EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0519

Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh 2007/441/CE lena n-údaraítear do Phoblacht na hIodáile bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

COM/2022/519 final

An Bhruiséil,13.10.2022

COM(2022) 519 final

2022/0321(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2007/441/CE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 19 Aibreán 2022, d’iarr an Iodáil síneadh ar an maolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL a chuireann sí i bhfeidhm faoi láthair. D’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise an 2 Bealtaine 2022 agus chuir an Iodáil na soiléirithe a iarradh ar fáil an 1 Meitheamh 2022.

Iarrann an Iodáil údarú chun leanúint de mhaolú ar Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL, trí theorannú a dhéanamh go dtí 40 % ar an gceart asbhainte CBL ar ionchur i gcás CBL arna muirearú ar chaiteachas a bhaineann le mótarfheithiclí bóthair nach chun críoch gnó amháin a úsáidtear iad. Ina theannta sin, iarrann an Iodáil údarú chun leanúint de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), den treoir chéanna trí dhíolúine ó CBL a thabhairt i gcás úsáid feithiclí chun críoch príobháideach ar feithiclí iad a áirítear ar shócmhainní gnólachta duine inchánach, i gcás ina bhfuil na feithiclí sin faoi réir srian ar an gceart asbhainte.

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh a rinne an Iodáil. Le litir dar dáta an 24 Meitheamh 2022, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile aige a mheas sé a bheith riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

D’fhéadfadh sé gur dheacair an ceart asbhainte a fheidhmiú nuair is féidir earraí a úsáid go príobháideach nó chun críocha gnó gan idirdhealú. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé gur chasta an rud an cóimheas idir an úsáid ghnó agus an úsáid neamhghnó a dhéanamh amach agus d’fhéadfadh sé go gcruthófaí deacrachtaí agus céimeanna maorlathais suntasacha trí iniúchtaí lena ndeimhneofaí an cóimheas sin, do na húdaráis chánach agus do dhaoine inchánach araon. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh díospóidí dá bharr a bheadh costasach agus a d’ídeodh anmhórán ama. Ó thaobh na praiticiúlachta de, bíonn sé dodhéanta in amanna a fhíorú cén úsáid iarbhír a bhaintear as feithiclí, úsáid a mbeadh de thoradh uirthi (go bhféachfaí le) calaois CBL a dhéanamh (trí choinneáil taifead neamh-iontaofa, mar shampla) agus a dtiocfadh mar iarmhairt uirthi laghdú ar an ioncam CBL.

Is cuideachtaí beaga is mó atá san Iodáil (is micrifhiontair iad 94.7 % de chuideachtaí na hIodáile) agus is faoi úinéireacht fiontar den chineál sin atá formhór na gcarranna cuideachta atá ar an mbóthar. Ní fhágann úsáid na gcarranna sin i bhfeidhmiú na gnáthghníomhaíochta gnó nach féidir iad a úsáid chun críoch príobháideach. Sa chás sin, eadhon nuair a úsáidtear na feithiclí sin go pointe áirithe chun críoch príobháideach, íocfar CBL i leith na húsáide príobháidí. Sna himthosca atá ann san Iodáil, mar a bhfuil uige an gheilleagair déanta beagnach go hiomlán de mhicrifhiontair, bheadh gá le heisíocaíochtaí móra a bheadh díréireach, lena n‑áirítear eisíocaíochtaí a thiocfadh den riachtanas doiciméadacht mhionsonraithe a choinneáil, chun an t‑ualach oibre a sheasamh a theastódh chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar leithdháileadh na húsáide sa réimse príobháideach nó sa réimse gnó.

Ar na cúiseanna sin, údaraíodh don Iodáil maolú ar Airteagal 168 den Treoir maidir le CBL tríd an gceart asbhainte CBL a theorannú go 40 % i leith ceannach mótarfheithiclí bóthair áirithe, lena n‑áirítear conarthaí cóimeála agus a leithéidí, monarú, fáil laistigh den Chomhphobal, allmhairiú, fáil ar léas nó ar cíos, modhnú, deisiú nó cothabháil, agus caiteachas ar sholáthairtí nó seirbhísí a sheachadtar nó a thugtar i ndáil le feithiclí agus a n‑úsáid, lena n‑áirítear bealaí agus breosla, i gcás nach chun críoch gnó amháin a úsáidtear an fheithicil. Cumhdaítear leis na bearta speisialta gach mótarfheithicil seachas tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta, a úsáidtear de ghnách chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar agus ar lú a n‑uasmheáchan iomlán ná 3.5 tona agus ar lú ná a naoi an méid suíochán iontu, lena n‑áirítear suíochán an tiománaí.

