Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0608(05)

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair 2022/C 223/09

    C/2022/3738

    IO C 223, 8.6.2022, p. 63–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 223/63


    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

    (2022/C 223/09)

    Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Bardejovský Med / med z Bardejova”

    AE Uimh.: PDO-SK-02778 – 28.6.2021

    STFC (X)TGFC ( )

    1.   Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]

    “Bardejovský Med / med z Bardejova”

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    Poblacht na Slóvaice

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

    3.1.   Cineál táirge

    Aicme 1.4. Táirgí eile de thionscnamh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.)

    3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó

    Cuimsítear trí tháirge ar leith le “Bardejovský Med / Med z Bardejova”:

     

    Míl dhrúchtín meala an chrainn giúise;

     

    Mil dhrúchtín meala an chrainn líomaí; agus

     

    Mil drúchtín meala.

    Cuirtear faoi bhráid an mhargaidh é i bhfoirm leachtach nó criostalaithe

    Míl dhrúchtín meala an chrainn giúise

    Saintréithe fisiceimiceacha

    Cion uisce: cion nach mó ná 18 % ar an dromchla sa soitheach tar éis socrú

    Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF):

     

    i gcás mil neamhthuaslagtha tar éis lártheifneoiriú, cion nach mó ná 5 mg/kg

     

    i gcás mil thuaslagtha tar éis criostalú, cion nach mó ná 15 mg/kg

    Cion siúcróis: cion nach mó ná 5 g/100 g

    Cion glúcóis agus fruchtóis: cion nach lú ná 60 %

    Cion riandúile: cion nach mó ná 1 %

    Seoltacht leictreach: 100 mS/m ar a laghad

    Tá cainníochtaí an-ard mianraí agus riandúl ann.

    Saintréithe orgánaileipteacha

    Cuma

    Dath

    :

    soiléir, é idir dorcha agus dubh, leid bheag ghlas tar éis criostalú

    95-114 mm ar an scála Pfund

    Criostalú

    :

    le criostalú táirgtear criostail an-mhín a thuaslagann go tapa ag teocht íseal nuair a dhéantar an mhil a thuaslagadh

    Dea-bholadh

    :

    séimh, gan bheith róláidir, é ar dhea-bholadh fíneálta milis an ime

    Blas

    :

    blas fíneálta milis, le blaiseadh ime nach bhfuil róláidir

    Mil dhrúchtín meala an chrainn líomaí

    Saintréithe fisiceimiceacha

    Cion uisce:cion nach mó ná 18 % ar an dromchla sa soitheach tar éis socrú

    Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF):

     

    i gcás mil neamhthuaslagtha tar éis lártheifneoiriú, cion nach mó ná 5 mg/kg

     

    i gcás mil thuaslagtha tar éis criostalú, cion nach mó ná 15 mg/kg

    Cion siúcróis: cion nach mó ná 5 g/100 g

    Cion glúcóis agus fruchtóis: 60 %+ ar a laghad;

    Cion riandúile: cion nach mó ná 1 %;

    Seoltacht leictreach: 90 mS/m ar a laghad

    Saintréithe orgánaileipteacha

    Cuma

    Dath

    :

    soiléir, é idir donn dorcha agus dubh, rian beag glas tar éis criostalú

    95-110 mm ar an scála Pfund

    Criostalú

    :

    tá criostalú dhrúchtín meala an chrainn líomaí sách tapa i gcomparáid le criostalú speiceas eile; tá na criostail mór go leor agus tá siad cosúil le gráin gharbha ghainimh

    Dea-bholadh

    :

    spíosrach le dea-bholadh láidir bhláth an líoma

    Blas

    :

    beagán spíosrach le sainbhlas a bhfuil dealramh aige le meantól

    Mil drúchtín meala

    Saintréithe fisiceimiceacha

    Cion uisce: cion nach mó ná 18 % ar an dromchla sa soitheach tar éis socrú

    Cion hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF):

     

    i gcás mil neamhthuaslagtha tar éis lártheifneoiriú, cion nach mó ná 5 mg/kg

     

    i gcás mil thuaslagtha tar éis criostalú, cion nach mó ná 15 mg/kg

    Cion siúcróis: cion nach mó ná 5 g/100 g

    Cion glúcóis agus fruchtóis: 60 %+ ar a laghad;

    Cion riandúile: cion nach mó ná 1 %;

    Seoltacht leictreach: 95 mS/m ar a laghad

    Saintréithe orgánaileipteacha

    Cuma

    Dath

    :

    soiléir, scoth-dhonndearg, é idir donn agus donn dorcha

    95-110 mm ar an scála Pfund

    Criostalú

    :

    tapa, déanann sé criostail tiubh go leor

    Dea-bholadh

    :

    beagán spíosrach

    Blas

    :

    blas beag ime, é spíosrach leis an drúchtín meala saintréitheach

    3.3.   Beatha (i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainaitheanta

    Ó chur na gcoirceog go líonadh na gcrúscaí, ní mór gach céim i dtáirgeadh “Bardejovský med”/“Med z Bardejova” a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

    3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ní mór “Bardejovský Med / Med z Bardejova” a phacáistiú sa limistéar geografach sainithe dá dtagraítear i bpointe 4 chun cosaint níos fearr a thabhairt do bharántúlacht agus cáilíocht an táirge agus chun inrianaitheacht an táirge agus maoirseacht air a áirithiú.

    Is é seo an t-aon bhealach chun cáilíocht a chaomhnú agus chun cosc a chur ar aon athrú ar na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha. Mar thoradh ar na hearraí a iompar chuig suíomh nua, tagann athruithe ar theocht agus ar bhogthaise, bíonn bolaithe coimhthíocha á n-ionsú, méadaítear ar líon na HMF agus laghdaítear ar dhiastáisí. Ach an táirge a phacáistiú sa limistéar sainithe, tagann laghdú ar an riosca go meascfaidh sé le mil ó lasmuigh den limistéar a shainítear i bpointe 4.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    4.   Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach

    Déantar “Bardejovský med”/“Med z Bardejova” i limistéar shléibhte Čergov i gceantar Bardejov, i mbardais Hertník, Šiba, Hervartov, Richvald, Kríže, Tarnov, Rokytov agus Mokroluh, agus sna codanna seo a leanas de bhaile Bardejov: Koligrund, Bardejovská zábava, Poštárka agus Bardejov-Mihaľov.

    5.   Baint leis an limistéar geografach

    An t-iarratas ar ainmniúchán tionscnaimh “Bardejovský med / Med z Bardejova” a chlárú, tá sé bunaithe ar cháilíocht agus ar shaintréithe sonracha an táirge amháin, ar de thoradh na dtosca nádúrtha agus daonna atá sa limistéar geografach iad.

    Tá Sléibhte Čergov suite in oirthuaisceart na Slóvaice. Is ar bhonn flysch a tháinig ann don raon sléibhte, ar bhonn flysch le gaineamhchloch agus créchloch. Tá an dromchla clúdaithe le foraoisí measctha ar feá, giúis agus sprús is mó atá ann. Tá clampaí giúiseacha aonchineálacha ag cuid Bardejov de na cnoic, agus i limistéar amháin di, tá crainn líoma bheagdhuilleacha agus crainn feá measctha tríd. Tá cion na gcrann giúise sna foraoisí sa limistéar geografach sainithe seo an-ard – meastar gur 70 % an cion atá ann. Tá thart ar 6 000 ha den limistéar foraoise clúdaithe le crainn giúise, agus tá na coirceoga suite sna limistéir sin ar láithreacha buana nó fánacha.

    Tá raon sléibhte Čergov ar fad sa limistéar aeráide fionnuar, le teocht idir -3 agus -6 °C ar an meán sa gheimhreadh agus teocht idir 14 agus 16 °C ar an meán sa samhradh, agus clúdach sneachta idir 120 agus 160 lá in aghaidh na bliana. Tairbhíonn an limistéar de 10 go 30 lá in aghaidh na bliana ar a shroicheann an teocht 25 °C nó níos mó. Tá an aeráid sách fionnuar agus tais, rud a chruthaíonn dálaí a oireann do shaolré aifid ghiúise na stríocaí glasa (Cinara Pectinatae), ar den fhine Lachnidea é, agus dá hiomadú i gcoilíneachtaí móra. Tálann an aifid drúchtín meala agus is acmhainn bhunúsach é sin chun “Bardejovský med / Med z Bardejova” a tháirgeadh.

    Cothaíonn na haifidí iad féin trí chraobhacha na gcrann giúise nó trí dhuilleoga crann dua nó buaircíneach eile a pholladh agus sú na gcrann a dhiúl. Ní féidir lena meitibileacht cuid de chomhpháirteanna an tsú a phróiseáil agus mar sin tálann siad é i bhfoirm braonta milse, tugann beacha go dtí a gcoirceoga iad agus saibhríonn siad iad le substaintí sonracha (einsímí); ramhraíonn siad iad, stórálann siad iad i gcíora meala sna coirceoga agus táirgeann siad mil uathu. Tá beach mheala Carniola (Apis mellifera carnica) á coimeád sa limistéar seo le fada, agus tá sí tar éis dul in oiriúint do na dálaí aeráide áitiúla agus do bhailiú na meala.

    Táirgeann beacha “Bardejovský med / Med z Bardejova” i gcoirceoga atá suite go buan i mbeachlanna nó i gcoirceoga fáin laistigh de theorainneacha na mbardas sa limistéar geografach sainithe a cinneadh go beacht. Ní mór na coirceoga a bheith déanta d’ábhar nádúrtha: adhmad. Ní fhéadfar beacha a choinneáil i gcóimeálacha coirceog polaistiréine.

    Faightear an mhil ó chíora meala trí lártheifneoiriú in eastarraingteoirí meala. Déantar lártheifneoiriú nuair a bhíonn an mhil níos aibí agus nuair nach mó ná 18 % an cion uisce. Ní fhéadfar cíor shíolraithe a lártheifneoiriú. Le linn an tséasúir beachaireachta, ní fhéadfar táirgí íocshláinte ceimiceacha a úsáid sna coirceoga. Ní fhéadfar cion uisce na meala a laghdú trí ghalú teicniúil. Tar éis lártheifneoiriú, déantar an mhil a scagadh agus úsáid á baint as scáileáin chun eisíontais a bhaint (céir, beacha etc.). Ní fhéadfar ach eisíontais a bhaint as an mil, agus ní fhéadfar aon ní a chur léi. Stóráiltear an mhil ansin i gcoimeádáin atá beartaithe chun na críche sin nó is féidir í a phacáistiú láithreach i bprócaí gloine atá beartaithe a dhíol go críochnaitheach leis an tomhaltóir. Tar éis lártheifneoiriú, más i gcoimeádáin a stóráladh an mhil, ní féidir í a thuaslagadh ach ag teocht faoi bhun 45 °C. Ní fhéadfar próiseas iomlán lártheifneoirithe agus phacáistiú na meala a dhéanamh ach amháin i ngléasra atá ainmnithe chun na críche sin agus atá formheasta ag an riarachán tréidliachta agus bia réigiúnach ábhartha, ar gléasra é nach mór dó a bheith lonnaithe sa chríoch shainithe.

    Bailíonn beachairí mil ar bhealach traidisiúnta, ceardaíochta, bealach a bhfuil dlúthnasc aige leis an gceantar. Is é an bua atá ag na beachairí áitiúla rogha a dhéanamh maidir le suíomhanna chun na beachlanna a chur, an bealach ina bhfaightear an mhil, lártheifneoiriú na meala agus na prionsabail a bhaineann leis an mil a stóráil agus a scinceáil. Sa cheansaitheoir ní úsáidtear ach seanadhmad atá ag lobhadh ó chrainn áitiúla, seanadhmad a tháirgeann deatach atá neamhdhíobhálach agus neamhghreannach. Ní féidir na beacha a bheathú le siúcra ná le beatha eile le linn an tséasúir beachaireachta. Baintear an caipín de na cíora meala ar bhealach traidisiúnta agus úsáid á baint as forc. Déantar an mhil a eastóscadh as an bhfráma trí lártheifneoiriú, gan an teas a úsáid. Níl sé paistéartha.

    Baineann sainiúlacht “Bardejovský med / Med z Bardejov” den chuid is mó leis an bhfíoras go bhfuil drúchtín meala an chrainn giúise i ndrúchtín meala an chrainn líoma agus i mil drúchtín meala, rud a imríonn tionchar ar a ndath ó dhonn dorcha donn go dubh; leis an gcomhdhéanamh sin cruthaítear blas atá an-fhíneálta. Tá an cháilíocht shonrach sin aige mar gheall ar a chomhdhéanamh agus ar a chion ard ábhar flavónóideach, mianrach agus riandúile. Is éard is saintréithe do mhil a chruthaítear ar an tslí seo comhsheasmhacht measartha tiubh, blas fíneálta, dath dorcha agus dea-bholadh. Tá cainníochtaí an-ard mianraí agus riandúl ann.

    Tá roinnt gradam ar aontaí móra domhanda buaite ag “Bardejovský med / Med z Bardejova” ar ardchaighdeán a táirgeadh ar láithreáin ghlana nádúrtha. Léiríodh cáilíocht an táirge freisin i dtéacs a foilsíodh sa nuachtán Pravda an 5 Iúil 2016: “Mar shampla, tamall ó shin, fógraíodh gurb í an mhil drúchtín meala ó Bardejov táirge tagarmhairc a chineáil.” In alt nuachtáin in Nový čas dar dáta an 14 Deireadh Fómhair 2012, is é an cheannlíne a bhí ann “is í mil Bardejov is fearr ar domhan: an bonn óir buaite ag an beachaire Jozef”.

    tá dlúthnasc ag “Bardejovský med / Med z Bardejova” lena limistéar tionscnaimh. Tá cáilíochtaí sonracha an táirge nasctha leis an limistéar geografach. Ní fhásann giúise aonchineálach ach i dtimpeallacht atá an-fhabhrach agus glan. Leis na dálaí mionaeráideacha, an airde os cionn leibhéal na farraige, aeráid agus taise an limistéir shainithe, cruthaítear dálaí atá fabhrach le haghaidh atáirgeadh aifidí, rud a théann i bhfeidhm ar tháirgeadh drúchtín meala. Is i bhforaoisí dlútha giúise atá na coirceoga atá suite.

    Is airde go mór seoltacht leictreach mil drúchtín meala sa limistéar geografach sainithe ná an tseoltacht is gnách do mhil drúchtín meala i limistéir eile. Leis an tseoltacht leictreach tagann ann do chion ard riandúl agus mianraí, amhail maignéisiam, mangainéis, iarann, copar, cóbalt, cailciam, fosfar agus riandúile agus mianraí eile. Is leis na mianraí agus na riandúile sin san fho-ithir áitiúil ina bhfásann na clampaí giúise a thugtar do “Bardejovský med / Med z Bardejova” a shaintréithe agus a cháilíocht shonrach. Téann na substaintí neamhchoitianta sin isteach i gcraobhacha na gcrann giúise tríd an bhfréamhchóras agus ansin tálann na haifidí a chothaíonn iad féin ar an sú iad. Aistríonn na beacha iad chuig a gcoirceoga iad ansin, áit a dtáirgtear an mhil. Bíonn tionchar ag na fíricí sin ar chomhdhéanamh agus ar cháilíocht na meala agus tugann siad do mhil Bardejov a airíonna saintréitheacha.

    Tá mil á táirgeadh ó chrainn giúise sa limistéar seo ar feadh tréimhse an-fhada gan bhriseadh. Tá léiriú ar thaithí agus ar scil na mbeachairí áitiúla sa mhodh chun an mhil a tháirgeadh. Mar gheall ar an leibhéal ard scile atá acu, tá beachairí áitiúla in ann cloí leis na ceanglais iomadúla a chuirtear ar tháirgeadh meala agus mil a tháirgeadh a bhfuil aici na saintréithe sonracha ar de thoradh dúlra eisceachtúil an limistéir gheografaigh seo iad.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

    https://www.indprop.gov.sk/swift_data/source/pdf/specifikacie_op_oz/Specifikacia_Bardejov.pdf


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top