EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0296

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

COM/2022/296 final

An Bhruiséil,22.6.2022

COM(2022) 296 final

2022/0192(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

{SWD(2022) 166 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an bunghníomh Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) (Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle) le leasú mar a shonraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis Feirme go Forc le haghaidh córais bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol’ (F2F) agus a phlean gníomhaíochta. D’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN).

Is foinse uathúil sonraí micreacnamaíocha agus cuntasaíochta é LSCF a thagann ó níos mó ná 80 000 feirm san Aontas Eorpach gach bliain. Ó 1965 i leith, bhíothas in ann measúnú a dhéanamh ar staid eacnamaíoch agus airgeadais na bhfeirmeacha. Cuireann an Coimisiún an mhodheolaíocht chomhchuibhithe agus an ceistneoir coiteann ar fáil, ach déanann na Ballstáit na sonraí a bhailiú, a fhíorú agus a chur isteach. Cuirfear FSDN leis an ngné chomhshaoil agus shóisialta sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní mór sonraí agus faisnéis ar leibhéal feirme a bheith iontaofa agus ar ardcháilíocht chun go mbeadh ceaptha beartais, feirmeoirí agus páirtithe leasmhara ábhartha eile in ann cinntí iomchuí bunaithe ar fhianaise a dhéanamh.

Meastar gur uirlis éifeachtúil agus leordhóthanach é LSCF chun athróga breise comhshaoil agus sóisialta a bhailiú ar leibhéal na feirme chomh maith le hathróga eacnamaíocha agus ioncam-bhainteacha a bailíodh faoi láthair.

Ar leibhéal an Aontais, bailítear sonraí áirithe ar leibhéal na feirme maidir le riachtanais bheartas CBT, mar shampla:

(1)Tá sé mar aidhm leis an Staidreamh Comhtháite Feirme (IFS) 1 sonraí inchomparáide a chur ar fáil ar ghabháltais talmhaíochta an Aontais. Bailítear sonraí ó na gabháltais talmhaíochta go léir gach 10 bliana (sonraí ó dhaonáirimh) agus trí shuirbhéanna samplacha idirmheánacha gach 3 nó 4 bliana. Bailíonn na Ballstáit faisnéis ó ghabháltais talmhaíochta aonair agus cuirtear sonraí ar aghaidh chuig Eurostat. Clúdaítear an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis a bhailítear: Úsáid talún, uimhreacha beostoic, forbairt tuaithe, bainistiú agus ionchur saothair feirme (lena náirítear aois, inscne agus caidreamh le sealbhóir an ghabháltais talmhaíochta). Cuirtear na torthaí comhiomlánaithe i láthair go poiblí. Tá rochtain ar shonraí feirme aonair srianta. Cuireann an staidreamh comhtháite feirme bonn ar fáil chun sonraí LSCF a eachtarshuí.

(2)Bunaítear Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) 2 mar chuid de CBT chun íocaíochtaí le feirmeoirí a riar agus a rialú. Tá feidhm ag an gcóras maidir le gach scéim tacaíochta ioncaim (bídís éigeantach nó ná bíodh) chomh maith le bearta áirithe tacaíochta d’fhorbairt tuaithe a dheonaítear bunaithe ar líon na heicteár nó na nainmhithe atá i seilbh an fheirmeora. I measc nithe eile, tá an fhaisnéis seo a leanas i mbunachar sonraí CCRR: gach ceapach talmhaíochta san Aontais (an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talaimh CADT) a shainaithint, bunachar sonraí ríomhairithe le haghaidh ainmhithe i dtíortha an Aontais ina bhfuil feidhm le scéimeanna cabhrach ainmhíbhunaithe 3 .

(3)Forálfar leis an rialachán cur chun feidhme a bheidh ag an gCoimisiún amach anseo 4 go mbaileofar sonraí áirithe ar leibhéal an Aontais ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT, mar aon le sonraí faoi chreat coiteann faireacháin agus meastóireachta CBT (CCFM) atá ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach uaireanta. Cuirfidh na Ballstáit sonraí áirithe a bhaineann le tairbhithe CBT ar fáil ar bhealach comhchuibhithe don Choimisiún.

Tá gach bunachar sonraí thuasluaite curtha ar bun chun críocha éagsúla agus ní bhailíonn siad na sonraí ná an fhaisnéis chéanna go hiomlán. Mar sin féin, d’fhéadfaí na bunachair sonraí sin (agus eile) a nascadh le sonraí FSDN. Tá aitheantas thairbhí CBT seanbhunaithe san áireamh sa mheasúnú tionchair agus sa bhunachar sonraí faireacháin agus meastóireachta CBT atá ar na bacáin le sonraí aonair leibhéal feirme. Le reachtaíocht thánaisteach FSDN, féachfar an bhféadfaí sonraí na bhfeirmeacha a nascadh le haitheantas thairbhí CBT chun malartú faisnéise a cheadú idir na bunachair sonraí sin – d’fhéadfadh sé go léireofaí sa nasc seo go bhfuil sé casta a bhunú, mar nach mbíonn aitheantas an tairbhí ag freagairt d’fheirm (aonair) i gcónaí. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag FSDN aitheantas feirme uathúil a thabhairt isteach, a d’fhéadfaí a thabhairt isteach, mar shampla, faoin staidreamh comhtháite feirme agus cuidiú le sonraí staidreamh comhtháite feirme agus FSDN a nascadh. Bheadh gá le hoiriúnuithe (ar an ngníomh dlí, ar an gcóras dlí nó ar na modhanna bailithe) chun críche bunachair shonraí a nascadh faoi gach bunachar sonraí. Dá bhrí sin, fiú má thugtar le FSDN féidearthacht maidir le hidir-inoibritheacht, ní mór bunachair sonraí agus córais eile a bheith ag teacht lena chéile.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an próiseas chun Treoir 2009/128/CE (Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe) 5 a leasú ar siúl faoi láthair. Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún, i measc nithe eile, taifeadadh leictreonach a dhéanamh ar fhaisnéis áirithe maidir le húsáid lotnaidicídí agus bearta neamhcheimiceacha um chosaint na mbarr araon ag úsáideoirí gairmiúla (lena náirítear feirmeoirí). Amach anseo, dá nglacfaí an reachtaíocht, d’fhéadfadh na sonraí sin a bheith mar bhonn chun sonraí lotnaidicídí FSDN a eachtarshuí. D‘fhéadfadh an tAcht um Rialachas Sonraí  COM/2020/767  agus an tAcht Sonraí atá beartaithe (atá faoi phróiseas dlíthiúil faoi láthair) bealaí a oscailt a bheadh le scrúdú ag an ngníomh dlí atá beartaithe, go háirithe maidir le modheolaíochtaí nua chun sonraí a bhailiú agus foinsí nua sonraí i gcomhréir leis an aidhm costais d’fheirmeoirí agus do na Ballstáit a laghdú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh an bunús dlí atá leis na forálacha is gá chun cuspóirí CBT a bhaint amach.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Bunaithe ar an líonra seanbhunaithe sonraí LSCF, beidh an FSDN ina uirlis úsáideach agus éifeachtúil a chuirfidh ar chumas an Aontais rannchuidiú le cuspóirí CBT agus sonraí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus faisnéis do na Ballstáit agus don Aontas Eorpach a chur ar fáil. Ar nós an LSCF, cuirfidh an FSDN suirbhé coiteann agus comhchuibhithe ar fáil chun sonraí ar leibhéal na feirme a bhailiú agus chun sonraí a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais.

Dréachtaíodh an togra le haghaidh an Rialacháin seo chun tacú leis an ualach ar na Ballstáit agus ar fheirmeoirí agus chun an t‑ualach sin a theorannú, agus ag an am céanna cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí ar leibhéal feirme FSDN a áirithiú.

Áirítear comhsheasmhacht agus inchomparáideacht ar na príomhchritéir maidir le sonraí FSDN (lena n‑áirítear sonraí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta). Ní féidir leis na Ballstáit comhsheasmhacht agus inchomparáideacht a bhaint amach mar is gá gan creat Eorpach soiléir a bheith ann, i.e. reachtaíocht de chuid an Aontais lena leagtar amach sainmhínithe coiteanna, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta.

Ní féidir na cuspóirí a bhaint amach ina n‑iomláine más ar a chonlán féin atá gach Ballstát ag gníomhú faoi seach. Is éifeachtaí an ghníomhaíocht a dhéanfaí ar leibhéal an Aontais, í ar bhonn gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais lena n‑áirithítear inchomparáideacht na faisnéise agus na sonraí sna réimsí CBT a chumhdaítear leis an ngníomh atá beartaithe. Idir an dá linn, is fearr gurb iad na Ballstáit a dhéanfaidh na sonraí a bhailiú.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta, mar áiritheoidh sé cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí ar an leibhéal eacnamaíoch, comhshaoil agus feirme sóisialta a bhailítear agus a thiomsaítear trí chineálacha cur chuige comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar fud na mBallstát. Ar an gcaoi chéanna, áiritheofar leis go leanfaidh an líonra de bheith ábhartha agus oiriúnaithe chun freagairt do riachtanais CBT. In éineacht leis an idir-inoibritheacht, beidh bailiú agus úsáid sonraí ar leibhéal feirme níos costéifeachtaí agus saintréithe sonracha chórais na mBallstát á n‑urramú ag an am céanna.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní bhaineann an Rialachán atá beartaithe ach leis an íosmhéid a theastaíonn chun a chuspóir a bhaint amach agus ní théann sé thar an méid atá riachtanach don chuspóir sin.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

I bhfianaise chuspóirí agus ábhar an togra, is é leasú ar an Rialachán atá ann cheana an ionstraim is iomchuí.

