Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC1114(03)

    Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí 2022/C 431/08

    C/2022/8071

    IO C 431, 14.11.2022, p. 26–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 431/26


    Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    (2022/C 431/08)

    Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

    IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

    Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    “Emmental français est-central”

    Uimh. AE: PGI-FR-9180-AM01 – 16.4.2021

    STFC ( ) TGFC (X)

    1.   Grúpa iarrthach agus leas dlisteanach

    Syndicat des Fabricants et Affineurs d’Emmental Traditionnel (SFAET) [Ceardchumann Táirgeoirí agus Aibitheoirí Emmental Traidisiúnta]

    26 rue Proudhon – 25000 Besançon

    Fón +33 381834613

    R-phost: emmentalgrandcru.labelrouge@gmail.com

    Sa ghrúpa seo tá na táirgeoirí bainne agus na déantóirí cáise go léir a áirítear leis an Tásc Geografach faoi Chosaint “Emmental français est-central”. Dá bhrí sin, tá an ceart dlisteanach aige leasuithe ar an tsonraíocht a mholadh.

    2.   Ballstát nó tríú tír

    An Fhrainc

    3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

    Ainm an táirge

    Tuairisc ar an táirge

    Limistéar geografach

    Cruthúnas ar thionscnamh

    An modh táirgthe

    Nasc

    Lipéadú

    Eile: nuashonrú ar shonraí teagmhála údaráis inniúla an Bhallstáit agus ar shonraí teagmhála an ghrúpa iarrthaigh, tagairtí nuashonraithe do na comhaltaí iniúchta, ceanglais náisiúnta nuashonraithe (na príomhphointí atá le fíorú).

    4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

    Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    5.   Leasú nó leasuithe

    5.1.    Tuairisc ar an táirge

    Maidir le cáis a chuirtear i láthair i bhfoirm ghrátáilte, cuireadh an méid seo leis an tsonraíocht: “nuair a bhíonn siad i málaí, ní mór go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil na snáitheanna de cháis ghrátáilte scartha óna chéile agus nach bhfuil siad brúite isteach ina chéile” Tá an abairt sin sa tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair, ach é curtha sa roinn sin a bhaineann le cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach, roinn chontráilte do ghné den tuairisc ar an táirge.

    Leasaíodh an mhír chomhfhreagrach maidir leis na cineálacha éagsúla cur i láthair sa doiciméad aonair freisin agus aistríodh í go pointe 3.5.

    5.2.    Limistéar geografach

    Rinneadh an limistéar geografach, ina bhfuil 13 réigiún sa tsonraíocht atá ann faoi láthair, a laghdú go 6 réigiún: Doubs, Haute-Marne, Haute-Saône, Jura, Territoire de Belfort agus Vosges. Níl na réigiún Ain, Côte d’Or, Haute-Savoie, Isère, Rhône, Saône-et-Loire agus Savoie ina gcuid den limistéar geografach a thuilleadh.

    Fágann an laghdú sin ar an limistéar geografach gur féidir an nasc idir TGFC agus an chríoch a neartú, toisc go bhfuil dálaí aeráide níos aonchineálaí ag baint leis an limistéar geografach laghdaithe.

    Ó bhí 2006 ann, tá na hoibreoirí go léir atá údaraithe chun bainne a tháirgeadh agus chun “Emmental français est-central” a dhéanamh agus a aibiú lonnaithe sa limistéar geografach laghdaithe mar a shainítear sa leasú atá beartaithe ar an tsonraíocht.

    Cuireadh an leasú sin i bhfeidhm ar an doiciméad aonair freisin.

    5.3.    Cruthúnas ar thionscnamh

    Tá an abairt “Aon oibreoir ar mian leis a bheith páirteach sa tsonraíocht táirge ar fad nó i gcuid di, ní mór dó an grúpa a chur ar an eolas chun údarú a fháil, rud a chaithfear a dhéanamh sula ndéantar aon táirgeadh” ag tús na ranna chun a mheabhrú do na hoibreoirí uile go bhfuil sé d’oibleagáid orthu iad féin a chur in iúl sula dtosaíonn siad ag táirgeadh ionas gur féidir leis na comhlachtaí iniúchta iniúchadh a dhéanamh orthu. Ní dhéanann an ghné bhreise sin difear don doiciméad aonair.

