EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0421(02)

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 167/10

PUB/2022/105

IO C 167, 21.4.2022, p. 37–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 167/37


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 167/10)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR

“Vallegarcía”

PDO-ES-02085-AM01

Dáta na cumarsáide: 25.1.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS AR NA CÚISEANNA INA LEITH

1.   Ailíniú na téarmaíochta a úsáidtear le haghaidh an pharaiméadair anailísigh le haghaidh “siúcra iarmharach” leis an reachtaíocht i bhfeidhm.

TUAIRISC:

Athainmníodh an paraiméadar anailíseach le haghaidh “siúcra iarmharach” go “siúcra iomlán arna shloinneadh mar ghlúcós agus fruchtós”.

Baineann an leasú seo le pointe 2.1.1 den tsonraíocht táirge agus ní leis an doiciméad aonair.

Oiriúnaítear leis an leasú an téarmaíocht a úsáidtear le haghaidh na saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha. Ní dhéanann sé aon athrú ar an táirge deiridh, a choimeádann na saintréithe agus an phróifíl arb iad is toradh leis an idirghníomhaíocht idir tosca nádúrtha agus daonna, mar a thugtar tuairisc air sa nasc. Measaimid dá bhrí sin gur leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

CÚISEANNA:

Rinneamar an leasú seo chun Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhar 2018, ina sonraítear nach mór na siúcraí iomlána arna shloinneadh i dtéarmaí fruchtóis agus glúcóis a thomhas.

2.   Athbhreithniú ar na paraiméadair anailíseacha

TUAIRISC:

An íosteorainn datha le haghaidh fíonta dearga a laghdaítear ó 12 go 10 AU.

Leasaíodh pointí 2 agus 7 den tsonraíocht táirge agus pointe 8 den doiciméad aonair dá réir.

Ní dhéanann an leasú seo aon athrú ar an táirge deiridh, a choimeádann na saintréithe agus an phróifíl mar thoradh an idirghníomhaíocht idir tosca nádúrtha agus daonna, mar a thugtar tuairisc air sa nasc. Measaimid dá bhrí sin gur leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

CÚISEANNA:

Fásann cineálacha difriúla fíonchaor le chéile sa limistéar táirgthe le haghaidh “Vallegarcía” DO. Ar thaobh amháin, tá Cabernet Sauvignon ann, a dhéanann fíonta go nádúrtha ag a mbíonn poitéinseal datha an-ard, ach, ar thaobh eile, tá Monastrell agus Garnacha Tinta ann, a dhéanann fíonta níos boige ar a mbíonn déine datha mheánach.

Go ginearálta, le deich mbliana anuas, tá na margaí ag éileamh fíonta níos torthaíche, a mheallann glúine nua de thomhaltóirí atá ag dul i dtaithí ar fhíon.

Ní mór go mbeadh na huirlisí riachtanacha ag fíoneolaithe chun fíonta a tháirgeadh atá mealltach do mhargaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ach ag an am céanna ag coinneáil na saintréithe atá iontu de bharr an limistéir táirgthe agus na gcineálacha.

Laghdú ar theorainn na déine íosta datha le haghaidh fíonta dearga, ní chuireann sé isteach ar an gcáilíocht; go contrártha, leathnaíonn sé an raon roghanna a sholáthraíonn na cineálacha difriúla fíonchaor sa limistéar, agus mar sin is féidir fíonta níos fíneálta, casta agus mealltaí a tháirgeadh.

Toisc go luaitear an déine datha agus teorainn na déine datha sa roinn ar an nasc, b’éigean an fhoclaíocht sin a leasú freisin de thoradh an athraithe ar an teorainn.

3.   Cineálacha a chur leis

TUAIRISC:

Cuireadh na cineálacha fíonchaor a leanas a úsáidtear chun na fíonta a dhéanamh leis an tsonraíocht táirge. Garnacha Tinta, Mazuela nó Cariñena agus Monastrell.

Leasaíodh pointe 6 den tsonraíocht táirge agus pointe 7 den doiciméad aonair dá réir.

