AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,XXX
[...](2022) XXX draft
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hathruithe áirithe ar rialacha riaracháin agus foirne agus a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach liúntais oideachais agus rialacha maidir le hiasacht agus saineolaithe fostaithe go háitiúil
Iarscríbhinn I
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2022/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le leasú ar Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Leasaítear Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, arna nglacadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2019/3 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 5 Meitheamh 2019, mar a leanas:
(a) Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b), fomhír (iii):
‘(iii) ionadaí ón Uachtaránacht roimhe sin ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach’.
(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
(c) Is d’aon toil a dhéanfaidh an Coiste Idir-réitigh cinntí..
(b) Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
(a) Aon díospóid idir an Rúnaíocht agus ball foirne a bhaineann leis na Rialacháin Foirne seo, na rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile, is é an Coimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó mar eadránaí, ar an dara dul síos, a dhéanfaidh iad a réiteach.
(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
(c) Beidh gach imeacht um réiteach díospóidí ar siúl i mBéalgrád nó ar líne, agus is é an Béarla teanga na n‑imeachtaí sin. Leagfaidh an Coiste Stiúrtha síos na rialacha maidir le réiteach díospóidí d’fhonn nós imeachta tráthúil lena ngabhann costais réasúnacha do na páirtithe a éascú.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán
Iarscríbhinn II
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2022/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le glacadh rialacha nós imeachta an Choiste Idir-réitigh agus rialacha um réiteach díospóidí is infheidhme maidir le Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Rialacha mionsonraithe nós imeachta an Choiste Idir-réitigh agus na rialacha maidir le réiteach díospóidí le haghaidh Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, atá i gceangal leis an gcinneadh seo, glactar leis seo iad.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán
Rialacha nós imeachta
an
Choiste Idir-réitigh
I. Ginearálta
1. Leis na Rialacha Nós Imeachta sin bunaítear na nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh fheidhmiú an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, arna nglacadh de bhun Chinneadh Uimh. 03/2019 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair.
2. I gcás ina mbeidh aon rud sna Rialach nós imeachta seo nach mbeidh ag teacht leis na Rialacháin Foirne, na rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile arna nglacadh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, is iad na forálacha sa cheann deireanach sin a luadh a mbeidh feidhm leo.
3. Chun críocha na Rialacha nós imeachta reatha, is é an chiall a bheidh ag an nath ‘baill foirne’ oifigigh uile na Rúnaíochta, eadhon an Stiúrthóir, Leas‑Stiúrthóirí agus gach ball foirne eile de chuid ó na Páirtithe Conarthacha, iad ag obair go buan ag an Rúnaíocht i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, gan baill foirne áitiúla, saineolaithe ar iasacht agus saineolaithe atá ar conradh go háitiúil san áireamh.
4. Aon díospóid idir an Rúnaíocht agus ball foirne a bhaineann leis na Rialacháin Foirne, na rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile, is chuig Coiste Idir-réitigh (dá ngairtear ‘Coiste’ feasta), ar an gcéad dul síos, a chuirfear iad.
5. Féadfaidh na baill foirne achomharc a chur faoi bhráid Coiste Idir-réitigh maidir le hAirteagal 2.1 (12) de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair nó i gcás ina raibh siad thíos de dheasca iompar gan údar maith nó éagórach orthu ag duine atá os a gcionn.
II. An Coiste Idir-réitigh
1. Beidh údarás ag an gCoiste Idir-réitigh cinntí a mholadh maidir le hachomhairc a chomhdóidh baill foirne i gcoinne cinntí riaracháin a dhéanann difear dóibh.
2. Is iad seo a bheidh ar an gCoiste Idir-réitigh:
ionadaí ón Uachtaránacht reatha ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach;
ionadaí ó Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh don chéad téarma eile;
ionadaí ón Uachtaránacht roimhe seo ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.
Is é Uachtaránacht reatha an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh a bheidh ina cathaoirleach ar an gCoiste.
3. Agus a ndualgais á gcomhlíonadh ag comhaltaí an Choiste, beidh siad iomlán neamhspleách agus á dtreorú ag a mbreithiúnas neamhspleách, agus é sin amháin. Ní dhéanfaidh siad aon treoir a lorg ná a fháil ón Rúnaíocht, ba cheart dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh faoi neamhspleáchas iomlán agus ba cheart dóibh coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Beidh pléití an Choiste faoi rún. Déanfaidh comhaltaí an Choiste rúndacht na sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs achomharc ó bhall foirne a áirithiú.
4. Bunófar an Coiste Idir-réitigh laistigh de 30 lá féilire ón dáta a thaiscfear achomharc leis an Stiúrthóir nó le hUachtaránacht an Choiste Stiúrtha. Cuirfidh an Stiúrthóir an t‑achomharc ar aghaidh laistigh de 10 lá féilire ón dáta a gheobhaidh sé é, chuig Cathaoirleach an Choiste Idir-réitigh.
5. Nuair a gheobhaidh Cathaoirleach an Choiste achomharc a thaisctear leis an gCoiste Idir-réitigh, tabharfaidh an Cathaoirleach comhaltaí an Choiste le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar an achomharc. I gcás díospóide maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an Coiste inniúil, is é an Coiste a chinnfidh an t‑ábhar.
6. A mhéid is féidir, beidh an comhdhéanamh céanna ag an gCoiste ar feadh na tréimhse iomláine is gá chun an cás a shocrú.
7. Cinnfidh an Coiste an méid seo a leanas:
a)infhaighteacht an achomhairc
b)Na teorainneacha ama le haghaidh na Rúnaíochta chun freagairt ar an achomharc a thíolacadh, agus na teorainneacha ama maidir le fianaise agus ábhair nós imeachta eile is ábhartha a chur isteach;
c)Ábhair eile a bhaineann leis an idir-réiteach, lena n‑áirítear cé acu ba cheart nó nár cheart éisteachtaí ó bhéal a thionól nó cé acu a chinnfear an t‑achomharc ar bhonn na ndoiciméad chuirfear isteach amháin nó ar bhonn fianaise eile;
d)An nós imeachta atá le leanúint maidir le héisteachtaí an Choiste.
Ba cheart an nós imeachta a chur chun feidhme ar bhealach lena dtabharfaí an deis do na páirtithe lena mbaineann fíorais agus imthosca is ábhartha maidir leis an achomharc a chur chun cinn.
8. Déanfaidh an Coiste Idir-réitigh cinneadh maidir leis an achomharc i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, leis na rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó i gcomhréir le rialacha ábhartha eile. Ábhair a bhaineann leis an léirmhíniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ní bheidh siad faoi inniúlacht an Choiste Idir-réitigh.
9. Cuirfidh an Cathaoirleach an Stiúrthóir, Leas‑Stiúrthóir na Rúnaíochta agus an ball foirne lena mbaineann ar an eolas faoi gach céim nós imeachta a bhaineann leis an gcás.
10. Tionólfar seisiúin an choiste idir-réitigh i mBéalgrád nó ar líne, agus is é an Béarla teanga na n‑imeachtaí. Soláthróidh Acmhainní Daonna agus Riarachán na Rúnaíochta tacaíocht riaracháin don Choiste.
11. Má bhaineann achomhairc chomhthráthacha a chuirtear faoi bhráid an Choiste Idir-réitigh leis an bhfadhb chéanna, féadfaidh an Coiste cinneadh a dhéanamh na hachomhairc a láimhseáil le chéile agus aon chinneadh amháin a fhoirmliú.
12. Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht achomhairc má tharraingíonn an ball foirne lena mbaineann siar a (h)achomharc nó má thagtar ar shocrú trí chomhaontú frithpháirteach. Ba cheart don bhall foirne lena mbaineann Cathaoirleach an Choiste a chur ar an eolas faoi sin i scríbhinn. Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht achomhairc i gcás sárú ar chuid III, pointe 5.
III. Nós imeachta achomhairc
1. Féadfaidh an ball foirne agus an Rúnaíocht araon réiteach neamhfhoirmiúil a thionscnamh ar na saincheisteanna lena mbaineann, tráth ar bith sula roghnaíonn an ball foirne an t‑ábhar a shaothrú go foirmiúil nó ina dhiaidh sin.
2. Ní bheidh achomharc infhaighte ag an gCoiste Idir-réitigh má réitíodh an díospóid a eascraíonn as cinneadh atá faoi chonspóid trí chomhaontú ar thángthas air trí réiteach neamhfhoirmiúil.
3. Mar sin féin, féadfaidh ball foirne achomharc a chur faoi bhráid an Choiste Idir-réitigh go díreach chun cur chun feidhme comhaontaithe ar thángthas air trí réiteach neamhfhoirmiúil a fhorfheidhmiú laistigh de 90 lá féilire ón sprioc-am cur chun feidhme mar a shonraítear sa chomhaontú réitigh neamhfhoirmiúil nó, i gcás nach bhfuil aon ní luaite i leith an ábhair sin sa chomhaontú réitigh neamhfhoirmiúil, laistigh de 90 lá féilire ón tríochadú lá féilire ón dáta a síníodh an comhaontú.
4. Aon bhall foirne ar mian leis agóid fhoirmiúil a dhéanamh in aghaidh cinneadh riaracháin, cuirfidh sé, mar chéad chéim, achomharc i scríbhinn faoi bhráid an Stiúrthóra – nó faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha, i gcás ina mbaineann an gearán leis an Stiúrthóir - le haghaidh meastóireacht ón gCoiste Idir-réitigh ar an gcinneadh riaracháin.
5. Ní cheadaítear don bhall foirne lena mbaineann ná d’aon ionadaí de chuid na Rúnaíochta plé a dhéanamh ná teagmháil a dhéanamh, in aon bhealach, le comhaltaí an Choiste maidir le hábhar an achomhairc le linn an nós imeachta achomhairc, seachas an méid a shainítear i gCuid II, pointe 7.
5. Ní bheidh achomharc le haghaidh meastóireacht ón gCoiste Idir-réitigh ar an gcinneadh riaracháin infhaighte ag an Stiúrthóir ná ag Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha, ach amháin i gcás ina seoltar é laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fuair an ball foirne fógra maidir leis an gcinneadh riaracháin a gcuirfear ina aghaidh. Féadfaidh an Rúnaíocht síneadh a chur leis an sprioc-am sin go dtí go ndéanfar iarrachtaí chun an díospóid a réiteach go neamhfhoirmiúil.
6. Ag deireadh an mheasúnaithe, tarraingeoidh an Coiste Idir-réitigh tuarascáil suas. Leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna nós imeachta a leanadh, na fíorais agus na himthosca is ábhartha maidir leis an achomharc agus a thogra deiridh le haghaidh cinnidh.
IV. Cinnteoireacht
1. Déanfaidh an Coiste Idir-réitigh cinneadh d’aon toil.
2. Déanfar an togra le haghaidh cinneadh maidir leis an gcinneadh riaracháin faoi chonspóid laistigh de 120 lá féilire ón lá a cuireadh an t‑achomharc faoi bhráid an Stiúrthóra nó Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha.
3. Ba cheart an togra le haghaidh cinnidh a chur in iúl i scríbhinn don bhall foirne lena mbaineann, don Stiúrthóir agus don Leas‑Stiúrthóir. Féadfar an cinneadh sin a chur isteach i gcomhad pearsanta an bhaill foirne.
4. Maidir le freagairt na Rúnaíochta, lena léireofar toradh mheastóireacht an Choiste Idir-réitigh, cuirfear in iúl i scríbhinn í don bhall foirne laistigh de 30 lá féilire tar éis an togra le haghaidh cinnidh a fháil ón gCoiste Idir-réitigh.
V. Gníomhaíocht a chur ar fionraí
1. Ní chuirfear ar fionraí cur chun feidhme an chinnidh riaracháin faoi chonspóid mar gheall ar chur isteach achomharc le haghaidh meastóireacht ón gCoiste Idir-réitigh nó mar gheall ar achomharc a chur faoi bhráid an Eadránaí.
2. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil gá le meastóireacht ón gCoiste Idir-réitigh ar chinneadh riaracháin:
a)Féadfaidh ball foirne iarraidh a chur faoi bhráid na Rúnaíochta chun cur chun feidhme an chinnidh riaracháin faoi chonspóid a chur ar fionraí go dtí go mbeidh meastóireacht an Choiste Idir-réitigh curtha i gcrích agus go mbeidh fógra faighte ag an mball foirne maidir leis an toradh. Féadfaidh an Rúnaíocht cur chun feidhme cinnidh a chur ar fionraí i gcásanna práinne ar leith agus i gcás ina ndéanfaí dochar doleasaithe mar gheall ar a chur chun feidhme. Níl cinneadh na Rúnaíochta maidir le hiarraidh den sórt sin faoi réir achomhairc.
b)I gcásanna lena mbaineann scaoileadh ó sheirbhís, féadfaidh ball foirne iarraidh ar an Rúnaíocht cur chun feidhme an chinnidh a chur ar fionraí go dtí go mbeidh meastóireacht an Choiste Idir-réitigh curtha i gcrích agus go mbeidh fógra faighte ag an mball foirne maidir leis an toradh. Féadfaidh an Rúnaíocht cur chun feidhme cinnidh i gcás ina gcinnfidh sí nár cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid chun feidhme go fóill, i gcásanna práinne ar leith agus i gcás ina ndéanfaí dochar doleasaithe do chearta an bhaill foirne mar gheall ar a chur chun feidhme. Má dhiúltaíonn an Rúnaíocht don iarraidh, féadfaidh an ball foirne iarraidh a chur faoi bhráid an Choiste Idir-réitigh chun gníomhaíocht a chur ar fionraí.
VI. Forálacha críochnaitheacha
1. Déanfar aon leasú ar na Rialacha nós imeachta seo a ghlacadh le cinneadh ón gCoiste Stiúrtha.
2. Bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Rialacha seo, ar bhonn taithí phraiticiúil a gheobhaidh an Rúnaíocht ar a gcur i bhfeidhm, féadfaidh sí leasuithe ar na Rialacha seo a mholadh de réir mar a mheasfaidh sí a bheith úsáideach nó riachtanach. I gcás inar mian le comhalta den Choiste Stiúrtha leasú den sórt sin a mholadh, rachaidh sé i gcomhairle leis an Rúnaíocht ar dtús.
3. Tiocfaidh na Rialacha seo i bhfeidhm an lá a ghlacfaidh an Coiste Stiúrtha iad.
Rialacha maidir le
Réiteach Díospóidí
I. Faisnéis Ghinearálta
1. Leis na Rialacha seo maidir le réiteach díospóidí, tagraítear d’Airteagal 15 de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, a glacadh de bhun Chinneadh Uimh. 03/2019 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair, chun nós imeachta tráthúil a éascú lena ngabhann costais réasúnta ar na páirtithe.
2. I gcás ina mbeidh aon chontrárthacht idir na Rialacha seo agus na Rialacháin Foirne, na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile arna nglacadh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, beidh feidhm ag forálacha na rialacha deireanacha sin.
3. Ní fhéadfaidh baill foirne nó an Rúnaíocht achomharc a chur faoi bhráid Eadránaí ach amháin chun cur i gcoinne an togra le haghaidh cinnidh a rinne an Coiste Idir-réitigh mar chéad chéim.
4. Maidir le haon díospóid a bheidh fós ann idir an Rúnaíocht agus an ball foirne maidir leis na Rialacháin Foirne, na rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile, cuirfear faoi bhráid Eadránaí í mar dhara céim.
II. Eadránaí
1. Gníomhóidh an Coimisiún Eorpach mar Eadránaí le linn an dara céim.
2. Beidh an tEadránaí go hiomlán neamhspleách agus is é a bhreithiúnas neamhspleách amháin a threoróidh é. Ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh sé aon treoir ón Rúnaíocht, ba cheart dó a chúraimí a chomhlíonadh go lán‑neamhspleách agus ba cheart dó coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Beidh imeachtaí na hEadrána faoi rún. Áiritheoidh an tEadránaí rúndacht na sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs achomhairc foirne.
3. Ceapfar an tEadránaí laistigh de 30 lá féilire ón dáta a chuirfear achomharc faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh.
4. Beidh sainordú ag an Eadránaí ar feadh na tréimhse iomláine is gá chun an cás a shocrú.
5. Cinnfidh an tEadránaí na nithe seo a leanas:
a) Na teorainneacha ama maidir le cur i láthair an fhreagra ar an achomharc i gcoinne na díospóide ag an Rúnaíocht agus ag an mball foirne lena mbaineann ar chur isteach fianaise agus,
b) Ábhair eile a bhaineann leis na himeachtaí, lena n‑áirítear cé acu a thionólfar éisteachtaí ó bhéal nó a chinnfear an t‑achomharc ar bhonn na ndoiciméad arna gcur isteach amháin.
Déanfar an nós imeachta ar bhealach ina mbeidh deis ag na páirtithe lena mbaineann fíorais agus imthosca is ábhartha don achomharc a chur i láthair.
6. Déanfaidh an tEadránaí cinneadh maidir leis an díospóid i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, leis na rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó le rialacha ábhartha eile. Ní thiocfaidh ábhair a bhaineann le léirmhíniú an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair faoi inniúlacht an Eadránaí.
7. Áirítear ar inniúlacht an Eadránaí an t‑údarás beart eatramhach a ordú tráth ar bith le linn na n‑imeachtaí, beart nach bhfuil faoi réir achomhairc, chun faoiseamh sealadach a thabhairt do cheachtar páirtí i gcás inar cosúil, prima facie, go bhfuil an cinneadh faoi chonspóid neamhdhleathach, i gcásanna práinn ar leith, agus i gcás ina mbeadh a chur chun feidhme ina chúis le damáiste doleigheasta. Féadfar a áireamh ar fhaoiseamh sealadach den sórt sin cur chun feidhme an chinnidh riaracháin faoi chonspóid a chur ar fionraí, ach amháin i gcásanna ceapacháin nó foirceanta.
8. Reáchtálfar imeachtaí díospóide i mBéalgrád nó ar líne agus is i mBéarla a reáchtálfar iad. Is iad Acmhainní Daonna agus Riarachán na Rúnaíochta a sholáthróidh tacaíocht riaracháin don Eadránaí.
9. Cuirfidh an tEadránaí an ball foirne lena mbaineann agus an Rúnaíocht ar an eolas faoi gach céim nós imeachta a bhaineann leis an gcás.
10. Má bhainfidh achomhairc arna gcur faoi bhráid an Eadránaí leis an bhfadhb chéanna, féadfaidh an tEadránaí a chinneadh na hachomhairc a láimhseáil le chéile agus cinneadh aonair a dhéanamh.
11. Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht díospóide má tharraingíonn an ball foirne lena mbaineann a achomharc siar nó má thagtar ar réiteach trí chomhaontú frithpháirteach. Ba cheart don bhall foirne lena mbaineann an tEadránaí a chur ar an eolas i scríbhinn faoi dheireadh arna chur leis an imeacht díospóide. Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht achomhairc i gcás sárú ar chuid III, pointe 3.
III. Nós imeachta achomhairc
1. Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a thaisceadh i gcoinne cinneadh riaracháin faoi chonspóid. Cuirtear faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh é laistigh de 30 lá féilire tar éis an togra ón gCoiste le haghaidh cinnidh a fháil. Ní ghlacfaidh Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh le hachomharc mura gcomhlíonfar an sprioc-am.
2. I gcás ina gcuirfear achomharc faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh le linn an dara céim, cuirfear forghníomhú cinnidh ar fionraí, ar cinneadh faoi chonspóid é agus atá bunaithe ar thogra ón gCoiste Idir-réitigh.
3. Ní cheadaítear don bhall foirne lena mbaineann ná d’aon ionadaí de chuid na Rúnaíochta ábhar an achomhairc a phlé leis an Eadránaí ná tagairt a dhéanamh dó le linn an imeachta, i bhfoirm ar bith, seachas an méid a shainítear i gcuid II, pointe 5.
4. Tráth réitithe an díospóide, tarraingeoidh an tEadránaí tuarascáil suas. Leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna nós imeachta a leanadh, na fíorais agus na himthosca a bhí ábhartha don achomharc agus an réiteach críochnaitheach a bhí leis.
IV. Cinnteoireacht
1. Déanfaidh an tEadránaí cinneadh maidir leis an gcinneadh riaracháin faoi chonspóid laistigh de 90 lá féilire ón lá a cuireadh an t‑achomharc faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha.
2. Ba cheart an cinneadh a chur in iúl i scríbhinn don bhall foirne lena mbaineann agus don Rúnaíocht agus féadfar an cinneadh sin a chur i gcomhad pearsanta an bhaill foirne.
3. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Eadránaí agus beidh sé ina cheangal ar gach páirtí.
V. Forálacha críochnaitheacha
1. Déanfar aon leasú ar na Rialacha seo maidir le réiteach díospóidí a ghlacadh le cinneadh ón gCoiste Stiúrtha.
2. Bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Rialacha seo, ar bhonn taithí phraiticiúil a gheobhaidh an Rúnaíocht ar a gcur i bhfeidhm, féadfaidh sí leasuithe ar na Rialacha seo a mholadh de réir mar a mheasfaidh sí a bheith úsáideach nó riachtanach. I gcás inar mian le comhalta den Choiste Stiúrtha leasú den sórt sin a mholadh, rachaidh sé i gcomhairle leis an Rúnaíocht ar dtús.
3. Tiocfaidh na Rialacha seo i bhfeidhm an lá a ghlacfaidh an Coiste Stiúrtha iad.
Iarscríbhinn III
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2022/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le rialacha nós imeachta Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a leasú
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(5) de,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Cheannteideal IV, pointe 4 de rialacha nós imeachta Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair:
Comhaontóidh an Uachtaránacht agus an Leas‑Uachtaránacht dréachtchlár oibre an chruinnithe. Déanfar an dréachtchlár oibre agus aon doiciméad a bhaineann leis a dháileadh ar na comhaltaí agus ar na breathnóirí 4 seachtaine ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha. Féadfaidh na comhaltaí barúlacha a thabhairt agus a mholadh go gcuirfear míreanna nua isteach. Maidir le hábhar ar spéis le stáit eile, le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó le comhlachtaí eile arna dtabhairt cuireadh dóibh i gcomhréir le mír 3 de Roinn II é, déanfar é sin a dháileadh orthu freisin.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán