EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0042

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine (2021/2066(INI))

IO C 342, 6.9.2022, p. 295–306 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 342, 6.9.2022, p. 259–270 (GA)

6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/259


P9_TA(2022)0042

An t-éilliú agus cearta an duine

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine (2021/2066(INI))

(2022/C 342/23)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC), a tháinig i bhfeidhm 14 Nollaig 2005,

ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,

ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Choinbhinsiún na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) maidir le hOifigigh Phoiblí Eachtracha a Bhreabadh in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta a Chomhrac, agus do Mholadh 2009 ón gComhairle maidir le Breabaireacht a Chomhrac a Thuilleadh, do Mholadh 1996 maidir le hInasbhainteacht Chánach Bhreabanna a thugtar d’Oifigigh Phoiblí Eachtracha agus ionstraimí gaolmhara eile,

ag féachaint do thuarascáil ECFE ó 2010 dar teideal “Fostaíocht Iar-Phoiblí: Dea-chleachtais chun coinbhleacht leasa a chosc”,

ag féachaint do Choinbhinsiún 1997 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (1),

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, 18 Samhain 2020,

ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh ag cruinniú 2914 den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 8 Nollaig 2008,

ag féachaint do rún 25 Meán Fómhair 2015 na Náisiún Aontaithe dar teideal “Ár ndomhan a chlaochlú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, lena n-áirítear SFI 16 lena gcumhdaítear iarrachtaí chun an t-éilliú a chomhrac.

ag féachaint do thuarascáil an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, 8 Samhain 2013 dar teideal “Policy on preventing and deterring prohibited conduct in European Investment Bank activities” [Beartas maidir le hompar toirmiscthe i ngníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a chosc agus a dhíspreagadh] (Beartas Frithchalaoise BEI),

ag féachaint do na Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat “Cosaint, Meas agus Leigheas” na Náisiún Aontaithe á chur chun feidhme,

ag féachaint d’eagrán 2011 de Threoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus do na caighdeáin atá forbartha aige chun an t-éilliú a chomhrac,

ag féachaint do chonclúidí an 20 Meitheamh 2016 ón gComhairle maidir le gnó agus cearta an duine,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (2),

ag féachaint do rún an 8 Iúil 2021 uaithi maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE) (3),

ag féachaint do Rialacháin 2021 maidir le Smachtbhannaí Domhanda Frith-Éillithe de chuid na Ríochta Aontaithe agus dá phrionsabail ghinearálta chun íospartaigh thar lear (lena n-áirítear Stáit atá buailte) a chúiteamh i gcásanna breabaireachta, éillitheachta agus coireacht eacnamaíoch,

ag féachaint do ghlacadh Pharlaimint na Fraince le forálacha ceangailteacha nua chun sócmhainní goidte coigistithe a aiseag leis na daoine sna tíortha tionscnaimh,

ag féachaint do rún an 10 Márta 2021 uaithi lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach (4),

ag féachaint dá rún an 17 Nollaig 2020 maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe (5),

ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus maidir le ról chosantóirí chearta an duine san ábhar (6),

ag féachaint do rún an 25 Samhain 2020 uaithi maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar an mbeartas eachtrach (7),

ag féachaint dá rún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le héilliú agus cearta an duine i dtríú tíortha (8),

ag féachaint do rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 uaithi maidir le dliteanas corparáideach i leith sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtríú tíortha (9),

ag féachaint do rún an 8 Iúil 2015 uaithi maidir le seachaint cánach agus imghabháil cánach ina ndúshláin don rialachas, cosaint shóisialta agus forbairt i dtíortha i mbéal forbartha (10),

ag féachaint do rún an 8 Deireadh Fómhair 2013 uaithi maidir le héilliú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach: an tionchar ar chearta an duine i dtríú tíortha (11),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (12) agus don phacáiste de thograí reachtacha ón gCoimisiún Eorpach chun rialacha an Aontais in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a neartú (AML/CTF), a foilsíodh an 20 Iúil 2021,

ag féachaint d’Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le coireanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, lena n-áirítear éilliú, ina bhféadfaidh AE comhrialacha a bhunú trí bhíthin treoracha,

ag féachaint do Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (13),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (14),

ag féachaint do Choinbhinsiúin Dlí Choiriúil agus Shibhialta Chomhairle na hEorpa maidir le hÉilliú, agus d’ionstraimí dlíthiúla eile agus do mholtaí polaitiúla maidir leis an tsaincheist sin arna nglacadh ag comhlachtaí Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear rialacha comhchoiteanna i gcoinne éilliú i maoiniú páirtithe polaitiúla agus feachtais toghcháin, agus do rúin (98)7 agus (99)5, a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 5 Bealtaine 1998 agus an 1 Bealtaine 1999 faoi seach, lena mbunaítear an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO),

ag féachaint do Rún (97) 24 an 6 Samhain 1997 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir leis an bhFiche Treoirphrionsabal don Chomhrac in aghaidh Éilliú,

ag féachaint do ráiteas GSE an 15 Aibreán 2020 maidir le Rioscaí Éillithe agus Tagairtí Dlíthiúla Úsáideacha i gcomhthéacs COVID-19,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (15),

ag féachaint don dearbhú polaitiúil dar teideal Our common commitment to effectively addressing challenges and implementing measures to prevent and combat corruption and strengthen international cooperation, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, 2 Meitheamh 2021, le linn a sheisiúin speisialta in aghaidh éilliú, agus rannchuid AE le doiciméad deiridh Sheisiún Speisialta Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 17 Nollaig 2019 maidir le héilliú,

ag féachaint do thuarascáil an 17 Meitheamh 2020 Mheitheal na Náisiún Aontaithe um shaincheist chearta an duine agus corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó dar teideal Connecting the business and human rights and the anti-corruption agendas,

ag féachaint do rún Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn, a glacadh 17 Nollaig 2015, agus do rún na Comhairle um Chearta an Duine maidir le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn, a glacadh 29 Meán Fómhair 2016,

ag féachaint do thuarascáil an 21 Aibreán 2020 ó Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR) maidir leis na dúshláin roimh Stáit agus cearta an duine á lánpháirtiú acu ina straitéisí agus beartais náisiúnta chun troid in aghaidh an éillithe, lena n-áirítear straitéisí agus beartais a thugann aghaidh ar earnálacha neamh-Stáit, amhail an earnáil phríobháideach, agus maidir leis na dea-chleachtais a chuireann siad i bhfeidhm ina leith,

ag féachaint do thuarascáil an 15 Aibreán 2016 ó Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine maidir le dea-chleachtais chun cur i gcoinne tionchar diúltach an éillithe ar fheidhmiú chearta uile an duine, agus do thuarascáil chríochnaitheach an 5 Eanáir 2015 ó Choiste Comhairleach Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le saincheist thionchar diúltach an éillithe ar fheidhmiú chearta an duine,

ag féachaint do Dhréacht-Treoirlínte Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine maidir le Creat um Chearta an Duine do Aisghabháil Sócmhainní,

ag féachaint don tionscnamh ó Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe chun straitéisí agus bearta a bhunú ar phrionsabail uilechoiteanna chearta an duine, na fostaíochta, an chomhshaoil agus an chomhraic i gcoinne an éillithe,

ag féachaint do Mholtaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais,

ag féachaint don Innéacs bliantúil um Aireachtáil Éillithe atá ag Transparency International,

ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0012/2022),

A.

de bhrí go ndéanann an t-éilliú sáruithe ar chearta an duine a éascú, a bhuanú agus a institiúidiú agus go gcuireann sé bac ar chearta an duine a urramú agus a chur chun feidhme; de bhrí gur coir é an t-éilliú a liostaítear faoi Airteagal 83(1) CFAE lena n-éillítear sainmhíniú coiteann agus cur chuige coiteann mar gheall ar a nádúr tromchúiseach agus ar a ghné thrasteorann;

B.

de bhrí go ndéanann an t-éilliú difear díréireach do na daoine aonair agus do na grúpaí is leochailí agus is imeallaithe sa tsochaí, rud a sháraíonn an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus lena gcoisctear iad, go háirithe mná, ó rochtain chomhionann ar rannpháirtíocht pholaitiúil, ó sheirbhísí bunúsacha agus poiblí, ón gceartas, ó acmhainní nádúrtha, ó phoist, ón oideachas, ón tsláinte agus ó thithíocht; de bhrí go gcuireann an t-éilliú leis an mbochtaineacht agus leis an neamhionannas trí rachmas agus earraí poiblí a mhíleithreasú agus dochar á dhéanamh do chaomhnú an chomhshaoil nádúrtha agus d’inbhuanaitheacht chomhshaoil ag an am céanna;

C.

de bhrí gur feiniméan casta domhanda é an t-éilliú atá ann i ngach tír ar domhan in ainneoin a gcóras eacnamaíoch agus polaitiúil; de bhrí go bhfuil comhar idirnáisiúnta ag teastáil chun an t-éilliú a chomhrac agus gur dlúthchuid é de na gealltanais idirnáisiúnta chun cearta an duine a chomhlíonadh, chun an pláinéad a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh an tsíocháin agus an rathúnas ag gach duine faoi 2030, faoi chuimsiú SFInna na Náisiún Aontaithe, go háirithe SFI 16, lena ndírítear ar shochaithe córa, síochánta agus cuimsitheacha a chur chun cinn, agus inter alia go gcuireann sé de cheangal ar an gcomhphobal idirnáisiúnta aisghabháil agus filleadh sócmhainní goidte a neartú;

D.

de bhrí go mbaineann éilliú le mí-úsáid cumhachta de ghnáth, agus le heaspa cuntasachta, bac ar cheartas, úsáid tionchair mhíchuí, institiúidiú an idirdhealaithe, cliantachas, gabháil stáit, neaspachas, buanú creachlathas agus sásraí margaidh a chur as a riocht i measc ábhair eile, agus go n-éascaítear é le trédhearcacht neamhleor agus rochtain neamhleor ar fhaisnéis; de bhrí go gcruthaíonn fás an údarásaíochais agus teacht chun cinn réimis neamhdhaonlathacha timpeallacht bhisiúil don éilliú agus go dteastaíonn comhar idirnáisiúnta ó dhaonlathais ar an dearcadh céanna chun é a chomhrac; de bhrí go mbíonn tíortha soghonta do thionchar eachtrach mailíseach mar gheall ar an éilliú agus go ndéanann sé freisin damáiste d’institiúidí daonlathacha;

E.

de bhrí go bhféadfadh tíortha, pobail, cuideachtaí nó daoine aonair a bheith ina n-íospartaigh ag éilliú, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le hiarrachtaí chun éilliú a imscrúdú, a thuairisciú, a ionchúiseamh agus a thriail, atá i mbaol méadaithe agus a bhfuil cosaint éifeachtach de dhíth orthu; de bhrí gur cúis mhór le dúnmharú iriseoirí é an t-éilliú a thuairisciú agus, de réir an Choiste chun Iriseoirí a Chosaint, gur maraíodh in 2021 cúigear iriseoirí a raibh imscrúdú á dhéanamh acu ar éilliú faoi mhí Dheireadh Fómhair; de bhrí gur cuid lárnach de chomhrac an éillithe iad sceithirí a chosaint ar ghníomhaíocht díoltais agus cosaint dhlíthiúil éifeachtach agus nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte a sholáthar dóibh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach; de bhrí nach mór do gach beart frith-éillithe caighdeáin chearta an duine a chomhlíonadh;

F.

de bhrí go mbaineann éilliú an bonn ón rialachas agus ó cháilíocht na seirbhísí poiblí, go ndéanann sé dochar d’éifeachtúlacht agus d’éifeachtacht na n-institiúidí daonlathacha, do rialachas corparáidí, don chóras srianta agus ceartúchán agus do phrionsabail dhaonlathacha, go lagaíonn sé an smacht reachta, go gcreimeann sé iontaoibh an phobail agus go gcuireann sé bac ar an bhforbairt inbhuanaithe, ionas gurb é a thagann as, údair an éillithe ag dul saor ó phionós, saibhriú lucht cumhachta agus gabháil cumhachta chun éalú ó ionchúisimh; de bhrí go mbaineann easpa córas breithiúnach neamhspleách an bonn ón urraim don smacht reachta; de bhrí gur catalaíoch agus toisc ollmhór coinbhleachta é an t-éilliú, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus go ndéanann sé iarrachtaí cothaithe síochána a dhíchobhsú, rud is cúis le sáruithe ollmhóra ar chearta an duine agus i gcásanna áirithe bás; de bhrí go ndéantar sreafaí aindleathacha airgeadais ó thíortha i mbéal forbartha a éascú agus a spreagadh ag dlínsí rúndachta agus tearmainn chánach, chomh maith le gníomhaithe airgeadais agus dlíthiúla, atá bunaithe san Eoraip; de bhrí go bhfuil imscrúdú agus ionchúiseamh na gcoireanna sin teoranta fós;

G.

de bhrí go mbaineann cleachtais éillitheacha sa pholaitíocht, amhail calaois toghchánach, cistiú neamhcheadaithe d’fheachtais pholaitiúla agus páirtithe polaitiúla agus cairdeas fabhair, go mbaineann siad an bonn ó chearta sibhialta agus polaitiúla chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí, vótáil agus bheith tofa chun oifige poiblí agus go gcreimeann siad iontaoibh as páirtithe polaitiúla, ionadaithe tofa, próisis dhaonlathacha agus rialtais, rud a bhaineann dá bharr sin an bonn ó dhlisteanacht dhaonlathach agus ó mhuinín an phobail as an bpolaitíocht; de bhrí, in éagmais rialáil éifeachtach, go bhfuil maoiniú feachtais pholaitiúil agus maoiniú páirtithe go háirithe i mbaol éillithe agus go mbaineann gníomhaithe príobháideacha agus stáit eachtracha úsáid astu ar fud an domhain, go háirithe chun tionchar a imirt ar thoghcháin, ar fheachtais reifrinn agus ar dhíospóireachtaí sóisialta; de bhrí go bhfuil an t-éilliú á úsáid ag roinnt stáit eachtracha agus gníomhaithe neamhstáit mar uirlis beartais eachtraigh chun bac a chur ar an dul chun cinn i dtreo daonlathas feidhmiúil agus go bhfuil siad ar bonn níos rialta ag cur straitéisí gabhála éilíte agus comhthofa státseirbhíseach chun feidhme san Aontas agus ar fud an domhain araon, d’fhonn a leasanna a chur chun cinn i bpróisis reachtacha agus pholaitiúla;

