AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.3.2022
COM(2022) 89 final
2022/0068(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ceadaítear do Pháirtí bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh an Pháirtí eile a spreagadh i ndáil le rialú arna thabhairt ag binse eadrána nó painéal eadrána. Níl sna bearta sin ach leigheasanna sealadacha arna gcur i bhfeidhm go dtí a gcomhlíonadh iomlán. Sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, déantar foráil freisin maidir le bearta cúitimh arna n‑údarú ag binse eadrána arna iarraidh sin ag Páirtí, má fuarthas amach gur chuir an Páirtí eile bearta leighis i bhfeidhm nach bhfuil i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ar bhealach mór.
Thairis sin, leis an dá Chomhaontú, ceadaítear do Pháirtí na bearta seo a leanas a dhéanamh gan dul i muinín an tsásra ábhartha um réiteach díospóidí:
(a)Bearta leighis:
(a)faoin gComhaontú um Tharraingt Siar (i ndáil le mainneachtain ionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais a chur leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann);
(b)faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (i ndáil le fóirdheontais, an t‑iompar de bhóthar agus an t‑iascach);
(b)Bearta athchothromaithe:
(a)faoin gComhaontú um Tharraingt Siar (i ndáil le bearta coimirce arna nglacadh ag an Ríocht Aontaithe lena gcruthaítear míchothromaíocht idir na cearta agus na hoibleagáidí faoin bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann);
(b)faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (i ndáil le bearta coimirce arna nglacadh ag an Ríocht Aontaithe lena gcruthaítear míchothromaíocht idir na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach);
(c)faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (i ndáil le héagsúlachtaí sna réimsí seo a leanas: cosaint saothair agus cosaint shóisialta, chomhshaoil nó aeráide, nó rialú fóirdheontais);
(c)Frithbhearta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (mar fhreagairt do bhearta athchothromaithe de bhun Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair);
(d)Bearta coimirce:
(a)faoin gComhaontú um Tharraingt Siar (i gcás ina dtiocfaidh mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil ar dócha go leanfar díobh, nó atreorú na trádála, as cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann);
(b)faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (i gcás mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil de chineál earnálach nó réigiúnach ar dócha go leanfar díobh);
(e)Oibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach a fhionraí i gcás ina sárófar forálacha áirithe den Chomhaontú sin nó i gcás ina sárófar aon chomhaontú forlíontach nó nach gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le trádáil in earraí, an t‑aeriompar, an t‑iompar de bhóthar, an t‑iascach nó i gcláir de chuid an Aontais; agus
Údaraítear don Aontas freisin, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, cur i bhfeidhm Phrótacal I a fhionraí nó a fhoirceannadh, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cláir de chuid an Aontais, gníomhaíochtaí de chuid an Aontais nó codanna díobh, i gcás ina mainníonn an Ríocht Aontaithe a ranníocaíocht airgeadais a íoc nó ina dtugann sí athruithe suntasacha isteach ar choinníollacha tosaigh áirithe.
Féadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha eile a thabhairt i gcrích eatarthu, ar comhaontuithe iad atá ina gcomhaontuithe forlíontacha ar an gComhaontú Trádála agus Comhair agus beidh na comhaontuithe forlíontacha sin ina gcuid ríthábhachtach den chaidreamh déthaobhach foriomlán de réir mar a rialaítear sa Chomhaontú seo agus beidh siad ina gcuid den chreat foriomlán. Dá bhrí sin, ba cheart comhaontuithe forlíontacha den sórt sin a chumhdach leis na bearta thuasluaite.
Ba cheart don Aontas a bheith in ann bearta iomchuí a dhéanamh freisin mura féidir dul ar iontaoibh réitigh cheangailtigh díospóidí faoi na Comhaontuithe ar bhealach éifeachtach toisc nach n‑oibríonn an Ríocht Aontaithe i gcomhar chun an iontaoibh sin a bhaint amach.
Sa cinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích (an ‘cinneadh ón gComhairle’), chumhachtaigh sí an Coimisiún formhór na mbeart thuasluaite a ghlacadh thar ceann an Aontais ‘go dtí go dtiocfaidh gníomh reachtach sonrach lena rialáiltear glacadh na mbeart’ i bhfeidhm.
