Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC1026(07)

    Foilsiú iarratais ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí 2022/C 410/10

    C/2022/7593

    IO C 410, 26.10.2022, p. 12–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    26.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 410/12


    Foilsiú iarratais ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

    (2022/C 410/10)

    Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

    IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

    Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana”

    Uimh. AE: PDO-IT-0009-AM01 – 6.7.2021

    STFC (X) TGFC ( )

    1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

    Cumann na dTáirgeoirí um Chosaint agus Chur Chun Cinn “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” [Consorzio dei Produttori per la Tutela e Valorizzazione del Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana] a bhfuil a oifig chláraithe i gComhlachas Tráchtála Bergamo, Largo Belotti 16 – 24121 Bergamo. Fón: +39 0354524880. Facs: +39 0354524881. Ríomhphost: formaidemutavbdop@gmail.com. Ríomhphost cláraithe: formaidemut@pec.it.

    Tá Cumann na dTáirgeoirí “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach de bhun Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht, an 14 Deireadh Fómhair 2013.

    2.   Ballstát nó tríú tír

    An Iodáil

    3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

    Ainm an táirge

    Tuairisc ar an táirge

    Limistéar geografach

    Cruthúnas ar thionscnamh

    An modh táirgthe

    Nasc

    Lipéadú

    Eile: leasú ar fhoirm na sonraíochta táirge ionas go mbeidh sí eagraithe ina hairteagail i gcomhréir leis an Rialachán; faisnéis faoin gcomhlacht cigireachta a chur léi; pacáistiú.

    4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

    Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    5.   Leasuithe

    Réamhrá

    Cláraíodh an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 an 12 Meitheamh 1996 (STFC), de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92.

    Sna doiciméid arna bhfoilsiú i gclár Eorpach na dtásc geografach atá ag an gCoimisiún Eorpach, tá comhad aonair ina bhfuil tuarascáil stairiúil, tuairisc ar an limistéar geografach agus tuairisc ghairid ar an bpróiseas claochlaithe, in éineacht le léarscáileanna agus arna fhorlíonadh le comhad teicniúil Uimh. 0039 345 81377 an 22 Feabhra 1995, ina bhfuil na míreanna seo a leanas (gan uimhir):

    Tuairisc ar an táirge

    Limistéar geografach

    Stair

    Modh próiseála

    Nasc leis an timpeallacht gheografach

    Comhlacht cigireachta.

    Rinneadh an tsonraíocht táirge don sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (denominazione di origine controllata – DOC) a fhormheas leis an bhForaithne ón Uachtarán ón 10 Meán Fómhair 1985 agus foilsíodh í in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile (GURI) Uimh. 112 an 16 Bealtaine 1986, agus ceithre airteagal ann atá mar bhunús leis an bplean iniúchta atá i bhfeidhm faoi láthair.

    Tá na doiciméid atá liostaithe thuas mar bhunús leis an iarratas ar leasú.

    Leis an iarratas sin ar leasú, athscríobhadh an tsonraíocht nua i gcomhréir leis an struchtúr atá leagtha síos ag an Aireacht Beartais Talmhaíochta. Go sonrach,

    Coinnítear Airteagal 1 “Ainm” agus Airteagal 3 “Limistéar Táirgthe”.

    Roinneadh Airteagal 2 den Fhoraithne ón Uachtarán ón 10 Meán Fómhair 1985 agus cruthaíodh Airteagal 2 nua “Tuairisc ar an táirge” agus Airteagal 5 “Modh táirgthe”.

    Cuireadh Airteagal 4 nua “Cruthúnas ar thionscnamh” léi.

    Cuireadh Airteagal 6 nua “Nasc leis an timpeallacht gheografach” léi.

    Cuireadh Airteagal 7 nua “Iniúchtaí” agus Airteagal 8 nua “Lipéadú” léi.

    Tuairisc ar an táirge

    Leasú cléireachais amháin atá sa leasú seo agus baineann sé le hAirteagal 1 den tsonraíocht atá i bhfeidhm faoi láthair (Foraithne ón Uachtarán an 10 Meán Fómhair 1985).

    An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

    “Leis seo, sainaithnítear sonrúchán tionscnaimh cháis ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ agus ní úsáidfear é ach le haghaidh an táirge a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san fhoraithne seo a mhéid a bhaineann leis na modhanna próiseála, leis na saintréithe orgánaileipteacha agus le saintréithe an táirge a thagann ón limistéar táirgthe arna shainiú in Airteagal 3 thíos.”

    Tá an méid a leanas le cur ina ionad sin:

    Airteagal 1 - Ainm

    Leis seo, sainaithnítear sonrúchán tionscnaimh cháis ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ agus ní úsáidfear é ach le haghaidh an táirge a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san fhoraithne seo a mhéid a bhaineann leis na modhanna próiseála, leis na saintréithe orgánaileipteacha agus le saintréithe an táirge a thagann ón limistéar táirgthe arna shainiú in Airteagal 3 thíos.”

    Cúis:

    De ghrá na soiléireachta, ba cheart an frása “an tsonraíocht seo” a chur in ionad an fhrása atá ann faoi láthair, is é sin, “an Fhoraithne” seo, lena dhéantar tagairt don Fhoraithne ón 10 Meán Fómhair 1985 arna foilsiú in GURI Uimh. 112 ón 16 Bealtaine 1986.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 2 den tsonraíocht reatha (Foraithne ón Uachtarán an 10 Meán Fómhair 1985) agus pointe 3.2 den doiciméad aonair.

    An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

    “Ní úsáidtear an sonrúchán tionscnaimh ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ ach le haghaidh cáise lena ngabhann na saintréithe seo a leanas amháin: Cáis shailleach leath-chócaráilte a dhéantar as lánbhainne bó go heisiach ó bhleán laethúil amháin nó dhá bhleán laethúla lena mbaineann aigéadacht nádúrtha íseal. Is é 45 lá an íostréimhse aibithe. Nuair a aibítear ar feadh 6 mhí ar a laghad í, úsáidtear mar cháis bhoird í. Tá na saintréithe seo a leanas ag an gcáis:

     

    Cruth: sorcóir díreach nó beagáinín dronnach agus taobhanna réidhe nó leath-réidhe air;

     

    Toisí: trastomhas na dtaobhanna idir 30 cm agus 40 cm, airde an chúil idir 8 cm agus 10 cm, agus éagsúlachtaí sna luachanna íosta agus uasta ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn táirgthe;

     

    Meáchan an rotha: idir 8 kg agus 12 kg ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn próiseála, agus éagsúlachtaí suas le 10 % sna luachanna íosta agus uasta;

     

    Sraith sheachtrach: craiceann tanaí daingean nádúrtha, dath buí ar dhath na tuí uirthi, an dath sin níos léithe agus í ag aibiú;

     

    Dath an taois: eabhartha, dath éadrom na tuí;

     

    Uigeacht an taois: dlúth, leaisteach, agus súile scaipthe ann ina bhfuil trastomhas ó 1 mm suas le méid ar a dtugtar ‘occhio di pernice’ [‘súil patraisce’];

     

    Blas: fíneáilte, cumhra, gan a bheith an-ghoirt, séimh, agus dea-bholadh sainiúil;

     

    Saill in ábhar tirim: íosmhéid 45 %.

    Athraíonn saintréithe na cáise de réir na tréimhse aibithe, a fhéadfar a shíneadh go níos mó ná 1 bhliain amháin.”