Ní dhéanann an leasú seo aon athrú ar an táirge deiridh, a choimeádann na saintréithe agus an phróifíl mar thoradh an idirghníomhaíocht idir tosca nádúrtha agus daonna, mar a thugtar tuairisc air sa nasc. Measaimid dá bhrí sin gur leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

CÚISEANNA:

Fástar na cineálacha thuasluaite in Vallegarcía le roinnt blianta anuas, agus tá sé léirithe go ndéanann na cineálacha sin fíonta ar ardchaighdeán. Tá an coiste blaiste le haghaidh “Vallegarcía” DO i mbun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus cáilíocht na bhfíonta sin ar feadh na mblianta. Tá sé léirithe go ndéanann na cineálacha fíonchaora fíonta a choimeádann an cháilíocht a éilíonn ár sonraíocht, a chiallaíonn gur féidir iad a áireamh i measc na gcineálacha a cheadaítear le haghaidh “Vallegarcía” DO.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Vallegarcía

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíon bán

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán le dath dian buí agus torthaí cloiche, torthaí trópaiceacha agus dea-bholaithe de bhláth bán ar dhéine mheán-ard. Dea-bholaithe de luibheanna – labhandar, marós – sa chúlra, agus críoch thóstáilte. Ionsaí bog, ungthach, gan aon imill, úr agus corr. Aoibhiúil ar an meán-charball le dea-bholaithe de thorthaí cloiche agus críoch thóstáilte agus leath-shearbh.

*

Ní mór an neart alcóil iomlán uasta de réir toirte a bheith laistigh de na teorainneacha dlíthiúla a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

12,5

Aigéadacht iomlán íosta

4,1 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

12,5

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

160

2.   Fíon dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon dearg ar a bhfuil dath tréan dearg, le himeall gairnéad nó rúibín-gairnéad agus róba maith. Déine mheán-ard, torthaí dearga agus scrobarnach Mheánmhara agus dea-bholaithe mianraí nó tadhall balsamach labhandair nó dea-bholaithe d’adhmad tóstáilte. Corr, le hionsaí éasca, cothrom, cuíosach tainneach.

*

Ní mór an neart alcóil iomlán uasta de réir toirte a bheith laistigh de na teorainneacha dlíthiúla a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (de réir % toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir % toirte)

12

Aigéadacht iomlán íosta

4,2 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas saothraithe

Buaintear na fíonchaora go hiomlán de lámh agus cuirtear i gciseanna iad. Sórtáiltear ar dtús iad san fhíonghort nuair a ghearrtar na táthanna agus den dara huair ar an mbord sórtáilte sa bhá faighte fíonchaor san fhíonlann.

2.   Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Faightear na fíonchaora ag leibhéal os cionn ionraon uachtarach an umair, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon bhrú sa phíobú agus tá na fíonchaora faoi réir cóireáil nach bhfuil chomh crua sin.

Le linn tancála, téann an laíon trí mhalartóir teasa, agus íslítear an teocht. Fágann sé sin an t-umar fuar ar feadh tréimhse ama a d’fhéadfadh athrú de réir dhiscréid na foirne fíoneolaithe, más gá. Mar gheall ar an tanú réamhchoipthe sin is féidir na dea-bholaithe go léir atá sna fíonchaora a bhaint agus tuaslagán uiscí a dhéanamh díobh, rud a dhéanann an dath níos forasta.

Tar éis próiseas an tanaithe fhuair, brúitear na fíonchaora bána agus neadaítear an úrfhíon a fhaightear as go bhfaightear moirtiúlacht iomchuí de 400-800 NTU. Nuair a thosaíonn an coipeadh, aistrítear cion athraitheach den úrfhíon chuig dair-bhairillí Francacha neamhúsáidte, áit a gcoipeann sé agus a dtugtar chun cineáil é ar an moirt ar feadh 4-6 mhí. Úsáidtear giosta nádúrtha agus giosta roghnaithe i gcoipeadh alcólach na bhfíonta bána agus dearga. Coipeann na fíonta bána ag teochtaí ísle: 15 oC ar a laghad, 26 oC ar a mhéad. Caithfear cion na húrfhíona atá ag coipeadh sna bairillí a chur san áireamh freisin. Coiptear na fíonta dearga ag teocht 15 oC ar a laghad agus ag teocht 30 oC ar a mhéad. Bíonn na hamanna tancála agus tanaithe difriúil de réir mheasúnaithe teicniúla na foirne fíoneolaithe ach idir 7 agus 28 lá a bhíonn i gceist.

3.   Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Scoitear na fíonta dearga de lámh. Téann an marc isteach i bpreas neomatach trí dhomhantarraingt, gan caidéil a úsáid, agus aistrítear é go bairillí úsáidte go dtí an blaiseadh. Nuair a fhaightear gach cineál fíona, idir shaor-rith agus bhrúite, agus tá coipeadh malalachtach réidh, blaiseann an coiste fíoneolaithe de na fíonta go léir agus ullmhaítear na cumaisc dhifriúla. Tugtar chun cineáil iad ansin i ndair-bhairillí Francacha.

Tugtar na fíonta chun cineáil sa bhuidéal ar feadh tréimhsí ama éagsúla sula gcuirtear ar an margadh iad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Viognier, Cabernet Franc, Garnacha Tinta, Mazuela nó Cariñena agus cineálacha Monastrell

11 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

 

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Cineál Syrah

9 250 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

 

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Cineálacha Merlot agus Cabernet Sauvignon

8 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.

 

55 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.

Cineál Petit Verdot

14 600 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

8.

 

95 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar geografach ionann le beart cadastrach 448 i zón 9 de bhardas Retuerta del Bullaque, atá lonnaithe i gcúige Ciudad Real. Cumhdaítear1 521 heicteár.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

CABERNET FRANC

 

CABERNET SAUVIGNON

 

GARNACHA TINTA

 

MAZUELA – CARIÑENA

 

MERLOT

 

MONASTRELL

 

PETIT VERDOT

 

SYRAH

 

VIOGNIER

8.   Tuairisc ar an nasc, ar na naisc

8.1.   Timpeallacht (tosca nádúrtha agus daonna)

Tá tréithe an limistéir gheografaigh ag a mbíonn tionchar tábhachtach ar cháilíocht na bhfíonta mar a leanas:

a)

An tsubstráit gheografach ar a bhfuil an fíonghort curtha, ar a dtugtar Raña del Fresno, is foirmíocht í atá uathúil sa domhan agus nach bhfaightear ach sa limistéar seo. Mar thoradh air sin, na fíonchaora a fhástar sa limistéar, bíonn roinnt saintréithe uathúla acu (déine mhór, cáilíocht dea-bholaidh agus fada ar an gcarball). Thairis sin, tá ard-aigéadacht agus pH íseal ithreacha Vallegarcía neamhghnách i gcomparáid le limistéir aeráide chomhchosúla. Is fíonghort é Vallegarcía atá curtha in ithreacha a bhfuil aicmiú eidifeolaíochta uathúil acu i gcomparáid le fíonghoirt eile Castile-La Mancha. I dtionscadal taighde a rinne Ollscoil Castile-La Mancha (UCLM) dar teideal “ Winegrowing soils in Castile-La Mancha: influence on the composition of the grape”, aicmíodh na próifílí ar a ndearnadh staidéar in Vallegarcía mar Typic Palexerult de réir na Tacsanomaíochta Ithreach (Foireann Suirbhé Ithreach, 2006) agus aimsíodh go raibh an t-ordú Ultasail tipiciúil d’ithreacha raña (Vidal et al., 2004). As na hithreacha ina bhfástar fíon ar a ndearnadh staidéar sa tionscadal taighde, níor bhain ach na trí phróifíl Vallegarcía leis an ordú seo. Faoi chóras aicmithe FAO (2007), aicmíodh P1, P2 agus P3 – na trí phróifíl a anailísíodh i dtuarascáil UCLM – mar Alisol Cúitine (Feireach, Crómach), Alisol Cúitine (Feireach, Cnámharlaigh) agus Alisol Cúitine (Feireach, Cnámharlaigh) faoi seach.

Thairis sin, déanann an éagsúlacht leathan i pH na n-ithreacha uathúil iad. Ag féachaint ar pH gach próifíle, is é an chéad rud a sheasann amach ná an éagsúlacht shuntasach idir luachanna pH. Léirítear é sin i leibhéil pH na bhfíonta agus a gcothromaíocht ar an gcarball.

Ní thagann an cion íseal cailciam agus an cion ard silice, iarainn agus alúmanaim ar chor ar bith le saintréithe na n-ithreacha ina bhfástar fíon in Castile-La Mancha. Tá sé suimiúil na leibhéil sin a chur i gcomparáid le leibhéil ithreacha aolchloiche an limistéir, a úsáidtear de ghnáth chun fíniúnacha a fhás. De réir sonraí ó Amorós et al. (2012b), tá cion cailciam ithreacha Vallegarcía an-difriúil leis na leibhéil a aimsítear i sraitheanna barrithreach d’ithreacha aolchloiche (10,4 g•kg-1 in aghaidh 230 g•kg-1). Os a choinne sin, tá na leibhéil sileacain (345,9 g•kg-1) agus iarainn (26,5 g•kg-1) i bhfad níos airde in ithreacha an limistéir chríochaithe i gcomparáid le hithreacha aolchloiche Castile-La Mancha ina bhfástar fíon (127.5 agus 16,65 g•kg-1 faoi seach). Tá an leibhéal alúmanaim atá i láthair i sraith barrithreach na hithreach aolchloiche ag thart 33,4 g•kg-1, agus tá an leibhéal in ithir Vallegarcía ag 57,8 g•kg-1. Saintréith d’fhíonta Vallegarcía is ea cion cailciam íseal na hithreach agus tugann sé saintréith dhifriúil le fíonta eile Castile-La Mancha dóibh.

Is fiú trácht ar an mheán-chainníocht ard dúl a aicmítear mar dhúile tearcithreach (ceiriam, lantanam agus neoidimiam) in ithir Vallegarcía (83,5, 44,5 agus 36,5 mg•kg-1 faoi seach) i gcomparáid leis na meán-leibhéil go réigiúnach (57,7, 23,5 agus 21,6 mg•kg-1 faoi seach) agus go domhanda (55, 35,5 agus 30,5 mg•kg-1 faoi seach). Go ginearálta, bíonn leibhéil na ndúl sin níos airde in ithreacha aigéadacha ná in ithreacha aolchloiche (Amorós et al., 2012a).

b)

Tionchar abhainn Bullaque agus na sruthanna a théann isteach ann, a théann timpeall ar an limistéar críochaithe, úire na ngleannta agus an chosaint ar na gaoithe aduaidh a thugann na sléibhte – cruthaíonn siad sin miocraeráid don fhíonghort a mhaolaíonn an adhaimsir sa gheimhreadh agus sa samhradh araon. Téann sé sin chun leasa d’aibíocht cheart agus iomlán na bhfíonchaor.

c)

An raon leathan teochta atá ann idir lá agus oíche, de bharr airde Vallegarcía os cionn leibhéal na farraige, i gcomhar leis an líon ard báistí sa limistéar i gcomparáid le háiteanna eile sa réigiún, cuidíonn siad le struchtúr tainneach iontach a thabhairt do na fíonchaora a mhéadaíonn oiriúnacht na bhfíonta lena dtabhairt chun cineáil sa bhairille agus sa bhuidéal.

8.2.   Tuairisc ar an bhfíon

Saintréith d’fhíonta Vallegarcía is ea a gcruinne agus a n-easpa imeall. Tá struchtúr tainneach iontach acu freisin a thugann inniúlacht eisceachtúil dóibh chun athrú agus fanacht úr le himeacht ama. Féadann siad luachanna polaifeanóil níos nó ná 50 meq/l agus déine datha níos mó ná 10 AU a fháil.

Sainítear déine agus cáilíocht dea-bholaidh na bhfíonta atá ag scrobarnach dhian Mheánmhara (rós carraige, fraoch) agus dea-bholaithe balsamacha (tím, marós, labhandar), chomh maith le hardleibhéal mianraí (scláta dubh, grianchloichít). Fágann siad athbhlas searbh ar chúl na scornaí a fhadaíonn blas an fhíona.

8.3.   Nasc

A) An tsubstráit gheografach ar a bhfuil an fíonghort curtha, ar a dtugtar raña, is foirmíocht í atá uathúil sa domhan. Tá aigéadacht ard agus pH íseal ithreacha an limistéir chríochaithe neamhghnách freisin. Fágann an meascán sin athbhlas searbh ar chúl na scornaí a fhadaíonn blas an fhíona.

Úire na ngleannta agus an chosaint ar na gaoithe aduaidh a thugann na sléibhte, bíonn tionchar maolaithe acu agus cuidíonn siad le cruinne agus easpa imeall a thabhairt do na fíonta. An raon leathan teochta atá ann idir lá agus oíche, de bharr airde an limistéir chríochaithe os cionn leibhéal na farraige, i gcomhar leis an líon ard báistí, cuidíonn siad le struchtúr tainneach iontach a thabhairt do na fíonchaora trína féidir leis na fíonta luachanna polaifeanóil a fháil atá níos mó ná 50 meq/l agus déine datha atá níos mó ná 10 AU.

Cé go bhfuil limistéar “Castilla” PGI timpeall ar an limistéar críochaithe, tá a shaintréithe an-difriúil leis an limistéar críochaithe in aice láimhe dá mbarr seo a leanas:

TOSCA NÁDÚRTHA:

An tsubstráit gheografach ar a dtugtar raña, atá uathúil sa domhan agus a bhfuil a haigéadacht ard agus pH íseal mar shaintréith di, chomh maith le húire na ngleannta, an líon ard báistí agus an chosaint a thugann na sléibhte ar na gaoithe aduaidh – cruthaíonn siad miocraeráid atá an-difriúil leis an limistéar in aice láimhe.

An éagsúlacht leathan in pH na sraitheanna barrithreach agus fo-ithreach, le héagsúlacht uasta de 4,1 pointe i bpróifíl 2 (pH = 8,9 in Ap agus pH = 4,8 in Btg1), chomh maith leis an gcion cailciam íseal, an cion ard silice, iarainn agus alúmanaim, agus láithreacht cainníochta móra de dhúile tearcithreach, sin a dhéanann Vallegarcía difriúil leis an gcuid eile de Castile-La Mancha.

TOSCA DAONNA:

Is iad seo a leanas na difríochtaí is soiléire idir an modh táirgthe d’fhíonta “Vallegarcía” agus iad siúd a úsáidtear sna limistéir in aice láimhe, atá cumhdaithe ag TGFC “Castilla”:

“CASTILLA” PGI

VALLEGARCÍA

DÍFRÍOCHTAÍ

Fíonta bána: ≥ 9 % toirte

≥ 12 % toirte

Ábhar alcóil níos airde

Fíonta dearga: ≥ 10 % toirte

≥ 12 % toirte

Ábhar alcóil níos airde

Fíonta dearga: ≤ 18 meq/l

≤ 20 meq/l

Aigéadacht luaineach níos airde

Fíonta bána: ≤ 16 000  kg/ha

≤ 11 500  kg/ha

Táirgeadh níos lú in aghaidh an heicteáir

Fíonta dearga: ≤ 16 000  kg/ha

≤ 14 600  kg/ha

Táirgeadh níos lú in aghaidh an heicteáir

---

> 50 meq/l

Níos mó polaifeanól

---

> 10 AU

Níos mó datha

Rinneadh an limistéar a chríochú ar bhonn a thimpeallachta (an tsubstráit gheografach ar a dtugtar raña, lena haigéadacht ard agus pH íseal, chomh maith leis an gcosaint a fhaightear ó na sléibhte). Tá fíonlann amháin ag táirgeadh fíona sa limistéar, atá faoi úinéireacht an iarratasóra.

Ba cheart a thabhairt san áireamh go gcumhdaíonn an limistéar críochaithe 1 521 heicteár agus gur leis an t-iarratasóir na fíniúnacha agus na fíonlanna ar fad atá ann.

Thairis sin, féadfaidh táirgeoirí eile an t-ainm cláraithe a úsáid má bhunaíonn siad iad féin sa i limistéar críochaithe geografach amach anseo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá an cás sin go hiomlán féideartha mar go gcumhdaíonn an limistéar críochaithe 1 521 heicteár agus mar sin de, tá spás ann le haghaidh níos mó fíonlann.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál dála breise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar na dálaí:

Caithfear na fíonta a bhuidéalú sa limistéar táirgthe mar i ngach cás tugtar an próiseas i gcrích leis an dara céim den fhíon a thabhairt chun cineáil i mbuidéil. Tarlaíonn próiseas laghdaithe sa tréimhse seo, rud a fheabhsaíonn cáilíocht na bhfíonta agus a chuireann corr ar a mblas. Tá siad réidh le hól nuair atá na saintréithe orgánaileipteacha acu a leagtar amach sna sonraíochtaí le haghaidh gach cineáil fíona.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://pagina.jccm.es/agricul/paginas/comercial-industrial/consejos_new/pliegos/AM_01_PC_Vallegarcia_20210820.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


Top