Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC1017(04)

    Foilsiú iarratais ar fhormheas leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí 2022/C 397/11

    C/2022/7261

    IO C 397, 17.10.2022, p. 26–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 397/26


    Foilsiú iarratais ar fhormheas leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    (2022/C 397/11)

    Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

    IARRATAS AR LEASÚ A FHORMHEAS AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE MAIDIR LE SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH/TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT NACH MIONLEASÚ É

    Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    “Robiola di Roccaverano”

    Uimh. AE: PDO-IT-0024-AM03 – 11.4.2022

    STFC (X) TGFC ( )

    1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

    Consorzio per la Tutela del Formaggio Robiola di Roccaverano (Cuibhreannas chun an cháis “Robiola di Roccaverano” a chosaint), bunaithe ag Via Roma 8, 14050 Roccaverano (AT); Ríomhphost deimhnithe: robioladiroccaverano@pec.it

    Is iad táirgeoirí cáise “Robiola di Roccaverano” a dhéanann an cuibhreannas chun cáis “Robiola di Roccaverano” a chosaint. Tá sé i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach faoi Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht, an 14 Deireadh Fómhair 2013.

    2.   Ballstát nó tríú tír

    An Iodáil

    3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú nó na leasuithe difear dó

    Ainm an táirge

    Tuairisc an táirge

    Limistéar geografach

    Cruthúnas tionscnaimh

    Modh táirgthe

    Nasc

    Lipéadú

    Eile [le sonrú]

    4.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

    Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    5.   Leasú nó leasuithe

    Ainm(neacha)

    Baineann an leasú seo leis an tsonraíocht táirge agus leis an doiciméad aonair a mhéid a bhaineann leis an ainm faoi Airteagal 1 den tsonraíocht táirge, pointe 1 den doiciméad aonair, ag athrú ó “Robiola di Roccaverano” go “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano”, ar féidir a úsáid go hidirmhalartach. Dá bhrí sin, cuireadh an focal “Roccaverano” leis in éineacht le “Robiola di Roccaverano” sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair.

    Leasaíodh an téacs seo a leanas atá ann faoi láthair:

    “‘Robiola di Roccaverano’”

    ionas go léifear mar a leanas é:

    “‘Robiola di Roccaverano’”/ “‘Roccaverano’”

    Tá aithne chomh maith sin tagtha ar an táirge “Robiola di Roccaverano” nó “Roccaverano” (a mholtar mar ainm malartach) agus tá meas chomh mór sin ag tomhaltóirí air go n-aithnítear faoin an ainm “Roccaverano” leis féin é; dá bhrí sin, ní gá an focal “robiola” a chur roimhe a thuilleadh chun an táirge agus a shaintréithe a shainaithint. Ba cheart úsáid reatha i measc oibreoirí agraibhia (táirgeoirí, dáileadh, trádáil bialanna) agus tomhaltóirí a aithint, toisc go n-úsáideann siad an t-ainm Roccaverano cheana féin de ghnáth chun tagairt a dhéanamh don táirge. Tríd an t-ainm “Roccaverano” STFC a chur leis léireofaí an dlúthnasc leis an limistéar ar shlí níos soiléire. Tá an cleachtas seo níos forleithne fós chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh ar an táirge “Robiola di Roccaverano”/“Roccaverano” ó tháirgí déiríochta éagsúla eile ar an margadh a dhíoltar mar robiola, a thagraíonn de ghnáth do cháis bhainne bó paistéartha atá an-difriúil ón táirge STFC.

    Limistéar geografach

    Leasú maidir le hAirteagal 3 den tsonraíocht táirge agus pointe 4 den doiciméad aonair. Tá bardas Cartosio, nach bhfuil ach cuid de san áireamh faoi láthair, curtha leis an limistéar geografach ina iomláine.

    Leasaíodh an téacs seo a leanas atá ann faoi láthair:

    “Cuimsítear leis an limistéar geografach na bardais seo a leanas laistigh de chúige Asti: Bubbio, Cessole, Loazzolo, Mombaldone, Monastero Bormida, Olmo Gentile, Roccaverano, San Giorgio Scarampi, Serole agus Vesime; laistigh de chúige Alessandria: Castelletto d’Erro, Denice, Malvicino, Merana, Montechiaro d’Acqui, Pareto, Ponti, Spigno Monferrato agus an chuid sin de Bhardas Cartosio atá suite ar bhruach clé shruth Erro.”

    ionas go léifear mar a leanas é:

    “Cuimsítear leis an limistéar geografach na bardais seo a leanas laistigh de chúige Asti: Bubbio, Cessole, Loazzolo, Mombaldone, Monastero Bormida, Olmo Gentile, Roccaverano, San Giorgio Scarampi, Serole agus Vesime; laistigh de chúige Alessandria: Cartosio, Castelletto d’Erro, Denice, Malvicino, Merana, Montechiaro d’Acqui, Pareto, Ponti agus Spigno Monferrato.”

    Nuair a chuirtear bardas iomlán Cartosio san áireamh, déantar earráid a bhí ann tráth a rinneadh an t-iarratas tosaigh ar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a cheartú. Go deimhin, maidir le topagrafaíocht agus tírdhreach, níl difríocht shuntasach idir dhá bhruach sruth Erro i mbardas Cartosio. Ina theannta sin, ó thaobh na hagranamaíochta de, agus aird ar leith á tabhairt ar fhéarach, ar bharra farae agus ar chleachtais saothraithe, níl difríocht idir Cartosio ar an iomlán agus na bardais eile i réimse táirgthe “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano.”

    Tá Limistéar Talmhaíochta iomlán arna Úsáid bhardas Cartosio comhdhéanta go príomha d’fhéarthailte (38 % mar mhóinéir measctha), rud a thugann údar don iarratas – maidir le nádúr buan agus déine íseal na bhfeirmeacha gabhar a úsáidtear don táirgeadh déiríochta seo. Tá nasc agranamaíoch agus táirgthe laistigh de bhardas Cartosio féin. Tá roinnt gabháltas lena bpríomháitreabh i limistéar táirgthe “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” a bhainistíonn ceapacha talún mar mhóinéir measctha, i.e. tá siad beartaithe chun farae a tháirgeadh a bhfuil na tréithe céanna acu is atá ag an gceann a úsáidtear do “Robiola di Roccaverano ”/ “Roccaverano ”, ach atá suite sa chuid de Cartosio nach bhfuil san áireamh sa tsonraíocht reatha.

    Modh táirgthe

    Leasú maidir le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.3 den doiciméad aonair maidir leis na hamhábhair a úsáidtear.

    Leasaíodh an téacs seo a leanas atá ann faoi láthair:

    “Airteagal 4

    Modh táirgthe

    Déantar ‘Robiola di Roccaverano’ as bainne amh gan bhearradh a fhaightear go heisiach ón limistéar táirgthe ó ghabhair de phórtha Roccaverano agus Camosciata Alpina agus óna gcrosphórtha, ó chaora de phór Pecora delle Langhe agus ó bha de phór Piemontese agus de phór Bruna Alpina agus óna gcrosphórtha sna comhréireacha seo a leanas: trí úsáid a bhaint as bainne gabhar amh gan bhearradh go heisiach nó as cumasc de bhainne gabhar ina bhfuil suas le 50 % de bhainne bó agus/nó bainne caora amh gan bhearradh, ó bhleánacha comhleantacha a dhéantar laistigh de thréimhse idir 24 agus 48 uair an chloig. Ní mór céatadáin na gcineálacha éagsúla bainne a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh a thaispeáint ar an lipéad. Cothaítear na caoirigh agus na gabhair le féarach idir an 1 Márta agus an 30 Samhain agus le farae glas agus/nó triomaithe agus le grán gránaigh, léagúim agus plandaí olúla, iad úr nó próiseáilte.