    Tá an méid a leanas le cur ina ionad sin:

    Airteagal 2 – Tuairisc ar an táirge

    ‘Ní úsáidtear an sonrúchán tionscnaimh ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ ach le haghaidh cáise lena mbaineann na saintréithe a leanas nuair atá an tréimhse aibithe thart:

     

    Cáis shailleach leath-chócaráilte a dhéantar go heisiach as lánbhainne amh bó lena ngabhann aigéadacht nádúrtha íseal;

     

    Cruth: sorcóir díreach nó beagáinín dronnach agus taobhanna réidhe nó leath-réidhe air;

     

    Toisí: trastomhas na dtaobhanna idir 30 cm agus 40 cm, airde an chúil idir 8 cm agus 10 cm, agus éagsúlachtaí sna luachanna íosta agus uasta ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn táirgthe;

     

    Meáchan an rotha: idir 8 kg agus 12 kg ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn próiseála, agus éagsúlachtaí suas le 10 % sna luachanna íosta agus uasta;

     

    Cuma ar an taobh amuigh: craiceann tanaí daingean nádúrtha, dath buí ar dhath na tuí uirthi, an dath sin ag éirí níos suntasaí agus í ag aibiú;

     

    Dath an taois: eabhartha, dath éadrom na tuí;

     

    Uigeacht an taois: dlúth, leaisteach, agus súile scaipthe ann ina bhfuil trastomhas ó 1 mm suas le méid ar a dtugtar ‘occhio di pernice’ [‘súil patraisce’]; ceadaítear scoilteanna beaga sa taos;

     

    Blas: fíneáilte, cumhra, gan a bheith an-ghoirt, séimh, agus dea-bholadh sainiúil;

     

    Saill in ábhar tirim: íosmhéid 42 %.

    Is é 45 lá an íostréimhse aibithe. D’fhéadfadh go mbeadh an tásc breise ar cháis ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ má tá an tréimhse aibithe níos faide ná 6 mhí.”

    Cúis:

    Baineadh an ceanglas bainne a úsáid ó bhleán laethúil amháin nó ó dhá bhleán laethúla. Agus feirmeacha ag meath, ní bhíonn déirithe in ann bainne a bhailiú go laethúil i gcónaí. Táirgeadh sléibhe ar mhionscála atá anseo, agus i gcaitheamh na mblianta bhí ar na déirithe iad féin a eagrú chun costais bhailiúcháin a laghdú, trí bhealaí a bharrfheabhsú agus uainiú na mbailiúchán a athrú, sa mhéid is go bhféadfadh nach ndéanfaí bainne a bhailiú go laethúil a thuilleadh. Ar ndóigh, tá an trealamh is gá ag feirmeacha chun bainne ó níos mó ná bleán amháin a stóráil faoi na coinníollacha is fearr is féidir. Tá sé cruthaithe ag Cumann na dTáirgeoirí, trí húsáid a bhaint as déirithe píolótacha, nach n-athraítear saintréithe na cáise má bhailítear an bainne ar laethanta malartacha.

    Tá sé sonraithe anois go dtagraítear le saintréithe na cáise do dheireadh na híostréimhse aibithe de 45 lá.

    Cuireadh an téarma “cuma sheachtrach”, atá níos soiléire, in áit an téarma “sraith sheachtrach”. In ionad an fhrása “an dath sin níos léithe agus í ag aibiú”, cuireadh an frása “ag éirí níos suntasaí agus aibiú ag dul ar aghaidh”, mar gurb oiriúnaí an frása sin.

    Freisin chuireamar leis freisin go gceadaítear scoilteanna beaga sa taos. Tagann na scoilteanna chun cinn mar thoradh ar bhainne a úsáid lena ngabhann aigéadacht nádúrtha íseal, rud a thacaíonn leis an micreaflóra dúchasach sa timpeallacht (talamh féaraigh, cróite eallaigh, déirí cáise), a ngabhann bithéagsúlacht shuntasach leo. Tarlaíonn coipeadh sainiúil mar thoradh ar na scoilteanna sin, ach ní hé amháin nach mbaineann sé sin de shaintréithe ná de cháilíocht na cáise, ach feabhsaíonn siad an cháis.

    Laghdaíodh an luach um méid saille íosta in ábhar tirim ó 45 % go 42 %. Beathaítear na ba ar an mbealach traidisiúnta, rud a chiallaíonn nach mbíonn bia síoraí acu i rith na bliana. Uaireanta, go háirithe agus an t-aistriú á dhéanamh ó fharae tirim go farae glas agus a mhalairt, nó i gcás phatrúin neamhghnácha aimsire a laghdaíonn saintréithe cothaitheacha an fharae, nó nuair a bhíonn na hainmhithe féin faoi réir éagsúlachtaí tobanna sa teocht, is féidir leis sin tionchar a imirt ar choipeadh cogansaí, ar féidir dá bhrí sin cur le laghduithe suntasacha ar ábhar saille an bhainne agus na cáise faoi seach. Mar sin féin coimeádann an cháis an t-aicmiú “cáis shailleach”.

    Scriosadh an abairt “Nuair a aibítear ar feadh 6 mhí ar a laghad í, úsáidtear mar cháis bhoird í”, mar nach léirítear léi nósanna reatha na dtomhaltóirí. Thairis sin, téarma ilchineálach atá sa téarma “cáis bhoird” agus ní leor é chun cur síos ar shaintréithe an táirge. In ionad sin, ar mhaithe le cúrsaí a dhéanamh níos soiléire do thomhaltóirí, ba mhaith linn foráil a thabhairt isteach i ndáil leis an bpróiseas aibithe, lena bhféadfaí cáis a aithint mar a bheith aibithe ar feadh níos mó ná 6 mhí agus an téarma “Riserva” a úsáid ina leith. Meastar gurb oiriúnaí idirdhealú a dhéanamh idir dhá haicme aibithe: idir 45 lá agus 6 mhí, agus níos faide ná 6 mhí. Go deimhin, mar gheall ar a phróiseas táirgthe ar leith, tá “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” an-oiriúnach do phróiseas fada aibithe, a thugann blas céadfach agus saintréithe cumhra níos suntasaí don cháis i gcomparáid le próisis aibithe níos giorra. Tugadh isteach an t-idirdhealú sin ar mhaithe leis na tomhaltóirí, a mbeidh sé níos éasca dóibh dá bharr, an táirge is fearr a roghnú a oireann dá rogha pearsanta féin.

    Cruthúnas ar thionscnamh

    Tugadh isteach Airteagal 4 nua, a bhaineann le cruthúnas ar thionscnamh na cáise ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana.

    Is mar a leanas atá an t-airteagal nua:

    Airteagal 4 - Cruthúnas tionscnaimh

    Cuirtear táirgeoirí ar liostaí speisialta arna mbainistiú ag an gcomhlacht cigireachta agus tá siad freagrach freisin as cruthúnas ar thionscnamh a áirithiú maidir le céimeanna táirgthe ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ dá dtagraítear in Airteagal 3 agus 5, tríd na taifid a choinníonn siad, a fhéadfaidh an comhlacht cigireachta a sheiceáil. Áirithítear inrianaitheacht an táirge trí gach rannpháirtí sa slabhra táirge a chur ar liostaí speisialta a choinníonn an comhlacht rialaithe agus leis an dearbhú tráthúil maidir leis na cainníochtaí a tháirgtear.

    Beidh gach duine nádúrtha agus dlítheanach atá san áireamh sna liostaí ábhartha faoi réir cigireachta ag an gcomhlacht cigireachta i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge agus leis an bplean cigireachta a bhaineann léi.

    Aithnítear na cáiseanna a tháirgtear agus an gruth á mhúnlú sa mhúnla. Le linn chasadh amháin na cáise, déantar dáta an táirgthe agus stampa an déirí an Choimisiúin Eorpaigh a inphriontáil ar an gcúl.”

    An modh táirgthe

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 2 den tsonraíocht atá i bhfeidhm faoi láthair (Foraithne ón Uachtarán an 10 Meán Fómhair 1985) agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair maidir le beatha na n-eallaí.

    An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

    “Ní mór farae glas nó féir thirim ó mhóinéir, fhéarthailte, mhóinéir innilte nó féarthailte measctha sa limistéar táirgthe a bheith i mbeatha na n-eallaí. Féadfar é a fhorlíonadh le meascán de ghránaigh agus, le linn an gheimhridh, le grán buí nó sadhlais féir.”

