EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10762

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10762 – H&F / IRI) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 223/04

PUB/2022/584

IO C 223, 8.6.2022, p. 48–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

8.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 223/48


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10762 – H&F / IRI)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 223/04)

1.   

An 24 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Hellman & Friedman Capital Partners X, L.P. agus a chistí comhthreomhara (“H&F”, na Stáit Aontaithe),

NPD Group, L.P., cuideachta phunainne faoi rialú Hellman & Friedman (“NPD”, na Stáit Aontaithe),

Information Resources, Inc. (“IRI”, na Stáit Aontaithe).

Gheobhaidh H&F rialú indíreach aonair ar IRI trí chomhaontú um chumaisc IRI le NPD de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

maidir le H&F: gnólacht cothromais phríobháidigh,

maidir le NPD: cuideachta taighde margaidh,

maidir le IRI: cuideachta taighde margaidh a sholáthraíonn faisnéis agus anailís thomhaltóra, cheannaitheora agus mhargaidh miondíola dírithe ar earraí pacáistithe do thomhaltóirí.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10762 – H&F / IRI

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


Top