    Ní mór dáileachtaí féaraigh móinéir, féaraigh agus coillearnaí a thaifeadadh i gclár atá i seilbh an chomhlachta rialaithe. Déantar na ba a bheathú ar féarach agus le farae glas agus/nó triomaithe agus le grán gránaigh, léagúim agus plandaí olúla, iad úr nó próiseáilte. Ní mór níos mó ná 80 % de bheatha na n-ainmhithe uile teacht ón limistéar táirgthe. Toirmisctear sadhlas arbhair Indiaigh agus sadhlas glas a úsáid. Níor cheart aon orgánach géinmhodhnaithe a bheith sa bheatha. Toirmisctear bainne ó fheirmeacha beostoic a úsáid nach bhfuil aon talamh féaraigh acu.”

    ionas go léifear mar a leanas é:

    “Airteagal 4

    Modh táirgthe

    Déantar ‘Robiola di Roccaverano’/ ‘Roccaverano’ as bainne amh a fhaightear go heisiach ón limistéar táirgthe ó ghabhair de phórtha Roccaverano agus Camosciata Alpina agus óna gcrossphórtha, ó bhleánacha comhleantacha a dhéantar laistigh de thréimhse idir 24 agus 48 uair an chloig. Cothaítear na gabhair le féarach idir an 1 Márta agus an 30 Samhain agus le farae glas agus/nó triomaithe agus le grán gránaigh, léagúim agus plandaí olúla, iad úr nó próiseáilte. Ní mór dáileachtaí féaraigh móinéir, féaraigh agus coillearnaí a thaifeadadh i gclár atá i seilbh an chomhlachta rialaithe. Ní mór níos mó ná 80 % de bheatha na n-ainmhithe teacht ón limistéar táirgthe. Toirmisctear sadhlas arbhair Indiaigh agus sadhlas glas a úsáid. Níor cheart aon orgánach géinmhodhnaithe a bheith sa bheatha. Toirmisctear bainne ó fheirmeacha beostoic a úsáid nach bhfuil aon talamh féaraigh acu.”

    Taispeánann treochtaí stairiúla a tháinig i ndiaidh a chéile leitheadúlacht na feirmeoireachta gabhar leath-fhairsing sa cheantar atá i gceist, le líon suntasach agus méadaitheach na bpórtha dúchasacha ar nós an ghabhair Roccaverano. Aithníonn an t-athrú sa tsonraíocht chuig bainne gabhair íon mar atá an cás i ndáiríre.

    Baineadh úsáid as fíor-bheagán bainne caora agus bó chun “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano” a tháirgeadh leis na blianta fada anuas, cé gur tháinig méadú ar an méid bainne a úsáidtear agus ar an líon cáiseanna a tháirgtear. Ní dhéantar aon táirgeadh le bainne measctha a thuilleadh, nach mór. Tá an laghdú ar líon na mbó, fiú má chuimhnítear ar línte déiríochta agus laofheola, agus ar cé chomh hannamh is atá caora i limistéar “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” de chineál nach bhfuil aon scóip ann do tháirgeadh suntasach bainne mheasctha.

    Leagann an leasú seo béim freisin ar an méid a chuireann feirmeoireacht ghabhair go dearfach leis an éiceachóras: cuidíonn sé le “tírdhreach beostoic” tipiciúil, leochaileach a chothabháil, agus cosaint a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le creimeadh agus caillteanas bithéagsúlachta, trí fhéarach agus bánta a choinneáil i riocht maith.

    Cuireann sé seo béim ar aisghabháil phór annamh an ghabhair Roccaverano, atá, in éineacht le Camosciata, ar cheann den dá phór gabhar atá aitheanta sa tsonraíocht táirge.

    Nasc

    Leasú maidir le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge agus pointe 5 den doiciméad aonair a bhaineann leis an nasc. Go háirithe, baineann an leasú leis an mír dheireanach den chuid a bhaineann le sainiúlacht an limistéir gheografaigh. Seachas an t-athrú ar an ainm, déanann an leasú an pointe seo a oiriúnú don leasú a bhaineann leis an amhábhar trí na tagairtí do chaoirigh agus do bha a bhaint.

    Leasaíodh an téacs seo a leanas atá ann faoi láthair:

    “... Soláthraíonn an meascán seo de phlandaí farae, lena chothromaíocht nádúrtha carbaihiodráití, próitéiní agus vitimíní, beatha ardchaighdeáin do chaoirigh, do ghabhair agus d’eallach. Tá airíonna áirithe an fhlóra lena gcumhraí agus dea-bholaithe éagsúla ar fáil sa bhainne freisin, rud a chiallaíonn go bhfuil cumhráin na cáise ‘Robiola di Roccaverano’ neamhchosúil le haon cháis eile.

    Bíonn na caoirigh agus na gabhair ag innilt ar choillearnach freisin, rud a chosnaíonn na hainmhithe ó theas iomarcach an tsamhraidh chomh maith leis an ithir a chosaint.”

    ionas go léifear mar a leanas é:

    “... Soláthraíonn an meascán seo de phlandaí farae, lena chothromaíocht nádúrtha carbaihiodráití, próitéiní agus vitimíní, beatha ardchaighdeáin do ghabhair. Tá airíonna áirithe an fhlóra lena gcumhraí agus dea-bholaithe éagsúla ar fáil sa bhainne freisin, rud a chiallaíonn go bhfuil cumhráin na cáise ‘Robiola di Roccaverano’/ ‘Roccaverano’ neamhchosúil le haon cháis eile.

    Bíonn na gabhair ag innilt ar choillearnach freisin, rud a chosnaíonn na hainmhithe ó theas iomarcach an tsamhraidh chomh maith leis an ithir a chosaint.”

    Lipéadú

    Leasú ar Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus ar phointe 3.7 den doiciméad aonair. Athraítear leis an leasú an pointe ar an lipéadú trína oiriúnú don athrú ar an ainm agus ar an athrú ar na hamhábhair a úsáidtear.

    Leasaíodh an téacs seo a leanas atá ann faoi láthair:

     

    Sonraíocht táirge

    “Ar é a scaoileadh lena thomhailt, séalaítear an pacáistiú le lipéad greamaitheach ar a bhfuil lógó an STFC i bhfoirm ‘R’ stílithe. Sa cheannlitir ‘R’ stílithe dhonn tá íomhá de thúr le forbhallaí de réir an túir stairiúil i mBardas Roccaverano; seasann an cuntar laistigh den litir ‘R’ do roth cáise ‘Robiola di Roccaverano’ agus tá an gas maisithe le dearadh glas agus bánbhuí/glas atá ceaptha leis na móinéir agus cruth tipiciúil lúbach chnoic an Langhe a léiriú. Tá sé seo laistigh d’fháinne dúghlas ar a bhfuil na focail ‘ROBIOLA DI ROCCAVERANO’ i gceannlitreacha bána le bláth beag bán stílithe ag an mbun sa lár. Tá an lógó iomlán clóite ar chúlra bán. Faoi bhun an lógó tá an chóduimhir lena sainaithnítear an gabháltas táirgthe agus sraithuimhir an lipéid, ar chúlra ócar le haghaidh ‘Robiola di Roccaverano’ a tháirgtear go heisiach ó bhainne gabhair agus ar chúlra bán don cheann a tháirgtear ó mheascán bainní. Ní mór céatadáin na gcineálacha éagsúla bainne a úsáidtear a mharcáil ar an lipéad. Ní féidir an táirge a chur ar an margadh leis an Ainmniú Cosanta Tionscnaimh ‘Robiola di Roccaverano’ go dtí go bhfuil an séala seo greamaithe air.

    Ní mór gach cáis a chur ar an margadh ina hiomláine, í pacáistithe agus séala uirthi. Má dhéantar cáis ‘Robiola di Roccaverano’ a aistriú gan an pacáistiú a bheith uirthi chuig aibitheoirí atá ag obair laistigh den limistéar táirgthe chun leanúint den aibiú, ní mór doiciméad a bheith ag gabháil léi ina léirítear:

    (a)

    an líon cáiseanna a táirgeadh as bainne gabhar agus/nó an líon cáiseanna a táirgeadh as bainne measctha ;

    (b)

    na focail ‘Robiola di Roccaverano’ ;

    (c)

    líon na lógónna AE agus a sraithuimhreacha faoi seach.”

