Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0064

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i cláir an Aontais

    COM/2022/64 final

    An Bhruiséil,24.2.2022

    COM(2022) 64 final

    2022/0044(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i cláir an Aontais


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Le hAirteagal 16 (1)(d) den Rialachán maidir le Fís Eorpach 1 a mhéid a bhaineann le comhlachas tríú tíortha leis an gclár, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht do thríú tíortha agus do chríocha dul i gcomhlachas, ar tríú tíortha agus críocha iad a chomhlíonann go comhpháirteach na critéir uile a leagtar amach ann. Glacfaidh tríú tíortha nó críocha den sórt sin páirt sa chlár Fís Eorpach ar bhonn comhaontú lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír nó na críche in aon chlár de chuid an Aontais.

    Ba sa bhliain 2010 a comhlachaíodh Oileáin Fharó leis an Seachtú Clár Réime go foirmiúil, agus fianaítear le raon tionscadal Eorpach rannpháirtíocht ghníomhach taighdeoirí agus institiúidí de chuid Oileáin Fharó i réimsí amhail an comhshaol, an aigéaneolaíocht, an t‑athrú aeráide, éiceachórais agus bainistiú iascaigh. Le comhlachas Oileáin Fharó le Fís 2020 ó 2014 amach, tugadh rochtain iomlán do thaighdeoirí, d’institiúidí taighde agus d’fhiontair in Oileáin Fharó ar chistiú ón Aontas agus ar ghníomhaíochtaí comhair le haghaidh taighde agus nuálaíochta ar bhonn cothrom le heintitis ó Bhallstáit agus ó thríú tíortha eile a bhí comhlachaithe le Fís 2020 freisin. Tá an rannpháirtíocht seo an‑tábhachtach anois do phobal taighde Oileáin Fharó, agus bunaítear léi colún rathúil nua atá tábhachtach don chaidreamh idir Oileáin Fharó agus an tAontas Eorpach. Toisc teorainn ama a bheith leis na comhaontuithe comhleantacha maidir leis an gcomhlachas le Cláir Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht, teorainn dar fad fhad gach cláir de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, níl aon chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm faoi láthair lena rialaítear rannpháirtíocht eintitis Oileáin Fharó le Fís Eorpach nó lena gcothaítear comhar nuálaíochta, taighde agus eolaíoch idir an tAontas Eorpach agus pobail taighde Oileáin Fharó.

    An 14 Bealtaine 2020, le Litir Intinne, léirigh Oileáin Fharó go bhfuil suim fhoirmiúil acu dul i gcomhlachas le Fís Eorpach. Comhlíonann Oileáin Fharó na critéir maidir le comhlachas tríú tíortha nó críoch leis an gClár Réime Fís Eorpach, mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach (Airteagal 16(1)(d)). Tá, go háirithe, acmhainneacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta acu; tá siad tiomanta do gheilleagar margaidh oscailte bunaithe ar rialacha, lena n‑áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, cearta an duine a bheith á n‑urramú acu, agus faoi choimirce institiúidí daonlathacha; agus tá beartais á gcur chun cinn acu lena gcuirtear feabhas ar dhea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach.

    An 13 Iúil 2021, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, le hOileáin Fharó maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó a mhéid a bhaineann leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais agus comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027). Cheap an Chomhairle an Mheitheal um Thaighde agus an Mheitheal um Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) chun gníomhú i gcáil na gcoistí speisialta d’fhonn cúnamh a thabhairt don Choimisiún le linn na caibidlíochta.

    An 3 Meán Fómhair 2021 a cuireadh tús leis an gcaibidlíocht agus tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil an 8 Deireadh Fómhair 2021 nuair a chuir ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ann sa todhchaí inisealacha le téacs an dréacht‑Chomhaontaithe. Coinníodh an Mheitheal um Thaighde agus an Mheitheal um CSTE den Chomhairle agus de Pharlaimint na hEorpa ar an eolas ar bhonn rialta le linn na caibidlíochta.

    Dhá chuid atá sa Chomhaontú atá i gceangal leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, go háirithe an ‘scáth-chomhaontú’ maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais agus Prótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) (‘an Prótacal maidir le Fís Eorpach’) i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta a fuair an Coimisiún ón gComhairle.

     

    Leis an ‘scáth-chomhaontú’ déantar coinníollacha comhlachais Oileáin Fharó is infheidhme i gcláir uile an Aontais a rialáil go cuimsitheach. Rialaítear leis an ‘scáth-chomhaontú’ na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, módúlachtaí chun rannpháirtíocht in aon chlár ar leith de chuid an Aontais nó comhlachas le haon chlár de chuid an Aontais a bhunú agus rannpháirtíocht Oileáin Fharó i rialachas Chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais, agus an prionsabal nach mbeidh aon chumhacht chinnteoireachta ann á léiriú. Tá rialacha mionsonraithe ann maidir le bunú ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó le cláir an Aontais, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásra ceartúcháin uathoibríoch. Sa ‘scáth-chomhaontú’ tá rialacha cuimsitheacha le haghaidh chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear cumhachtaí a fheidhmeoidh an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chuige sin, mar aon le rialacha maidir le forghníomhú cinntí ón gCoimisiúin maidir le téarnamh agus breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chríoch Oileáin Fharó. Bunaítear leis freisin struchtúir institiúideacha, i.e. Comhchoiste a bhfuil sé de chúram aige, inter alia, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir an comhar faoin gComhaontú seo a fheabhsú agus a fhorbairt.

    Tá an ‘scáth-chomhaontú’ beartaithe chun creat dlíthiúil marthanach le haghaidh comhair idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó i ndáil le cláir an Aontais Eorpaigh a chruthú. Meastar go bhfanfaidh sé i bhfeidhm le haghaidh roinnt Creataí Airgeadais Ilbhliantúla de chuid an Aontais Eorpaigh, faoi mar a fhanfaidh sé i bhfeidhm le haghaidh an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe nó na gcomhaontuithe réime le tíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus le tíortha Chomhpháirtíocht Chomharsanachta na hEorpa maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais Eorpaigh. I dtaca le Prótacail a bheidh ann amach anseo maidir le comhlachas Oileáin Fharó le gach clár sonrach de chuid an Aontais, d'fhéadfaí iad a chur leis an ‘scáth-chomhaontú’ seo sa todhchaí, dá mbeadh Cláir den sórt sin oscailte le haghaidh rannpháirtíocht Oileáin Fharó faoi bhunghníomhartha an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear gach Clár ábhartha, dá mba é sin mian pholaitiúil an dá Pháirtí, agus tar éis na nósanna imeachta inmheánacha riachtanacha. Beidh teorainn ama le fad na bPrótacal maidir le cur chun feidhme aon chláir ar leith de chuid an Aontais.

    Moltar go nglacfar na Prótacail trí bhíthin cinntí ón gComhchoiste, a bhunófar leis an gcomhaontú seo. Na heilimintí fíor-riachtanacha uile a bhaineann le comhar idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó i gcláir an Aontais Eorpaigh, rialáiltear go cuimsitheach iad sa ‘scáth-chomhaontú’. Le hAirteagal 3(4) den Chomhaontú tá an t‑ábhar sna Prótacail a bheidh ann amach anseo teoranta do na nithe seo a leanas: clár nó gníomhaíocht ábhartha an Aontais, nó cuid de, a shainaithint; fad an chomhlachais a leagan síos; ábhair atá clárshonrach agus nach rialáiltear leis an ‘scáth-chomhaontú’ a rialáil; agus – i gcásanna sonracha ina gcuirtear chun feidhme clár an Aontais trí ionstraim airgeadais nó trí ráthaíocht bhuiséadach - lena leagtar síos méid ranníocaíocht Oileáin Fharó le clár an Aontais den sórt sin.

    Ar bhonn eisceachtúil, ní ghlacfaidh an Comhchoiste an chéad Phrótacal den sórt sin maidir le comhlachas Fís Eorpach, ach rinneadh é a chaibidliú i gcomhthreo leis an ‘scáth-chomhaontú’, agus é ina chuid dhílis de, agus meastar go dtabharfar i gcrích é agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm i dteannta an ‘scáth-chomhaontaithe’. D’údaraigh an Chomhairle an modh oibre sin sna treoracha caibidlíochta. Bhí gá leis chun comhlachas Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach a bhaint amach ó thús an Chláir agus chun comhar leanúnach idir an tAontas Eorpach agus pobail taighde Oileáin Fharó a áirithiú. Chuige sin, tá cur i bhfeidhm sealadach in éineacht le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Chomhaontaithe iomláin ón 1 Eanáir 2021 (i.e. ‘an scáth-chomhaontú’ lena n‑áirítear a Phrótacal maidir le Fís Eorpach) á moladh anois.

    I gcás na dtéarmaí agus na gcoinníollacha clárshonracha lena bhforáiltear maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach, déantar foráil leo maidir le comhlachas le gach cuid den Chlár, seachas an clár sonrach maidir le taighde cosanta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697 2 . Áiritheofar leis seo leanúnachas leis an gcomhlachas iomlán le Fís 2020 roimhe seo agus leis an Seachtú Clár Réime a bhí ann roimhe seo. Measúnaíodh gur chun tairbhe an dá Pháirtí an rannpháirtíocht seo, lena ngabhann breisluach ar leith i réimsí téamacha amhail an comhshaol, sláinte agus bia, chomh maith le taighde ar an aigéan.