Tháinig an Coimisiún agus an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir le comhráiteas a eisíodh tráth a tugadh an Comhaontú Trádála agus Comhair i gcrích agus lena bhforáiltear, ‘gan dochar dá cheart tionscnaimh faoi na Conarthaí, go mbeidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh reachtach sonrach dá dtagraítear thuas a mholadh tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022’.
Comhlíonann an togra reachtach seo an gealltanas polaitiúil sin. Leis an Rialachán atá beartaithe cumhachtaítear don Choimisiún na bearta dá dtagraítear thuas a ghlacadh, agus iad a leasú, a fhionraí nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. I gcás ina mbaineann oibleagáid faoi aon cheann de na comhaontuithe a fhionraí leis an mbeart, leathnaítear an cumhachtú chun glacadh srianta iomchuí ar thrádáil, ar infheistíocht nó ar ghníomhaíochtaí eile laistigh de raon feidhme an chomhaontaithe lena mbaineann a chumhdach. Dá bhrí sin, áirithítear leis an Rialachán atá beartaithe gur féidir leis an Aontas gníomhú ar bhealach éifeachtach tráthúil chun a leasanna a chosaint ó thaobh chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú an Comhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair araon de.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Níl aon fhasach maidir le haon fhoráil bheartais lena rialaítear tarraingt siar iar-Bhallstáit agus comhpháirtíocht an Aontais le hiar-Bhallstát roimhe sin. Is díol suntais é gur córas nach bhfacthas riamh cheana é an córas a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i gcás an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus lena gceadaítear don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sa mhargadh aonair le haghaidh earraí i ndáil le Tuaisceart Éireann.
Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an rialachán atá beartaithe in ionad an chumhachtaithe a thugtar don Choimisiún sa chinneadh thuasluaite ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích. Tar éis an Rialachán atá beartaithe a ghlacadh, dá bhrí sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun na codanna ábhartha den Chinneadh sin a aisghairm.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ós rud é go bhfuil raon feidhme leathan ag baint le cur i bhfeidhm an dá Chomhaontú, d’fhéadfaí bearta a ghlacadh i ndáil leis na beartais seo a leanas de chuid an Aontais: an comhbheartas iascaigh, an comhbheartas iompair, beartas an mhargaidh inmheánaigh, an beartas taighde agus forbartha, an beartas spáis agus an comhbheartas tráchtála.
Is lex specialis an Rialachán atá beartaithe maidir le forálacha earnálacha dhlí an Aontais a mhéid a rialaíonn na forálacha sin an t‑ábhar céanna. D’fhéadfadh forluí a bheith ann e.g. i réimse an chomhbheartais tráchtála nó an bheartais iompair.
I bhfianaise na ngnéithe sonracha a bhaineann le beartais an Aontais sa limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, ní chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe bearta a thagann faoi raon feidhme na mbeartas sin.
Is e togra reachtach ar leith a rialaíonn glacadh beart i réimse chláir taighde agus oiliúna Euratom.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is iad na bunúis dlí na bunúis dlí sin atá sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena rialaítear na réimsí ina bhféadfaí gá a bheith ann bearta aontaobhacha agus forfheidhmiúcháin a ghlacadh, eadhon:
-
Airteagal 43 CFAE (an t‑iascach);
-
Airteagail 91 agus 100 CFAE (an t‑iompar);
-
Airteagail 173, 182, 188 agus 189 CFAE (cláir de chuid an Aontais);
-
Airteagal 207 CFAE (an comhbheartas tráchtála).
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leis an Rialachán atá beartaithe, cuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair agus an Comhaontú um Tharraingt Siar chun feidhme, ar comhaontuithe de chuid an Aontais amháin iad an dá chomhaontú sin. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta lena rialaítear feidhmiú chearta an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin Chomhaontú Trádála agus Comhair a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Mar sin féin, bearta arna nglacadh faoin tionscnamh atá beartaithe, déanfaidh siad difear do na Ballstáit agus tugann an cás seo údar le hiontaoibh nósanna imeachta coisteolaíochta.
•Comhréireacht
Ar an gcaoi chéanna, a mhéid a leagtar amach cearta an Aontais atá le feidhmiú sna Comhaontuithe lena mbaineann, ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach chun feidhmiú tapa éifeachtach na gceart sin a áirithiú. Thairis sin, na coinníollacha atá i bhfeidhm faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin gComhaontú Trádála agus Comhair maidir le bearta aontaobhacha agus forfheidhmiúcháin a ghlacadh, áirithítear leo sin go bhfuil na bearta sin teoranta dá bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sonracha a leagtar síos iontu a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Is le foirm an rialacháin is fearr a oireann an cuspóir atá á shaothrú, eadhon prionsabail ghinearálta agus coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le feidhmiú na gceart atá ar fáil don Aontas agus an Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair nó aon chomhaontú forlíontach á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
ní bhaineann le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Is tionscnamh de chineál nós imeachta agus institiúideach an tionscnamh.
•Bailiú agus úsáid saineolais
ní bhaineann le hábhar
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair ar na cúiseanna seo a leanas:
1.Níl aon rogha bheartais ar fáil don Choimisiún ar na cúiseanna seo a leanas: (a) eagraítear sa togra atá beartaithe an chaoi a ndéantar bearta arna gcomhaontú cheana in dhá chomhaontú idirnáisiúnta laistigh den Aontas gan aon corrlach athrúcháin, agus (b) tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún os comhair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle togra le haghaidh an ghnímh reachtaigh seo a thíolacadh faoi dháta ar leith.
2.Níl aon tionchar inaitheanta go díreach tuartha i bhfianaise chineál nós imeachta an ghnímh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Bearta arna nglacadh faoin Rialachán atá beartaithe, is gníomhaíocht dhleathach ag an Aontas faoin gCairt um Chearta Bunúsacha a bheadh iontu. Is amhlaidh atá toisc go ndéanfaí an ghníomhaíocht sin i gcomhréir leis na ceanglais a dhéanfadh na húdaráis inniúla ar bhonn bunús cuí dlí, agus cuspóir dlisteanach á shaothrú acu, eadhon an cuspóir a bhaineann le cearta an Aontais a fheidhmiú faoi na Comhaontuithe thuas, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
ní bhaineann le hábhar
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Foráiltear go ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe laistigh de chúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Tá an tréimhse sin i gcomhréir leis an athbhreithniú comhpháirteach a rinne an dá Pháirtí sa Chomhaontú Trádála agus Comhair dá bhforáiltear in Airteagal 776 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
ní bhaineann le hábhar
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar síos in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin atá beartaithe, eadhon rialacha agus nósanna imeachta a shuí chun feidhmiú éifeachtach tráthúil chearta an Aontais a áirithiú i dtaca leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme.
Féadfar na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin na mbeart a liostaítear sa dara mír den Airteagal sin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 2 agus leis an nós imeachta coiste a leagtar síos in Airteagal 3. Go háirithe, ní mór na bearta sin a bheith teoranta dá bhfuil riachtanach chun a gcuspóir dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chomhlíonadh.
Deimhnítear in Airteagal 4 cineál lex specialis an Rialacháin atá beartaithe. Foráiltear le hAirteagal 5 go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo laistigh de chúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, chun a fháil amach an bhfuil sé oiriúnach don fheidhm fós.
2022/0068 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43, 91, 100, 173, 182, 188, 189 agus 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 30 Eanáir 2020, thug an Chomhairle an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú’) i gcrích. Tháinig an Comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.
(2)An 29 Aibreán 2021, thug an Chomhairle, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’) i gcrích. Bhí an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm go sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
(3)Déantar foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Chomhaontú Trádála agus Comhair araon go bhféadfaidh Páirtí bearta áirithe a ghlacadh sna cásanna sonracha agus faoi réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos iontu. D’fhéadfadh fionraí oibleagáidí áirithe faoin gComhaontú i dtrácht a bheith i gceist leis na bearta sin.
(4)Féadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha eile a thabhairt i gcrích eatarthu, ar comhaontuithe iad atá ina gcomhaontuithe forlíontacha ar an gComhaontú Trádála agus Comhair agus tá na comhaontuithe forlíontacha sin ina gcuid ríthábhachtach den chaidreamh déthaobhach foriomlán de réir mar a rialaítear sa Chomhaontú seo agus tá siad ina gcuid den chreat foriomlán.
(5)Más gá cearta an Aontais a fheidhmiú i ndáil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, ba cheart don Aontas a bheith in ann úsáid iomchuí a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó go pras agus ar bhealach comhréireach éifeachtach solúbtha, agus na Ballstáit rannpháirteach go hiomlán an tráth céanna. Ba cheart don Aontas a bheith in ann bearta iomchuí a dhéanamh freisin mura féidir dul ar iontaoibh réitigh cheangailtigh díospóidí faoi na Comhaontuithe sin ar bhealach éifeachtach toisc nach n‑oibríonn an Ríocht Aontaithe i gcomhar chun an iontaoibh sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos lena rialófar glacadh na mbeart sin.
(6)Ba cheart tosaíocht a bheith ag na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos an Rialachán seo ar aon fhoráil i ndlí an Aontais a glacadh ar bhonn an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar foráil í lena rialaítear an t‑ábhar céanna.
(7)Chun a áirithiú go leanfaidh an Rialachán seo de bheith oiriúnach dá fheidhm, ba cheart don Choimisiún, laistigh de chúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, athbhreithniú a dhéanamh ar a raon feidhme agus ar a chur chun feidhme agus na torthaí uaidh sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
(8)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe chun feidhmiú tapa éifeachtach solúbtha chearta comhfhreagracha an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta dá dtagraítear thuas a ghlacadh agus chun bearta lena gcuirtear srian le trádáil nó le gníomhaíochtaí eile a ghlacadh, de réir mar is iomchuí. Ba cheart na cumhachtaí sin a leathnú freisin chun leasú, fionraí nó aisghairm na mbeart arna nglacadh a chumhdach. Ba cheart iad sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é go mbaineann glacadh gníomhartha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu leis na bearta atá beartaithe, agus go mbaineann formhór na mbeart atá beartaithe leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b) den Rialachán sin, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go gceanglaítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne chun leasanna an Aontais a chosaint ar bhealach iomchuí.
(9)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos lena rialaítear feidhmiú chearta an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, agus an Coimisiún a chumhachtú na bearta is ga a ghlacadh, lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, srianta ar thrádáil, infheistíocht, nó gníomhaíochtaí eile laistigh de raon feidhme an dara Comhaontú sin, agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Thairis sin, ós rud é gurb é an tAontas amháin atá ina Pháirtí sa Chomhaontú Trádála agus Comhair agus sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, is é an tAontas amháin is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an dlí idirnáisiúnta i ndáil leis na comhaontuithe sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta chun feidhmiú éifeachtach tráthúil chearta an Aontais a áirithiú i ndáil le forfheidhmiú agus le chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) agus na gcomhaontuithe forlíontacha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na bearta seo a leanas arna nglacadh ag an Aontas (dá ngairtear an méid seo a leanas anseo feasta:: ‘bearta’):
(a)cóir fhabhrach ábhartha an táirge/na dtáirgí lena mbaineann a fhionraí mar a leagtar amach in Airteagal 34 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(b)bearta leighis agus oibleagáidí a fhionraí mar a leagtar amach in Airteagal 374 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(c)bearta athchothromaithe agus frithbhearta mar a leagtar amach in Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(d)forchur coinníollacha maidir le húdaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a fhorchur nó a theorannú, mar aon le forchur coinníollacha maidir le hoibriú na n‑aeriompróirí sin a dhiúltú, chúlghairm, a fhionraí agus a theorannú, mar a leagtar amach in Airteagal 434(4) agus in Airteagal 435(12) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(e)oibleagáidí maidir le glacadh a fhionraí mar a leagtar amach in Airteagal 457 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(f)na bearta leighis a leagtar amach in Airteagal 469 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(g)bearta cúitimh agus oibleagáidí a fhionraí mar a leagtar amach in Airteagal 501 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(h)bearta leighis agus oibleagáidí a fhionraí mar a leagtar amach in Airteagal 506 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(i)cur i bhfeidhm Phrótacal I a fhionraí nó a fhoirceannadh, maidir le clár amháin nó níos mó de chuid an Aontais arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó codanna de, mar a leagtar amach in Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(j)cúiteamh sealadach a thairiscint nó glacadh leis nó oibleagáidí a fhionraí i gcomhthéacs comhlíonadh tar éis nós imeachta eadrána nó painéil saineolaithe faoi Airteagal 749 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(k)bearta coimirce agus na bearta athchothromaithe a leagtar amach in Airteagal 773 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
(l)bearta lena gcuirtear srian ar thrádáil, ar infheistíocht nó ar ghníomhaíochtaí eile a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, mura féidir breithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil na bearta is gá á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe chun nós imeachta um réiteach díospóidí faoin gComhaontú sin nó faoin gComhaontú um Tharraingt Siar a fheidhmiú, lena n‑áirítear moill mhíchuí a chur ar na himeachtaí, rud is ionann agus neamh‑chomhar sa phróiseas;
(m)oibleagáidí faoi Airteagal 178 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a fhionraí i gcomhthéacs chomhlíonadh an rialaithe ón bpainéal eadrána;
(n)bearta leighis a leagtar amach in Airteagal 13 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar;
(o)bearta coimirce agus na bearta athchothromaithe a leagtar amach in Airteagal 16 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.
Airteagal 2
Feidhmiú chearta an Aontais
1.Cumhachtófar an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a ghlacadh; agus
(b)i gcás ina mbaineann an beart le hoibleagáid faoi aon cheann de na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a fhionraí, srianta iomchuí a fhorchur ar thrádáil, ar infheistíocht nó ar ghníomhaíochtaí eile laistigh de raon feidhme an chomhaontaithe lena mbaineann, rud a mbeadh bac air de thoradh na hoibleagáide fionraithe.
I gcás inarb iomchuí, sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin fad na mbeart arna nglacadh.
2.Na bearta atá le glacadh de bhun mhír 1, cinnfear iad ar bhonn na gcritéar seo a leanas, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil agus leas ginearálta an Aontais:
(a)éifeachtacht na mbeart chun an Ríocht Aontaithe a spreagadh chun na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chomhlíonadh;
(b)acmhainneacht na mbeart faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha san Aontas a ndéanann bearta na Ríochta Aontaithe difear dóibh;
(c)infhaighteacht foinsí soláthair malartacha do na hearraí nó seirbhísí lena mbaineann, chun aon tionchar diúltach ar thionscail iartheachtacha, ar údaráis nó eintitis chonarthacha, nó ar thomhaltóirí deiridh laistigh den Aontas a sheachaint nó a íoslaghdú;
(d)castacht dhíréireach riaracháin agus costais dhíréireacha a sheachaint agus na bearta á gcur chun feidhme;
(e)aon chritéir shonracha a d’fheadfaí a shuíomh sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
3.Cumhachtófar don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a leasú, a fhionraí nó a aisghairm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin fad na fionraí.
4.I gcás ina mbeidh ábhar imní ar leith ann do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh an Ballstát sin nó na Ballstáit sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.
5.I gcás, de bharr éagsúlachtaí suntasacha seasta, ina maireann bearta athchothromaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), den Rialachán seo ar feadh níos mó ná bliain amháin, féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún an clásal athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a ghníomhachtú. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin go tráthúil agus breithneoidh sé an t‑ábhar sin a chur os comhair na Comhairle Comhpháirtíochta de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.
6.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).
7.Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3).
Airteagal 3
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste na Ríochta Aontaithe cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
Airteagal 4
An bhaint le forálacha eile de chuid dhlí an Aontais
Beidh feidhm ag an Rialachán seo d’ainneoin aon fhoráil i ndlí an Aontais a glacadh ar bhonn an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar foráil í lena rialaítear an t‑ábhar céanna.
Airteagal 5
Athbhreithniú
Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán