Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IR2926

    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha

    COR 2022/02926

    IO C 79, 2.3.2023, p. 17–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    2.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 79/17


    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha

    (2023/C 79/04)

    Rapóirtéir:

    Luca MENESINI (IT/PSE), Uachtarán Chúige Lucca (an Toscáin)

    Doiciméad tagartha:

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha

    COM(2022) 141

    MOLTAÍ BEARTAIS

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

    1.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cur chuige leathan atá i gceist i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha. Is é an aidhm atá leis an straitéis sin creat agus fís chomhleanúnach a chruthú le haghaidh aistriú glas na hearnála teicstílí, i gcomhréir lena bhfuil le baint amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoin bPlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach agus faoin Straitéis Eorpach maidir le Tionsclaíocht;

    2.

    ag tnúth le bailchríoch a chur ar an treochlár le haghaidh aistriú glas agus aistriú digiteach éiceachóras iomlán na dteicstílí agus le foilsiú an treochláir sin;

    3.

    á chur in iúl go dtuigeann sé an phráinn atá le táirgí teicstíle inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte a chur ar fáil ar mhargadh na hEorpa, teicstílí ar snáithíní athchúrsáilte den chuid is mó atá iontu, atá saor ó shubstaintí guaiseacha agus a tháirgtear ar bhealach a urramaíonn cearta sóisialta agus an comhshaol; ag iarraidh go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar earnáil an fhaisin chun deireadh a chur le rótháirgeadh agus róthomhaltas éadaí;

    4.

    ag tarraingt aird ar shonraí ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) a léiríonn go mbíonn, ó thaobh an tomhaltais de, an ceathrú tionchar diúltach is mó ar an meán ag saolré táirgí teicstíle ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, sin tar éis an bhia, na tithíochta agus na soghluaisteachta (1). Teicstílí ba chúis leis an tríú brú is mó ar úsáid uisce agus ithreach in 2020 agus an cúigiú brú is mó ar úsáid amhábhar agus astaíochtaí gás ceaptha teasa;

    5.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá earnáil na dteicstílí, an fhaisin, na dtáirgí leathair agus an choisbhirt do thionsclaíocht na hEorpa, earnáil ina bhfuil breis agus dhá mhilliún duine fostaithe agus a spreagann an fhostaíocht, an fhorbairt eacnamaíoch agus an nuálaíocht sna héiceachórais réigiúnacha ina bhfaightear í; den tuairim gur tosaíocht atá ann aistriú ó chóras táirgthe líneach eastóscach go samhail athghiniúnach chiorclach; den tuairim freisin go bhfuil ról ríthábhachtach san aistriú sin ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe a) na bardais agus geallsealbhóirí áitiúla ar nós na bhfiontar sóisialta, bailitheoirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le córas bailithe, aisghabhála agus athúsáide a chur ar fáil, agus b) na réigiúin toisc go dtugann siad tacaíocht do na bardais agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus c) an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach toisc go spreagann siad na próisis taighde agus nuálaíochta;

    6.

    á chur in iúl go dtuigeann sé a éifeachtaí atá an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR) chun feabhas a chur ar an mbailiúchán deighilte dramhaíola agus ar bhainistiú na dramhaíola i ndiaidh an bhailiúcháin de réir ord tosaíochta na dramhaíola; á iarraidh ar na comhreachtóirí cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir leis na táirgí teicstíle sin a thagann faoi raon feidhme na Treorach agus na scéime EPR comhfhreagraí, trí dhíriú ar an gcostas ard a bhaineann le diúscairt an “mhearfhaisin”;

    7.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó go mbeidh sé ina cheangal ar gach táirgeoir dramhaíola faoi mhí Eanáir 2025 teicstílí a bhailiú i mbailiúchán ar leithligh; ag súil leis, ina theannta sin, go gcuirfear san áireamh san athbhreithniú ar an Treoir Réime Dramhaíola atá beartaithe do 2024 spriocanna cainníochtúla sonracha maidir le dramhaíl teicstíle a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil, agus go gcuirfear an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh;

    Teacht ar phatrúin nua tomhaltais

    8.