H.

de bhrí go ndeachaigh na treascairtí ar chearta an duine i roinnt tíortha arb é éilliú is cúis leo in olcas de dheasca ghéarchéim leanúnach COVID-19, ó tharla líon níos mó básanna de dheasca COVID-19 i dtíortha ina mbíonn ardleibhéil éillithe, agus na pobail is leochailí thíos go díréireach; de bhrí go gcuireann éilliú srian ar theachtadh chearta an duine, na saoirsí bunúsacha agus caighdeán cóir maireachtála ós rud é go gcreimeann sé cumas na stát seirbhísí sláinte poiblí nó vacsaíní a sholáthar agus a dháileadh go cothrom; de bhrí go bhfuil táirgí cógaisíochta agus feistí leighis an-leochaileach ó thaobh an éillithe de; de bhrí gur bhain neart rialtas mí-úsáid as cumhachtaí éigeandála ag éirí as COVID-19 chun a gcuid cumhachtaí a chomhchruinniú, dlús a chur leis an gcníogbheartaíocht ar iriseoirí, sceithirí agus eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESS) a oibríonn chun an t-éilliú a nochtadh;

I.

de bhrí go mbraitheann creidiúnacht sheachtrach AE freisin ar ghníomhaíocht frithéillithe éifeachtach sna Ballstáit agus ar leibhéal AE; de bhrí go bhfuil roinnt Ballstáit AE ar bharr Innéacs Rúndachta Airgeadais 2020 de Líonraí um Cheartas Cánach, lena rangaítear dlínsí de réir a leibhéil rúndachta agus de réir scála na ngníomhaíochtaí amach ón gcósta; de bhrí go ndearnadh doiciméadú ar easnaimh sna Ballstáit in athbhreithnithe a rinne Fóram Domhanda ECFE maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch Cánach agus an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais; de bhrí gur cheart do Bhallstáit AE trédhearcacht úinéireacht na meán a mhéadú;

J.

de bhrí go mbaintear mí-úsáid as saoránacht infheisteoirí agus scéimeanna cónaithe atá i bhfeidhm i roinnt Ballstát chun críoch sciúrtha airgid nó chun cistí a cheilt a fhaightear ó ghníomhaíochtaí éillitheacha; de bhrí go bhfuil rialacha ag go leor Ballstát chun tionchar míchuí agus éilliú ó reachtóirí agus ó oifigigh phoiblí a chosc, lena n-áirítear i gcás iar-reachtóirí augs iar-oifigigh, a bhfuil ról bunúsach acu maidir le gníomhaíochtaí éillitheacha a chosc, a bhrath agus a fhaire, ach nach bhforfheidhmítear na rialacha sin ach i bpáirt, agus nach leor rialacha comhchuibhithe ar leibhéal AE agus nach mór iad a threisiú;

K.

de bhrí gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i ndearbhú polaitiúil an 2 Meitheamh 2021 uaidh, an fhreagracht atá air agus an gá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh in aghaidh éilliú agus go bhfuil sé tiomanta do thréaniarrachtaí coisctheacha a dhéanamh agus cur chuige iltaobhach a leanúint in aghaidh éilliú, i bhfianaise phaindéim COVID-19 go háirithe;

L.

de bhrí go dtugann AE tacaíocht do thríú tíortha ina gcomhrac in aghaidh éilliú, ní hamháin le cúnamh teicniúil, gníomhaíocht taidhleoireachta agus tacaíocht airgeadais, agus fóraim iltaobhacha, ach trí reachtaíocht AE agus caighdeáin a leagan síos, agus treoirlínte agus creata maidir le gníomhaíocht sheachtrach;

M.

de bhrí go bhfuil gealltanais dul i ngleic le héilliú tugtha ag an gComhairle i bPlean Gníomhaíochta AE um Chearta an Duine 2020-2024 trí bhíthin cúnamh uileghabhálach trí thacaíocht a thabhairt d’athchóiriú an riaracháin phoiblí, straitéisí agus creata dlíthiúla frithéillithe éifeachtacha, lena n-áirítear sceithirí agus cosaint d’fhinnéithe, comhlachtaí speisialaithe, parlaimintí, meáin neamhspleácha agus ESSanna, agus trí thacú le daingniú agus cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC); de bhrí go mbraitheann creidiúnacht sheachtrach AE ar ghníomhaíocht frithéillithe éifeachtach sna Ballstáit freisin;

N.

de bhrí gur féidir leis an earnáil phríobháideach agus le fiontair ghnó, go háirithe cuideachtaí ilnáisiúnta agus eintitis bhaincéireachta, ról lárnach a bheith acu maidir leis an éilliú a chomhrac ar fud an domhain agus maidir lena thionchar ar chearta an duine a laghdú; de bhrí gur féidir le heintitis bhaincéireachta rannchuidiú go mór le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí aindleathacha eile a bhaineann leis an éilliú a bhrath, agus, ar an gcaoi sin, béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé caidreamh tairbheach comhoibritheach a bhunú idir institiúidí stáit agus an earnáil phríobháideach;

O.

de bhrí go bhfuil reachtaíochtaí éigeantacha maidir le dícheall cuí corparáideach fíor-riachtanach chun sáruithe ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a chomhrac agus a leigheas go héifeachtach ar fud an tslabhra soláthair ar fad, agus nár cheart go mbeadh tionchar diúltach acu ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí gur cheart forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe a bheith ina gcuid de na hoibleagáidí díchill chuí a bheartaítear a bheith sa togra ar an gceist a thiocfaidh ón gCoimisiún go luath;

P.

de bhrí go gceadaítear cheana féin le córais smachtbhannaí AE atá bunaithe ar thíortha bearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm in aghaidh daoine agus eintitis atá freagrach as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta, lena n-áirítear mí-iompar airgeadais tromchúiseach a bhaineann le cistí poiblí a mhéid a chumhdaítear na gníomhartha le UNCAC; de bhrí go bhfuil glacadh Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE) ina riachtanas breise do bhosca uirlisí AE; de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go leathnófaí a raon feidhme chun gníomhartha éillithe a áireamh go sainráite, d’fhonn gach sárú ar chearta an duine a chomhrac go héifeachtach, gan beann ar chineál na coire, agus chun réimeas comhlántach a chruthú i gcás nach n-áirítear gníomhartha éillithe in athbhreithniú an chórais reatha; de bhrí gur ghlac na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe freisin córais smachtbhannaí chosúla;

1.   