     

    Doiciméad Aonair

    “Ar é a scaoileadh lena thomhailt, séalaítear an pacáistiú le lipéad greamaitheach ar a bhfuil lógó an STFC i bhfoirm ‘R’ stílithe. Sa cheannlitir ‘R’ stílithe dhonn tá íomhá de thúr le forbhallaí de réir an túir stairiúil i mBardas Roccaverano; seasann an cuntar laistigh den litir ‘R’ do roth cáise ‘Robiola di Roccaverano’ agus tá an gas maisithe le dearadh glas agus bánbhuí/glas atá ceaptha leis na móinéir agus cruth tipiciúil lúbach chnoic an Langhe a léiriú. Tá sé seo laistigh d’fháinne dúghlas ar a bhfuil na focail ‘ROBIOLA DI ROCCAVERANO’ i gceannlitreacha bána le bláth beag bán stílithe ag an mbun sa lár. Tá an lógó iomlán clóite ar chúlra bán. Faoi bhun an lógó tá an chóduimhir lena sainaithnítear an gabháltas táirgthe agus sraithuimhir an lipéid, ar chúlra ócar le haghaidh ‘Robiola di Roccaverano’ a tháirgtear go heisiach ó bhainne gabhair agus ar chúlra bán don cheann a tháirgtear ó mheascán bainní. Ní mór céatadáin na gcineálacha éagsúla bainne a úsáidtear a mharcáil ar an lipéad. Ní mór gach cáis a chur ar an margadh ina hiomláine agus í pacáistithe agus séala uirthi.”

    Image 1

    ionas go léifear mar a leanas é:

     

    Sonraíocht Táirge & Doiciméad Aonair

    ‘Ar é a scaoileadh lena thomhailt, séalaítear an pacáistiú le lipéad greamaitheach ar a bhfuil an lógó STFC. Faoi bhun an lógó tá an chóduimhir lena sainaithnítear an gabháltas táirgthe agus sraithuimhir an lipéid ar chúlra ócair. Ní féidir an táirge a chur ar an margadh leis an Ainmniú Cosanta Tionscnaimh “Robiola di Roccaverano” nó “Roccaverano” go dtí go bhfuil an séala seo greamaithe air. Ní mór ainm, ainm gnó agus seoladh an aibitheora/phacálaí a bheith ar an lipéad; lena chois sin tá toirmeasc ar aon tuairisc a chur leis nach bhforáiltear go sainráite ina leith; féadfar tagairtí d’ainmneacha, d’ainmneacha gnó nó d’ainmneacha branda a úsáid ar an gcoinníoll nach bhfuil aon chiall mholtach leo agus nach bhfuil siad míthreorach don tomhaltóir. Féadfar tagairtí eile atá fírinneach agus infhíoraithe agus a cheadaítear faoin reachtaíocht reatha a úsáid freisin, ar choinníoll nach bhfuil siad ag teacht salach ar chuspóirí agus ar ábhar na sonraíochta táirge seo.

    Ní mór gach cáis a chur ar an margadh ina hiomláine, í pacáistithe agus séala uirthi. Má dhéantar cáis “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” a aistriú gan an pacáistiú a bheith uirthi chuig aibitheoirí atá ag obair laistigh den limistéar táirgthe chun leanúint den aibiú, ní mór doiciméad a bheith ag gabháil léi ina léirítear: na focail “Robiola di Roccaverano” nó “Roccaverano”, líon na gcáiseanna a táirgeadh, líon na lógónna AE faoi seach agus a sraithuimhreacha.

    Is é atá i lógó an STFC “R” stílithe: sa cheannlitir “R” stílithe dhonn tá íomhá de thúr le forbhallaí de réir an túir stairiúil i mBardas Roccaverano; seasann an cuntar laistigh den litir “R” do roth cáise “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano” agus tá an gas maisithe le dearadh glas agus bánbhuí/glas atá ceaptha leis na móinéir agus cruth tipiciúil lúbach chnoic an Langhe a léiriú. Tá sé seo laistigh d’fháinne dúghlas ar a bhfuil an focal “ROCCAVERANO” i gceannlitreacha bána le bláth beag bán stílithe ag an mbun sa lár. Tá an lógó iomlán clóite ar chúlra bán.

    Image 2

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano”

    Uimh. AE: PDO-IT-0024-AM03 – 11.4.2022

    STFC (X) TGFC ( )

    1.   Ainm(neacha)

    “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano”

    2.   Ballstát nó tríú tír

    An Iodáil

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

    3.1.   Cineál táirge

    Aicme 1.3 – Cáiseanna

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Is cáis í “Robiola di Roccaverano ”/ “Roccaverano” a dhéantar ar feadh na bliana ar fad ó ghruth úr a dhéantar a aibiú ansin.

