EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022SC0171

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115

SWD/2022/171 final

An Bhruiséil,22.6.2022

SWD(2022) 171 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115

{COM(2022) 305 final} - {SEC(2022) 257 final} - {SWD(2022) 169 final} - {SWD(2022) 170 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Cuireann lotnaidicídí ceimiceacha le meath na bithéagsúlachta. Tá sé d'aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a bhaineann leo a laghdú. I straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, leagtar síos spriocanna an Aontais chun úsáid lotnaidicídí ceimiceacha – agus an riosca a bhaineann leo – a laghdú 50 % faoi 2030. Ní léiríonn an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí na huaillmhianta seo. Níor choinnigh sí suas le dul chun cinn na teicneolaíochta agus níl úsáid éifeachtúil inbhuanaithe lotnaidicídí á baint amach aici. Tá cur chun feidhme na Treorach míchothrom agus neamhiomlán freisin. D’fhéadfadh na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun modhanna malartacha neamhcheimiceacha rialaithe lotnaidicídí a chur chun cinn. Níl spriocanna náisiúnta leagtha síos ag cuid mhaith acu chun úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a bhaineann leo a laghdú.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é cuspóir sonrach an togra ón gCoimisiún an bhithéagsúlacht, an comhshaol agus an tsláinte a chosaint trí úsáid lotnaidicídí ceimiceacha – agus an riosca a bhaineann leis na lotnaidicídí sin – a laghdú ar fud an Aontais. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór do na Ballstáit a gcion féin d’uaillmhian na spriocanna a leagtar amach sa straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ a dhéanamh. Tá sé d'aidhm ag an togra ón gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le húsáid lotnaidicídí agus tacú le roghanna malartacha ar lotnaidí ceimiceacha.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Is éifeachtaí trasteorann iad éifeachtaí lotnaidicídí ar an mbithéagsúlacht, ar cháilíocht an uisce agus ar pharaiméadair eile chomhshaoil. Sin é an fáth a bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ón Aontas chun cur le gníomhaíochtaí náisiúnta agus áitiúla. Cuideoidh na gníomhaíochtaí sin spriocanna forbartha inbhuanaithe arna leagan amach ag na Náisiúin Aontaithe a chomhlíonadh.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura cheart, cén fáth?

Rogha 1: Ní bheadh spriocanna an Aontais maidir le húsáid lotnaidí a laghdú 50 % agus maidir leis an riosca a bhaineann le lotnaidicídí a laghdú 50 % freisin ceangailteach ó thaobh dlí. Chuirfí feabhas ar chórais chomhairleacha agus ar threoir d’úsáideoirí lotnaidicídí. Chuirfí teicnící na feirmeoireachta beaichte lena laghdófar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha – agus an riosca a bhaineann leo – chun cinn.

Rogha 2: Bheadh na spriocanna laghdaithe 50 % ceangailteach ó thaobh dlí ar leibhéal an Aontais. Shocródh na Ballstáit a gcuid spriocanna laghdaithe náisiúnta féin trí úsáid a bhaint as critéir bhunaithe. Bheadh na spriocanna náisiúnta sin ceangailteach agus in‑fhorfheidhmitheach ó thaobh dlí an tráth sin. Chuifí toirmeasc ar úsáid lotnaidicídí níos guaisí i limistéir íogaire. Bheadh ar úsáideoirí gairmiúla lotnaidicídí taifid leictreonacha a choimeád maidir le húsáid lotnaidicídí agus maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí. Dhéanfadh na húdaráis náisiúnta anailís ar na taifid sin chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Thabharfadh seirbhísí neamhspleácha comhairleacha comhairle d’úsáideoirí lotnaidicídí maidir le teicnící malartacha agus maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí.

Bheadh Rogha 3 comhchosúil le rogha 2. Faoi rogha 3, áfach, bheadh na spriocanna laghdaithe 50 % ceangailteach ó thaobh dlí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Chuirfí toirmeasc ar úsáid na lotnaidicídí ceimiceacha uile i limistéir íogaire.