    Tá an méid a leanas le cur ina ionad sin:

    Airteagal 5 - Modh táirgthe

    ‘Ní mór farae glas agus/nó farae féir thirim ó mhóinéir, fhéarthailte nó mhóinéir innilte a bheith i mbeatha na mbó; ní mór an chuid is mó den fharae (50 % ar a laghad) teacht ón limistéar geografach sainithe. Féadfar é sin a fhorlíonadh le gránaigh, le tiúcháin agus/nó le ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh. Údaraítear úsáid a bhaint as forlíontaí mianraí agus vitimíní.”

    Cúis:

    Tionscnamh na mbia-earraí, nach mór go dtiocfadh an chuid is mó (50 % ar a laghad) díobh ón limistéar geografach sainithe, rinneadh an tionscnamh sin a leagadh síos ar bhealach níos beachta. Mar thoradh ar dhídhaonrú na sléibhte, tháinig méadú de réir a chéile ar choillearnach agus talamh féaraigh chomh maith le móinéir innilte thíos leis. Freisin tá uirbiú fairsing tar éis tarlú sa líon beag limistéar ísealchríche ar urlár an ghleanna, agus gan ach na limistéir níos dorochtana fágtha, atá deacair a shaothrú agus ar minic nach féidir iad a úsáid fiú le heallaigh a innilt. Mar thoradh air sin laghdaíodh acmhainní áitiúla farae, agus cuireadh iallach ar roinnt feirmeacha farae a cheannach ó lasmuigh den limistéar. Ar an drochuair, le teacht roinnt speicis neamhdhúchasacha fiadhúlra le déanaí, ar nós an toirc allta, tá na tailte féaraigh atá fágtha agus a éiríonn níos lú i gcónaí, thíos leis, mar go laghdaítear níos mó an táirgeadh áitiúil farae atá ar fáil de thoradh an dochair a dhéanann siad don chumhdach féir. Thairis sin, mar a thuigtear go maith, bíonn an choillearnach ag teacht chun cinn i gcónaí mar, de thoradh ghanntanas saothair, ní leor iarrachtaí bainistíochta talún na bhfeirmeoirí chun móinéir a choinneáil. Freisin measadh go raibh gá leis an rogha a bhaint maidir leis na ba a bheathú le sadhlas, mar gur saincheist rí-thábhachtach í a húsáid sa phróiseas déantúis cáise agus sa phróiseas aibithe agus í ina huirlis fhéideartha um spóir Clóistridiam. Dá mbainfí an rogha sin d’fhéadfadh go mbeadh gá le tiúcháin a thógáil isteach ó áiteanna lasmuigh den limistéar tionscnaimh chun dul in ionad an iontógáil cothaitheach a sholáthraítear an sadhlas.

    Moltar freisin an rogha chun na ba a bheathú le forbhianna. Má thugtar aiste chothrom bia do bha atá folláin ó thaobh na ngéinte de, chomh maith le freastal ar a gcuid riachtanas cothaithe, cabhraítear lena bhfolláine agus a riocht sláinte a choinneáil, agus bíonn tionchar dearfach aige sin ar cháilíocht an bhainne. Is é an toradh ar aiste chothrom bia bainne ina mbíonn neart saille agus próitéine agus áireamh íseal ceall sómatach; ar an mbealach sin feabhsaítear a acmhainn déantúis cáise agus is féidir cáis ardchaighdeáin a fháil.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 2 den tsonraíocht reatha (Foraithne ón Uachtarán an 10 Meán Fómhair 1985) maidir leis an modh táirgthe.

    An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

    “Táirgtear ar feadh na bliana é.

    Ní mór an bainne a théachtadh ag teocht idir 35 °C agus 37 °C agus binid a chur leis chun an gruth a dhéanamh laistigh de 30 nóiméad. Ní mór an cháis a dhéanamh agus modhanna traidisiúnta á n-úsáid; le linn próiseála, bristear an gruth den chéad uair, ansin déantar an meascán a leath-chócaráil suas go teocht de 45-47 °C, ansin baintear den teas é agus corraítear é. Ní mór é a phreasáil go cuí freisin agus fáisceáin oiriúnacha á n-úsáid le go ndraenálfar an meadhg. Ansin úsáidtear múnlaí oiriúnacha, ar a dtugtar ‘fassere’.

    Maidir leis an sailleadh, is féidir sailleadh tirim nó sailleadh sáile a bheith i gceist, agus déantar arís an oibríocht gach dara lá ar feadh 8-12 lá.”

    Tá an méid a leanas le cur ina ionad sin:

    “Táirgtear ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ ar feadh na bliana.

    Ní mór an bainne a théachtadh ag teocht idir 35 °C agus 37 °C agus binid bhuaibheach a chur leis chun an gruth a dhéanamh laistigh de 30 nóiméad a bheag nó a mhór. Féadfar tús gabhála nádúrtha meidhg nó giosta roghnaithe a chur leis.

    Ní mór an cháis a dhéanamh agus modhanna traidisiúnta á n-úsáid; le linn próiseála, bristear an gruth den chéad uair, ansin déantar an meascán a leath-chócaráil suas go teocht de 43-50 °C, ansin baintear den teas é agus corraítear é. Ansin úsáidtear múnlaí oiriúnacha, ar a dtugtar ‘fassere’.

    Ní mór é a phreasáil go cuí freisin le go ndraenálfar an meadhg.

    Maidir leis an sailleadh, is féidir sailleadh tirim nó sailleadh sáile a bheith i gceist.”

    Cúis:

    Sonraíodh nach mór binid bhuaibheach a úsáid, mar is amhlaidh de ghnáth, chun cosc a chur ar úsáid cineálacha eile binide atá ar fáil ar an margadh. Maidir le fad na tréimhse ama a thógtar chun go ndéanfaí an gruth, cuireadh an dobhriathar “a bheag nó a mhór” leis, mar go bhféadfadh saintréithe nádúrtha an amhábhair agus coinníollacha na timpeallachta ina bhfaightear é tionchar a imirt go héasca ar fhad ghníomhaíocht einsíme na binide.

    Tugadh isteach an fhéidearthacht tús gabhála nádúrtha meidhg nó giosta roghnaithe a úsáid. Níor áiríodh sin sa leagan roimhe seo. Cuireadh an ghné bhreise sin leis toisc gur tháinig laghdú suntasach ar chomhaireamh baictéar an bhainne a thagann chuig na déirithe i gcaitheamh na mblianta mar thoradh ar fheabhsúcháin ar choinníollacha sláinte agus sláinteachais ar fheirmeacha, ar choinníollacha bleáin agus ar choinníollacha stórála bainne. Mar thoradh ar chomhaireamh baictéar níos ísle ní bhíonn an bainne sa dabhach cáise chomh frithghníomhach ó thaobh an ghá le haigéadú gasta, rud a theastaíonn chun an gruth a dhíhiodráitiú agus chun bac a chur ar fhorbairt miocrorgánach a dhéanann dochar don phróiseas táirgthe cáise. Coinnítear an micreaflóra dúchasach sa timpeallacht i gcróite na mbó agus sna déirithe, áfach, agus feabhsaítear é ag na céimeanna próiseála ina dhiaidh sin, rud a thugann a cuid saintréithe tipiciúla do cháis “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana”, agus í mar cháis leath-chócaráilte a dhéantar de bhainne amh.