    Tá cruth sorcóireach ar “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” STFC le haghaidheanna díreacha a bhfuil a n-imill beagán beibhealta agus dromchla cliathánach atá ábhairín dronnach. Tá na haghaidheanna idir 10 agus 14 cm ar trastomhas agus tá an dromchla cliathánach 2,5 go 4 cm ar airde. Tá meáchan idir 250 agus 400 gram i ngach cáis. Tá na paraiméadair seo i bhfeidhm ag deireadh na tréimhse aibithe íosta.

    Is iad seo a leanas na critéir thagartha do “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano” a mhéid a bhaineann le saill, substaintí próitéine agus luaith:

     

    Saill: íosmhéid 40 % d’ábhar tirim

     

    substaintí próitéine: íosmhéid 34 % d’ábhar tirim

     

    Luaith: íosmhéid 3 % d’ábhar tirim.

    Athraíonn airíonna orgánaileipteacha cáise “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” de réir an mhéid aibithe:

    prodotto fresco (cáis úr) aibithe idir 4 agus 10 lá: craiceann: d’fhéadfadh sé seo a bheith ann i bhfoirm bhláth nádúrtha éadrom caonaigh nó d’fhéadfadh nach bhfuil sé ann; cuma ar an taobh amuigh: dath an bhainne nó buí tuí; leafaos: dath an bhainne; struchtúr: mar uachtar, bog; blas agus blastacht: séimh, saibhir agus/nó beagán géar;

    prodotto affinato (cáis aibí) aibithe ar feadh 11 lá nó níos mó: craiceann: i bhfoirm bhláth nádúrtha caonlaigh; cuma ar an taobh amuigh: dath an bhainne nó buí tuí nó beagán scothdhearg; leafaos: dath an bhainne; struchtúr: bog, beagán níos dlúithe de réir mar a leanann an t-aibiú ar aghaidh, is féidir leis an gcuid blasta in aice leis an gcraiceann a bheith mar uachtar.

    Téann dea-bholaithe agus blasanna “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” i dtreise de réir mar a aibítear an cháis suas go dtí go bhfuil sí géar.

    3.3.   Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)

    3.3.1.   Amhábhair (le haghaidh táirgí próiseáilte amháin)

    Déantar “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” as bainne amh a fhaightear go heisiach ón limistéar táirgthe ó ghabhair de phórtha Roccaverano agus Camosciata Alpina agus óna gcrossphórtha, ó bhleánacha comhleantacha a dhéantar laistigh de thréimhse idir 24 agus 48 uair an chloig.

    3.3.2.   Beatha (le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin)

    Cothaítear na gabhair le féarach idir an 1 Márta agus an 30 Samhain agus le farae glas agus/nó triomaithe agus le grán gránaigh, léagúim agus plandaí olúla, iad úr nó próiseáilte. Ní mór dáileachtaí féaraigh móinéir, féaraigh agus coillearnaí a thaifeadadh i gclár atá i seilbh an chomhlachta rialaithe. Ní mór níos mó ná 80 % de bheatha na n-ainmhithe uile teacht ón limistéar táirgthe. Toirmisctear sadhlas arbhair Indiaigh agus sadhlas glas a úsáid. Níor cheart aon orgánach géinmhodhnaithe a bheith sa bheatha. Toirmisctear bainne ó fheirmeacha beostoic a úsáid nach bhfuil aon talamh féaraigh acu.

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór gabháltais a thógann an beostoc a n-úsáidtear a mbainne chun “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” a tháirgeadh a bheith suite laistigh den limistéar geografach sainithe.

    Ní mór an bainne a tháirgeadh agus an cháis a phróiseáil agus a aibiú laistigh den limistéar geografach sainithe.