Beartais thábhachtacha an Aontais, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, bíonn siad ag brath go mór ar sonraí a bhaineann le leibhéal na feirme aonair ar leibhéal an Aontais atá inchomparáide comhchuibhithe ardcháilíochta. Is fearr is féidir iad sin a áirithiú trí rialacháin atá infheidhme go díreach sna Ballstáit agus nach gá dlí náisiúnta a dhéanamh díobh ar dtús.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh aon mheastóireacht chuimsitheach ar chóras LSCF mar gheall ar a theicniúla atá an tionscnaimh. Mar sin féin, tá staidéir eolaíocha agus tionscadail taighde 6 ann a sholáthraíonn measúnuithe a bhaineann le costais bhailiú shonraí LSCF, a thugann aird ar dhea-chleachtais sna Ballstáit, chomh maith le measúnuithe ar na costais a bhaineann le raon feidhme LSCF a leathnú chuig na gnéithe comhshaoil agus sóisialta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Spreag an tiontú go FSDN gníomhaíochtaí comhairliúcháin 7 a bhí dírithe ar na trí phríomhghrúpaí páirtithe leasmhara a sainaithníodh: (1) soláthraithe sonraí, (2) bailitheoirí sonraí agus (3) úsáideoirí sonraí 8 .

Tar éis comhairliúcháin éagsúla leis na páirtithe leasmhara ábhartha, dealraíonn sé ar an iomlán go bhfuil na ghrúpaí páirtithe leasmhara uile i bhfabhar an tionscnaimh FSDN agus gnéithe sóisialta agus comhshaoil a chur leis na sonraí eacnamaíocha a bhailítear sa LSCF. Cé gur cuireadh tacaíocht láidir in iúl do bhailiú sonraí ar leibhéal na feirme in FSDN chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch na feirmeoireachta mar aon leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta, mheas roinnt freagróirí gur gá an iarracht chun sonraí a bhailiú a roinnt idir na húsáideoirí éagsúla agus gur cheart an t‑ualach riaracháin a bheadh ar sholáthraithe sonraí agus ar bhailitheoirí sonraí a theorannú. Chun an t‑ualach riaracháin ar fheirmeoirí agus ar bhailitheoirí sonraí a theorannú, thug an Coimisiún isteach an coincheap ‘sonraí a bhailiú uair amháin agus iad a úsáid roinnt uaireanta’ chun sonraí a roinnt ar bhealach níos fearr idir lucht riaracháin, údaráis staidrimh agus comhlachtaí príobháideacha. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún freisin cur leis na costais tosaigh a bhaineann le coigeartuithe na mBallstát sa phróiseas comhshóite FSDN.

Chuir soláthraithe sonraí agus bailitheoirí sonraí in iúl go raibh imní orthu faoi phríobháideachas na sonraí a soláthraíodh, agus bhí drogall ar fheirmeoirí faisnéis den sórt sin a chomhroinnt. Dá bhrí sin, sa togra reachtach, threisigh an Coimisiún na rialacha aonair maidir le cosaint sonraí.

Roinn bailitheoirí sonraí a n‑imní maidir le neamhthoil feirmeoirí dul i ngleic leis na cleachtaí bailithe sonraí, fadhbanna a bhaineann le feirmeacha nua a earcú agus feirmeacha atá rannpháirteach a chailliúint. Molann an Coimisiún, ina thionscnamh FSDN, aiseolas a thabhairt d’fheirmeoirí (e.g. trí chomhairle shaincheaptha, tuarascálacha feidhmíochta/tagarmharcanna) agus molann an Coimisiún freisin foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid ar fheirmeoirí freagra a thabhairt ar shuirbhé FSDN, mar is amhlaidh atá i gcás suirbhéanna staidrimh.

Chuir formhór na soláthraithe sonraí a dtuairimí in iúl go mbeadh sé ábhartha dóibh cúiteamh airgeadais a fháil as páirt a ghlacadh i mbailiú sonraí FSDN. Sa tionscnamh, molann an Coimisiún go bhféadfadh na Ballstáit dreasachtaí éagsúla a shocrú d’fheirmeoirí a bheith rannpháirteach sa líonra sonraí, ranníocaíochtaí airgeadais san áireamh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chun togra FSDN a ullmhú, chuathas i gcomhairle le comhaltaí Choiste LSCF agus leis na Meithleacha sonracha.

Measúnú tionchair

9 I bhfianaise a theicniúil is atá an tionscnamh agus an rogha beartais teoranta atá ag an gCoimisiún, measadh nach raibh gá le measúnú tionchair. Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann le tograí reachtacha 2018 maidir le CBT i ndiaidh 2020, an gá le foinsí sonraí atá ann cheana a oiriúnú agus a neartú chun go mbeidh siad in oiriúint níos fearr leis an mbeartas nua, chomh maith leis an ngá atá ann le feabhas a chur ar cháilíocht sonraí go háirithe i ndáil le táscairí a bhaineann leis an agra-chomhshaoil, leis an mbithéagsúlacht agus leis an aeráid. Moladh sa mheasúnú tionchair freisin go leathnófaí an méid a chlúdaíonn an LSCF chun an ionadaíocht is fearr is féidir a chur ar fáil d’fheirmeacha dírithe ar an margadh. Sonraíodh freisin go bhféadfadh gá a bheith ann le hathbhreithniú i gcás athróga sa tuairisceán feirme (agus moltaí thionscadal FLINT á gcur san áireamh freisin) agus maidir leis an gcaoi a neagraítear rannpháirtíocht thairbhithe CBT i mbailiú sonraí LSCF.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Chun an LSCF a thiontú go dtí an FSDN, measadh gur cuid lárnach den tionscnamh an simpliú agus an t‑ualach a laghdú, in éineacht leis an inbhuanaitheacht. Is é an aidhm a bhí leis na réimsí a shainaithint inar féidir modhanna bailithe sonraí a shimpliú agus na costais a laghdú dá réir sin.

Ar an gcéad dul síos, ní mór a aithint go bhfuil na modhanna bailithe sonraí an‑éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, mar is féidir leo an modh is oiriúnaí chun sonraí LSCF ar leibhéal feirme a bhailiú a roghnú. Ina theannta sin, níl aon fhorléargas mionsonraithe ann ar mhodh/mhodhanna bailithe sonraí gach Ballstáit mar aon le costais mhionsonraithe agus forléargas ar an ualach. Dá bhrí sin, cuireadh san áireamh na staidéir agus na tionscadail is déanaí (tá forléargas orthu ar fáil thíos) chomh maith leis na torthaí ábhartha a bhí ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin don simpliú agus don laghdú ualaigh seo. I bhfianaise an méid sin, moltar bealaí áirithe simplithe agus laghdaithe ualaigh thíos. I ndeireadh na dála, áfach, is faoi na Ballstáit a bheidh sé an bealach/na bealaí is oiriúnaí a roghnú in éineacht le modh(anna) bailithe sonraí FSDN chun athróga breise comhshaoil agus sóisialta a bhailiú.

1. Rinneadh an staidéar ‘Costas agus dea-chleachtais bailithe sonraí LSCF’ agus foilsíodh é in 2015 10 . Ba é príomhchuspóir an staidéir seo scrúdú a dhéanamh ar na modhanna agus na costais sna Ballstáit le haghaidh bhailiú shonraí LSCF, ag cur san áireamh úsáid sonraí chun tairbhe d’fheirmeoirí a bheidh rannpháirteach agus ceapadh beartas níos fearr. Deimhníonn torthaí an staidéir sin nach bhfuil aon mhodh aonfhoirmeach ann chun sonraí LSCF a bhailiú; Roghnaíonn na Ballstáit a mbealach féin chun na sonraí a bhailiú. Mar thoradh air sin, tá éagsúlacht mhór idir na costais a bhaineann le sonraí LSCF a bhailiú ó Bhallstát go Ballstát 11 . Soláthraíonn an staidéar trí phríomhthosca de dhifríocht costais:

1) méid agus oiread den shampla LSCF (e.g. Málta, bailíonn sé sonraí ó 536 gabháltas talmhaíochta, ach bailíonn an Pholainn sonraí ó 12,100),

2) na modhanna éagsúla arna gcur i bhfeidhm chun suirbhé ar shonraí LSCF a bhailiú (e.g. sonraí arna mbailiú go díreach ag gníomhaireacht idirchaidrimh LSCF nó trí chuideachtaí cuntasaíochta príobháideacha arna fhostú) agus

3) tosca seachtracha amhail leibhéil éagsúla pá idir na Ballstáit agus meánmhéideanna na feirme éagsúla laistigh de réimse bhreathnóireacht an LSCF.

Is féidir leis an rogha modheolaíochta bailithe sonraí costais níos airde a eascraíonn as leibhéil níos airde pá agus as scála feirme méadaithe a fhritháireamh go pointe áirithe ar a laghad. Is ó chuntais atá ann cheana (a tháirgtear ar chostas príobháideach) a thagann an fhoirm is éifeachtúla de bhailiú sonraí i dtéarmaí costais phoiblí. Ag an am céanna, is cosúil nach bhfuil an modh seo chomh solúbtha agus is féidir. I gcás nach bhfuil sonraí comhshaoil agus sóisialta ar fáil faoi chuntais reatha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le coigeartuithe nó le hathruithe ar an modh bailithe sonraí le haghaidh FSDN. Ar deireadh, sonraíonn an staidéar nach bhfuil tionchar ollmhór ag athróg bhreise a chur leis nó a scriosadh ar an gcóimheas idir na costais iomlána a bhaineann le bailiú sonraí in aghaidh líon na n‑athróg. Agus an creat córais bunaithe, is costais sheasta iad na costais bhliantúla den chuid is mó (a bhaineann le suirbhé a chur ar bun agus a reáchtáil, lena n‑áirítear acmhainní daonna, oiliúint, córas TF) agus is costais bheaga iad costais shonracha athraitheacha (e.g. treoracha a thabhairt cothrom le dáta, cód sonrach a chur leis).

2. Le tionscadal taighde FLINT 12 , sainmhíníodh táscairí ar leibhéal na feirme chun feabhas a chur ar an measúnú beartais (i measc nithe eile) ar thras-chomhlíonadh, agus ar inbhuanaitheacht agus nuálaíocht sa CBT. Rinneadh bailiú sonraí maidir leis na táscairí sin a nascadh leis an LSCF i líonra píolótach i roinnt tíortha Eorpacha. Le torthaí an tionscadail sin 1) deimhnítear gur uirlis éifeachtúil agus oiriúnach é an córas LSCF chun sonraí breise ar leibhéal comhshaoil agus feirme sóisialta a bhailiú; 2) cuirtear ar fáil bonn fianaise eolaíoch láidir mar aon le liostaí d’athróga nua féideartha, samplaí de conas sonraí a bhailiú do na hathróga nua, agus scrogaill maidir le cur i bhfeidhm 13 agus sochair anailíseacha 14 a aithint.

3. Is nuashonrú ar dhá staidéar a ndearnadh cur síos orthu roimhe seo an staidéar ar na costais a bhaineann le LSCF a shíneadh go FSDN 15 . Cuireann sé ar fáil anailís bhreise ar chostais chun ‘sonraí FLINT 16 ’ a chur leis an tacar sonraí LSCF atá ann faoi láthair. Measann sé gurb ionann meánchostas san Aontas ar shonraí LSCF a bhailiú agus EUR 750 in aghaidh an tuairisceán feirme, ach go méadódh na costais a bhaineann le síneadh go FSDN (trí shonraí uile FLINT a chur leis) go EUR 1040 in aghaidh an tuairisceán feirme, i.e. méadú de thart ar 40 %. Deimhníodh sa staidéar sin torthaí ón staidéar a rinneadh in 2015 ina léirítear difríochtaí móra idir tíortha maidir leis na costais reatha LSCF a bhaineann le bailiú sonraí chomh maith leis na costais bhreise a bhfuiltear ag súil leo a bhaineann le tiontú go FSDN. Deimhníodh sa staidéar freisin gur bhailigh Ballstáit áirithe athróga áirithe maidir le hinbhuanaitheacht a bheidh i gceist sa FSDN, cé nach ndearna Ballstáit eile é seo, agus go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, go mbeadh costais tionscnaimh níos airde acu. Dá bhrí sin, níl caiteachas iomlán bailithe sonraí inchomparáide go díreach idir na Ballstáit. I ndeireadh na dála, taispeánann na hathruithe measta réimse leathan costas i dtíortha éagsúla amhail Éire (+10 %) agus an Ísiltír (+11 %) go dtí an Fhrainc (+124 %) agus Málta (+225 %) 17 . Mar sin féin, ní mór a chur leis seo, go náirítear i ríomh na gcostas seo na 70 athróg uile a chur leis mar a fhoráiltear sa tionscadal FLINT, cé nach bhfuil sé d’aidhm ag an tiontú atá beartaithe go FSDN oiread le 70 athróg a chur leis agus go gcuirfear athróga leis de réir a chéile le himeacht ama. Ar dtús, déanfar an síneadh chuig an FSDN de réir a chéile. Ar an dara dul síos, de réir an mheastacháin tosaigh, mheasfadh an síneadh raon idir 5 agus 25 athróg nua a bheith ann, go ndéanfaí tuilleadh measúnaithe air leis an anailís leanúnach don treoirthionscadal a bhfuil tuairisc air i bpointe 4 thíos, agus go gcuirfí san áireamh freisin éabhlóid an chreata dhlíthiúil tar éis na straitéisí Ón bhfeirm go dtí an Forc agus Bithéagsúlacht. Ina theannta sin, ní chuirtear san áireamh sa staidéar na buntáistí a eascraíonn as an bpróiseas simplithe ná na hidirnaisc agus comhroinnt sonraí le bunachair shonraí eile. Mar thoradh air sin, is féidir costais a bhaineann leis an síneadh FSDN a mheas i bhfad níos ísle ná mar atá sa staidéar atá luaite.

4. Déanfaidh treoirthionscadal leanúnach 18 anailís agus soláthrófar leis sin faisnéis mhionsonraithe maidir le hathróga inbhuanaitheachta agus foinsí sonraí do gach Ballstát. Mar a luadh cheana, braitheann na modhanna bailithe sonraí ar rogha an Bhallstáit. Dá bhrí sin, tabharfaidh an treoirthionscadal seo measúnú ar an modh/na modhanna bailithe sonraí a chuirfear i bhfeidhm chun sonraí inbhuanaitheachta a bhailiú do gach Ballstát agus taispeánfaidh sé conas a nasctar iad (nó conas is féidir) iad a nascadh le córas bailithe sonraí LSCF. Tabharfar tuairisc sna torthaí ar an staid i ngach Ballstát agus tabharfar meastachán réasúnta ar an ualach riaracháin agus ar na costais a bhaineann lena mbailiú sonraí 19 . Cuirfidh na torthaí sin go díreach leis an obair ar reachtaíocht thánaisteach a bhaineann leis an FSDN.

Tá sé mar aidhm leis an togra FSDN costais agus ualach riaracháin a laghdú d’fheirmeoirí agus do na Ballstáit go fadtéarmach. Bunaithe ar thorthaí agus ar anailís, cuirtear na gnéithe seo a leanas san áireamh sa togra:

(1)Ag cur le bunús maith. Má bhailítear sonraí inbhuanaitheachta, cibé acu laistigh nó lasmuigh de LSCF, ginfear costais. Is rogha níos costéifeachtaí é úsáid a bhaint as córas LSCF atá seanbhunaithe cheana féin agus a líonra chun sonraí breise ar leibhéal comhshaoil agus feirme sóisialta a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar bheartas an Aontais, seachas bunachar sonraí ar leithligh agus breise a bhunú. Is ceanglas faoi bheartas an Aontais iad sonraí eacnamaíocha LSCF. Dá bhrí sin, beidh costais agus ualaí fós ann a bhaineann le LSCF a chothabháil agus a fheabhsú. Ina theannta sin, bheadh baol níos mó ann go laghdófaí ábharthacht LSCF fíor-eacnamaíoch.

(2)Athruithe le himeacht ama. Is próiseas é an tiontú go dtí an FSDN a thógfaidh roinnt ama. Cé go meastar gurb é 2025 an chéad bhliain a bhaileofar sonraí nua, beidh líon na nathróg nua teoranta ar dtús. Sa réamhmheastachán tosaigh, meastar go mbeadh líon na nathróg nua idir 5 agus 25.

(3)Tá an idir-inoibritheacht ina cabhair. Spreagfaidh an FSDN athúsáid sonraí atá ar fáil cheana féin i mbunachair sonraí agus foinsí eile (e.g. naisc le CCRR, bunachair sonraí ábhartha eile de chuid na noifigí staidrimh náisiúnta). I gcomhthéacs níos faide, laghdóidh sé sin na costais a bhaineann le bailiú sonraí do na Ballstáit, agus ag an am céanna laghdóidh sé ualach na bhfeirmeoirí (i.e. sonraí feirme a bhailiú uair amháin, iad a úsáid níos mó ná uair amháin).

(4)Modhanna bailithe sonraí nua-aimseartha agus digiteacha a úsáid. Leis an FSDN, cuirfear chun cinn uirlisí malartacha, nua-aimseartha agus digiteacha chun sonraí a bhailiú. Léirigh simpliú an LSCF agus scagadh nuachóirithe, réimsí áirithe ina bhféadfadh laghdú costais agus ualaigh a bheith ann trí úsáid a bhaint as uirlisí nua-aimseartha (e.g. a bhaineann le geoshuíomh). Ina theannta sin, trí shonraí a bhailiú go cianda (e.g. satailítí, braiteoirí, tomhas) agus iad a nascadh le sonraí riaracháin eile atá ar fáil, is féidir na costais agus an tualach ar na Ballstáit agus ar na feirmeoirí araon a laghdú tuilleadh (e.g. costais a laghdú toisc nach mbeidh gá le níos lú teagmhála le feirmeoirí, athúsáid na faisnéise atá ar fáil cheana féin). Déanfar tuilleadh oibre mionsonraithe nuair a dhéanfar athbhreithniú ar an reachtaíocht thánaisteach.

(5)Bailiú gach bliain nó go tréimhsiúil. Tá sé beartaithe ag tionscnamh FSDN idirdhealú a dhéanamh idir bailiú bliantúil agus bailiú sonraí tréimhsiúla (gach cúpla bliain), toisc nach mbeadh gá roinnt athróg a bhailiú gach bliain. Dá bhrí sin, sábhálfar roinnt costas leis an gcur chuige sin agus táthar ag súil go gcuideoidh tréimhse ama níos faide do na bailiúcháin thréimhsiúla le pleanáil níos fearr a dhéanamh ar na bailiúcháin sonraí sin.

(6)Tacaíocht airgeadais do na Ballstáit agus d’fheirmeoirí. Cuidíonn buiséad an Aontais cheana féin le sonraí LSCF a bhailiú, tríd an táille chaighdeánach an Aontais. Maidir leis an FSDN, chun cuidiú leis na Ballstáit na costais tosaigh de bharr an chomhshó a chumhdach, tá sé beartaithe go rannchuideoidh buiséad an Aontais ó thaobh airgeadais le córais na mBallstát a chur ar bun agus a nuachóiriú. Ina theannta sin, chun feirmeoirí atá rannpháirteach sa líonra sonraí a dhreasú, beidh cead ag na Ballstáit íoc as sonraí a sholáthar d’fheirmeoirí. San am céanna, beidh FSDN ag teacht leis na rialacha staidrimh i gcás ina bhfuil oibleagáid ar fheirmeoir freagra a thabhairt ar shuirbhé.

Mar achoimre air sin, léirítear sa mheasúnú thuasluaite go gcruthóidh an tiontú go FSDN costais bhreise agus ualach éigin 20 , i gcás na mBallstát den chuid is mó, sa tréimhse ghairid. Baineann siad sin go príomha le céim thosaigh an phróisis tiontaithe, áit a bhféadfadh sé go mbeadh gá le modhnuithe áirithe a dhéanamh ar mhodhanna bailithe sonraí agus/nó ar choigeartú TF i roinnt Ballstát. San fhadtéarma, áfach, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chostais agus ar ualaí do na Ballstáit agus d’fheirmeoirí araon.

Cearta bunúsacha

Feabhsaíonn an togra cosaint na gceart bunúsach a bhaineann le neartú rialacha aonair maidir le cosaint sonraí, rud a fheabhsaíonn comhlíonadh Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Sonraítear in Airteagal 19 de Rialachán 1217/2009 go gcumhdaítear costais TF an Choimisiúin le buiséad an Aontais chomh maith leis an ranníocaíocht bhliantúil (táille chaighdeánach an Aontais) lena gcumhdaítear cuid de chostais bhailiú sonraí na mBallstát. Tugtar faoi deara go bhfuil méadú beag tagtha ar tháille chaighdeánach an Aontais le 12 bliain anuas 21 . Níor chumhdaigh an méadú sin an boilsciú go hiomlán le linn na tréimhse sin, áfach. Ina theannta sin, measadh nach gcumhdaíonn ranníocaíocht an Aontais ach suas le 30 % de chostais bailithe sonraí na mBallstát 22 .

Maidir le buiséad an Aontais, is é is aidhm don togra FSDN an raon feidhme reatha a leathnú agus a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)buiséid ar leithligh ag suirbhéanna rialta agus speisialta,

(2)lena bhféadfar bunú agus nuachóiriú a dhéanamh ar chórais bailithe sonraí FSDN na mBallstát agus a gcoigeartuithe TF a mhaoiniú,

(3)rannpháirtíocht feirmeacha a dhreasú trí leithdháileadh éagsúil táillí a cheadú do Bhallstáit i ndáil le luach caighdeánach aschuir an ghabháltais,

(4)cead a thabhairt do na Ballstáit dreasachtaí a shocrú d‘fheirmeoirí a bheith rannpháirteach sa líonra sonraí trí ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil, mar shampla, d’fheirmeoirí.

Ar an iomlán, is ionann buiséad LSCF an Aontais 2022 agus EUR 16.7 milliún. Tá sé beartaithe go méadófar buiséad FSDN chun na síntí thuasluaite ar an raon feidhme a chumhdach. Mar sin féin, ós rud é go mbraitheann an méid deiridh go láidir ar chruth agus ar shonraí na reachtaíochta tánaistí, ní féidir an méid sin a mheasúnú go hiomlán ag an gcéim seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Meastar go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an rialachán atá beartaithe a luaithe is féidir agus go nglacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme tamall gearr ina dhiaidh sin. Beidh an rialachán infheidhme go díreach sna Ballstáit uile gan aon ghá le plean cur chun feidhme.

Beidh ar na Ballstáit sonraí a chur ar fáil don Choimisiún ó 2026 ar aghaidh (don bhliain chuntasaíochta 2025).

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá feidhm ag an leasú atá beartaithe maidir le hAirteagail 1, 2, 3, 4, 5, 5a, 5b, 6, 7, 8, 16, 17, 19, 19a, de Rialachán (AE) 1217/2009, chun LSCF a thiontú ina FSDN trí raon feidhme an bhailithe sonraí a leathnú chun an ghné chomhshaoil agus shóisialta a chumhdach chomh maith leis an ngné eacnamaíoch; tríd an tacar sonraí reatha a shimpliú agus a nuachóiriú; trí fheirmeoirí a spreagadh páirt a ghlacadh sa líonra sonraí; agus trí chabhrú leis na Ballstáit leis an bpróiseas bailithe sonraí (e.g. idirnaisc le bunachair sonraí ábhartha eile, rannchuidiú a sholáthar chun chur leis an bpróiseas tiontaithe).

2022/0192 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 23 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 24 ,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá gá le faisnéis oibiachtúil ábhartha maidir le feidhmíocht agus inbhuanaitheacht ghabháltais talmhaíochta an Aontais chun earnáil talmhaíochta an Aontais agus an comhbheartas talmhaíochta a fhorbairt. Bunaíodh an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle 25 .

(2)Sa mheasúnú tionchair ón gCoimisiún a thacaíonn leis na tograí reachtacha 2018 maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) i ndiaidh 2020 26 , aithníodh an gá le bailiú sonraí ar leibhéal na feirme a fheabhsú.

(3)I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol’ (‘an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc’), d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN), d’fhonn sonraí ar leibhéal na feirme maidir le hInbhuanaitheacht a bhailiú. Rannchuideoidh an tiontú freisin le feabhas a chur ar sheirbhísí comhairleacha d’fheirmeoirí agus le feidhmíocht feirme a thagarmharcáil.

(4)Déantar inbhuanaitheacht gabháltas talmhaíochta a mheasúnú faoi chuimsiú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, i dtrí réimse go háirithe: cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí comhshaoil agus cúrsaí sóisialta. Faoi láthair, bailítear sonraí den chuid is mó chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe eacnamaíocha de ghabháltais talmhaíochta, cé go bhfuil gá le measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhoriomlán an ghabháltais, lena náirítear sonraí comhshaoil atá nasctha le hithir, aer, uisce agus bithéagsúlacht, chomh maith le sonraí a chumhdaíonn gné shóisialta na feirmeoireachta. Leis an tiontú go FSDN beifear in ann tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht feirme i gcomparáid le meáin réigiúnacha, náisiúnta agus earnálacha. Maidir le sonraí cuntasaíochta, is foinse bhunúsach iad cuntais gabháltas talmhaíochta d’aon mheasúnú ar ioncaim ar ghabháltais talmhaíochta nó do staidéar ar a noibriú gnó. Féadfar an fhaisnéis a bhailítear a úsáid freisin chun seirbhísí comhairleacha pearsantaithe a sholáthar d’fheirmeoirí chun inbhuanaitheacht na ngabháltas talmhaíochta a fheabhsú.

(5)Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach trí bhíthin líonra de chuid an Aontais chun sonraí inbhuanaitheachta feirme a bhailiú (dá ngairtear ‘líonra sonraí’ anseo feasta), bunaithe ar bhailitheoirí sonraí atá i ngach Ballstát, a bhfuil muinín na bpáirtithe lena mbaineann astu. Ba cheart do na Ballstáit nó d’údaráis náisiúnta fhreagracha féachaint le modhanna bailithe sonraí a nuachóiriú a mhéid is féidir. Chun an tualach ar fheirmeoirí agus ar bhailitheoirí sonraí a laghdú, cleachtas arb é is aidhm dó dúbláil iarrataí ar shonraí a sheachaint agus tacar sonraí FSDN a shaibhriú, ba cheart an prionsabal maidir le sonraí a bhailiú uair amháin agus athúsáid a bhaint astu níos mó ná uair amháin a chur i bhfeidhm. Déanfar an Treoir maidir le Sonraí Oscailte 27 a mheas. Ba cheart úsáid réiteach digiteach a chur chun cinn, lena náirítear athúsáid sonraí agus comhroinnt sonraí le foinsí eile. Ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí síneadh a chur leis an gcóras atá bunaithe go heisiach ar oifigí cuntasaíochta feirme chun athróga comhshaoil agus sóisialta a bhailiú agus go bhféadfaí an bailiú sonraí a bhunú ar shuirbhéanna rialta agus ar shuirbhéanna speisialta ag brath ar na riachtanais faisnéiseacha.

(6)Maidir le réimse an tsuirbhé a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, coinneofar na príomhchritéir le haghaidh ionadaíochas na sonraí cuntasaíochta agus na critéir roghnúcháin le haghaidh suirbhéanna rialta, agus tuilleadh faisnéise maidir leis na gnéithe eile den inbhuanaitheacht á cur leo agus á chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh an suirbhé a thiocfaidh as sin ionadaíoch i ndáil le hathróga comhshaoil nó sóisialta. Ag brath ar an ngá atá ann faisnéis den sórt sin a bhailiú, féadfar suirbhéanna speisialta a eagrú de réir critéar éagsúil roghnúcháin agus de réir tréimhsiúlachta éagsúla, lena náirítear suirbhéanna ad hoc nó tréimhsiúla (gach cúpla bliain).

(7)Agus sonraí á seoladh maidir le gabháltais chuntasaíochta ar leibhéal an Aontais, ba cheart do na Ballstáit aitheantas feirme a sholáthar chun sainaithint ar leibhéal na feirme a chumasú chun comhroinnt sonraí ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Tá sé mar chuspóir leis an malartú faisnéise sin feabhas a chur ar an gcumas anailís a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta.

(8)I gcás ina roinnfidh an Coimisiún nó na gníomhaireachtaí idirchaidrimh sonraí aonair, tá sé ríthábhachtach cosaint sonraí a ráthú agus dearbhú a thabhairt d’fheirmeoirí go ndéanfar a sonraí agus na sonraí aonair eile go léir a gheofar de bhun an Rialacháin seo a anaithnidiú nó a chur faoi ainm bréige chun sainaithint na sonraí sin a sheachaint, lena gcumhdófar daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon.

(9)Ba cheart na sonraí a bhailiú ar leibhéal an Bhallstáit agus ba cheart iad a chur faoi ainm bréige leis an uimhir aitheantais. Níor cheart ach sonraí faoi bréige a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a fhoráil nach bhféadfar rochtain ar na sonraí sin a sholáthar ach do na húdaráis inniúla i gcásanna sonracha agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Ba cheart na nósanna imeachta atá le leanúint agus na coinníollacha atá le comhlíonadh chun rochtain a fháil ar shonraí i gcomhréir le ceanglais riachtanais agus comhréireachta a shainiú leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, agus go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(10)Ba cheart na bearta uile is gá a dhéanamh chun díanaithnidiú agus ainmneacha bréige a chur ar neamhní a sheachaint ach d’fhéadfadh sé tarlú go bhféadfaí sonraí a nochtadh de bharr taighde breise agus nochtadh sonraí breise nach bhfuil neart ag an gCoimisiún air. I gcásanna den sórt sin, ba cheart sonraí a mheas mar shonraí pearsanta agus ba cheart feidhm a bheith ag Rialacháin (AE) 2016/679 28 agus (AE) 2018/1725 29 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Bailítear sonraí maidir le gabháltais talmhaíochta, gan aird a thabhairt ar úinéireacht daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Dá bhrí sin, ba cheart ráthaíochtaí cosanta sonraí a leathnú chuig daoine dlítheanacha. Thairis sin, de réir mar a bhaineann sé le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ba cheart prionsabail Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 30 a chomhlíonadh.

(11)Chun cosaint sonraí a áirithiú, ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le bainistiú sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar na heilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 chun na rialacha maidir leis an bpróiseas bainistithe sonraí a chur san áireamh ann, go háirithe aitheantas feirme, stóráil sonraí, cáilíocht agus bailíochtú sonraí, úsáid sonraí, rochtain ar shonraí príomhúla agus tarchur sonraí príomhúla, sonraí príomhúla a phróiseáil, sonraí a chomhcheangal le foinsí sonraí eile, nós imeachta chun a áirithiú go mbeidh sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe ar fáil, córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí, athbhreithniú ar dhiúltú sonraí a chur ar fáil, oibleagáidí d’úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha agus páirtithe leasmhara eile.

(12)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a chur chun feidhme, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le bainistiú sonrach suirbhéanna rialta agus suirbhéanna speisialta, agus maidir le rialacha sonracha cosanta sonraí.

(13)Le raon feidhme méadaithe an FSDN, is gá rialacha maidir leis an mbuiséad a oiriúnú, lena náirítear bainistíocht dhifreáilte le haghaidh suirbhéanna rialta agus speisialta. Ba cheart bunú agus nuachóiriú chórais na mBallstát a mhaoiniú le buiséad an Aontais chun é a ailíniú le raon feidhme agus bainistiú athbhreithnithe FSDN. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le leithdháileadh a bhaineann le luach caighdeánach aschuir an ghabháltais talmhaíochta. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit dreasachtaí a shocrú d’fheirmeoirí a bheidh rannpháirteach sa líonra sonraí, amhail ranníocaíocht airgeadais, aiseolas ar fheidhmíocht feirme le béim ar chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a fheabhsú, nó comhairle spriocdhírithe bunaithe ar fhaisnéis FSDN.

(14)Ós rud é go mbíonn fadhbanna ag roinnt Ballstát maidir le rannpháirtíocht na bhfeirmeoirí sa líonra sonraí, chuir cuid acu córas LSCF san áireamh cheana féin faoi staidreamh náisiúnta lena gcuirtear oibleagáid ar fheirmeoirí an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Nuair a roghnaítear iad mar ghabháltas cuntasaíochta, ba cheart d’fheirmeoirí na sonraí a sholáthar; ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil gabháltais chuntasaíochta nach gcomhlíonann oibleagáid den sórt sin.

(15)Ba cheart ainm an Choiste Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a mhodhnú chun na hathruithe ar an Rialachán seo a léiriú. Ba cheart, áfach, go leanfadh an Coiste atá ann faoi láthair a bheith ann leis na feidhmeanna céanna, chun raon feidhme nua an líonra sonraí a chur in oiriúint.

(16)    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 mar a leanas:

(1)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Rialacháin:

‘Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí inbhuanaitheachta a bhailiú maidir le hioncaim agus le gabháltais talmhaíochta san Aontas’;

(2)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil I:

‘LÍONRA SONRAÍ UM INBHUANAITHEACHT FEIRME AONTAIS A CHRUTHÚ’;

(3)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

1. Bunaítear líonra sonraí um inbhuanaitheacht feirme de chuid an Aontais (‘FSDN’ nó ‘líonra sonraí’) chun sonraí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta ar leibhéal feirme a bhailiú.

2. Leis na sonraí a gheofar de bhun an Rialacháin seo, rannchuideofar le measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht thalmhaíocht an Aontais Eorpaigh.

3. Cuirfear sonraí FSDN ar fáil go poiblí ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le Rialacháin (AE) 2016/679* agus 2018/1725**.

4. I gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh próiseáil, bainistiú agus úsáid na sonraí a bhailítear faoin Rialachán seo Rialacháin (AE) 2016/679, (AE) 2018/1725 agus (CE) 223/2009***.’;

*    Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

**    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

***    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).’;

(4)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

   ‘Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn ‘feirmeoir’ an duine nádúrtha atá freagrach as bainistiú laethúil gabháltais talmhaíochta;

(b) ciallaíonn ‘gabháltas’ gnó feirme i gcomhréir lena úsáid ghinearálta i gcomhthéacs suirbhéanna agus áirimh talmhaíochta san Aontas;

(c) ciallaíonn ‘catagóir gabháltais’ grúpa gabháltas talmhaíochta a bhaineann leis na catagóirí céanna maidir leis an gcineál feirmeoireachta agus méid eacnamaíoch mar a shainítear i dtípeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta a shainítear in Airteagal 5b;

(d) ciallaíonn ‘tuairisceán feirme’ an ceistneoir a líonadh le sonraí gabháltais talmhaíochta de réir mhodheolaíocht choiteann FSDN;

(e) ciallaíonn ‘gabháltas cuntasaíochta’ aon ghabháltas talmhaíochta a dhéanann tuairisceáin feirme chun críocha an líonra sonraí;

(f) ciallaíonn ‘roinn Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme’ nó ‘roinn FSDN’ críoch Ballstáit, nó aon chuid di a theormharcáiltear d’fhonn gabháltais chuntasaíochta a roghnú;

(g) ciallaíonn ‘sonraí FSDN’ sonraí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta ar leibhéal na feirme a bhaineann le gabháltais talmhaíochta a dhíorthaítear ó chuntais, agus/nó ó fhoinsí sonraí eile a bhailítear go córasach agus go rialta;

(h) ciallaíonn ‘aschur caighdeánach’ luach caighdeánach d’olltáirgeacht;

(i) ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, áfach, lena leathnaítear cosaint chuig leasanna dlisteanacha feirmeoirí ar daoine dlítheanacha iad;

(j) ciallaíonn ‘aitheantas feirme’ an uimhir aitheantais uathúil do ghabháltas aonair, maidir le próiseáil sonraí faoin Rialachán seo;

(k) ciallaíonn ‘próiseáil sonraí’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí daoine, de réir Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1725;

(l) ciallaíonn ‘sonraí príomhúla’ na sonraí a bhaineann le feirmeacha aonair, daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó samplaí aonair;

(m) ciallaíonn ‘meiteashonraí’ sonraí lena dtugtar faisnéis cháilíochtúil nó chainníochtúil faoi na sonraí príomhúla a bailíodh;

(n) ciallaíonn ‘sonraí anaithnidithe’ sonraí atá bunaithe ar shonraí príomhúla i bhfoirm a fhágann nach féidir daoine nádúrtha ná daoine dhlítheanacha a aithint go díreach ná go hindíreach astu;

(o) ciallaíonn ‘sonraí faoi ainm bréige’ sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith duine ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha nó dlítheanach atá sainaitheanta nó in‑sainaitheanta;

(p) ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe’ an t‑aschur a thagann as achoimre a dhéanamh ar na sonraí príomhúla nó mionsonraithe chun críocha sonracha anailíse.’;

(5)    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2a

Leagtar liosta de ranna FSDN amach in Iarscríbhinn I.’;

(6)    in Airteagal 3, cuirtear an téarma ‘FSDN’ in ionad ‘LSCF’;

(7)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

‘SONRAÍ CHUN IONCAIM GABHÁLTAS TALMHAÍOCHTA A CHINNEADH AGUS CHUN FAISNÉIS INBHUANAITHEACHTA EILE A BHAILIÚ’;

(8)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

1. Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bailiú sonraí cuntasaíochta agus sonraí inbhuanaitheachta eile. Baileofar na sonraí FSDN trí bhíthin suirbhéanna rialta agus speisialta.

2. Féadfaidh an t‑údarás inniúil le haghaidh FSDN foinsí sonraí eile a úsáid chun sonraí a bhailiú agus a athúsáid chun suirbhéanna FSDN a fhothú.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an bpróiseas bainistithe sonraí a chur san áireamh ann, go háirithe aitheantas feirme, stóráil sonraí, cáilíocht agus bailíochtú sonraí, úsáid sonraí, rochtain ar shonraí príomhúla agus tarchur sonraí príomhúla, sonraí príomhúla a phróiseáil, sonraí a chomhcheangal le foinsí sonraí eile, nós imeachta chun a áirithiú go mbeidh sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe ar fáil, córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí, athbhreithniú ar dhiúltú sonraí a chur ar fáil, oibleagáidí d’úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha agus páirtithe leasmhara eile.    

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena dtabharfar cothrom le dáta foirm agus ábhar suirbhéanna coiteanna rialta agus speisialta chomh maith le modhanna agus ceanglais chun sonraí a athúsáid agus a chomhroinnt. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).’;

(9)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

1. Le réimse an tsuirbhé cumhdófar na gabháltais talmhaíochta atá de thoise eacnamaíoch atá cothrom le, nó níos mó ná, tairseach arna sloinneadh in euro a chomhfhreagraíonn do cheann de na híosteorainneacha aicmí toise eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta a shainítear in Airteagal 5b.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 19a, lena bhforlíonfar an Rialachán seo leis na rialacha faoin tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shocrú.

Glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfáil ó Bhallstáit, gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).

2. Déanfaidh gabháltas talmhaíochta an méid seo a leanas chun cáiliú mar ghabháltas cuntasaíochta:

(a) beidh sé cumhdaithe ag réimse an tsuirbhé dá dtagraítear i mír 1;

(b) beidh sé ionadaíoch, i gcomhar leis na gabháltais eile agus ar leibhéal gach roinne FSDN, don suirbhé allamuigh.

3. Is é gabháltas talmhaíochta a bheidh cáilithe mar ghabháltas cuntasaíochta sa phlean do roghnú na ngabháltas cuntasaíochta a sholáthróidh na sonraí a iarradh.

4. Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhféadfadh neamhchomhlíonadh mhír 3 a bheith ann.’;

(10)    Leasaítear Airteagal 5a mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

‘Tarraingeoidh gach Ballstát plean suas maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta lena áiritheofar sampla ionadaíoch de réimse an tsuirbhé, lena n‑áirítear suirbhéanna rialta agus suirbhéanna speisialta nuair is ábhartha.’;

(b)    i míreanna 2 agus 3, cuirtear an téarma ‘FSDN’ in ionad ‘LSCF’;

(11)    in Airteagal 5b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfar gabháltais talmhaíochta a aicmiú ar bhealach aonfhoirmeach de réir thíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta, amhail an cineál feirmeoireachta, an méid eacnamaíocht atá acu agus an tábhacht atá le gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leo.

Úsáidfear an tíopeolaíocht do ghabháltais talmhaíochta go háirithe chun sonraí a chur i láthair, de réir cineál feirmeoireachta agus de réir aicme méid eacnamaíoch, arna mbailiú ó shuirbhéanna struchtúr feirme an Aontais agus ó FSDN.’;

(12)    Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Bunóidh gach Ballstát coiste náisiúnta le haghaidh an líonra sonraí (dá ngairtear ‘an Coiste Náisiúnta’ anseo feasta).’;

(b) i mír 4, cuirtear an téarma ‘FSDN’ in ionad ‘LSCF’;

(13)    in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Ceapfaidh gach Ballstát gníomhaireacht idirchaidrimh a mbeidh sé de chúram uirthi an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) an Coiste Náisiúnta, na Coistí Réigiúnacha agus bailitheoirí sonraí amhail oifigí cuntasaíochta a chur ar an eolas faoin gcreat rialála is infheidhme agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é;

(b) an plean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta a tharraingt suas, é a chur faoi bhráid an Choiste Náisiúnta lena fhormheas, agus ina dhiaidh sin é a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún;

(c) na nithe seo a leanas a thiomsú:

(i) liosta na ngabháltas comhairimh;

(ii) nuair is infheidhme, liosta na mbailitheoirí sonraí atá ábalta tuairisceáin feirme a chomhlánú;

(d) na tuairisceáin feirme a chuirfidh na bailitheoirí sonraí chuige a tháirgeadh, lena n‑áirítear ó shonraí a bhailítear ó fhoinsí sonraí eile;

(e) a fhíorú gur comhlánaíodh na tuairisceáin feirme go cuí;

(f) na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a chur ar ais chuig an gCoimisiún san fhormáid a éilítear agus laistigh den spriocdháta;

(g) na hiarrataí ar fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 17 a tharchur chuig an gCoiste Náisiúnta, chuig na Coistí Réigiúnacha agus chuig na bailitheoirí sonraí agus na freagraí ábhartha a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún;

(h) na torthaí a fhaightear as comhairle agus aiseolas a thabhairt d’fheirmeoirí maidir lena bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta a chur ar fáil d’fheirmeoirí.’;

(14)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1. Beidh gach gabháltas cuntasaíochta faoi réir thuairisceán feirme aonair agus déanfar iad a shainaithint le haitheantas feirme.

2. Beidh na sonraí arna soláthar i ngach tuairisceán feirme arna chomhlánú go cuí amhlaidh chun gur féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) an gabháltas cuntasaíochta a shaintréithriú trí thagairt a dhéanamh do na príomheilimintí ina thoscaí táirgthe;

(b) rochtain a fháil ar ioncaim an ghabháltais ina fhoirmeacha éagsúla;

(c) measúnú a dhéanamh ar inbhuaineacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta an ghabháltais;

(d) fírinneacht na faisnéise arna tabhairt a sheiceáil trí sheiceálacha ar an láthair.

3. Bainfidh na sonraí maidir leis an tuairisceán feirme le gabháltais talmhaíochta aonair agus le bliain tuairiscithe aonair de 12 mhí leantacha, agus is leis an ngabháltas talmhaíochta amháin a bhainfidh sé. Tagróidh na sonraí sin do ghníomhaíochta talmhaíochta an ghabháltais féin agus gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas.

4. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a lena bhforlíonfar an Rialachán seo leis na rialacha lena gcinnfear na príomhghrúpaí de shonraí a bheidh le bailiú agus maidir leis na rialacha ginearálta chun sonraí a bhailiú.

5. Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a bhailítear trí bhíthin na tuairisceáin feirme inchomparáide, is cuma céard iad na gabháltais chuntasaíochta, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos foirm agus leagan amach an tuairisceán feirme agus na modhanna agus spriocdhátaí le haghaidh a dtíolactha don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).’;

(15)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

1. Toirmiscfear aon sonraí aonair nó mionsonraí aonair eile a fhaightear agus an Rialachán seo á chur chun feidhme a úsáid chun críocha cánachais.

2. Féadfaidh an Coimisiún nó gníomhaireachtaí idirchaidrimh sonraí aonair anaithnidithe nó sonraí aonair atá faoi ainm bréige a roinnt chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1, ar choinníoll go seachnófar daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a sainaithint.’;

(16)    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Beidh de cheangal ar an gCoiste Náisiúnta, ar na Coistí Réigiúnacha, ar an ngníomhaireacht idirchaidrimh agus ar bhailitheoirí sonraí, laistigh dá réimsí freagrachta faoi seach, aon fhaisnéis a iarrfaidh an Coimisiún orthu maidir le comhlíonadh a ndualgas faoin Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún.

Déanfar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin a chuirfear chuig an gCoiste Náisiúnta, chuig na Coistí Réigiúnacha nó chuig na bailitheoirí sonraí agus na freagraí ábhartha a chur ar aghaidh i scríbhinn tríd an ngníomhaireacht idirchaidrimh.’;

(17)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

1. Cumhdófar na nithe seo a leanas le leithreasaí a áireofar i mbuiséad ginearálta an Aontais, i roinn an Choimisiúin:

(a) le haghaidh suirbhéanna rialta: táille chaighdeánach is iníoctha leis na Ballstáit as na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a sheachadadh laistigh den spriocdháta suas go líon uasta na ngabháltas cuntasaíochta mar atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal 5a(2). I gcás ina bhfuil líon iomlán na dtuairisceán feirme arna gcomhlánú go cuí agus arna seachadadh i ndáil le roinn FSDN nó le Ballstát níos lú ná 80 % de líon na ngabháltas cuntasaíochta atá leagtha síos don roinn FSDN sin nó don Bhallstát lena mbaineann, cuirfear i bhfeidhm táille atá cothrom le 50 % den táille chaighdeánach i gcás gach tuairisceáin feirme ón roinn FSDN sin nó ón mBallstát sin lena mbaineann;

(b) le haghaidh suirbhéanna speisialta: táille chaighdeánach is iníoctha leis na Ballstáit as na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a sheachadadh laistigh den spriocdháta suas go líon uasta na ngabháltas cuntasaíochta mar atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal 5a(2). I gcás ina bhfuil é líon iomlán na dtuairisceán feirme arna gcomhlánú go cuí agus arna seachadadh i ndáil le rannóg FSDN nó le Ballstát níos lú ná 80 % de líon na ngabháltas cuntasaíochta atá leagtha síos don rannóg FSDN sin nó don Bhallstát lena mbaineann, cuirfear i bhfeidhm táille atá cothrom le 50 % den táille caighdeánach i gcás gach tuairisceán feirme ón rannóg FSDN sin nó ón mBallstát sin lena mbaineann;

(c) costais uile na gcóras ríomhairithe arna n‑oibriú ag an gCoimisiún chun an líonra a reáchtáil agus a fhorbairt, na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit a ghlacadh, a fhíorú, a phróiseáil, a idir-inoibritheacht, a anailísiú. Áirítear sna costais sin, i gcás inarb iomchuí, na costais a bhaineann le torthaí na n‑oibríochtaí sin a scaipeadh mar aon le costais na staidéar ar ghnéithe eile den líonra sonraí agus na costais a bhaineann lena bhforbairt.

2. Ní cuirfear san áireamh i mbuiséad ginearálta an Aontais costais i dtaca leis an gCoiste Náisiúnta, Coistí Réigiúnacha agus gníomhaireachtaí idirchaidrimh a bhunú agus a fheidhmiú.

3. Féadfaidh an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthar do na Ballstáit ó bhuiséad ginearálta an Aontais, chun costais chur chun feidhme an Rialacháin seo a chlúdach nuair a bheidh gá le hoiriúnuithe suntasacha ar chóras náisiúnta bailithe sonraí LSCF de chuid Ballstáit chun an córas a bhunú chun na hathróga comhshaoil agus sóisialta breise a bhailiú, lena n‑áirítear oiliúint agus idir-inoibritheacht idir córais bailithe sonraí.

4. Féadfar an táille chaighdeánach is iníoctha leis na Ballstáit a íoc i bpáirt nó ina hiomláine le feirmeoirí as páirt a ghlacadh i suirbhéanna FSDN. Féadfaidh na Ballstáit eochair leithdháilte shonrach a bhunú inar feidhm den luach den aschur caighdeánach feirme é cuid nó an méid iomlán a íoctar leis na bhfeirmeoirí a bheidh rannpháirteach.

5. Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a shainiú agus a chur ar fáil ionas go mbeadh feirmeoirí rannpháirteach i suirbhéanna FSDN.

6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis an táille chaighdeánach dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus maidir le hoiriúnuithe ar an gcóras bailithe sonraí dá dtagraítear i mír 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).’;

(18)    Leasaítear Airteagal 19a mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagail 4(3), 5(1), 5a(1), 5b(2) agus (3) agus 8(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas maidir le tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’;

(b)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 3:

‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagail 4(3), 5(1), 5a(1), 5b(2) agus (3) agus Airteagal 8(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;

(c)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 4(3), 5(1), 5a(1), 5b(2) agus (3) agus Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. ’;

(19)    in Airteagal 19b,

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘1. Beidh Coiste dá ngairtear ‘Coiste Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme’ de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 .

(20)    Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1–29).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549-607).
(3)     https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/key-policies/common-agricultural-policy/financing-cap/financial-assurance/managing-payments_ga  
(4)    Faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an meastóireacht ar na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT agus maidir le faisnéis a sholáthar le haghaidh faireacháin agus meastóireachta
(5)    Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).
(6)    Tá samplaí le fáil thíos, sa roinn ‘Oiriúnacht rialála agus simpliú’.
(7)    1) an Treochlár (tá fáil air ar shuíomh gréasáin Europa, Cloisimis uait , ó mhí an Mheithimh 4 go dtí mí Iúil 4. Ar an iomlán, fuarthas 33 aiseolas.), 2) comhairliúchán scríofa spriocdhírithe trí shuirbhé an Aontais (ceistneoir ar-líne ar siúl le linn shamhradh 2021 níos mó ná 300 freagra a fuarthas), 3) ceardlanna do na páirtithe leasmhara FSDN (an chéad cheardlann i mí Feabhra 2021 agus é mar aidhm aige eolas agus taithí na bpáirtithe leasmhara a mheas maidir le sonraí éagsúla ar leibhéal feirme a bhailiú agus a úsáid. Baineadh úsáid as an dara ceardlann (Meán Fómhair 2021) chun torthaí an Treochláir agus gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe a phlé agus chun malartú a dhéanamh maidir le tograí nithiúla simpliúcháin agus nuachóirithe) chomh maith le 4) le hionadaithe Ghníomhaireachtaí Idirchaidrimh na mBallstát uile (Aibreán agus Deireadh Fómhair 2021) agus 5) trí chruinniú shonracha de chuid na Meithle (LSCF a shimpliú agus a nuachóiriú; Maidir le FSDN amach anseo agus maidir le huirlis aonair LSCF chun sonraí a iarraidh) le cruinnithe a tionóladh ó earrach 2021 go dtí earrach 2022, phléigh 20 saineolaí de chuid na mBallstát agus roinnt ball foirne de chuid an Choimisiúin na hábhair a bhaineann le LSCF agus FSDN).
(8)    (1) soláthraithe sonraí (feirmeoirí), (2) bailitheoirí sonraí (údaráis phoiblí atá freagrach as sonraí a bhailiú, sonraí a chur isteach agus rochtain a fháil ar shonraí riaracháin i mBallstáit an Aontais (e.g. údaráis na mBallstát, oifigí idirchaidrimh LSCF, Institiúidí Náisiúnta Staidrimh) agus (3) úsáideoirí sonraí (e.g. lucht déanta beartas, comhairleoirí feirme, lucht acadúil, taighdeoirí, meastóirí, comhairliúcháin).
(9)    LEI- WUR et al. (2016) ‘Farm Level Indicators for New Topics in policy evaluation project’ (FLINT), tionscadal atá á mhaoiniú faoin FP7
(10)     https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/key-policies/common-agricultural-policy/cmef/regulation-and-simplification/cost-and-good-practices-fadn-data-collection_en  
(11)    De réir an staidéir sin, bhí costas poiblí iomlán na mBallstát do AE-28, ar an meán don tréimhse 2012-14, beagán níos mó ná EUR 58 milliún. Ar leibhéal AE-28, is é EUR 678 an meánleibhéal costais (ualaithe) in aghaidh gach tuairisceán feirme arna chomhlánú, ach tá éagsúlacht shuntasach ann idir na Ballstáit, idir EUR 107 ar an meán (2012-14) sa Bhulgáir agus EUR 156 sa Rómáin, go EUR 2,905 sa Bheilg.
(12)    FLINT (Táscairí Feirme le haghaidh Topaicí Nua sa Mheastóireacht Bheartais): https://www.flint-fp7.eu/  
(13)    Scrogaill maidir le FLINT a chur chun feidhme: Méadú suntasach ar chostais má tá gach táscaire le cur chun feidhme. Mar chúiteamh, ceann amháin de na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann ná an sampla a laghdú ó 85,000 feirm go 55,000 feirm. Bheadh meastacháin neamh-iontaofa i roinnt Ballstát mar thoradh ar an méid sin. Is scrogall eile é modhanna éagsúla a chur i bhfeidhm chun sonraí ar leibhéal na feirme a bhailiú sna Ballstáit, agus is cosúil go bhfuil sé níos deacra agus/nó costasach athróga breise a chur leis i gcás roinnt Ballstát (i gcás ina bhfuil cuideachtaí cuntasaíochta i gceist den chuid is mó).
(14)    Bheadh na buntáistí anailíseacha a d’fhéadfadh a bheith ann i dtionscadal FLINT ina nathúsáid ar shonraí/faisnéise atá ann cheana, braitheann bailiú sonraí inbhuanaitheachta ar thaifeadadh córasach, rud a laghdaíonn an t-ualach riaracháin agus a chuireann leis an gcáilíocht ar bhonn níos faide agus a mhéadaíonn an cháilíocht agus ar deireadh, is féidir le sonraí breise inbhuanaitheachta cineálacha níos fearr agus cineálacha nua meastóireachta beartais agus taighde a dhéanamh.
(15)    Costas a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a leathnú chuig an Líonra Sonraí maidir le hInbhuanaitheacht Feirme: Fianaise eimpíreach https://edepot.wur.nl/551988  
(16)    Sonraí Flint – liosta de thart ar 70 mír sonraí sonracha chun cur síos a dhéanamh ar 31 théama inbhuanaitheachta ábhartha, arna socrú de réir na ngnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta
(17)    Tá éagsúlacht ann freisin maidir leis na costais in aghaidh an Bhallstáit i ndearbhthéarmaí. Tá tionchar ag modheolaíocht bailithe sonraí a chuirtear i bhfeidhm orthu, a mhéid a bhí sonraí Flint ina gcuid de chórais LSCF náisiúnta cheana féin, líon na dtéamaí táscaire Flint atá ábhartha sa tír (e.g.: Is ar éigean atá aon lotnaidicídí ar bharra i sampla LSCF na hÉireann, áit a mbíonn ceilte beostoic), chomh maith le cineál agus méid feirme ar leith. Ina theannta sin, déantar na costais bhunaithe a mheas sa staidéar, ach tá siad anéagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Aicmítear na Ballstáit sna staidéir de réir na 3 chineál seo a leanas: 1) mar an Ísiltír/Éire: Go leor sonraí atá ar fáil cheana féin, bailítear sonraí Flint le linn an phróisis chéanna le LSCF; 2) mar Pholainn/An Ungáir: Níl go leor sonraí ar fáil, bailítear sonraí Flint sa phróiseas céanna le LSCF agus 3) mar an Fhrainc/an Ghréig: Níl go leor sonraí ar fáil, bailítear sonraí Flint le linn cuairt feirme ar leith. Seo a leanas samplaí de na costais mheasta do Bhallstáit áirithe (i ndearbhthéarmaí, EUR in aghaidh na feirme, nuair is é an chéad ítim costais mheasta na sonraí LSCF reatha, an dara mír – costais na sonraí LSCF comhcheangailte le Flint): Éire (EUR 1000 agus EUR 1104, faoi seach), an Ísiltír (EUR 3000 agus EUR 3333), an Pholainn (EUR 656 agus EUR 860), an Ungáir (EUR 500 agus EUR 566), an Fhrainc (EUR 500 agus EUR 1119), an Ghréig (EUR 1273 agus EUR 1910)
(18)    Cuireadh tús le treoirthionscadal IPM2-FSDN i mí na Nollag 2021 agus críochnóidh sé i mí na Samhna 2023. Tá na sonraíochtaí teicniúla ar fáil anseo: https://etendering.ted.europa.eu/document/document-file-download.html?docFileId=111485
(19)    Tá aidhm insoláthartha eatramhach tábhachtach beartaithe do Dheireadh Fómhair 2022. Is é a bheidh ann ná scagadh a dhéanamh ar na topaicí comhshaoil agus sóisialta sna Ballstáit, ar a bhfoinsí sonraí, chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na modhanna bailithe sonraí atá ann faoi láthair agus ar na topaicí FSDN a bheidh ann amach anseo.
(20)    Mar a shonraítear san anailís, ag an tráth sin ní féidir figiúirí nithiúla a sholáthar, toisc go bhfuil na príomhchostais nasctha leis na coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an modh chun sonraí a bhailiú. Tá éagsúlacht mhór idir na modhanna agus na costais nasctha ó Bhallstát go Ballstát. Tabharfaidh treoirthionscadal leanúnach IPM2-FSDN tuilleadh eolais agus meastachán ar an ábhar sin ar a luaithe i bhfómhar 2022.
(21)    In 2010, b’ionann é agus EUR 155 in aghaidh gach tuairisceán feirme, faoi láthair (2022) suas le EUR 180 in aghaidh gach tuairisceán feirme. Go deimhin, ó 2015 i leith tá 2 chuid sa táille, i.e. EUR 160 (an chuid sheasta) + EUR suas le EUR 20 (cuid na nuaireanta, braitheann a íocaíocht ar shonraí tráthúla na naighneachtaí agus ar a gcáilíocht). Maidir leis an mbliain dheireanach íoctha (2019), ní bhfuair ach 14 Bhallstát as 28, cuid áirithe d’íocaíocht na dtáillí bónais.
(22)    Ar bhonn mheasúnú roinnt Ballstát, cumhdaítear costais bailithe sonraí LSCF le táille chaighdeánach an Aontais: An Danmhairg – 23.6 %, An Phortaingéil – 30 %, An Fhrainc – 29.5 %, An Pholainn – 22 %.
(23)    IO C , , lch. .
(24)    IO C , , lch. .
(25)    Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 27).
(26)    SWD(2018) 301 final, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair – Tograí le haghaidh- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 - Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n‑oileán beag Aeigéach
(27)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid. PE/28/2019/REV/1.
(28)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(29)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur na sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(31)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Top

An Bhruiséil,22.6.2022

COM(2022) 296 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE


lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

{SWD(2022) 166 final}


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Liosta de ranna FSDN dá dtagraítear in Airteagal 2a

An Bheilg

1. Vlaanderen

2. Bruxelles — An Bhruiséil

3. Wallonie

An Bhulgáir

1. Северозападен (Severozapaden)u

2. Северен централен (Severen tsentralen)

3. Североизточен (Severoiztochen)

4. Югозападен (Yugozapaden)

5. Южен централен (Yuzhen tsentralen)

6. Югоизточен (Yugoiztochen)

an tSeicia

Is ionann í agus roinn amháin

An Danmhairg

Is ionann í agus roinn amháin

An Ghearmáin

1. Schleswig-Holstein/Hamburg

2. An tSacsain Íochtarach

3. Bremen

4. An Réin Thuaidh‑Viostfáil

5. Hessen

6. Rheinland‑Pfalz

7. Baden‑Württemberg

8. Bayern

9. An tSárlainn

10. Beirlín

11. Brandenburg

12. Mecklenburg-Vorpommern

13. An tSacsain

14. An tSacsain‑Anhalt

15. An Túraing

An Eastóin

Is ionann í agus roinn amháin

Éire

Is ionann í agus roinn amháin

An Ghréig

1. Μακεδονία — Θράκη

2. Ήπειρος — Πελοπόννησος — Νήσοι Ιονίου

3. Θεσσαλία

4. Στερεά Ελλάς — Νήσοι Αιγαίου — Κρήτη

An Spáinn

1. an Ghailís

2. Asturias

3. Cantabria

4. País Vasco

5. Navarra

6. La Rioja

7. Aragón

8. an Chatalóin

9. Baleares

10. Castilla-León

11. Maidrid

12. Castilla-La Mancha

13. Comunidad Valenciana

14. Murcia

15. Extremadura

16. an Andalúis

17. Canarias

An Fhrainc

1. Île de France

2. Champagne-Ardenne

3. Picardie

4. An Normainn Uachtarach

5. Lár na tíre

6. An Normainn Íochtarach

7. An Bhurgúin

8. Nord‑Pas de Calais

9. An Lorráin

10. An Alsáis

11. Franche-Comté

12. Dúiche an Loire

13. An Bhriotáin

14. Poitou-Charentes

15. An Acatáin

16. Midi-Pyrénées

17. Limousin

18. Rhône-Alpes

19. Auvergne

20. Languedoc-Roussillon

21. Provence-Alpes‑Côte d’Azur

22. an Chorsaic

23. Guadalúip

24. Martinique

25. La Réunion

An Chróit

1. Kontinentalna Hrvatska

2. Jadranska Hrvatska

An Iodáil

1. Piemonte

2. Valle d’Aosta

3. an Lombaird

4. Alto Adige

5. Trentino

6. an Veinéis

7. Friuli — Venezia Giulia

8. Liguria

9. Emilia — Romagna

10. an Toscáin

11. Umbria

12. Marche

13. Lazio

14. Abruzzo

15. Molise

16. Campania

17. Puglia

18. Basilicata

19. Calabria

20. An tSicil

21. An tSairdín

An Chipir

Is ionann í agus roinn amháin

An Laitvia

Is ionann í agus roinn amháin

An Liotuáin

Is ionann í agus roinn amháin

Lucsamburg

Is ionann í agus roinn amháin

An Ungáir

1. Észak-Magyarország

2. Dunántúl

3. Alföld

Málta

Is ionann í agus roinn amháin

An Ísiltír

Is ionann í agus roinn amháin

An Ostair

Is ionann í agus roinn amháin

An Pholainn

1. Pomorze agus Mazury

2. Wielkopolska agus Śląsk

3. Mazowsze agus Podlasie

4. Małopolska agus Pogórze

An Phortaingéil

1. Norte e Centro

2. Ribatejo-Oeste

3. Alentejo e Algarve

4. Açores e Madeira

An Rómáin

1. Nord‑Est

2. Sud‑Est

3. Sud‑Muntenia

4. Sud‑Vest Oltenia

5. Vest

6. Nord‑Vest

7. Centru

8. București-Ilfov

An tSlóivéin

Is ionann í agus roinn amháin

An tSlóvaic

Is ionann í agus roinn amháin

An Fhionlainn

1. Etelä-Suomi

2. Sisä-Suomi

3. Pohjanmaa

4. Pohjois‑Suomi

An tSualainn

1. Na Mánna i nDeisceart na Sualainne agus i Lár na Sualainne

2. Foraoisí agus limistéir mheasctha talmhaíochta agus limistéir foraoiseachta i nDeisceart na Sualainne agus i Lár na Sualainne

3. Limistéir Thuaisceart na Sualainne’

Top