Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10803

    Réamhfhógra maidir le comhchruinniú (Cás M.10803 - ELKEM / HYDRO ENERGI INVEST / ALTOR FUND MANAGER / VIANODE) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 302/02

    PUB/2022/999

    IO C 302, 8.8.2022, p. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 302/2


    Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

    (Cás M.10803 - ELKEM / HYDRO ENERGI INVEST / ALTOR FUND MANAGER / VIANODE)

    Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2022/C 302/02)

    1.   

    An 29 Iúil 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

    Elkem ASA (“Elkem”, an Iorua), atá faoi rialú Choimisiún um Maoirsiú agus Riar Sócmhainní Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín), coimisiún atá faoi úinéireacht an stáit,

    Hydro Energi Invest AS (“Hydro”, an Iorua), a bhaineann le Hydro Group (an Iorua),

    Altor Fund Manager AB (“Altor”, an tSualainn),

    Vianode AS (“Vianode”, an Iorua), atá faoi rialú ag Elkem.

    Gheobhaidh Elkem, Hydro agus Altor comhrialú ar Vianode de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

    Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Sileacan, feirisileacan, carbón, micrishilice agus cóimhiotail speisialtachta fheirisileacan-bhunaithe le haghaidh thionscail na dteilgcheártaí iarainn agus na cruach, tá Elkem gníomhach i dtáirgeadh, díol, agus margaíocht na nithe sin, agus sa taighde agus forbairt ina dtaobh, ar fud an domhain;

    Is cuideachta alúmanaim lán-chomhtháite é Hydro, agus tá gníomhaíochtaí aige ó thús deireadh shlabhra luacha an alúmanaim, ó ghiniúint báicsíte, alúmana agus fuinnimh go dtí táirgeadh alúmanaim phríomhúil agus táirgí easbhrúite alúmanaim, maille le hathchúrsáil alúmanaim, ar fud an domhain;

    Bainisteoir cistí ar ghrúpa cistí cothromais phríobháidigh is ea Altor – ar na cistí sin tá Altor Fund IV, an ciste de chuid Altor a rinne an t-infheistiú in Iyuno. Is éard atá in Altor Fund IV ciste cothromais phríobháidigh a dhíríonn ar infheistíochtaí i ndeighleog mheánmhargaidh an réigiúin Nordaigh.

    3.   

    Tá Vianode gníomhach i bhforbairt ábhar anóidí le haghaidh táirgeadh ábhar ceallraí.

    4.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo a d’fhéadfaí a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    5.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.10803 - ELKEM / HYDRO ENERGI INVEST / ALTOR FUND MANAGER / VIANODE

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Facs +32 22964301

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top