EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10948

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10948 — STORA ENSO / DE JONG PAPIER HOLDING / DJV HOLDING) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 437/05

PUB/2022/1393

IO C 437, 17.11.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 437/5


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10948 — STORA ENSO / DE JONG PAPIER HOLDING / DJV HOLDING)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 437/05)

1.   

An 03 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Stora Enso AB (“Stora Enso”), atá á rialú ag Stora Enso Oyj (an tSualainn),

De Jong Papier Holding B.V. (“De Jong”) (an Ísiltír),

DJV Holding B.V. (“DJV”) (an Ísiltír).

Gheobhaidh Stora Enso rialú ar De Jong agus DJV ina n-iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Déanann Stora Enso réitigh agus seirbhísí atá bunaithe ar adhmad agus ar bhithmhais a fhorbairt, a tháirgeadh agus a thairiscint le haghaidh réimse tionscal agus feidhmchlár ar fud an domhain agus tá sé gníomhach, i measc nithe eile, i dtáirgeadh ábhar cáis roctha agus pacáistíochta roctha araon, agus tá roinnt gléasraí táirgeachta aige ar fud LEE,

Tá De Jong agus DJV gníomhach den chuid is mó i dtáirgeadh agus i soláthar pacáistíochta roctha sa Benelux, sa Ghearmáin agus sa Ríocht Aontaithe, áit a bhfuil saoráidí táirgeachta acu. Tá tús curtha acu le déanaí freisin le táirgeadh ábhar cáis roctha athchúrsáilte, ábhair atá ag teastáil chun pacáistíocht roctha a tháirgeadh go hiartheachtach.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10948 — STORA ENSO / DE JONG PAPIER HOLDING / DJV HOLDING

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top