Is í Rogha 3 an rogha thosaíochta, ach amháin i gcás na spriocanna, cás inarb é Rogha 2 an rogha thosaíochta. Sa chás seo, bheadh na spriocanna laghdaithe 50 % ceangailteach ó thaobh dlí ar leibhéal an Aontais, agus na Ballstáit ag leagan a gcuid spriocanna náisiúnta féin síos. Rinneadh measúnú ar na roghanna i gcoinne cás dóchúil bunlíne ina mbeadh an Treoir gan athrú.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Tá éagsúlacht tuairimí ann i measc na bpáirtithe leasmhara. Tá gníomhaíochtaí láidre agus spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí á n‑éileamh ag roinnt mhaith den phobal, comhaltaí d’eagraíochtaí comhshaoil, agus comhaltaí den tionscal uisce chun úsáid lotnaidicídí agus an riosca a bhaineann le lotnaidicídí a laghdú. Os a choinne sin, ní fheictear do roinnt úsáideoirí lotnaidicídí ná do roinnt comhaltaí de thionscal na lotnaidicídí gur gá úsáid na lotnaidicídí a laghdú. Tá imní ar úsáideoirí lotnaidicídí go bhfuil easpa roghanna malartacha éifeachtúla ar lotnaidicídí ceimiceacha ann

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

Leis an rogha thosaíochta, laghdaítear na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a eascraíonn as úsáid lotnaidicídí. Beidh úsáideoirí lotnaidicídí níos eolaí faoi na roghanna malartacha éifeachtúla ar lotnaidicídí ceimiceacha atá ann. Beidh uirlisí níos fearr ag na húdaráis náisiúnta freisin chun faireacháin a dhéanamh ar úsáid lotnaidicídí agus ar chur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite lotnaidí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Beidh costais bhreise ar úsáideoirí gairmiúla lotnaidicídí chun taifid a choimeád agus chun seirbhísí comhairleacha a úsáid. D’fhéadfadh táirgeacht barra níos ísle teacht ó limistéir íogaire mar thoradh ar lotnaidicídí a thoirmeasc sna limistéir sin. D’fhéadfadh éileamh laghdaithe a bheith ar earraí thionscal na lotnaidicídí. D’fhéadfadh costais níos airde táirgeachta méadú ar phraghsanna bia do thomhaltóirí an Aontais a spreagadh. D’fhéadfadh méadú teacht ar spleáchas an Aontais ar allmhairí ar nós gránaigh. Tá coinne leis go laghdóidh coigeartuithe, tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí maolaithe na costais sin le himeacht ama.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Beidh tionchair éagsúla ar bhrabús feadh an tslabhra táirgeachta. Déanfaidh an méid sin difear do FBManna amhail feirmeoirí agus oibreoirí eile gnólacht bia. Déanfaidh sé difear freisin do na gnólachtaí a thugann tacaíocht do na FBManna sin, amhail soláthróirí lotnaidicídí agus trealaimh, soláthróirí talmhaíochta, conraitheoirí agus comhairleoirí. A bhuí le comhbheartas talmhaíochta an Aontais, is féidir leis na Ballstáit roinnt tionchair dhiúltacha a mhaolú. Thairis sin, laghdófar na difríochtaí iomaíochais idir FBManna atá ag oibriú i mBallstáit éagsúla faoi láthair le cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Beidh costais rialúcháin agus riaracháin ar údaráis náisiúnta le haghaidh bailiú sonraí agus seiceálacha oifigiúla.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Má dhéantar caighdeáin níos airde an Aontais maidir le húsáid lotnaidicídí a fhorfheidhmiú, is dócha go mbeidh tionchar aige sin ar phatrúin dhomhanda trádála i dtáirgí talmhaíochta.

Comhréireacht? 

Tá gníomhaíochtaí atá beartaithe comhréireach leis an gcuspóir foriomlán aghaidh a thabhairt ar chur chun feidhme neamhchothrom agus neamhiomlán na Treorach atá ann faoi láthair chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) cosaint níos fearr a thabhairt don tsláinte, don bhithéagsúlacht agus don chomhshaol; agus (ii) úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a bhaineann leo a laghdú.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Gach bliain, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit i dtreo spriocanna maidir le húsáid lotnaidicídí agus spriocanna laghdaithe riosca a bhaint amach. Déanfar measúnú ar an ngníomh dlí in am trátha, bunaithe ar dhul chun cinn i bhfianaise eolaíoch agus i dteicneolaíochtaí nua chun úsáid lotnaidicídí – agus an riosca a bhaineann leo – a laghdú.

Top