Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0810(02)

    Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona 2022/C 305/08

    C/2022/5760

    IO C 305, 10.8.2022, p. 18–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    10.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 305/18


    Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

    (2022/C 305/08)

    Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Rosalia”

    PDO-AT-02594

    Dáta an iarratais: 21.2.2020

    1.   Ainm le clárú

    Rosalia

    2.   Cineál an táisc gheografaigh

    STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

    3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    4.   Tuairisc ar an bhfíon/ar na fíonta

    Is as na cineálacha Zweigelt agus Blaufränkisch a tháirgtear fíona dearga an limistéir. Is féidir a rá go mbíonn dath an-dearg dorcha ar na fíonta dearga. Cuireann dea-bholadh na bhfíonta dearga silíní searbha agus plumaí i gcuimhne. Bíonn blas torthaí orthu, agus tainniní measartha ina saintréith den bhlas sin. Ní bheidh an cion siúcra neamhchoipthe níos mó ná 4.0 g/l. Is féidir na fíonta a aosú in umair cruach nó i gcascaí adhmaid. Is féidir na fíonta dearga a tháirgeadh i bhfoirm fíona “taisce” freisin. Sa chás sin, bíonn neart alcóil níos airde (13 % de réir toirte ar a laghad) agus tainniní níos aibí ina shaintréithe den bhlas.

    Is as na cineálacha Zweigelt agus Blaufränkisch a tháirgtear fíona rosé an limistéir freisin. Maidir le dath na bhfíonta rosé, bíonn sé idir dath an bhradáin agus caordhearg éadrom. Is iad caora dearga (cuiríní dearga agus sútha craobh) a bhíonn ina saintréith de dhea-bholadh agus de bhlas na bhfíonta rosé; ní bhíonn tainnin ar bith iontu. Ní mór an cion siúcra iarmharaigh na ceanglais maidir leis an sonrúchán “tirim” a chomhlíonadh. Is cuid fhíor-riachtanach de phróifíl bhlais fhíonta rosé“Rosalia” (STFC) í an aigéadacht bhríomhar. Is iondúil go ndéantar na fíonta a aosú in umair cruach, agus i gcascaí adhmaid, ach ní a oiread céanna.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

    15

    Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

    12

    Aigéadacht iomlán íosta

    4 ghram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

    Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

    18

    Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir)

    150

    5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

    a.   Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

    -

    b.   Táirgeacht uasta

    10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    Is é atá i limistéar fíonsaothraithe “Rosalia” ceantar polaitiúil Mattersburg.

    7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

    Blaufränkisch – Frankovka

    Zweigelt – Blauer Zweigelt

    Zweigelt – Rotburger

    8.   Tuairisc ar an nasc/ar na naisc

    Tá limistéar “Rosalia” (STFC) suite ar fhánaí thoir Shléibhte Rosalia, a shíneann taobh leis an teorainn idir cúige na hOstaire Íochtaraí agus cúige Burgenland in Oirthear na hOstaire.

    Aeráid: tá limistéar “Rosalia” (STFC) ina chuid de Mhachaire Panónach (machaire íseal fairsing i ndeisceart na hEorpa Thoir-lár, a dtéann lárchúrsa na Danóibe agus cúrsa íochtair Abhainn Tisza tríd). Bíonn an samhradh tirim te agus an geimhreadh tirim fuar ar Mhachaire Panónach.

    Ithir: is é atá sa chuid thiar theas de limistéar “Rosalia” (STFC) carraig chriostalta atá suite in aice le dríodair Neoigineacha atá ag éirí níos óige de réir a chéile san oirthuaisceart in Abhantrach Vín. Is fosuithe iad na dríodair sin ón iar-mhuir a bhíodh ag lapadáil i gcoinne bhun Sléibhte Rosalia idir 12 agus 16 milliún bliain ó shin. Sa tuaisceart agus san oirthuaisceart, faightear stráice in aice leis na dríodair sin, arb é atá ann fosuithe gainmheacha go príomha.

