Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0689

    Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE um chaighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne sa réimse fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar a reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE

    COM/2022/689 final

    An Bhruiséil,7.12.2022

    COM(2022) 689 final

    2022/0401(APP)

    Togra le haghaidh

    TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

    um chaighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne sa réimse fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar a reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE

    {SWD(2022) 386 final} - {SWD(2022) 387 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá ról bunúsach ag comhlachtaí comhionannais i struchtúr neamh‑idirdhealaitheach an Aontais Eorpaigh. Is eagraíochtaí poiblí iad a chuidíonn le híospartaigh an idirdhealaithe, a dhéanann faireachán agus tuairisciú ar shaincheisteanna maidir le hidirdhealú, agus a chuireann le feasacht a mhúscailt ar chearta daoine agus ar luach an chomhionannais. Go dtí seo ceanglaítear le dlí an Aontais ar chomhlachtaí comhionannais idirdhealú a chomhrac ar bhonn tionscnamh ciníoch agus eitneach agus gnéis i réimsí sonracha. Is minic a dhéantar foráil maidir le sainchúram níos leithne sa dlí náisiúnta.

    Tá sé d’aidhm ag an togra seo caighdeáin cheangailteacha a bhunú le haghaidh comhlachtaí comhionannais sna réimsí seo a leanas:

    (a) cóir chomhionann idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach,

    (b) cóir chomhionann i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, agus,

    (c) cóir chomhionann idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí.

    Ghlac an Coimisiún togra ar leith 1 chun caighdeáin cheangailteacha a bhunú le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena náirítear féinfhostaíocht (‘togra comhthreomhar’). I dteannta an togra chomhthreomhair, tá sé d’aidhm ag an togra seo creat neartaithe a chruthú le haghaidh comhlachtaí comhionannais san Aontas Eorpach chun cóir chomhionann agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus chun idirdhealú ar gach foras agus sna réimsí a leagtar amach sna Treoracha maidir le Comhionannas dá dtagraítear thíos a chomhrac.

    Bunaíodh comhlachtaí comhionannais leis an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch (2000/43/CE) ar dtús 2 . Cuireadh de chúram orthu cóir chomhionann a chur chun cinn trí na misin seo a leanas:

    -Cúnamh neamhspleách a sholáthar d’íospartaigh an idirdhealaithe le linn dóibh a ngearáin faoi idirdhealú a dhéanamh,

    -suirbhéanna neamhspleácha maidir le hidirdhealú a sheoladh,

    -tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hidirdhealú.

    Trí Threoir eile ina dhiaidh sin maidir le comhionannas lenar cuireadh an misean céanna ar iontaoibh comhlachtaí comhionannais ina réimsí féin: an Treoir maidir le Comhionannas Inscne i réimse na nearraí agus seirbhísí (2004/113/CE) 3 , an Treoir maidir le Comhionannas Inscne i réimse na fostaíochta (2006/54/CE) 4 agus an Treoir maidir le Comhionannas Inscne i réimse na féinfhostaíochta (2010/41/AE) 5 . Cuireadh isteach leis an dá threoir dheireanacha an cúram breise chun faisnéis a mhalartú le comhlachtaí Eorpacha comhfhreagracha.

    Ní chuimsítear forálacha maidir le comhlachtaí comhionannais in dhá Threoir eile maidir le comhionannas, an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta (2000/78/CE) 6 agus an Treoir maidir le Comhionannas Inscne i réimse na slándála sóisialta (79/7/CEE) 7 . Sa chleachtas, áfach, roghnaigh a lán Ballstát forais agus réimsí uile an idirdhealaithe a chumhdaítear faoin dá Threoir sin, agus níos mó nach iad uaireanta, a chur ar iontaoibh comhlachtaí comhionannais 8 , tríd an dlí náisiúnta. Tá comhlachtaí comhionannais ‘ilfhoras’ bunaithe anois ag formhór na mBallstát, comhlachtaí a bhíonn ag déileáil le forais agus réimsí éagsúla an idirdhealaithe, agus a théann níos faide ná na forais agus na réimsí sin a chosnaítear le dlí an Aontais go minic. Ní mar sin atá i ngach Ballstát, áfach, agus i roinnt bheag cásanna 9 , ní chumhdaíonn comhlachtaí comhionannais forais agus réimsí Threoir 2000/78/CE agus Threoir 79/7/CEE go fóill.

    I dTreoracha an Aontais maidir le comhionannas atá ann cheana ní chuimsítear forálacha i ndáil le struchtúr iarbhír agus feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais, agus ní cheanglaítear leo ach go mbeidh inniúlachtaí íosta áirithe acu, agus go ngníomhóidh siad go neamhspleách i bhfeidhmiú a sainchúraim. I ngeall ar an gcorrlach lánroghnach a thugtar do na Ballstáit agus na forálacha sin á gcur chun feidhme acu, tá difríochtaí suntasacha idir comhlachtaí comhionannais ar fud na mBallstát, go háirithe a mhéid a bhaineann lena sainordú, lena gcumhachtaí, lena gceannaireacht, lena neamhspleáchas, lena n‑acmhainní, lena n‑inrochtaineacht agus lena n‑éifeachtacht. Tá tionchar aige sin ar chomhlíonadh a gcuspóirí faoi dhlí an Aontais. Cé go mbaineann cuid dá ndifríochtaí le héagsúlacht na dtraidisiún dlí agus na gcóras dlí sna Ballstáit, léirítear leis an gcás freisin leibhéil éagsúla uaillmhéine agus gnóthachtála sna Ballstáit maidir le cuspóirí na dTreoracha a chomhlíonadh.

    Lena áirithiú gur féidir le comhlachtaí comhionannais barr a gcumais a bhaint amach, cur go héifeachtach le forfheidhmiú na dTreoracha uile comhionannais agus cuidiú le híospartaigh an idirdhealaithe rochtain a fháil ar cheartas, ghlac an Coimisiún Moladh maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais in 2018 10 . Tá sé d’aidhm aige, go sonrach, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a eascraíonn as na forálacha leathana neamhiomlána maidir le comhlachtaí comhionannais i dTreoracha an Aontais.

    In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Comhionannas Ciníoch agus na Treorach maidir le Comhionannas Fostaíochta. Breathnaíodh sa tuarascáil ar chur chun feidhme Mholadh 2018 ón gCoimisiún agus bhí Doiciméad Inmheánach Oibre níos mionsonraithe maidir le comhlachtaí comhionannais ag gabháil léi 11 . Cuireadh in iúl sa tuarascáil go bhfuil comhlachtaí comhionannais tagtha chun cinn mar institiúidí riachtanacha luachmhara i gcomhair athrú ar leibhéal daoine aonair, institiúidí agus na sochaí i gcoitinne.

    Mar sin féin, bhí an chuid is mó de na saincheisteanna a raibh d’aidhm ag an Moladh aghaidh a thabhairt orthu fós gan réiteach, rud a chuir bac ar roinnt comhlachtaí comhionannais a ról a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach. Tá cosaint ar idirdhealú, forfheidhmiú na dTreoracha agus cur chun cinn an chomhionannais agus na múscailte feasachta i measc an phobail i gcoitinne agus institiúidí náisiúnta fós míchothrom ar fud an Aontais. Léirigh sé sin nár leor an Moladh. Dá bhrí sin, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé measúnú le féachaint an molfar reachtaíocht fhéideartha chun ról na gcomhlachtaí náisiúnta comhionannais a neartú faoi 2022.

    Deimhníodh an measúnú sin san anailís chúlghabhálach atá leagtha amach sa doiciméad anailíseach a ghabhann leis an togra seo 12 . Baineadh de thátal as an measúnú sin nár baineadh amach go hiomlán an sprioc a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú dhlí an Aontais chun cóir neamhchomhionann agus idirdhealú a chomhrac agus a chosc a thuilleadh. Tá leibhéil an idirdhealaithe fós ard, agus tá feasacht na níospartach maidir lena gcearta fós íseal. Tá tearcthuairisciú fós ina fhadhb mhór; tá feasacht an phobail faoi idirdhealú agus eolas ar idirdhealú fós teoranta. Níl sé ar a gcumas do chuid mhór comhlachtaí comhionannais, i dtéarmaí cumhachtaí agus acmhainní, cúnamh éifeachtach a thabhairt d’íospartaigh.

    Tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle go bhfuil siad i bhfabhar rialacha nua a ghlacadh chun comhlachtaí comhionannais a neartú. In 2021, d’iarr Parlaimint na hEorpa 13 ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais, rud a thabharfar sainordú níos láidre agus acmhainní leordhóthanacha dóibh chun cóir chomhionann a chosaint le haghaidh daoine faoi mhíchumas, agus scaipeadh faisnéise inrochtana do chách a áirithiú. In 2022, thug an Chomhairle 14 cuireadh do na Ballstáit tacú le comhlachtaí comhionannais láidre agus creat reachtach a ghlacadh lena gcuirfí ar a gcumas a ról a chomhlíonadh go neamhspleách, agus na hacmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil dóibh chun a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach. Thairis sin, leag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa béim ar an ngá atá le tacaíocht mhéadaithe a thabhairt do chomhlachtaí náisiúnta um an gcomhionannas agus um chearta an duine, go háirithe a mhéid a bhaineann lena neamhspleáchas a fheabhsú agus a soláthar foirne agus a nacmhainní airgeadais a mhéadú; agus chuir sí in iúl go dtacaíonn sí le tionscnamh ón gCoimisiún maidir le héifeachtacht na gcomhlachtaí náisiúnta um chomhionannas agus forbairt a dhéanamh ar an gcumas, an iliomad ról agus na hacmhainneachtaí atá acu 15 .

    Dá bhrí sin, mar a fógraíodh ina chlár oibre le haghaidh 2022 16 , tá an Coimisiún ag moladh rialacha ceangailteacha chun ról agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais a neartú. Tá sé sin ina chuid d’obair an Choimisiúin i dtreo Aontas comhionannais do chách, mar a leagtar amach i dtreoirlínte polaitiúla an Choimisiúin le haghaidh 2019-2024.

    Is é is cuspóir leis an Treoir seo caighdeáin a leagan amach maidir le comhlachtaí comhionannais, lena dtabharfar aghaidh ar a sainordú, a gcúraimí, a neamhspleáchas, a struchtúr, a gcumhachtaí, a n‑inrochtaineacht agus a n‑acmhainní, lena áirithiú gur féidir leo, in éineacht le gníomhaithe eile, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)rannchuidiú go héifeachtach le forfheidhmiú Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE;

    (b)cuidiú go héifeachtach le híospartaigh an idirdhealaithe chun rochtain a fháil ar cheartas;

    (c)cóir chomhionann a chur chun cinn agus idirdhealú a chosc.

    Leis an togra seo cuirtear le substaint na bhforálacha atá ann cheana maidir le comhlachtaí comhionannais i dTreoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE chun sraith rialacha neartaithe agus níos mionsonraithe a chur ina n‑ionad. Leis na rialacha nua, corpraítear na hoibleagáidí íosta uile dá bhforáiltear leis an dá Threoir.

    Leis an togra seo neartaítear an chosaint i réimse na córa comhionainne agus an neamh‑idirdhealaithe trí shainordú comhlachtaí comhionannais a leathnú chun forais agus réimsí Threoracha 79/7/CEE agus 2000/78/CE a chumhdach.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo mar chuid de roinnt straitéisí agus pleananna gníomhaíochta a glacadh chun Aontas Comhionannais a bhaint amach: an straitéis um chomhionannas inscne 17 , an plean gníomhaíochta in aghaidh an chiníochais 18 , creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 19 , an straitéis um chomhionannas LGBTIQ 20 , agus an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 21 . Rinneadh tagairt dó freisin sa straitéis maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú 22 .

    Go háirithe, le Creat Straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach agus leis an Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 23 , déantar foráil maidir le rannpháirtíocht comhlachtaí comhionannais i struchtúir a cuireadh ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme, faireachán agus athbhreithniú na gcreataí straitéiseacha náisiúnta maidir leis na Romaigh.

    Tá comhlachtaí comhionannais arna nainmniú de bhun Threoir 2006/54/CE inniúil freisin ar ábhair a thagann faoi Threoir (AE) 2019/1158 24 maidir le cothromaíocht oibre is saoil le haghaidh tuismitheoirí agus le haghaidh cúramóirí. Trí ionadú a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha Threoir 2006/54/CE, beidh feidhm ag an togra comhthreomhar maidir le comhlachtaí comhionannais freisin agus iad ag dul i ngleic le hidirdhealú a chumhdaítear le Treoir (AE) 2019/1158.

    Tá airteagal maidir le comhlachtaí comhionannais freisin sa Treoir maidir le Cóir Chomhionann 25 atá beartaithe. Sula nglacfar í, ba cheart don reachtóir a mhachnamh a dhéanamh faoi chrostagairt don togra seo 26 a chur san airteagal sin.

    Tá an tAontas Eorpach agus na Ballstáit uile ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, lena n‑áirítear an oibleagáid toirmeasc a chur ar idirdhealú ar bhonn míchumais agus cosaint dhlíthiúil chomhionann éifeachtach ar idirdhealú ar gach uile fhoras a áirithiú do dhaoine atá faoi mhíchumas.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Déantar foráil in ionstraimí eile de chuid an Aontais maidir le ról ar leith le haghaidh comhlachtaí comhionannais.

    Leis an Treoir 27 maidir le saorghluaiseacht téitear i ngleic le hidirdhealú ar fhorais náisiúntachta agus srianta nó constaicí gan údar ar an gceart chun saorghluaiseachta atá ag oibrithe an Aontais agus ag a mbaill teaghlaigh. Déantar foráil inti maidir le ‘comhlachtaí chun cóir chomhionann d’oibrithe an Aontais agus dá mbaill teaghlaigh a chur chun cinn agus chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi, gan idirdhealú ar fhorais náisiúntachta, gan srianta nó constaicí gan údar ar a gceart chun saorghluaiseachta’ agus sonraítear inti ‘go bhféadfadh na comhlachtaí sin a bheith ina gcuid de chomhlachtaí atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu’. Tá sé roghnaithe ag formhór na mBallstát comhlacht comhionannais a chur i gceannas ar na gcásanna an idirdhealaithe sin. Cé nach gcumhdaítear na forais agus na réimsí lena mbaineann sa togra seo, d’fhéadfadh bearta cothrománacha dul i gcion freisin ar fheidhmiú a ninniúlachta faoin Treoir maidir le Saorghluaiseacht, ar bearta cothrománacha iad a chuireann feabhas ar fheidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais.

    Le Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh cistí 28 bainistíochta comhroinnte, ceanglaítear ar na Ballstáit a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí comhionannais le linn ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht na gclár sin, lena náirítear trí rannpháirtíocht i gcoistí faireacháin.

    Sa straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas 29 (‘an Chairt’) a neartú áirítear rannpháirtíocht na gcomhlachtaí comhionannais in oiliúint faoin gCairt agus comhar agus comhordú le gníomhaithe ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gCairt.

    Sa togra le haghaidh Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac 30 , déantar foráil freisin maidir le ról a d’fhéadfadh a bheith ag comhlachtaí comhionannais arna bhunú de bhun Threoracha 2004/113/CE, 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Fágann sé an tsolúbthacht ag na Ballstáit comhlacht comhionannais nó comhlacht eile a thabhairt isteach le bheith rannpháirteach chun na cúraimí a leagtar síos sa Treoir atá beartaithe a chomhlíonadh, i gcomhthéacs cúnamh agus comhairle neamhspleách a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh; tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh sa réimse; agus faisnéis a mhalartú le comhlachtaí Eorpacha comhfhreagracha.

    Tríd an gcúnamh a neartú a thugtar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí a ndéantar idirdhealú ina naghaidh maidir le rochtain a fháil ar cheartas ar fud an Aontais Eorpaigh, is comhlántach é an togra seo le reachtaíocht an Aontais a glacadh cheana féin i réimse chearta na níospartach 31 agus na rochtana ar cheartas (maidir le cúnamh dlí 32 , sásraí malartacha um réiteach díospóidí 33 agus comhshásamh 34 ) agus chun dul i ngleic le cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail 35 .