    Rinne Oileáin Fharó glan‑ranníocaíocht shuntasach leis an dá Chlár Réime a bhí ann roimhe seo. Leagtar amach sa chomhaontú nua atá beartaithe coinníollacha cothroma agus córa maidir le ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó le Fís Eorpach. Leis an ‘scáth-chomhaontú’ déantar foráil in Airteagal 6(6) maidir leis an bhféidearthacht i ndáil le cur i bhfeidhm comhéifeachta agus leis an 'scáth-chomhaontú’, in Airteagal 7 agus 8 faoi seach, rialáiltear an sásra coigeartaithe agus an sásra ceartúcháin i ndáil le Cláir i gcás ina bhfuil na sásraí sin infheidhme, mar is amhlaidh i leith Fís Eorpach. Leis an bPrótacal maidir le Fís Eorpach, in Iarscríbhinn I de, déantar an sceideal íocaíochta, leibhéal na comhéifeachta is infheidhme maidir le ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó agus na sonraí teicniúla maidir le feidhmiú an tsásra ceartúcháin a rialáil a thuilleadh.

    Leis an bPrótacal maidir le Fís Eorpach, cuirtear leis an taithí ó Fhís 2020 agus ón Seachtú Clár Réime agus, mar is amhlaidh sa chomhaontú comhlachais roimhe seo, áirítear ann clásal cómhalartachta lena n‑áirithítear go mbeidh, a mhéid is féidir, rochtain ag taighdeoirí agus ag eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas chun páirt a ghlacadh i gcláir thaighde agus nuálaíochta Oileáin Fharó atá coibhéiseach le Fís Eorpach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht intíre Oileáin Fharó. In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal tá liosta de chláir Oileáin Fharó atá oscailte le haghaidh rannpháirtíocht ó eintitis taighde atá bunaithe san Aontas Eorpach.

    Tá an dréacht‑Chomhaontú atá ceangailte leis an togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta arna n‑eisiúint ag an gComhairle.

    2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    Tá an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 186 agus ar Airteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Leagtar amach sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a chuirtear i láthair leis an gcinneadh seo na himpleachtaí táscacha buiséadacha.

    I bhfianaise a bhfuil thuas, molann an Coimisiún don Chomhairle

    - cinneadh a dhéanamh maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais;

    - údarú a thabhairt d’idirbheartaí an Chomhaontaithe an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Fharó maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais a shíniú thar ceann an Aontais, agus an fógra a cheanglaítear faoi Airteagal 15(2) den Chomhaontú seo a chur isteach, rud a thabharfaidh le fios go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha is gá le haghaidh chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe sin curtha i gcrích ag an Aontas.

    2022/0044 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i cláir an Aontais

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186 i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Bunaíodh clár an Aontais, Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027), le Rialachán (AE) 2021/695 3 (dá ngairtear ‘an Clár Fís Eorpach’ anseo feasta).

    (2)De bhun Airteagal 16(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/695, tá an Clár Fís Eorpach oscailte le haghaidh comhlachas tríú tíortha agus críoch a chomhlíonann go comhpháirteach na critéir a shonraítear ann.

    (3)De bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2021/695, ceanglaítear le comhlachas tíortha agus críoch den sórt sin leis an gClár Fís Eorpach comhaontú lena gcumhdaítear rannpháirtíocht tíre nó críche den sórt sin le haon Chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais; go leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin, nach dtugtar leis aon chumhacht chinnteoireachta don tríú tír i ndáil leis an gClár de chuid an Aontais, go ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

    (4)I litir dar dáta an 14 Bealtaine 2020, léirigh Oileáin Fharó a suim fhoirmiúil chun bheith comhlachaithe leis an gClár Fís Eorpach.

    (5)An 13 Iúil 2021, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Oileáin Fharó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais agus comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).

    (6)Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú an 8 Deireadh Fómhair 2021.

    (7)Leagtar amach sa Chomhaontú téarmaí agus coinníollacha chomhlachas Oileáin Fharó le cláir an Aontais. De bhun Airteagal 3 den Chomhaontú tá an comhlachas le cláir an Aontais faoi réir ghlacadh na bPrótacal.

    (8)I gcomhréir leis an údarú ón gComhairle, rinneadh an Prótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) a chaibidliú i gcomhthreo leis an gComhaontú agus is cuid dhílis den Chomhaontú é.

    (9)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (10)D’fhonn comhar leanúnach idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó i réimse an taighde, na forbartha teicneolaíochta agus na nuálaíochta a áirithiú agus d’fhonn rannpháirtíocht Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach a cheadú ón uair a chuirfear tús leis, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i cláir an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

    Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a chumhachtófar chun an Comhaontú a shíniú.

    Airteagal 3

    Go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15(2) ann faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm [ar dháta a ghlactha].

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.AINM AN TOGRA:

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i cláir an Aontais

    2.LÍNTE BUISÉID:

    Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim): 6 0 1 0 — Fís Eorpach — Ioncam sannta

    An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann:

    (i gcás ioncaim shannta amháin):

    Sannfar na hioncaim don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

    Airteagal iomlán 01.0101 (01.010101, 01.010102, 01.010103, 01.010111, 01.010112, 01.010113, 01.010171, 01.010172, 01.010173, 01.010174, 01.010176)

    Caibidil iomlán 01.02 (01.020101, 01.020102, 01.020103, 01.020210, 01.020211, 01.020212, 01.020220, 01.020230, 01.020231, 01.020240, 01.020241, 01.020242, 01.020243, 01.020250, 01.020251, 01.020252, 01.020253, 01.020254, 01.020260, 01.020261, 01.020270, 01.020301, 01.020302, 01.020303, 01.020401, 01.020402)

    Líne bhuiséid 20.XX Caiteachas riaracháin an Choimisiúin Eorpaigh

    3.TIONCHAR AIRGEADAIS

       Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

       Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam

       Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta



    Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht: 

    (EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)

    Líne ioncaim

    Tionchar ar ioncam 4 5

    Tréimhse XX mí dar tús ll/mm/bbbb (más infheidhme)

    Bliain N

    6 0 1 0

    7,8

    84 mhí dár tús 01/01/2021

    1,1

    Staid tar éis na gníomhaíochta

    Líne ioncaim

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    6 0 1 0

    1,1

    1,1

    1,2

    1,1

    1,1

    1,1

    1,2

    (I gcás ioncaim shannta amháin, ar choinníoll gurb eol an líne bhuiséid cheana):

    Staid tar éis na gníomhaíochta

    Líne chaiteachais 6

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Airteagal 01.0101 agus caibidil 01.02

    1,1

    1,1

    1,1

    1,0

    1,1

    1,1

    1,1

    20.XX

    0,005

    0,011

    0,017

    0,021

    0,026

    0,032

    0,046

    4.BEARTA FRITHCHALAOISE

    Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceanglaítear ar an gCoimisiún calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Dá bhrí sin, is oibleagáid ghinearálta ar Sheirbhísí uile an Choimisiúin, faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí laethúla a bhaineann le húsáid acmhainní, an chalaois a chosc agus a bhrath. Tá tionchar diúltach ar leith ag an gcalaois a bhaineann le cistí an Aontais ar chlú an Choimisiúin agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais



    Glacadh Straitéis Frithchalaoise reatha an Choimisiúin (COM(2019)196) an 29 Aibreán 2019, chun Straitéis 2011 a ionadú. Is doiciméad beartais é lena leagtar amach tosaíochtaí an Choimisiúin sa chomhrac in aghaidh na calaoise i bhfianaise an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Is iad príomhchuspóirí Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin 2019 1) ‘tuilleadh feabhais a chur ar an tuiscint ar phatrúin chalaoise, ar phróifílí calaoiseoirí agus ar leochaileachtaí sistéamacha a bhaineann le calaois a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais’ (bailiú agus anailísiú sonraí), agus 2) ‘barrfheabhas a chur ar an gcomhordú, ar an gcomhar agus ar na sreafaí oibre le haghaidh an chomhraic in aghaidh na calaoise, go háirithe i measc sheirbhísí agus ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin’ (comhordú, comhar agus próisis). Tá plean gníomhaíochta 63 phointe ag gabháil leis an straitéis, a bhfuil sé beartaithe, i bprionsabal, é a chur chun feidhme ina iomláine faoi dheireadh 2021.

    Is iad seo a leanas treoirphrionsabail agus sprioc-chaighdeáin Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin 2019:

       neamhfhulaingt ar an gcalaois;

       comhrac in aghaidh na calaoise mar chuid dhílis de rialú inmheánach;

       costéifeachtúlacht na rialuithe;

       ionracas agus inniúlacht ghairmiúil fhoireann an Aontais;

       trédhearcacht maidir leis an mbealach a núsáidtear cistí ón Aontas;

       cosc calaoise, go háirithe seiceálacha a dhéanamh ar chláir chaiteachais ó thaobh cosanta calaoise de;

       acmhainneacht maidir le himscrúdú éifeachtach agus malartú tráthúil faisnéise;

       ceartú pras (lena náirítear cistí a ndearnadh calaois orthu agus smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin a aisghabháil);

       dea-chomhar idir gníomhaithe inmheánacha agus seachtracha, go háirithe idir an tAontas Eorpach agus údaráis náisiúnta atá freagrach, agus i measc ranna institiúidí agus chomhlachtaí uile an Aontais lena mbaineann;

       cumarsáid inmheánach agus sheachtrach atá éifeachtach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise.

