachta aeráide fonáisiúnta a bhaint amach; á iarraidh ar na páirtithe uile dul i gcomhar le chéile mar chuid de chreat uaillmhianach domhanda bithéagsúlachta don tréimhse tar éis 2020 d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an fhís atá i gcoiteann againn faoi 2050, is é sin an duine agus an dúlra a bheith ag cómhaireachtáil go suaimhneach le chéile;

    27.

    á chur in iúl gur ábhar imní dó é go bhfuil an dul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide moillithe i gcomparáid leis na hard-uaillmhianta a fógraíodh i straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus leis na huaillmhianta méadaithe ar an leibhéal domhanda, rud a cuireadh i bhfáth san achainí a rinne UNFCCC sprioc dhomhanda a leagan síos maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide;

    28.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na neamhthuilleamaíochta fuinnimh a chomhtháthú go córasach i gcreat reachtach an Aontais, trí bhearta córasacha a chur chun cinn maidir le fuinneamh a spáráil, chun cabhrú leis an aistriú go fuinneamh glan, in-athnuaite, inacmhainne agus slán agus dlús a chur leis an aistriú sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí oibriú le chéile ar chreat reachtach fónta lena ndéanfar an bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a mheas agus a throid; á iarraidh go gcuirfear CnaR san áireamh sa Ghrúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha; á chur i bhfáth gur uirlis ríthábhachtach iad pobail fuinnimh in-athnuaite maidir le húsáid fhorleathan na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus córas fuinnimh atá díláraithe agus slán a bhaint amach; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú leis na húdaráis réigiúnacha chun dul i ngleic leis na bacainní atá ar fhorbairt na n-údarás sin agus dreasachtaí breise a cheapadh, mar aon le tacaíocht a thabhairt don infheistiú is gá sa phróiseas sin. á chur i bhfios, i ndáil leis sin, nár cheart dearmad a dhéanamh ar réigiúin ina mbeidh an t-aistriú fuinnimh níos costasaí mar gheall ar a leithlisiú fuinnimh, cuir i gcás oileáin agus na réigiúin is forimeallaí;

    29.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh maidir le creat reachtach buan a chruthú don Chomhaontú Glas, creat ina gcuimseofar níos fearr na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus ina n-áireofar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar bhealach struchtúrtha in athbhreithniú críochnúil ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide;

    30.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair Chúnant Eorpach na Méaraí, agus do thionscnaimh amhail an misean Eorpach do chathracha aeráidneodracha agus cliste, mar phríomhuirlis chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme i gcathracha agus i réigiúin ar fud an Aontais agus chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na spriocanna maidir le hoiriúnú a bhaint amach;

    31.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhar leis na Ballstáit maidir le creat tacaíochta agus maoiniúcháin a bhunú d’fhonn dlús a chur leis na spriocanna athchóiriúcháin le haghaidh foirgnimh phoiblí fhonáisiúnta ar mhaithe le féidearthacht na gcaighdeán sin mar atá leagtha amach sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a áirithiú; á mheabhrú an athuair, maidir leis sin, an tábhacht a bhaineann le maoiniú díreach a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh, maille le treoir agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh, go háirithe chun foirgnimh stairiúla a athchóiriú;

    32.

    tiomanta leanúint de bheith ag obair i gcomhar le hArdán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le Truailliú Nialasach, cur chuige il-leibhéil a chur chun cinn maidir leis an bplean gníomhaíochta maidir leis an truailliú nialasach, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh agus, ag céim níos faide anonn, scórchlár a bhunú d’fheidhmíocht ghlas réigiúin an Aontais;

    33.

    á chur in iúl go dtacaíonn sé le Bliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise a ainmniú agus go bhfuil sé réidh le páirt ghníomhach a ghlacadh sa tionscnamh sin;

    34.

    ag tacú le cur chuige iomlánaíoch áitbhunaithe agus limistéarbhunaithe maidir le beartais chomhshaoil agus tá sé á iarraidh an athuair dlí muirí a bheith ann, ar an mbonn céanna is ann don dlí aeráide;

    35.