    Tá comhlachtaí comhionannais in éineacht le hoifigí ombudsman agus institiúidí náisiúnta um chearta an duine (INCFanna) ina gcuid ríthábhachtach freisin den chóras srianta agus ceartúchán i ndaonlathas sláintiúil. I dtaca le hiarrachtaí srian a chur ar a spás oibriúcháin d’fhéadfadh siad a bheith ina mbagairt ar an smacht reachta. Leagtar béim sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2022 go dteastaíonn ráthaíochtaí struchtúracha maidir le neamhspleáchas ó na comhlachtaí sin agus go dteastaíonn acmhainní leordhóthanacha uathu chun oibriú go héifeachtach, agus tá dúshláin fós le sárú ag roinnt de na comhlachtaí sin sna Ballstáit 36 .

    Trína n‑éifeachtacht, a neamhspleáchas agus a n‑acmhainní a neartú, cuideoidh an togra seo freisin le feabhas a chur ar chion oibre na gcomhlachtaí comhionannais sna réimsí sin ar fad a bhfuil ról tábhachtach acu iontu.

    Tá an togra seo ag teacht freisin le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta 37 , go háirithe leis an dara agus leis an tríú prionsabal maidir le Comhionannas Inscne agus le Comhionannas Deiseanna.

    Ós rud é go gcuireann an tAontas an comhionannas chun tosaigh ina bheartas seachtrach, tugann sé dea-shampla leis an togra seo agus comhlachtaí comhionannais á gcur chun cinn agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais á neartú. An tráth céanna, bainfidh saoránaigh leas as neartú na gcomhlachtaí comhionannais chomh maith, saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad agus a ndéantar idirdhealú orthu san Aontas ar na forais agus sna réimsí a chumhdaítear leis na Treoracha maidir le Comhionannas.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá sé d’aidhm ag an dá thogra chomhthreomhara sa tionscnamh seo ról agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais faoi na Treoracha go léir a glacadh cheana i réimse na córa comhionainne a neartú: Treoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE, 2004/113/CE, 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Ós rud é gur glacadh na Treoracha sin faoi dhá bhonn dhlíthiúla éagsúla, le dhá nós imeachta glactha éagsúla, is éard atá sa tionscnamh seo ná dhá thogra atá go bunúsach comhionann le chéile, agus a bhfuil dhá bhonn dhlíthiúla éagsúla leo.

    Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 19(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena soláthraítear bunús dlí do reachtaíocht thánaisteach, amhail Treoracha, chun gníomhaíocht a dhéanamh d’fhonn dul i ngleic le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Go beacht, foráiltear in Airteagal 19(1) CFAE ‘(G)an dochar d’fhorálacha eile na gConarthaí agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Aontas leo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gníomhaíocht iomchuí chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach’.

    Glacadh Treoracha 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE d’aon toil ar bhonn Airteagal 13 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh  ar Airteagal 19(1) CFAE anois é.

    Glacadh Treoir 79/7/CEE d’aon toil faoi Airteagal 235 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, dár gaireadh an ‘clásal solúbthachta’ 38 , mar nach raibh aon bhunús dlí sonrach don ghníomhaíocht reachtach sin sa Chonradh. Tá bunús dlí sin in Airteagal 19 CFAE anois.

    Tá an togra comhthreomhar bunaithe ar Airteagal 157(3) CFAE, ina ndéantar foráil maidir leis an méid seo a leanas ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, bearta a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n‑áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach’ agus arb é an bunús dlí le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Is bunluachanna an Aontais Eorpaigh iad an comhionannas agus an neamh‑idirdhealú, a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus a chosnaítear le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 23 den Chairt. Ba cheart iad a chosaint go leordhóthanach i ngach áit san Aontas Eorpach.

    Ní thugtar reachtaíocht isteach i réimse nua leis an tionscnamh seo. Déantar athbhreithniú ann ar reachtaíocht atá ann cheana féin chun a éifeachtacht a mhéadú. Tá comhaontú comhchoiteann ann cheana féin go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais sa réimse seo agus go bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

    Mar a mhínítear thuas, ní leor na bearta reachtacha atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag comhlachtaí comhionannais, le go n‑áiritheofar cur chun feidhme agus forfheidhmiú dhlí an Aontais maidir le cóir neamh‑chomhionann agus idirdhealú a chomhrac agus bearta coiscthe a mhéadú. Is é an toradh air sin go bhfuil leibhéal neamhleor míchothrom cosanta ar idirdhealú ar fud an Aontais Eorpaigh.

    San anailís a rinneadh ar an gcás sular glacadh forálacha maidir le comhlachtaí comhionannais, léiríodh go soiléir an breisluach a bhaineann le hidirghabháil an Aontais 39 . Sular socraíodh forálacha an Aontais maidir le comhlachtaí comhionannais i dTreoracha an Aontais maidir le Comhionannas, ní raibh ann do chomhlachtaí comhionannais ach i mbeagán Ballstát.

    An tráth céanna, léirítear go soiléir i nDoiciméad Inmheánach Oibre 2021 maidir le comhlachtaí comhionannais agus sa doiciméad anailíseach a ghabhann leis an togra seo go raibh an tionchar teoranta ag Moladh 2018 maidir le caighdeáin le haghaidh chomhlachtaí comhionannais. Thuairiscigh níos lú ná leath de na Ballstáit go raibh bearta á ndéanamh acu mar obair leantach ar an Moladh agus níor thuairiscigh ach ceithre Bhallstát 40 go raibh siad ag obair ar athchóirithe reachtacha.

    Léirítear leis sin nach n‑áiritheofar ach le tionscnamh ceangailteach de chuid an Aontais go ndéanfar dul chun cinn leordhóthanach i ngach Ballstát agus go dtabharfar aghaidh ar na difríochtaí suntasacha i leibhéal na cosanta ar idirdhealú ar fud an Aontais.

    Leagtar amach sa togra seo íoschaighdeáin agus éagsúlacht na dtraidisiún dlí sna Ballstáit á cur san áireamh agus a n‑uathrialachas institiúideach á urramú go hiomlán. Féadfaidh na Ballstáit caighdeáin níos airde a leagan síos leis.

    Cuideoidh neartú na gcomhlachtaí comhionannais freisin le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trína áirithiú go mbainfidh daoine i ngach Ballstát tairbhe as íosleibhéal coiteann cosanta ar idirdhealú, le cearta inchomparáide chun sásaimh, agus éagsúlacht chórais na mBallstát á cur san áireamh.

    Tá íoschaighdeáin choiteanna sa réimse seo tábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh aonair freisin. I gcomhthéacs saorghluaiseachta daoine, tá sé fíor-riachtanach go ráthófar an ceart bunúsach um neamh‑idirdhealú ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus go n‑áiritheofar rochtain ar chosaint ar idirdhealú agus ar shásraí sásaimh i ngach Ballstát.

    Comhréireacht

    Foráiltear in Airteagal 5(4) CAE ‘[F]aoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach’.

    Níor baineadh amach go hiomlán leis na forálacha reatha maidir le comhlachtaí comhionannais ná le Moladh 2018 an cuspóir dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chun cóir neamh‑chomhionann agus idirdhealú a chomhrac agus a chosc a thuilleadh. Is amhlaidh sin mar gheall ar an tsaoirse leathan a thugtar do na Ballstáit maidir leis an gcaoi na forálacha maidir le comhlachtaí comhionannais sna Treoracha a chur i bhfeidhm, agus mar gheall ar an easpa forálacha den sórt sin i dTreoracha 79/7/CEE agus 2000/78/CE, agus mar gheall ar chineál neamhcheangailteach an Mholta.

    Ní raibh bearta boga éifeachtach go leor chun ceart bunúsach daoine ar neamh‑idirdhealú a chosaint. Leagtar síos sa tionscnamh beartaithe íoschaighdeáin a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit. Táthar ag súil leis go gcuirfear feabhas suntasach ar na híoschaighdeáin sin ar an leibhéal cosanta ar idirdhealú, ag a mbeidh tionchar réasúnta dearfach ar chás íospartaigh (féideartha) an idirdhealaithe.

    Agus íoschaighdeáin á socrú, urramaítear sa togra inniúlachtaí agus uathrialachas nós imeachta na mBallstát go hiomlán 41 agus fágann sé lánrogha acu a chinneadh conas na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme agus caighdeáin níos fabhraí a leagan síos maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais.

    An rogha ionstraime

    Le hionstraim dlí i bhfoirm Threorach, is féidir comhlachtaí comhionannais a neartú agus íoschaighdeáin choiteanna a áirithiú, agus lánrogha á tabhairt do na Ballstát maidir le conas na ceanglais nua a chur chun feidhme i bhfianaise a gcomhthéacs náisiúnta. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le cineál bunaidh idirghabháil an Aontais sa réimse seo, agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair an tráth céanna.

    Faoin togra, scriosfar na forálacha reatha maidir le comhlachtaí comhionannais i dTreoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE. Díreofar i dTreoir nua ar chomhlachtaí comhionannais agus tabharfar le chéile na forálacha ábhartha uile maidir lena bhfeidhmiú éifeachtach a mhéid a bhaineann leis na forais agus na réimsí a chumhdaítear faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE. Ní raibh sé soiléir go leor sna forálacha a bhí ann cheana, má scriostar na forálacha reatha freisin gur féidir an liosta reatha de chúraimí na gcomhlachtaí comhionannais a shoiléiriú agus a fhorlíonadh, tríd an bhforáil maidir leis na ngníomhaíochtaí um chosc agus um chur chun cinn a chur leis go sainráite, cuir i gcás.

    3.SAINEOLAS A BHAILIÚ, ANAILÍS AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA

    Saineolas a bhailiú agus anailís

    Dheonaigh an Coimisiún conradh le haghaidh staidéir chun tacú le hullmhú doiciméad anailíseach cúlghabhálach agus ionchasach, ag féachaint do thogra reachtach maidir le caighdeáin cheangailteacha le haghaidh comhlachtaí comhionannais. Gabhann an doiciméad anailíseach leis an togra seo agus leis an togra comhthreomhar ina gclúdaítear cóir chomhionann agus comhionannas deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n‑áirítear féinfhostaíocht. Cuimsítear ann anailís chúlghabhálach ar fhorálacha reatha an Aontais maidir le comhlachtaí comhionannais, agus anailís ionchasach ar idirghabháil bhreise an Aontais a d’fhéadfaí a dhéanamh.

    Níor cuireadh measúnú cuimsitheach ná measúnú tionchair i gcrích ar na cúiseanna seo a leanas:

    (1)Comhréireacht - raon feidhme teoranta idirghabháil an Aontais Eorpaigh

    Dírítear go hiomlán sna tograí ar chomhlachtaí comhionannais a chumhdaítear faoi Airteagal amháin i gceithre Threoir maidir le Comhionannas (nach bhfuil san áireamh in dhá Threoir eile maidir le Comhionannas). Tá an tAirteagal sin beagnach comhionann sna ceithre Threoir. Ní leasaítear forálacha eile na dTreoracha leis na tograí. Tá na tograí bunaithe freisin ar Mholadh 2018 ón gCoimisiún atá ann cheana maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais, a measúnaíodh in 2021. Dá bhrí sin, measadh nach raibh meastóireacht chuimsitheach ar na Treoracha ábhartha ina n‑iomláine comhréireach ná riachtanach.

    (2) Easpa féidearthachta maidir le simpliú

    Léirítear san anailís chúlghabhálach go bhfuil na forálacha reatha maidir le comhlachtaí comhionannais sna Treoracha maidir le Comhionannas róchúng agus doiléir. Níl féidearthacht maidir le simpliú sna forálacha seo. San aiseolas ar chur chun feidhme Mholadh 2018 níor luadh aon ghá le simpliú ná aon ualach riaracháin in am ar bith.

    (3)An deacracht a bhaineann le tionchair a mheas

    I réimse an chomhionannais agus an neamh‑idirdhealaithe, is deacair tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a chainníochtú agus luach airgid a chur orthu agus tá teorainn ar infhaighteacht sonraí. Ní féidir tionchar sóisialta ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí comhionannais, amhail cúnamh a thabhairt d’íospartaigh an idirdhealaithe agus cóir chomhionann a chur chun cinn agus idirdhealú a chosc i gcoitinne, a thomhas in éagmais sonraí cuimsitheacha comhionannais. Is dúshlán é sin a phléifear sa togra seo trí cheangal a chur ar chomhlachtaí comhionannais sonraí a bhailiú maidir lena ngníomhaíochtaí féin, suirbhéanna a dhéanamh, agus an deis a thabhairt dóibh ról comhordúcháin a imirt i mbailiú sonraí comhionannais ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile.

    Anailís chúlghabhálach ar reachtaíocht reatha

    Tugtar aghaidh san anailís chúlghabhálach ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, breisluach an Aontais agus ábharthacht fhorálacha an Aontais maidir le comhlachtaí comhionannais sna Treoracha maidir le Comhionannas agus i Moladh 2018  42 .

    Measadh go bhfuil éifeachtacht chreat an Aontais atá ann cheana le haghaidh comhlachtaí comhionannais teoranta a mhéid a bhaineann leis an dul chun cinn sa chomhrac in aghaidh idirdhealú agus é a chosc. Tá roinnt dul chun cinn déanta, go háirithe sna Ballstáit nach raibh comhlachtaí comhionannais ar bun iontu roimh idirghabháil an Aontais. Mar sin féin, níor baineadh 43 amach na héifeachtaí inmhianaithe go hiomlán. Léiríodh san anailís go raibh ardleibhéil idirdhealaithe ann, agus go raibh feasacht na níospartach faoina gcearta fós íseal. Is fadhb mhór é an tearcthuairisciú go fóill agus tá feasacht agus eolas an phobail faoi idirdhealú fós teoranta. Níl sé ar a gcumas do chuid mhór comhlachtaí comhionannais, i dtéarmaí cumhachtaí agus acmhainní, cúnamh éifeachtach a thabhairt d’íospartaigh.

    Measadh go bhfuil éifeachtacht chreat an Aontais atá ann cheana le haghaidh comhlachtaí comhionannais teoranta a mhéid a bhaineann le cumas na gcomhlachtaí comhionannais idirdhealú a chomhrac agus a chosc, agus go bhfuil éiginnteacht faoin éifeachtacht ann a mhéid a bhaineann le costais agus tairbhí, mar gheall ar infhaighteacht teoranta ar shonraí go príomha. Léiríodh san anailís chúlghabhálach go bhfuil creat an Aontais a sholáthraítear sna Treoracha róghinearálta agus róchúng ó thaobh raon feidhme de agus nach dtugtar aghaidh inti ar bhunú, ar éifeachtúlacht ná ar acmhainní na gcomhlachtaí comhionannais. Níor maolaíodh an cás seo le Moladh níos mionsonraithe 2018 mar gheall ar a chineál neamhcheangailteach. Léiríodh san anailís chúlghabhálach gur fadhb mhór iad acmhainní comhlachtaí comhionannais sa chomhthéacs sin, toisc go bhfuil éagsúlacht mhór idir na Ballstáit agus nach leor iad chun go mbeadh formhór na gcomhlachtaí comhionannais ábalta a gcúraimí go léir a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach.

    Measadh go raibh comhsheasmhacht chreat an Aontais atá ann cheana dearfach ar an iomlán ar gach leibhéal. Léirítear san anailís go bhfuil an comhleanúnachas leis na Conarthaí agus leis an gCairt ard, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag creat an Aontais feabhas a chur ar chomhionannas agus neamhidirdhealú, ar bunluachanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Is ceart bunúsach é an comhionannas atá á chosaint leis an gCairt freisin. Cé go bhfuil ionstraimí idirnáisiúnta, amhail Prionsabail na Náisiún Aontaithe um Stádas na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine a Chosaint agus a Chur Chun Cinn 44 (‘Prionsabail Pháras’ mar a thugtar orthu) agus Moladh Uimh. 2 ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) ó Chomhairle na hEorpa 45 níos mionsonraithe mar gheall ar a gcineál dlíthiúil éagsúil, tá na hionstraimí éagsúla comhsheasmhach ó thaobh substainte de.

    Measadh go bhfuil breisluach an Aontais dearfach. Léirítear san anailís sin nach raibh comhlacht comhionannais, nach raibh ach sainordú teoranta acu, ach ag thart ar leath de EU-15 an tráth a glacadh Treoir 2000/43, agus nach raibh comhlacht comhionannais ach ag Ballstát amháin de EU-12 a bhí fágtha roimh an bpróiseas aontachais. Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara tráth an staidéir agus dhearbhaigh siad nach mbeadh comhlachtaí comhionannais bunaithe i ngach Ballstát mura ngníomhódh an tAontas Eorpach. Mar gheall go bhfuil leibhéil an idirdhealaithe 46 fós ard ar fud na mBallstát taispeántar go bhfuil gá fós le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, níor mhór don ghníomhaíocht a bheith níos mionsonraithe agus níos nithiúla ná an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na bearta atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit.