    In Airteagail 9– 12 den Chomhaontú, tá forálacha mionsonraithe maidir le bearta frithchalaoise. Beidh na bearta sin infheidhme go cothrománach chun a áirithiú go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh ar fud chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais a chumhdófar sna Prótacail a bheidh ann amach anseo a d’fhéadfadh an Comhchoiste a ghlacadh faoin gComhaontú chun Oileáin Fharó a chomhlachú le roinnt clár nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais. Tá siad infheidhme freisin maidir le comhlachas Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach a chumhdaítear leis an bPrótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) a rinneadh a chaibidliú i gcomhthreo leis an gComhaontú agus ar cuid dhílis de é.

    Leis na forálacha thuasluaite (Airteagail 9– 12 den Chomhaontú), déantar foráil, go háirithe, maidir leis na mionsonraí agus na próisis is gá agus cuirtear ar chumas na gcomhlachtaí a choimircíonn leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh (an Coimisiún, lena náirítear OLAF, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus OIPE) tascanna a fheidhmiú gan laincis orthu. Le linn chur chun feidhme na gClár nó na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le Prótacail an Chomhaontaithe, tá an prionsabal mar an gcéanna: tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena náirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena náirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur.

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas oibriú i gcomhar go hiomlán maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Mar a fhoráiltear go sainráite in Airteagal 9(4) den Chomhaontú, féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh freisin tar éis chur i bhfeidhm an Phrótacail a chur ar fionraí, tar éis scor an chur i bhfeidhm nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe.

    Áirithítear leis an gComhaontú gur féidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair ar chríoch Oileáin Fharó, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

    Leis an gComhaontú, cuirtear oibleagáid ar údaráis Oileáin Fharó oibriú i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ionas go mbeidh siad in ann a ndualgas a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil.

    Thairis sin, déantar foráil sa Chomhaontú maidir le sásra éifeachtach chun forfheidhmiú cinntí ón gCoimisiún agus breithiúnas agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le héilimh a eascraíonn as an gClár a áirithiú ar chríoch Oileáin Fharó.

    5.BARÚLACHA EILE

    Is in Airteagal 6, 7 agus 8 den Chomhaontú a shainmhínítear modh ríofa ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó i gclár an Aontais Eorpaigh. I gcás ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach, leagtar síos tuilleadh mionsonraí teicniúla maidir le cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe agus an tsásra ceartúcháin in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis. An tsamhail ranníocaíochta airgeadais is infheidhme faoin gClár Fís Eorpach, tá sí sonrach i measc Chláir uile eile an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm sásra ceartúcháin uathoibríoch (i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán maidir le Fís Eorpach).

    (1)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.).
    (2)    Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).
    (3)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.).
    (4)    Is gá gur meastachán, atá bunaithe ar an bhfoirmle nó ar an modh a shainítear faoi roinn 5, iad na méideanna in aghaidh na bliana. Le haghaidh na bliana tosaigh, is gnách go níoctar an méid bliantúil gan laghdú nó pro rata.
    (5)    I gcás acmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    (6)    Nach bhfuil le húsáid ach amháin más gá.
    Top

    An Bhruiséil,24.2.2022

    COM(2022) 64 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i cláir an Aontais


    IARSCRÍBHINN

    COMHAONTÚ IDIR an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais

    An tAontas Eorpach (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta),

    de pháirt,

    agus

    Rialtas Oileáin Fharó (dá ngairtear ‘Oileáin Fharó’ anseo feasta),

    den pháirt eile,

    dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta,

    AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur mian le hOileáin Fharó a bheith comhlachaithe le réimse níos leithne de chláir agus de ghníomhaíochtaí an Aontais;

    ÓS RUD É go dtugann Oileáin Fharó an comhaontú seo i gcrích thar ceann Ríocht na Danmhairge de bhun an Ghnímh maidir le Comhaontuithe faoin Dlí Idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích ag Rialtas Oileáin Fharó;

    AR MIAN LEO creat marthanach um chomhar idir na Páirtithe a bhunú, ar creat é lena ngabhfaidh téarmaí agus coinníollacha soiléire beachta maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, mar aon le sásra lena n‑éascaítear bunú na rannpháirtíochta sin i gcláir nó i ngníomhaíochtaí aonair an Aontais;

    AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH, go háirithe, gur mian le hOileáin Fharó caidreamh laistigh dá réimsí inniúlachtaí leis an Aontas a neartú a thuilleadh, lena n‑áirítear an comhar sa taighde agus sa nuálaíocht, mar aon le hoideachas, oiliúint, an óige, cultúr agus spórt, ach gan a bheith teoranta dóibh;

    I bhFIANAISE spriocanna coiteanna, luachanna agus naisc láidre na bPáirtithe i réimse an taighde agus na nuálaíochta, arna mbunú san am a chuaigh thart trí na Comhaontuithe Comhlachais a ghabh leis na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht ina dhiaidh sin 1 , agus ag aithint dóibh mhian chomhchoiteann na bPáirtithe a gcaidreamh agus an comhar eatarthu a fhorbairt, a neartú, a spreagadh agus a shíneadh a thuilleadh ann;

    DE BHRÍ gur bunaíodh clár an Aontais Eorpaigh, Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 (dá ngairtear ‘an Clár Fís Eorpach’ anseo feasta);



    I bhFIANAISE iarrachtaí an Aontais an fhreagairt a stiúradh trí dhul i gcomhar lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta ar mhaithe le daoine, an pláinéad agus an rathúnas i gClár Oibre na Náisiún Aontaithe ‘I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, agus á admháil dóibh gur uirlisí fíor-riachtanacha iad an taighde agus an nuálaíocht agus gurb iad is mó a spreagann an fás inbhuanaithe a bheidh á threorú ag an nuálaíocht, an t‑iomaíochas agus an tarraingteacht eacnamaíoch;

    AG AITHINT DÓIBH na bprionsabal ginearálta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695;

    AG ADMHÁIL DÓIBH chuspóirí an Limistéir Eorpaigh Taighde athnuaite chun limistéar coiteann eolaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt, margadh aonair don taighde agus don nuálaíocht a chruthú, an comhar idir eagraíochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta, lena n‑áirítear ollscoileanna, agus malartú dea-chleachtas agus gairmeacha taighde tarraingteacha a chothú agus a éascú, soghluaisteacht trasteorann agus idirearnálach taighdeoirí a éascú, saorghluaiseacht eolais eolaíoch agus nuálaíochta eolaíche a chothú, an urraim don tsaoirse acadúil agus do shaoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn, tacú le hoideachas eolaíochta agus gníomhaíochtaí cumarsáide, agus iomaíochas agus tarraingteacht na ngeilleagar rannpháirteach a spreagadh, agus ag admháil dóibh gur príomh‑chomhpháirtithe ionchasacha iad na tíortha comhlachaithe leis an gClár Fís Eorpach san iarracht sin;

    AG CUR I dTÁBHACHT ról na gComhpháirtíochtaí Eorpacha a thugann aghaidh ar roinnt de na dúshláin is práinní atá san Eoraip trí thionscnaimh chomhbheartaithe thaighde agus nuálaíochta lena rannchuidítear go mór le tosaíochtaí an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta ina bhfuil gá le mais chriticiúil agus fís fhadtéarmach agus tábhacht rannpháirtíocht na dtíortha comhlachaithe sna Comhpháirtíochtaí Eorpacha sin;

    AG FÉACHAINT le coinníollacha comhthairbheacha a bhunú chun poist chuibhiúla a chruthú, éiceachórais nuálaíochta na bPáirtithe a neartú agus tacú leo trí chabhrú le fiontair nuálaíocht agus méadú a dhéanamh i margaí na bPáirtithe agus trí ghlacadh na nuálaíochta, mar aon le cur in úsáid agus inrochtaineacht na nuálaíochta, a éascú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta;

    AG AITHINT DÓIBH gur cheart go dtiocfadh sochair fhrithpháirteacha as rannpháirtíocht chómhalartach i gcláir thaighde agus nuálaíochta a chéile; agus á admháil dóibh go bhforchoimeádann na Páirtithe a gceart chun teorainn nó coinníoll a chur le rannpháirtíocht ina gcláir thaighde agus nuálaíochta; lena n‑áirítear, go háirithe, i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil,

    TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an gcomhaontú seo na rialacha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó in aon chlár nó in aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta).