á mholadh don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas a dhéanamh:

I dtreo straitéis frithéillithe domhanda Aontais

(a)

a aithint go bhfuil nasc idir an t-éilliú agus cearta an duine agus gur bac ollmhór é an t-éilliú ar theachtadh chearta uile an duine; dá bhrí sin, cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne an éillithe, ar cur chuige é a mbeidh íospartaigh an éillithe ina chroílár, agus an comhrac i gcoinne an éillithe a chur chun lántosaigh in iarrachtaí agus i mbeartais uile an AE chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn ar fud an domhain; aghaidh a thabhairt ar an éilliú mar fheiniméan domhanda lena n-éilítear institiúidí éifeachtacha frith-éillithe, sásraí coisctheacha agus creat rialála idirnáisiúnta, chomh maith le haisghabháil sócmhainní agus ionchúiseamh coiriúil laistigh den Aontas; tús a chur le hobair ar shainmhíniú a aithnítear go hidirnáisiúnta ar éilliú, agus leas á bhaint as UNCAC mar threoirlíne; a aithint go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe dhomhanda agus comhoibriú níos fearr idir speisialtóirí frith-éillithe agus speisialtóirí chearta an duine chun an t-éilliú a chomhrac; comhar idir AE, a Bhallstáit agus tríú tíortha a chur chun cinn, go háirithe ar leibhéal an chomhair bhreithiúnaigh agus an fhorfheidhmithe dlí, agus malartú faisnéise, d’fhonn dea-chleachtais agus uirlisí éifeachtacha a mhalartú sa chomhrac i gcoinne an éillithe;

(b)

a aithint gurb í an trédhearcacht cloch choirnéil na straitéisí frith-éillithe go léir; i bhfianaise an mhéid sin, iarraidh go gcuirfí deireadh le rialacha iomarcacha maidir le rúndacht ghairmiúil sna hearnálacha ábhartha, go háirithe san earnáil airgeadais, agus go gcuirfí chun cinn malartú uathoibríoch faisnéise maidir le calaois chánach agus seachaint cánach, chomh maith le tuairisciú de réir tíre ó chuideachtaí ilnáisiúnta agus ó chláir phoiblí úinéirí tairbhiúla cuideachtaí; beartas neamhfhulaingthe a ghlacadh i leith tearmainn chánach, mar go gceadaíonn siad sreafaí aindleathacha airgeadais a cheilt go héasca;

(c)

an claonadh atá ann i láthair na huaire, chomh maith leis an nasc intreach idir na daonlathais, cúlú na ndaonlathas agus teacht chun cinn na gcreachlathas ar fud an domhain a aithint, rud a tharlaíonn freisin mar gheall ar an ról atá ag olagairc i roinnt tíortha; ról ceannasach a ghlacadh i bhfóraim iltaobhacha chun comhghuaillíocht daonlathas a shaothrú chun brú i gcoinne bhagairt domhanda an chreachlathais agus an údarásaíochais;

(d)

straitéis frithéillithe uileghabhálach, chomhleanúnach agus éifeachtúil dhomhanda Aontais a chur le chéile trí na hionstraimí frithéillithe reatha agus na dea-chleachtais i mbosca uirlisí AE a mheas, chun bearnaí a aithint, an cistiú a mhéadú, agus an tacaíocht do ESSanna frithéillithe a fhorleathnú, rud a d’iarr Parlaimint na hEorpa cheana féin ina rún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le héilliú agus cearta an duine i dtríú tíortha; tosaíocht a shannadh do chosc sa chomhrac i gcoinne an éillithe trí bhearta coisctheacha, beartais choisctheacha agus cleachtais choisctheacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear feachtais ardaithe feasachta agus oiliúint san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach;

(e)

meitheal thiomnaithe de chuid na Comhairle a bhunú le haghaidh réamhoibre i ndáil le hábhair frith-éillithe (cosúil le COHOM, nó bunaithe ar COHOM, an Mheitheal um Chearta an Duine) chun an plé sa Chomhairle a chur ar an eolas;

(f)

ról na Parlaiminte ó thaobh ghrinnscrúdú iarrachtaí frithéillithe a fheabhsú; rún na Parlaiminte tuarascáil rialta ar an éilliú agus ar chearta an duine a ullmhú agus a nuashonrú gach téarma reachtaíochta a thabhairt dá haire; measúnuithe bliantúla a ullmhú ar an dul chun cinn a bhaintear amach maidir leis na moltaí sna tuarascálacha sin;

(g)

a áitiú go ndéanfar feidhmiú agus forfheidhmiú iomlán i gcás ionstraimí frithéillithe náisiúnta agus idirnáisiúnta reatha amhail UNCAC, Coinbhinsiún OECD maidir le hOifigigh Phoiblí Eachtracha a Bhreabadh in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta a Chomhrac, caighdeáin frith-éillithe agus moltaí Chomhairle na hEorpa, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Coinbhinsiúin Dlí Choiriúil agus Shibhialta Chomhairle na hEorpa maidir le hÉilliú; spreagadh a thabhairt do gach stát nach bhfuil sin déanta acu go fóill na hionstraimí frith-éillithe sin a dhaingniú go tapa; próiseas cuimsitheach cuimsitheach a chur i gcrích gan mhoill chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme UNCAC ag AE, chomh maith le próiseas leantach a thabhairt isteach go pras le haghaidh athbhreithnithe UNCAC;

Comhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach

(h)

creidiúnacht ghníomhaíocht frithéillithe sheachtrach AE a neartú trí éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí laistigh den Aontas, chomh maith le himghabháil chánach, trádáil aindleathach, rúndacht bhaincéireachta agus sciúradh airgid laistigh den Aontas; aitheantas a thabhairt do líon criticiúil daoine aonair agus eintiteas atá bunaithe san AE mar thionscnóirí, cumasóirí agus tairbhithe an éillithe i dtríú tíortha agus aitheantas a thabhairt don fhreagracht atá orthu; a aithint go bhfuil Ballstáit uile an Aontais tiomanta, mar stáit a shínigh UNCAC, do chion coiriúil a dhéanamh de bhreabaireacht na n-oifigeach poiblí náisiúnta agus eachtrach; a aithint go mbaintear an bonn ó iarrachtaí frith-éillithe i dtríú tíortha le héilliú sistéamach agus le mainneachtain breabaireacht choigríche a ionchúiseamh go héifeachtach i roinnt Ballstáit AE, agus go ndéanfaidh sé beart chun deireadh a chur leis na teipeanna sin; a aithint go ndéantar gníomhaithe éillitheacha lasmuigh den Aontas a mhisniú mar thoradh ar easpa gníomhaíochta comhchuibhithe agus meáite, moillithe agus bearna i gcur chun feidhme na rialachán frithéillithe laistigh den Aontas; cuntasacht a áirithiú do dhéantóirí scéimeanna mór-éillithe agus caighdeáin choiteanna a ghlacadh maidir le trédhearcacht, rialú agus maoirseacht infheistíochta chun laghdú ar an éilliú agus ar na rioscaí sciúrtha airgid a eascraíonn as cláir víosaí órga mar a thugtar orthu;

(i)

a iarraidh ar an gCoimisiún creat frithéillithe AE a neartú agus treoir frith-éillithe AE a chur ar aghaidh ar bhonn Airteagal 83 CFAE, lena mbunaítear comhrialacha AE maidir le smachtbhannaí coiriúla i leith éillithe;

