EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0468

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)

COM/2022/468 final

An Bhruiséil,16.9.2022

COM(2022) 468 final

2022/0283(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE atá sé beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach do shaoránaigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéantar cinntí ón gComhchoiste agus tá siad ina gceangail ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE

Meastar go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is é an cuspóir atá leis an ngníomh atá beartaithe Treoir (AE) 2018/1808 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh 1 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh ag an Aontas. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit LEE CSTE in obair boird rialaithe de chuid an Aontais - Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA). Sa bhreis air sin, foráiltear i gcomhdhearbhú atá i gceangal leis an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE go bhfuil an méid seo amhlaidh:

‘I dTreoir (AE) 2018/1808 tá forálacha ina bhfuil tagairtí do Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus do Chinneadh Réime 2008/913/CGB, arna nglacadh faoi Theideal V CFAE. Meabhraítear go bhfuil ionchorprú gníomhartha ina bhfuil forálacha den chineál sin gan dochar don tuiscint go bhfuil reachtaíocht AE a glacadh de bhun Theideal V CFAE lasmuigh de raon feidhme Chomhaontú LEE.

A mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541, d’Airteagal 5(4) de Threoir 2011/93/AE agus d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/913/CGB, aithníonn na Páirtithe Conarthacha, i gcomhthéacs comhluachanna atá ann le fada agus na féiniúlachta Eorpaí, go ndéantar forálacha i ndlí náisiúnta na Stát CSTE a chur i bhfeidhm go coibhéiseach ó thaobh feidhme de.’

Measaimid nach féidir a dhéanamh amach nach bhfuil sna gnéithe sin ach coigeartuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Is í an Chomhairle, dá bhrí sin, a leagfaidh síos seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin sa choincheap sin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’. 2

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, is ar bhunús dlí substainteach ghníomh dlí an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE a bhraitheann sé go príomha.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le soláthar seirbhísí meán closamhairc (comhfhogasú dlíthe). Dá bhrí sin, is iad Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagail 1 agus 62 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 53(1) agus Airteagal 62 CFAE, in éineacht le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Leasófar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE, agus dá bhrí sin is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2022/0283 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 CFAE, in éineacht le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 3 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú, Iarscríbhinn ina bhfuil forálacha maidir le cumarsáid leictreonach, le seirbhísí closamhairc agus leis an tsochaí faisnéise.

(3)Tá Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Ba cheart Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtChinneadh ó Chomhchoiste LEE a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE, is ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh, IO L 303, 28.11.2018, Lch. 69.
(2)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 305, 30.11.1994, Lch. 6.
(4)    IO L 1, 3.1.1994, Lch. 3.
(5)    Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh, IO L 303, 28.11.2018, Lch. 69.
Top

An Bhruiséil,16.9.2022

COM(2022) 468 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh Ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE



(An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

an […]

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh 1 , tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear pointe 5p (Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.    Cuirtear an méid a leanas leis:

‘, arna leasú le:

-32018 L 1808: Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 (IO L 303, 28.11.2018, Lch. 69).’

2.    Athuimhrítear oiriúnuithe (a), (b) agus (c) mar oiriúnuithe (b), (c) agus (d).

3.    Cuirtear isteach an t‑oiriúnú seo a leanas roimh oiriúnú (b):

‘(a)    In Airteagal 1(1)(a)(i) agus (aa), cuirfear na focail ‘Airteagail 36 agus 37 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch’ in ionad na bhfocal ‘Airteagail 56 agus 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’.’

4.    Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach tar éis oiriúnú (d):

‘(e)    Cuirfear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 2(5c) agus Airteagal 28a(7):

   ‘I gcásanna lena mbaineann Stát CSTE agus Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh araon, oibreoidh Údarás Faireacháin CSTE agus an Coimisiún i gcomhar le chéile chun teacht ar chomhaontú faoi chinntí comhionanna maidir le cé acu Ballstát a bhfuil dlínse aige.’

(f)    In Airteagal 6, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)    I mír 1(a), cuirfear na focail ‘aon fhoras amhail inscne, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún ná creideamh, tuairim pholaitiúil ná aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois ná treoshuíomh gnéasach, ná de bharr náisiúntachta’ in ionad ‘aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt’;

(ii)    I mír 1(b), tuigfear go dtagraíonn an tagairt d’Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541 do na forálacha comhfhreagracha i ndlí náisiúnta na Stát CSTE;

(iii)    I mír 2, cuirfear na focail ‘urramóidh siad bunchearta’ in ionad ‘urramóidh siad na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt’.

(g)    In Airteagal 28b, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)    I mír 1(b), cuirfear na focail ‘aon fhoras amhail inscne, cine, dath, bunús eitneach ná sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún ná creideamh, tuairim pholaitiúil ná aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois ná treoshuíomh gnéasach, ná de bharr náisiúntachta’ in ionad ‘aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt’;

(ii)    I mír 1(c), tuigfear go dtagraíonn na tagairtí d’Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541, d’Airteagal 5(4) de Threoir 2011/93/AE agus d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/913/CGB do na forálacha comhfhreagracha i ndlí náisiúnta na Stát CSTE.

(h)    In Airteagal 30b:

(i)    i mír 2, cuirfear na focail ‘agus ionadaí ar Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis an fhocail ‘ionadaí an Choimisiúin’;

(ii)    i mír 2, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

   ‘Beidh na Stáit CSTE páirteach go hiomlán in ERGA, ach amháin an ceart vótála.’

Airteagal 2

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 39 de Phrótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) (Cinneadh C(2014)462 an 3.2.2014 maidir le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc a bhunú agus Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2018/1808 san Íoslainnis agus san Ioruais, agus tá sé le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha 2*.

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus san Fhorlíonadh LEE a ghabhann léi.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […].

   Don Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Na Rúnaithe

   Don Chomhchoiste LEE

     […]



Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha

maidir le Cinneadh Uimh. […] lena n‑ionchorpraítear Cinneadh (AE) 2018/1808 sa Chomhaontú

[lena ghlacadh leis an gCinneadh agus lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil]

I dTreoir (AE) 2018/1808 tá forálacha ina bhfuil tagairtí do Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, do Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus do Chinneadh Réime 2008/913/CGB, arna nglacadh faoi Theideal V CFAE. Meabhraítear go bhfuil ionchorprú gníomhartha ina bhfuil forálacha den chineál sin gan dochar don tuiscint go bhfuil reachtaíocht AE a glacadh de bhun Theideal V CFAE lasmuigh de raon feidhme Chomhaontú LEE.

A mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541, d’Airteagal 5(4) de Threoir 2011/93/AE agus d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/913/CGB, aithníonn na Páirtithe Conarthacha, i gcomhthéacs comhluachanna atá ann le fada agus na féiniúlachta Eorpaí, go ndéantar forálacha i ndlí náisiúnta na Stát CSTE a chur i bhfeidhm go coibhéiseach ó thaobh feidhme de.

(1)    IO L 303, 28.11.2018, Lch. 69.
(2) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Top