    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) ciallaíonn ‘bunghníomh’:

    (i) gníomh dlí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais, seachas moladh nó tuairim, lena mbunaítear clár, lena soláthraítear bunús dlí le haghaidh gníomhaíochta agus le haghaidh chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh arna iontráil i mbuiséad an Aontais nó chur chun feidhme na ráthaíochta buiséadaí nó an chúnaimh airgeadais arna dtacú ag buiséad an Aontais, lena n‑áirítear aon leasú agus aon ghníomh ábhartha d’institiúid de chuid an Aontais a fhorlíonann nó a chuireann an gníomh sin chun feidhme, seachas na gníomhartha sin lena nglactar cláir oibre, nó

    (ii) gníomh dlí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais, seachas moladh nó tuairim, lena mbunaítear gníomhaíocht arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais seachas na cláir, lena n‑áirítear aon leasú agus aon ghníomh ábhartha d’institiúid de chuid an Aontais a fhorlíonann nó a chuireann an gníomh sin chun feidhme, seachas na gníomhartha sin lena nglactar cláir oibre;

    (b) ciallaíonn ‘comhaontú cistiúcháin’ comhaontuithe a bhaineann le cláir agus gníomhaíochtaí faoi na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo, a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu, lena gcuirtear chun feidhme cistí ón Aontas amhail comhaontuithe deontais, comhaontuithe ranníocaíochta, comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, comhaontuithe maoiniúcháin agus comhaontuithe ráthaíochta;

    (c) ciallaíonn ‘rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár agus ghníomhaíocht an Aontais’ rialacha arna leagan síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 (‘an Rialachán Airgeadais’) a bhfuil feidhm acu maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus sa chlár oibre nó sna glaonna nó sna nósanna imeachta dámhachtana eile de chuid an Aontais;

    (d) ciallaíonn ‘nós imeachta dámhachtana de chuid an Aontais’ nós imeachta maidir le cistiú ón Aontas Eorpach a dhámhachtain, ar nós imeachta é a sheolfaidh an tAontas Eorpach nó daoine nó eintitis a bhfuil sé de chúram orthu cistí ón Aontas a chur chun feidhme;

    (e) ciallaíonn ‘an t‑eintiteas de chuid Oileáin Fharó’ aon chineál eintitis, bíodh sé ina dhuine nádúrtha, ina dhuine dlítheanach nó ina eintiteas de chineál eile, a fhéadfaidh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chlár nó ghníomhaíocht an Aontais i gcomhréir leis an mbunghníomh agus a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó atá bunaithe in Oileáin Fharó.

    Airteagal 3

    An rannpháirtíocht a bhunú

    1.Ceadófar d’Oileáin Fharó páirt a ghlacadh i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais agus rannchuidiú leo, nó i gcásanna eisceachtúla sa chuid de chláir nó de ghníomhaíochtaí an Aontais, atá oscailte le haghaidh rannpháirtíocht Oileáin Fharó, i gcomhréir leis na bunghníomhartha agus mar a chumhdaítear leis na Prótacail.

    2.Leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó sa Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) sa Phrótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027). D’ainneoin Airteagal 15(7) den Chomhaontú seo, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú seo an Prótacal sin a leasú.

    3.D’ainneoin Airteagal 15(7) den Chomhaontú seo, leagfar síos na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó in aon chlár nó in aon ghníomhaíocht áirithe eile de chuid an Aontais sna Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo atá le glacadh agus le leasú ag an gComhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú seo.

    4.Leis na Prótacail:

    (a) sainaithneofar cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcásanna eisceachtúla, an chuid de chláir nó de ghníomhaíochtaí an Aontais, a nglacfaidh Oileáin Fharó páirt iontu;

    (b) leagfar síos fad na rannpháirtíochta, lena dtagrófar don tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh Oileáin Fharó agus eintitis Oileáin Fharó iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas Eorpach nó a fhéadfar cur chun feidhme cistí ón Aontas a chur de chúram orthu;

    (c) leagfar síos coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó agus eintitis Oileáin Fharó, lena n‑áirítear módúlachtaí sonracha maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha airgeadais mar a shainaithnítear faoi Airteagail 6 agus 7 den Chomhaontú seo, módúlachtaí sonracha an tsásra ceartúcháin mar a shainaithnítear faoi Airteagal 8 den Chomhaontú seo, agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i struchtúir arna gcruthú chun críocha na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Comhlíonfaidh na coinníollacha sin an Comhaontú seo agus na bunghníomhartha agus na gníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais lena mbunaítear na struchtúir sin;

    (d) i gcás inarb infheidhme, leagfar síos méid ranníocaíocht Oileáin Fharó le clár an Aontais a chuirtear chun feidhme trí ionstraim airgeadais nó trí ráthaíocht bhuiséadach.

    Airteagal 4

    Comhlíontacht leis an gclár nó leis na rialacha gníomhaíochta

    1.Glacfaidh Oileáin Fharó páirt i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear sa Chomhaontú seo, ina Phrótacail, sna bunghníomhartha agus i rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais.

    2.Áireofar an méid seo a leanas sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1:

    (a)incháilitheacht eintitis Oileáin Fharó agus aon choinníoll incháilitheachta eile a bhaineann le hOileáin Fharó, go háirithe leis an tionscnamh, leis an áit ghníomhaíochta nó leis an náisiúntacht;

    (b)na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais a chur isteach, a mheasúnú agus a roghnú agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ag eintitis incháilithe Oileáin Fharó.

    3.Beidh na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis na mBallstát incháilithe, lena náirítear urraim do bhearta sriantacha an Aontais Eorpaigh 4 mura bhforáiltear a mhalairt sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 5

    Rannpháirtíocht Oileáin Fharó i rialachas clár nó gníomhaíochtaí

    1.Ceadófar d’ionadaithe nó do shaineolaithe Oileáin Fharó, nó do shaineolaithe arna nainmniú ag Oileáin Fharó, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí mura rud é go mbaineann sé le pointí a fhorchoimeádtar do Bhallstáit, agus dóibh sin amháin, nó i ndáil le clár nó gníomhaíocht nach nglacann Oileáin Fharó páirt ann nó inti, sna coistí, i gcruinnithe na ngrúpaí saineolaithe nó sna cruinnithe comhchosúla eile a nglacann ionadaithe nó saineolaithe na mBallstát, nó saineolaithe arna nainmniú ag na Ballstáit, páirt iontu, agus a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme agus bainistiú na gclár agus na dtionscadal, nó codanna díobh, a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu i gcomhréir le hAirteagal 3 nó atá bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach i leith chur chun feidhme dhlí an Aontais i ndáil leis na cláir agus na gníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh. Ionadaithe nó saineolaithe Oileáin Fharó, nó na saineolaithe arna nainmniú ag Oileáin Fharó, ní bheidh siad i láthair tráth na vótála. Cuirfear toradh na vótála in iúl d’Oileáin Fharó.

    2.I gcás nach gceapfar saineolaithe ná meastóirí ar bhonn náisiúntachta, ní bheidh náisiúntacht ina cúis le saineolaithe agus meastóirí Oileáin Fharó a eisiamh.

    3.Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1, rialófar rannpháirtíocht ionadaithe Oileáin Fharó sna cruinnithe dá dtagraítear i mír 1, nó i gcruinnithe eile a bhaineann le cur chun feidhme clár nó gníomhaíochtaí, rialófar í leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe na mBallstát, go háirithe cearta labhartha, faisnéis agus doiciméadacht a fháil mura rud é go mbaineann sé le pointí a fhorchoimeádtar do Bhallstáit, agus dóibh sin amháin, nó i ndáil le clár nó gníomhaíocht nach nglacann Oileáin Fharó páirt ann nó inti, agus aisíocaíocht na gcostas taistil agus cothaithe.

    4.Sna Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfar módúlachtaí breise le haghaidh rannpháirtíocht na saineolaithe a shainmhíniú, mar aon le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i mboird rialúcháin agus i struchtúir arna gcruthú chun críocha chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais a shainmhínítear sa Phrótacal faoi seach a chur chun feidhme.

     

    Airteagal 6

    Coinníollacha airgeadais

    1.Rannpháirtíocht Oileáin Fharó nó rannpháirtíocht eintitis Oileáin Fharó i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, beidh sí faoi réir ranníocaíocht airgeadais ó Oileáin Fharó leis an gcistiú comhfhreagrach faoi bhuiséad an Aontais.

    2.Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

    (a) táille rannpháirtíochta; agus

    (b) ranníocaíocht oibríochtúil.

    3.Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm íocaíochta bliantúla a dhéanfar i dtráthchuid amháin nó níos mó.

    4.Gan dochar do mhír 8 den Airteagal seo agus d’Airteagal 7, is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta agus ní bheidh sí faoi réir coigeartuithe cúlghabhálacha. Ó 2028 ar aghaidh, féadfaidh an Comhchoiste leibhéal na táille rannpháirtíochta a choigeartú.

    5.Cumhdófar leis an ranníocaíocht oibríochtúil caiteachas oibríochtúil agus caiteachas tacaíochta agus beidh sí sa bhreis, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon, ar na méideanna arna niontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacfar go cinntitheach le haghaidh clár nó gníomhaíochtaí, nó codanna díobh ar bhonn eisceachtúil, arna méadú, i gcás inarb iomchuí, le hioncam sannta seachtrach nach neascraíonn as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile, méideanna a chumhdaítear le gach Prótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    6.Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) Oileáin Fharó ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais Eorpaigh ag praghsanna an mhargaidh. Is iad seirbhísí tiomnaithe an Choimisiúin a chinnfidh na OTInna ag praghsanna an mhargaidh a bheidh le cur i bhfeidhm bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil do ríomhanna buiséid sa bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an íocaíocht bhliantúil le híoc. De mhaolú air sin, le haghaidh 2021, is ar OTI 2019 ag praghsanna an mhargaidh a bheidh an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bunaithe. Féadfar coigeartuithe ar an treoir ranníoca sin a leagan síos i bPrótacail faoi seach.

