Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XA1017(01)

    Ráiteas Dearbhaithe na Cúirte Iniúchóirí arna sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle – Tuarascáil an iniúchóra neamhspleách

    IO C 399, 17.10.2022, p. 240–246 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 399/240


    Ráiteas Dearbhaithe na Cúirte Iniúchóirí arna sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle – Tuarascáil an iniúchóra neamhspleách

    (2022/C 399/02)

    Tuairim

    I.

    Tá iniúchóireacht déanta againn ar an méid seo a leanas:

    (a)

    cuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh, atá comhdhéanta de na ráitis airgeadais chomhdhlúite (1) agus de na tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid (2) don bhliain airgeadais dar chríoch an 31 Nollaig 2021, arna bhformheas ag an gCoimisiún an 28 Meitheamh 2022;

    (b)

    dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Beachtas na gcuntas

    Tuairim maidir le beachtas na gcuntas

    II.

    Is é ár dtuairim go dtugann cuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh (AE) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 léargas fíorcheart, ar gach slí ábharthach, ar staid airgeadais an Aontais amhail an 31 Nollaig 2021, ar thorthaí a chuid oibríochtaí, ar a shreabha airgid agus ar na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain dar chríoch an dáta céanna, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta atá bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.

    Dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais

    Ioncam

    Tuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim

    III.

    Is é ár dtuairim go bhfuil an t-ioncam is bonn leis na cuntais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta ar gach slí ábharthach.

    Caiteachas

    IV.

    Le haghaidh 2021, tugaimid dhá thuairim ar leithligh maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais. Léiríonn sé seo an fíoras gur ionstraim shealadach atá sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) atá á tabhairt i gcrích agus á maoiniú ar shlí atá an-difriúil ó ghnáthchaiteachas an bhuiséid faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI).

    Tuairim neamhfhabhrach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim

    V.

    Is é ár dtuairim, mar gheall ar shuntasacht an ábhair a bhfuil cur síos air faoi “Bunús don tuairim neamhfhabhrach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas an bhuiséid”, go bhfuil difear ábharthach déanta ag earráid do chaiteachas an bhuiséid atá glactha sna cuntais don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2021.

    Tuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas RRF

    VI.

    Is é ár dtuairim go bhfuil caiteachas RRF is bonn leis na cuntais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta ar gach slí ábharthach.

    Bunús don tuairim

    VII.

    Tá ár n-iniúchóireacht déanta againn i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus Cóid Eitice Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) agus Caighdeáin Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (ISSAInna) de chuid INTOSAI. Tá cur síos níos mionsonraithe ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin agus na cóid sin sa roinn “Freagrachtaí an iniúchóra” dár dtuarascáil. Sa roinn sin, tugaimid tuilleadh faisnéise faoin mbunús dár dtuairim maidir leis an ioncam (féach mír  XXXV ) agus maidir le caiteachas RRF (féach mír  XXXVII ). Tá na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus ár n-oibleagáidí eiticiúla comhlíonta againn faoi Chód Eitice do Chuntasóirí Proifisiúnta de chuid Bhord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Eitice do Chuntasóirí. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta atá faighte againn leordhóthanach agus oiriúnach le bheith mar bhunús dár dtuairimí.

    Bunús don tuairim neamhfhabhrach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas an bhuiséid

    VIII.

    Is é an leibhéal earráide measta do chaiteachas an bhuiséid atá glactha sna cuntais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 ná 3,0 %. Tá difear ábharthach déanta ag earráid do sciar substainteach den chaiteachas sin. Baineann sé sin go príomha le caiteachas bunaithe ar eisíocaíochtaí, ina bhfuil an leibhéal earráide measta ag 4,7 %. Mhéadaigh caiteachas den sórt sin go dtí EUR 90,1 billiún in 2021, rud a sheasann do 63,2 % dár bpobal iniúchóireachta (3). Dá bhrí sin, tá éifeachtaí na n-earráidí a d’aimsíomar ábharthach agus freisin forleatach i gcás an chaiteachais ar glacadh leis don bhliain.

    Príomhábhair iniúchóireachta

    Rinneamar measúnú ar an dliteanas maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile

    IX.

    I gclár comhardaithe an Aontais, tá dliteanas maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile de luach EUR 122,5 billiún ann amhail ag deireadh 2021 (2020: EUR 116,0 billiún), a sheasann do bheagnach an ceathrú cuid de na dliteanais iomlána do 2021 atá ag EUR 496,4 billiún (2020: EUR 313,5 billiún).

    X.

    Baineann formhór an dliteanais maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile le Scéim Pinsin Oifigigh agus Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (PSEO), arb ionann é sin agus EUR 109,7 billiún (2020: EUR 100,7 billiún). Is éard atá sa dliteanas atá taifeadta sna cuntais ná meastachán den luach reatha atá ag íocaíochtaí a meastar a bheidh ar an Aontas a dhéanamh sa todhchaí chun a chuid oibleagáidí pinsin a shocrú.

    XI.

    Déantar na sochair a íoctar faoin scéim pinsin a chur chun dochair do bhuiséad an Aontais. Cé nach bhfuil ciste pinsin ar leith cruthaithe ag an Aontas chun costas na n-oibleagáidí pinsin sa todhchaí a chlúdach, tugann na Ballstáit, go comhpháirteach, ráthaíocht maidir le híoc na sochar agus rannchuidíonn oifigigh leis an tríú cuid de chostas maoinithe na scéime. Ríomhann Eurostat an dliteanas sin go bliantúil thar ceann oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin ag baint úsáid as paraiméadair amhail próifíl aoise agus ionchas saoil oifigigh an Aontais agus toimhdí i dtaobh coinníollacha eacnamaíocha sa todhchaí. Déanann comhairleoirí achtúireacha an Choimisiúin measúnú freisin ar na paraiméadair agus na toimhdí sin.

    XII.

    Is ann don mhéadú sa dliteanas pinsean in 2021 go príomha mar gheall ar laghdú sa ráta lascaine ainmniúil, a bhfuil tionchar imeartha ag rátaí úis domhanda air (4).

    XIII.

    Is é an dara cuid is mó den dliteanas maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile ná dliteanas measta an Aontais i leith na Comhscéime Árachais Breoiteachta (JSIS), arbh fhiú EUR 10,3 billiún é ag deireadh 2021 (2020: EUR 12,9 billiún). Baineann an dliteanas seo le costais cúraim sláinte fhoireann an Aontais agus tá sé iníoctha i rith tréimhsí iar-ghníomhaíochta (glan ar a gcuid ranníocaíochtaí).

    XIV.

    Mar chuid dár n-iniúchóireacht, déanaimid measúnú ar na toimhdí achtúireacha a rinneadh do na scéimeanna sin agus ar an luacháil a bhí mar thoradh air sin. Bunaímid ár meastóireacht ar obair a rinne saineolaithe achtúireacha seachtracha, neamhspleácha. Seiceálaimid na sonraí bunúsacha is bun leis na ríomhanna, na paraiméadair achtúireacha agus ríomh an dliteanais. Scrúdaímid freisin cur i láthair na ndliteanas sa chlár comhardaithe comhdhlúite agus sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite.

    XV.

    Tagaimid ar an gconclúid go dtugann an meastachán don dliteanas foriomlán maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile atá luaite sa chlár comhardaithe comhdhlúite léargas fíorcheart agus go bhfuil sé beacht.

    Rinneamar measúnú ar mheastacháin shuntasacha deiridh bliana a cuireadh i láthair sna cuntais

    XVI.

    Amhail ag deireadh 2021, ba é an luach measta a bhí ag speansais incháilithe tabhaithe a bhí dlite do thairbhithe ach nach raibh éilithe fós ná EUR 129,9 billiún (2020: EUR 107,8 billiún). Rinneadh na méideanna sin a thaifeadadh mar speansais fhabhraithe (5).

    XVII.

    Baineann an méadú sa mheastachán sin go príomha le RRF, arb é sin an chuid lárnach de NextGenerationEU (NGEU) – an ionstraim shealadach téarnaimh atá ann chun cuidiú le caoi a chur ar an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta láithreach atá déanta ag paindéim COVID-19. Is de réir próifíl tráthchodanna réamhshainithe suas go dtí 2026 a dhéantar íocaíochtaí leis na Ballstáit faoin tsaoráid seo. Amhail ag deireadh 2021, is EUR 12,3 billiún a bhí sa chaiteachas a bhí fabhraithe faoi RRF.

    XVIII.

    Chun na meastacháin deiridh bliana sin a mheasúnú, scrúdaíomar an córas a bhí curtha ar bun ag an gCoimisiún le haghaidh na ríomhanna do scoithphointí chun a áirithiú go raibh sé ceart agus iomlán sna hardstiúrthóireachtaí ina dtabhaítear formhór na speansas. Le linn ár n-obair iniúchóireachta ar an sampla de shonraisc agus íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, scrúdaíomar na ríomhanna ábhartha do scoithphointí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeadh míráiteas i gceist leis na fabhruithe. Lorgaíomar soiléiriú ó sheirbhísí cuntasaíochta an Choimisiúin maidir leis an modheolaíocht ghinearálta chun na meastacháin sin a shuíomh.

    XIX.

    Tagaimid ar an gconclúid go dtugtar léargas fíorcheart sa chlár comhardaithe comhdhlúite ar an meastachán don mhéid foriomlán de mhuirir agus airleacain eile atá fabhraithe chuig na Ballstáit.

    Rinneamar athbhreithniú ar an tsócmhainn a gineadh de dhroim phróiseas tarraingt siar na Ríochta Aontaithe

    XX.

    Ar an 1 Feabhra 2020, scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach. Faoin gcomhaontú um tharraingt siar, gheall an Ríocht Aontaithe a bheith dílis dá cuid oibleagáidí airgeadais go léir faoi na CAInna roimhe sin a bhí ag éirí as í a bheith ina Ballstát den Aontas. I gcaitheamh na hidirthréimhse, a chríochnaigh an 31 Nollaig 2020, lean an Ríocht Aontaithe de bheith ag ranníoc le Buiséad an Aontais, agus de bheith ag tairbhiú den Bhuiséad sin, amhail is gur Bhallstát a bhí inti.

    XXI.

    I ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse, bhí oibleagáidí frithpháirteacha eile ann, ar thaobh an Aontais agus ar thaobh na Ríochta Aontaithe, a bhí ina dtrúig le dliteanais agus infháltais áirithe don Aontas. Ní foláir na hoibleagáidí sin a léiriú i gcuntais bhliantúla an Aontais. Ba é meastachán an Choimisiúin, amhail ag dáta an chláir comhardaithe, ná gur léirigh cuntais an Aontais glansuim infhaighte dlite ón Ríocht Aontaithe de EUR 41,8 billiún (2020: EUR 47,5 billiún), a meastar go mbeidh EUR 10,9 billiún de sin íoctha sna 12 mhí i ndiaidh an dáta tuairiscithe.

    XXII.

    Tá an sásra íocaíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na hoibleagáidí frithpháirteacha faoin gcomhaontú um tharraingt siar leagtha amach in Airteagal 148 (“Íocaíochtaí tar éis 2020”) den chomhaontú. In 2021, is é EUR 11,9 billiún a bhí sa mhéid a tuairiscíodh a bheith dlite ón Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 136 agus Airteagail 140 go 147. Is é EUR 6,8 billiún an méid a bhí i gceist leis na híocaíochtaí iomlána ón Ríocht Aontaithe in 2021. Bhí an t-iarmhéid ag deireadh na bliana, arb ionann é agus EUR 5,1 billiún, iníoctha i gcúig thráthchuid mhíosúla chothroma ó Eanáir go Bealtaine 2022, na míonna sin san áireamh, i gcomhréir leis an sásra a leagtar amach in Airteagal 148 den chomhaontú um tharraingt siar.

    XXIII.

    Mar chuid dár ngnáthnósanna imeachta iniúchóireachta, bhí plé againn leis an gCoimisiún i dtaobh sceideal ama, chruinneas agus iomláine na sócmhainne atá aitheanta agus na híocaíochtaí atá déanta. Rinneamar athríomh ar na méideanna atá i gceist, rinneamar iad a réiteach leis na taifid bhunúsacha agus sheiceálamar cé chomh hiomchuí a bhí aon cheann de na toimhdí a úsáideadh.