    3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ní mór na cáiseanna a phacáil sa limistéar táirgthe ós rud é nach bhfuil craiceann ag an gcáis, rud a fhágann go bhfuil a corp bog nochta do bhaol a díhiodráitithe, ocsaídiúcháin agus meathlaithe ar an ábhar saille. Ina theannta sin, mar gheall ar an easpa craicinn ag am a tháirgthe, ní féidir an cháis a mharcáil le marc doscriosta.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ar é a scaoileadh lena thomhailt, séalaítear an pacáistiú le lipéad greamaitheach ar a bhfuil an lógó STFC. Faoi bhun an lógó tá an chóduimhir lena sainaithnítear an gabháltas táirgthe agus sraithuimhir an lipéid ar chúlra ócair. Ní féidir an táirge a chur ar an margadh leis an Ainmniú Cosanta Tionscnaimh “Robiola di Roccaverano” nó “Roccaverano” go dtí go bhfuil an séala seo greamaithe air. Ní mór ainm, ainm gnó agus seoladh an aibitheora/phacálaí a bheith ar an lipéad; lena chois sin tá toirmeasc ar aon tuairisc a chur leis nach bhforáiltear go sainráite ina leith; féadfar tagairtí d’ainmneacha, d’ainmneacha gnó nó d’ainmneacha branda a úsáid ar an gcoinníoll nach bhfuil aon chiall mholtach leo agus nach bhfuil siad míthreorach don tomhaltóir. Féadfar tagairtí eile atá fírinneach agus infhíoraithe agus a cheadaítear faoin reachtaíocht reatha a úsáid freisin, ar choinníoll nach bhfuil siad ag teacht salach ar chuspóirí agus ar ábhar na sonraíochta táirge seo.

    Ní mór gach cáis a chur ar an margadh ina hiomláine, í pacáistithe agus séala uirthi. Má dhéantar cáis “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” a aistriú gan an pacáistiú a bheith uirthi chuig aibitheoirí atá ag obair laistigh den limistéar táirgthe chun leanúint den aibiú, ní mór doiciméad a bheith ag gabháil léi ina léirítear: na focail “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano ”, líon na gcáiseanna a táirgeadh, líon na lógónna AE faoi seach agus a sraithuimhreacha.

    Is é atá i lógó an STFC “R” stílithe: sa cheannlitir “R” stílithe dhonn tá íomhá de thúr le forbhallaí de réir an túir stairiúil i mBardas Roccaverano; seasann an cuntar laistigh den litir “R” do roth cáise “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano” agus tá an gas maisithe le dearadh glas agus bánbhuí/glas atá ceaptha leis na móinéir agus cruth tipiciúil lúbach chnoic an Langhe a léiriú. Tá sé seo laistigh d’fháinne dúghlas ar a bhfuil an focal “Roccaverano” i gceannlitreacha bána le bláth beag bán stílithe ag an mbun sa lár. Tá an lógó iomlán clóite ar chúlra bán.

    Image 3

    4.   Sainiú gonta ar an limistéar geografach

    Cuimsítear leis an limistéar geografach na bardais seo a leanas laistigh de chúige Asti: Bubbio, Cessole, Loazzolo, Mombaldone, Monastero Bormida, Olmo Gentile, Roccaverano, San Giorgio Scarampi, Serole agus Vesime; laistigh de chúige Alessandria: Cartosio, Castelletto d’Erro, Denice, Malvicino, Merana, Montechiaro d’Acqui, Pareto, Ponti agus Spigno Monferrato.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    5.1.   Gnéithe sonracha an limistéir gheografaigh

