Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC1018(01)

    Foilsiú iarratas ar leasú ar shonraíocht ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2022/C 401/08

    C/2022/7273

    IO C 401, 18.10.2022, p. 10–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    18.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 401/10


    Foilsiú iarratas ar leasú ar shonraíocht ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (2022/C 401/08)

    Le foilsiú an iarratais seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.

    IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

    “Pannon”

    PDO-HU-A1380-AM03

    Dáta cur i bhfeidhm: 25.1.2018

    1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

    Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Modhnú nach mion

    2.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

    2.1.   Catagóir táirge fíona leathshúilínigh aeraithe a chur leis

    Thosaigh táirgeoirí fíona ag déanamh fíonta leathshúilíneacha aeraithe mar fhreagra ar éilimh mhargaidh a bhí ag athrú. Leis an dul chun cinn atá déanta sa teicneolaíocht atá ar fáil, is féidir cáilíocht níos fearr ná riamh a bhaint amach, a bhfuil éileamh agus táirgeadh méadaithe mar thoradh air. Is féidir táirgí aonfhoirmeacha ardcháilíochta a dhéanamh leis na fíonta sármhaithe Pannon STFC i gcomhréir leis an tsonraíocht.

    Ceannteidil a ndéanfar difear dóibh:

    Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    Tuairisc ar na fíonta

    Uastáirgeacht

    Príomhchineálacha fíonchaoire

    Nasc leis an limistéar geografach

    Coinníollacha breise

    2.2.   Catagóir táirge fíona shúilínigh a chur leis

    Thionscain meascán d’éileamh an mhargaidh agus d’fhiontraíocht déantóirí fíona táirgeadh fíonta súilíneacha éagsúla. Is fada an lá bunfhíonta i gcomhair fíonta súilíneacha a bheith á dtáirgeadh sa réigiún fíona. Chuir na fíonlanna teaghlaigh atá ag cur fúthu anseo a bhfíonta súilíneacha féin lena raonta táirgí. Na cineálacha fíonchaoire a liostaítear sa tsonraíocht táirge maidir le fíon Pannon STFC, táirgeann siad fíonta súilíneacha ar ardcháilíocht ach go háirithe, lenar féidir cáilíocht aonfhoirmeach agus níos airde a bhaint amach.

    Ceannteidil a ndéanfar difear dóibh:

    Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    Tuairisc ar na fíonta

    Uastáirgeacht

    Príomhchineálacha fíonchaoire

    Nasc leis an limistéar geografach

    Coinníollacha breise

    2.3.   Cineálacha nua a cheadaítear: Ezerfürtű, Furmint, Kadarka (geal), Pinot Noir (geal), Rizlingszilváni, Zöld szagos, Zöld szilváni agus Alibernet

    Tá patrúin maidir le fíon a ól ag athrú go leanúnach, agus tá táirgeoirí ag déanamh a ndícheall iad a oiriúnú. Tá méadú ag teacht ar sciar na gcineálacha geala agus cumhra sa limistéar sainithe. Tá roinnt de na cineálacha atá iarrtha á n-úsáid le fada chun fíon de cháilíocht iontaofa a dhéanamh, agus tagann roinnt eile ó phlanduithe trialacha.

    Ceannteidil a ndéanfar difear dóibh:

    Príomhchineálacha fíonchaoire

    2.4.   Leasú bardas lasmuigh den limistéar táirgthe críochaithe: Varsád a chur leis

    Próiseálann an monarcha táirgthe fíona in Varsád fíonchaora de thionscnamh an limistéir shainithe do Pannon STFC. Comhlíonann cáilíocht tháirgí earnáil an fhíona a dhéantar ó na fíonchaora seo ceanglais na sonraíochta táirge seo. (Cláraíodh bardas Dég cheana san iarratas tosaigh mar bhardas lasmuigh den limistéar táirgthe críochaithe.)

    Ceannteidil a ndéanfar difear dóibh:

    Coinníollacha breise

    2.5.   Na bardais Cikó, Fürged, Magyarszék, Németkér, Pálfa, Pári agus Somberek a chur leis an limistéar táirgthe críochaithe

    Is leis an aonad riaracháin céanna iad na bardais sin chun críocha Airteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/33 (2) mar an limistéar táirgthe críochaithe. Is cuid dhílis den limistéar geografach iad de bhua a saintréithe ithreach agus a suímh.