Ar an gcaoi chéanna, údaraítear don Iodáil maolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir maidir le CBL, trí dhíolúine ó CBL a thabhairt i leith úsáid feithiclí chun críoch príobháideach ar feithiclí iad a áirítear ar shócmhainní gnólachta duine inchánach i gcás ina bhfuil na feithiclí sin cumhdaithe ag na bearta speisialta thuasluaite.

Is í an Chomhairle a dheonaigh údarú na mbeart maolúcháin thuasluaite trí bhíthin Chinneadh 2007/441/CE an 18 Meitheamh 2007 2 , údarú a mhair go dtí an 31 Nollaig 2010. Ina dhiaidh sin, cuireadh síneadh ceithre huaire leis na bearta maolúcháin ar dhéanamh iarrata don Iodáil, mar a leanas: Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2010/748/AE ón gComhairle an 29 Samhain 2010 3 , cuireadh síneadh leo i gcomhair na tréimhse 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2013; Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/679/AE ón gComhairle an 15 Samhain 2013 4 , i gcomhair na tréimhse 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2016; Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1982 ón gComhairle an 8 Samhain 2016 5 , i gcomhair na tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019; agus, go deireanach, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2138 ón gComhairle an 5 Nollaig 2019 6 , i gcomhair na tréimhse 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022.

An iarraidh seo atá déanta anois ag an Iodáil ar shíneadh a chur leis na bearta speisialta go dtí an 31 Nollaig 2025, tá sí bunaithe ar na forais chéanna a cuireadh i láthair sna hiarrataí a rinne sí roimhe. Cuimsítear san iarraidh, agus san fhaisnéis a chuir an Iodáil ar fáil an 1 Meitheamh 2022, míniú maidir leis an teorainn chéatadáin a chuirtear ar an gceart asbhainte.

I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar ualach riaracháin na gcáiníocóirí agus na n‑údarás cánach araon, moltar, faoi réir coinníollacha áirithe, an síneadh atá iarrtha a údarú. Aon iarraidh ar shíneadh a dhéanfar amach anseo, ba cheart tuarascáil chuí-réasúnaithe a bhfuil údar cuí léi a bheith ag gabháil leis an iarraidh sin, tuarascáil ina ndéantar athbhreithniú ar riachtanas agus éifeachtacht na mbeart speisialta agus athbhreithniú ar an gcéatadán a cuireadh i bhfeidhm sa tréimhse ó 1 Eanáir 2023 go dtí tíolacadh na hiarrata, agus ba cheart an tuarascáil sin a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta 2025.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Deonaíodh bearta speisialta de chineál comhchosúil do Bhallstáit eile, ach amháin gur 50 % an ráta a socraíodh i gcomhair an chirt asbhainte 7 .

Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí go ndéanfaidh sí sin, is féidir do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm faoi dhlíthe náisiúnta an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Ar an mbonn sin, tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ ann lena gcuirtear srian leis an gceart asbhainte CBL i ndáil le mótarfheithiclí corparáideacha 8 .

Theip ar thionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte 9 . Go dtí go ndéanfar na rialacha sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, meastar gurb iomchuí bearta speisialta amhail na cinn atá ann faoi láthair.

Dá bhrí sin, tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an beart seo comhsheasmhach leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 – Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cánachas Cothrom agus Simplí mar thacú le Téarnamh Eacnamaíoch 10 – ina leagtar béim air gur gá tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí ar mó castacht riaracháin atá rompu agus ar mó go mór, agus ar díréireach na costais chomhlíontachta a bhíonn orthu, eadhon fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe. Tá sé comhoiriúnach freisin le clár oibre an Choimisiúin do 2017 11 , ina gcuirtear i dtábhacht an gá atá le CBL a shimpliú do ghnólachtaí beaga. 

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní féidir leis an Iodáil aisti féin an síneadh leis na bearta speisialta a dheonú. Tá gá le hidirghabháil ón gCoimisiún chun togra a chur faoi bhráid na Comhairle, ionas go bhféadfadh sí a údarú don Iodáil síneadh a chur leis na bearta speisialta.

Comhréireacht

Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát arna iarraidh sin dó féin agus níl aon oibleagáid ann.

I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Go háirithe, ós rud é go bhféadfadh gnólachtaí gan a ndliteanais uile a dhearbhú agus i bhfianaise na seiceála troime ar shonraí maidir le míleáiste d’údaráis chánach, shimpleodh an srian 40 % an nós imeachta um bailiú CBL agus chuirfeadh sé cosc ar imghabháil cánach inter alia trí choimeád taifead mícheart.