    Cré is ea an ithir agus marla is ea an fho-ithir. I limistéir áirithe, tá ithreacha snaíochair ann i bhfoirm sraith chré an-domhain a bhfuil ardchumas coinneála uisce acu mar gheall ar an dlúthú, rud a fhágann go bhfuil ardleibhéal torthúlachta ann. Tá aeráid ilchríochach thipiciúil sa limistéar arb iad is sainairíonna inti fuacht foircneach, titim sneachta shuntasach agus timthriallta rialta reo agus coscartha sa gheimhreadh agus aistriú tapa chuig teochtaí arda an tsamhraidh i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh. Is beag éagsúlacht atá ann i bpatrún na frasaíochta agus is é 300 mm an mheánbháisteach bhliantúil, le pointí an-ísle i dtréimhse an earraigh go dtí an samhradh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le triomaigh mhóra. Baineann na dálaí ithreach agus aeráide seo le fás plandaí foráiste tipiciúla ar thalamh féaraigh agus ar thalamh móinéir. Tá réimse leathan plandaí sna móinéir, go príomha féara (thart ar 75 %) agus léagúim (thart ar 25 %), mar aon le go leor plandaí aramatacha agus leighis. Is iad seo a leanas na príomhfhéara: seagal (Lolium spp.), garbhfhéar (Dactylis glomerata), feisciú (Festuca spp.), féar móinéir (Poa spp.), féar cumhra, etc. Is iad seo a leanas na príomhléagúim: seamair sléibhe (Trifolium montanum), deilt crúibe éin (Lotus corniculatus), líonán (Achillea spp.), etc. I measc na féara aramatacha agus cumhra tá, anuas ar fhéar cumhra, umbrelliferae, mar shampla cairéad fiáin (Daucus carota carota), feochadán reatha, (Cirsium arvense), sáiste (Salvia officinalis), lus liath mór (Lavandula latifolia), go leor cineálacha tíme (Thymus spp.), rú (Ruta graveolens), mogóir róis (Rosa canina), etc. Soláthraíonn an meascán seo de phlandaí farae, leis an gcothromaíocht nádúrtha de charbaihiodráití, próitéiní agus vitimíní, beatha ardchaighdeáin do ghabhair. Bíonn na gabhair ag innilt ar choillearnach freisin, rud a chosnaíonn na hainmhithe ó theas iomarcach an tsamhraidh chomh maith leis an ithir a chosaint.

    5.2.   Sainiúlacht an táirge

    Is cáis bheag, bhog, gan chraiceann í “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano”. Is féidir í a aithint ar a leafaos bán, gan poill. Féadann sí a bheith ó bhog mar uachtar go dlúth agus soladach agus leánn sé sa bhéal, ag fágáil blas taitneamhach agus iarbhlas a chuimsíonn féar glas/plandaí íocshláinte agus blas níos láidre agus géar a chuireann cnónna coill tóstáilte agus boladh gabhar i gcuimhne duit.

    5.3.   Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (maidir le STFC) nó cáilíocht shonrach, an cháil atá ar an táirge nó saintréith eile atá aige (maidir le TGFC)

    Tá an blas agus an dea-bholadh áirithe atá ar “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano” mar thoradh ar an mbainne amh ardcháilíochta as a dtáirgtear é. Is féidir cáilíocht an bhainne a chur i leith ardchaighdeán beatha na n-ainmhithe.

    Tá airíonna áirithe an fhlóra lena gcumhraí agus dea-bholaithe éagsúla ar fáil sa bhainne freisin, rud a chiallaíonn go bhfuil cumhráin na cáise “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” neamhchosúil le haon cháis eile.

    I lámhscríbhinn a scríobh an sagart Pistone ón mbliain 1899 luaitear stair Pharóiste Roccaverano agus na sráidbhailte máguaird ó 960 go 1860. I measc na faisnéise stairiúla a bhfuil ábharthacht pholaitiúil ag baint léi tá sonraí eacnamaíocha a léiríonn an tábhacht a bhaineann le “Robiola di Roccaverano” / “Roccaverano ”, mar shampla go gcuirtí cúig aonach bhliantúla ar siúl i mBardas Roccaverano. Díoltaí “cáiseanna Robiole den scoth” ar na hócáidí seo lena n-onnmhairiú. Tagraíonn an lámhscríbhinn go sonrach d’onnmhairiú mar faoin am sin bhí cáil mhór ar Robiola ní hamháin san Iodáil ach sa Fhrainc freisin. Is léir gur measadh go raibh níos mó i gceist le “Robiola” ná gnáthcháis, mar bhí tréithe a bhí difriúil ó cháiseanna eile aici. Lena chois sin is féidir “Robiola di Roccaverano”/ “Roccaverano” a choinneáil ar feadh suas le sé mhí in ola i bprócaí gloine nó is féidir í a stóráil i dtuí.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

    Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge ar fáil ar an láithreán gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

    nó mar rogha ar an méid sin:

    trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top