(j)

a aithint gur ceann scríbe é an tAontas le haghaidh cistí agus sócmhainní míleithreasaithe, nach ndéantar a bhformhór a choigistiú agus a aischur, go bhfuil an creat dlíthiúil maidir le haisghabháil sócmhainní goidte fós an-ilroinnte agus go bhfuil sé ríthábhachtach sócmhainní míleithreasaithe a aischur ó thaobh an cheartais agus na cuntasachta de, chomh maith le hinchreidteacht bheartas tacaíochta daonlathais an Aontais; iarrachtaí a chur chun cinn i mBallstáit uile an Aontais sócmhainní goidte agus fáltais éillithe a chalcadh agus a choigistiú ina ndlínsí, i gcomhréir le UNCAC, agus iad a thabhairt ar ais ar bhealach trédhearcach agus cuntasach chuig an tír thionscnaimh agus chuig na híospartaigh, lena n-áirítear trí fheabhas suntasach a chur ar thrédhearcacht, ar rochtain ar fhaisnéis maidir le sócmhainní eachtracha atá á gcoinneáil ar chríoch an Aontais agus ar na ESSanna a bheith páirteach go fóinteach; obair leantach a dhéanamh go pras ar ghealltanais Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe don bhliain 2021 maidir le haisghabháil sócmhainní, lena n-áirítear na gealltanais sin maidir le coigistiú nach bhfuil bunaithe ar chiontú, coigistiú agus aisíoc fáltais ó éilliú a bhaineann le rúin neamhthrialacha, agus sonraí maidir le haisghabháil sócmhainní a bhailiú agus a fhoilsiú; seicheamhú ceart ar chaingne (smachtbhannaí, forghéilleadh sócmhainní sibhialta agus coiriúla, ionchúiseamh coiriúil, sásraí aischuir sócmhainní) a cheapadh a mbeidh mar thoradh orthu ar deireadh sócmhainní goidte a athshealbhú chun tairbhe d’íospartaigh éillithe; comhar éifeachtach a bhunú idir na Ballstáit maidir leis an tsaincheist sin; teachtaireacht a dhréachtú ina leagtar amach tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar sócmhainní a sealbhaíodh go haindleathach a athshlánú go gasta agus go héifeachtúil tar éis próisis aistrithe dhaonlathaigh agus chun a áirithiú nach mbeidh aon tearmainn ann do na sócmhainní sin; comhrialacha AE a bhunú maidir le haischur sócmhainní goidte, lena gceanglaítear, a luaithe a bhunaíonn éilitheoir cás tosaigh, gur cheart don eintiteas freagartha nó don duine aonair freagartha a thaispeáint i dtaca le cionta tromchúiseacha arna sainmhíniú sa dlí náisiúnta gur chomhlíon sé a oibleagáidí dlíthiúla agus airgeadais, amhail tionscnamh dleathach maoinithe nó sócmhainní eile; na daoine atá freagrach a ionchúiseamh, rochtain leormhaith ar réitigh a éascú d’íospartaigh agus tacú le cumas na bparlaimintí maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an mbuiséad;

(k)

faireachán críochnúil a dhéanamh ar thrasnaíocht eachtrach agus forfheidhmiú dian rialacha cistiúcháin Eorpacha a bhunú agus a áirithiú do pháirtithe polaitiúla agus d“fhondúireachtaí polaitiúla, d”eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do na meáin, go háirithe nuair a thagann an cistiú ó thíortha neamhdhaonlathacha agus ó ghníomhaithe neamhstáit, d’fhonn cosc a chur le gabháil éilíte, tionchar lag agus cur isteach ar phróisis dhaonlathacha agus ar ghnóthaí poiblí an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta; trédhearcacht maidir le húinéireacht na meán a chur chun cinn mar chuid ríthábhachtach den daonlathas; cláir thiomnaithe a chur chun cinn maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla agus caiteachas feachtais mar chuid de thacaíocht daonlathais sheachtraigh an Aontais dá dtíortha; caighdeáin dhiana a ghlacadh maidir le fostaíocht iar-phoiblí sealbhóirí oifige tofa agus oifigeach poiblí sinsearach, cásanna imrothlacha a sheachaint agus rialacha comhchuibhithe agus a bhforfheidhmiú ar leibhéal AE a áirithiú trí chóras láidir maoirseachta;

Cearta an duine agus an frithéilliú: foireann uirlisí an Aontais a shaibhriú agus a fheidhmiú

(l)

príomhshruthú cur chuige frithéillithe bunaithe ar chearta an duine a neartú in ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n-áirítear san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) agus chistí iontaobhais AE; leas a bhaint as spriocanna agus amchláir chun tosaíocht a thabhairt do ghealltanais frithéillithe cheangailteacha; tús áite a thabhairt do thiomsú ioncaim intíre i dtíortha comhpháirtíochta trí thacú leis an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus tríd an dea-rialachas a neartú; faireachán agus forfheidhmiú dian a neartú ionas nach mbeidh cistí an Aontais á n-úsáid ag rialtais le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha; an tsochaí shibhialta a áireamh i bhfaireachán ar an úsáid a bhaintear as cistí AE agus ról na Parlaiminte sa réimse sin a fheabhsú; an chumarsáid idir gníomhaireachtaí speisialaithe AE agus na comhpháirtithe ar an talamh a fheabhsú; infheistíocht a dhéanamh i modhanna digiteacha agus sonraíbhunaithe chun an t-éilliú a chomhrac, go háirithe i gcumais theicneolaíocha na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí; comhar feabhsaithe a chur chun cinn idir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Eorpaigh; bunachar sonraí comhsheasmhach, cuimsitheach agus inrochtana de thairbhithe deiridh chistí an AE feadh thimthriall iomlán an tsoláthair a áirithiú;

(m)

cláir faoi ionstraimí gníomhaíochta seachtraí AE a fheabhsú chun tacú le fothú acmhainní frithéillithe, bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta, an neamh-idirdhealaithe agus rannpháirtíocht fhóinteach na ngeallsealbhóirí, agus i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha maidir leis na hionstraimí sin; éifeachtúlacht chaiteachas AE a fheabhsú trí spriocanna agus amchláir shoiléire a chur san áireamh sna cláir; trédhearcacht agus cuntasacht a cúnaimh oifigiúil forbartha a fheabhsú chun na caighdeáin a leagtar amach i bprionsabail éifeachtacht na forbartha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chomhlíonadh; córas iomlánaíoch bainistithe riosca a fhorbairt chun cosc a chur ar chistí an Aontais cur leis an éilliú trí thacaíocht bhuiséadach a nascadh le cuspóirí frithéillithe agus trí aird ar leith a thabhairt ar fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme; faireachán dian a dhéanamh ar thionscadail a mhaoiníonn an tAontas Eorpach i dtríú tíortha agus a áirithiú nach n-úsáidtear iad mar ionstraimí chun gníomhaíochtaí aindleathacha a mhaoiniú; iniúchtaí a bhunú lena sheiceáil go bhfuil na cistí sin á n-úsáid i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sna rialacháin le haghaidh gach ionstraime; tacaíocht bhuiséadach a chur ar fionraí i dtíortha ina bhfuil an t-éilliú forleathan agus ina mainníonn na húdaráis go follasach fíorghníomhaíocht a dhéanamh, agus ag an am céanna a áirithiú go bhfaighidh an cúnamh an pobal sibhialta ar bhealaí eile; i maoiniú AE, aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú fónta sócmhainní poiblí tríú tíortha, i gcomhréir le Rialachán Airgeadais an Aontais, agus tacú le hiarrachtaí ECFE feabhas a chur ar rialachas corparáideach fiontar atá faoi úinéireacht an stáit; féachaint an bhféadfaí tascfhórsa frith-éillithe de chuid an Aontais a chruthú a mbeadh cumhachtaí, saineolas agus acmhainní leormhaithe aige chun imscrúduithe agus meastóireachtaí a dhéanamh i dtríú tíortha agus chun cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar, lena n-áirítear pleananna saincheaptha athchóirithe, do stáit a fhaigheann cistí AE nach bhfuil an cumas leordhóthanach acu chun aghaidh a thabhairt ar an éilliú agus ar mian leo a gcomhar leis an Aontas a neartú; toscaireachtaí AE agus ambasáidí na mBallstát a spreagadh chun tuairisciú go rialta ar éilliú agus oiliúint theicniúil a sholáthar d’fhoireann Thoscaireacht AE ionas go mbeidh siad in ann dul i ngleic le fadhbanna sa réimse sin agus réitigh a mholadh le haghaidh comhthéacsanna sonracha náisiúnta;

(n)

a áirithiú go gcuirfear na caighdeáin eiticiúla agus trédhearcachta is airde i bhfeidhm i gcistiú AE, lena n-áirítear maoiniú tionscadal agus iasachtaí ó BEI, go mbeidh ról iomlán ag ESSanna agus ag gníomhaithe neamhspleácha i bhfaireachán a dhéanamh ar na cistí sin agus go mbeidh sásraí casaoide ar fáil, inrochtana agus cuntasacht i leith mí-úsáid cistí a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú; a áirithiú go ráthóidh comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais go mbeidh rochtain shaor, thapa agus éasca ar fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis faoin leithdháileadh, faoi fhaighteoir deiridh an chistithe agus faoi úsáid deiridh na gcistí;

(o)

tús áite a thabhairt don chomhrac in aghaidh éilliú sa chaibidlíocht agus sna critéir réamhaontachais; díriú ar an tógáil acmhainne, amhail comhlachtaí speisialaithe frithéillithe;

(p)

creat coinníollachta láidir éigeantach le forálacha trédhearcachta agus clásail cheangailteacha in-fhorfheidhmithe maidir le cearta an duine agus clásail frith-éillithe a chur san áireamh i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta AE agus i dtríú tíortha; mar bheart in am an éigin, smachtbhannaí a fhorchur nó comhaontuithe a fhionraí i gcás gníomhartha éillithe tromchúiseacha agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine; a áirithiú go mbeidh an chaibidlíocht trádála cuimsitheach agus trédhearcach, agus go mbeidh maoirseacht phoiblí fhiúntach agus feasacht ar straitéisí agus tosaíochtaí ag gabháil leo;

(q)

an fócas ar fhrith-éilliú a neartú san idirphlé maidir le cearta an duine agus sa taidhleoireacht phoiblí, idirphlé oscailte a chur chun cinn idir na stáit agus an tsochaí shibhialta faoi fhadhbanna agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann agus trí chosantóirí chearta an duine (CCDanna) agus ESSanna a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí frith-éillithe a áireamh go gníomhach;

(r)

faireachán a dhéanamh ar na rioscaí ó éilliú a bhainfeadh le tionscadail tógála agus infheistíochta mhórscála na dtíortha údarásaíocha a dhéantar a láimhseáil ar bhonn domhanda ach sna Ballstáit freisin, lena n-áirítear sna tionscail fuinnimh agus eastóscacha, in earnáil an bhonneagair, na cosanta agus na sláinte; aird ar leith a thabhairt ar thrédhearcacht sna tionscadail sin, ar cúis imní iad go minic maidir le maoiniú neamh-thrédhearcach nó rioscaí fioscacha; leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme pras chlár an Aontais a bhfuil nasc domhanda aige leis an Eoraip, clár a d’fhormheas an Chomhairle an 12 Iúil 2021, lena bhféadfaí cur le dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn sa bheartas eacnamaíoch, forbartha agus slándála;

Tacaíocht don tsochaí shibhialta, d’iriseoirí agus do chosantóirí chearta an duine

(s)

ról fíor-riachtanach ESSanna neamhspleácha, CCDanna, gníomhaithe frith-éillithe, sceithirí agus iriseoirí iniúchacha a aithint sa chomhrac in aghaidh éilliú, trí noirm shochaíocha atá ag athrú, an tsaoirse ó phionós a chomhrac, sonraí a bhailiú agus bearta frithéillithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú níos fearr; oibriú chun timpeallacht shábháilte chumasúcháin a chruthú dóibh siúd a dhéanann éilliú a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear sceithirí agus iriseoirí, agus d’fhinnéithe chomh maith; tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh an éillithe – daoine aonair agus pobail – ionas gur féidir iad a aithint agus a chur ar an eolas, páirt a ghlacadh in imeachtaí breithiúnacha agus cúiteamh a éileamh agus cúiteamh a fháil as damáistí; iarrachtaí a chur chun cinn chun Treoir an Aontais maidir le Sceithirí a thrasuí agus a chur chun feidhme go mear ag na Ballstáit; oibriú le tríú tíortha maidir le cosaint do sceithirí, lena n-áirítear trí ghealltanais chun caighdeáin arda a áirithiú maidir lena gcosaint i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta uile AE i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; tacú le hiarrachtaí déantóirí na coire a thabhairt os comhair na cúirte;

(t)

cláir a dhearadh chun tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar do ESSanna, do na meáin neamhspleácha, do sceithirí, iriseoirí iniúchacha agus CCDanna a oibríonn chun éilliú a chosc agus a nochtadh, trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn lena n-áirítear tacaíocht in aghaidh cásanna straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (cásanna SLAPP); rochtain ESSanna níos lú ar chistiú AE a fheabhsú; a áitiú go mbunófaí treoir frith-SLAPP de chuid an Aontais a bheadh uaillmhianach agus éifeachtach, agus i ndáil le ciapadh breithiúnach a d’fhéadfadh a bheith ann ag údaráis, ag corparáidí nó ag daoine eile lasmuigh den Aontas freisin;

(u)

cosaint finnéithe, sceithirí, iriseoirí iniúchacha agus CCDanna frithéillithe agus a ngaolta a neartú, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear trí víosaí éigeandála a eisiúint agus dídean shealadach a sholáthar i mBallstáit AE, agus trí acmhainní tiomnaithe a leithdháileadh ar thoscaireachtaí AE agus ar ionadaithe na mBallstát; a iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil ar ghníomhaithe frith-éillithe agus go ndéanfaí an foréigean i gcoinne iriseoirí iniúchacha, CCDanna, agus gníomhaithe frith-éillithe eile, agus an ceartas ina leith, a fhiosrú go críochnúil;

Trédhearcacht agus cuntasacht comhlachtaí poiblí

(v)

rochtain láidir ar dhlíthe faisnéise a chur chun cinn, agus sonraí rialtais atá fóinteach, cuimsitheach, tráthúil, inchuardaithe agus digitithe a chur chun cinn gan muirir a ghearradh, trédhearcacht fheabhsaithe an tsoláthair phoiblí agus brústocaireacht, le comhlachtaí neamhspleácha maoirseachta; stáit a spreagadh chun seirbhísí a fháil ó ghnóthais a chomhlíon oibleagáidí díchill chuí maidir le cearta an duine, lena n-áirítear forálacha frith-éillithe;

(w)

cláir a chur i gcrích chun tacú le hacmhainneacht pharlaiminteach chun rialú buiséadach agus gníomhaíochtaí maoirseachta eile a fheidhmiú;

(x)

tacú le breithiúna agus comhlachtaí ionchúisimh agus forfheidhmithe dlí atá neamhspleách, neamhchlaonta, slán ó thaobh acmhainní de agus éifeachtach, agus iad a neartú, chun críoch cionta éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú go rathúil; tacú le cruthú agus le gairmiúlú sainchomhlachtaí frith-éillithe stáit i dtríú tíortha;

(y)

leanúint den tacaíocht do phróisis toghcháin a bheidh cothrom agus cóir agus an chuntasacht do vótálaithe a chur chun cinn, agus aird ar leith ar chalaois thoghchánach agus ceannach vótaí; rialacha trédhearcachta agus neamhchlaontachta a chur chun cinn chun cur i gcoinne maoiniú polaitúil aindleathach; a áirithiú go ndéanfar obair leantach níos córasaí ar mholtaí ó mhisin bhreathnóirí idirnáisiúnta;

An comhrac in aghaidh éilliú i bhfóraim iltaobhacha

(z)

ról ceannaireachta a ghlacadh agus comhghuaillíochtaí daonlathas á saothrú chun teacht chun cinn domhanda na gcreachlathas a chomhrac; a áitiú go n-áireofaí frith-éilliú ar chlár oibre na gcruinnithe mullaigh idirnáisiúnta atá ar na bacáin, amhail G7, agus a iarraidh go gcuirfí chun feidhme go hiomlán an clár oibre frith-éillithe a comhaontaíodh ag an gCruinniú Mullaigh um an Daonlathas a mhol na Stáit Aontaithe; leanúint den rannchudiú réamhghníomhach le hobair na bhfóram idirnáisiúnta agus réigiúnach chun éilliú a chomhrac agus cearta an duine a chur chun cinn;

(aa)

a chur in iúl gur díol sásaimh dóibh an dearbhú polaitiúil suntasach ar an éilliú atá glactha ag Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus an deis a thapú a chuid moltaí a chur chun feidhme agus an comhar le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe amhail Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR) agus Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) a neartú; a áitiú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chórasach na sochaí sibhialta sa phlé ar leibhéal na Náisiún Aontaithe agus i sásraí faireacháin maidir le héilliú;

(ab)

doimhniú agus comhlíonadh gealltanas idirnáisiúnta a spreagadh chun an frithéilliú a chur i gcroílár na SFInna mar bhealach chun bochtaineacht dhomhanda a chomhrac, agus chun cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a chomhlíonadh, agus aird ar leith ar an gceart chun oideachais agus rannpháirtíochta polaitiúla; a aithint go bhfeidhmíonn an t-éilliú mar bhacainn ar go leor gnéithe den oideachas, as a n-eascraíonn cur amú tallainne agus éifeachtaí diúltacha ar an ngeilleagar; a thabhairt chun suntais gur uirlisí bunúsacha iad an t-oideachas agus an fhaisnéis chun an t-éilliú a chomhrac; dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt don chomhrac in aghaidh an éillithe san oideachas agus an tAontas a spreagadh chun cláir shonracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bheidh dírithe ar fheasacht a ardú faoin éilliú, faoi na costais a bhaineann leis an éilliú sin don tsochaí agus faoi na modhanna chun an t-éilliú a chomhrac;

(ac)

a áitiú go gceapfar Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le coireacht airgeadais, éilliú agus cearta an duine agus sainordú uileghabhálach aige nó aici, lena n-áirítear plean dírithe ar chuspóirí, agus luacháil thréimhsiúil ar na bearta frithéillithe a bheidh glactha ag stáit; dul i gceannas ar thacaíocht as measc bhallstáit na Comhairle um Chearta an Duine a shlógadh, agus rún a chomhthionscnamh as a dtiocfaidh an sainordú a bhíothas a mholadh; mionsonraí a thabhairt i leith na gceanglas nach mór d’iarrthóirí a chomhlíonadh chun a chinntiú go gcomhlíontar a sainordú mar is ceart, agus an próiseas trédhearcachta agus údair a shonrú a mbeidh an t-iarrthóir rathúil faoina réir sula rachaidh sé nó sí i mbun oifige;

(ad)

an nós imeachta a thionscnamh chun go mbeidh ballraíocht iomlán ag AE de GSE, grúpa a raibh stádas breathnóra ag AE ann ó 2019 i leith; a éileamh ar Bhallstáit AE moltaí GRECO a phoibliú agus a chomhlíonadh;

(ae)

plé maidir le bonneagar idirnáisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear sásraí, ionchúisitheoirí agus cúirteanna iniúchacha idirnáisiúnta, chun aghaidh a thabhairt ar dhaoine cumhachtacha atá bainteach le cásanna éillithe mórscála agus gan iad i mbaol pionóis; bealaí cur chuige cuimsitheacha a fhiosrú lena bhféadfaí institiúidí idirnáisiúnta ceartais a athchóiriú, amhail dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a leathnú, úsáid dlínse uilíoch chun gníomhartha mór-éillithe a ionchúiseamh nó Cúirt Choiriúil Idirnáisiúnta um an bhFrith-Éilliú a bhunú; a aithint a thábhachtaí atá an trédhearcacht agus foráil a dhéanamh do chuntasacht eagraíochtaí idirnáisiúnta agus oifigeach sinsearach;

(af)

caighdeáin Eorpacha a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le frithsciúradh airgid, tredhearcacht úinéireachta tairbhiúla agus cosaint sceithirí i bhfóraim ilnáisiúnta eile, agus tacú le glacadh na gcaighdeán sin ag tríú tíortha; tacú le hathchóiriú na ndlíthe maidir le húinéireacht thairbhiúil, lenar cheart go n-áiritheofaí go mbeadh clárlanna cothrom le dáta agus inrochtana, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon, chun trédhearcacht chuí na n-eintiteas dlíthiúil ábhartha a cheadú, lena n-áirítear iontaobhais agus cuideachtaí blaoisce, d’fhonn ligean d’íospartaigh éillithe agus d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis chánach úinéirí éifeachtacha na n-eintiteas sin a shainaithint;

(ag)

cuimsiú geallsealbhóirí neamhrialtasacha a chur chun cinn, lena n-áirítear acadúlaigh agus ESSanna, mar bhreathnóirí i bhfochomhlachtaí Chomhdháil na Stát is Páirtithe de UNCAC agus sásraí iltaobhacha frithéillithe eile;

