EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10804

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10804 — KKR / CONTOURGLOBAL) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 280/08

PUB/2022/912

IO C 280, 21.7.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 280/26


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10804 — KKR / CONTOURGLOBAL)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 280/08)

1.   

An 14 Iúil 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

KKR & Co. Inc. (“KKR”, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

ContourGlobal plc (“ContourGlobal”, An Ríocht Aontaithe).

Gheobhaidh KKR urlámhas aonair ar ContourGlobal de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR a thairgeann bainistíocht mhalartach sócmhainní agus margaí caipitil agus réitigh árachais,

Faigheann agus forbraíonn ContourGlobal sócmhainní mórdhíola giniúna leictreachais, agus oibríonn sé 138 ngléasra cumhachta ar fud 20 tír, lena n-áirítear tíortha de chuid an Aontais eadhon an Ostair, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Spáinn.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Mar sin féin, forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10804 — KKR / CONTOURGLOBAL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

AN BHEILG/BELGIUM


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top