    XXIV.

    Thángamar ar an gconclúid go dtugtar léargas fíorcheart sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite ar an tsócmhainn iomlán atá aitheanta i ndáil leis an bpróiseas um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.

    Rinneamar measúnú ar an tionchar a bhí ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar na cuntais

    XXV.

    An 24 Feabhra 2022, rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin. Ós rud é go dtugann an tAontas Eorpach cúnamh don Úcráin i bhfoirm iasachtaí agus deontas, rinneamar measúnú ar ríomhanna an Choimisiúin i dtaca leis an neamhchosaint ghaolmhar ar riosca airgeadais don Aontas, chomh maith leis an mbun leo sin, chun a áirithiú go raibh iarmhairtí an teagmhais shuntasaigh sin á léiriú go hiomchuí i gcuntais an Aontais. Rinneamar measúnú ar ríomhanna an Choimisiúin i gcomparáid lenár ríomhanna féin agus le sonraí atá ann ar an ábhar seo.

    XXVI.

    Thángamar ar an gconclúid go bhfuil sé iomchuí déileáil le hionradh na Rúise ar an Úcráin mar theagmhas neamhchoigeartúcháin i ndiaidh dháta an chláir chomhordaithe. Tá a thionchar foilsithe go hiomchuí agus tugtar léargas fíorcheart air sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite.

    Rinneamar measúnú ar an tionchar a bhí ag bearta a bhain le COVID-19 ar na cuntais

    XXVII.

    Chuir paindéim COVID-19 as go mór do gheilleagair agus cistí poiblí na mBallstát. Chuir an Coimisiún Eorpach lear mór tacaíochta airgeadais i gcúrsaíocht chun earnálacha sláinte poiblí na mBallstát a threisiú agus chun an tionchar socheacnamaíoch a bhí ag an bpaindéim san Aontas a mhaolú. I measc na nithe a bhí i gceist leis an ngníomhaíocht, bhí siad seo a leanas: soláthairtí práinneacha leighis a chistiú; níos mó solúbthachta a thabhairt isteach ó thaobh úsáid a bhaint as tacaíocht airgeadais ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa; agus iasachtaí a thabhairt ar théarmaí fabhracha do na Ballstáit. Bhí éifeacht shuntasach ag na tionscnaimh sin ar na ráitis airgeadais.

    XXVIII.

    Mar chuid dár ngnáthnósanna imeachta iniúchóireachta, rinneamar iniúchóireacht ar na sócmhainní, dliteanais, ioncam agus speansais, lena n-áirítear iad sin a bhain le bearta a bhí déanta ag an gCoimisiún. Thángamar ar an gconclúid go dtugtar léargas fíorcheart orthu sin sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite.

    Ábhair eile

    XXIX.

    Tá an bhainistíocht freagrach as “faisnéis eile” a sholáthar. Cuimsíonn an téarma sin “Buaicphointí airgeadais na bliana”, ach ní chuimsíonn sé na cuntais chomhdhlúite ná ár dtuarascáil orthu sin. Ní chlúdaíonn ár dtuairim ar na cuntais bhliantúla an fhaisnéis eile sin, agus ní thugaimid conclúid dearbhaithe de chineál ar bith ina leith. Is í an fhreagracht atá orainn i dtaca leis an iniúchóireacht ar na cuntais chomhdhlúite ná an fhaisnéis eile a léamh, agus a bhreithniú an bhfuil sí sin ar neamhréir go hábharthach leis na cuntais chomhdhlúite nó leis an eolas atá faighte againn le linn na hiniúchóireachta, nó an dealraitheach ar aon slí eile go bhfuil míráiteas ábharthach san fhaisnéis eile sin. Má thagaimid ar an gconclúid go bhfuil míráiteas ábharthach san fhaisnéis eile, tá orainn é sin a thuairisciú dá réir. Níl aon rud le tuairisciú againn ina leith seo.

    Freagrachtaí na bainistíochta

    XXX.

