Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10955

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10955 – KIRK / LFI / ATP / FERROSAN MEDICAL DEVICES) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 440/11

    PUB/2022/1455

    IO C 440, 21.11.2022, p. 28–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 440/28


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.10955 – KIRK / LFI / ATP / FERROSAN MEDICAL DEVICES)

    Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2022/C 440/11)

    1.   

    An 11 Samhain 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    Kirk Kapital Strategic Investments A/S (An Danmhairg), faoi rialú Kirk Kapital A/S (“Kirk”, An Danmhairg),

    Lundbeckfond Invest A/S (An Danmhairg), faoi rialú Lundbeckfonden (An Danmhairg),

    Arbejdsmarkedets Tillægspension (“ATP”, an Danmhairg),

    Ferrosan Medical Devices Group A/S (“Ferrosan”, an Danmhairg).

    Gheobhaidh Kirk, Lundbeckfonden agus ATP comhrialú ar Ferrosan Medical Devices Group A/S de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Infheistíonn Kirk i gcuideachtaí Lochlannacha méanmhéide agus móra atá ar thús cadhnaíochta sa mhargadh i dtionscail a mbaineann fós fadtéarmach leo (amhail tionscail na seirbhísí agus na monaraíochta éadroime). Déanann Kirk infheistíochtaí airgeadais freisin, lena n-áirítear ioncaim sheasta, gnáthscaireanna liostaithe agus roghanna malartacha,

    Fondúireacht tráchtála is ea Lundbeckfonden a chistíonn taighde sna heolaíochtaí bithleighis, agus é dírithe go háirithe ar an néareolaíocht,

    Institiúid féinrialaitheach is ea ATP a bunaíodh le dlí chun bainistiú a dhéanamh ar scéim pinsin chomhchoiteann shainordaitheach na Danmhairge, ATP Livslang Pension (Lifelong Pension),

    Táirgeann Ferrosan feistí leighis haemastatacha bithábhair amhail maitrísí geilitín-bhunaithe, spúinsí agus púdair le haghaidh srian a choinneáil ar fhuiliú criticiúil le linn obráidí, chomh maith le córas bithóipse brollaigh. Déanann Ferrosan a chuid táirgí a mhargú ar fud an domhain.

    3.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    4.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.10955 – KIRK / LFI / ATP / FERROSAN MEDICAL DEVICES

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Facs +32 22964301

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top