    Measadh gur dearfach an rud é a ábhartha agus atá cuspóirí bunaidh chreat an Aontais i bhfianaise na riachtanas bunaidh agus na riachtanas atá ann anois. Mar sin féin, measadh go raibh an creat dlíthiúil bunaidh le haghaidh comhlachtaí comhionannais róchúng agus doiléir. Tá an dearcadh céanna sin ag na páirtithe leasmhara go léir i gcoitinne, go háirithe comhlachtaí comhionannais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), agus na Ballstáit. Léiríodh san anailís go bhfuil tacaíocht anláidir ann le haghaidh breis gníomhaíochta a dhéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a sainaithníodh thuas 47 agus lena áirithiú go mbeidh na hacmhainní ag comhlachtaí comhionannais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua i réimse an neamhidirdhealaithe, amhail na dúshláin sin a bhaineann le húsáid córas uathoibrithe, agus is amhlaidh is minice a úsáidtear na córais uathoibrithe ríthábhachtacha sin agus an teicneolaíocht ag forbairt i rith an ama.

    Ag féachaint don mhéid thuas ar fad, sainaithníodh roinnt ceachtanna a foghlaimíodh, mar a léirítear thíos. Mar gheall ar dhoiléire na bhforálacha reatha maidir le comhlachtaí comhionannais, tá roinnt fadhbanna ag comhlachtaí comhionannais sna Ballstáit, mar a mhínítear thíos. Cé go raibh sé d’aidhm ag Moladh 2018 aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, ní raibh ach tionchar teoranta aige mar go raibh sé neamhcheangailteach, agus is é sin an fáth a raibh an ionstraim beartaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí ann chun dul i ngleic leo ar bhealach níos éifeachtaí.

    Acmhainní agus neamhspleáchas

    Léiríodh san anailís gur fadhb athfhillteach í easpa acmhainní a chuireann isteach go mór ar fheidhmiú comhlachtaí comhionannais. Mar an gcéanna, cuireann easpa neamhspleáchais bac ar chomhlachtaí comhionannais maidir lena gcúraimí agus a gcuspóirí a chur i gcrích go héifeachtach.

    Cúnamh le haghaidh íospartach

    Is mór idir na Ballstáit an cúnamh a thugtar d’íospartaigh agus na cumhachtaí a thugtar do chomhlachtaí comhionannais chun na críche sin. Chun íosleibhéal cosanta ar an gceart bunúsach chun neamh‑idirdhealaithe a áirithiú, ba thairbhiúil rialacha coiteanna níos sonraí sa réimse seo. Is cumhachtaí iad cumhachtaí dlíthíochta ar díol spéise ar leith iad sa mhéid sin. Le bheith ábalta cuidiú le híospartaigh uile an idirdhealaithe, tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh uile an idirdhealaithe ar chomhlachtaí comhionannais gan aon bhac.

    Níl forálacha ann faoi láthair maidir le comhlachtaí comhionannais sa Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta agus sa Treoir maidir le Comhionannas Inscne i réimse na slándála sóisialta. Léiríodh san anailís chúlghabhálach, áfach, go bhfuil leibhéil an idirdhealaithe mar gheall ar na forais agus na réimsí sin a chumhdaítear faoi na Treoracha sin fós ard sna Ballstáit.

    Eolas ar idirdhealú

    Léirítear san anailís chúlghabhálach go bhfuil an‑éagsúlacht ag baint le chomh rialta agus a dhéanann comhlachtaí comhionannais taighde neamhspleách, chomh rialta agus a dhéanann siad suirbhéanna agus chomh rialta agus a fhoilsíonn siad tuarascálacha. Tá sé sin fíor chomh maith maidir le bailiú sonraí príomhúla agus tánaisteacha ar chomhionannas. Ós rud é nach leor fós an fheasacht agus an t‑eolas ar idirdhealú, tá gá le rialacha níos soiléire sa réimse seo.

    Comhar

    Tá difríocht mhór idir na Ballstáit maidir lena mhéid a chomhoibríonn agus a roinneann comhlachtaí comhionannais faisnéis le chéile agus le húdaráis nó comhlachtaí ábhartha náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta. Bheadh malartuithe den sórt sin fóinteach, áfach, chun eolas a roinnt agus chun sineirgí a chruthú.

    Anailís ionchasach ar ghníomhaíocht nua a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh

    A mhéid a bhaineann le roghanna beartais i gcomhair gníomhaíocht nua a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh, tá tástáil déanta cheana féin ar roghanna neamhreachtacha gan na torthaí measta a sholáthar ina n‑iomláine. Áiríodh le hidirghabhálacha neamhreachtacha an méid seo a leanas:

    (a)líonra gníomhach comhlachtaí comhionannais a chur ar bun arna maoiniú ag an gCoimisiún (Equinet),

    (b)moladh neamhcheangailteach 2018 ón gCoimisiún,

    (c)malartú dea-chleachtas, agus

    (d)maoiniú díreach tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (‘CERV’).

    Cé gur cruthaíodh leis na bearta sin go léir éifeachtaí dearfacha agus go mbeidh siad fós i bhfeidhm amach anseo, níor cuireadh an Moladh i bhfeidhm ach go páirteach, mar go bhfuil sé neamhcheangailteach.

    Sin é an fáth arbh é an t‑aon rogha bheartais a scrúdaíodh seachas an status quo ná reachtaíocht nua a ghlacadh. Rinneadh anailís ar chineál na mbeart ba cheart a chur san áireamh sa reachtaíocht nua de réir an bhirt beartais, mar a mhínítear a thuilleadh thíos.

    Is féidir cuspóirí idirghabhála an Aontais a chur le chéile faoi thrí phríomhsprioc le haghaidh comhlachtaí comhionannais:

    ·cuidiú leis na sé Threoir maidir le Comhionannas a fhorfheidhmiú,

    ·cúnamh éifeachtach a thabhairt d’íospartaigh an idirdhealaithe le rochtain a fháil ar cheartas; agus

    ·cóir chomhionann a chur chun cinn agus idirdhealú a chosc.

    Sainaithníodh san anailís 21 chuspóir chun dul i ngleic leis na fadhbanna a míníodh thuas. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, sainaithníodh trí chuspóir oibríochtúla mar phríomhchuspóirí, is é sin an méid seo a leanas a áirithiú:

    ·go mbeidh comhlachtaí comhionannais saor ó thionchar seachtrach ionas gur féidir leo a gcúraimí go léir a fheidhmiú go neamhspleách,

    ·go mbeidh na hacmhainní is gá ag comhlachtaí comhionannais lena gcuid cúraimí go léir a chomhlíonadh, agus

    ·má tá comhlacht comhionannais mar chuid de chomhlacht il-sainordaitheach, tá struchtúr inmheánach ann (ar a dtugtar ‘balla dóiteáin‘) lena ráthaítear go leor neamhspleáchais, fócais agus acmhainní don sainordú comhionannais.

    Roghnaíodh 48 mbeart, a thagann faoi 11 bhloc théamacha 48 , a d’fhéadfaí a chuimsiú sa reachtaíocht chun cuidiú leis na cuspóirí thuas a bhaint amach, chun tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu.

    Rinneadh imscrúdú sa doiciméad anailíseach ar na bearta atá beartaithe ar bhonn na gcúig chritéar um éifeachtacht 49 , éifeachtúlacht 50 , comhleanúnachas 51 , breisluach an Aontais 52 agus ábharthacht 53 . Rinneadh an measúnú ar bhreisluach an Aontais, ar ábharthacht agus ar chomhleanúnachas maidir leis an tionscnamh reachtach beartaithe ina iomláine, agus rinneadh an measúnú ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht in aghaidh an bhloic théamaigh, ag féachaint ar bhearta aonair. I gcás roinnt beart, níorbh fhéidir measúnú iomlán a dhéanamh mar rabhthas in ann sonraí a fháil ach ar bhonn teoranta nó mar gheall ar shrianta modheolaíocha. Is fíor é sin ach go háirithe maidir le héifeachtúlacht.

    Baintear de thátal as an staidéar gurb iomchuí an fhreagairt iad treoracha nua lena n‑urramaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Coinníodh 44 bheart a sainaithníodh chun iad a chur san áireamh sna tograí.

    Tugann líon beag Ballstát cumhacht dá gcomhlachtaí comhionannais cheana le sraith measartha cuimsitheach acmhainní agus cumhachtaí, ach ní chomhlíonann formhór na mBallstáit eile na cuspóirí thuas ach go páirteach. Dá bhrí sin, bheadh éagsúlacht ag baint leis an ngá le hoiriúnú agus méid an oiriúnaithe a thiocfadh as rialacha nua de chuid an Aontais, maidir le gach beart beartais, ag brath ar an staid i ngach Ballstát a mhéid a bhaineann le gnéithe a gcomhlachta (nó a gcomhlachtaí) comhionannais 54 .

    Saineolas agus anailís eile

    Bhain an Coimisiún úsáid freisin as an bhfaisnéis a bailíodh le linn ullmhú an Doiciméid Inmheánaigh Oibre le haghaidh chur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais a foilsíodh an 19 Márta 2021 55 . Áiríodh leis aighneachtaí a fuarthas chomh maith le faisnéis a bhí ann cheana ó na Ballstáit, Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais (Equinet), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), an Coimisiún Eorpach in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI), comhlachtaí comhionannais, an tsochaí shibhialta agus Líonra Eorpach na saineolaithe dlí maidir le comhionannas inscne agus neamhidirdhealú. Rinneadh forbairt ann freisin ar dhea-chleachtais a roinneadh le linn an tSeimineáir um Malartú Dea-Chleachtais a d’eagraigh an Coimisiún agus rialtas na Sualainne i mí an Mheithimh 2019.

    Bhain an Coimisiún leas as foinsí breise a bhí ann cheana ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (ENNHRI) chun fianaise a bhailiú a úsáideadh chun tacú leis an doiciméad anailíseach.

    Ar deireadh, chuir an Coimisiún san áireamh torthaí staidéir ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chosaint dhlíthiúil ar idirdhealú mar gheall ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar staidéar é a rinneadh mar a fhoráiltear sa phlean gníomhaíochta in aghaidh an chiníochais. Rinneadh scrúdú sa staidéar ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sna sásraí cosanta a leagtar amach sa Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch, lena n‑áirítear ról na gcomhlachtaí comhionannais.

    Dearbhaíodh sa staidéar go bhfeictear comhlachtaí comhionannais mar shásra (an‑tábhachtach) cosanta sa chomhrac i gcoinne idirdhealú. Dhearbhaigh na freagróirí ar an suirbhé spriocdhírithe a rinneadh mar chuid den staidéar an toradh sin. Fuarthas ann go bhféadfadh comhlachtaí comhionannais – i bhfianaise a n‑inniúlachtaí, go háirithe má neartaítear iad – feabhas a chur ar éifeachtacht sásraí cosanta eile. Chomh maith le ról comhlachtaí comhionannais, áirítear ar na sásraí cosanta a d’fhéadfadh cur le hidirdhealú a chosc agus a chosaint, forálacha maidir le cearta agus íospairt, smachtbhannaí, gníomhaíocht dhearfach agus idirphlé. Sainaithníodh sa staidéar roinnt bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na sásraí reatha sin (e.g. smachtbhannaí, cearta cosanta) agus sásraí/bearta a d’fhéadfadh úsáid cur chuige níos réamhghníomhaí/coiscthí a éascú agus dul i ngleic le hidirdhealú (e.g. pleananna gníomhaíochta náisiúnta, dualgais chomhionannais, bailiú sonraí comhionannais). Moladh ról níos mó le haghaidh comhlachtaí comhionannais maidir le:

    (a)faisnéis, múscailt feasachta, treoraíocht agus oiliúint,

    (b)cearta a chosaint lena náirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha agus dlíthíochta, réiteach malartach díospóidí agus smachtbhannaí,

    (c)sonraí comhionannais a úsáid,

    (d)idirphlé, comhar agus comhoibriú, agus,

    (e)gníomhaíocht dhearfach/dualgais chomhionannais 56 .

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Rinneadh roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin agus an tionscnamh reachtach seo á ullmhú. Tá páirtithe leasmhara go mór i bhfabhar bhearta nua de chuid an Aontais sa réimse.

    Thug 182 freagróir ar an iomlán freagra ar an gComhairliúchán Poiblí Oscailte. Rinne an conraitheoir thart ar 100 agallamh agus fuair sé 84 fhreagra ar shuirbhéanna speisialaithe ar líne. Ghlac 239 bpáirtí leasmhar ar an iomlán páirt i dtrí cheardlann agus i gcomhdháil deiridh chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh ar phríomhthopaicí agus ar bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh. An tráth céanna, d’eagraigh an Coimisiún ceithre chruinniú chun ionadaithe na mBallstát a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo. Tugadh roinnt cur i láthair do pháirtithe leasmhara ar bhonn tráthrialta freisin.

    Díríodh na gníomhaíochtaí sin ar réimse an‑leathan páirtithe leasmhara, chun teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara go léir agus a n‑ionchur agus a dtuairimí a bhailiú. I measc nithe eile, chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara seo a leanas: na comhlachtaí comhionannais go léir, Equinet, FRA agus EIGE, ionadaithe na mBallstát go léir ar an leibhéal aireachta, daoine acadúla agus saineolaithe tábhachtacha i réimse an fhrith‑idirdhealaithe, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, lena n‑áirítear ionadaithe fostóirí ar leibhéal an Aontais, agus cónaitheoirí an Aontais Eorpaigh (saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tíortha).

    D’eagraigh Coimisinéir Dalli Idirphlé um Beartas Óige dar teideal ‘Comhlachtaí comhionannais a oibríonn dúinn go léir’ an 24 Bealtaine 2022 le gníomhaithe óga i réimse an chomhionannais. Bhí sé ina chuid de Bhliain Eorpach na hÓige 2022 agus bhí d’aidhm aige na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a leathnú a thuilleadh roimh an togra seo. Dhearbhaigh na rannpháirtithe nach rachadh mórán daoine óga chuig comhlacht comhionannais dá sárófaí a gcearta. D’áitigh siad go raibh gá le comhar neartaithe idir comhlachtaí comhionannais agus eagraíochtaí óige, ar leibhéal an phobail freisin.

    Fuarthas tacaíocht ollmhór don togra sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin maidir le rialacha nua de chuid an Aontais a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thuas. Mar shampla, mheas 97.2 % de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte go bhfuil sé tábhachtach (an‑tábhachtach) go gcuirfí comhlachtaí comhionannais láidre éifeachtacha ar bun. Bhí páirtithe leasmhara i bhfabhar rialacha de chuid an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:

    ·neamhspleáchas (lena náirítear roghnú ceannaireachta atá trédhearcach agus bunaithe ar inniúlacht, agus neamhspleáchas buiséadach),

    ·acmhainní leordhóthanacha (acmhainní daonna, acmhainní airgeadais agus áitreabh cuí),

    ·na forais go léir a chur san áireamh atá le hidirdhealú agus na réimsí go léir a thagann faoi na Treoracha maidir le Comhionannas,

    ·gearáin a chur isteach gan dua agus inrochtaineacht,

    ·cumhachtaí dlíthíochta agus cumhachtaí imscrúdaitheacha le haghaidh gach comhlachta comhionannais,

    ·cinntí ceangailteacha a fhorfheidhmiú i leith comhlachtaí comhionannais agus an deis smachtbhannaí a fhorchur,

    ·feasacht a mhúscailt go bhfuil comhlachtaí comhionannais ag feidhmiú sa phobal i gcoitinne agus i ngrúpaí atá i mbaol idirdhealaithe,

    ·comhionannas a chur chun cinn agus idirdhealú a chosc,

    ·bailiú sonraí ag comhlachtaí comhionannais maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus rochtain ar shonraí comhionannais arna mbailiú ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile, chun tuarascálacha tráthrialta a sholáthar, agus

    ·comhordú agus comhar le húdaráis phoiblí, le páirtithe leasmhara (e.g. ESSanna agus comhpháirtithe sóisialta) agus le comhlachtaí idirnáisiúnta/comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh.

    Thacaigh páirtithe leasmhara leis na roghanna is uaillmhianaí sna réimsí thuas. De réir fhormhór na bpáirtithe leasmhara, i ngeall ar an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo ba cheart go gcuirfí an fhreagracht ar na Ballstáit as na coinníollacha a chur i bhfeidhm lena gcuirtear ar a gcumas do chomhlachtaí comhionannais a ról a chomhlíonadh go hiomlán, toisc nach féidir le comhlachtaí comhionannais a spriocanna a bhaint amach go héifeachtach gan na modhanna agus na cumhachtaí iomchuí.

    An tráth céanna, thug siad chun suntais gur cheart, trí íoschaighdeáin cheangailteacha neartaithe a ghlacadh le haghaidh comhlachtaí comhionannais, éagsúlacht na dtraidisiún dlíthiúil sna Ballstáit a mheas agus a n‑uathrialachas institiúideach a urramú. Leagadh béim ar na gnéithe seo a leanas mar nithe tábhachtacha maidir leis sin:

    ·Níor cheart cumhachtaí cinnteoireachta ceangailteacha (feidhm gharbhreithiúnach) a fhorchur ar gach comhlacht comhionannais; ina ionad sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta a chinneadh an gcuirfear cumhachtaí cinnteoireachta ceangailteacha ar iontaoibh na gcomhlachtaí comhionannais agus an bealach is fearr chun a néifeachtacht a áirithiú.

    ·Níor cheart córas láraithe piarmheasúnaithe um chreidiúnú comhlachtaí comhionannais a chur ar bun ag an bpointe seo; ina ionad sin, le faireachán tráthrialta ag an gCoimisiún ba cheart go néascófaí measúnú de réir liosta táscairí ar a mhéid atá cuspóirí an tionscnaimh bainte amach agus atá a cheanglais comhlíonta ag na Ballstáit.

    ·Agus é á áirithiú go mbeidh seirbhísí na gcomhlachtaí comhionannais ar fáil do gach íospartach féideartha tá méid áirithe solúbthachta tábhachtach a mhéid a bhaineann le láithreacht fhisiceach na gcomhlachtaí comhionannais ar fud chríoch náisiúnta na mBallstát (e.g. ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta an láithreacht sin a eagrú de réir mar is mian leo, mar shampla trí líonra seasta oifigí, cuairteanna tráthrialta áitiúla (‘oifigí eitilte’) nó comhar le ESSanna.

    ·Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an sainordú, na coinníollacha agus na huirlisí iomchuí ag na comhlachtaí comhionannais lena misin a chomhlíonadh, gan an dóigh ar cheart dóibh iad a chomhlíonadh in aon chás ar leith a leagan síos (e.g. go mbeadh an chumhacht acu gníomhú sa chúirt, ach nach mbeadh an oibleagáid orthu déanamh amhlaidh).

    Measadh agus léiríodh na gnéithe sin go léir sa togra seo.    

    Cearta bunúsacha

    Tá na cuspóirí leis an togra seo i gcomhréir le cur i bhfeidhm na Cairte agus tá sé d’aidhm acu tacú le cur i bhfeidhm na Cairte, go háirithe Airteagal 21 lena dtoirmisctear aon idirdhealú ar aon fhoras, amhail gnéas, cine, tionscnamh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, agus Airteagal 23 lena bhforáiltear ‘nach mór comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n‑áirítear fostaíocht, obair agus pá’. Aithnítear le hAirteagal 26 ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta a cheaptar lena neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht sa saol poiblí a áirithiú.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní chruthaítear costais bhreise don Choimisiún Eorpach ná dá ghníomhaireachtaí leis an tionscnamh seo. Chun tacú le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, dhéanfadh FRA agus EIGE sonraí ábhartha a bhailiú agus a anailísiú. Cumhdaítear an cineál sin cúraim cheana féin i sainorduithe reatha FRA 57 agus EIGE 58 agus is féidir é a dhéanamh gan acmhainní breise.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta, agus tuairiscithe

    Ní mór do na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí laistigh de 18 mbliana tar éis a teacht i bhfeidhm agus a mbearta trasuite a chur in iúl don Choimisiún.

    Chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an tionscnamh seo ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit tuairisciú ar a chur chun feidhme gach 5 bliana agus glacfaidh an Coimisiún tuarascáil cur chun feidhme ar bhonn na sonraí a bhaileoidh FRA agus EIGE de réir liosta táscairí a fhorbróidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na gníomhaireachtaí sin agus le Equinet. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sainghrúpa a bhunú chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis na táscairí sin.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 1 – Cuspóir, ábhar agus raon feidhme

    Sonraítear leis an bhforáil seo cuspóir agus ábhar na Treorach. Soiléirítear inti go bhfuil feidhm ag na híoscheanglais arna mbunú leis an Treoir maidir le comhlachtaí comhionannais laistigh de raon feidhme Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE.

    Airteagal 2 – Ainmniú comhlachtaí comhionannais

    Foráiltear leis an Airteagal seo go n‑ainmneoidh na Ballstáit comhlacht comhionannais amháin nó níos mó chun dul i ngleic le hidirdhealú faoi raon feidhme Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE. Tá sé ar aon dul leis an bhforáil choibhéiseach atá i dTreoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE.

    Fiú má tá comhlachtaí comhionannais ainmnithe ag na Ballstáit uile anois, is gá an oibleagáid ar a laghad comhlacht comhionannais amháin a ainmniú agus a chur ar bun a choinneáil sa Treoir nua, ós rud é go scriosfar na forálacha reatha.

    Scriosfar freisin na forálacha a chuimsítear i dTreoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE agus lena sonraítear inniúlachtaí nó cúraimí na gcomhlachtaí comhionannais. Rinneadh iad a ionchorprú sa Treoir seo, in éineacht le hinniúlachtaí agus cúraimí nua mar a leanas:

    ·Neamhspleáchas: Airteagal 3,

    ·Cúnamh le haghaidh íospartaigh an idirdhealaithe: Airteagail 6 go 9,

    ·Tuairimí agus moltaí: Airteagail 8, 13 agus 14,

    ·Suirbhéanna agus tuarascálacha: Airteagail 14 agus 15, agus

    ·Comhar: Airteagal 12.

    Airteagal 3 – Neamhspleáchas

    Gné bhunúsach is ea an neamhspleáchas lena áirithiú go bhfeidhmeoidh comhlachtaí comhionannais mar is ceart agus go gcomhlíonfaidh siad a misean.

    Bunaítear leis an bhforáil seo oibleagáid ghinearálta neamhspleáchais le haghaidh comhlachtaí comhionannais, ach ní cheanglaítear orthu le forálacha na dTreoracha maidir le Comhionannas gníomhú go neamhspleách ach amháin i bhfeidhmiú a n‑inniúlachtaí.

    Liostaítear san fhoráil seo ceanglais shonracha a chuireann leis an neamhspleáchas sin agus/nó a ráthaíonn é. Baineann siad le struchtúr dlíthiúil, cuntasacht, buiséad, soláthar foirne, cúrsaí eagrúcháin comhlachtaí comhionannais, agus leis na rialacha is infheidhme maidir lena bhfoireann agus lena gceannaireacht chun a n‑inniúlacht agus a neamhspleáchas a áirithiú.

    Thairis sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin ar na Ballstáit a áirithiú go ráthófar le struchtúr inmheánach na gcomhlachtaí comhionannais feidhmiú neamhspleách a sainordaithe agus a n‑inniúlachtaí. Tá tionchar ag struchtúr (inmheánach) na gcomhlachtaí comhionannais ar a gcumas a n‑inniúlachtaí a fheidhmiú agus a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach. Mar shampla, chun cinntí a dhéanamh nó tuairimí a eisiúint faoi chás éilítear go ngníomhódh comhlachtaí comhionannais go neamhchlaonta, ach d’fhéadfadh sé a bheith de cheangal ar chomhlachtaí comhionannais taobhú le híospartaigh agus iad ag tabhairt tacaíocht dóibh.

    Tá roinnt comhlachtaí comhionannais ina gcuid d’eintitis níos mó a bhfuil sainorduithe éagsúla acu, amhail INCFanna nó oifigí ombudsman. Sna cásanna sin d’fhéadfadh coinbhleacht a bheith ann idir na sainorduithe éagsúla sin, ó thaobh acmhainní de – go háirithe nuair a cuireadh an sainordú comhionannais leis an sainordú eile/na sainorduithe eile – agus ó thaobh feidhmiú cumhachtaí de. Mar shampla, is gnách go gceanglaítear ar oifigí ombudsman gníomhú go neamhchlaonta, rud nach dtagann i gcónaí le cúnamh a thabhairt d’íospartaigh, lena n‑áirítear os comhair na gcúirteanna.

    Féadfar na hábhair teannais sin a réiteach trí struchtúr cuí a ghlacadh don chomhlacht, sa chás go bhfeidhmíonn ranna tiomnaithe nó baill foirne éagsúla na cumhachtaí agus/nó na sainorduithe sin, i.e. trí ‘bhallaí dóiteáin’ struchtúracha a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 4 – Acmhainní

    Is réamhchoinníoll iad na hacmhainní leordhóthanacha chun go bhfeidhmeoidh comhlachtaí comhionannais go héifeachtach agus chun go gcomhlíonfaidh siad a misean.

    Bunaítear leis an bhforáil seo oibleagáid ghinearálta ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do chomhlachtaí comhionannais lena gcúraimí go léir a chomhlíonadh agus a n‑inniúlachtaí go léir a fheidhmiú go héifeachtach. Sonraítear freisin inti na himthosca agus/nó na réimsí nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh agus acmhainní airgeadais á gcinneadh acu: aon mhéadú ar inniúlachtaí nó ar chúraimí, an gá atá le saineolas speisialta chun córais uathoibrithe a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí an idirdhealaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, an cúlchiste leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar chostais dlíthíochta a d’fhéadfadh a bheith deacair a thuar, agus struchtúr an chomhlachta comhionannais mar chuid de chomhlacht a bhfuil roinnt sainorduithe aige.

    Airteagal 5 – Cosc, cur chun cinn agus múscailt feasachta

    Tosaíonn an comhrac i gcoinne idirdhealú leis na bearta a dhéanamh is gá chun é a chosc. Tá na sásraí cosanta a chuirtear ar aghaidh leis na Treoracha maidir le comhionannas atá ann cheana go bunúsach cúlghabhálach (i ndiaidh teagmhas idirdhealaithe tarlú), indibhidiúlaithe agus bunaithe ar an íospartach. Níl sásraí cuimsitheacha coisctheacha san áireamh sna Treoracha, agus ní cuid shainráite de chúraimí bunaidh na gcomhlachtaí comhionannais é cóir neamh‑chomhionann agus idirdhealú a chosc.

    A mhéid a bhaineann le cóir chomhionann a chur chun cinn, tugadh ‘comhlachtaí chun cóir chomhionann a chur chun cinn’ ar chomhlachtaí comhionannais ar dtús i dTreoir 2000/43/CE, agus ansin ‘comhlachtaí chun anailís a dhéanamh ar chóir chomhionann agus chun faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi’ i dTreoracha maidir le comhionannas ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, b‘fhollasach a ról i gcur chun cinn na córa comhionainne i gcónaí, ach níor sainíodh sna Treoracha go sainráite riamh é.

    Soiléirítear leis an bhforáil seo anois ról na gcomhlachtaí comhionannais maidir le cóir chomhionann a chur chun cinn agus idirdhealú a bhaineann go dlúth leis a chosc. Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo iad a bhunú mar eintitis phoiblí, a bheidh i gceannas ar eolas a chothú agus ar chumas eintiteas poiblí agus príobháideach a fhorbairt maidir le hábhair a bhaineann le cóir chomhionann, agus é de chuspóir acu tarluithe (atarluithe) idirdhealaithe a chosc.

    Tá sé d’aidhm ag bhforáil seo freisin a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit straitéis chun aghaidh a thabhairt ar an leibhéal íseal feasachta faoi chearta comhionannais agus faoi na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí comhionannais, ag féachaint do shaintréithe sonracha spriocghrúpaí éagsúla.

    Airteagal 6 – Cúnamh le haghaidh íospartaigh

    Sonraítear san fhoráil seo an dóigh a gcuideoidh comhlachtaí comhionannais le híospartaigh nuair a gheobhaidh siad na gearáin atá acu, trí fhaisnéis ábhartha agus spriocdhírithe a sholáthar maidir leis an gcreat dlíthiúil, leigheasanna atá ar fáil, na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht comhionannais, na rialacha rúndachta is infheidhme, cosaint sonraí pearsanta agus na deiseanna tacaíocht shíceolaíoch a fháil (cé nach bhfuil comhlachtaí comhionannais iad féin i gceannas ar sholáthar na tacaíochta sin).

    Féadfaidh comhlachtaí comhionannais faisnéis a chuireann na páirtithe lena mbaineann isteach go deonach a bhailiú. Ní mór dóibh réamh‑mheasúnú a eisiúint ar gach gearán agus an gearánach a chur ar an eolas faoina measúnú agus faoin obair leantach a mholann siad. Ag brath ar a measúnú ar an gcás, féadfaidh siad beart leantach a roghnú agus a mholadh don ghearánach de réir Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 9.

    Airteagal 7 – Réiteach cairdiúil

    Ceanglaítear leis an Airteagal seo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an deis díospóidí a réiteach go cairdiúil, faoi stiúir an chomhlachta comhionannais féin nó eintiteas tiomnaithe eile atá ann cheana, má chomhaontaítear go bhféadfaidh na páirtithe go léir páirt a ghlacadh i bpróiseas dá leithéid. Fágann sé faoi na Ballstáit módúlachtaí an phróisis a chinneadh, de réir an dlí náisiúnta.

    Airteagal 8 - Tuairimí agus cinntí

    Leis an bhforáil seo féadfaidh comhlachtaí comhionannais imscrúdú a dhéanamh ar chásanna idirdhealaithe féideartha agus tuairim réasúnaithe (neamhcheangailteach) nó cinneadh (ceangailteach) a eisiúint, i ndiaidh gearán a dhéanamh nó as a stuaim féin. Má tá dóthain faisnéise acu cheana féin a chuir na páirtithe lena mbaineann isteach go deonach, féadfaidh siad tuairimí/cinntí den sórt sin a eisiúint gan tuilleadh faisnéise a iarraidh. Ba cheart do gach páirtí leas a bhaint as cearta cuí próisis, lena n‑áirítear an ceart éisteachta.

    Go dtí seo, bhí an inniúlacht ag comhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh maidir le haon saincheist a bhaineann le hidirdhealú. Coinníodh an téarma ‘moladh’ sa Treoir seo chun tagairt a dhéanamh do mholtaí beartais faoi Airteagail 13, 14 agus 15. Bhain roinnt comhlachtaí comhionannais úsáid as an inniúlacht seo freisin chun ‘moltaí’ a dhéanamh i gcásanna aonair. Chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá chás sin, úsáidtear an téarma ‘tuairim’ sa Treoir seo chun tagairt a dhéanamh d’inniúlacht na gcomhlachtaí comhionannais maidir le conclúidí a eisiúint i gcásanna aonair. Níl na tuairimí sin ceangailteach ó thaobh dlí.

    Tá an chumhacht ag roinnt comhlachtaí comhionannais – faoi rialacha náisiúnta – cinntí ceangailteacha a eisiúint, nuair a chinneann na Ballstáit amhlaidh. Cé nach bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir seo an chumhacht sin a thabhairt do gach comhlacht comhionannais i ngach Ballstát, tugtar aghaidh ar na cásanna ina bhfuil an chumhacht sin ag comhlachtaí comhionannais faoi rialacha náisiúnta agus féachtar le forfheidhmiú cinntí ceangailteacha a áirithiú.

    Sa chás go ndearnadh idirdhealú, is bealach é tuairimí agus cinntí a eisiúint chun deireadh a chur le cás idirdhealaithe, ach is deis é freisin chun tuilleadh cásanna comhchosúla a chosc. Nuair is ábhartha, ceanglaítear ar chomhlachtaí comhionannais bearta coisctheacha a chuimsiú ina dtuairimí agus ina gcinntí, chomh maith le bearta sonracha chun an cás a leigheas.

    Chun chur chun feidhme na dtuairimí nó na gcinntí a spreagadh agus chun obair leantach a dhéanamh ina leith, ceanglaítear ar na Ballstáit sásraí iomchuí a chur ar bun chun obair leantach a dhéanamh i leith tuairimí, amhail oibleagáidí aiseolais, agus chun cinntí a fhorfheidhmiú.

    Airteagal 9 – Dlíthíocht

    Leis an Airteagal seo tugtar cumhachtaí dlíthíochta do chomhlachtaí comhionannais lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE.

    Le cumhachtaí dlíthíochta féadfaidh comhlachtaí comhionannais tacaíocht láidir a thabhairt d’íospartaigh le rochtain a fháil ar cheartas, ach freisin chun léirmhíniú dlíthiúil a fháil ar rialacha agus ar an athrú sóisialta trí dhlíthíocht straitéiseach. Maidir leis sin, baineann tábhacht ar leith le bheith ábalta gníomhú ina n‑ainm féin, ar mhaithe leis an bpobal, in éagmais íospartach aitheanta agus chun tacú le roinnt íospartach nó thar ceann roinnt íospartach. Ar deireadh, is gnách go gcomhlánaítear na cumhachtaí dlíthíochta sin toisc gur féidir le comhlachtaí comhionannais ráitis ó bhéal nó ráitis i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna (e.g. amicus curiae), agus nach bhfuil sé chomh dian céanna ar acmhainní do chomhlachtaí comhionannais, ach fós cuirtear ar a gcumas dóibh a dtuairimí saineolacha a chur faoi bhráid na gcúirteanna.

    Áirithítear leis an bhforáil seo freisin go n‑urramaítear prionsabal na trialach córa agus prionsabal chomhionannas na n‑arm agus cearta na gcomhlachtaí comhionannais chun gníomhú sa chúirt á bhfeidhmiú. Ní cheadófar don chomhlacht comhionannais fianaise a chur isteach in imeachtaí ar fianaise í a raibh ceangal dlíthiúil ar an déantóir ciona líomhnaithe nó ar aon tríú páirtí í a sholáthar in imscrúduithe roimhe sin ar an gcás céanna. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás ina ngníomhaíonn an comhlacht comhionannais mar pháirtí in imeachtaí maidir le forfheidhmiú nó athbhreithniú breithiúnach cinnidh dá chuid féin nó i gcás ina ngníomhaíonn sé mar amicus curiae.

    Airteagal 10 – Coimircí nós imeachta

    Ní foláir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 6 go hAirteagal 9 a chur faoi chuimsiú coimircí iomchuí nós imeachta le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann, a mhéid a bhaineann leis na cearta chun cosanta, rúndachta agus chun athbhreithniú breithiúnach a fháil. Tá na Ballstáit freagrach as coimircí den sórt sin a shainiú i gcomhréir le rialacha náisiúnta.

    Airteagal 11 – Rochtain, inrochtaineacht agus cóiríocht réasúnta

    Chun go mbeidh siad ábalta cúnamh a thabhairt d’íospartaigh uile an idirdhealaithe, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain ag gach duine ar chomhlachtaí comhionannais gan aon bhac, agus go gcuirfidh siad seirbhísí saor in aisce ar fáil do ghearánaigh ar fud chríoch na mBallstát, lena n‑áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta. Éilítear leis an bhforáil seo freisin inrochtaineacht na seirbhísí go léir, chomh maith le cóiríocht réasúnta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.

    Airteagal 12 – Comhar

    Is fíor-riachtanach é an comhar le heintitis phoiblí agus phríobháideacha eile chun cóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn, chun bonn eolais a chur faoi obair na gcomhlachtaí comhionannais agus lena ngníomhaíocht a chomhordú le hobair eintiteas eile.

    Airteagal 13 Comhairliúchán

    Tá sé d’aidhm ag an bhforáil seo a áirithiú go rachaidh an rialtas agus institiúidí poiblí eile go tráthrialta i gcomhairle le comhlachtaí comhionannais maidir le beartais phoiblí a bhfuil baint acu le ceisteanna comhionannais agus neamh‑idirdhealaithe, a bhuí le glacadh nósanna imeachta tráthúla agus trédhearcacha. Leis an bhforáil cuirtear ar a gcumas do chomhlachtaí comhionannais freisin moltaí a dhéanamh maidir le beartais phoiblí dá leithéid, inniúlacht a bhí ag comhlachtaí comhionannais ó bunaíodh iad faoi dhlí an Aontais. Mar sin, cuidíonn an fhoráil seo lena ról mar shaineolaithe poiblí a neartú i gcúrsaí na córa comhionainne.

    Airteagal 14 – Bailiú sonraí agus rochtain ar shonraí comhionannais

    Leagtar amach san fhoráil seo (i) oibleagáidí na gcomhlachtaí comhionannais maidir le sonraí a bhailiú maidir lena ngníomhaíochtaí féin, (ii) cumhachtaí chun suirbhéanna a dhéanamh, (iii) cumhachtaí chun staidreamh arna bhailiú ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile a rochtain agus a phróiseáil, agus (iv) go bhféadfadh sé go mbeadh ról comhordaithe ag comhlachtaí comhionannais i mbailiú sonraí comhionannais ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile. Ar an dóigh sin, cuirfidh na comhlachtaí comhionannais le bailiú sonraí comhionannais, rud a chuirfidh siad isteach ina dtuarascálacha féin, i dtuarascáil faireacháin an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 16, agus soláthróidh siad eolas poiblí maidir le cóir chomhionann agus maidir le hidirdhealú sna Ballstáit.

    Ina theannta sin, áirithítear leis an bhforáil seo gur féidir le comhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh maidir le sonraí comhionannais a bhailiú sna Ballstáit. Tá bailiú sonraí comhionannais ríthábhachtach chun feasacht a mhúscailt, daoine a íogrú, idirdhealú a chainníochtú, treochtaí le himeacht ama a léiriú, a chruthú go bhfuil idirdhealú ann, meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta um chomhionannas, an gá atá le gníomhaíocht dhearfach a léiriú, agus cur le ceapadh beartas bunaithe ar fhianaise.

    Airteagal 15 – Tuarascálacha agus pleanáil straitéiseach

    Is é an cuspóir leis an bhforail seo a áirithiú go ndéanfaidh na comhlachtaí comhionannais pleanáil agus tuairisciú go tráthrialta agus go poiblí maidir lena gcuid oibre agus le staid na córa comhionainne agus an neamh‑ idirdhealaithe. Trí shonraí faoina gcuid gníomhaíochtaí féin a chur ar fáil, faoi líon na ngearán a fhaightear de réir foras agus réimsí, agus faoi idirdhealú i gcoitinne sna Ballstáit, cothóidh comhlachtaí comhionannais eolas poiblí maidir le hidirdhealú agus maidir lena gcuid oibre féin.

    Dá réir sin, cuideoidh an t‑eolas sin leo cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le heagrú a gcuid oibre amach anseo, a dtosaíochtaí le haghaidh na mblianta amach romhainn, agus conas is fearr a gcuid acmhainní a leithdháileadh.

    Airteagal 16 – Faireachán

    De réir na forála seo, leagfaidh an Coimisiún liosta comhtháscairí síos chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo agus chun tuarascáil ar an iarratas a dhréachtú. Agus na táscairí á n‑ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún comhairle a lorg ó FRA agus EIGE. Cumhdófar sa liosta táscairí acmhainní, feidhmiú neamhspleách, gníomhaíochtaí, agus éifeachtacht na gcomhlachtaí comhionannais agus aon athrú ar a sainordú, a gcumhachtaí nó a struchtúr. Rachfaí i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus cuirfear na táscairí a d’fhorbair Equinet san áireamh.

    Tugtar isteach leis an Airteagal sin freisin oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach a chur in iúl don Choimisiún gach 5 bliana ar bhonn na dtáscairí a luaitear thuas, rud a chuireann ar a chumas don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach agus a thuarascáil ar chur chun feidhme a dhréachtú.

    Airteagal 17 – Íoscheanglais

    Is foráil chaighdeánach ‘neamh‑chúlchéimnithe’ í seo a bhaineann le Ballstáit a bhfuil reachtaíocht acu, nó ar mian leo reachtaíocht a ghlacadh, lena ndéantar foráil maidir le leibhéal cosanta níos airde ná an leibhéal a ráthaítear leis an Treoir. Foráiltear inti nár cheart na coinníollacha atá i bhfeidhm cheana féin maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais ag na Ballstáit a laghdú agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu.

    Airteagal 18 – Sonraí pearsanta a phróiseáil

    Aon sonraí pearsanta a bhailíonn comhlachtaí comhionannais lena gcúraimí a chomhlíonadh, mar shampla nuair a bhíonn gearán á láimhseáil acu, ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 59 . Sonraítear san Airteagal seo nach bhféadfaidh comhlachtaí comhionannais sonraí pearsanta a bhailiú ach amháin i gcás inar gá chun cúram a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Ba cheart coimircí breise a ghlacadh nuair is gá do chomhlachtaí comhionannais sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil chun ceann dá gcúraimí a chomhlíonadh.

    Airteagal 19 – Na forálacha reatha maidir le comhlachtaí comhionannais a scriosadh

    Leis an Airteagal seo leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE chun forálacha atá ann cheana a scriosadh, is é sin forálacha maidir le comhlachtaí comhionannais agus sonraítear go bhfuil gach tagairt do na forálacha a scriosadh le forléiriú mar thagairt don Treoir seo.

    Thairis sin, sonraítear in Airteagal 21 dáta theacht i bhfeidhm an Airteagail seo chun a áirithiú nach mbeidh aon bhearna i bhfeidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais.

    Airteagal 20 – Trasuí

    Bunaítear leis an Airteagal seo an uastréimhse atá ag na Ballstáit chun an Treoir a thabhairt i bhfeidhm ina ndlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur in iúl don Choimisiún. Tá an tréimhse sin socraithe ag 18 mí ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

    Airteagal 21 – Teacht i bhfeidhm

    Is foráil chaighdeánach í seo lena sonraítear go dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil. Áirithítear leis freisin go mbeidh na forálacha reatha maidir le comhlachtaí comhionannais fós i bhfeidhm go dtí go mbeidh feidhm ag na forálacha nua.

    Airteagal 22 – Seolaithe

    Is foráil chaighdeánach í seo maidir leis na seolaithe, lena soiléirítear go bhfuil an Treoir seo dírithe chuig na Ballstáit.

    2022/0401 (APP)

    Togra le haghaidh

    TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

    um chaighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne sa réimse fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar a reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 60 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 61 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 62 ,

    Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí 63 ,

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Aithnítear i gConarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an ceart chun comhionannais agus an ceart chun neamhidirdhealú mar is luachanna bunúsacha an Aontais iad 64 , agus tá roinnt Treoracha maidir le toirmeasc ar idirdhealú glactha ag an Aontas cheana féin.

    (2)De bhun Airteagal 19(1) CFAE, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, gan dochar d’fhorálacha eile na gConarthaí agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Aontas.

    (3)Is é an cuspóir leis an Treoir seo íoscheanglais a leagan síos maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais lena néifeachtacht a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú chun cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne mar a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE 65 , 2000/43/CE 66 , 2000/78/CE 67 agus 2004/113/CE 68 ón gComhairle a neartú.

    (4)Le Treoir 79/7/CEE cuirtear toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, i gcúrsaí slándála sóisialta.

    (5)Le Treoir 2000/43/CE cuirtear toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar thionscnamh ciníoch nó eitneach.

    (6)Le Treoir 2000/78/CE cuirtear toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonta gnéis a mhéid a bhaineann le fostaíocht, slí bheatha agus gairmoiliúint.

    (7)Le Treoir 2004/113/CE cuirtear toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas a mhéid a bhaineann le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí.

    (8)Ceanglaítear le Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE ar na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú chun cóir chomhionann a chur chun cinn, lena náirítear anailís, faireachán agus tacaíocht maidir le cóir chomhionann le haghaidh gach duine gan idirdhealú ar na forais a chumhdaítear faoi na Treoracha lena mbaineann (dá ngairtear ‘comhlachtaí comhionannais’ anseo feasta). Ceanglaítear leo ar na Ballstáit a áirithiú go náireofar ar inniúlachtaí na gcomhlachtaí sin cúnamh neamhspleách a thabhairt d’íospartaigh, suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le hidirdhealú, tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le haon saincheist a bhaineann le hidirdhealú den sórt sin.

    (9)Le Treoracha 2006/54/CE 69 agus 2010/41/AE 70 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar foráil maidir le comhlachtaí comhionannais a ainmniú chomh maith.

    (10)Tá comhlachtaí comhionannais bunaithe ag na Ballstáit go léir de bhun Threoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE. Tá córas ilghnéitheach de chomhlachtaí comhionannais curtha i bhfeidhm agus tá dea-chleachtais tagtha chun cinn. Mar sin féin, tá dúshláin os comhair a lán comhlachtaí comhionannais, go háirithe maidir leis na hacmhainní, an neamhspleáchas agus na cumhachtaí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh 71 .

    (11)Le Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE tugtar lánrogha leathan do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le struchtúr agus feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais. Is é an toradh air sin go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na comhlachtaí comhionannais atá bunaithe sna Ballstáit, i gcomhthéacs sainorduithe, inniúlachtaí, struchtúir, acmhainní agus fheidhmiú oibríochtúil na gcomhlachtaí. Dá réir sin, ciallaíonn sé go bhfuil difríocht idir cosaint ar idirdhealú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

    (12)Cé nach gceanglaítear le Treoracha 79/7/CEE agus 2000/78/CE ar na Ballstáit comhlachtaí comhionannais a ainmniú chun déileáil leis na hábhair a chumhdaítear leis na Treoracha sin, tá inniúlacht ag na comhlachtaí sin maidir leis na hábhair sin i bhformhór na mBallstát, i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta. Ní mar sin atá, áfach, i ngach Ballstát, rud a fhágann go mbíonn leibhéil éagsúla chosanta ann ar idirdhealú a mhéid a bhaineann leis na hábhair a chumhdaítear leis na Treoracha sin ar fud an Aontais.

    (13)Lena áirithiú gur féidir le comhlachtaí comhionannais cur go héifeachtach le forfheidhmiú Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE trí chóir chomhionann a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cúnamh a thabhairt do gach duine aonair agus do gach grúpa a ndéantar idirdhealú ina naghaidh chun rochtain a fháil ar cheartas ar fud an Aontais, is gá íoschaighdeáin cheangailteacha a ghlacadh maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin, agus a sainordú a leathnú chun na hábhair a chumhdaítear le Treoracha 79/7/CEE agus 2000/78/CE a chur san áireamh. Ba cheart do na caighdeáin nua leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh trí Mholadh 2018/951 72 gCoimisiún a chur i bhfeidhm, lena gcuirfear le cuid dá fhorálacha agus lena leagfar síos rialacha nua i gcás inar gá. Ba cheart dóibh leas a bhaint as ionstraimí ábhartha eile freisin, amhail Moladh Ginearálta Beartais Uimh. 2 73 maidir le comhlachtaí comhionannais arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) agus Prionsabail Pháras 74 arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe agus is infheidhme maidir le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine.

    (14)Déantar foráil maidir leis na híoschaighdeáin cheangailteacha chéanna i ndáil le feidhmiú comhlachtaí comhionannais a mhéid a bhaineann leis na hábhair a chumhdaítear le Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE i dTreoir (AE).../... [maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena scriostar Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE agus Airteagal 11 de Threoir 2010/41/AE] 75 .

    (15)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gníomhaíocht comhlachtaí comhionannais a mhéid a bhaineann leis na hábhair a chumhdaítear faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE. Níor cheart baint a bheith ag na caighdeáin ach le feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais agus níor cheart raon feidhme ábhartha nó pearsanta na dTreoracha sin a leathnú.

    (16)Agus cóir chomhionann á cur chun cinn, idirdhealú á chosc agus cúnamh á thabhairt d’íospartaigh an idirdhealaithe, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais aird ar leith a thabhairt ar idirdhealú atá bunaithe ar roinnt foras a chosnaítear le Treoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE.

    (17)Ní féidir le comhlachtaí comhionannais a ról a ghlacadh go héifeachtach ach amháin má bhíonn siad ábalta gníomhú le neamhspleáchas iomlán gan bheith faoi réir aon tionchar seachtrach. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit roinnt critéar a chur san áireamh a chuirfidh le neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais. Níor cheart comhlachtaí comhionannais a bhunú mar chuid d’aireacht nó de chomhlacht a ghlacann treoracha go díreach ón rialtas. Aon bhall foirne nó aon duine a bhfuil post bainistíochta aige – mar shampla, mar chomhalta de bhord a bhainistíonn an comhlacht comhionannais, mar cheannaire an chomhlachta comhionannais, mar ionadaí nó i gcás eatraimh - ba cheart dóibh a bheith neamhspleách, cáilithe dá bpost, agus a bheith roghnaithe trí phróiseas trédhearcach. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith ábalta a mbuiséad agus a nacmhainní féin a bhainistiú, lena náirítear trína bhfoireann féin a roghnú agus a bhainistiú, agus a bheith ábalta a dtosaíochtaí féin a shocrú.

    (18)Lena áirithiú gur féidir le comhlachtaí comhionannais a gcuid inniúlachtaí go léir a fheidhmiú agus a gcuid gcúraimí go léir a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na comhlachtaí comhionannais a gcuid inniúlachtaí éagsúla a fheidhmiú go neamhspleách leis an struchtúr inmheánach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na cásanna go gceanglaítear ar chomhlachtaí a bheith neamhchlaonta agus tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh chomh maith. Baineann sé le hábhar go háirithe i gcás ina bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta ceangailteacha ag an gcomhlacht comhionannais lena néilítear neamhchlaontacht nó ina bhfuil an comhlacht comhionannais mar chuid de chomhlacht il-sainordaitheach i gcás ina néilítear neamhchlaontacht le sainordú eile. Le struchtúr inmheánach lena náirithítear diandeighilt idir na hinniúlachtaí agus na cúraimí ábhartha ba cheart a ráthú gur féidir leis an gcomhlacht comhionannais iad a fheidhmiú go héifeachtach.

    (19)Is ríthábhachtach an tsaincheist í an easpa acmhainní iomchuí lena gcuirtear bac ar chumas comhlachtaí comhionannais a gcúraimí a chomhlíonadh go leordhóthanach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh comhlachtaí comhionannais maoiniú leordhóthanach, gur féidir leo foireann cháilithe a fhostú agus áitreabh agus bonneagar iomchuí a bheith acu chun gach uile chúram dá gcuid a chur i gcrích go héifeachtach, laistigh de thréimhse ama réasúnta agus laistigh de na spriocamanna arna mbunú leis an dlí náisiúnta. Ba cheart a leithdháileadh buiséadach a bheith seasta, ach amháin i gcás ina méadaítear na hinniúlachtaí, ba cheart é a phleanáil ar bhonn ilbhliantúil, agus ba cheart dó é a chur ar a gcumas dóibh costais a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith deacair a réamhmheas, amhail costais a bhaineann le dlíthíocht. Lena áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil do chomhlachtaí comhionannais, níor cheart, mar shampla, iad a bheith thíos le laghduithe atá i bhfad níos airde ná na meánlaghduithe ar eintitis phoiblí eile dá mbuiséad; mar an gcéanna, ba cheart a bhfás bliantúil a cheangal ar a laghad leis an meánfhás ar mhaoiniú chuig eintitis eile. Ba cheart acmhainní a mhéadú go comhréireach má chuirtear le cúraimí agus sainordú na gcomhlachtaí comhionannais.

    (20)Is úsáideach an uirlis iad na córais uathoibrithe, lena náirítear faisnéis shaorga, chun patrúin idirdhealaithe a aithint, ach tá riosca ag baint le hidirdhealú algartamach freisin. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag comhlachtaí comhionannais ar fhoireann cháilithe nó ar sheirbhísí cáilithe, a bheith ábalta córais uathoibrithe a úsáid dá gcuid oibre ar thaobh amháin agus measúnú a dhéanamh orthu a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na rialacha maidir le neamhidirdhealú ar an taobh eile. Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar acmhainní digiteacha iomchuí a thabhairt do chomhlachtaí comhionannais, bíodh sin go díreach nó trí fhochonraitheoireacht.

    (21)Tá ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais, in éineacht le gníomhaithe eile, maidir le hidirdhealú a chosc agus comhionannas a chur chun cinn. Chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe struchtúracha an idirdhealaithe agus chun rannchuidiú leis an athrú sóisialta, ba cheart dóibh dualgais chomhionannais, dea-chleachtais, gníomhaíocht dhearfach agus príomhshruthú comhionannais a chur chun cinn i measc na neintiteas poiblí agus príobháideach, agus oiliúint, faisnéis, comhairle, treoraíocht agus tacaíocht ábhartha a chur ar fáil dóibh. Ba cheart dóibh cumarsáid a dhéanamh le heintitis phoiblí agus phríobháideacha agus le grúpaí atá i mbaol idirdhealaithe agus páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí d’fhonn steiréitíopaí a chomhrac agus feasacht a mhúscailt faoin éagsúlacht agus faoi na tairbhí a bhaineann léi, ar príomhcholún é de straitéisí comhionannais an Aontais.

    (22)Mar aon le cosc, is cúram lárnach de chuid na gcomhlachtaí comhionannais é cúnamh a thabhairt d’íospartaigh an idirdhealaithe. Ba cheart a áireamh ar an gcúnamh sin i gcónaí príomhfhaisnéis a sholáthar do ghearánaigh agus réamhmheasúnú a dhéanamh ar na gearáin acu, bunaithe ar an bhfaisnéis tosaigh a bailíodh ó na páirtithe ar bhonn deonach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith i gceannas ar na módúlachtaí a shainiú faoina neiseodh an comhlacht comhionannais an measúnú sin, amhail creat ama an phróisis nó coimircí nós imeachta i gcoinne gearáin atriallacha nó mhaslacha.

    (23)Lena áirithiú go mbeidh gach íospartach in ann gearán a dhéanamh, ba cheart dóibh a bheith in ann gearáin a chur isteach ar bhealaí éagsúla. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt freisin ar Mholadh 2018/951 ón gCoimisiún faoina bhféadfaí gearáin a chur isteach i dteanga a roghnóidh an gearánach atá coitianta sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht comhionannais lonnaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na cúiseanna le tearcthuairisciú, is é sin eagla roimh dhíoltas, agus gan dochar do Threoir (AE) 2019/1937 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais 76 , ba cheart rúndacht a thabhairt d’fhinnéithe agus do sceithirí, agus a mhéid is féidir, do ghearánaigh.

    (24)Chun deis a thabhairt díospóidí a réiteach go tapa, ar phraghas réasúnta, lasmuigh den chúirt, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag páirtithe réiteach cairdiúil a lorg ar a ndíospóidí, ón gcomhlacht comhionannais nó ó eintiteas tiomnaithe eile atá ann cheana. Ba cheart dóibh módúlachtaí an phróisis réitigh chairdiúil a shainiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    (25)I gcás ina gceapann na comhlachtaí comhionannais go bhféadfadh sé go ndearnadh sárú ar prionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE nó 2004/113/CE, ba cheart dóibh a bheith ábalta tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh i ndiaidh gearáin nó ar a dtionscnamh féin.

    (26)Is ríthábhachtach an fhianaise lena chinneadh an ndearnadh idirdhealú agus is minic a bhíonn an fhianaise sin ag an déantóir ciona líomhnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith ábalta rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun a fháil amach an ndearnadh idirdhealú agus comhoibriú leis na seirbhísí poiblí ábhartha – amhail cigireachtaí saothair nó cigireachtaí oideachais. Ba cheart do na Ballstáit creat iomchuí a bhunú chun an inniúlacht sin a fheidhmiú, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta.

    (27)Ar bhonn na fianaise a bhailítear, go deonach nó trí imscrúdú, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a measúnú a sholáthar don ghearánach agus don déantóir ciona líomhnaithe. Ba cheart do na Ballstáit luach dlíthiúil an mheasúnaithe sin a chinneadh ar féidir leis a bheith ina thuairim neamhcheangailteach nó ina chinneadh ceangailteach infhorfheidhmithe. Ba cheart na cúiseanna a lua atá leis an measúnú agus ba cheart a áireamh orthu, i gcás inar gá, bearta chun aon sárú a fuarthas a leigheas agus chun tuilleadh tarluithe a chosc. Chun éifeachtacht obair na gcomhlachtaí comhionannais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun tuairimí a fhiosrú a thuilleadh agus chun cinntí a fhorfheidhmiú.

    (28)Lena gcuid oibre agus dlí um chomhionannas a chur chun cinn, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith ábalta achoimre ar a dtuairimí agus ar a gcinntí a fhoilsiú gan sonraí pearsanta a nochtadh.

    (29)Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais an ceart a bheith acu chun gníomhú in imeachtaí cúirte in ábhair dlí shibhialta agus dlí riaracháin d’fhonn cur le hurraim phrionsabal na córa comhionainne a áirithiú, ar prionsabal é a leagtar síos i dTreoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE. Cé gur cheart na himeachtaí cúirte sin a bheith faoi réir an dlí nós imeachta náisiúnta, lena náirítear rialacha náisiúnta maidir le hinghlacthacht caingne, ní féidir rialacha den sórt sin, agus go háirithe aon choinníoll a bhaineann le leas dlisteanach, a chur i bhfeidhm ionas go mbainfí an bonn d’éifeachtacht cheart na gcomhlachtaí comhionannais chun gníomhú. I ngeall ar na cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta agus ar an gceart chun gníomhú in imeachtaí cúirte a thugtar do chomhlachtaí comhionannais leis an Treoir seo, éascófar cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha atá ann faoi láthair i dTreoracha 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE maidir leis an dualgas cruthúnais agus le cosaint ceart. Faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, beidh comhlachtaí comhionannais in ann fíorais a shuí ‘óna bhféadfar a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú díreach nó indíreach’, agus ar an gcaoi sin, comhlíonfaidh siad na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2000/43/CE, Airteagal 10 de Threoir 2000/78/CE agus Airteagal 9 de Threoir 2004/113/CE. Dá bhrí sin, an tacaíocht a thabharfar leo, éascóidh sé rochtain na níospartach ar cheartas.

    (30)Le seasamh dlíthiúil féadfaidh comhlachtaí comhionannais gníomhú ar son íospartach nó chun tacú le híospartaigh, lenar féidir leo rochtain a fháil ar cheartas sa chás go ndíspreagtar iad go minic mar gheall ar bhaic nós imeachta agus airgeadais nó ar eagla roimh íospairt. Le seasamh dlíthiúil freisin féadfaidh comhlachtaí comhionannais na cásanna a roghnú go straitéiseach a chinneann siad a thabhairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta, agus cur le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm cuí na reachtaíochta um chóir chomhionann.

    (31)Tá sé deacair roinnt cásanna maidir le hidirdhealú a throid toisc nach bhfuil aon ghearánach ag tabhairt faoin gcás é féin. Ina breithiúnas i gCás C-54/07 (Feryn) 77 , a thionscain comhlacht comhionannais ina ainm féin, dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir idirdhealú a dhéanamh fiú mura bhfuil íospartach aitheanta ann. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, gur féidir le comhlachtaí comhionannais gníomhú ina nainm féin, chun leas an phobail a chosaint.

    (32)Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais a bheith ábalta ráitis ó bhéal nó ráitis i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna freisin - e.g. amicus curiae - mar bhealach níos éadroime chun tacú le cásanna lena dtuairimí saineolacha.

    (33)Ní mór prionsabal na trialach córa agus prionsabal chomhionannas na narm a urramú agus cearta na gcomhlachtaí comhionannais chun gníomhú sa chúirt á bhfeidhmiú. Dá bhrí sin, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn an comhlacht comhionannais mar pháirtí in imeachtaí maidir le forfheidhmiú nó athbhreithniú breithiúnach cinnidh dá chuid féin nó i gcás ina ngníomhaíonn sé mar amicus curiae, níor cheart cead a bheith ag an gcomhlacht comhionannais fianaise a chur isteach in imeachtaí cúirte a fuarthas trí imscrúduithe roimhe sin ar an gcás céanna ar fianaise í a raibh ceangal dlíthiúil ar an déantóir ciona líomhnaithe nó ar aon tríú páirtí í a sholáthar.

    (34)Lena áirithiú go nurramófar cearta an duine aonair, ba cheart do na Ballstáit coimircí nós imeachta iomchuí a chur sna cumhachtaí a bheidh ag na comhlachtaí comhionannais, lena náiritheofar go ndéanfar príomhphrionsabail amhail an ceart chun cosanta, an ceart chun athbhreithniú breithiúnach agus an ceart chun rúndachta a chosaint go hiomchuí.

    (35)I ngeall ar na forálacha maidir le ceart na gcomhlachtaí comhionannais chun gníomhú in imeachtaí cúirte, ní athraítear cearta íospartach agus comhlachas, eagraíochtaí nó eintiteas dlíthiúil eile a fhorghníomhaíonn cearta íospartach, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos ina ndlí náisiúnta, a bhfuil leas dlisteanach acu lena áirithiú go gcomhlíontar Treoracha 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE, mar a leagtar síos sna Treoracha sin.

    (36)Braitheann éifeachtacht obair na gcomhlachtaí comhionannais freisin ar rochtain iomlán ar a gcuid seirbhísí a thabhairt do ghrúpaí atá i mbaol idirdhealaithe. I suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha 78 , thuairiscigh 71 % de bhaill grúpaí mionlaigh eitnigh nó inimirceach nach raibh eolas acu faoi aon eagraíocht a thairgeann tacaíocht nó comhairle d’íospartaigh an idirdhealaithe. Príomhchéim chun tacú leis an rochtain sin is ea na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a gcearta ar eolas ag daoine agus go bhfuil siad ar an eolas faoi na cearta agus na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí comhionannais. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin le haghaidh grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus le haghaidh grúpaí a bhféadfaí bac a chur ar a rochtain ar an bhfaisnéis sin, mar shampla mar gheall ar a stádas eacnamaíoch, míchumas, litearthacht nó easpa rochtana ar uirlisí ar líne.

    (37)Ba cheart rochtain ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin comhlachtaí comhionannais a ráthú do chách. Chun na críche sin, ba cheart bacainní féideartha ar rochtain ar sheirbhísí comhlachtaí comhionannais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart do sheirbhísí a bheith saor in aisce do ghearánaigh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh seirbhísí na gcomhlachtaí comhionannais ar fáil do gach íospartach féideartha ar fud a gcríche, mar shampla, trí oifigí áitiúla a bhunú, lena náirítear oifigí taistil, feachtais áitiúla a eagrú nó trí chomhar le toscairí áitiúla nó le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

    (38)Tá an tAontas agus na Ballstáit uile ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas 79 (UNCRPD), lena náirítear an oibleagáid toirmeasc a chur ar idirdhealú ar bhonn míchumais agus cosaint dhlíthiúil chomhionann éifeachtach ar idirdhealú ar gach uile fhoras a áirithiú le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú ar bhealach atá comhsheasmhach le UNCRPD. Chun cosaint dhlíthiúil chomhionann éifeachtach a ráthú agus rochtain a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí go léir a dhéanann comhlachtaí comhionannais, is gá inrochtaineacht agus cóiríocht réasúnta a áirithiú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais inrochtaineacht fhisiciúil agus dhigiteach 80 a áirithiú trí na bacainní a chosc agus a bhaint, bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar a gcuid seirbhísí agus ar a gcuid faisnéise, agus trí chóiríocht réasúnach a sholáthar, agus an mionathrú agus na coigeartuithe is gá agus is iomchuí á ndéanamh nuair is gá i gcás ar leith.

    (39)Tá sé ríthábhachtach don fhoghlaim fhrithpháirteach, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht go gcuirfí ar a gcumas do chomhlachtaí comhionannais comhordú agus comhoibriú a dhéanamh go tráthrialta ar leibhéil éagsúla ar bhonn fadtéarmach, agus d’fhéadfadh sé for-rochtain agus tionchar a gcuid oibre a leathnú. Ba cheart do chomhlachtaí comhionannais comhoibriú, go háirithe, le comhlachtaí comhionannais eile sa Bhallstát céanna agus i mBallstáit eile – lena náirítear faoi chuimsiú Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais (Equinet) - agus le heintitis phoiblí agus phríobháideacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus idirnáisiúnta, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis cosanta sonraí, ceardchumainn, cigireachtaí saothair agus oideachais, comhlachtaí forfheidhmithe dlí, gníomhaireachtaí atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as cearta an duine a chosaint, údaráis a bhainistíonn cistí an Aontais, Pointí Teagmhála Náisiúnta do na Romaigh, comhlachtaí tomhaltóirí, agus sásraí náisiúnta neamhspleácha chun UNCRPD a chur chun cinn, a chosaint agus faireachán a dhéanamh air. Níor cheart malartú sonraí pearsanta a bheith i gceist le comhar den sórt sin (i.e. sonraí comhionannais san fhoirm inar féidir daoine aonair a shainaithint).

    (40)Ní féidir le comhlachtaí comhionannais a ról a imirt ina niomláine mar shaineolaithe ar chóir chomhionann mura dtéitear i gcomhairle leo sách luath le linn an phróisis ceaptha beartais maidir le cúrsaí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta trédhearcacha a bhunú chun an comhairliúchán sin a áirithiú ar bhealach tráthúil. Ba cheart dóibh a cheadú do chomhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh agus iad a fhoilsiú freisin.

    (41)Tá sonraí comhionannais ríthábhachtach chun feasacht a mhúscailt, daoine a íogrú, idirdhealú a chainníochtú, treochtaí le himeacht ama a léiriú, a chruthú go bhfuil idirdhealú ann, meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta um chomhionannas, an gá atá le gníomhaíocht dhearfach a léiriú, agus cur le ceapadh beartas bunaithe ar fhianaise 81 . Tá ról le himirt ag comhlachtaí comhionannais maidir le cur le sonraí ábhartha comhionannais a fhorbairt chun na gcríoch sin, mar shampla trí chruinnithe comhchéime a eagrú go tráthrialta agus na heintitis ábhartha go léir a chruinniú le chéile. Ba cheart dóibh freisin sonraí maidir lena ngníomhaíochtaí féin a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu nó suirbhéanna a dhéanamh agus ba cheart dóibh a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis staidrimh arna bailiú ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile – amhail na hoifigí staidrimh náisiúnta, cúirteanna náisiúnta, cigireachtaí saothair agus oideachais, ceardchumainn nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta – agus í a úsáid, maidir leis na cúrsaí a gcuirtear de chúram orthu faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith san fhaisnéis staidrimh sin.

    (42)Chomh maith le tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais tuarascáil a fhoilsiú go tráthrialta ina mbeadh measúnú foriomlán ar an staid maidir le hidirdhealú a thagann faoina sainordú sna Ballstáit. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil sa tuarascáil sin d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha agus ba cheart í a úsáid mar threoir chun tosaíochtaí na gcomhlachtaí comhionannais amach anseo a chinneadh. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith sna tuarascálacha.

    (43)Lena bhfís don todhchaí a chinneadh agus spriocanna agus cuspóirí a neagraíochtaí a shainaithint, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais clár ilbhliantúil a ghlacadh. Dá bharr sin ba cheart go gcuirfí ar a gcumas comhleanúnachas a gcuid sraitheanna éagsúla oibre le himeacht ama a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sistéamacha maidir le hidirdhealú a thagann faoina sainordú mar chuid de phlean gníomhaíochta fadtéarmach.

    (44)Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo, is gá sásra a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach agus, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, measúnú a dhéanamh ar a héifeachtaí praiticiúla. Ba cheart don Choimisiún a bheith i gceannas ar an bhfaireachán sin agus ba cheart dó tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach a dhréachtú go tráthrialta. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát a chur chun feidhme de bhun Airteagal 16(2) a mhéid a bhaineann le héifeachtaí praiticiúla na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta táscairí ábhartha a bhunú ar cheart sonraí a bhailiú ar a bhonn. Níor cheart próiseáil sonraí pearsanta a bheith i gceist leis an bhfaireachán sin.

    (45)Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais, sa chaoi is go dtugtar an rogha do na Ballstáit forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Níor cheart cur chun feidhme na Treorach seo údar a thabhairt le haon chúlchéimniú i ndáil leis an staid atá ann cheana i ngach Ballstát.

    (46)Déantar forbairt leis an Treoir seo ar na rialacha a leagtar síos i dTreoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE trí chaighdeáin neartaithe a thabhairt isteach maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha roimhe seo maidir le comhlachtaí comhionannais in Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus in Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE a scriosadh.

    (47)Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo feidhmiú na gcomhlachtaí comhionannais a áirithiú de réir na níoschaighdeán, d’fhonn a néifeachtacht a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú, chun cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne a neartú. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach sin a ghnóthú go leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo, treoir nach socraítear léi ach íoschaighdeáin, thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (48)Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann comhlachtaí comhionannais ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo a bheith i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cúraimí comhlachtaí comhionannais a leagan síos go soiléir faoin dlí, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2016/679, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 (2) agus (3) den Rialachán sin. Níor cheart do chomhlachtaí comhionannais sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin a mhéid is gá chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, arb é is aidhm di na cearta bunúsacha agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE a fhorfheidhmiú. Ba cheart daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil a chur ar an eolas faoina gcearta mar ábhair sonraí, lena náirítear na leigheasanna atá ar fáil dóibh ar an leibhéal náisiúnta.

    (49)I gcás inar gá catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun cúraimí comhlachtaí comhionannais a chomhlíonadh, mar atá sonraí maidir le bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas nó claonadh gnéasach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go nurramaítear leis an dlí náisiúnta inneachar an chirt chun cosaint sonraí agus go ndéantar foráil ann maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 9(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin, mar shampla, beartais agus bearta inmheánacha chun íoslaghdú sonraí a áirithiú, lena náirítear trí shonraí pearsanta a anaithnidiú, nuair is féidir; ainm bréige agus criptiú a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta; chun rochtain agus tarchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc; agus a áirithiú nach bpróiseálfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear iad.

    (50)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [dáta].

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuspóir, ábhar agus raon feidhme

    1.Leagtar síos leis an Treoir seo íoscheanglais maidir le feidhmiú comhlachtaí comhionannais lena néifeachtacht a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú chun cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne mar a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE a neartú.

    2.Leis na hoibleagáidí a chuirtear ar na Ballstáit agus le cúraimí na gcomhlachtaí comhionannais faoin Treoir seo, cumhdófar na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE.

    Airteagal 2

    Ainmniú comhlachtaí comhionannais

    Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó (dá ngairfear ‘comhlachtaí comhionannais’ anseo feasta) chun na hinniúlachtaí a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú.

    Féadfaidh comhlachtaí comhionannais a bheith ina gcuid de ghníomhaireachtaí ar an leibhéal náisiúnta atá freagrach as cearta an duine a chosaint nó as cearta daoine aonair a choimirciú.

    Airteagal 3

    Neamhspleáchas

    1.Déanfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú go mbeidh na comhlachtaí comhionannais neamhspleách agus saor ó thionchar seachtrach agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a ninniúlachtaí á bhfeidhmiú acu, go háirithe a mhéid a bhaineann lena struchtúr dlíthiúil, lena gcuntasacht, lena mbuiséad, lena soláthar foirne agus lena gcúrsaí eagraíochtúla.

    2.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rialacha trédhearcacha agus coimircí trédhearcacha a bhaineann le roghnú, ceapadh, cúlghairm agus coinbhleacht leasa fhéideartha fhoireann na gcomhlachtaí comhionannais, go háirithe daoine a bhfuil post bainistíochta acu, lena ninniúlacht agus a neamhspleáchas a ráthú.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm, go háirithe i struchtúr inmheánach na gcomhlachtaí comhionannais, chun feidhmiú neamhspleách a ninniúlachtaí a ráthú, go háirithe i gcás ina néilítear neamhchlaontacht le cuid acu agus i gcás ina leagann cuid eile béim ar thacaíocht d’íospartaigh.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm i struchtúr inmheánach na gcomhlachtaí il-sainordaitheacha chun feidhmiú uathrialach an tsainordaithe comhionannais a ráthú.

    Airteagal 4

    Acmhainní

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar do gach comhlacht comhionannais na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais is gá lena chúraimí uile a chomhlíonadh agus a inniúlachtaí uile a fheidhmiú go héifeachtach, ar na forais uile agus sna réimsí uile a chumhdaítear faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE, lena náirítear i gcás méaduithe ar inniúlachtaí, méaduithe ar ghearáin, costais dlíthíochta agus úsáid córas uathoibrithe.

    2.I gcás ina bhfuil comhlachtaí comhionannais ina gcuid de chomhlacht a bhfuil roinnt sainorduithe faoina chúram, beidh feidhm shonrach ag mír 1 maidir leis an sainordú comhionannais agus maidir leis an bhfoireann agus na córais tacaíochta a ghabhann leis.

    Airteagal 5

    Cosc, cur chun cinn agus múscailt feasachta

    Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

    (a)straitéis a ghlacadh chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail i gcoitinne, ar fud a gcríche, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí atá i mbaol idirdhealaithe, maidir leis na cearta faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE agus maidir le comhlachtaí comhionannais agus a gcuid seirbhísí a bheith ann;

    (b)a áirithiú go mbeidh comhlachtaí comhionannais gníomhach chun idirdhealú a chosc agus cóir chomhionann a chur chun cinn, agus straitéis a ghlacadh ina saineofar conas a rachaidh siad i mbun idirphlé poiblí, conas a dhéanfaidh siad cumarsáid le daoine aonair agus le grúpaí atá i mbaol idirdhealaithe, conas a sholáthróidh siad oiliúint agus treoraíocht, agus conas a chuirfidh siad dualgais chomhionannais, príomhshruthú comhionannais agus gníomhaíocht dhearfach chun cinn i measc eintitis phoiblí agus phríobháideacha.

    Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit agus comhlachtaí comhionannais san áireamh na huirlisí agus formáidí cumarsáide is iomchuí le haghaidh gach spriocghrúpa. Díreoidh siad go háirithe ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste a bhféadfaí bac a chur ar a rochtain ar fhaisnéis, mar shampla, mar gheall ar a stádas eacnamaíoch, aois, míchumas, litearthacht, náisiúntacht, stádas cónaithe nó easpa rochtana ar uirlisí ar líne.

    Airteagal 6

    Cúnamh le haghaidh íospartach

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí comhionannais ábalta cúnamh a thabhairt le haghaidh íospartach mar a leagtar amach i míreanna 2 go 4.

    2.Beidh comhlachtaí comhionannais ábalta gearáin maidir le hidirdhealú a fháil, ó bhéal, i scríbhinn agus ar líne.

    3.Soláthróidh comhlachtaí comhionannais cúnamh le haghaidh íospartach, ar dtús trí iad a chur ar an eolas faoin gcreat dlíthiúil, lena náirítear comhairle atá dírithe ar a gcás sonrach, faoi na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht comhionannais agus faoi ghnéithe nós imeachta gaolmhara, chomh maith leis na leigheasanna atá ar fáil, lena náirítear an fhéidearthacht cás a leanúint sa chúirt.

    Cuirfidh comhlachtaí comhionannais íospartaigh ar an eolas freisin faoi na rialacha rúndachta is infheidhme, faoi chosaint sonraí pearsanta agus faoi na deiseanna tacaíocht shíceolaíoch nó tacaíocht ábhartha eile a fháil ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí eile.

    4.Eiseoidh na comhlachtaí comhionannais réamhmheasúnú ar ghearán bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh na páirtithe lena mbaineann isteach go deonach. Saineoidh na Ballstáit módúlachtaí faoina neiseoidh an comhlacht comhionannais réamhmheasúnú den sórt sin.

    Cuirfidh comhlachtaí comhionannais na gearánaigh ar an eolas faoina réamh‑mheasúnú agus cé acu a dhúnfaidh sé a ngearán nó nach ndúnfaidh nó an bhfuil forais ann le leanúint leis a thuilleadh, lena n‑áirítear trí na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 7, 8 agus 9.

    Airteagal 7

    Réitigh chairdiúla

    Beidh comhlachtaí comhionannais ábalta deis a thabhairt do na páirtithe réiteach cairdiúil a lorg ar a ndíospóid. Beidh an próiseas sin faoi réir chomhaontú na bpáirtithe agus féadfaidh an comhlacht comhionannais é féin nó eintiteas tiomnaithe eile atá ann cheana a bheith i gceannas ar an bpróiseas, agus sa chás sin féadfaidh an comhlacht comhionannais barúlacha a cheapadh don eintiteas sin. Ní chuirfear cosc ar na páirtithe ar a gceart a fheidhmiú chun rochtana ar an gcúirt trí pháirt a ghlacadh i bpróiseas dá leithéid.

    Airteagal 8

    Tuairimí agus cinntí

    1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina measfaidh comhlachtaí comhionannais, i ndiaidh dóibh gearán a fháil nó as a stuaim féin, go bhféadfadh sé gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE nó 2004/113/CE, go bhfuil sé de chumhacht ag na comhlachtaí sin an cás a imscrúdú a thuilleadh.

    2.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le creat lena gcumasófar do chomhlachtaí comhionannais dul i mbun aimsiú faisnéise.

    Go sonrach, soláthrófar leis an gcreat sin cearta éifeachtacha do chomhlachtaí comhionannais chun rochtain a fháil ar fhaisnéis is gá lena dhearbhú ar tharla idirdhealú. Déanfar foráil ann freisin maidir le sásraí cuí chun go gcomhoibreoidh comhlachtaí comhionannais le comhlachtaí poiblí ábhartha chun na críche sin.

    3.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin go bhfuil an déantóir ciona líomhnaithe agus aon tríú páirtí faoi cheangal dlíthiúil aon fhaisnéis agus aon doiciméad a iarrann comhlachtaí comhionannais a sholáthar.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na comhlachtaí comhionannais a measúnú ar an gcás a thaifeadadh i scríbhinn, lena náirítear teacht ar na fíricí agus conclúid réasúnaithe a thabhairt maidir le hidirdhealú a bheith ann. Cinnfidh na Ballstáit cé acu a dhéanfar é sin trí bhíthin tuairimí neamhcheangailteacha nó trí bhíthin cinntí ceangailteacha infhorfheidhmithe.

    Nuair is iomchuí, áireofar ar thuairimí agus ar chinntí bearta sonracha chun aon sárú a aimseofar a leigheas agus chun tuilleadh tarluithe a chosc. Cuirfidh na Ballstáit sásraí iomchuí ar bun chun tuairimí a fhiosrú, amhail oibleagáidí aiseolais, agus chun cinntí a fhorfheidhmiú.

    Foilseoidh comhlachtaí comhionannais achoimrí ar a dtuairimí agus ar a gcinntí, gan sonraí pearsanta a nochtadh.

    Airteagal 9

    Dlíthíocht

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag comhlachtaí comhionannais gníomhú in imeachtaí cúirte in ábhair dlí shibhialta agus dlí riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne a leagtar síos i dTreoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE i gcomhréir le míreanna 2 go 5 gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le hinghlacthacht gníomhaíochtaí.

    2.Áireofar an méid seo a leanas leis an gceart chun gníomhú in imeachtaí cúirte:

    (a)ceart an chomhlachta comhionannais chun gníomhú mar pháirtí in imeachtaí maidir le forfheidhmiú nó athbhreithniú breithiúnach cinnidh arna dhéanamh de bhun Airteagal 8(4);

    (b)ceart an chomhlachta comhionannais barúlacha a chur faoi bhráid na cúirte mar amicus curiae;

    (c)ceart an chomhlachta comhionannais chun imeachtaí a thionscnamh nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí thar ceann íospartach amháin nó níos mó nó chun tacú le híospartach amháin nó níos mó; sa chás sin, beidh cead na níospartach ag teastáil.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an gcomhlacht comhionannais imeachtaí cúirte a thionscnamh ina ainm féin, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú struchtúrach agus córasach i gcásanna a roghnóidh an comhlacht comhionannais de bharr a fhlúirsí atá siad, a thromchúisí atá siad nó an gá atá le soiléiriú dlíthiúil ina leith.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit, ach amháin i gcásanna dá dtagraítear i mír 2(a) agus (b), nach gcuirfidh an comhlacht comhionannais isteach in imeachtaí cúirte fianaise a fuair sé trí fheidhmiú cumhachtaí de bhun Airteagal 8(3).

    5.Áiritheoidh na Ballstáit nach dtionscnófar aon imscrúdú de bhun Airteagal 8(2) go (4) nó nach leanfar leis fad a bheidh imeachtaí cúirte maidir leis an gcás céanna ar feitheamh.

    Airteagal 10

    Coimircí nós imeachta

    Áiritheoidh na Ballstáit, sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 8 agus 9, go gcosnófar go cuí cearta cosanta na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit go ráthóidh comhlachtaí comhionannais rúndacht finnéithe agus sceithirí, agus a mhéid is féidir, rúndacht na ngearánach.