    Ceannteidil a ndéanfar difear dóibh:

    Limistéar geografach críochaithe

    2.6.   Scriosadh na mbardas Aba agus Seregélyes ón limistéar táirgthe críochaithe

    Baineadh na bardais sin den riarachán poiblí don limistéar críochaithe agus is cuid de réigiún fíona eile iad. Ní cuid den limistéar geografach iad de bhua a saintréithe ithreach agus a suímh agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den liosta bardas sa limistéar táirgthe críochaithe.

    Ceannteidil a ndéanfar difear dóibh:

    Limistéar geografach críochaithe

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm an táirge

    Pannon

    2.   Cineál táisc gheografaigh

    STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

    3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.

    Fíon súilíneach

    9.

    Fíon leathshúilíneach aeraithe

    4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

    4.1.   Fíon geal

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Idir dath glasbhán, buíghlas, agus dath órga. Bíonn réimse bolaithe acu, ó fhíneáltacht dhiscréideach go dea-bholaithe an-dian de na cineálacha cumhra. Féadfar cumhráin úll agus torthaí citris agus lorg fann bláthanna fiú a bheith ann. Baineann aigéadacht chasta mheánach le fíonta geala Pannon. Gnéithe de na fíonta a tháirgtear sa réigiún seo is ea blas na dtorthaí agus an chomhchuibheacht.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

    200

    4.2.   Fíon rosé

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Idir dath craicinn oinniúin, dhath piaine, agus dath sútha talún. Tá na bolaithe cumhra tipiciúil don chineál, sú craobh, sú talún agus sméar dhubh go príomha. Baineann saintréithe d’aigéid úra leis an bhfíon, le láidreacht mheasartha agus tathag measartha éadrom, agus dea-bholaithe a léirítear sa srón agus ansin sa bhéal chomh maith.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

    200

    4.3.   Fíon dearg

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Tá réimse dathanna air, idir dearg agus dhath an rúibín, idir corcra-dhearg agus dúdhearg dorcha. Bíonn boladh torthaí mar shaintréith aige, boladh de chaora dearga, go háirithe sú talún, pluma agus silín. Féadfar blasanna spíosracha a chur leis mar thoradh ar theacht chun cineáil i mbairillí. Tá tathag lán measartha aige in éineacht le haigéadacht mheasartha tipiciúil agus struchtúr tainnine measartha-ard.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    20

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

    150

    4.4.   Fíon geal súilíneach

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Tá réimse dathanna air idir dath buí éadrom agus dath buí órga. Cinntear a bholadh agus a bhlas trí bhíthin na ndea-bholaithe atá tipiciúil de na fíonchaora – torthaí citris agus úll glas – atá chomhlánaithe leis an mboladh tánaisteach agus substaintí dea-bholaithe a fhorbraíonn le linn teacht chun cineáil, amhail briosca agus brioche. An tsúilíneacht fhíneálta a dhéantar trí bhíthin aigéid charbónaigh a dhíorthaítear ón dara coipeadh alcólach, bíonn sí ann i rith phróiseas an bhlaiste ar fad.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.5.   Fíon rosé súilíneach

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Féadfaidh idir dath éadrom craicinn oinniúin agus dearg éadrom a bheith air. Cinntear a bholadh agus a bhlas trí bhíthin na substaintí dea-bholaithe torthaí, sú talún éadrom, sú craobh agus spíosracha a bhaineann leis na fíonchaora go hiondúil, a chomhlánaítear leis an mboladh tánaisteach agus substaintí dea-bholaithe a fhorbraíonn le linn an aosaithe, amhail briosca agus brioche, mar shampla, in éineacht le haigéadacht dheas chothromaithe.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.6.   Fíon dearg súilíneach

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Féadfaidh dath idir dath an rúibín agus dúdhearg a bheith air. Cinntear a bholadh agus a bhlas trí bhíthin na bpríomh-dea-bholaithe torthaí atá tipiciúil de na fíonchaora (silín agus cuiríní go príomha), atá comhlánaithe leis an mboladh tánaisteach agus substaintí dea-bholaithe a fhorbraíonn le linn teacht chun cineáil, amhail briosca agus brioche.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.7.   Fíon geal leathshúilíneach aeraithe

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Féadfaidh dath idir ghlasbhán agus buí órga a bheith air; agus boladh úr torthaí de thorthaí citris agus d’úll glas air i gcónaí, agus aigéadacht úr ghalánta. Níl blasanna den aoisiú i mbairillí adhmaid le sonrú ina bhlas ná ina bholadh.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.8.   Fíon rosé leathshúilíneach aeraithe

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Féadfaidh dath ó chraiceann oinniúin éadroim agus dearg éadrom a bheith air, in éineacht le blas torthaí (sú talún, sú craobh agus sméar dhubh go príomha) agus saintréith úr spleodrach aige.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    4.9.   Fíon dearg leathshúilíneach aeraithe

    TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

    Féadfaidh an dath atá air a bheith idir dearg agus dath an rúibín, nó idir corcra-dhearg agus dúdhearg dorcha. Bíonn blas torthaí tipiciúil mar shaintréith aige mar aon le boladh de thorthaí caor dearg, cuir i gcás sú talún, pluma agus silín.

    *

    Comhlíonann na sonraí anailíseacha atá ar lár na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

    4 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    a.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

    Rialacha maidir le táirgeacht fíonchaor

    Córas treoraithe fíniúnacha

    Modh saothraithe fíniúnacha agus spásáil:

    I gcás fíonghoirt a cuireadh roimh an 31 Iúil 2009, féadfar táirgí earnáil an fhíona ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint Pannon a tháirgeadh go dtí an bhliain fíona 2035/2036 ó fhíonchaora as aon fhíonghort lenar ceadaíodh an modh treoraithe agus an dlús plandála cheana.

    Rialacha a bhaineann le plandálacha nua

    I gcás fíonghoirt a cuireadh tar éis an 1 Lúnasa 2009:

    ní fhéadfaidh an dlús plandála a bheith níos lú ná 3 300 fíniúin/ha;

    ní fhéadfaidh an spásáil idir línte a bheith níos lú ná 2 mhéadar ná níos mó ná 3,5 méadar;

    ní fhéadann spásáil idir plandaí a bheith níos lú ná 0,6 mhéadar nó níos mó ná 1,2 mhéadar;

    féadfar aon mhodh treoraithe a úsáid, ach amháin oiliúint chuirtín shingil.

    Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

    DADA

    b.   Táirgeacht uasta

    Gach táirge in earnáil an fhíona

    100 hl/ha

    Gach táirge in earnáil an fhíona

    14 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Limistéir na mbardas a leanas a aicmítear in Aicme I agus Aicme II de réir chadastar an fhíonghoirt: Helesfa, Kispeterd, Mozsgó, Nagypeterd, Nyugotszenterzsébet, Szigetvár, Boda, Cserkút, Hosszúhetény, Ivánbattyán, Keszü, Kiskassa, Kővágószőlős, Kővágótöttös, Mecseknádasd, Pécs, Pécsvárad, Szemely, Kisjakabfalva, Babarc, Bár, Bóly, Dunaszekcső, Hásságy, Lánycsók, Magyarszék, Máriakéménd, Mohács, Monyoród, Nagynyárád, Olasz, Szajk, Szederkény, Somberek agus Versend;

    Alsónána, Alsónyék, Báta, Bátaszék, Decs, Harc, Kakasd, Kéty, Medina, Őcsény, Sióagárd, Szálka, Szekszárd, Várdomb agus Zomba;

    Aparhant, Bátaapáti, Bikács, Bonyhád, Bonyhádvarasd, Bölcske, Cikó, Dunaföldvár, Dunaszentgyörgy, Dúzs, Fácánkert, Felsőnyék, Fürged, Grábóc, Gyönk, Györe, Györköny, Hidas, Hőgyész, Igar, Iregszemcse, Izmény, Kisdorog, Kismányok, Kisszékely, Kisvejke, Kölesd, Lengyel, Lajoskomárom, Madocsa, Magyarkeszi, Mezőkomárom, Mórágy, Mőcsény, Mucsfa, Mucsi, Nagydorog, Nagyszékely, Nagymányok, Nagyszokoly, Németkér, Ozora, Paks, Pálfa, Pári, Pincehely, Regöly, Sárszentlőrinc, Simontornya, Szabadhidvég, Tamási, Tengelic, Tevel, Tolna, Tolnanémedi, Váralja agus Závod;

    Bisse, Csarnóta, Diósviszló, Harkány, Hegyszentmárton, Kistótfalu, Márfa, Nagytótfalu, Siklós, Szava, Túrony, Vokány, Kisharsány, Nagyharsány, Palkonya, Villány agus Villánykövesd.