    á chur i bhfios gur tháinig méadú faoi dhó beagnach ar tháirgeadh teicstílí ar fud an domhain idir 2000 agus 2015. Ós éadaí atá sa sciar is mó den tomhaltas teicstílí san Aontas (81 %), is é an claonadh atá ann baill éadaigh a úsáid ar feadh tréimhsí níos giorra agus níos giorra sula gcaitear amach iad, thar aon chlaonadh eile, is mó a chuireann le patrúin neamh-inbhuanaithe an rótháirgthe agus an róthomhaltais;

    9.

    ag súil leis go dtiocfaidh méadú ar líon na ngníomhaíochtaí chun úsáid chomhfhiosach agus inbhuanaithe teicstílí a chur chun cinn, go háirithe maidir le héadaí ar leith ar mó an dóchúlacht go bhfaighidh tomhaltóirí réidh leo roimh dheireadh a saolré úsáide. Le gníomhaíochtaí den sórt sin, amhail scéimeanna babhtála, leabharlanna faisin agus feachtais ardaithe feasachta, tugtar aghaidh ar bhacainní éagsúla a bhaineann le réamhchlaontaí faoi éadaí athláimhe a fhad a bhaineann le caighdeán, sláinteachas nó éagsúlacht na dtáirgí atá ar fáil;

    10.

    á chur i bhfáth gur gá dlús a chur leis an gcuardach ar réitigh nuálacha (meaisíní, trealamh, ardáin dhigiteacha) chun an dramhaíl teicstíle arna bailiú a shórtáil, a athúsáid agus a athchúrsáil, agus an chaoi a bhfreagraíonn fabraicí do na gníomhaíochtaí sin a bharrfheabhsú;

    11.

    á thabhairt le fios nach leor fós éileamh an mhargaidh ar tháirgí agus ar sheirbhísí ciorclacha agus gur bac mór é sin ar chur chun feidhme samhlacha gnó ciorclacha; ag iarraidh ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla spreagadh a thabhairt trí leas a bhaint as uirlisí a thacaíonn le samhlacha gnó atá bunaithe ar chultúr na húsáide seachas ar chultúr na húinéireachta a ghlacadh, trí rialacha a shainiú maidir le hiompar agus trádáil teicstílí (sruthanna dramhaíola san áireamh) agus trí dhreasachtaí rialála a chur chun cinn (mar shampla laghduithe CBL nó cur i bhfeidhm an phrionsabail EPR) chun léasú seachas ceannach a chur chun cinn, sin agus ardáin chomhroinnte, seirbhísí aisghlactha, athdhíol earraí agus siopaí earraí athláimhe, agus seirbhísí deisiúcháin, uaschúrsála agus cothabhála (a raibh dulta dá dtábhacht); á aithint, lena chois sin, gur féidir leis na samhlacha gnó seo tionchar dearfach a imirt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta an chomhshaoil in earnálacha na sláinte, na tuarasóireachta agus na foirgníochta agus in earnálacha tábhachtacha eile de chuid na seirbhíse poiblí;

    12.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas (2) agus na rialacha Eorpacha a leanfaidh as lena n-áiritheofar go bhfaighidh na tomhaltóirí faisnéis ag an díolphointe maidir le ráthaíocht tráchtála inbhuanaitheachta na dtáirgí teicstíle, mar aon le faisnéis ábhartha a bhaineann lena ndeisiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den obair ar na critéir íosta maidir le gach cineál maímh comhshaoil i gcomhthéacs an tionscnaimh Green Claims (3);

    Gnáthnós a dhéanamh den dearadh ciorclach

    13.

    á aithint gur féidir leis an dearadh ar mhaithe le hinbhuanaitheacht bhreise cur le saolré táirgí teicstíle, éadaí, táirgí leathair agus coisbheart (earnáil TCLF), rud a laghdóidh an dramhaíl teicstíle agus úsáid fhoriomlán na n-óghábhar agus na gceimiceán; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun ceanglais cheangailteacha eicidhearthóireachta a bhaineann go sonrach le táirgí a fhorbairt, obair a chuirfidh le feidhmíocht tháirgí na hearnála TCLF maidir le marthanacht, in-athúsáidteacht, indeisitheacht, in-athchúrsáilteacht snáithín go snáithín agus maidir le méid éigeantach snáithíní athchúrsáilte a bheith sa táirge teicstíle;

    14.

    den tuairim láidir go bhfuil gá le caighdeáin choiteanna inbhuanaitheachta, rud a bhfuil tábhacht leis d’fhonn na brandaí a chuimsiú sa mheasúnú a dhéantar ar an tionchar a bhíonn ag a dtáirgí ar an gcomhshaol;

    15.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó na gnéithe sin den Straitéis a bhaineann le faisnéis níos soiléire faoin gciorclaíocht san earnáil TCLF agus faoi phas táirge digiteach bunaithe ar fhaisnéis is gá a thabhairt faoi chomhlíonadh phrionsabal na ciorclaíochta agus gnéithe tábhachtacha eile a bhaineann leis an gcomhshaol; ag iarraidh ar an gCoimisiún an pas táirge digiteach a chur ar fáil do na geallsealbhóirí agus na tomhaltóirí go léir, agus faisnéis faoi dhálaí oibre agus faoin gcaoi le táirgí a dheisiú agus a athúsáid a áireamh sa phas;

    16.

    den tuairim gur cheart cloí leis na prionsabail seo a leanas agus íoscheanglais á sainiú maidir le táirgí TCLF agus gur cheart díriú ar fheabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí i gcoitinne feadh a saolré:

    a)

    ráthaíochtaí maidir le híosmharthanacht an táirge agus comhlíonadh na gceanglas maidir le híosmharthanacht, agus spriocanna soiléire, uaillmhianacha agus éigeantacha maidir leis an táirge a athúsáid agus an chaoi le hullmhú don athúsáid sin;

    b)

    ráthaíochtaí maidir le hindeisitheacht agus le dearadh modúlach, lena n-áirítear scálaí tomhais sonracha chun measúnú a dhéanamh ar a éasca atá sé díchóimeáil neamhscriostach a dhéanamh agus chun a áirithiú gur féidir comhpháirteanna riachtanacha na dtáirgí a athsholáthar agus a dheisiú;

    c)

    ráthaíochtaí maidir le hin-athchúrsáilteacht, lena n-áirítear teorainneacha maidir leis na cineálacha cumaisc d’ábhair, de cheimiceáin, de ruaimeanna agus de bhailchríocha éagsúla nach bhfuil oiriúnach don athchúrsáil, agus an deis táirgí a bhfuil teicneolaíocht athchúrsála aibí ar fáil dóibh cheana féin a chur chun cinn;

    d)

    ráthaíochtaí maidir le hábhair a bhfuil bunús inbhuanaithe agus eiticiúil leo, ar choinníoll go n-úsáidtear iad ar feadh saolré níos faide agus gur féidir iad a athchúrsáil, d’fhonn líon na snáithíní sintéiseacha nua-tháirgthe a tháirgtear ó bhreoslaí iontaise a laghdú;

    e)

    ráthaíochtaí maidir le huasleibhéil scaoilte micreaphlaisteach le linn chéimeanna an táirgthe, na húsáide agus dheireadh na saolré;

    f)

    ráthaíochtaí go bhfuil táirgí nua TCLF déanta as céatadán áirithe d’inneachar teicstíle iarthomhaltais;

    17.

    ag iarraidh go ndéanfaí Rialachán REACH (4) a chomhchuibhiú níos mó le prionsabail sin na ciorclaíochta a bhfuil baint acu le sainiúlachtaí na hearnála TCLF, d’fhonn tús áite a thabhairt d’iarrachtaí chun úsáid ceimiceán guaiseach a laghdú, faisnéis maidir le ceimiceáin a úsáidtear i dtáirgí críochnaithe a nochtadh agus inrianaitheacht a áirithiú;

    Ról na n-údarás áitiúil a neartú ar mhaithe le haistriú ciorclach

    18.