    Maidir leis an raon teochta chun an gruth a chócaráil a mhéadú go teocht idir 43 °C agus 50 °C, tugadh faoi deara gur gá uaireanta an teocht a laghdú nó a mhéadú chun na próisis déantúis cáise a fheabhsú, chun ligean don ghruth draenáil i gceart agus chun coipeadh na cáise ina dhiaidh sin a bharrfheabhsú. Tá an gá leis sin a dhéanamh nasctha le comhdhéanamh difriúil an fhlóra atá san fharae nó aibíocht na bplandaí a bhfuil sé déanta díobh, chomh maith le hacmhainn éagsúil inslithe na timpeallachta agus na ndaibhche ina dhéantar an cháis. Úsáideann na déantóirí cáise an taithí agus na scileanna atá acu chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na paraiméadair is fearr agus iad ag cloí le raon atá inghlactha agus sainithe leis an tsonraíocht, ach nach bhfuil chomh sriantach i bhfianaise riochtaí fisiceacha an bhainne agus choinníollacha foircneacha na timpeallachta.

    Baineadh an oibleagáid “fáisceáin oiriúnacha” a úsáid chun cur ar chumas déantóirí cáise ceardaíochta, go háirithe siúd i bhféarthailte sléibhe, uirlisí láimhe eile a úsáid a fhéadann an fheidhm chéanna a chomhlíonann na fáisceáin a chomhlíonadh. Arís eile, ní bhíonn éifeacht ag an modh a úsáidtear chun an meadhg a dhraenáil ar an bpróiseas traidisiúnta, cé nach mór é sin a dhéanamh i gceart chun na saintréithe a leagtar síos leis an tsonraíocht a choinneáil.

    Baineadh an tagairt d’fhad an tréimhse saillte mar gur tagairt ilchineálach a bhí sa tagairt roimhe agus nár tagraíodh inti ach do shailleadh tirim, gné as a bhféadfadh míthuiscintí teacht chun cinn maidir leis an bpróiseas um shailleadh sáile, nach féidir, go teicniúil, a dhéanamh gach dara lá ar feadh 8-12 lá. Anuas air sin, mar gheall ar an difríocht idir an dá theicníc shaillte ó thaobh casta agus modhanna ionsaithe salainn, ní féidir tásc sonrach a thabhairt do tháirgeoirí maidir leis an modh atá le húsáid. Tá sé chun leasa gach táirgeora an táirge a shailleadh i gceart, agus úsáid á baint as an modh agus an t-uainiú is fearr agus is féidir chun an táirge a shailleadh, bunaithe ar a thaithí féin agus ar shaintréithe a áitreabh táirgthe, ag a mbíonn tionchar ar ionsú salainn, chun toradh idéalach a bhaint amach. Mar sin fágtar faoi gach táirgeoir cineál agus fad an phróiseas saillte a roghnú chun an táirge is fearr agus is féidir a fháil.

    Nasc

    I bhfianaise an ghá leis an tsonraíocht a athstruchtúrú chun í a thabhairt i gcomhréir leis an struchtúr nua arna fhaomhadh ag an Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta, tugadh isteach Airteagal 6 nua den tsonraíocht – pointe 5 den doiciméad aonair. Tá an tAirteagal seo bunaithe ar achoimre ar an bhfaisnéis sa chomhad a thacaíonn leis an gclárú agus sa chomhad forlíontach Uimh. 0039 34581377 an 4 Feabhra 1995, lch. 3 agus 4, arna bhfoilsiú sa CE agus ar láithreán gréasáin an Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta, chomh maith le foilseacháin stairiúla, teicniúla agus eolaíochta faoi Ghleann Brembana.

    Tá an téacs faoin nasc leagtha amach thíos:

    Airteagal 6 – Nasc leis an timpeallacht gheografach

    Ó thaobh na staire de, tá Gleann Uachtarach Brembana [L’Alta Valle Brembana] ina eintiteas riaracháin ó bhí 1364 ann, agus a chuid córas riaracháin féin aige, a rinneadh a neartú agus a nuashonrú le linn thréimhse smacht na Veinéiseach. Go sonrach, is é Gleann Uachtarach Brembana i Bergamo an timpeallacht gheografach ina dtionscnaítear agus ina dtáirgtear ‘Formai de Mut’. Limistéar geografach dea-shainithe é, agus fáinne beann mórthimpeall air ó Monte Ortighera agus Monte Menna go Pizzo dei Tre Signori agus Monte Venturosa, agus gleannta Serina agus Seriana ar an imeall ar an taobh thoir, gleann Valtellina ó thuaidh agus gleannta Taleggio agus Valsassina ar an taobh thiar. Tá an airde idir 440 m os cionn leibhéal na mara i mbardas Lenna go 2 916 m os cionn leibhéal na farraige i Pizzo del Diavolo di Tenda i mbardas Carona.

    Leis na céadta bliain, tá na príomhacmhainní agus na gníomhaíochtaí gaolmhara nasctha leis an gcoillearnach, leis na féarthailte agus na mianaigh. Tá mullach Alpa Orobie, ina bhfuil Gleann Uachtarach Brembana agus é déanta de bheanna agus de bhearnais nach féidir rochtain a fháil orthu go héasca chomh maith le córas casta gleannta agus fánaí ag a bhfuil próifílí airde agus aghaidheanna éagsúla, agus a raibh tionchar mór acu ar an gcaoi ar bunaíodh agus ar cobhsaíodh an daonra agus córais táirgthe le himeacht ama.

    Gleann tréadaithe den chuid is mó a bhí i nGleann Brembana, agus tá an déantús cáise, arbh é an bpríomhchúis le heallaí a thógáil sa limistéar, fianaithe i roinnt doiciméad stairiúil. Léirítear an traidisiún sin fós sa lá atá inniu ann le táirgeadh na cáise áitiúla sainiúla ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’.

    Ceann de na tréithe is tábhachtaí a ghabhann le haeráid Orobie is ea an nochtadh do shreafaí aeir thais ón Meánmhuir, a mbíonn sliabhraon na nAlp ina bhac orthu. Leibhéil bháistí agus sneachta a mhéadaíonn diaidh ar ndiaidh ó urlár an ghleanna go barr an ghleanna agus na bhfánaí is ea an toradh ar an tsaintréith sin. Cuidíonn na coinníollacha sin le glasú féarthailte agus dá bharr sin le tógáil eallaigh déiríochta. Is féidir leis na coinníollacha athrú go mór ó bhliain go chéile, áfach, mar a tharlaíonn de ghnáth i réigiúin ina bhfuil aeráid mheasartha.

    Mar gheall ar na saintréithe timpeallachta agus aeráide a bhfuil cur síos orthu thuas, is iad gleannta, fánaí agus féarthailte sléibhe, ina bhfaightear éagsúlacht shuntasach gheolaíoch agus plandaí, na saintréithe a ghabhann le limistéar sléibhe Ghleann Uachtarach Brembana. I gcaitheamh na mblianta, bhain daoine leas astu trí innilt shéasúrach sléibhe, le buailteachas sléibhe lena mbaineann innilt ar na féarthailte le linn mhíonna an tsamhraidh agus filleadh ar an ngleann don chuid eile den bhliain nuair a éiríonn an aimsir níos crua. Tá an traidisiún sin le feiceáil go soiléir go háirithe i ndath sainiúil agus tipiciúil an taois le haghaidh ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’, a athraíonn ó dhath eabhair, nuair a bheathaítear na heallaí le féar tirim i rith an gheimhridh, go dath tuí nuair a bheathaítear na heallaí le féar glas i rith an tsamhraidh.

    Tá go leor speiceas plandaí i móinéir Ghleann Brambana, a n-athraíonn a gcomhdhéanamh ag brath ar ionad, ar dhálaí comhshaoil, ar airde agus ar acmhainní uisce.

    Tá flóra Alpa Bergamasque i measc an fhlóra is saibhre agus is spéisiúla sna hAlpa; agus ghrúpa mór speiceas ann maidir le cainníocht agus cáilíocht, agus go leor speiceas eindéimeach ina ndíol suntais ó thaobh tábhachta agus cáile. Is féidir an chúis le nádúr fíorluachmhar an fhlóra Bergamasque a aimsiú sna himeachtaí stairiúla agus geolaíocha a tharla sa limistéar sin. Bhí tionchar domhain ag oighearleathadh agus oighearchúlú ar an gcomhdhéanamh flóra sa limistéar. Ghníomhaigh Alpa Orobie, go háirithe na Réamh-Alpa Bergamasque, mar thearmann le haghaidh go leor speiceas Alpach, agus iad ag caomhnú seanspeiceas (speicis phailé-eindéimeacha) agus ag cothú speiceas nua (speicis nua-eindéimeacha) mar gheall ar leithlisiú geografach.

    Mar gheall ar na coinníollacha timpeallachta bíonn sainacmhainn táirgthe bainne ag na heallaí.

    Is minic go roinntear gach féarach sléibhe, a chiallaíonn limistéar innilte os cionn imeall uachtair na foraoise ina ‘stáisiúin’ iomadúla, is iad sin ná limistéir fhéaraigh ina bhfuil na saoráidí riachtanacha chun tacú le heallaí agus daoine. I ngach stáisiún, iompraítear na hainmhithe go saineolach feadh na bhféarthailte i gcomhréir le fáil agus cáilíocht an fharae agus na hacmhainní uisce a theastaíonn le hól ag na hainmhithe. Is í taithí na dtréadaithe Alpacha go beacht, a fhaightear agus a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin, a shocraíonn gluaiseacht an tréada agus a modh innilte (a athraíonn ag brath ar an aimsir laethúil agus ar cháilíocht, leibhéal aibíochta agus tarraingteacht na limistéar innilte éagsúil) chun an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní farae atá ar fáil agus dá bharr sin an cháis is fearr a fháil.

    Tugtar cóiríocht do na tréadaithe i bhfoirgnimh ar a dtugtar ‘baite’, agus déantar an bainne a phróiseáil iontu siúd freisin. Braitheann na déantóirí cáise ar a dtaithí agus a gcumas féin agus iad ag roghnú na bparaiméadar ama agus teochta is fearr le húsáid agus cáis á déanamh, agus iad ag cloí leis na gnáthraonta ag an am céanna. Leis na luachanna cuí cuirtear san áireamh insliú an áitribh táirgthe, an limistéar ina ndearna na ba innilt agus uaireanta freisin saintréithe ceimiceacha agus fisiceacha áirithe an bhainne, a shocraítear iad féin ag coinníollacha foircneacha na timpeallachta (laghdú suntasach ar theocht, stoirmeacha cloch sneachta agus/nó sneachta).

    Nuair atá an féar go léir i stáisiún ar leith ite, bogann na hainmhithe ar aghaidh chuig an gcéad cheann eile agus iad ar lorg féarthailte nua, agus iad ag sroicheadh airdí os cionn 2 000 méadar uaireanta.

    Fágtar an cháis a tháirgtear le haibiú sa stóras cáise nó in ‘casera’. Is minic nach mbíonn ach casera amháin ann le haghaidh na bhféarthailte Alpacha go léir, agus é suite san ionad is fabhraí ó thaobh na loighistice de. Tógtar agus bainistítear gach casera chun na coinníollacha teochta agus taise is fearr a áirithiú d’fhonn táirge maith a bhaint amach. Agus é ag brath ar an idirghníomhú idir an teocht agus an taise, socraíonn gach déantóir cáise an t-uainiú agus na modhanna casta agus scuabtha ionas go n-aibeodh an cháis i gceart agus ionas go mbainfí amach na saintréithe tipiciúla a ghabhann le ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’. Ag deireadh na tréimhse innilte sna sléibhte, tugtar an cháis a táirgeadh sna féarthailte sléibhe anuas chuig an ngleann chun an t-aibiú a chríochnú, próiseas atá in ann dul ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. Freisin filleann an tréad ar an áit imeachta, áit a mbíonn athfhás deireanach na móinéar innilte tar éis tarlú, chomh maith leis an bhféar tirim a sholáthraítear ag na gabháltais le linn an gheimhridh.

    Sa lá atá inniu ann, déantar innilt sléibhe agus an táirgeadh a leanann aisti i bhféarthailte sléibhe sna teachíní sléibhe atá comharthaithe sa Phlean Réigiúnach um Fhéarthailte Sléibhe idir mí Bhealtaine agus mí Dheireadh Fómhair, ag brath ar choinníollacha timpeallachta agus aeráide. Déantar an chuid eile den táirgeadh, a fhéadann tarlú ón 1 Eanáir go dtí n 31 Nollaig, ar urlár an ghleanna, ach laistigh den limistéar sléibhe i gcónaí.

    Dhéantaí an buailteachas go forleathan, i dtosach; dhéanadh roinnt tréadaithe a gcuid ainmhithe a aistriú go hísealchríocha Milano i rith an gheimhridh, agus iad ag filleadh ar na féarthailte sléibhe sa samhradh. Thugtaí ‘bergamì’ ar na tréadaithe sa limistéar sin, agus thugtaí ‘bergamina’ ar a dtréad. Úsáidtear na téarmaí sin fós sa léacsacan áitiúil sa lá atá inniu ann. Gníomhaíocht thánaisteach ab ea déanamh féir a raibh gá leis chun ainmhithe a thógáil. Bhaintí na móinéir, a gcuirtí aoileach orthu mar leasachán, dhá uair le linn an tsamhraidh.

    In ionad na ‘bergamini’ ón am atá thart, tháinig na tréadaithe gleanna, a thóg na féarthailte ina limistéar féin ar léas agus a chuir a gcuid eallaí féin nó eallaí ar cíos iontu. D’eascair buailteachas ‘áitiúil’ den chuid is mó as sin, agus gluaiseacht tréad ó urlár an ghleanna go féarthailte na sléibhe mar shaintréith ann. Mar thoradh air sin, soláthraíonn na móinéir innilte ar urlár an ghleanna, agus iad saor ó eallaí, na stoic féir thirim don gheimhreadh.

    Sainítear nádúr sonrach an bhainne ag an meascán de na tosca atá nasctha le bithéagsúlacht shonrach an limistéir gheografaigh shrianta agus na teicnící traidisiúnta póraithe, agus feabhsaítear é sin trí bhainne amh a úsáid chun an cháis a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin go bhfanann airíonna cothaitheacha, céadfacha agus micribhitheolaíocha an limistéir tionscnaimh i ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’. Go háirithe le linn chéim aibithe na cáise, bíonn tionchar ag an micreaflóra dúchasach sa bhainne amh a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh agus sa timpeallacht táirgthe ar aibiú na cáise agus cothaíonn sé a blas sainiúil.

    Anuas air sin, déantar ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ ag úsáid lánbhainne. Tá cion saille iomlán tosaigh ón mbainne a bheag nó a mhór, agus na móilíní sailltuaslagtha atá sonrach do go leor úscraí áitiúla, le fáil go láidir sa cháis. Mar thoradh air sin tarlaíonn aistriú suntasach dea-bholaithe agus bolaithe ón timpeallacht táirgthe chuig an táirge, agus é mar shaintréith bhreise ann.”

    Lipéadú

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht atá i bhfeidhm faoi láthair (Foraithne ón Uachtarán an 10 Meán Fómhair 1985) agus pointe 3.6 den doiciméad aonair.

    An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

    “Ní mór do na marcálacha ábhartha a bheith ar cháiseanna ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’, nó marcálacha sonracha eile lena dtugtar sonrúchán tionscnaimh na cáise agus sonraí na foraithne seo a leanas.’s”

    Tá an méid a leanas le cur ina ionad sin:

    Airteagal 8 – Lipéadú

    Is éard atá sa mharc comhréireachta lipéad páipéir agus é greamaithe ar cheann amháin de dhá thaobh réidhe na cáise tar éis don cháis a bheith aibithe ar feadh 45 lá ar a laghad, agus marc dearg air (CMYK: C = 0, M = 95, Y = 85, K = 0 – íomhá 1) le haghaidh táirgí arna ndéanamh ar urlár an ghleanna ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig agus marc gorm (CMYK: C = 98, M = 72, Y = 12, K = 0 – íomhá 2) le haghaidh táirgí arna ndéanamh ar fhéarthailte na sléibhe idir an 20 Bealtaine agus an 20 Deireadh Fómhair. Ó thaobh an deartha de, tá líníocht stílithe de chlog sa lár, agus i lár na líníochta sin tá roth cáise agus ding scartha. Timpeall imeall an chloig tá cuid d’ainm an sonrúchán tionscnaimh ‘Formai de Mut D.O.P.’ scríofa, agus feadh an taoibh istigh d’imeall an chiorcail ina bhfuil an dearadh cloig tá an chuid eile den ainm ‘dell’Alta Valle Brembana’, chomh maith leis an tagairt dhlíthiúil don chlárúchán, ‘Clárúchán. C.E. 1107/96’. Timpeall na himlíne iomláine lasmuigh tá 22 chlog stílithe agus ciorcal eile timpeall orthusan. Le haghaidh an mhairc ghoirm, in ionad an chiorcail laistigh de na 22 chlog tá na focail ‘d’alpeggio’ [as féarthailte na sléibhe] (íomhá 2) scríofa roinnt uaireanta.

    Le haghaidh ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ a rinneadh a aibiú ar feadh níos mó ná 6 mhí, tá na saintréithe céanna a bhfuil tuairisc orthu thuas ag gabháil leis an marc, ach tá an focal ‘Riserva’ scríofa roinnt uaireanta timpeall an chiorcail laistigh de na 22 chlog (íomhánna 3 agus 4).

    Image 1

    Íomhá 1

    Image 2

    Íomhá 2

    Image 3

    Íomhá 3

    Image 4

    Íomhá 4

    Féadfar gliú bia a úsáid chun an marc a ghreamú.

    Nuair a chuirtear ar an margadh iad le gcaitheamh, ní mór an sonrúchán STFC ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ agus na marcanna a bhfuil tuairisc orthu thíos a bheith ar gach clúdach agus/nó píosa pacáistíochta le haghaidh SFTC ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’. I gcás riachtanas priontála ar leith, féadfar na marcanna a thaispeáint freisin i ndubh agus bán nó i gcodarsnacht.”

    Cúis:

    Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na modhanna lipéadaithe.

    Eile

    Cigireachtaí

    I bhfianaise an ghá leis an tsonraíocht a athstruchtúrú chun í a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha nua arna bhfaomhadh ag an Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta, cuireadh airteagal faoi chigireachtaí leis, agus ainm agus sonraí teagmhála an chomhlacht rialaithe ann.

    Cuireadh an téacs seo a leanas leis:

    Airteagal 7 – Cigireachtaí

    Déantar cigireachtaí maidir le cé acu a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an táirge an tsonraíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 1151/2012 ag an gcomhlacht cigireachta Certiprodop S.r.l. – an oifig chláraithe: Via del Macello 26, Crema; oifigí riaracháin: Via del Commercio 29 – 26013 Crema (Cremona); teileafón agus Facs +39 0373229628; R-phost: info@certiprodop.it.”

    Pacáistiú

    I bhfianaise an ghá leis an tsonraíocht a athstruchtúrú chun í a thabhairt i gcomhréir leis an struchtúr nua arna fhaomhadh ag an Aireacht um Bheartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta, cuireadh le pointe 3.5 den doiciméad aonair agus le hAirteagal 8 den tsonraíocht, maidir leis an modh scaoilte lena gcaitheamh.

    Is mar a leanas atá an téacs nua:

    “Féadfar cáiseanna STFC ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ a scaoileadh lena gcaitheamh mar cháiseanna iomlána nó ina sciartha. Féadfar roinnt agus pacáistiú a dhéanamh lasmuigh den limistéar tionscnaimh.”

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana”

    Uimh. AE: PDO-IT-0009-AM01 – 6.7.2021

    STFC (X) TGFC ( )

    1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

    “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana”

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An Iodáil

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

    3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

    Rang 1.3 – Cáiseanna

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    ‘Ní úsáidtear an sonrúchán tionscnaimh “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” ach le haghaidh cáise lena mbaineann na saintréithe a leanas nuair atá an tréimhse aibithe thart:

     

    Cáis shailleach leath-chócaráilte a dhéantar go heisiach as lánbhainne amh bó lena ngabhann aigéadacht nádúrtha íseal.

     

    Cruth: sorcóir díreach nó beagáinín dronnach agus taobhanna réidhe nó leath-réidhe air;

     

    Toisí: trastomhas na dtaobhanna idir 30 cm agus 40 cm, airde an chúil idir 8 cm agus 10 cm, agus éagsúlachtaí sna luachanna íosta agus uasta ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn táirgthe;

     

    Meáchan an rotha: idir 8 kg agus 12 kg ag brath ar na coinníollacha teicniúla le linn próiseála, agus éagsúlachtaí suas le 10 % sna luachanna íosta agus uasta;

     

    Cuma ar an taobh amuigh: craiceann tanaí daingean nádúrtha, dath buí ar dhath na tuí uirthi, an dath sin ag éirí níos suntasaí agus í ag aibiú;

     

    Dath an taois: eabhartha, dath éadrom na tuí;

     

    Uigeacht an taois: dlúth, leaisteach, agus súile scaipthe ann ina bhfuil trastomhas ó 1 mm suas le méid ar a dtugtar “occhio di pernice” [“súil patraisce”]; ceadaítear scoilteanna beaga sa taos;

     

    Blas: fíneáilte, cumhra, gan a bheith an-ghoirt, séimh, agus dea-bholadh sainiúil;

     

    Saill in ábhar tirim: íosmhéid 42 %.

    Is é 45 lá an íostréimhse aibithe. D’fhéadfadh go mbeadh an tásc breise ar cháis “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” má tá an tréimhse aibithe níos faide ná 6 mhí.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    “Ní mór farae glas agus/nó farae féir thirim ó mhóinéir, fhéarthailte nó mhóinéir innilte a bheith i mbeatha na mbó; ní mór an chuid is mó den fharae (50 % ar a laghad) teacht ón limistéar geografach sainithe. Féadfar é sin a fhorlíonadh le gránaigh, le tiúcháin agus/nó le ciondáil phróitéine le haghaidh eallaigh. Údaraítear úsáid a bhaint as forlíontaí mianraí agus vitimíní.

    Seo a leanas an t-údar leis an gcuóta 50 %. Mar thoradh ar dhídhaonrú na sléibhte, tháinig méadú de réir a chéile ar choillearnach agus talamh féaraigh chomh maith le móinéir innilte thíos leis. Freisin tá uirbiú fairsing tar éis tarlú sa líon beag limistéar ísealchríche ar urlár an ghleanna, agus gan ach na limistéir níos dorochtana fágtha, atá deacair a shaothrú agus ar minic nach féidir iad a úsáid fiú le heallaigh a innilt. Mar thoradh air sin laghdaíodh acmhainní áitiúla farae, agus cuireadh iallach ar roinnt feirmeacha farae a cheannach ó lasmuigh den limistéar. Ar an drochuair, le teacht roinnt speicis neamhdhúchasacha fiadhúlra le déanaí, ar nós an toirc allta, tá na tailte féaraigh atá fágtha agus a éiríonn níos lú i gcónaí, thíos leis, mar go laghdaítear níos mó an táirgeadh áitiúil farae atá ar fáil de thoradh an dochair a dhéanann siad don chumhdach féir. Thairis sin, mar a thuigtear go maith, bíonn an choillearnach ag teacht chun cinn i gcónaí mar, de thoradh ghanntanas saothair, ní leor iarrachtaí bainistíochta talún na bhfeirmeoirí chun móinéir a choinneáil. Freisin measadh go raibh gá leis an rogha a bhaint maidir leis na ba a bheathú le sadhlas, mar gur saincheist rí-thábhachtach í a húsáid sa phróiseas déantúis cáise agus sa phróiseas aibithe agus í ina huirlis fhéideartha um spóir Clóistridiam. Dá mbainfí an rogha sin d’fhéadfadh go mbeadh gá le tiúcháin a thógáil isteach ó áiteanna lasmuigh den limistéar tionscnaimh chun dul in ionad an iontógáil cothaitheach a sholáthraítear an sadhlas.

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór do na gabháltais a thógann na heallaí a úsáidtear a mbainne chun ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ a phróiseáil a bheith lonnaithe laistigh den limistéar geografach sainithe.

    Ní mór an bainne a tháirgeadh agus ní mór an cháis a phróiseáil agus a aibiú laistigh den limistéar geografach sainithe.

    3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    ‘Féadfar cáiseanna STFC “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” a scaoileadh lena gcaitheamh mar cháiseanna iomlána nó ina sciartha. Féadfar roinnt agus pacáistiú a dhéanamh lasmuigh den limistéar tionscnaimh.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Is éard atá sa mharc comhréireachta lipéad páipéir agus é greamaithe ar cheann amháin de dhá thaobh réidhe na cáise tar éis don cháis a bheith aibithe ar feadh 45 lá ar a laghad, agus marc dearg air (CMYK: C = 0, M = 95, Y = 85, K = 0 – íomhá 1) le haghaidh táirgí arna ndéanamh ar urlár an ghleanna ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig agus marc gorm (CMYK: C = 98, M = 72, Y = 12, K = 0 – íomhá 2) le haghaidh táirgí arna ndéanamh ar fhéarthailte na sléibhe idir an 20 Bealtaine agus an 20 Deireadh Fómhair. Ó thaobh an deartha de, tá líníocht stílithe de chlog sa lár, agus i lár na líníochta sin tá roth cáise agus ding scartha. Timpeall imeall an chloig tá cuid d’ainm an sonrúchán tionscnaimh “Formai de Mut D.O.P.” scríofa, agus feadh an taoibh istigh d’imeall an chiorcail ina bhfuil an dearadh cloig tá an chuid eile den ainm “dell’Alta Valle Brembana”, chomh maith leis an tagairt dhlíthiúil don chlárúchán, “Clárúchán. C.E. 1107/96”. Timpeall na himlíne iomláine lasmuigh tá 22 chlog stílithe agus ciorcal eile timpeall orthusan. Le haghaidh an mhairc ghoirm, in ionad an chiorcail laistigh de na 22 chlog tá na focail “d’alpeggio” [as féarthailte na sléibhe] (íomhá 2) scríofa roinnt uaireanta.

    Le haghaidh “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” a rinneadh a aibiú ar feadh níos mó ná 6 mhí, tá na saintréithe céanna a bhfuil tuairisc orthu thuas ag gabháil leis an marc, ach tá an focal “Riserva” scríofa roinnt uaireanta timpeall an chiorcail laistigh de na 22 chlog (íomhánna 3 agus 4).

    Image 5

    Íomhá 1

    Image 6

    Íomhá 2

    Image 7

    Íomhá 3

    Image 8

    Íomhá 4

    Féadfar gliú bia a úsáid chun an marc a ghreamú.

    Nuair a chuirtear ar an margadh iad le gcaitheamh, ní mór an sonrúchán STFC “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana” agus na marcanna a bhfuil tuairisc orthu thíos a bheith ar gach clúdach agus/nó píosa pacáistíochta le haghaidh SFTC “Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana”. I gcás riachtanas priontála ar leith, féadfar na marcanna a thaispeáint freisin i ndubh agus bán nó i gcodarsnacht.

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Tá críoch riaracháin iomlán na mbardas atá liostaithe thíos, a mbaineann siad go léir le cúige Bergamo, leis an limistéar ina dtáirgtear agus ina n-aibítear an cháis dá dtagraítear thuas: Averara, Branzi, Camerata Cornello, Carona, Cassiglio, Cusio, Foppolo, Isola di Fondra, Lenna, Mezzoldo, Moio de’ Calvi, Olmo al Brembo, Ornica, Piazza Brembana, Piazzatorre, Piazzolo, Roncobello, Santa Brigida, Valleve, Valnegra agus Valtorta.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Ó thaobh na staire de, tá Gleann Uachtarach Brembana [L’Alta Valle Brembana] ina eintiteas riaracháin ó bhí 1364 ann, agus a chuid córas riaracháin féin aige, a rinneadh a neartú agus a nuashonrú le linn thréimhse smacht na Veinéiseach. Go sonrach, is é Gleann Uachtarach Brembana i Bergamo an timpeallacht gheografach ina dtionscnaítear agus ina dtáirgtear ‘Formai de Mut’. Limistéar geografach dea-shainithe é, agus fáinne beann mórthimpeall air ó Monte Ortighera agus Monte Menna go Pizzo dei Tre Signori agus Monte Venturosa, agus gleannta Serina agus Seriana ar an imeall ar an taobh thoir, gleann Valtellina ó thuaidh agus gleannta Taleggio agus Valsassina ar an taobh thiar. Tá an airde idir 440 m os cionn leibhéal na mara i mbardas Lenna go 2 916 m os cionn leibhéal na farraige i Pizzo del Diavolo di Tenda i mbardas Carona.

    Leis na céadta bliain, tá na príomhacmhainní agus na gníomhaíochtaí gaolmhara nasctha leis an gcoillearnach, leis na féarthailte agus na mianaigh. Tá mullach Alpa Orobie, ina bhfuil Gleann Uachtarach Brembana agus é déanta de bheanna agus de bhearnais nach féidir rochtain a fháil orthu go héasca chomh maith le córas casta gleannta agus fánaí ag a bhfuil próifílí airde agus aghaidheanna éagsúla, agus a raibh tionchar mór acu ar an gcaoi ar bunaíodh agus ar cobhsaíodh an daonra agus córais táirgthe le himeacht ama.

    Gleann tréadaithe den chuid is mó a bhí i nGleann Brembana, agus tá an déantús cáise, arbh é an bpríomhchúis le heallaí a thógáil sa limistéar, fianaithe i roinnt doiciméad stairiúil. Léirítear an traidisiún sin fós sa lá atá inniu ann le táirgeadh na cáise áitiúla sainiúla ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’.

    Ceann de na tréithe is tábhachtaí a ghabhann le haeráid Orobie is ea an nochtadh do shreafaí aeir thais ón Meánmhuir, a mbíonn sliabhraon na nAlp ina bhac orthu. Leibhéil bháistí agus sneachta a mhéadaíonn diaidh ar ndiaidh ó urlár an ghleanna go barr an ghleanna agus na bhfánaí is ea an toradh ar an tsaintréith sin. Cuidíonn na coinníollacha sin le glasú féarthailte agus dá bharr sin le tógáil eallaigh déiríochta. Is féidir leis na coinníollacha athrú go mór ó bhliain go chéile, áfach, mar a tharlaíonn de ghnáth i réigiúin ina bhfuil aeráid mheasartha.

    Mar gheall ar na saintréithe timpeallachta agus aeráide a bhfuil cur síos orthu thuas, is iad gleannta, fánaí agus féarthailte sléibhe, ina bhfaightear éagsúlacht shuntasach gheolaíoch agus plandaí, na saintréithe a ghabhann le limistéar sléibhe Ghleann Uachtarach Brembana. I gcaitheamh na mblianta, bhain daoine leas astu trí innilt shéasúrach sléibhe, le buailteachas sléibhe lena mbaineann innilt ar na féarthailte le linn mhíonna an tsamhraidh agus filleadh ar an ngleann don chuid eile den bhliain nuair a éiríonn an aimsir níos crua. Tá an traidisiún sin le feiceáil go soiléir go háirithe i ndath sainiúil agus tipiciúil an taois le haghaidh ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’, a athraíonn ó dhath eabhair, nuair a bheathaítear na heallaí le féar tirim i rith an gheimhridh, go dath tuí nuair a bheathaítear na heallaí le féar glas i rith an tsamhraidh.

