EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0207(02)

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe 2022/C 63/07

C/2022/585

IO C 63, 7.2.2022, p. 11–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/11


Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2022/C 63/07)

1.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún Eorpach ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú ar bhonn an mhéid thuas, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049 an Bhruiséil, an Bheilg (2)aon tráth tar éis dháta foilsithe an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.   Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036.

Táirge

Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine

Daon-Phoblacht na Síne

An India

An Indinéis

An Mhalaeisia

An Téaváin

An Téalainn

Dleacht frithdhumpála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 288, 7.11.2017, lch. 4)

8.11.2022


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo


Top