EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10950

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10950 – OTPP / MAHINDRA / MSPL) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 405/13

PUB/2022/1325

IO C 405, 21.10.2022, p. 71–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 405/71


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10950 – OTPP / MAHINDRA / MSPL)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 405/13)

1.   

An 11 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Ontario Teachers’ Pension Plan (“OTPP”, Ceanada),

Mahindra Holdings Limited (“Mahindra”, an India),

Mahindra Susten Private Limited (“MSPL”, an India).

Gheobhaidh OTPP agus Mahindra rialú comhpháirteach ar MSPL de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Riarann OTPP sochair phinsin agus infheistíocht sócmhainní plean pinsin múinteoirí i gcúige Cheanada Ontario,

Tá Mahindra gníomhach in earnálacha éagsúla lena n-áirítear mótarfheithiclí, seirbhísí airgeadais, bonneagar agus giniúint cumhachta, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin.

3.   

Is iad gníomhaíochtaí gnó MSPL úinéireacht, oibriú agus forbairt tionscadal agus sócmhainní grianchumhachta san India go príomha.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Mar sin féin, forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10950 – OTPP / MAHINDRA / MSPL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top