    Beidh na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 8(4) faoi réir athbhreithniú breithiúnach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    Airteagal 11

    Rochtain, inrochtaineacht agus cóiríocht réasúnta

    1.Ráthóidh na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin comhlachtaí comhionannais do chách ar bhonn comhionann agus áiritheoidh siad nach mbeidh aon bhacainn ar ghearáin a chur isteach.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na comhlachtaí comhionannais a gcuid seirbhísí ar fad saor in aisce do ghearánaigh ar fud a gcríche, lena náirítear i gceantair thuaithe agus i limistéir iargúlta.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit inrochtaineacht agus soláthróidh siad cóiríocht réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí uile na gcomhlachtaí comhionannais a ráthú, lena náirítear cúnamh le haghaidh íospartach, láimhseáil gearán, sásraí le haghaidh réiteach cairdiúil, faisnéis agus foilseacháin, agus gníomhaíochtaí um chosc, um chur chun cinn agus um múscailt feasachta.

    Airteagal 12

    Comhar

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí iomchuí i bhfeidhm ag na comhlachtaí comhionannais chun comhoibriú, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, le comhlachtaí comhionannais eile laistigh den Bhallstát céanna, agus le heintitis ábhartha phoiblí agus phríobháideacha, lena n‑áirítear eagraíochtaí sochaí sibhialta, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus i mBallstáit eile agus ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    Airteagal 13

    Comhairliúchán

    Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta trédhearcacha i bhfeidhm lena áirithiú go rachaidh an rialtas agus institiúidí poiblí eile i gcomhairle go tráthúil le comhlachtaí comhionannais maidir le reachtaíocht, beartas, nós imeachta, cláir agus cleachtais a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE.

    Áiritheoidh siad go mbeidh sé de cheart ag comhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh maidir leis na cúrsaí sin, iad a fhoilsiú agus aiseolas a iarraidh ar na húdaráis lena mbaineann.

    Airteagal 14

    Bailiú sonraí agus rochtain ar shonraí comhionannais

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh na comhlachtaí comhionannais sonraí maidir lena ngníomhaíochtaí, chun na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 15 a sholáthar.

    Déanfar na sonraí a bhaileofar a dhí‑chomhiomlánú de réir na bhforas agus na réimsí a chumhdaítear faoi Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE, agus i gcomhréir leis na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 16. Déanfar na sonraí pearsanta a bhailítear a anaithnidiú agus, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear faoi ainm bréige iad.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag comhlachtaí comhionannais ar staidreamh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE arna mbailiú ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena náirítear údaráis phoiblí, ceardchumainn, cuideachtaí, agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, i gcás ina measann siad gur gá staidreamh den sórt sin chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar an staid maidir le hidirdhealú sa Bhallstát, agus chun an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 15, pointe (c) a dhréachtú.

    3.Ceadóidh na Ballstáit do chomhlachtaí comhionannais moltaí a dhéanamh maidir leis na sonraí a bhaileofar i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaítear ó Threoracha 79/7/CEE, 2000/43/CE, 2000/78/CE agus 2004/113/CE, le heintitis phoiblí agus phríobháideacha lena náirítear údaráis phoiblí, ceardchumainn, cuideachtaí agus eagraíochtaí sochaí sibhialta. Ceadóidh na Ballstáit freisin do chomhlachtaí comhionannais ról comhordaithe a imirt i mbailiú sonraí comhionannais.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhlachtaí comhionannais suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le hidirdhealú.

    Airteagal 15

    Tuarascálacha agus pleanáil straitéiseach

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na comhlachtaí comhionannais an méid seo a leanas:

    (a)clár ilbhliantúil a ghlacadh ina leagfar amach a dtosaíochtaí agus a ngníomhaíochtaí ionchasacha, lena náirítear an straitéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5;

    (b)tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a sholáthar agus a chur ar fáil don phobal, lena náirítear a mbuiséad bliantúil, a soláthar foirne agus a dtuairisciú airgeadais;

    (c)tuarascáil a fhoilsiú, ina mbeidh moltaí, ar a laghad gach ceithre bliana, maidir le staid na córa comhionainne agus an idirdhealaithe, lena náirítear saincheisteanna struchtúracha féideartha, ina mBallstát.

    Airteagal 16

    Faireachán

    1.Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta comhtháscairí a bhunú chun éifeachtaí praiticiúla na Treorach seo a thomhas. Agus na táscairí á nullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún comhairle a lorg ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne. Cumhdófar sna táscairí sin acmhainní, feidhmiú neamhspleách, gníomhaíochtaí, agus éifeachtacht na gcomhlachtaí comhionannais, chomh maith le forbairtí ar a sainordú, ar a gcumhachtaí nó ar a struchtúr, lena náiritheofar inchomparáideacht, oibiachtúlacht agus iontaofacht na sonraí a bhaileofar ar an leibhéal náisiúnta.

    2.Faoin [5 bliana i ndiaidh dháta an trasuí], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha go léir maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo don Choimisiún, lena náirítear sonraí maidir lena héifeachtaí praiticiúla arna mbailiú ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus go háirithe na tuarascálacha arna ndréachtú ag na comhlachtaí comhionannais faoi Airteagal 15, pointí (b) agus (c) á gcur san áireamh.

    3.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtaí praiticiúla na Treorach seo a dhréachtú, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus ar shonraí breise ábhartha arna mbailiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe ó pháirtithe leasmhara, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne.

    Airteagal 17

    Íoscheanglais

    1.Féadfaidh na Ballstáit forálacha atá níos fabhraí ná na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo a thabhairt isteach nó a choinneáil.

    2.Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta ar idirdhealú a thugann na Ballstáit cheana féin sna cúrsaí a chumhdaítear faoin Treoir seo.

    Airteagal 18

    Sonraí pearsanta a phróiseáil

    1.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh na comhlachtaí comhionannais sonraí pearsanta a bhailiú ach amháin i gcás inar gá chun cúram a chur i gcrích faoin Treoir seo.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann comhlachtaí comhionannais catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil, mar atá sonraí maidir le tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas nó claonadh gnéasach, go soláthrófar bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a chosaint.

    Airteagal 19

    Scriostar Airteagal 13 de Threoir 2000/43/CE agus Airteagal 12 de Threoir 2004/113/CE.

    Déanfar tagairtí do na comhlachtaí chun cóir chomhionann a chur chun cinn dá dtagraítear sna hAirteagail sin a fhorléiriú mar thagairtí do na comhlachtaí comhionannais dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir seo.

    Airteagal 20

    1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [18 mí] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 21

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 19 ón [dáta dá dtagraítear in Airteagal 20(1)].

    Airteagal 22

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    COM(2022)688.
    (2)    Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
    (3)    Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).
    (4)    Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
    (5)    Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n‑aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
    (6)    Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
    (7)    Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).
    (8)    Soláthraítear le dlíthe roinnt Ballstát cosaint níos leithne ó thaobh foras agus réimsí de, i.e. náisiúntacht, stádas eacnamaíoch, léiriú inscne, nó liosta foras fiú nach bhfuil uileghabhálach.
    (9)    Féach SWD(2021) 63 Cuid 2.1.1 commission_staff_working_document_-_equality_bodies_and_the_implementation_of_the_commission_recommendation_on_standards_for_equality_bodies_en.pdf (europa.eu) .
    (10)    Moladh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018, maidir le caighdeáin le haghaidh na comhlachtaí comhionannais (IO L 167, 4.7.2018, lch. 28).
    (11)    SWD(2021)63 an 19 Márta 2021.
    (12)    SWD(2022)386.
    (13)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha i bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (2020/2086 (INI)).
    (14)    CONCLÚIDÍ ÓN gCOMHAIRLE maidir le ciníochas agus frith‑sheimíteachas a chomhrac - 6406/1/22 REV 1.
    (15)    Tuairim féintionscnaimh ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gcomhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach, SOC/724-EESC-2022, a glacadh an 26/10/2022.
    (16)    https://ec.europa.eu/info/strategy-documents/commission‑work-programme/commission‑work-programme-2022_en.
    (17)    COM(2020)152 https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and‑fundamental-rights/gender-equality/gender-equality-strategy_ga .
    (18)    COM(2020)565 https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and‑fundamental-rights/combatting-discrimination/racism-and‑xenophobia/eu-anti-racism-action‑plan‑2020-2025_en .  
    (19)     https://ec.europa.eu/info/publications/new-eu-roma-strategic-framework-equality-inclusion‑and‑participation‑full-package_en .
    (20)    COM(2020)698 https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and‑fundamental-rights/combatting-discrimination/lesbian‑gay-bi-trans‑and‑intersex-equality/lgbtiq-equality-strategy-2020-2025_en .
    (21)    COM(2021)101 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1484 .  
    (22)    COM(2021) 615 https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_4990 .
    (23)    Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, 2021/C 93/01 (IO C 93, 19.3.2021, lch. 1).
    (24)    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil le haghaidh tuismitheoirí agus le haghaidh cúramóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
    (25)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, COM(2008)426 an 2 Iúil 2008.
    (26)    Nó, má ghlactar í faoin tráth sin, crostagairt don Treoir seo.
    (27)    Féach Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta lena n‑éascaítear feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs na saorghluaiseachta d’oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lch. 8). Ní chumhdaítear faoin Treoir seo forais an idirdhealaithe a leagtar síos le hAirteagal 19 CFAE. Tá sé bunaithe ar Airteagal 46 CFAE, saorghluaiseacht oibrithe.
    (28)    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
    (29)    Teachtaireacht ón gCoimisiún: Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas a neartú, COM(2020)711.
    (30)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, COM(2022)105 an 8.3.2022.
    (31)    Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle - IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57–73.
    (32)    Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir leis an rochtain ar cheartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a leagan síos a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do na díospóidí sin - IO L 26, 31.1.2003, lgh. 41–47.
    (33)    Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála, IO L 136, 24.5.2008, lgh. 3–8.
    (34)    Moladh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le prionsabail choiteanna i dtaca le sásraí comhshásaimh de chineál urghaire agus cúiteach sna Ballstáit i ndáil le sáruithe ar chearta arna ndeonú faoi Dhlí an Aontais - IO L 201, 26.7.2013, lgh. 60–65 agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/22/CE - IO L 409, 4.12.2020, lgh. 1–27.
    (35)    MOLADH (AE) 2022/758 ÓN gCOIMISIÚN an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’).
    (36)     Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta | An Coimisiún Eorpach (Europa.eu)
    (37)     social-summit‑european‑pillar-social-rights‑booklet_en.pdf (europa.eu)
    (38)    Chuir Airteagal 235 ar a cumas don Chomhairle Treoracha a ghlacadh (d’aon toil) nuair ba chosúil go raibh gá le gníomhaíocht ón gComhphobal chun ceann de spriocanna an Chomhphobail a bhaint amach agus nuair nár dheonaigh an Conradh na cumhachtaí sonracha ba ghá.
    (39)    Cuimsítear in idirghabháil an Aontais, nó i gCreat an Aontais, dá dtagraítear sa togra seo, na forálacha a bhaineann le comhlachtaí comhionannais sna Treoracha maidir le Comhionannas agus i Moladh 2018 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais.
    (40)    Idir an dá linn, tá dlí nua glactha ag PT, ES, MT, LT. an Spáinn (Ley 15/2022 an 12 Iúil 2022).
    (41)    Ní mór cuid mhór beart a chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus níl roinnt beart á moladh chun uathrialachas nós imeachta na mBallstát a urramú, agus ar na bearta sin éilítear gur féidir le comhlachtaí comhionannais cinntí ceangailteacha a ghlacadh.
    (42)    Dá ngairfear as seo feasta Creat an Aontais nó idirghabháil ón Aontas.
    (43)    Ba iad na príomhthionchair a raibh coinne leo (i) cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht an Aontais maidir le cóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú, (ii) leibhéil idirdhealaithe agus cóir neamh‑chomhionann a laghdú agus (iii) iad a chosc a thuilleadh agus feasacht níos airde.
    (44)     https://www.un.org/ruleoflaw/blog/document/principles‑relating-to-the-status‑of-national-institutions‑paris‑principles/ .  
    (45)     https://www.coe.int/en/web/european‑commission‑against‑racism-and‑intolerance/recommendation‑no.2#:~:text=ECRI%20General%20Policy%20Recommendation%20N%C2%B02%20revised%20on%20Equality,and%20combating%20discrimination%20and%20intolerance .
    (46)    Féach Caibidil 3 d’Iarscríbhinn 5 den doiciméad anailíseach le haghaidh figiúirí mionsonraithe ó Eorabharaiméadar 2019.
    (47)    Go sonrach, measann formhór na bhfreagróirí ar an gComhairliúchán Poiblí Oscailte (97.2 %) go bhfuil sé tábhachtach go mbunófaí comhlachtaí comhionannais atá láidir agus éifeachtach – féach Comhlachtaí comhionannais – caighdeáin atá ceangailteach (europa.eu) .    
    (48)    Sainordú, cumhachtaí, rochtain, comhar, suirbhéanna, bailiú sonraí, faireachán, forfheidhmiú, neamhspleáchas, acmhainní agus struchtúr.
    (49)    Is amhlaidh a bhreithníonn an anailís ar éifeachtacht a mhéid a mheastar a bheidh an beart atá beartaithe ag rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaint amach, cuspóirí a shainítear sa loighic idirghabhála.
    (50)    Is amhlaidh a mheasúnaíonn an anailís éifeachtúlachta an gaol idir na hacmhainní a úsáidtear i mbeart beartaithe agus na hathruithe a meastar go gcuirfidh an beart sin i gcrích.
    (51)    Dírítear san anailís chomhleanúnachais ar a fheabhas agus a mheastar a oibreoidh an beart atá beartaithe i gcomhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ionstraimí idirnáisiúnta agus náisiúnta.
    (52)    Breathnaítear san anailís ar bhreisluach an Aontais ar athruithe a spreagfar leis an mbeart atá beartaithe thar an méid a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún ó pháirtithe leasmhara ina n‑aonar nó mura ndéantar aon ghníomhaíocht ar chor ar bith.
    (53)    Breathnaítear san anailís ábharthachta arb iomchuí an fhreagairt do na riachtanais é an beart atá beartaithe.
    (54)    Tá tuilleadh faisnéise ar an staid i ngach Ballstát in Iarscríbhinn 4 den doiciméad anailíseach.
    (55)

       SWD(2021)63 final.

    (56)    Is oibleagáid iad dualgais chomhionannais le haghaidh eintitis phoiblí agus/nó phríobháideacha smaoineamh nó machnamh a dhéanamh ar an dóigh a rachaidh a mbeartais nó a gcinntí i bhfeidhm ar dhaoine a chosnaítear faoin dlí um chóir chomhionann.
    (57)    Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, IO L 53, lch. 1.
    (58)    Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú, IO L 403 lch. 9.
    (59)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
    (60)    IO C , , lch. .
    (61)    IO C , , lch. .
    (62)    IO C , , lch. .
    (63)    IO C , , lch. .
    (64)    Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’), Airteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus Airteagail 21, 23 agus 26 den Chairt
    (65)    Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).
    (66)    Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
    (67)    Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
    (68)    Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).
    (69)    Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
    (70)    Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena naisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
    (71)    Féach an anailís mhionsonraithe in SWD(2021) 63 final ‘Equality bodies and the implementation of the Commission Recommendation on standards for equality bodies’ [Comhlachtaí comhionannais agus cur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais].
    (72)    Moladh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018, maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais (IO L 167, 4.7.2018, lch. 28).
    (73)    I Moladh Beartais Ghinearálta ECRI Uimh. 2 athbhreithnithe maidir le Comhlachtaí Comhionannais chun ciníochas agus éadulaingt ar an leibhéal náisiúnta a chomhrac - arna ghlacadh an 13 Meitheamh 1997 agus arna athbhreithniú an 7 Nollaig 2017.
    (74)    Prionsabail a bhaineann le Stádas na nInstitiúidí Náisiúnta a glacadh le Rún 48/134 ón Tionól Ginearálta an 20 Nollaig 1993.
    (75)    COM(2022)688.
    (76)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
    (77)    Breithiúnas an 10 Iúil 2008 in Feryn (C-54/07, ECLI:EU:C:2008:397).
    (78)    Suirbhé EU-MIDIS II FRA. 
    (79)    IO L 23, 27.1.2010, lch. 37.
    (80)    Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lgh. 1-15) agus an Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghabhann léi.
    (81)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2000/43/CE ón gComhairle gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (‘an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch) agus Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (‘an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta’) SWD(2021) 63 final.
    Top