An rogha ionstraime

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

Slí sin an chinnidh ón gComhairle, freagraíonn sí don cheanglas in Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ceanglas a fhágann nach féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL a chur i bhfeidhm ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin, agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún.

Díriú chuig an Iodáil agus chuici sin amháin, sin é an aidhm sa chás seo atá faoi láimh. Tá údar maith dá bhrí sin le dul i muinín Cinnidh ós féidir an ionstraim sin a dhíriú chuig Ballstát aonair agus ós féidir di a bheith ceangailteach maidir leis an mBallstát sin amháin.

Tá údar maith le gníomh cur chun feidhme a roghnú ós rud é go ngníomhachtaíonn gníomh den chineál sin an rogha a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Iodáil agus is leis an mBallstát áirithe sin amháin a bhaineann sé.

Bailiú agus úsáid saineolais

Níor iarradh aon saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Tá sé d’aidhm ag an togra simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú agus cosc a chur ar imghabháil CBL. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aige ar ghnólachtaí agus ar riaracháin araon. Shainaithin an Iodáil na bearta maolúcháin mar an réiteach is mó is iomchuí. Tá na bearta inchomparáide le maoluithe eile a deonaíodh do Bhallstáit eile, idir mhaoluithe a bhí ann agus mhaoluithe atá ann faoi láthair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cuireann na bearta speisialta le simpliú na n‑oibleagáidí comhlíontachta agus le laghdú na n‑ualaí riaracháin ar dhaoine inchánach, in earnáil na FBManna go háirithe, agus ar an riarachán cánach. Laghdaíonn siad go mór na deacrachtaí a bhaineann le cruinneas na n‑asbhaintí CBL ar ionchur a fhíorú, deacrachtaí ar minic a thagann díospóidí riaracháin agus díospóidí cúirte dá mbarr a bhíonn costasach agus a ídíonn anmhórán ama.

Níl aon iarmhairt ag an togra seo i dtaca le teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC).

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt maidir le cosaint na gceart bunúsach ag gabháil leis an togra.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar diúltach ag an togra ar bhuiséad an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an togra a údarú don Iodáil leanúint de shrian a chur leis an gceart asbhainte i gcás feithiclí áirithe agus caiteachas gaolmhar sa tréimhse 2023-2025.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra clásal éagtha atá socraithe i gcomhair an 31 Nollaig 2025.

I gcás ina bhféachfaidh an Iodáil ar shíneadh breise a chur leis na bearta maolúcháin, síneadh a rachadh thar 2025, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le tuarascáil lena gcuimseofaí athbhreithniú ar an srian céatadáin tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2025.

2022/0321 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2007/441/CE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 12 , agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE bunaítear ceart an duine inchánach chun cáin bhreisluacha (‘CBL’) a asbhaint i gcás CBL a mhuirearaítear ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a nidirbheart cáinmhuirearaithe. Le hAirteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, maidir le húsáid sócmhainní gnó ag daoine inchánach nó ag a bhfoireann fostaithe chun críoch príobháideach nó, ar shlí níos ginearálta, chun críoch seachas críocha a ngnó, déileáiltear leis an úsáid sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin.

(2)Le Cinneadh 2007/441/CE ón gComhairle 13 údaraítear don Iodáil, maidir leis an gceart asbhainte CBL faoi Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE, an ceart sin a theorannú go 40 % i leith ceannach mótarfheithiclí bóthair áirithe, lena náirítear conarthaí cóimeála agus a leithéidí, monarú, fáil laistigh den Chomhphobal, allmhairiú, fáil ar léas nó ar cíos, modhnú, deisiú nó cothabháil, agus caiteachas gaolmhar eile, lena náirítear bealadh agus breosla, i gcás nach chun críoch gnó amháin a úsáidtear an fheithicil. I dtaca leis na feithiclí a bhfuil an teorainn 40 % sin infheidhme maidir leo, cuireann an Iodáil de cheanglas, maidir le daoine inchánach agus maidir le húsáid feithiclí chun críoch príobháideach ar feithiclí iad a áirítear ar shócmhainní gnólachta duine inchánach, nach ndéileálfaidh daoine inchánach le húsáid na bhfeithiclí sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE.

(3)Tá Cinneadh 2007/441/CE le dul in éag an 31 Nollaig 2022.