    Nasc: murab ionann agus na dálaí ithreach, a bhfuil tionchar réasúnta beag acu ar bhlas agus tréithe na bhfíonta, tá an aeráid lárnach i saintréitheacht na bhfíonta “Rosalia” (STFC). Bíonn na fíonchaora in ann aibiú i gceart i dteas an lae, rud a fhágann gur féidir leis an mblas silíní searbha agus plumaí a fhorbairt, ar blas é atá ina shaintréith de na cineálacha fíniúna. Ar an taobh eile den scéal, bíonn na hoícheanta úra ina gcúis le forbairt na bpríomh-dea-bholaithe den chuid is mó (seachas siúcra), rud a fhágann an blas tipiciúil torthaí agus na tainniní measartha ar na fíonta.

    Is córas traenála ardsaothraithe é an gnáthmhodh saothraithe fíonghort san Ostair, ar córas é ina dtugtar aire do na fíniúna de láimh den chuid is mó (prúnáil, bainistíocht ceannbhrat, tanú braislí, etc.), agus úsáidtear an modh saothraithe sin i limistéar “Rosalia” (STFC) freisin. An bealach ina dtáirgtear agus ina n-aosaítear na fíonta, tagann sé freisin le bearta a chuirtear i bhfeidhm ar fhormhór mór na ngabháltas san Ostair. Dá bharr sin, is lú ar fad an tionchar a bhíonn ag na modhanna saothraithe agus ag an teicneolaíocht siléir ar thréith agus blas na bhfíonta ná mar a bhíonn ag tosca geografacha agus, thar aon rud eile, tosca aeráide.

    9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

    Creat dlíthiúil:

    Sa reachtaíocht náisiúnta

    Cineál an choinníll bhreise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní mór an sonrúchán tionscnaimh “Rosalia” a úsáid i dteannta an tsonrúcháin thraidisiúnta “DAC” nó “Districtus Austriae Controllatus”.

    Creat dlíthiúil:

    Sa reachtaíocht náisiúnta

    Cineál an choinníll bhreise:

    Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    I gcás gach fíon STFC, foráiltear le hAcht na hOstaire um an bhFíon nach mór fíon STFC a tháirgeadh sa réigiún fíonsaothraithe (réigiún tionscnaimh TGFC) ina bhfuil an limistéar STFC lonnaithe nó i réigiún fíonsaothraithe atá taobh leis. Dá bhrí sin, baineann an Ostair úsáid ghinearálta as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/33.

    Leagadh síos coinníollacha breise maidir le fíonta “Rosalia” (STFC) a tháirgeadh: ní ceadmhach an táirgeadh a dhéanamh lasmuigh den limistéar tionscnaimh gan formheas a fháil ó Choiste Fíon Réigiúnach Burgenland. Féadfar formheas den sórt sin a dheonú, go háirithe, má tá fíonghoirt an táirgeora lonnaithe i limistéar “Rosalia” agus má tháirgtear an fíon in áitreabh an táirgeora lasmuigh den limistéar sin nó má tá conarthaí beartán ann idir táirgeoir a bhfuil áitreabh aige atá lasmuigh de limistéar “Rosalia” agus úinéirí fíonghort laistigh den limistéar sin.

    Creat dlíthiúil:

    Sa reachtaíocht náisiúnta

    Cineál an choinníll bhreise:

    Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní leagtar síos rialacha ginearálta maidir le buidéalú fhíonta STFC in Acht na hOstaire um an bhFíon.

    Chun cáilíocht agus tréithe tipiciúla fhíonta “Rosalia” (STFC) a áirithiú, leagtar síos na coinníollacha seo a leanas maidir le buidéalú fhíonta “Rosalia” (STFC): Ní ceadmhach buidéalú a dhéanamh lasmuigh den limistéar gan formheas a fháil ó Choiste Fíon Réigiúnach Burgenland. Féadfar formheas den sórt sin a dheonú, go háirithe, má tá áitreabh ag an mbuidéalóir laistigh agus lasmuigh de limistéar “Rosalia” (STFC).

    Nasc chuig an tsonraíocht táirge

    https://info.bmlrt.gv.at/themen/landwirtschaft/landwirtschaft-in-oesterreich/pflanzliche-produktion/wein/Weinherkunft.html


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


    Top