    I gcomhréir le hAirteagail 310 go 325 CFAE agus leis an Rialachán Airgeadais, is í an bhainistíocht atá freagrach as cuntais chomhdhlúite an Aontais a ullmhú agus a chur i láthair bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, agus is iad atá freagrach as dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo. Áirítear ar an bhfreagracht sin rialú inmheánach a cheapadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, ar córas rialaithe é a bhaineann le hullmhú agus le cur i láthair ráiteas airgeadais atá saor ó mhíráiteas ábharthach, bídís sin ann mar gheall ar chalaois nó mar gheall ar earráid. Tá an bhainistíocht freagrach freisin as a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí, na hidirbhearta airgeadais agus an fhaisnéis a léirítear sna ráitis airgeadais ag comhlíonadh na n-údarás (dlíthe, rialacháin, prionsabail, rialacha agus caighdeáin) a rialaíonn iad. Is é an Coimisiún atá freagrach ar deireadh as dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun le cuntais an Aontais (Airteagal 317 CFAE).

    XXXI.

    Agus na cuntais chomhdhlúite á n-ullmhú, tá an bhainistíocht freagrach as measúnú a dhéanamh ar chumas an Aontais leanúint ar aghaidh mar ghnóthas reatha, aon ábhair ábhartha a fhoilsiú agus úsáid a bhaint as bonn cuntasaíochta an ghnóthais reatha, ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gceist aici an t-eintiteas a leachtú nó scor d’oibríochtaí, nó mura bhfuil aon rogha réalaíoch eile aici ach é sin a dhéanamh.

    XXXII.

    Is é an Coimisiún atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais an Aontais.

    XXXIII.

    Faoin Rialachán Airgeadais (Teideal XIII), ní foláir d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais chomhdhlúite an Aontais a thabhairt ar aird le haghaidh a n-iniúchta, mar chuntais shealadacha ar dtús faoin 31 Márta sa bhliain dar gcionn agus mar chuntais chríochnaitheacha faoin 31 Iúil. Ba cheart go dtabharfadh na cuntais shealadacha léargas fíorcheart ar staid airgeadais an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh gach mír de na cuntais shealadacha curtha i láthair mar ríomhanna críochnaitheacha, le go mbeimis in ann ár dtasc a dhéanamh i gcomhréir le (Teideal XIII) den Rialachán Airgeadais faoi na sprioc-amanna atá tugtha. Is iondúil gur ag éirí as barúlacha sin againne amháin a dhéanfaí aon athruithe ar na cuntais shealadacha a bheadh le cur isteach sna cuntais chríochnaitheacha.

    Freagrachtaí an iniúchóra maidir leis an iniúchadh ar na cuntais chomhdhlúite agus na hidirbhearta is bun leo

    XXXIV.

    Is iad ár gcuspóirí ná dearbhú réasúnach a fháil maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil cuntais chomhdhlúite an Aontais saor ó mhíráiteas ábharthach agus an bhfuil nó nach bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta, agus, ar bhonn ár n-iniúchta, ráiteas dearbhaithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le beachtas na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo. Is leibhéal ard dearbhaithe é dearbhú réasúnta, ach ní ráthaítear leis go cinnte go bhfuil gach míráiteas nó neamhchomhlíonadh ábharthach a d’fhéadfadh a bheith ann braite san iniúchadh. D’fhéadfadh sé go n-eascróidís as calaois nó earráid agus meastar gur ábhar ábharthach iad más rud é, ina n-aonar nó sa chomhiomlán, go bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh tionchar acu ar aon chinneadh eacnamaíoch a dhéantar ar bhonn na gcuntas comhdhlúite sin.

    XXXV.

    I gcás an ioncaim, is é atá mar thúsphointe dár scrúdú ar CBL agus ar acmhainní dílse bunaithe ar OIN ná na comhiomláin mhaicreacnamaíocha ar a bhfuil siad ríofa, agus déantar measúnú ar chórais an Choimisiúin chun iad sin a phróiseáil suas go dtí an pointe ag a mbíonn ranníocaíochtaí na mBallstát faighte agus taifeadta sna cuntais chomhdhlúite. I gcás acmhainní dílse traidisiúnta, scrúdaímid cuntais na n-údarás custaim agus déanaimid anailís ar shreabh na ndleachtanna suas go dtí an pointe ag a bhfaigheann an Coimisiún iad agus a ndéanann sé iad a thaifeadadh. Tá an baol ann nach ndéanann allmhaireoirí dleachtanna custaim a dhearbhú do na húdaráis chustaim náisiúnta, nó go ndéanann siad iad a dhearbhú go mícheart. Dá bhrí sin, beidh na dleachtanna allmhairithe a bhailítear go hiarbhír gann ar an méid ba cheart a bhailiú go teoiriciúil. Tugtar “an bhearna chustaim” ar an difríocht sin. Na méideanna sin a dhéantar a imghabháil amhlaidh, níl siad sin áirithe i gcórais chuntasaíochta ADT na mBallstát agus ní thagann siad faoin scóip dár dtuairim iniúchóireachta ar an ioncam.

    XXXVI.

    I gcás an chaiteachais, scrúdaímid idirbhearta íocaíochta a luaithe atá caiteachas tabhaithe, taifeadta agus glactha. Clúdaíonn an scrúdú seo gach catagóir íocaíochtaí ag an bpointe a ndéantar iad, seachas airleacain. Scrúdaímid réamhíocaíochtaí a luaithe atá fianaise curtha ar fáil ag faighteoir na gcistí ar a gceartúsáid agus a luaithe atá an fhianaise sin glactha ag an institiúid nó ag an gcomhlacht tríd an réamhíocaíocht a imréiteach, rud a bhféadfadh sé nach dtarlódh sé go dtí bliain éigin ina dhiaidh sin.

    XXXVII.

    I mbliana, den chéad uair, scrúdaíomar caiteachas RRF. Murab ionann agus an cás le caiteachas buiséadach eile, atá bunaithe ar athchistiú na gcostas agus/nó coinníollacha a chomhlíonadh, is é atá mar choinníoll don íocaíocht faoin RRF ná garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bheith bainte amach go sásúil. Scrúdaíomar, dá bhrí sin, an raibh fianaise leordhóthanach agus iomchuí bailithe ag an gCoimisiún chun tacú lena mheasúnú ar an gcoinníoll sin. Ní cuid den mheasúnú seo é a sheiceáil an raibh rialacha eile AE agus náisiúnta á gcomhlíonadh.

    XXXVIII.

    Feidhmímid ár mbreithiúnas gairmiúil agus bíonn aird chuí againn ar an sceipteachas gairmiúil i rith an iniúchta. Déanaimid an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    Sainaithnímid agus measúnaímid na rioscaí a ghabhann le míráiteas ábharthach a bheith sna cuntais chomhdhlúite agus na rioscaí go bhfuil neamh-chomhlíonadh ábharthach ó thaobh cheanglais dhlí an Aontais i gceist sna hidirbhearta is bun leis na cuntais, bídís sin ann mar gheall ar chalaois nó mar gheall ar earráid. Déanaimid nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh agus a chur i gcrích atá sofhreagartha do na rioscaí sin agus faighimid fianaise iniúchóireachta atá leordhóthanach agus iomchuí le bheith mar bhunús dár dtuairim. Tá cásanna de mhíráiteas ábharthach nó neamh-chomhlíonadh a éiríonn as calaois níos deacra le brath ná na cásanna sin a éiríonn as earráidí, mar go bhféadfadh camastaíl, brionnú, neamhghníomhartha intinneacha, nó dífheidhmiú an rialaithe inmheánaigh a bheith i gceist le calaois. Dá thoradh sin, is mó an baol atá ann nach féidir cásanna den sórt sin a bhrath.

    (b)

    Faighimid tuiscint ar an rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh, chun nósanna imeachta iniúchóireachta oiriúnacha a dhearadh, ach ní chun tuairim a thabhairt ar éifeachtacht an rialaithe inmheánaigh sin.

    (c)

    Déanaimid measúnú ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideann an bhainistíocht agus ar réasúnacht mheastacháin cuntasaíochta agus foilsithe gaolmhara eile na bainistíochta.

    (d)

    Tagaimid ar chonclúidí maidir lena oiriúnaí atá an úsáid a bhaineann an bhainistíocht as bonn cuntasaíochta an ghnóthais reatha agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchóireachta a fhaightear, an bhfuil éiginnteacht ábharthach ann mar gheall ar theagmhais nó coinníollacha a d’fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas reatha. Má thagaimid ar an gconclúid go bhfuil éiginnteacht ábharthach den chineál sin ann, ní mór dúinn aird a tharraingt inár dtuarascáil ar na foilsithe gaolmhara sna cuntais chomhdhlúite nó, mura leor na foilsithe sin, bíonn orainn ár dtuairim a mhodhnú. Tá ár gconclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas suas go dtí dáta na tuarascála uainn. D’fhéadfadh teagmhais nó dálaí amach anseo a bheith ina gcúis leis an eintiteas scor de bheith ina ghnóthas reatha, áfach.

    (e)

    Déanaimid meastóireacht ar léiriú, struchtúr agus inneachar foriomlán na gcuntas comhdhlúite, lena n-áirítear gach foilsiú, agus déanaimid measúnú féachaint an dtugann na cuntais chomhdhlúite léargas fíorcheart ar na hidirbhearta agus teagmhais is bun leo.

    (f)

    Faighimid fianaise iniúchóireachta, atá leordhóthanach agus iomchuí, i ndáil le faisnéis airgeadais i dtaobh na n-eintiteas atá clúdaithe ag raon feidhme comhdhlúthaithe an Aontais chun tuairim a thabhairt maidir leis na cuntais chomhdhlúite agus maidir leis na hidirbhearta is bun leo. Táimid freagrach as an iniúchadh a stiúradh, a mhaoirsiú agus a dhéanamh, agus is sinne amháin atá freagrach as ár dtuairim iniúchóireachta.

    XXXIX.

    I measc nithe eile, cuirimid an bhainistíocht ar an eolas faoin scóip agus an sceideal ama atá beartaithe don iniúchadh agus faoi fhionnachtana iniúchóireachta suntasacha, lena n-áirítear fionnachtana i dtaobh aon easnamh suntasach sa rialú inmheánach.

    XL.

    Maidir leis na hábhair a pléadh leis an gCoimisiún agus le heintitis eile faoi iniúchóireacht, déanaimid amach cad iad na cinn is suntasaí san iniúchadh ar na cuntais chomhdhlúite agus arb iad, dá bhrí sin, na príomhábhair iniúchóireachta don tréimhse reatha iad. Déanaimid cur síos ar na hábhair sin sa tuarascáil mura rud é go gcuireann dlí nó rialachán cosc ar fhoilsiú poiblí nó go ndéanaimid cinneadh, faoi mar a tharlaíonn i gcúinsí an-annamh, nár cheart ábhar a chur in iúl inár dtuarascáil toisc go bhféadfaí a bheith ag dréim go réasúnta leis gur mhó na hiarmhairtí díobhálacha a bheadh ann dá ndéanfaí amhlaidh ná aon tairbhe do leas an phobail a leanfadh as.

    14 Iúil 2022

    Klaus-Heiner LEHNE

    Uachtarán

    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

    12, rue Alcide De Gasperi – L-1615 Lucsamburg


    (1)  Tá na ráitis airgeadais chomhdhlúite comhdhéanta den chlár comhardaithe, den ráiteas um fheidhmíocht airgeadais, den ráiteas faoi shreabhadh airgid, den ráiteas maidir leis na hathruithe ar ghlansócmhainní agus d’achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus de nótaí míniúcháin eile (lena n-áirítear tuairisciú teascán).

    (2)  Tá nótaí míniúcháin sna tuarascálacha ar chur chun feidhme an bhuiséid chomh maith.

    (3)  Tugaimid tuilleadh faisnéise i míreanna 1.22-1.27 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

    (4)  Cuntais bhliantúla AE 2021, nóta 2.9.

    (5)  Tá siad sin comhdhéanta de mhuirir fhabhraithe de EUR 77,8 billiún ar thaobh an dliteanais den chlár comhardaithe agus, ar thaobh na sócmhainní, EUR 52,1 billiún a laghdaíonn luach an réamh-mhaoinithe.


    Top