    á iarraidh go mbeadh béim níos láidre ar na slabhraí breisluacha gairide agraibhia agus go n-aithneofaí cé chomh héagsúil agus atá na córais táirgthe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear córais táirgthe mhalartacha, atá dírithe ar chórais áitiúla agus réigiúnacha táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a chur chun cinn d’fhonn cur leis an neamhspleáchas bia ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go mbeadh tacaíocht níos láidre ann do chomhthionscadail áitiúla ina mbíonn páirt ag próiseálaithe, údaráis áitiúla, feirmeacha, gnóthais foraoise, trádálaithe, comharchumainn, comhlachais táirgí áitiúla agus tomhaltóirí áitiúla chun tairiscint bia áitiúil a fhorbairt;

    36.

    ag leagan béim ar an ngá atá ann bearta a fhorbairt trí bheartais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha tacaíochta eacnamaíche agus shóisialta struchtúracha lena ndírítear ar an rochtain ar chóras bia níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla a éascú do na grúpaí is leochailí, agus ar an gcaoi sin cuidiú leis an murtall agus an míchothú a chomhrac, lena n-áirítear an plean gníomhaíochta AE atá le tarraingt suas don tréimhse i ndiaidh 2020 maidir leis an murtall i measc leanaí;

    37.

    á iarraidh go mbeadh córas éifeachtach rialachais il-leibhéil ann ina nascfaí misin Eorpacha le straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnacha, le bearta téarnaimh COVID-19, agus le cistiú nuálaíochta trí na Cistí Struchtúracha, ar mhaithe le hAontas níos glaise, níos sláintiúla, níos cuimsithí agus níos athléimní a bhaint amach;

    38.

    ag tacú go láidir leis an ngníomhaíocht phíolótach is déanaí “Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht Réigiúnach” maidir le coincheap na speisialtóireachta cliste a nascadh le cur chuige an mhisin san aistriú glas agus aistriú digiteach; á mholadh don Aontas tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun na misin chríche, maille le héiceachórais nuálaíochta áitiúla trí na moil LET, a chur chun cinn, le go bhféadfaidh ról gníomhach a bheith acu sa Limistéar Eorpach Taighde (LET) agus maidir leis an mbearna nuálaíochta atá san Aontas a dhúnadh;

    39.

    á chur i bhfáth nach bhféadfar an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua a chur chun feidhme ach trí chur chuige rialachais il-leibhéil agus áitbhunaithe a bheith ann, cur chuige arna cheapadh mar líonra idirnasctha de mhoil áitiúla agus réigiúnacha seachas mar ionad geografach amháin; á dhearbhú an athuair an togra ó CnaR maidir le scéim dearbhán sho-úsáidte lena dtabharfaí tacaíocht phraiticiúil do na cathracha agus na réigiúin le go bhféadfaidís páirt a ghlacadh i bpobal an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua;

    40.

    ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún gné na hinscne a phríomhshruthú tuilleadh ina phróisis bheartais, go háirithe trí mhodheolaíocht a chur chun cinn lena ndéanfar measúnú ar an tionchar a bheidh ag cláir AE ar ghné na hinscne;

    41.

    ag aithint go hiomlán an ghá le beart dearfach maidir le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach in earnáil an iompair; den bharúil nach mór gach modh iompair éirí níos inbhuanaithe, agus ní mór don iompar de bhóthar astaíochtaí a laghdú trí mheascán de bhreoslaí malartacha atá inbhuanaithe go fadtéarmach agus d’fheithiclí saor ó astaíochtaí. Tá sé tábhachtach freisin an saolré iomlán a chur san áireamh ionas go n-íoslaghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth, ní hamháin ag an bpíobán sceite. I bhfianaise an athraithe mhóir atá de dhíth in earnáil na mótarfheithiclí i ngach réigiún chun a ráthú nach bhfágfar aon réigiún ar lár, áitíonn CnaR ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag caighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí CO2 mótarfheithiclí agus veaineanna trí shásra Eorpach a thabhairt isteach chun tacú le haistriú cóir agus cothrom ón taobh sóisialta de i réigiúin thionscal mótarfheithiclí na hEorpa agus shlabhra soláthair an tionscail sin;

    An t-aistriú digiteach agus an earnáil tionsclaíochta

    42.

    ag moladh go láidir torthaí taighde agus dea-chleachtais a scaipeadh ar ghníomhaithe áitiúla i réimse na nuálaíochta — eadhon trí thionscnaimh amhail an tArdán um Malartú Eolais (KEP) agus An Eolaíocht sna Réigiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí leanúnacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, lena ndírítear go príomha ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar chuideachtaí a bhfuil acmhainn ardfháis iontu laistigh de réigiúin na hEorpa;

    43.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an obair a rinne an Coimisiún faoin ngluaiseacht “Join, Boost, Sustain”; á chur in iúl go bhfuil sé toilteanach leanúint dá ghníomhaíochtaí sainiúla maidir le táscairí digiteacha áitiúla agus réigiúnacha agus tacú leis an gCoimisiún Eorpach chun uirlisí oiriúnacha a chur ar fáil do chathracha agus do bhardais le go bhféadfaidh siad an claochlú digiteach a thomhas;

    44.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i bhfianaise na tuairime ó CnaR An Comhtháthú Digiteach, dul i gcomhar le CnaR agus le comhlachais áitiúla agus réigiúnacha maidir le (1) conas is féidir bearnaí digiteacha atá ag méadú a aithint agus faireachán a dhéanamh orthu, (2) conas is féidir an tAontas a dhéanamh níos comhtháite ar bhonn digiteach agus (3) conas is féidir moltaí maidir leis an gclaochlú digiteach a rinne CnaR agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun feidhme;

    45.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh um Shonraí agus go bhfuil sé ag tnúth le dréacht-rialachán maidir leis an nGníomh um an Straitéis Idir-inoibritheachta lenar cheart comhroinnt chothrom agus chothromasach sonraí a éascú, go háirithe idir údaráis phoiblí ar leibhéil éagsúla agus idir eintitis phríobháideacha, agus lena gcuirfear leis an muinín atá ag cuideachtaí príobháideacha agus údaráis phoiblí as a chéile;

    46.

    á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth le foilsiú tionscnaimh reachtaigh nua chun ionstraim éigeandála a chruthú le haghaidh an mhargaidh aonair agus gur díol sásaimh dó an fógra ón gCoimisiún go mbeidh sé d’aidhm ag an ionstraim sin rialachas Eorpach an mhargaidh aonair a threisiú tráth géarchéime d’fhonn suaitheadh a thuar agus a chosc; ag iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bheith rannpháirteach i sásraí ullmhachta agus freagartha i gcomhair géarchéimeanna;

    47.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá straitéis thionsclaíoch níos comhordaithe agus níos leithne ó thaobh na polaitíochta de, ionas nach bhfágfar ar lár na réigiúin is iargúlta atá easpach maidir le lonnú tionscail agus maidir le héagsúlú na struchtúr eacnamaíoch, ach leis an bhféidearthacht cuideachtaí seirbhísí a bhunú a bheadh comhlántach le cuideachtaí tionsclaíocha a bhfuil sé mar aidhm leis an straitéis Eorpach iad a athlonnú i gcríoch an Aontais;

    48.

    á mholadh an athuair go ndéanfadh an Coimisiún an beartas tionsclaíochta a bheidh aige amach anseo a nascadh le riachtanais a bheidh ann sa todhchaí, agus ceachtanna ó éiceachórais réigiúnacha iomaíocha, tábhacht na bpríomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte á gcur san áireamh san am céanna;

    49.

    ag moladh don Choimisiún Eorpach an nasc idir an Beartas Comhtháthaithe agus ionú na Státchabhrach sa Bheartas Iomaíochta a fheabhsú agus a neartú, trí úsáid chómhaoinithe REACT-EU a cheadú i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi chuimsiú an chreata sealadaigh géarchéime um státchabhach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis don Rúis ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin;

    Comhar trasteorann agus an tsoghluaisteacht

    50.

    á thabhairt dá aire go bhfuil bacainní dlí agus riaracháin fós ina mbac ar fhorbairt na réigiún teorann san Eoraip; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ionstraim a mholadh le haghaidh comhordú idir na Ballstáit le linn dóibh treoracha AE a thrasuí lena sheachaint go gcruthófaí constaicí nua dlí ag na teorainneacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún, freisin, tús a chur arís leis an bplé leis an gComhairle i dtaobh Rialachán ECBM (an Sásra Trasteorann Eorpach) atá beartaithe, nó ionstraim eile a bheartú lena bhféadfadh réigiúin teorann na hEorpa teacht ar réitigh éifeachtúla ar na bacainní atá le sárú acu;

    51.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a thíolacadh d’fhonn cothabháil an chomhair trasteorann talún agus mhuirí a áirithiú i gcás géarchéim uile-Aontais nó réigiúnach agus cistiú leordhóthanach a thabhairt do thionscadail lena bhforbraítear an nascacht agus an idirmhódúlacht trasteorann. Ba cheart a áirithiú i gcónaí sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa glaonna sonracha chun naisc thrasteorann atá in easnamh a leigheas agus ba cheart do INTERREG cur leis an maoiniú a thugtar chun dul i ngleic leis na scrogaill iompair sin. Ba cheart na hinfheistíochtaí fadtéarmacha agus inbhuanaithe tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus trí na bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh (NPBInna) maoiniú a chur ar fáil freisin do thionscadail trasteorann;

    52.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an comhairliúchán poiblí a thionscain an Coimisiún Eorpach Brain drain – mitigating challenges associated with population decline; á iarraidh an athuair go ndéanfaí cineálacha éagsúla freagairtí a shainaithint agus a chur chun feidhme maidir le gach fo-chuid d’fheiniméan na himirce daoine oilte — inimirce daoine oilte, cur amú éirime, cúrsaíocht daoine oilte agus aisimirce — mar aon le himirce an fhórsa saothair oilte;

    53.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-athbhreithniú uaillmhianach a rinneadh ar na treoirlínte chun na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T) a fhorbairt, go háirithe nóid uirbeacha a chomhtháthú níos fearr sa ghréasán fadraoin agus rialachas na gconairí Eorpacha a fheabhsú. Mar sin féin, teastóidh maoiniú suntasach ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach le go bhféadfar an bonneagar a chur chun feidhme i gcomhréir leis na spriocdhátaí do gach sraith den ghréasán. Chun leanúnachas agus infhaighteacht an mhaoinithe a áirithiú, molann CnaR tús a chur leis an bplé faoin gcéad leagan eile den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE 3);

    54.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcreat nua don tsoghluaisteacht uirbeach; á iarraidh, ag an am céanna, níos mó béime a chur ar chur chun cinn na soghluaisteachta gníomhaí agus an iompair phoiblí. Is gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí suntasacha cistiúcháin atá i ndán do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i limistéir uirbeacha agus pheirea-uirbeacha, chomh maith leis an gcuimsitheacht iompair a áirithiú do na réigiúin tuaithe, d’fhonn cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach;

    Cosaint shóisialta, oideachas agus an óige

    55.

    á dhearbhú an athuair gur gá daoine óga a rannpháirtiú níos mó sna próisis dhaonlathacha agus sna cinntí ar gach leibhéal rialachais; á chur i bhfáth go bhfágfadh príomhshruthú na hóige sna réimsí beartais ábhartha uile go mbeadh an tAontas in ann oidhreacht láidir a áirithiú do Bhliain Eorpach na hÓige, 2022;

    56.

    ag leagan béim ar an ngá atá ann rochtain a éascú ar chosaint shóisialta, ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe do chách — agus go háirithe do dhaoine óga — lena n-áirítear trí mhaoiniú AE, agus dul i ngleic leis an bhfostaíocht fhorbhásach i measc na n-óg, mar fhreagairt ar an gcás tromchúiseach a bhfuil ar aos óg na hEorpa dul i ngleic leis tar éis phaindéim COVID-19;

    57.

    ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach creat rialála Eorpach a mholadh chun deireadh a chur le tréimhsí oiliúna gan íocaíocht;

    58.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach clár Eorpach tithíochta a bhunú, lena dtabharfaí aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin agus na deiseanna atá roimh an earnáil tithíochta tríd an straitéis “rabharta athchóiriúcháin” a chur chun feidhme i gceart; á iarraidh, dá bhrí sin, eisceacht a dhéanamh i gcás infheistíochtaí i dtithíocht fhadtéarmach le nach n-áireofar iad mar chaiteachas struchtúrach náisiúnta nó coibhéiseach mar atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis;

    59.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise na mórdhúshlán atá tagtha chun cinn sa tsochaí le blianta beaga anuas, nuashonrú a dhéanamh ar mholadh 2011 ón gComhairle maidir le beartais choisctheacha chun luathfhágáil na scoile a laghdú;

    60.

    á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé feabhas a chur ar an oideachas digiteach, mar phríomhchuspóir straitéiseach don teagasc agus don fhoghlaim ardcháilíochta sa ré dhigiteach. Trí scileanna digiteacha a bhaint amach, tugtar cumhacht do shaoránaigh an lae inniu agus do na saoránaigh a bheidh ann amach anseo, rud a chuirfidh ar a gcumas déileáil ar bhealach níos rathúla leis an gceathrú réabhlóid thionsclaíoch (réabhlóid dhigiteach) atá ann faoi láthair agus leis an gcúigiú réabhlóid atá ar na bacáin le hearnáil na tionsclaíochta 5.0.;

    61.

    á dhearbhú an athuair gur gá Colún Eorpach na gCeart Sóisialta maille leis na príomhspriocanna ábhartha atá ann do 2030 a chur chun feidhme ina n-iomláine; ag tathant ar an gCoimisiún, ina leith sin, straitéis chuimsitheach Eorpach i gcoinne na bochtaineachta a chur ar fáil, agus foráil a dhéanamh freisin maidir le sásraí éifeachtacha faireacháin agus bailithe sonraí, lena n-áirítear ar an leibhéal fonáisiúnta;

    62.

    á iarraidh go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i ndearadh agus i gcur chun feidhme na dtograí le haghaidh margaí saothair cuimsitheacha agus beartais shóisialta níos láidre;

    Sláinte, cosaint shibhialta agus turasóireacht

    63.

    i bhfách go huile agus go hiomlán leis an moladh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an teacht aniar atá i gcórais sláinte na hEorpa a neartú; á mheabhrú gur bainistiú díláraithe a dhéantar ar na córais sin in dhá thrian de na Ballstáit, rud a fhágann go bhfuil na réigiúin ina bpáirtithe tábhachtacha sa phlé a dhéanfar ar aon bheartais nua atá dírithe ar spleáchas an Aontais ar sholáthraithe cógas ón gcoigríoch a laghdú agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin, i gcomhordú an taighde agus an mhaoinithe, sa dlús a chuirfí le stoc-charnadh straitéiseach, i neartú na monaraíochta agus in aon athbhreithniú a dhéanfaí ar leochaileacht na gcóras sláinte; ag iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, machnamh a dhéanamh ar reachtaíocht nua, de chineál na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna, d’fhonn cur le neamhspleáchas an Aontais i réimse na gcomhábhar gníomhach, na gcógas réamhdhéanta, agus maidir le gach cineál frithbhirt leighis;

    64.

    ag súil leis go molfaidh an Coimisiún tograí nithiúla maidir le cur chun feidhme na moltaí ó CnaR i ndáil leis an Treoir maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a éascú d’othair, do ghairmithe sláinte, d’árachóirí sláinte agus d’údaráis phoiblí; á iarraidh go sonrach go dtabharfaí níos mó comhairle agus tacaíochta gníomhaí (lóistíochta, dlí agus airgeadais) do na réigiúin teorann a bhfuil lámh acu i gcomhar cúraim sláinte trasteorann (nó a bhfuil sé beartaithe acu sin a dhéanamh);

    65.

    ag súil leis go molfaidh an Coimisiún bearta san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an reachtaíocht chógaisíochta lena áirithiú go mbeidh rochtain phras ag gach othar ar chógais leighis nuálacha, riachtanacha agus inacmhainne, beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna leis an nganntanas cógaisíochta;

    66.

    á chur in iúl an athuair go bhfuil gá le plean soiléir maidir le tiomantas fadtéarmach don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus do na hionstraimí ann, agus an maoiniú chuige sin a neartú, maidir le tubaistí a chosc agus ullmhú dóibh agus maidir leis an acmhainneacht choiteann phráinnfhreagartha, go háirithe i bhfianaise tubaistí níos casta agus níos minice a bheith ann. Tá CnaR ullamh chun cabhrú le hobair an Líonra Eolais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta i gcomhar le saineolaithe réigiúnacha agus áitiúla sa bhainistiú tubaistí;

    67.

    ag leanúint de straitéis nua a iarraidh maidir le turasóireacht na hEorpa, agus tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún Clár Oibre Turasóireachta Eorpach 2030/2050 a thíolacadh ar deireadh chun tacú le dé-aistriú (glas agus digiteach) chinn scríbe turasóireachta na hEorpa, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, chun borradh a chur faoina n-iomaíochas agus chun téarnamh an gheilleagair agus fostaíocht turasóireachta agus athsheoladh athléimneach gníomhaíochtaí agus feidhmiú an chirt chun turasóireachta sábháilte agus iomlán ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh a éascú;

    Comhar seachtrach

    68.

    ag súil leis go ndéanfaidh an Coimisiún obair leantach maidir leis an iarraidh ó CnaR níos mó tábhachta a thabhairt don ghné réigiúnach sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach agus go ndéanfaidh sé machnamh ar bhealaí agus ar mhodhanna chun baint struchtúrach, trí CnaR, a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis an gcomhpháirtíocht leis an Ríocht Aontaithe agus le creat institiúideach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair. Amach ón gComhaontú sin, cuireann CnaR i bhfáth gur cheart don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe leas a bhaint as na deiseanna comhair atá ann, deiseanna nár baineadh leas astu go fóill, idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha na Ríochta Aontaithe, chun aghaidh a thabhairt le chéile ar dhúsláin atá i gcoiteann acu, amhail bainistiú inbhuanaithe na Mara Thuaidh, Mhuir nIocht agus Mhuir Éireann, nó cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

    69.

    á iarraidh ar an gCoimisiún, agus reachtaíocht turasóireachta á ceapadh aige, na srianta breise atá ar na réigiúin is forimeallaí a chur san áireamh, ar srianta iad atá ag brath go mór ar an turasóireacht dá bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, agus ag tabhairt rabhadh, sa chomhthéacs sin, gur gá cistiú cuí a áirithiú chun inrochtaineacht agus an t-aistriú aeráide agus digiteach a choimirciú sna réigiúin sin;

    70.

    á mholadh go gcuirfí creat le haghaidh gníomhaíocht fhonáisiúnta san áireamh go foirmiúil i bpróiseas UNFCCC agus sa bheartas Eorpach aeráide a thiocfaidh as an bpróiseas sin;

    71.

    á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don ról a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag an gcomhar idir piaraí chun cur leis an tsíocháin agus leis an rathúnas i dtríú tíortha, amhail Tionscnamh na Niocóise;

    72.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tuairimí ón gCoimisiún Eorpach maidir le hiarratas na hÚcráine, na Seoirsia agus na Moldóive ar bhallraíocht san Aontas agus gur díol áthais dó freisin an cinneadh ón gComhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir a bhronnadh ar an Úcráin agus an Mholdóiv agus an pheirspictíocht Eorpach a aithint i gcás na Seoirsia; sa chomhthéacs sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus anailís dhomhain a dhéanamh ar an gcaidreamh le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus béim níos mó a leagan leis sin ar a gcuid iarrachtaí ar son an lánpháirtithe;

    73.

    á chur in iúl go bhfuil sé i bhfách le tíortha uile na mBalcán Thiar teacht isteach san Aontas Eorpach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir aontachais uile; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé comharthaí dearfacha a chur chuig tíortha na mBalcán Thiar d’fhonn a rannpháirtíocht sa phróiseas a bhaineann le ballraíocht a chothú, ar próiseas fada é ar an drochuair;

    74.

    ag treorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh agus chuig na hUachtaránachtaí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

    An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Vasco ALVES CORDEIRO


    (1)  COR-2020-01392-00-00-RES-TRA.


    Top