    7.Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar chur i bhfeidhm na treorach ranníoca ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tosaigh, a mhéadófar mar a shainmhínítear i mír 5 den Airteagal seo, arna niontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacfar go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó codanna díobh ar bhonn eisceachtúil, a mhaoiniú, a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu.

    8.Is é an luach seo a leanas an luach a bheidh ar an táille rannpháirtíochta dá tagraítear i mír 2 den Airteagal seo in 2021 go 2027:

    2021: 0,5 %;

    2022: 1 %;

    2023: 1,5 %;

    2024: 2 %;

    2025: 2,5 %;

    2026: 3 %;

    2027: 4 %.

    9.Arna iarraidh sin, soláthróidh an tAontas Eorpach d’Oileáin Fharó faisnéis i ndáil lena rannpháirtíocht airgeadais mar a áirítear san fhaisnéis bhuiséadach, chuntasaíochta, feidhmíochta agus mheastóireachta arna soláthar d’údaráis bhuiséadacha agus d’údaráis um urscaoileadh an Aontais Eorpaigh maidir le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a nglacann Oileáin Fharó páirt iontu. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt do rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais agus Oileáin Fharó agus tá sí gan dochar don fhaisnéis atá Oileáin Fharó i dteideal a fháil faoi Airteagal 10 den Chomhaontú seo.

    10.Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí uile Oileáin Fharó nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

    11.Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo sna Prótacail faoi seach.

    Airteagal 7

    Cláir agus gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ag sásra coigeartaithe maidir leo

    1.I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i bPrótacal faoi seach, féadfar ranníocaíocht oibríochtúil chláir nó ghníomhaíochta, nó cuid de, le haghaidh bhliain N a choigeartú suas nó síos go cúlghabhálach i mbliain amháin nó níos mó blianta ina dhiaidh sin ar bhonn na ngealltanas buiséadach a dhéanfar maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh na bliana sin, agus ar bhonn chur chun feidhme a ngealltanas dlíthiúil agus a ngealltanas saortha.

    2.Sa bhliain N+1 a dhéanfar an chéad choigeartú nuair a choigeartófar an ranníocaíocht tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú trí chur i bhfeidhm comhéifeachta i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal faoi seach, a chur i bhfeidhm maidir le suim:

    (a)mhéid na ngealltanas buiséadach a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N faoi bhuiséad an Aontais a glacadh agus maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís; agus

    (b)aon leithreasú ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile a chumhdaítear le gach Prótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo agus a bhí ar fáil ag deireadh bhliain N.

    3.Gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh na gealltanais bhuiséadacha uile a mhaoinítear faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a thionscnaítear ó bhliain N íoctha nó saortha agus 3 bliana ar a dhéanaí tar éis dheireadh an chláir nó tar éis dheireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil a chomhfhreagraíonn do bhliain N, cibé acu is túisce, ríomhfaidh an tAontas coigeartú ar ranníocaíocht bhliain N trí ranníocaíocht Oileáin Fharó a laghdú faoin méid a fuarthas trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal faoi seach, a chur i bhfeidhm maidir leis na gealltanais saortha a rinneadh gach bliain maidir le gealltanais bhliain N a mhaoinítear faoi bhuiséad an Aontais nó ó ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís.

    4.I gcás ina gcuirfear ar ceal na leithreasuithe ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile a chumhdaítear le gach Prótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo, déanfar ranníocaíocht Oileáin Fharó leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht Aontais faoi seach, nó cuid de, a laghdú faoin méid a fuarthas trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal faoi seach, a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a cuireadh ar ceal.

    Airteagal 8

    Cláir agus gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo

    1.Beidh feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch i ndáil leis na cláir agus na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais, nó codanna díobh, ar ina leith a dhéantar foráil do chur i bhfeidhm an tsásra ceartúcháin uathoibríoch i bPrótacal faoi seach. Féadfar cur i bhfeidhm an tsásra uathoibríoch ceartúcháin sin a theorannú do chodanna den chlár nó den ghníomhaíocht a shonraítear i bPrótacal faoi seach, codanna a chuirtear chun feidhme trí dheontais ar ina leith a eagraítear glaonna iomaíocha. Rialacha mionsonraithe maidir le sainaithint na gcodanna sin den chlár nó den ghníomhaíocht a mbeidh nó nach mbeidh feidhm ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo, feadfar iad a bhunú sa Phrótacal faoi seach.

    2.Is éard a bheidh i méid an cheartúcháin uathoibríoch le haghaidh cláir nó gníomhaíochta, nó codanna díobh, an difríocht idir méideanna tosaigh na ngealltanas dlíthiúil a dhéanfar iarbhír le hOileáin Fharó nó le heintitis Oileáin Fharó a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana i gceist agus an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach a íocfaidh Oileáin Fharó de réir a choigeartófar de bhun Airteagal 7, cé is moite de chaiteachas tacaíochta, lena gcumhdaítear an tréimhse chéanna.

    3.Rialacha mionsonraithe maidir le bunú mhéideanna ábhartha na ngealltanas dlíthiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena náirítear i gcás cuibhreannas, agus rialacha mionsonraithe maidir le ríomh an cheartúcháin uathoibríoch, féadfar iad a leagan síos sa Phrótacal faoi seach.

    Airteagal 9

    Athbhreithnithe agus iniúchtaí

    1.Beidh sé de cheart ag an Aontas, i gcomhréir leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha, athbhreithnithe agus iniúchtaí teicniúla, eolaíocha, airgeadais, nó cineálacha eile athbhreithnithe agus iniúchtaí, a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe in Oileáin Fharó agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe in Oileáin Fharó. Féadfaidh gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh, nó féadfaidh daoine eile, ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh i gcomhréir le dlí an Aontais, iad a dhéanamh.

    2.Beidh rochtain iomchuí ag gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus na daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, ar láithreáin, oibreacha agus doiciméid (i leaganacha leictreonacha agus i leaganacha páipéir) agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh, lena náirítear an ceart chun cóip fhisiceach/leictreonach d’aon doiciméad nó d’ábhar aon mheáin sonraí, agus sleachta ó na doiciméid sin, atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi iniúchadh nó ag an tríú páirtí atá faoi iniúchadh.

    3.Ní chuirfidh Oileáin Fharó cosc ná aon bhac ar leith ar an gceart iontrála in Oileáin Fharó ná ar rochtain ar áitreabh na ngníomhairí agus na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar fhorais fheidhmiú a ndualgas dá dtagraítear san Airteagal seo.

    4.Féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh freisin, tar éis chur i bhfeidhm an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí, de bhun Airteagal 15(4) de, tar éis scor an chur i bhfeidhm shealadaigh nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, ar bhonn na dtéarmaí a leagtar síos sna gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus dá bhforáiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha i ndáil le haon ghealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme buiséad an Aontais ar gealltanas é a bheidh déanta ag an Aontas roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht le fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha, le scor an chur i bhfeidhm shealadaigh nó le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 10

    Neamhrialtachtaí, calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac

    1.Údarófar don Choimisiún Eorpach agus don Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh i gcríoch Oileáin Fharó, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Déanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna mbunú leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais.

    2.Cuirfidh údaráis inniúla Oileáin Fharó an Coimisiún Eorpach nó OLAF ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach faoi aon fhíoras nó amhras atá tugtha faoi deara acu i ndáil le neamhrialtacht, calaois nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.

    3.Féadfar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe in Oileáin Fharó agus a fhaigheann cistí ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe in Oileáin Fharó.

    4.Is é an Coimisiún Eorpach nó OLAF, i ndlúthchomhar le húdarás inniúil Oileáin Fharó arna ainmniú ag rialtas Oileáin Fharó, a ullmhóidh agus a thabharfaidh i gcrích na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair. Tabharfar fógra, tréimhse réasúnach roimh ré, don údarás ainmnithe faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí, ionas go mbeidh sé in ann cúnamh a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla Oileáin Fharó páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí ar an láthair.

    5.Arna iarraidh sin d’údaráis Oileáin Fharó, féadfar na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach nó le OLAF.

    6.Beidh rochtain ag gníomhairí an Choimisiúin agus ag baill foirne OLAF ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht uile, lena náirítear sonraí ríomhaireachta, maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann, atá riachtanach chun na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh mar is cuí. Féadfaidh siad, go háirithe, doiciméid ábhartha a chóipeáil.

    7.I gcás ina gcuireann duine, eintiteas nó tríú páirtí eile i gcoinne seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis Oileáin Fharó cúnamh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le rialacha agus rialacháin náisiúnta, don Choimisiún Eorpach nó do OLAF, ionas gur féidir leo a ndualgas a chomhlíonadh maidir le seiceáil nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh. Áireofar leis an gcúnamh sin na bearta réamhchúraim iomchuí a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, go háirithe chun fianaise a chosaint.

    8.Cuirfidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF údaráis Oileáin Fharó ar an eolas faoi thoradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin. Tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF, go háirithe, a luaithe is féidir d’údarás inniúil Oileáin Fharó maidir le haon fhíoras nó aon amhras a bhaineann le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara acu le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair.

    9.Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil Oileáin Fharó, féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta agus pionóis riaracháin a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha nó ar dhaoine nádúrtha de chuid Oileáin Fharó a ghlacann páirt i gcur chun feidhme cláir nó gníomhaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

    10.Chun críocha chur chun feidhme cuí an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla Oileáin Fharó faisnéis a mhalartú go rialta agus, arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sa Chomhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairle le chéile.

    11.Chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú, ainmneoidh Oileáin Fharó pointe teagmhála.

    12.An malartú faisnéise a dhéanfar idir an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla Oileáin Fharó, déanfar é agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta. Na sonraí pearsanta a áireofar sa mhalartú faisnéise, cosnófar iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

    13.Oibreoidh údaráis Oileáin Fharó i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ionas go mbeidh sí in ann a ndualgas a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

    Airteagal 11

    Leasuithe ar Airteagail 9 agus 10

    Féadfaidh an Comhchoiste, faoin gComhaontú seo, Airteagail 9 agus 10 den Chomhaontú seo a leasú, go háirithe chun athruithe ar ghníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais a chur san áireamh.

    Airteagal 12

    Aisghabháil agus forfheidhmiú

    1.Cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha seachas Stáit i ndáil le haon éileamh a eascraíonn as cláir, gníomhaíochtaí, gníomhartha nó tionscadail an Aontais, beidh siad infhorfheidhmithe in Oileáin Fharó. Beidh an tordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás náisiúnta arna ainmniú chun na críche sin ag rialtas Oileáin Fharó. Cuirfidh rialtas Oileáin Fharó a údarás náisiúnta ainmnithe in iúl don Choimisiún agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 13, beidh an Coimisiún Eorpach i dteideal fógra maidir le cinntí infhorfheidhmithe den sórt sin a thabhairt go díreach do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Oileáin Fharó agus d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in Oileáin Fharó. Déanfar an forfheidhmiú i gcomhréir le dlí agus rialacha nós imeachta Oileáin Fharó.

    2.I gcás breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar i gcur i bhfeidhm clásail eadrána atá i gconradh nó i gcomhaontú i ndáil le cláir, gníomhaíochtaí, gníomhartha nó tionscadail an Aontais, beidh siad infhorfheidhmithe in Oileáin Fharó ar an gcaoi chéanna le cinntí ón gCoimisiún Eorpach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    3.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 agus forfheidhmiú an chinnidh sin a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag Cúirteanna Oileáin Fharó, áfach, ar ghearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh ar bhealach neamhrialta.

    Airteagal 13

    Cumarsáid agus malartú faisnéise

    Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais, nó i rialú na gclár nó na ngníomhaíochtaí sin, beidh siad i dteideal cumarsáid a dhéanamh go díreach, lena n‑áirítear trí chórais malartaithe leictreonaigh, le haon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó le haon eintiteas dlítheanach atá bunaithe in Oileáin Fharó agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistiú an Aontais agus a bhfuil cónaí air in Oileáin Fharó nó atá bunaithe in Oileáin Fharó. Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na tríú páirtithe sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha uile a chur go díreach faoi bhráid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, ar faisnéis agus doiciméadacht iad a cheanglaítear orthu a chur isteach ar bhonn reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le clár nó gníomhaíocht an Aontais agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe cistiúcháin arna dtabhairt i gcrích chun an clár nó an ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme.

    Airteagal 14

    An Comhchoiste

    (1)Bunaítear an Comhchoiste leis seo. Áireofar an méid seo a leanas i gcúraimí an Chomhchoiste:

    (a)measúnú, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus a Phrótacal, go háirithe:

    (i) rannpháirtíocht agus feidhmíocht eintitis dhlítheanacha Oileáin Fharó i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais;

    (ii) i gcás inarb ábhartha, leibhéal oscailteachta (frithpháirtí) na n‑eintiteas dlítheanach atá bunaithe i ngach Páirtí páirt a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail, i ngníomhartha agus i ngníomhaíochtaí an Pháirtí eile, nó i gcodanna díobh;

    (iii) cur chun feidhme an tsásra ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha, an tsásra ceartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo;

    (iv) malartú faisnéise agus, i gcás inarb ábhartha, scrúdú a dhéanamh ar aon cheist a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le saothrú torthaí, lena n‑áirítear cearta maoine intleachtúla;

    (b)plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, ar shrianta arna gcur i bhfeidhm nó atá beartaithe ag na Páirtithe ar an rochtain ar a gcláir thaighde agus nuálaíochta féin, lena náirítear go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil;

    (c)scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir comhar a fheabhsú agus a fhorbairt;

    (d)plé comhpháirteach a dhéanamh ar threoshuíomhanna agus ar thosaíochtaí na mbeartas a bheidh ann amach anseo a bhaineann le cláir nó gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo;

    (e)malartú faisnéise, inter alia, maidir le reachtaíocht nua, cinntí nua nó cláir náisiúnta nua atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus a Phrótacal;

    (f)Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó codanna díobh, a ghlacadh, nó Prótacail den sórt sin a leasú de réir mar is gá;

    (g)Airteagail 9 agus 10 den Chomhaontú seo a leasú, go háirithe chun athruithe ar ghníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais a chur san áireamh.

    (2)Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí an Chomhchoiste.

    (3)Déanfaidh an Comhchoiste, ar a mbeidh ionadaithe an Aontais agus Oileáin Fharó, a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

    (4)Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal/aon chomhlacht comhairleach a bhunú ar bhonn ad hoc ar leibhéal na saineolaithe a bheidh in ann cúnamh a thabhairt an Comhaontú seo a chur chun feidhme.

    (5)Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina néileofar sin le himthosca speisialta, arna iarraidh sin d’aon Pháirtí. Déanfaidh an tAontas agus Oileáin Fharó na cruinnithe a eagrú agus a óstáil ar bhonn idirmhalartach.

    (6)Oibreoidh an Comhchoiste ar bhonn leanúnach trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú trí bhíthin aon mhodh cumarsáide; go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht/feidhmíocht eintitis Oileáin Fharó. Féadfaidh an Comhchoiste, go háirithe, a chuid cúraimí a dhéanamh i scríbhinn aon uair is gá.

    Airteagal 15

    Forálacha críochnaitheacha

    (1)Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin. Beidh feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2021.

    (2)Féadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus reachtaíochta féin. Tosóidh an cur i bhfeidhm sealadach ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin.

    (3)Sa chás go dtabharfaidh Oileáin Fharó fógra don Choimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, nach gcuirfidh siad i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige ar an dáta a gheobhaidh an Coimisiún an fógra sin, arb éard a bheidh sa dáta sin an dáta scoir chun críocha an Chomhaontaithe seo.

    Scoirfidh cinntí an Chomhchoiste d’fheidhm a bheith acu ar an dáta céanna.

    (4)Féadfaidh an tAontas cur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí i gcás neamhíocaíocht pháirteach nó neamhíocaíocht iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite ag Oileáin Fharó faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht an Aontais faoi seach.

    I gcás neamhíocaíocht a d’fhéadfadh cur chun feidhme agus bainistiú chlár nó ghníomhaíocht ábhartha an Aontais a chur i mbaol go mór, seolfaidh an Coimisiún Eorpach litir mheabhrúcháin fhoirmiúil. I gcás nach ndéanfar aon íocaíocht laistigh de 20 lá oibre tar éis na litreach meabhrúcháin foirmiúla, tabharfaidh an tAontas fógra d’Oileáin Fharó maidir le cur ar fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha trí litir fógra fhoirmiúil, fionraí a thiocfaidh i bhfeidhm 15 lá tar éis d’Oileáin Fharó an fógra sin a fháil.

    I gcás ina gcuirfear cur i bhfeidhm an Phrótacail ar fionraí, ní bheidh eintitis Oileáin Fharó incháilithe páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana nach bhfuil tugtha i gcrích go fóill nuair a chuirfear an fhionraí i bhfeidhm. Measfar nós imeachta dámhachtana a bheith tugtha i gcrích nuair a ghlacfar gealltanais dhlíthiúla de láimh mar thoradh ar an nós imeachta sin.

    Leis an bhfionraí, ní dhéanfar difear do na gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh de láimh le heintitis Oileáin Fharó faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm. Leanfaidh an Prótacal ábhartha d’fheidhm a bheith aige maidir le gealltanais dhlíthiúla den sórt sin.

    Tabharfaidh an tAontas fógra láithreach d’Oileáin Fharó a luaithe a gheobhaidh an tAontas méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí le héifeacht láithreach ar an bhfógra sin a thabhairt.

    Ón dáta a chuirfear deireadh leis an bhfionraí, beidh eintitis Oileáin Fharó incháilithe arís le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a sheolfar faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais tar éis an dáta sin agus le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a seoladh roimh an dáta sin, ar nósanna imeachta dámhachtana iad nach bhfuil na sprioc-amanna chun iarratais a chur isteach dulta in éag.

    (5)Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sé beartaithe é a fhoirceannadh. Ní fhéadfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh, ach amháin ina iomláine.

    Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm 3mhí féilire tar éis an dáta a gheobhaidh an seolaí an fógra i scríbhinn. Is éard a bheidh sa dáta foirceanta chun críocha an Chomhaontaithe seo, an dáta a thiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm.

    (6)I gcás ina scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige i gcomhréir le mír 3 nó i gcás ina ndéanfar é a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 5, comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas:

    (a) leanfar le tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, a ndearnadh gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh de láimh ina leith le linn chur i bhfeidhm sealadach agus/nó tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus sula scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige nó sula ndéanfar é a fhoirceannadh, leanfar leo go dtí go dtabharfar i gcrích iad faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo;

    (b) ranníocaíocht airgeadais bhliain N, leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ar lena linn a scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige nó a dhéanfar é a fhoirceannadh, íocfar í ina hiomláine i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú agus le haon riail ábhartha eile sna Prótacail faoi seach. I gcás ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil bhliain N leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chomhaontú seo. I gcás cláir nó gníomhaíochtaí ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe agus ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch araon, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil ábhartha bhliain N a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chomhaontú seo agus a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 8 de. An táille rannpháirtíochta a íocfar le haghaidh bhliain N mar chuid den ranníocaíocht airgeadais leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ní dhéanfar í a choigeartú nó a cheartú.

    (c) i gcás ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe, tar éis na bliana ar lena linn a scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige nó a dhéanfar é a fhoirceannadh, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla tosaigh leis an gclár nó leis an gníomhaíocht ábhartha, a íocadh le haghaidh na mblianta ar lena linn a bhí feidhm ag an gComhaontú seo, a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7. I gcás cláir nó gníomhaíochtaí ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe agus ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch araon, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla sin a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus a cheartú go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 8.

    (7)Socróidh na Páirtithe de chomhthoil aon iarmhairt eile a ghabhann le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a fhoirceannadh nó a scor.

    (8)Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe. Leanfaidh teacht i bhfeidhm na leasuithe an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo mar a fhoráiltear le mír 1 den Airteagal seo.

    (9)Cuid dhílis den Chomhaontú seo a bheidh sna Prótacail.

    Arna dhéanamh i/sa …, an … lá de … sa bhliain ... 

    Thar ceann an Aontais Eorpaigh,

    Thar ceann Rialtas Oileáin Fharó,

    Prótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)

    Airteagal 1

    Raon feidhme an chomhlachais

    (1)Glacfaidh Oileáin Fharó páirt mar thír chomhlachaithe i ngach cuid den Chlár Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (an Clár Fís Eorpach), agus rannchuideoidh sí le gach cuid de, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , agus a chuirtear chun feidhme trí bhíthin an chláir shonraigh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle 6 , sna leaganacha is cothroime le dáta díobh, agus trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.

    (2)Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , agus Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , sna leaganacha is cothroime le dáta díobh; beidh feidhm acu maidir le rannpháirtíocht eintitis Oileáin Fharó i bPobail Eolais agus Nuálaíochta.

    Airteagal 2

    Coinníollacha breise na rannpháirtíochta sa Chlár Fís Eorpach

    (1)Sula ndéanfar cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil eintitis Oileáin Fharó incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/695, féadfaidh an Coimisiún faisnéis nó dearbhuithe sonracha a iarraidh, amhail:

    (a)faisnéis maidir le cé acu a deonaíodh nó a dheonófar rochtain chómhalartach d’eintitis an Aontais ar chláir, ar thionscadail, ar ghníomhartha agus ar ghníomhaíochtaí Oileáin Fharó, nó ar chodanna díobh, atá ann cheana agus atá beartaithe, ar cláir, tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí iad atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach lena mbaineann;

    (b)faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sásra náisiúnta um scagadh ar infheistíocht ag Oileáin Fharó agus dearbhuithe go ndéanfaidh údaráis Oileáin Fharó tuairisciú chuig an gCoimisiún agus go rachaidh siad i gcomhairle leis maidir le haon chás féideartha i gcás, agus sásra den chineál sin á chur i bhfeidhm, ina bhfaighidh siad eolas faoi infheistíocht eachtrach/táthcheangal atá beartaithe ag eintiteas atá bunaithe lasmuigh d’Oileáin Fharó, nó atá á rialú ó lasmuigh d’Oileáin Fharó, ar eintiteas de chuid Oileáin Fharó, a fuair cistiú ó Fhís Eorpach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais, ar choinníoll go soláthróidh an Coimisiún d’Oileáin Fharó an liosta d’eintitis ábhartha Oileáin Fharó tar éis shíniú na gcomhaontuithe deontais leis na heintitis sin; agus

    (c)dearbhuithe nach mbeidh aon cheann de na torthaí, na teicneolaíochtaí, na seirbhísí nó na táirgí arna bhforbairt faoi na gníomhaíochtaí lena mbaineann ag eintitis Oileáin Fharó faoi réir srianta ar a nonnmhairiú chuig Ballstáit an Aontais le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta. Roinnfidh Oileáin Fharó liosta cothrom le dáta de na hábhair maidir le srianta náisiúnta ar onnmhairiú ar bhonn bliantúil, le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta.

    (2)Féadfaidh eintitis Oileáin Fharó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), faoi théarmaí agus coinníollacha atá coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis an Aontais ach amháin má tá gá le teorainneacha chun comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme na rannpháirtíochta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 1 den Airteagal seo.

    (3)I gcás ina gcuirfidh an tAontas an Clár Fís Eorpach chun feidhme trí Airteagail 185 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, féadfaidh Oileáin Fharó agus eintitis Oileáin Fharó páirt a ghlacadh sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a glacadh nó a ghlacfar chun na struchtúir dhlíthiúla sin a bhunú.

    (4) Na cearta is infheidhme maidir leis an gcatagóir ábhartha tíortha comhlachaithe, sin iad na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta a bheidh ag Oileáin Fharó sa Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus ina fhoghrúpaí.

    (5)Beidh sé de cheart ag ionadaithe Oileáin Fharó páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí ar Bhord Gobharnóirí JRC, gan cearta vótála a bheith acu. Faoi réir an choinníll sin, rialófar an rannpháirtíocht sin leis na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe Bhallstáit an Aontais, lena náirítear cearta labhartha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann le hOileáin Fharó.

    (6)Féadfaidh Oileáin Fharó páirt a ghlacadh i gCuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle 9 , sa leagan is cothroime le dáta de, agus leis an ngníomh dlí lena mbunaítear ERIC.

    (7)Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht, laistigh de chreat na bhforálacha atá ann cheana, chun saorghluaiseacht agus áit chónaithe na ndaoine a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a éascú agus chun gluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá ceaptha lena núsáid i ngníomhaíochtaí den sórt sin a éascú.

    (8)Déanfaidh Oileáin Fharó na bearta uile is gá, mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh earraí agus seirbhísí, a cheannófar in Oileáin Fharó nó a allmhaireofar isteach in Oileáin Fharó, arb earraí agus seirbhísí iad a mhaoinítear i bpáirt nó go hiomlán de bhun na gcomhaontuithe deontais agus/nó na gconarthaí a tugadh i gcrích chun na gníomhaíochtaí a bhaint amach i gcomhréir leis an bPrótacal seo, go mbeidh siad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim, ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó mhuirir fhioscacha eile, lena náirítear CBL, is infheidhme in Oileáin Fharó.

    Airteagal 3

    Cómhalartacht

    Féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail, i ngníomhartha agus i ngníomhaíochtaí Oileáin Fharó, nó i gcodanna díobh, atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin is infheidhme Oileáin Fharó. 

    Soláthraítear liosta neamh‑uileghabhálach de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha Oileáin Fharó, nó codanna díobh, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal seo.

    Beidh cistiú ó eintitis dhlítheanacha Oileáin Fharó atá bunaithe san Aontas faoi réir dhlíthe agus rialacháin is infheidhme Oileáin Fharó lena rialaítear oibriú na gclár, na dtionscadal, na ngníomhartha agus na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, nó codanna díobh. I gcás nach soláthrófar cistiú, féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh trí bhíthin a gcuid acmhainní féin.

    Airteagal 4

    An Eolaíocht Oscailte

    Déanfaidh na Páirtithe cleachtais eolaíochta oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh go frithpháirteach ina gcuid clár, tionscadal, gníomhartha agus gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, i gcomhréir le rialacha an Chláir Fís Eorpach agus le dlíthe agus rialacháin is infheidhme Oileáin Fharó.

    Airteagal 5

    Rialacha mionsonraithe maidir le ranníocaíocht airgeadais, sásra coigeartaithe agus sásra ceartúcháin uathoibríoch

    (1)Beidh feidhm ag sásra coigeartaithe agus ag sásra ceartúcháin uathoibríoch i ndáil le ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach.

    (2)Beidh an sásra ceartúcháin uathoibríoch bunaithe ar fheidhmíocht Oileáin Fharó agus ar fheidhmíocht eintitis Oileáin Fharó sna codanna sin den Chlár Fís Eorpach a chuirtear chun feidhme trí dheontais iomaíocha.

    (3)Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an tsásra ceartúcháin uathoibríoch in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo.

    Airteagal 6

    Forálacha críochnaitheacha

    (1)Fanfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm chomh fada agus is gá chun go dtabharfar i gcrích na tionscadail agus/nó na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí uile, nó codanna díobh, a mhaoineofar ón gClár Eorpach Fís, na gníomhartha uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na hoibleagáidí airgeadais uile a eascraíonn as cur chun feidhme an Phrótacail seo idir na Páirtithe.

    (2)Is cuid dhílis den Phrótacal seo iad na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

    Iarscríbhinn I: Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach (2021-2027)

    Iarscríbhinn II: Liosta de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha Oileáin Fharó, nó codanna díobh

    IARSCRÍBHINN I

    Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach (2021-2027)

    I.Ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó a ríomh

    (1)Déanfar ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach a bhunú ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an méid a bheidh ar fáil gach bliain i mbuiséad an Aontais le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá chun an Clár Fís Eorpach a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a oibriú, agus beidh an ranníocaíocht sin sa bhreis ar an méid sin, méid a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo.

    (2)Bunófar táille rannpháirtíochta Oileáin Fharó agus déanfar í a chéimniú isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus (8) den Chomhaontú seo.

    (3)I gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Chomhaontú seo, déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh atá le híoc ag Oileáin Fharó maidir lena rannpháirtíocht sa Chlár Fís Eorpach a ríomh le haghaidh na mblianta airgeadais faoi seach trí choigeartú a chur i bhfeidhm ar an treoir ranníoca.

    Is éard a bheidh sa choigeartú ar an treoir ranníoca:

    Is 0,4 a bheidh sa chomhéifeacht a úsáidfear sa ríomh thuasluaite chun an treoir ranníoca a choigeartú.

    (4)Déanfar ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó le Fís Eorpach a choigeartú i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Chomhaontú seo.

    II.Ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó a cheartú go huathoibríoch

    (1)Chun an ceartúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú seo agus in Airteagal 5 den Phrótacal seo a ríomh, beidh feidhm ag na módúlachtaí seo a leanas:

    (a)ciallaíonn ‘deontais iomaíocha’ deontais a dhámhtar trí ghlaonna ar thograí inar féidir na tairbhithe deiridh a shainaithint tráth a ríomhtar an ceartúchán uathoibríoch. Eisiatar tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe mar a shainmhínítear in Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais;

    (b)i gcás ina síneofar gealltanas dlíthiúil le cuibhreannas, is iad na méideanna carnacha a leithdháiltear ar thairbhithe is eintitis de chuid Oileáin Fharó na méideanna a úsáidfear chun méideanna tosaigh an ghealltanais dhlíthiúil a bhunú i gcomhréir le miondealú táscach buiséid an chomhaontaithe deontais;

    (c)bunófar méideanna uile na ngealltanas dlíthiúil a chomhfhreagraíonn do dheontais iomaíocha trí úsáid a bhaint as córas leictreonach an Choimisiúin Eorpaigh, eCorda, agus asbhainfear iad ar an dara Céadaoin i mí Feabhra na bliana N+2;

    (d)ciallaíonn ‘costais neamhidirghabhálacha’ costais an Chláir seachas deontais iomaíocha, lena náirítear caiteachas tacaíochta, riarachán clárshonrach, gníomhaíochtaí eile 10 ;

    (e)measfar gur costais neamhidirghabhálacha iad na méideanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar eintitis dhlítheanacha arb iad an tairbhí deiridh 11 iad.

    (2)Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:

    (a)Ceartúcháin uathoibríocha le haghaidh bhliain N i ndáil le forghníomhú leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i leith bhliain N, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo, cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar shonraí bhliain N agus ar shonraí bhliain N+1 ó eCorda dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír (1) de phointe (II) den Iarscríbhinn seo i mbliain N+2 tar éis aon choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chomhaontú seo a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach. Is é an méid a bhreithneofar méid na ndeontas iomaíoch a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, tráth a ríomhtar an ceartúchán.

    (b)Ag tosú i mbliain N+2 agus suas go dtí 2029, déanfar méid an cheartúcháin uathoibríoch a ríomh le haghaidh bhliain N tríd an difríocht idir na nithe seo a leanas a ghlacadh:

    i. méid iomlán na ndeontas iomaíoch arna gcionroinnt ar Oileáin Fharó nó ar eintitis Oileáin Fharó mar ghealltanais arna ndéanamh maidir le leithreasuithe buiséid le haghaidh bhliain N; agus

    ii. méid ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe Oileáin Fharó le haghaidh bhliain N arna iolrú faoin gcóimheas idir:

    A. méid na ndeontas iomaíoch arna dtabhairt ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhliain N, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo; agus

    B. iomlán na leithreasuithe buiséadacha údaraithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhliain N, lena n‑áirítear costais neamh‑idirghabhálacha.

    III.Íocaíocht ranníocaíocht airgeadais Oileáin Fharó, íocaíocht na gcoigeartuithe a rinneadh ar ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó, agus íocaíocht an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir le ranníocaíocht oibríochtúil Oileáin Fharó

     

    (1)Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’Oileáin Fharó a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tráth eisiúna an chéad ghlao ar chistí na bliana airgeadais:

    (a)na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad an Aontais arna nglacadh go críochnaitheach le haghaidh na bliana i gceist do na línte buiséid lena gcumhdaítear rannpháirtíocht Oileáin Fharó sa Chlár Fís Eorpach, méideanna a mhéadófar, más ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo;

    (b)méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(8) den Chomhaontú seo;

    (c)ó bhliain N+1 de chur chun feidhme an Chláir Fís Eorpach, cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do bhliain bhuiséadach N, leithreasuithe a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo, agus leibhéal na ngealltanas saortha;

    (d)maidir leis an gcuid den Chlár Fís Eorpach ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun an ceartúchán uathoibríoch, leibhéal na ngealltanas a tugadh i bhfabhar eintitis Oileáin Fharó arna miondealú de réir bhliain chomhfhreagrach na leithreasuithe buiséadacha agus leibhéal iomlán gaolmhar na ngealltanas a ríomh.

    Ar bhonn a Dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar fhaisnéis le haghaidh na bliana dár gcionn faoi phointí (a) agus (b) a luaithe is féidir, agus, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais ar a dhéanaí.

    (2)I mí Aibreáin agus i mí an Mheithimh gach bliain airgeadais ar a dhéanaí, eiseoidh an Coimisiún glao ar chistí chuig Oileáin Fharó a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht faoin bPrótacal seo.

    Le gach glao ar chistí, déanfar foráil maidir le híocaíocht sé dhódhéagú de ranníocaíocht Oileáin Fharó tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

    I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail seo, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí laistigh de 60 lá ó shíniú an Chomhaontaithe.

    (3)Gach bliain ó 2023 ar aghaidh, léireofar sna glaonna ar chistí méid an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir leis an ranníocaíocht oibríochtúil a íocfar le haghaidh bhliain N-2.

    Féadfar a áireamh freisin sa ghlao ar chistí a eiseofar i mí Aibreáin ar a dhéanaí, coigeartuithe ar an ranníocaíocht airgeadais a íocfaidh Oileáin Fharó as cur chun feidhme, bainistiú agus oibriú an Chláir nó na gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bhí ann roimhe ar ghlac Oileáin Fharó páirt iontu.

    I gcás gach ceann de na blianta airgeadais 2028, 2029 agus 2030, an méid a eascraíonn as an gceartúchán uathoibríoch a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí oibríochtúla a íocfaidh Oileáin Fharó sa bhliain 2026 agus sa bhliain 2027, nó an méid a eascraíonn as na coigeartuithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(8) den Chomhaontú seo, beidh sé dlite d’Oileáin Fharó nó dlite uathu.

    (4)Íocfaidh Oileáin Fharó a ranníocaíocht airgeadais faoin bPrótacal seo i gcomhréir le roinn III den Iarscríbhinn seo. In éagmais íocaíocht Oileáin Fharó faoin dáta dlite, seolfaidh an Coimisiún litir mheabhrúcháin fhoirmiúil.

    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go n‑íocfaidh Oileáin Fharó ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite.

    Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, agus é sin méadaithe faoi aon phointe céatadáin go leith.

    IARSCRÍBHINN II

    Liosta de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha Oileáin Fharó, nó codanna díobh

    Is mar chláir, tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí Oileáin Fharó atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach a mheasfar an liosta neamh‑uileghabhálach seo a leanas:

    Fondúireacht Taighde Oileáin Fharó;

    Fondúireacht Taighde Iascaigh Oileáin Fharó.

    (1)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Fharó maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch (IO L 245, 17.9.2010, lch. 2), Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó lena ndéantar Oileáin Fharó a chomhlachú le Fís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) (IO L 35, 11.2.2015, lch. 3.).
    (2)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.).
    (3)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1.).
    (4)    Is bearta sriantacha iad bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh a ghlactar de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach nó an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 
    (5)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 1.).
    (6)    Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena naisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO AE L 167I, 12.5.2021, lch. 1.).
    (7)    Rialachán (AE) Uimh. 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú), (IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 61).
    (8)    Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (IO AE L 189, 28.5.2021, lch. 91.).
    (9)    Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le Creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (IO AE L 206, 8.8.2009, lch. 1.).
    (10)    I measc na ngníomhaíochtaí eile, go háirithe, tá soláthar, duaiseanna, ionstraimí airgeadais, gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, Síntiúis (an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Eureka, an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta um Chomhar in Éifeachtúlacht Fuinnimh, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, ...), saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail) etc.
    (11)    Ní mheasfar gur costais neamhidirghabhálacha iad eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más tairbhithe deiridh iad. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás inar comhordaitheoir ar thionscadal í an eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh ar chomhordaitheoirí eile).
    Top