(4)Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 19 Aibreán 2022, d’iarr an Iodáil údarú chun leanúint de na bearta speisialta a údaraítear le Cinneadh 2007/441/CE (‘na bearta speisialta’) a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)Le litir dar dáta an 2 Bealtaine 2022, d’iarr an Coimisiún breis faisnéise agus chuir an Iodáil an fhaisnéis bhreise a iarradh ar fáil le litir dar dáta an 1 Meitheamh 2022.

(6)Mar fhreagairt ar an iarraidh ón gCoimisiún, chuir an Iodáil míniú ar fáil maidir leis an teorainn chéatadáin a cuireadh ar an gceart asbhainte. Tá an Iodáil ag seasamh leis go bhfuil údar cuí fós le ráta 40 %. San iarraidh ón Iodáil, seasann an Iodáil leis go bhfuil gá fós, chun cánachas dúbailte a sheachaint, le fionraí an cheanglais maidir le tuairisc CBL a thabhairt i ndáil le húsáid mótarfheithicle, i gcás ina raibh an fheithicil faoi réir an teorannaithe sin. Seasann sí leis, ina theannta sin, go bhfuil údar cuí leis na bearta speisialta sin mar gheall air gur gá simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú agus gur gá cosc a chur ar imghabháil cánach trí choimeád taifead mícheart agus trí dhearbhuithe cánach bréagacha.

(7)Le litir dar dáta an 23 Meitheamh 2022, thug an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile faoin iarraidh a bhí an Iodáil i ndiaidh a dhéanamh, de bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE. Le litir dar dáta an 24 Meitheamh 2022, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun an iarraidh a mheá.

(8)Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta ar mhéid foriomlán ioncam cánach na hIodáile a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(9)Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2007/441/CE ón gComhairle. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an údaraithe ionas go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar a mhéid is iomchuí an srian céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart asbhainte CBL.

(10)Ba cheart dá bhrí sin a údarú don Iodáil leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2025.

(11)D’fhéadfadh an Iodáil a mheas go bhfuil gá leis na bearta speisialta a choinneáil i bhfeidhm go ceann níos faide ná dul in éag Chinneadh 2007/441/CE ón gComhairle. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar scrúdú tráthúil ar aon iarraidh i leith síneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh sin, is gá ceanglais a leagan síos maidir le hiarraidh den chineál sin.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2007/441/CE ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2007/441/CE mar a leanas:

1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

Airteagal 6

Féadfaidh Poblacht na hIodáile a iarraidh, faoin 31 Márta 2025, go gcuirfear síneadh leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiún agus beidh tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh, lena gcuimseofar athbhreithniú ar an srian céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart asbhainte CBL ar bhonn an Chinnidh seo.’;

2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

Airteagal 7

Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2025.’.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2)    IO L 165, 27.6.2007, lch. 33.
(3)    IO L 318, 4.12.2010, lch. 45.
(4)    IO L 316, 27.11.2013, lch. 37.
(5)    IO L 305, 12.11.2016, lch. 30.
(6)    IO L 324, 13.12.2019, lch. 7.
(7)    Mar shampla: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1997 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 lena núdaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 408, 17.11.2021, lgh. 1–2); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1262 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/232/AE lena núdaraítear don Rómáin bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 296, 10.9.2020, lgh. 6–7); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena núdaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 252, 8.10.2018, lgh. 44–46); Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1854 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/797/AE lena núdaraítear do Phoblacht na hEastóine beart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 265, 14.10.2017, lgh. 17–18).
(8)    Féach an liosta a thiomsaigh Madeleine Merkx (2018) ‘VAT deduction and member state sovereignty: (still) a good idea?’ [‘Asbhaint CBL agus ceannasacht na mBallstát: an maith an smaoineamh é (fós)?’], World Journal of VAT/GST Law, 7:2, 53-75, DOI: 10.1080/20488432.2018.1550163.
(9)    COM (2004) 728 final — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 77/388/CEE d’fhonn oibleagáidí cánach breisluacha a shimpliú (IO C 24, 29.1.2005, lch. 10) a tarraingíodh siar an 21 Bealtaine 2014 (IO C 153, 21.5.2014, lch. 3).
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cánachas Cothrom agus Simplí mar thacú le Téarnamh Eacnamaíoch (COM(2020) 312 final).
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Clár Oibre an Choimisiúin i gcomhair 2017. (COM(2016) 710 final).
(12)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(13)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2007/441/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2007 lena núdaraítear do Phoblacht na hIodáile bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 165, 27.6.2007, lch. 33).
Top