    5.4.    An modh táirgthe

    5.4.1.   Táirgeadh bainne – an tréad déiríochta a bheathú

    5.4.1.1.   Cineálacha toirmiscthe beatha

    Toirmisctear leis an tsonraíocht atá i bhfeidhm faoi láthair cineálacha áirithe beatha a thabhairt don tréad déiríochta (ba atá ag lachtadh agus ba tirime). Cuireadh leis toirmeasc ar bheatha ina bhfuil amhábhair, breiseáin agus áiseanna próiseála a dhíorthaítear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOnna). Is riosca díreach nó indíreach do shláinte tomhaltóirí agus don chomhshaol é láithreacht amhábhar agus breiseán a dhíorthaítear ó GMOnna sa bheatha a thugtar don tréad déiríochta.

    Tugadh isteach freisin cosc ar “táirgí a dhíorthaítear ó ola phailme agus ó eithní pailme de chineál ar bith”, mar go meastar go bhfuil na táirgí sin mí-oiriúnach mar gheall ar an gconspóid a bhaineann leo.

    Ina theannta sin, chun fáil réidh le débhríocht ar bith san fhoclaíocht, tá sé sonraithe anois go bhfuil na cineálacha beatha atá liostaithe toirmiscthe sa bheatha bhunúsach agus sa bheatha fhorlíontach araon.

    Rinneadh na leasuithe céanna ar phointe 3.3 den doiciméad aonair.

    5.4.1.2.   Beatha bhunúsach

    Foráiltear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go mbeidh an bheatha bhunúsach don tréad déiríochta bunaithe ar fhéar agus ar fhéar tirim. Ní mór na hainmhithe a thógáil de réir na dtimthriallta traidisiúnta, is é sin seal ag innilt agus seal eile sna stáblaí.

    Cuireadh leis an tsonraíocht go n-áirítear le beatha bhunúsach, i dteannta le féar, féar tirim agus an dara barr d’fhéar tirim, gach farae garbh a dháiltear bíodh sé glas nó sleabhctha. Áirítear leis freisin tiúbair plandaí agus biatais. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh an farae a dháiltear ar liosta na gcineálacha toirmiscthe beatha.

    Rinneadh an leasú sin freisin ar phointe 3.3 den doiciméad aonair.

    Sonraíodh sa tsonraíocht gur cheart a thuiscint go gciallaíonn an cóimheas de 50 % den chiondáil iomlán a sholáthraíonn féar agus féar tirim an céatadán íosta den ábhar tirim sa chiondáil iomlán a sholáthraíonn an bunábhar.

    Rinneadh an leasú sin freisin ar phointe 3.3 den doiciméad aonair.

    Cuireadh leis an tsonraíocht freisin nach mór go dtiocfadh 100 % den fharae atá ina bheatha bhunúsach do na ba déiríochta ó limistéar geografach TGFC. Ar cheann de phríomhchuspóirí an iarratais chun an tsonraíocht a leasú tá an nasc idir an táirge agus a chríoch a neartú. Bíonn tionchar ag an micreaflóra sa bhainne ar na saintréithe orgánaileipteacha. Braitheann bithéagsúlacht an mhicreaflóra sin ar nádúr na féarthalún agus ar an bhfarae a dháiltear ar na hainmhithe. Tá cion próitéine níos airde ná an meán sa Fhrainc ag baint le bainne ó na féarthailte sa limistéar geografach. Treisítear an tsaintréith sin leis an tsonraíocht lena gcuirtear cosc ar fharae a thabhairt isteach ó lasmuigh den limistéar geografach.

    Rinneadh an leasú sin ar phointe 3.3 den doiciméad aonair.

    D’fhéadfadh ceist a bheith ann faoi cén bhrí atá leis an bhfocal “stáblaí”. Cuireadh na focail “tithíocht beostoic” in ionad an fhocail sin sa tsonraíocht.

    5.4.1.3.   Innilt

    Éilítear íostréimhse innilte de 5 mhí leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair. Rinneadh an íostréimhse sin a fhadú go dtí 6 mhí. Cuireadh leasú leis an tsonraíocht freisin nach mór, le linn na tréimhse innilte, 0,30 heicteár ar a laghad a bheith ag gach gabháltas in aghaidh na bó atá ag lachtadh, ar heicteár iad atá faoi fhéar a itear agus é úr, agus ar a bhfuil ar a laghad 0,20 heicteár ar féidir dul a fhad leo tríd an mbleánlann agus a úsáidtear le haghaidh innilte.

    Is cuid mhór de shonraíocht an táirge iad innilt éigeantach agus an úsáid is fearr a bhaint as féarthailte. Tá bithéagsúlacht mhór luibheolaíoch agus mhiocróbach ag baint leis na féarthailte. Cuireann cothabháil na dtimthriallta traidisiúnta innilte agus déanta féir thirim leis an mbithéagsúlacht sin.

    Rinneadh na leasuithe sin ar phointe 3.3 den doiciméad aonair.

    5.4.1.4.   Beathú ó mhainséar

    Tá foráil curtha leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair lena sonraítear, nuair a bhíonn ainmhithe seachas ba déiríochta sa chró céanna (foirgneamh céanna) agus iad á mbeathú le beatha nach bhfuil údaraithe do na ba déiríochta, nach mór na hainmhithe sin a choinneáil i bhfáiméad ar leithligh laistigh den chró.

    Cuirtear toirmeasc leis an tsonraíocht ar amhábhair éagsúla a thabhairt don tréad déiríochta mar bheatha agus ceanglaítear léi go ndéanfaí an tréad déiríochta a scaradh ó thréada eile ar an bhfeirm, go háirithe sna foirgnimh beostoic. Áirithítear leis an bhforáil seo go háirithe nach bhfuil an bheatha a dháiltear ar an tréad déiríochta éillithe ag amhábhair thoirmiscthe, go háirithe táirgí coipthe, agus bíonn sé níos éasca cigireacht a dhéanamh mar thoradh uirthi.

    Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

    5.4.1.5.   Socruithe maidir le beatha a dháileadh

    Sonraítear sa tsonraíocht nár cheart farae tirim (féar tirim, dara barr d’fhéar tirim) atá beartaithe do bha déiríochta (lena n-áirítear ba tirime) a fhliuchadh sula ndéantar é a dháileadh nó le linn an dáilte. I gcás ina ndáiltear tiúbair nó biatais ar bha déiríochta, ní mór aon rud nár itheadh a bhaint laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a dáileadh iad.

    Cuireadh an soiléiriú sin leis freisin faoi mhír 3.3 den doiciméad aonair.

    5.4.1.6.   Beatha fhorlíontach

    Sonraíodh nach mór beatha bhreise, seachas molás agus fíonfhuíoll biatais, a dháileadh i bhfoirm dhíhiodráitithe nó thámh.

    Liostaítear sa roinn seo na hamhábhair agus na breiseáin atá údaraithe chun bheith ina gcuid de bheatha bhreise an tréada déiríochta. Leasaíodh an t-aicmiú chun bheith ar aon dul le hainmníocht na reachtaíochta Eorpaí atá i bhfeidhm (Rialachán (AE) Uimh. 68/2013). Leasaíodh ceannteidil na gcatagóirí dá réir sin.

    An chatagóir dá ngairtí “1- Gráin ghránaigh: a dtáirgí agus a bhfotháirgí”, cuireadh ina hionad an chatagóir “1- Gráin ghránaigh agus táirgí a dhíorthaítear uathu”, i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm. Cuireadh sorgum leis an liosta d’amhábhair atá údaraithe faoi láthair. Is rogha mhalartach é sorgum ar arbhar Indiach agus níl aon fhritásca ag baint leis maidir lena úsáid mar bheathú do thréada déiríochta.

    An chatagóir dá ngairtí “2- Síolta ola nó torthaí ola, a dtáirgí agus a bhfotháirgí”, cuireadh ina hionad “2- Síolta ola, torthaí ola agus táirgí a dhíorthaítear uathu”, i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm. Baineadh ola phailme de liosta na n-amhábhar atá údaraithe faoi láthair i bhfoirm síolta, ola nó cáca ola.

    Tá sé sonraithe go bhféadfar gach amhábhar údaraithe a áireamh i bhfoirm olaí agus saillte.

    Athraíodh ainm na catagóire dá ngairtí “3- Síolta léagúim” go “ 3- Síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear uathu”, i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm.

    Athraíodh ainm na catagóire dá ngairtí “4- Táirgí ó tháirgeadh siúcra” go “4- Tiúbair, fréamhacha agus táirgí a dhíorthaítear uathu”, i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm. Cuireadh iad seo a leanas leis an liosta d’amhábhair atá údaraithe faoi láthair:

    fíonfhuíoll biatais leachta;

    laíon biatais díhiodráitithe (atá údaraithe cheana faoin gcatagóir “6- Farae díhiodráitithe” sa tsonraíocht atá ann faoi láthair) agus laíon tiúbair díhiodráitithe;

    próitéin prátaí.

    Tá próitéin prátaí údaraithe cheana féin i roinn eile den tsonraíocht atá ann faoi láthair.

    Tá an t-amhábhar “cána siúcra” san áireamh anois faoin gcatagóir “7- Plandaí eile, algaí agus táirgí a dhíorthaítear uathu”.

    Athraíodh ainm na catagóire dá ngairtí “5- Farae díhiodráitithe” go “6- Foráiste agus gairbhseach agus táirgí a dhíorthaítear uathu”, i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm. Cuireadh féara díhiodráitithe agus léagúim le liosta na n-amhábhar atá údaraithe faoi láthair. Tá féar tirim agus féar léagúmach údaraithe cheana féin mar bheatha do thréada déiríochta faoin tsonraíocht atá ann faoi láthair. Leathnaíodh an t-údarú seo chuig na cineálacha céanna farae sin i bhfoirm dhíhiodráitithe nó i bhfoirm táirgí díorthaithe i dtiúchan próitéine.

    Athraíodh ainm na catagóire dá ngairtí “6- Plandaí eile, a dtáirgí agus a bhfotháirgí” go “ 7- Plandaí eile, algaí agus táirgí a dhíorthaítear uathu”, i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm.

    Cuireadh na trí cheannteideal nua seo a leanas in ionad chatagóir 7 agus thábla na mbreiseán atá údaraithe faoin tsonraíocht atá ann faoi láthair chun go mbeidís i gcomhréir leis an ainmníocht Eorpach atá i bhfeidhm:

    Catagóir 11: Mianraí agus táirgí a dhíorthaítear uathu;

    Catagóir 12: Táirgí agus fotháirgí coipthe miocrorgánach – féach leasú 13 i dtaca le fíonfhuíoll;

    Breiseáin agus áiseanna próiseála (féach liosta simplithe na mbreiseán atá údaraithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus (AE) 2019/962).

    Ní dhéanann na leasuithe sin, ar leasuithe iad nach n-athraíonn saintréithe an táirge, difear don doiciméad aonair.

    5.4.1.7.   Córais beathaithe do bha déiríochta

    Nuashonraíodh na córais beathaithe de réir na n-athruithe a mhínítear thuas:

    fad na híostréimhse innilte a fhadú ó 5 mhí go dtí 6 mhí;

    an nath “beatha bhunúsach” curtha in ionad an natha “féar agus/nó féar tirim agus/nó an dara barr d’fhéar tirim”.

    Scriosadh an nath “na hainmhithe a choimeád i ndea-shláinte” toisc nach raibh gá léi.

    Ní dhéanann an leasú seo, ar leasú é nach n-athraíonn saintréithe an táirge, difear don doiciméad aonair.

    5.4.2.   Déirithe cáise – An bainne a stóráil agus a bhailiú

    Rinneadh na habairtí “Ní mór an bainne a bhailíonn na déirithe cáise a bheith inrianaithe. Ní mór do na déirithe cáise loga bailiúcháin a choinneáil cothrom le dáta.” a scriosadh toisc nach mbaineann siad leis an roinn “Modh táirgthe”.

    Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

    5.4.3.   Déirithe cáise – Slabhra táirgeachta

    Rinneadh an abairt “Ní mór na monarcha táirgthe a bheith suite sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 3.” a scriosadh toisc gur athrá atá ann ar an gceanglas atá sa roinn maidir leis an sainmhíniú ar an limistéar geografach.

    Rinneadh an abairt “Caithfidh an bainne a úsáidtear le haghaidh táirgeadh teacht ó ghabháltais údaraithe a chomhlíonann sonraíocht an táirge.” a scriosadh toisc gur athrá atá ann ar an gceanglas atá sa roinn maidir le cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach.

    Rinneadh an mhír “Chun gur féidir é a sheiceáil tráth ar bith, ní mór inrianaitheacht tháirgeadh ‘Emmental français est-central’ a áirithiú chun gur eol tionscnamh an bhainne a úsáidtear agus gur féidir faireachán a dhéanamh ar an táirge ag gach céim den táirgeadh. Leis an gcóras, ní mór go gcumasófar freisin na cáiseanna a tháirgtear a shainaithint amach anseo.” a scriosadh ón roinn “Modh táirgthe” agus a aistriú go dtí an roinn maidir le cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach, rud a bhfuil dealramh leis.

    Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

    5.4.4.   Déirithe cáise – Táirgeadh

    Rinneadh an téacs á shoiléiriú chun a dhearbhú go bhfuil toirmeasc ar gach leasaitheach seachas salann.

    Cuireadh leis an tsonraíocht an coinníoll nach féidir aon cheann de na comhábhair ná na háiseanna próiseála a dhíorthú ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe. Tá údar maith leis seo toisc nach bhfuil measúnú iomlán déanta go fóill ar na rioscaí don tomhaltóir agus don chomhshaol.

    Scriosadh an t-uasfhad ama chun teocht an ghrutha a choinneáil (90 nóiméad) toisc nach bhfuil aon tábhacht teicneolaíochta ná cháilíochtúil ag baint leis.

    Rinneadh an mhír “An duine atá freagrach as an táirgeadh, maidir le gach ceanglas a bhaineann leis na coinníollacha a bhaineann le bailiú, glacadh agus stóráil an bhainne ag an déirí cáise agus le táirgeadh na cáise, ní mór dó na ceanglais sin a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní mór gach leathán taifid maidir le táirgeadh a choinneáil ar feadh tréimhse 3 bliana.” a scriosadh ón roinn “Modh táirgthe” agus a aistriú go dtí an roinn maidir le cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach, rud a bhfuil dealramh leis.

    Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

    5.4.5.   Saoráidí aibithe – Fad aibithe cáise

    Rinneadh an abairt “‘Ní mór na saoráidí aibithe a bheith suite sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 3.” a scriosadh toisc gur athrá atá ann ar an gceanglas atá sa roinn maidir le cruthúnas gur tionscnaíodh an táirge sa limistéar geografach.

    Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

    5.5.    Nasc

    Rinneadh an roinn “Eilimintí a thugann údar leis an nasc leis an limistéar geografach” a athscríobh ó bhonn chun béim níos fearr a leagan ar an nasc sin go hachomair.

    Cuireadh an abairt tosaigh “Tá an nasc le tionscnamh ‘Emmental français est-central’ bunaithe ar a cháilíocht shonrach.” leis an tsonraíocht.

    Baineadh an tagairt don mhasaíf Alpach toisc nach bhfuil sí ina cuid den limistéar geografach sainithe a thuilleadh.

    Áirítear le nádúr sonrach an táirge na heilimintí atá leagtha amach sa roinn “Tuairisc ar an táirge”.

    Déanann an t-athdhréachtú seo, nach n-athraíonn an nasc, difear don doiciméad aonair freisin.

    5.6.    Lipéadú

    I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, cuireadh isteach an ceanglas go mbeidh ainm an táirge agus lógó an Aontais Eorpaigh le feiceáil sa réimse amhairc céanna. Chuige sin, cuireadh an abairt “Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.” in ionad na habairte “Tá an sonrúchán ‘Emmental français est-central’ agus lógó STFC de chuid an Aontais Eorpaigh éigeantach maidir le lipéadú cáise atá le díol le tomhaltóirí.

    Cuireadh an soiléiriú sin i bhfeidhm ar an doiciméad aonair freisin.

    5.7.    Eile

    Tugadh sonraí teagmhála an údaráis inniúil sa Bhallstát agus an ghrúpa iarrthaigh cothrom le dáta. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

    Comhlachtaí iniúchta:

    I gcomhréir leis na treoirlínte náisiúnta atá dírithe ar an mbealach a ndréachtaítear sonraíochtaí a chomhchuibhiú, scriosadh ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin.

    Faoin gceannteideal seo, soláthraítear anois sonraí teagmhála na n-údarás atá freagrach as cigireachtaí náisiúnta, i.e. an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Gnóthaí Tomhaltóra agus Caolais a Chosc (DGCCRF).

    Is féidir ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin a cheadú as seo amach ar shuíomh gréasáin INAO agus i mbunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.

    Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

    Sna ceanglais náisiúnta, cuireadh na hoibleagáidí nua maidir le hinnilt leis an tábla ina bhfuil na príomhphointí atá le seiceáil. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Emmental français est-central”

    Uimh. AE: PGI-FR-9180-AM01 – 16.4.2021

    STFC ( ) TGFC (X)

    1.   Ainm(neacha)

    “Emmental français est-central”

    2.   Ballstát nó tríú tír

    An Fhrainc

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

    3.1.   An cineál táirge

    Aicme 1.3. Cáiseanna

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Cáis bó amh, chócaráilte, bhrúite agus shaillte ar a bhfuil oscailtí ar mhéideanna éagsúla, ó mhéid silíní go méid gallchnó, agus ina mbíonn ar a laghad 45 % saille in ábhar tirim, arb ionann é agus 62 g ar a laghad as 100 g cáise. Bíonn blas bog blasta ar an taos. Bíonn an craiceann crua agus tirim, le dath buí órga go donn éadrom air. Déantar an cháis a aibiú ar feadh 12 sheachtain ar a laghad ón dáta táirgthe go dtí go bhfágann sí an siléar.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    Is éard atá sa bheatha bhunúsach don tréad féar, féar tirim agus dara barr d’fhéar tirim chomh maith le gach farae garbh nach bhfuil san áireamh sa liosta de na cineálacha toirmiscthe beatha.

    Is gá go mbeadh beatha bhunúsach ionann le 50 % ar a laghad den ábhar tirim sa chiondáil iomlán beatha, lena n-áirítear le linn na tréimhse innilte.

    Tá innilt éigeantach ar feadh 6 mhí ar a laghad chun an nasc a chothabháil le féaraigh an limistéir gheografaigh.

    Ní mór go dtiocfadh 100 % den fharae atá ina bheatha bhunúsach do na ba déiríochta ón limistéar geografach.

    Ní mór, le linn na tréimhse innilte, 0,30 heicteár ar a laghad a bheith ag gach gabháltas in aghaidh na bó atá ag lachtadh, ar heicteár iad atá faoi fhéar a itear agus é úr, agus ar a bhfuil ar a laghad 0,20 heicteár ar féidir dul a fhad leo tríd an mbleánlann agus a úsáidtear le haghaidh innilte.

    Níor cheart go sáródh dlús stocála an tréada déiríochta 1,6 aonad beostoic déiríochta in aghaidh an heicteáir de limistéar foráiste a leithdháiltear don tréad déiríochta, lena n-áirítear gránaigh a itear ar an ngabháltas féin.

    Tá toirmeasc ar tháirgí coipthe chun go seachnófar éilliú bia ó spóir baictéar aigéid bhútaraigh a d’fhéadfadh cáilíochtaí na cáise a athrú.

    Níor cheart farae tirim atá beartaithe do bha déiríochta a fhliuchadh sula ndéantar é a dháileadh ná le linn an dáilte.

    I gcás ina ndáiltear tiúbair nó biatais ar bha déiríochta, ní mór aon rud nár itheadh a bhaint laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a dáileadh iad.

    Ní féidir go mbeadh beatha bhreise ionann le níos mó ná 50 % den ábhar tirim sa chiondáil iomlán beatha a dháiltear ar na ba déiríochta.

    Tá toirmeasc ar an méid seo a leanas ó aiste bia na n-ainmhithe ar feadh na bliana (sa bheatha bhunúsach agus sa bheatha bhreise araon):

    táirgí sadhlais i bhfoirm beatha coipthe agus burlaí farae ar cuireadh clúdach orthu, rud a chruthaíonn dálaí anaeróbacha;

    cineálacha beatha a mbíonn tionchar diúltach acu ar bholadh an bhainne;

    meadhg leachtach;

    marc fíonchaor, torthaí, dríodar agus laíon toraidh nach bhfuil díhiodráitithe;

    táirgí a dhíorthaítear ó ola phailme agus ó eithní pailme de chineál ar bith;

    leasaithigh féir seachas clóiríd sóidiam;

    beatha ina bhfuil amhábhair, breiseáin agus áiseanna próiseála a dhíorthaítear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe.

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór go dtarlódh táirgeadh an bhainne, an próiseas déantúis cáise agus aibiú sa limistéar geografach.

    3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Tagann an cháis sna foirmeacha seo a leanas:

    rothaí iomlána (ó 60 kg go 130 kg – le trastomhas ó 0,70 m go 1 m – ar a laghad 14 cm ar airde ag na taobhanna) nó dingeacha (¼ de roth, ⅛ de roth, etc.), bloic agus trasghearrthacha fada (longes), nó

    sciartha agus píosaí, nó

    sciartha beaga, nó

    grátáilte (nuair a bhíonn siad i málaí, ní mór go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil na snáitheanna de cháis ghrátáilte scartha óna chéile agus nach bhfuil siad brúite isteach ina chéile).

    3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Anuas ar an bhfaisnéis éigeantach a éilítear faoi na rialacha ar lipéadú agus cur i láthair ábhar bia, ní mór ainm cláraithe an táirge agus lógó TGFC de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith le feiceáil ar an lipéadú sa réimse amhairc céanna.

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Tá a limistéar geografach comhdhéanta de na ranna a leanas: Doubs, Haute-Marne, Haute-Saône, Jura, Territoire de Belfort agus Vosges.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Tá an nasc le tionscnamh “Emmental français est-central” bunaithe ar a cháilíocht shonrach.

    Tá limistéar táirgthe traidisiúnta “Emmental français est-central” lonnaithe thar dhá raon sléibhte (Vosges agus Jura) a chruthaíonn an rud ar a dtugtar an réigiún “thoir-láir” [“Est-central”].

    Bíonn geimhreadh fada, fuar, samhradh te agus cuibhseach tirim, agus go leor báistí le go leor laethanta báistí mar shaintréithe ag na raoin sléibhte sin. Oireann an aeráid sin go háirithe chun féar agus féar tirim d’ardchaighdeán a tháirgeadh (cion ard próitéine agus aigéid shailligh).

    Bíonn ardéagsúlacht luibheolaíochta agus mhiocróbach ag féaraigh réigiún thoir-láir na Fraince.

    Caomhnaítear an éagsúlacht sin a bhuíochas do chleachtais agranamaíocha na dtáirgeoirí bainne, go háirithe trí thimthriallacha traidisiúnta innilte agus déanta féir thirim a choinneáil ar bun.

    Mar gheall ar na dálaí deacra tíreolaíocha agus aeráide sa réigiún seo, tá sé an-oiriúnach d’fheirmeoireacht ba déiríochta, trína mbaintear úsáid mhaith as an féar agus as an mbeatha a tháirgtear lena fhéaraigh.

    Sa Mheánaois, bhíothas in ann an soláthar flúirseach de bhainne samhraidh a chaomhnú le linn an gheimhridh mar gheall ar ealaín na rothaí móra cáise a dhéanamh.

    De réir a chéile, agus méideanna móra bainne ag teastáil chun na cáiseanna sin a tháirgeadh (suas le 900 lítear bainne in aghaidh an rotha), bhunaigh táirgeoirí comharchumainn chun a mbainne a chomhthiomsú. Tá aithne ar an réigiún thoir-láir mar gheall ar a chomharchumainn déanta cáise, ar a dtugtar “fruitières”.

    Sa lá atá inniu ann, tá na déirithe cáise fós ina gcuid lárnach den oidhreacht réigiúnach mar gheall ar a ndlúthghaol leis an talamh, agus cuidíonn siad le gníomhaíocht eacnamaíoch agus shóisialta a choinneáil ar bun i mbardais tuaithe thoir-láir na Fraince.

    Cáis bó amh, chócaráilte agus bhrúite ar a bhfuil oscailtí ar mhéideanna éagsúla, ó mhéid silíní go méid gallchnó, is ea “Emmental français est-central”. Bíonn blas bog blasta ar an taos. Bíonn an craiceann crua agus tirim, le dath buí órga go donn éadrom air. Déantar an cháis a aibiú ar feadh 12 sheachtain ar a laghad ón dáta táirgthe go dtí go bhfágann sí an siléar. Cáiseanna móra iad (ó 60 kg go 130 kg – le trastomhas ó 0,70 m go 1 m – ar a laghad 14 cm ar airde ag na taobhanna).

    Is iad sin na saintréithe a lorgaítear le linn an roghnúcháin deiridh a dhéanann aibitheoirí bunaithe ar oilteacht thraidisiúnta.

    Baineann cáilíocht shonrach “Emmental français est-central” leis an mbeatha a fhaigheann an tréad bó déiríochta agus an oibleagáid innilte (6 mhí ar a laghad), rud a chruthaíonn nasc láidir idir “Emmental français est-central” agus na limistéir éagsúla atá sa réigiún thoir-láir.

    Tagann beatha bhunúsach na mbó déiríochta go heisiach as an limistéar geografach: féar le linn an tsamhraidh, agus féar tirim agus farae garbh le linn an gheimhridh. Dá bhrí sin, tagann an bheatha áitiúil a thugtar do na ba go príomha ó mheas ar na timthriallacha traidisiúnta innilte agus déanta féir thirim, a chuidíonn chun bithéagsúlacht na féarthalún a chaomhnú chomh maith le bithéagsúlacht mhiocróbach an bhainne.

    Bíonn tionchar ag flóra na féarthalún agus go háirithe micreaflóra an bhainne, ar gá é a úsáid amh, ar shaintréithe orgánaileipteacha “Emmental français est-central”. Dá bhrí sin, bíonn cion níos airde próitéine ag an mbainne ó na féarthailte sa réigiún thoir-láir, rud atá fíor-riachtanach le go ndéanfaí cáis de.

    Ina theannta sin, mar gheall ar an toirmeasc ar úsáid a bhaint as beatha choipthe (sadhlas agus burlaí ciorclacha féir thirim ar cuireadh clúdach orthu) agus beatha bhreise ó phlandaí a mbíonn boladh uathu (Cruciferae, etc.), coisctear coipeadh bútarach agus aigéadacht sa bhainne agus ina dhiaidh sin sa cháis, agus coisctear blasanna agus bolaithe nach bhfuil go deas don tomhaltóir.

    Ar an mbealach céanna, mar gheall ar an easpa coipthe bhútaraigh de bharr cháilíocht an bhainne agus an lipealú teoranta mar gheall ar dhálaí stórála an bhainne bhailithe, is féidir an táirge a aibiú ar feadh tréimhse níos faide agus coinníonn sé níos fearr.

    Tá na réamhchúraimí sin fíor-riachtanach chun rothaí móra de cháis chócaráilte, bhrúite ó bhainne amh a aibiú i siléir ar feadh tréimhse fhada (12 sheachtain ar a laghad in ionad 6 seachtaine don Emmental Francach caighdeánach), i gcomhréir leis an traidisiún.

    Tá trí chéim ag baint leis an bpróiseas aibithe, lena n-áirítear céim idirmheánach i siléir theo ina bhfoirmítear na hoscailtí saintréitheacha sa taos. Bíonn na hoscailtí sin ar leithligh óna chéile, le cruth sféarúil go ciorclach, dáilte go maith, gnáthrialta agus dea-shainithe, ó mhéid silíní go méid gallchnó.

    Is é an próitéilíseas níos suntasaí, a leanann as aibiú fadtéarma, is cúis leis an mblas úr agus torthaíoch is dual don táirge seo.

    Ag deireadh an phróisis aibithe, is leis an aibitheoir na cáiseanna a roghnú bunaithe ar scóir éagsúla a bhaineann le saintréithe orgánaileipteacha TGFC “Emmental français est-central”, amhail oscailtí, taos, blas agus boladh.

    Dá bhrí sin, is í an tréimhse aibithe 12 sheachtain, mar aon le cáilíochtaí bunúsacha an bhainne a úsáidtear, an toisc aonair is tábhachtaí a thugann a ghnéithe saintréitheacha do “Emmental français est-central”. Trí mháistreacht ar na trí chéim den aibiú mar aon le próiseas roghnúcháin géarchúiseach na n-aibitheoirí ag deireadh na céime seo, cuirtear le saintréithe tipiciúla an táirge, lena n-áirítear craiceann crua, tirim, dath órga buí go donn éadrom, taos bog a leánn sa bhéal agus oscailtí ó mhéid silíní go méid gallchnó.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

    https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-17d4b020-03b3-42af-88ee-d9124b73b41b


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top