    Tá go leor speiceas plandaí i móinéir Ghleann Brambana, a n-athraíonn a gcomhdhéanamh ag brath ar ionad, ar dhálaí comhshaoil, ar airde agus ar acmhainní uisce.

    Tá flóra Alpa Bergamasque i measc an fhlóra is saibhre agus is spéisiúla sna hAlpa; agus ghrúpa mór speiceas ann maidir le cainníocht agus cáilíocht, agus go leor speiceas eindéimeach ina ndíol suntais ó thaobh tábhachta agus cáile. Is féidir an chúis le nádúr fíorluachmhar an fhlóra Bergamasque a aimsiú sna himeachtaí stairiúla agus geolaíocha a tharla sa limistéar sin. Bhí tionchar domhain ag oighearleathadh agus oighearchúlú ar an gcomhdhéanamh flóra sa limistéar. Ghníomhaigh Alpa Orobie, go háirithe na Réamh-Alpa Bergamasque, mar thearmann le haghaidh go leor speiceas Alpach, agus iad ag caomhnú seanspeiceas (speicis phailé-eindéimeacha) agus ag cothú speiceas nua (speicis nua-eindéimeacha) mar gheall ar leithlisiú geografach.

    Mar gheall ar na coinníollacha timpeallachta bíonn sainacmhainn táirgthe bainne ag na heallaí.

    Is minic go roinntear gach féarach sléibhe, a chiallaíonn limistéar innilte os cionn imeall uachtair na foraoise ina ‘stáisiúin’ iomadúla, is iad sin ná limistéir fhéaraigh ina bhfuil na saoráidí riachtanacha chun tacú le heallaí agus daoine. I ngach stáisiún, iompraítear na hainmhithe go saineolach feadh na bhféarthailte i gcomhréir le fáil agus cáilíocht an fharae agus na hacmhainní uisce a theastaíonn le hól ag na hainmhithe. Is í taithí na dtréadaithe Alpacha go beacht, a fhaightear agus a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin, a shocraíonn gluaiseacht an tréada agus a modh innilte (a athraíonn ag brath ar an aimsir laethúil agus ar cháilíocht, leibhéal aibíochta agus tarraingteacht na limistéar innilte éagsúil) chun an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní farae atá ar fáil agus dá bharr sin an cháis is fearr a fháil.

    Tugtar cóiríocht do na tréadaithe i bhfoirgnimh ar a dtugtar ‘baite’, agus déantar an bainne a phróiseáil iontu siúd freisin. Braitheann na déantóirí cáise ar a dtaithí agus a gcumas féin agus iad ag roghnú na bparaiméadar ama agus teochta is fearr le húsáid agus cáis á déanamh, agus iad ag cloí leis na gnáthraonta ag an am céanna. Leis na luachanna cuí cuirtear san áireamh insliú an áitribh táirgthe, an limistéar ina ndearna na ba innilt agus uaireanta freisin saintréithe ceimiceacha agus fisiceacha áirithe an bhainne, a shocraítear iad féin ag coinníollacha foircneacha na timpeallachta (laghdú suntasach ar theocht, stoirmeacha cloch sneachta agus/nó sneachta).

    Nuair atá an féar go léir i stáisiún ar leith ite, bogann na hainmhithe ar aghaidh chuig an gcéad cheann eile agus iad ar lorg féarthailte nua, agus iad ag sroicheadh airdí os cionn 2 000 méadar uaireanta.

    Fágtar an cháis a tháirgtear le haibiú sa stóras cáise nó in ‘casera’. Is minic nach mbíonn ach casera amháin ann le haghaidh na bhféarthailte Alpacha go léir, agus é suite san ionad is fabhraí ó thaobh na loighistice de. Tógtar agus bainistítear gach casera chun na coinníollacha teochta agus taise is fearr a áirithiú d’fhonn táirge maith a bhaint amach. Agus é ag brath ar an idirghníomhú idir an teocht agus an taise, socraíonn gach déantóir cáise an t-uainiú agus na modhanna casta agus scuabtha ionas go n-aibeodh an cháis i gceart agus ionas go mbainfí amach na saintréithe tipiciúla a ghabhann le ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’. Ag deireadh na tréimhse innilte sna sléibhte, tugtar an cháis a táirgeadh sna féarthailte sléibhe anuas chuig an ngleann chun an t-aibiú a chríochnú, próiseas atá in ann dul ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. Freisin filleann an tréad ar an áit imeachta, áit a mbíonn athfhás deireanach na móinéar innilte tar éis tarlú, chomh maith leis an bhféar tirim a sholáthraítear ag na gabháltais le linn an gheimhridh.

    Sa lá atá inniu ann, déantar innilt sléibhe agus an táirgeadh a leanann aisti i bhféarthailte sléibhe sna teachíní sléibhe atá comharthaithe sa Phlean Réigiúnach um Fhéarthailte Sléibhe idir mí Bhealtaine agus mí Dheireadh Fómhair, ag brath ar choinníollacha timpeallachta agus aeráide. Déantar an chuid eile den táirgeadh, a fhéadann tarlú ón 1 Eanáir go dtí n 31 Nollaig, ar urlár an ghleanna, ach laistigh den limistéar sléibhe i gcónaí.

    Dhéantaí an buailteachas go forleathan, i dtosach; dhéanadh roinnt tréadaithe a gcuid ainmhithe a aistriú go hísealchríocha Milano i rith an gheimhridh, agus iad ag filleadh ar na féarthailte sléibhe sa samhradh. Thugtaí ‘bergamì’ ar na tréadaithe sa limistéar sin, agus thugtaí ‘bergamina’ ar a dtréad. Úsáidtear na téarmaí sin fós sa léacsacan áitiúil sa lá atá inniu ann. Gníomhaíocht thánaisteach ab ea déanamh féir a raibh gá leis chun ainmhithe a thógáil. Bhaintí na móinéir, a gcuirtí aoileach orthu mar leasachán, dhá uair le linn an tsamhraidh.

    In ionad na ‘bergamini’ ón am atá thart, tháinig na tréadaithe gleanna, a thóg na féarthailte ina limistéar féin ar léas agus a chuir a gcuid eallaí féin nó eallaí ar cíos iontu. D’eascair buailteachas ‘áitiúil’ den chuid is mó as sin, agus gluaiseacht tréad ó urlár an ghleanna go féarthailte na sléibhe mar shaintréith ann. Mar thoradh air sin, soláthraíonn na móinéir innilte ar urlár an ghleanna, agus iad saor ó eallaí, na stoic féir thirim don gheimhreadh.

    Sainítear cineál sonrach an bhainne ag an meascán de na tosca atá nasctha le bithéagsúlacht shonrach an limistéir gheografaigh shrianta agus na teicnící traidisiúnta póraithe, agus feabhsaítear é sin trí bhainne amh a úsáid chun an cháis a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin go bhfanann airíonna cothaitheacha, céadfacha agus micribhitheolaíocha an limistéir tionscnaimh i ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’. Go háirithe le linn chéim aibithe na cáise, bíonn tionchar ag an micreaflóra dúchasach sa bhainne amh a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh agus sa timpeallacht táirgthe ar aibiú na cáise agus cothaíonn sé a blas sainiúil.

    Anuas air sin, déantar ‘Formai de Mut dell’Alta Valle Brembana’ ag úsáid lánbhainne. Tá cion saille iomlán tosaigh ón mbainne a bheag nó a mhór, agus na móilíní sailltuaslagtha atá sonrach do go leor úscraí áitiúla, le fáil go láidir sa cháis. Mar thoradh air sin tarlaíonn aistriú suntasach dea-bholaithe agus bolaithe ón timpeallacht táirgthe chuig an táirge, agus é mar shaintréith bhreise ann.”

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

    Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

    nó mar rogha ar an méid sin:

    trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top