    7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

     

    alibernet

     

    blauburger

     

    blauer frühburgunder

     

    bíbor kadarka

     

    cabernet franc – cabernet

     

    cabernet sauvignon

     

    chardonnay – kereklevelű

     

    cirfandli - piros cirfandli

     

    cot - malbec

     

    csabagyöngye - péarla csaba

     

    cserszegi fűszeres

     

    csomorika - csomor

     

    domina

     

    ezerfürtű

     

    furmint - furmint bianco

     

    hamburgi muskotály - muscat hamburg

     

    hárslevelű – garszleveljü

     

    irsai olivér – irsai

     

    juhfark – fehérboros

     

    kadarka - fekete budai

     

    karát

     

    királyleányka – little princess

     

    kékfrankos – moravka

     

    kékoportó - blauer portugieser

     

    leányka – leányszőlő

     

    menoire

     

    merlot

     

    mészikadar

     

    nektár

     

    olasz rizling – olaszriesling

     

    ottonel muskotály – muscat ottonel

     

    pinot blanc – fehér burgundi

     

    pinot noir – kék burgundi

     

    rajnai rizling – rhine riesling

     

    rizlingszilváni – müller thurgau

     

    rubintos

     

    sagrantino

     

    sauvignon – sauvignon blanc

     

    syrah – shiraz

     

    szürkebarát – pinot gris

     

    sárga muskotály – muscat lunel

     

    tannat

     

    tramini – traminer

     

    turán

     

    viognier

     

    zefír

     

    zengő

     

    zenit

     

    zweigelt – blauer zweigeltrebe

     

    zöld szagos - decsi szagos

     

    zöld szilváni - grüner sylvaner

     

    zöld veltelíni - zöldveltelíni

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    8.1.   Tosca nádúrtha

    Cuimsíonn réigiún fíona Pannon ceithre limistéar fíonsaothrúcháin lonnaithe sa cheantar cnocach arb iad an Danóib, Abhainn Drava agus Loch Balaton agus fánaí theas shliabhraonta Villány agus Mecsek eatarthu mar theorainneacha air. Is iad sin na limistéir fíonsaothrúcháin Pécs, Villány, Szekszárd agus Tolna.

    Ithir chréúil agus dhríodair ghainmheach atá i mbuncharraig chnoic Tolna agus Baranya, arna cumhdach ag lós agus dúrabhán. Cumhdaíonn lós agus dúrabhán bloic aolchloiche Chnoic Villány agus Mecsek in go leor áiteanna.

    Tá ithir réigiún fíona Pannon an-fhabhrach d’fhíonsaothrúchán.

    Tá an aeráid ilchríochach le tionchair mhóra na Meánmhara ón deisceart.

    Bíonn an mheánteocht bhliantúil idir 10-12 °C. Is mó meánlíon uaireanta gréine ná 2 000 na bliana. Le roinnt eisceachtaí, bíonn méid na frasaíochta thart ar 600 mm.

    Tá aeráid agus aimsir an réigiúin oiriúnach go háirithe chun fíonchaora bána agus dubha a tháirgeadh.

    8.2.   Fíon: Tosca daonna

    Tá an limistéar ar cheann de na réigiúin is sine ina dtáirgtear fíon san Ungáir. Is iad na Ceiltigh agus ansin na Rómánaigh a thug fíonsaothrú chuig an Ungáir, i.e. an Phanóin, ar dtús. Tacaíonn fionnachtain déantán le tábhacht an fhíonsaothraithe sa réigiún sin freisin.

    Sa chéad aimsir sin, thug daoine a raibh cónaí orthu sa réigiún na dálaí nádúrtha faoi deara a chuir bunús iontach ar fáil le haghaidh fíonsaothraithe agus táirgeadh fíona. Tá roinnt taifeadtaí scríofa ar fhíonta a táirgeadh sa réigiún sin a théann siar chomh fada leis na Meánaoiseanna. Tá fíonghoirt ar tugadh aire mhaith dóibh le haimsiú ag na raidhse mainistreacha a bunaíodh le linn ré Árpád.

    Níor chuir rud ar bith bac ar an bhfíonsaothrú rafar ach amháin na cogaí leis na Turcaigh, ar feadh thart ar 150 bliain.

    D’fhorbair na Gearmánaigh, a chuir fúthu sa réigiún fíona san 18ú haois, fíonóireacht áitiúil tuilleadh. Thug na Seirbiaigh, a chuir fúthu sa tréimhse sin, táirgeadh Kadarka isteach, ónar táirgeadh fíon dearg trí bhíthin modh nua a úsáid: coipeadh ar na craicne.

    As measc na ndosaenacha cineálacha saoraithe, d’éirigh dhá chineál fíonchaor a úsáidtear chun fíon dearg a tháirgeadh, cinniúnach le linn an athphlandaithe san 18ú haois: bhí Kadarka ar cheann acu, a thug na Seirbiaigh ó na Balcáin agus iad ar a dteitheadh ó na Turcaigh; ba é Kékoportó an ceann eile, a thug lonnaitheoirí Gearmánacha isteach chuig Villány leo agus deirtear gur as an bPortaingéil é. Tá clú níos fearr ar an réigiún as a fhíonta dearga, ach ba iad na cineálacha geala ba mhó a aimsíodh i gceantair Siklós, Tolna agus Mecsek ná: Olaszrizling, Hárslevelű, Cirfandli agus Furmint.

    Thug Kadarka modh táirgthe Balcánach na bhfíonta dearga isteach. Coipeadh fíonchaora gorma in umair adhmaid mhóra ar fheirmeacha i bhfíonghoirt Szekszárd agus i dtithe cantaoire a tógadh sna siléir ar imeall shráidbhaile Villány. Tar éis coipthe, séalaíodh barr an bhonn mairc le láib agus aosaíodh ar feadh míosa é. Ansin doirteadh na fíonta isteach i mbairillí. In Transdanubia Theas, táirgeadh fíonta dearga níos glaine agus blas úr orthu a dtugtar “siller” nó “fuchsli” orthu trí bhíthin maothú níos giorra ar chraicne.

    Táirgtear fíonta dearga agus geala araon i réigiún fíona Pannon, ach tá na fíonta dearga ag éirí níos suntasaí na laethanta seo. Ag tús an 20ú haois sholáthair Kadarka agus Kékoportó bunús na bhfíonta dearga fós, ach le blianta beaga anuas cuireadh Kékfrankos in ionad Kadarka, agus tá na cineálacha idirnáisiúnta a leanas forleathan anois: Cabernet Sauvignon, Cabernet Franc agus Merlot. Is minic go dtáirgtear fíonta cuveé de chineál Bordeaux a aosaítear i mbairillí adhmaid nua ó na cineálacha sin. Is iad Olaszrizling, Hárslevelű, Rajnai rizling agus Chardonnay na cineálacha geala is treise.

    8.3.   Fíon: Tuairisc ar na fíonta

    Go ginearálta, bíonn fíonta an limistéir chríochaithe tathag measartha nó tathagach, a bhuí leis na fánaí a bhfuil a n-aghaidheanna ó dheas, agus dá bharr sin bíonn an aimsir níos teo de ghnáth, a fhágann go mbíonn méid an aibithe shiúcra níos airde agus le hábhar alcóil meánleibhéil nó ardleibhéil agus bíonn sé i gcomhréir leis an tathag. Léirítear an stíl aibí trína bhlas torthaí agus tainnin láidir (d’fhíonta dearga).

    8.4.   Fíon: Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh

    Mar gheall ar aeráid ilchríochach réigiún fíona Pannon, in éineacht le tionchair na Meánmhara, agus na fánaí deisiúracha ann, bíonn fíonta Pannon de chineál na Meánmhara go príomha agus bíonn aigéadacht chasta ghalánta acu. Mar gheall ar fho-ithir dhriodach chnoic Tolna agus Baranya, bíonn blas torthaí ar fhíonta an réigiúin go príomha. A bhuí le líon ard uaireanta gréine, bíonn fíonta an réigiúin tathagach go hiondúil, agus neart alcóil níos airde iontu. Mar gheall ar na dálaí nádúrtha, tá tainnin shíodúil sna fíonta Pannon rosé agus dearga.

    De bharr thionchar na Meánmhara, féadann na táirgeoirí fíonchaoire agus fíona cineálacha fíonchaoire gile agus deirge a aibíonn go déanach a bhuain (e.g. Olasz rizling, Furmint, Cabernet Franc agus Cabernet Sauvignon) nuair atá siad aibí agus ábhar siúcra ard iontu.

    Mar gheall ar aimsir mhaith an fhómhair go minic, is féidir fíonchaora rísínithe agus fíonchaora ró-aibí araon a bhuain. Feictear é sin leis an táirgeadh forleathan fíonta ó fhíonchaora buainte go déanach, buainte roghnaí agus rísínithe sa réigiún seo. Is de bharr an tsaineolais a thug táirgeoirí fíona an réigiúin chun cinn le himeacht na n-aoiseanna agus a thug siad ar aghaidh ó ghlúin go glúin, atá sárcháilíocht sna fíonta sin in éineacht leis na dálaí nádúrtha agus féidearthacht táirgeachta na gcineálacha áitiúla.

    Tá eolas agus grá ag na daoine a chuireann fúthu i réigiún fíona Pannon ar fhíonsaothrú a théann siar trí na haoiseanna. Leag muintir na Suáibe a chuir fúthu i gcríoch réigiún fíona Pannon an bhunchloch le haghaidh fíonsaothrú agus táirgeadh fíona sa lá atá inniu ann. Athbhunaíodh táirgeadh fíona leis na fíonlanna teaghlaigh a bunaíodh ag tús na 1990idí agus bhí ar a gcumas táirgí de cháilíocht níos airde a dhéanamh, agus d’aimsigh siad margadh ina leith chomh maith.

    8.5.   Fíon súilíneach: Tosca daonna

    I dteannta na dtosca nádúrtha agus daonna ar a dtugtar tuairisc, tá feidhm ag na nithe seo a leanas maidir le fíonta súilíneacha Pannon:

    Tá táirgeadh fíonta súilíneacha i réigiún fíona Pannon ag dul siar 100 bliain. Bhí an-rath ar fhíonta súilíneacha a táirgeadh tar éis bhunú na chéad mhonarchan fíona in 1912 agus ghnóthaigh siad clú dóibh féin go náisiúnta.

    D’athbhunaigh táirgeoirí i bhfo-réigiún fíona Pannon na traidisiúin maidir le fíon súilíneach a dhéanamh, rud a chuir fíon súilíneach Pannon ar an margadh arís.

    Bhí an-rath ar na táirgí de bharr shaineolas agus cháil na saothróirí fíonchaor agus na ndéantóirí fíona áitiúla. Is príomhghné de tháirgeadh fhíona shúilínigh Pannon é an próiseas traidisiúnta agus coipeadh buidéil, agus dá dtoradh forbraíonn blasanna agus dea-bholaithe tánaisteacha anuas ar na príomh-bholaithe torthaí.

    8.6.   Fíon súilíneach: Tuairisc ar na fíonta

    De thoradh tabhairt chun cineáil níos faide, tá réimse dathanna ar fhíonta geala súilíneacha idir bhuí éadrom agus buí órga, ar na fíonta rosé súilíneacha idir chraicinn oinniúin agus bándearg na sú craobh, agus ar na fíonta dearga súilíneacha idir dhath an rúibín agus dúdhearg. Cinntear boladh agus blas fíonta súilíneacha Pannon leis na príomhshubstaintí blais agus dea-bholaithe atá lán de thorthaí agus spíosraí (i gcás rosé agus dearg) atá mar shaintréithe na bhfíonchaor; déantar iad a chomhlánú le dea-bholaithe tánaisteacha. Tá aigéid úra i bhfíonta súilíneacha Pannon.

    8.7.   Fíon súilíneach: Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh

    Cuimsítear leis an réigiún fíona ceithre limistéar fíonsaothrúcháin theas na hUngáire. Tá tionchair ilchríochacha agus na Meánmhara le brath san aeráid áitiúil. Tá an líon uaireanta gréine níos mó ná an meánlíon náisiúnta. An méid frasaíochta bliantúla, dáileadh cothrom na frasaíochta agus saintréithe na n-ithreacha a fhágann go gcoinnítear an t-uisce go measartha maith, cuidíonn siad sin lena áirithiú go bhfuil soláthar uisce leordhóthanach do na fíniúnacha le linn thréimhse an fhásra. Tá sé sin tábhachtach go háirithe i gcás na bhfíonta súilíneacha, mar cuireann sé cosc le foirmiú bolaithe plandúla dreoite agus aigéad anabaí géar san fhíon, a gcuirfeadh an dé-ocsaíd charbóin a eascraítear ón dara coipeadh alcóil leis.

    Áirithíonn tréimhse fhada fásra agus lear mór teasa na dálaí is fearr do na fíonchaora chun na bunfhíonta a dhéanamh sa chaoi is go n-aibíonn na fíonta súilíneacha i gceart agus coinnítear a n-aigéid úra.

    Tá saintréith uathúil d’fhíon súilíneach Pannon de thairbhe na dtosca seo a leanas in éineacht: suíomh na bhfíonghort, dálaí aimsire na Meánmhara, na hithreacha créúla ilchothaitheacha lós-cailcreach agus cineálacha fíonchaoire is oiriúnaí don limistéar táirgthe, agus caomhnaíonn an meascán sin na substaintí dea-bholaithe agus cumhrachta torthaí casta agus spíosrach, mar aon lena úire agus a aigéadacht ghalánta, fiú i ndiaidh an dara coipeadh alcóil. Fíonta súilíneacha a bhfuil cumhracht tánaisteach ghalánta fhíneálta uathu de thoradh an teacht chun cineáil níos faide atá mar chuid den phróiseas táirgthe traidisiúnta, tá siad tipiciúil den réigiún fíona.

    8.8.   Fíon leathshúilíneach aeraithe: Tosca daonna

    Anuas ar na tosca daonna ar tugadh tuairisc orthu le haghaidh fíona cheana, baineann na nithe seo a leanas le fíon leathshúilíneach aeraithe Pannon:

    Is catagóir táirge é fíon leathshúilíneach aeraithe atá sách nua do réigiún fíona Pannon. Thosaigh tairgeoirí an réigiúin á dhéanamh ó ná fíonchaora a fásadh go traidisiúnta anseo agus a úsáidtear chun an bunfhíon le haghaidh fíon súilíneach a dhéanamh, agus bhí rath margaíochta orthu ar an margadh intíre.

    Is a bhuíochas do shaineolas agus cháil na saothróirí fíonchaoire agus na ndéantóirí fíona áitiúla ar éirigh go maith leis an táirge ar an margadh agus go heacnamaíoch. Déantar fíon leathshúilíneach aeraithe Pannon ó chineálacha a fhástar anseo go hiondúil, roghnaítear an tráth a dhéantar iad a bhuain sa chaoi is go n-áirithítear, le linn próiseála, gur féidir príomhbhlas nádúrtha na bhfíonchaor agus substaintí dea-bholaithe a chaomhnú; is éifeacht don dé-ocsaíd charbóin roimh bhuidéalú é sin a threisiú.

    8.9.   Fíon leathshúilíneach aeraithe: Tuairisc ar na fíonta

    Bíonn ábhar aigéid comhchuí i bhfíonta geala aeraithe, rosé agus leathshúilíneacha Pannon go hiondúil, bíonn siad spleodrach agus bíonn dea-bholaithe úra torthaí casta uathu.

    8.10.   Fíon leathshúilíneach aeraithe: Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh

    Cuimsítear leis an réigiún ceithre limistéar fíonsaothrúcháin theas na hUngáire. Tá tionchair ilchríochacha agus na Meánmhara le brath san aeráid áitiúil. Tagann an t-earrach chuig an gcuid sin den Ungáir ar dtús, agus tá an líon uaireanta gréine níos mó ná an meánlíon náisiúnta. An méid frasaíochta bliantúla, dáileadh cothrom na frasaíochta agus saintréithe na n-ithreacha, rudaí a fhágann go gcoinnítear an t-uisce go measartha maith, cuidíonn siad sin lena áirithiú go bhfuil soláthar uisce leordhóthanach do na fíniúnacha le linn tréimhse an fhásra. Tá sé sin tábhachtach go háirithe i gcás na bhfíonta leathshúilíneacha aeraithe, mar cuireann sé cosc le foirmiú bolaithe plandúla dreoite agus aigéad anabaí géar a gcuirfeadh an dé-ocsaíd charbóin san fhíon leis.

    Tá saintréith uathúil an fhíona de thairbhe na dtosca seo a leanas in éineacht: suíomh na bhfíonghort, aeráid na Meánmhara, na hithreacha créúla ilchothaitheacha lós-cailcreach agus cineálacha fíonchaoire is oiriúnaí don limistéar táirgthe, mar a léirítear sa bhlas torthaí casta agus sna substaintí dea-bholaithe mar aon lena úire agus a aigéadacht ghalánta.

    9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

    Limistéar geografach inar féidir fíonta a thairgeadh le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) Pannon

    Creat dlíthiúil:

    Ó eagraíocht a bhainistíonn STFC/TGFC, i gcás ina leagann na Ballstáit síos é

    An cineál coinníll bhreise:

    Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní bheidh cead fíonta leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint Pannon a tháirgeadh ach amháin sna bardais sna limistéir fíonsaothrúcháin Tolna, Szekszárd, Pécs agus Villány a liostaítear i roinn IV den tsonraíocht táirge, agus in Dég i gContae Fejér agus in Varsád i gContae Tolna.