    den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag na réigiúin agus na bardais maidir leis an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn san earnáil seo agus le sineirgí agus naisc a chruthú le hearnálacha agus réigiúin eile a bhfuil na dúshláin chéanna le sárú acu; ag iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú le braislí nuálaíochta réigiúnacha i réimse na dteicstílí ciorclacha a chruthú, a uas-scálú agus a nascadh le chéile ar fud an Aontais;

    19.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an taithí a fuarthas i roinnt réigiún nó limistéir thionsclaíocha san Eoraip, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil, cuir i gcás, nó an Circular Fashion Pact, atá bunaithe ar chomhaontuithe deonacha il-gheallsealbhóra chun tacú le haistriú na hearnála TCLF chuig samhail chiorclach. Leis na múnlaí sin, leagtar síos cuspóirí ginearálta don earnáil agus spriocanna sonracha do gach cuid den luachshlabhra. Freagraíonn na spriocanna sin do na dúshláin chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha atá le sárú ag an earnáil, agus leagtar síos oibleagáidí sonracha do na táirgeoirí, na bainisteoirí dramhaíola, na rialtais áitiúla, na heagraíochtaí bailiúcháin, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus na hionaid taighde agus teicneolaíochta;

    20.

    á aithint go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach fiontair shóisialta atá gníomhach in earnáil na hathúsáide a chur chun cinn chun poist áitiúla, inbhuanaithe agus chuimsitheacha a chruthú (5), óir is féidir le fiontair shóisialta cleachtais athúsáide áitiúla a fhorbairt agus sochair shóisialta agus eacnamaíocha inláimhsithe a chruthú freisin do na pobail ina bhfuil siad. Mar sin féin, tá a lán dúshlán roimh earnáil na bhfiontar sóisialta le go bhféadfaidh siad a bheith iomaíoch agus seirbhísí a sholáthar ar bhonn leanúnach;

    21.

    ag tathant ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Sóisialta a glacadh le déanaí, treoirlínte a ghlacadh maidir leis an gcaoi is fearr le tacú le méadú an gheilleagair chiorclaigh agus leis na comhpháirtíochtaí ann idir fiontair shóisialta agus gníomhaithe eile, lena n-áirítear na fiontair sheirbhíse agus thráchtála, rud a chabhródh le hiniúchadh a dhéanamh go háirithe ar na deiseanna a chuirtear ar fáil nuair a dhéantar táirgí teicstíle a athúsáid agus a dheisiú (6);

    22.

    á aithint gur príomhdhúshlán i gcónaí éifeachtacht na gcóras áitiúil chun dramhaíl TCLF a bhailiú; á mheabhrú gur cheart don chostas iomlán a bhaineann leis an dramhaíl sin a bhailiú, a dheighilt agus a athchúrsáil a bheith ní b’ísle ná an costas a bhaineann leis an dramhaíl tí a bhainistiú, d’fhonn aistriú ciorclach éifeachtach na hearnála a chur chun cinn;

    23.

    á iarraidh ar an gCoimisiún treoirshamhlacha a tharraingt suas maidir le córais áitiúla a fhorbairt chun an dramhaíl TCLF a bhailiú agus a bhainistiú agus go gcuirfí an méid seo a leanas san áireamh sna córais sin:

    a)

    comhairliúchán poiblí a eagrú sula ndéanfaí bearta a cheapadh chun na cuspóirí a bhaint amach;

    b)

    uirlisí a úsáid chun an comhar idir na geallsealbhóirí éagsúla a chur chun cinn ar mhaithe le bailiú, próiseáil bhreise agus díol na dtáirgí a fheabhsú;

    c)

    sásraí a úsáid chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch an bhailiúcháin agus na próiseála a chur chun cinn le haghaidh gach geallsealbhóra sa slabhra luacha (lena n-áirítear prionsabail na freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR));

    d)

    sásraí a úsáid chun dea-chleachtais athúsáide agus deisiúcháin atá ann cheana, agus a mhol geallsealbhóirí áitiúla, a chaomhnú agus a chur chun cinn;

    Samhlacha táirgthe inbhuanaithe a chur chun cinn

    24.

    ag tathant ar an gCoimisiún a áireamh sa tionscnamh Eorpach um tháirgí inbhuanaithe bearta atá dírithe ar chosc a chur ar dhiúscairt táirgí gan díol (i.e. farasbarr fardail, stoc marbh agus earraí a thugtar ar ais, go háirithe earraí a thugtar ar ais tríd an ríomhthráchtáil), mar aon le spriocanna a leagan síos ag céim an táirgthe, rud a d’fhéadfadh cabhrú le fuílligh ón bpróiseas táirgthe a chosc agus cur le díspreagadh an rótháirgthe;

    25.

    á iarraidh go dtabharfaí isteach critéir íosta éigeantacha maidir leis an soláthar poiblí glas (7), a ndéanfaí an raon feidhme a bheadh leis sin a chinneadh tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, chomh maith le ceanglais maidir leis na dreasachtaí a thugann na Ballstáit le haghaidh táirgí teicstíle; á mholadh freisin don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir le dreasachtaí agus critéir chun treoir a chur ar fáil do chonarthaí poiblí agus eile lena gcuirtear an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn;

    26.

    ag iarraidh ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an soláthar poiblí glas i bhfoirm pleananna gníomhaíochta nó straitéisí náisiúnta, agus comhchuibhiú breise a dhéanamh idir na critéir a chuirtear i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus treoirphrionsabail an Aontais (8); den tuairim go bhfuil gá freisin le heolas agus dea-chleachtais an leibhéil áitiúil agus réigiúnaigh a mhalartú le go bhféadfar cur chun feidhme níos cuimsiththí agus níos forleithne díobh a éascú agus a chur chun cinn;

    27.

    ag iarraidh ar an Aontas, mar allmhaireoir agus onnmhaireoir tábhachtach (9) i slabhra luacha domhanda na hearnála TCLF, a bheith ina cheannródaí domhanda i ndáil le slabhraí luacha TCLF inbhuanaithe agus ciorclacha agus réitigh theicneolaíocha nuálacha agus samhlacha gnó nuálacha, lena n-áiritheofar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha agus lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir leis an inbhuanaitheacht agus go mbeidh FBManna i réimse na monaraíochta iomaíoch ar an leibhéal domhanda;

    28.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún togra nua reachtach a ullmhú chun toirmeasc a chur ar tháirgí a rinneadh trí shaothar éignithe, lena n-áirítear saothar leanaí, teacht isteach ar mhargadh an Aontais; ag iarraidh go gcuirfí táirgí teicstíle, éadaí, táirgí leathair agus coisbheart (earnáil TCLF) san áireamh sa reachtaíocht i dtaca le dícheall cuí i réimse na hinbhuanaitheachta corparáidí. Ní maidir leis na monaróirí AE atá i gceist, agus leo sin amháin, ba cheart feidhm a bheith ag an gcreat rialála i réimse na hinbhuanaitheachta, ach maidir le gach cuideachta mhargaíochta freisin, gan beann ar an áit a dhéantar an mhonaraíocht;

    29.

    den tuairim láidir go bhfuil sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoin ngá le feirmeacha beaga agus móra a tháirgeann ábhair nádúrtha (amhail olann) a bheith rannpháirteach sa phróiseas agus tacú leo, toisc ról tábhachtach a bheith acu i dtáirgeadh teicstílí in-athchúrsáilte, sa phróiseas táirgthe, próiseas monaraíochta agus próiseas athúsáide;

    30.

    ag tathant ar an gCoimisiún tacaíocht shonrach a chur ar fáil don infheistíocht theicneolaíoch sa slabhra luacha agus bearta sonracha a dhéanamh i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta, bearta a bhfuil gá leo chun claochlú dáiríre ar an bpróiseas táirgthe a bhaint amach, is é sin ó shamhail líneach go samhail níos ciorclaí in earnálacha na dteicstílí, na dtáirgí leathair agus an choisbhirt; i bhfabhar staidéar a dhéanamh ar ábhair nua is féidir a chruthú trí earnálacha éagsúla táirgthe agus athchúrsála a nascadh agus na hábhair sin a tháirgeadh;

    31.

    á mholadh go ndéanfaí sainmhíniú soiléir agus raon feidhme a ghlacadh ar an leibhéal Eorpach maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora (EPR) agus maidir le táillí éiceamhodhnaithe le haghaidh táirgí san earnáil TCLF, d’fhonn an drochthionchar ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta saothair, agus an drochthionchar ar an gcomhshaol, atá nó a d’fhéadfadh a bheith ag oibríochtaí na gcuideachtaí féin agus ag a slabhraí luacha domhanda, a shainaithint, a chosc, a mhaolú, a thabhairt chun críche agus a chur san áireamh;

    32.

    á chur i bhfios go bhfuil gá ag an éiceachóras TCLF le lucht saothair ardoilte chun leas iomlán a bhaint as na deiseanna fostaíochta a chruthaíonn an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus nach bhfuil cáilíochtaí ardleibhéil ach ag 13 % den lucht saothair atá san earnáil sin faoi láthair (10). Ní mór cur le hiomaíochas FBManna chun tallann nua a choinneáil agus a ghiniúint agus is gá feabhas a chur ar na dálaí oibre agus ar an táirgiúlacht a bhaineann le hamhábhair inbhuanaithe a tháirgeadh agus táirgí teicstíle a mhonarú sa tionscal sin. D’fhonn daoine óga ardoilte a mhealladh isteach san earnáil agus cur le scileanna FBManna, tá CnaR den tuairim gur cheart comhpháirtíocht scileanna ar mhórscála a bhunú d’éiceachóras na dteicstílí le go bhféadfar an t-uas-sciliú, an t-athsciliú agus sealbhú agus aistriú scileanna glasa agus digiteacha, lena n-áirítear eolas ar an measúnú saolré agus slabhraí luacha, a chur chun cinn; ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus uirlisí tacaíochta fostaíochta á gceapadh aige le haghaidh bhainistíocht iarthomhaltais na hearnála, an t-ardú a bhfuil súil leis ar an méid táirgí TCLF a bhaileofar de thoradh an bhailiúcháin éigeantaigh ar leithligh a bheidh ann a chur san áireamh;

    33.

    á chur in iúl gur oth leis na sonraí a thugann le fios gur mná an tromlach den lucht saothair neamhoilte ar phá íseal san earnáil TCLF; suite de go bhfuil gné thábhachtach comhionannais inscne i gceist maidir le hinbhuanaitheacht an tslabhra soláthair a fheabhsú; ag éileamh gníomhaíochtaí comhaontaithe chun cur go mór le rochtain na mban ar phoist ardleibhéil;

    34.

    á mholadh freisin go mbainfí úsáid spriocdhírithe as acmhainní an chláir Erasmus+ chun tionscnaimh phíolótacha agus thurgnamhacha a chruthú i réimse na gairmoiliúna agus an ardoideachais le cabhrú le daoine na scileanna glasa agus digiteacha a theastaíonn in earnáil na dteicstílí, an fhaisin, na dtáirgí leathair agus an choisbhirt a shealbhú, le go mbeidh an earnáil sin níos tarraingtí do dhaoine óga agus chun soghluaisteacht oibrithe a spreagadh;

    35.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Comhshocrú Eorpach um Scileanna (11), a bhfuil sé mar aidhm leis cur leis an tionchar a bhíonn ag infheistíochtaí in uas-sciliú agus athsciliú foirne san éiceachóras iomlán TCLF, lena n-áirítear deighleoga faisin agus miondíola na hearnála;

    Rud luachmhar a dhéanamh den dramhaíl

    36.

    á thabhairt dá aire go bhfuiltear ag súil leis, de thoradh chur chun feidhme an Rialacháin Eorpaigh lena gceanglaítear bailiúchán ar leithligh don dramhaíl teicstíle faoi 2025 agus de thoradh na n-éifeachtaí dearfacha ar bhailiú agus ar bhainistiú dramhaíola a bheidh ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí (PRO) a bunaíodh sna Ballstáit, gur sciar níos ísle de na hearraí a bhailítear a bheidh oiriúnach lena n-athdhíol san Eoraip agus go dtiocfaidh méadú mór ar an sciar sin den dramhaíl TCLF tí iarthomhaltais a bheidh ar fáil le haghaidh na hathchúrsála (12). Maidir leis an méadú ar acmhainneacht athchúrsála an Aontais, molann an Coiste go gcuirfí san áireamh, sa phleanáil infheistíochta, an tionchar ar na hearnálacha uaschúrsála agus athúsáide a bhíonn níos déine ó thaobh oibre de i gcoitinne, mar aon leis an dinimic fostaíochta agus cuimsithe shóisialta a bhíonn ann dá thoradh sin;

    37.

    den tuairim go bhféadfadh an táirgeadh áitiúil snáithíní athchúrsáilte a bheith an-tábhachtach maidir le slabhra luacha teicstílí na hEorpa a neartú. Cé go bhféadfadh an tionscal athchúrsála teicstílí, agus é níos aibí agus níos mó, a bheith neamhspleách agus brabús a dhéanamh, beidh gá le maoiniú le haghaidh an athraithe sin sa ghearrthéarma, lena n-áirítear, b’fhéidir, scéimeanna EPR agus tacaíocht eile chun an tionscal atá ann a chur in oiriúint le gur féidir cur le líon na dtáirgí athchúrsáilte sna hearnálacha éagsúla: faisean, feithiclí, teicstílí tí, fabraicí teicniúla, etc.;

    38.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó (a) éadaí agus teicstílí eile a bhailítear i mbailiúchán ar leithligh agus a ullmhaítear lena n-athúsáid, (b) snáithíní ceallalósacha athshlánaithe/athchúrsáilte ó dhramhaíl TCLF agus (c) snáithíní cumaiscthe athshlánaithe/athchúrsáilte ó dhramhaíl TCLF a bheith curtha san áireamh i liosta tosaíochta na sruthanna dramhaíola ar mhaithe le tuilleadh critéir dheiridh dramhaíola a fhorbairt san Aontas, mar spreagadh chun cur le hacmhainneacht thionscal athchúrsála an Aontais san earnáil seo.

    An Bhruiséil, an 30 Samhain 2022.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Vasco ALVES CORDEIRO


    (1)  Textiles and the environment: the role of design in Europe’s circular economy (EEA, 2022).

    (2)  COM(2022) 143 – Togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr.

    (3)  Initiative on substantiating green claims – An Comhshaol – An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

    (4)  Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH).

    (5)  Ar an meán, cruthaíonn fiontar sóisialta idir 20 post agus 35 phost in aghaidh gach 1 000 tona de theicstílí a bhailítear lena n-athúsáid. Foinse: OECD/an Coimisiún Eorpach (2022), Policy brief on making the most of the social economy’s contribution to the circular economy and RREUSE (2021), Job creation in the re-use sector: Data insights from social enterprises.

    (6)  COM(2021) 778 final.

    (7)  Leis an soláthar poiblí glas, ní hamháin go dtugtar aghaidh ar an tionchar a bhíonn ag an tomhaltas TCLF a bhaineann leis an earnáil phoiblí, ach d’fhéadfadh sé freisin comharthaí láidre a thabhairt don mhargadh i gcoitinne, ar mhaithe le réitigh nuálacha, inbhuanaithe agus níos ciorclaí a fhorbairt sa táirgeadh TCLF agus sa soláthar seirbhísí, ar réitigh iad a d’fhéadfadh an earnáil phríobháideach a ghlacadh.

    (8)  Tuarascáil Theicniúil de chuid JRC (2020), EU Green Public Procurement (GPP) Criteria for Textile Products and Services Guidance Document.

    (9)  In 2020 allmhairíodh isteach san Aontas 8,7 milliún tona de tháirgí teicstíle críochnaithe dar luach EUR 125 bhilliún. B’éadaí a bhí i 45 % de na hallmhairí de réir toirte, agus ina dhiaidh sin teicstílí tí, teicstílí eile agus coisbheart (Foinse: Eurostat, 2021).

    (10)  Eurostat (2019), Labour Force Survey.

    (11)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1517&langId=ga

    (12)  Suas le thart ar 1,7 milliún tona faoi 2030, de réir na tuarascála Scaling textile recycling in Europe – turning waste into value, McKinsey (2021).


    Top