    Tá na bardais Dég agus Varsád lonnaithe sa limistéar riaracháin céanna le réigiún fíona Pannon.

    Rialacha maidir le comharthú

    Creat dlíthiúil:

    Ó eagraíocht a bhainistíonn STFC/TGFC, i gcás ina leagann na Ballstáit síos é

    An cineál coinníll bhreise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní fhéadfar aonad geografach a chomharthú taobh leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint Pannon.

    Féadfar lógó Pannon a thaispeáint.

    Téarmaí traidisiúnta arna n-údarú le húsáid, téarmaí eile a bhfuil a n-úsáid srianta, téarmaí lena gcomharthaítear an modh táirgthe, agus téarmaí eile a bhfuil a n-úsáid rialaithe:

    Fíon

    1.

    Geal: Késői szüretelésű [fíon buainte go déanach], Válogatott Szüretelésű [fíon buainte roghnaí], Muskotály, Cuvée nó Küvé, Szüretlen [neamhscagtha], Töppedt szőlőből készült [a dhéantar ó fhíonchaora rísínithe], Primőr [primeur] nó Újbor [fíon nua], barrique, “barrique-ban erjesztett” [coipthe i mbairillí] nó “..hordóban erjesztett” [coipthe i mbairillí], “barrique-ban érlelt” [a aosaítear i mbairillí] nó “... hordóban érlelt” [a aosaítear i mbairillí]

    2.

    Rosé: Válogatott Szüretelésű [fíon buainte roghnaí], Szüretlen [neamhscagtha], Primőr [primeur] nó Újbor [fíon nua]

    3.

    Dearg: Siller, Késői szüretelésű [fíon buainte go déanach], Válogatott Szüretelésű [fíon buainte roghnaí], Muskotály, Cuvée nó Küvé, Szüretlen [neamhscagtha], Töppedt szőlőből készült [a dhéantar ó fhíonchaora rísínithe], Primőr [primeur] nó Újbor [fíon nua], barrique, “barrique-ban erjesztett” [coipthe i mbairillí] nó “..hordóban erjesztett” [coipthe i mbairillí], “barrique-ban érlelt” [a aosaítear i mbairillí] nó “... hordóban érlelt” [a aosaítear i mbairillí]

    Fíon súilíneach agus fíon leathshúilíneach aeraithe:

    1.

    Geal: Muskotály, Cuvée nó Küvé

    2.

    Rosé: Muskotály, Cuvée nó Küvé

    3.

    Dearg: Muskotály, Cuvée nó Küvé

    Is féidir go mbeidh na nathanna “termőhelyen palackozva” [buidéalaithe sa limistéar táirgthe), “termelői palackozás” [buidéalaithe ag an táirgeoir] agus “pinceszövetkezetben palackozva” [buidéalaithe i gcomharchumann fíonlainne] ar aon fhíon Pannon.

    Féadfar an téarma “rosé” a chur in ionad “rozé”, agus an téarma “cuvée”, nó házasítás’ [cumasc] in ionad “küvé”.

    Rialacha maidir le cur i láthair

    Creat dlíthiúil:

    Ó eagraíocht a bhainistíonn STFC/TGFC, i gcás ina leagann na Ballstáit síos é

    An cineál coinníll bhreise:

    Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ceadaítear gach modh cur i láthair, ach amháin maidir le fíonta Pannon buainte go déanach, fíonta Pannon buainte roghnaí agus fíonta Pannon a rinneadh ó fhíonchaora rísínithe, a fhéadfar a dhíol i mbuidéil ghloine amháin.

    Níl feidhm ag an riail sin maidir le fíonta arna ndéanamh laistigh den limistéar táirgthe ag an táirgeoir ina shiléar/siléar féin lena n-ól ar an láthair.

    Réamhfhógra maidir le cur i láthair:

    Ní mór do shaoráidí buidéalaithe lasmuigh den limistéar críochaithe fógra a thabhairt do rúnaí réigiún fíona Pannon faoi aon bhuidéalú de tháirgí earnáil an fhíona leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint tráth nach déanaí ná 8 lá sula dtosófar an cur i láthair.

    Nasc chuig an tsonraíocht táirge

    https://boraszat.kormany.hu/download/9/b1/f2000/Pannon%20term%C3%A9kle%C3%ADr%C3%A1s%203-v%C3%A1ltozat%20COM%20kn.pdf


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  IO L 9, 11.1.2019, Ich. 2.


    Top