Gnó, éilliú agus cearta an duine

(ah)

reachtaíocht éigeantach AE maidir le cearta an duine agus dícheall cuí comhshaoil a chur ar bun go práinneach agus í sin a fhorchur ar gach eintiteas agus gach caidreamh gnó i luachshlabhra iomlán cuideachta lena gceanglaítear ar ghnóthais, lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn táirgí agus seirbhísí airgeadais, a áirithiú go ndéanfar, i gcás tionchair dhiúltacha a mbeadh ag a ngnólachtaí agus ag slabhraí soláthair ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar dhea-rialachas, go ndéanfar iad a shainaithint, a mheasúnú, a mhaolú, a chosc, a scor, cuntas a thabhairt orthu agus fógra a thabhairt ina leith; agus lena n-áirítear na caighdeáin is airde, forálacha láidre frith-éillithe, sásraí casaoide éigeantacha agus córais dliteanais lena gcuirtear ar chumas íospartach cuideachtaí a thabhairt chun cuntais agus leigheas a lorg; a áirithiú go mbeidh feidhm ag oibleagáidí díchill chuí maidir le breabaireacht oifigeach poiblí coigríche, a tharlaíonn go díreach nó trí idirghabhálaithe; á chur i bhfáth ina leith sin gur cheart go n-íoslaghdófaí an t-ualach maorlathach ar chuideachtaí le reachtaíocht díchill chuí a bheidh ann amach anseo, go háirithe ar FBManna;

(ai)

iarrachtaí a chur chun cinn chun éilliú a chosc, feabhas a chur ar na caighdeáin chuntasaíochta agus iniúchóireachta san earnáil phríobháideach i gcomhréir le UNCAC agus pionóis a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar chorparáidí as gníomhartha éillithe; a mholadh go dtuairisceodh na cuideachtaí móra agus liostaithe go léir maidir lena ngníomhaíochtaí agus maidir le cur chun feidhme a mbeart frithéillithe agus frithbhreabaireachta; forálacha a achtú agus treoir a tharraingt suas do chuideachtaí chun foráil a dhéanamh do thuairisciú sábháilte agus rúnda ar sháruithe ar rialacha frithéillithe agus chun iad siúd a chuireann faisnéis faoina mbráid a chosaint; tríú tíortha a spreagadh chun acmhainní leormhaithe a leithdháileadh ar phointí teagmhála náisiúnta agus chun sásraí gearáin neamhbhreithiúnacha eile a bhunú chun réitigh a sholáthar do dhaoine aonair agus do phobail a bhfuil tionchar ag cleachtais éillitheacha ghnó orthu;

(aj)

plean gníomhaíochta a fhorbairt chun dícheall cuí comhshaoil agus chearta an duine a fhorbairt in earnálacha amhail airgeadas, cuntasaíocht nó réadmhaoin ós iad na hearnálacha sin go minic faoi deara struchtúr cumasúcháin don éilliú domhanda sa mhéid gur bealaí iad chun fáltais an éillithe a sheoladh isteach sa gheilleagar dleathach;

(ak)

tábhacht Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine a athdhearbhú trína áirithiú maidir leis na Ballstáit uile nár ghlac pleananna gníomhaíochta náisiúnta go fóill go ndéanfaidh siad amhlaidh a luaithe is féidir, agus glacadh pleananna gníomhaíochta agus díchill chuí chorparáidigh ag tríú tíortha a chur chun cinn; plé comhsheasmhach agus gníomhach a dhéanamh sa chaibidlíocht ar Chonradh Ceangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Gnó agus Cearta an Duine;

Bearta sriantacha ar an éilliú trí Ghníomh Magnitsky AE

(al)

togra reachtach a thíolacadh go pras chun díriú go héifeachtach ar chumasóirí eacnamaíocha agus airgeadais mí-úsáideoirí chearta an duine a choinníonn sócmhainní agus réadmhaoin in AE agus chun smachtbhannaí a fhorchur orthu, i gcomhréir leis na hiarrataí atá déanta ag an bParlaimint arís agus arís eile chun Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine atá ann faoi láthair a leasú trína raon feidhme a leathnú chun gníomhartha éillithe a chur san áireamh nó de rogha air sin togra reachtach a chur ar aghaidh chun córas nua smachtbhannaí téamacha a ghlacadh i gcoinne gníomhartha tromchúiseacha éillithe, agus vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach chun smachtbhannaí a ghlacadh faoi raon feidhme an chórais smachtbhannaí seo; ról réamhghníomhach a áirithiú don Pharlaimint ina leith sin; comhoibriú go dlúth leis an Ríocht Aontaithe, a ghlac córas nua smachtbhannaí maidir leis an éilliú, agus le daonlathais eile a bhfuil an dearcadh céanna acu; an riosca a chur san áireamh go ndéanfadh gníomhaithe éillitheacha sócmhainní a aistriú chuig AE de réir mar a dhéanfaidh a thuilleadh tíortha fós creata níos doichte a ghlacadh; éileamh a dhéanamh, dá bhrí sin, go nglacfaidh na Ballstáit smachtbhannaí go pras agus go cuí, go háirithe maidir le cosc ar theacht isteach, sainaithint agus calcadh sócmhainní, chun nach ndéanfaí lárionad sciúrtha airgid a dhéanamh den Aontas, agus gníomh a dhéanamh in aghaidh na mBallstát sin nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí;

Éifeachtaí COVID-19

(am)

a áirithiú go mbeidh bearta frithéillithe á bpríomhshruthú isteach sa fhreagairt dhomhanda ar COVID-19 chun seirbhísí sláinte poiblí agus rochtain ar vacsaíní a sholáthar nó a dháileadh go cothrom, lena n-áirítear trí na hinstitiúidí poiblí a neartú agus trédhearcacht iomlán na mbeart cistiúcháin agus úsáid an chistithe a áirithiú;

(an)

a áirithiú maidir le tacaíocht airgeadais AE le tríú tíortha, ar tacaíocht í a bhaineann leis an bpaindéim, go bhfuil sí ceangailte le tiomantas stóinseach ar iarrachtaí frithéillithe;

(ao)

tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil le haghaidh iriseoirí agus ESSanna a oibríonn ar nochtadh an éillithe, ar íospartaigh dian-chníogbheartaíochta iad ag éirí as mí-úsáid dhlíthe éigeandála na paindéime;

Éilliú, athrú aeráide agus cearta an duine

(ap)

na nascachtaí idir díghrádú agus scrios an chomhshaoil ina bhac ar fheidhmiú chearta an duine, agus na gréasáin fholuiteacha d’éilliú, breabaireacht nó coiriúlacht eagraithe a aithint; an frith-éilliú a phríomhshruthú i ngníomh domhanda an Aontais maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, trédhearcacht agus dea-rialachas acmhainní nádúrtha agus an comhrac i gcoinne grabáil talún a chur chun cinn, agus díriú ar na hearnálacha is mó atá i mbaol, amhail tionscail eastóscacha;

(aq)

a thabhairt faoi deara gurb iad CCDanna comhshaoil, cosantóirí talún agus a ndlíodóirí, go háirithe mná agus CDDanna dúchasacha is mó atá i mbaol go ndéanfar idirdhealú, imeaglú, foréigean agus dúnmharú ina leith, agus ar an gcaoi sin gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun iad a chosaint, lena n-áirítear trí víosaí éigeandála a eisiúint agus trí dhídean sealadach a sholáthar i mBallstáit AE;

Tionchair inscnithe an éillithe

(ar)

a chur san áireamh go ndéantar an neamhionannas inscne níos measa de bharr éilliú, agus go ndéantar difear do sheasamh agus do chosaint chearta na mban; príomhshruthú inscne agus éagsúlacht i ngníomhaíocht frithéillithe a chur chun cinn, mar a mhol UNODC agus measúnú a dhéanamh ar ghnéithe inscne agus ar thionchar difreáilte an éillithe; aghaidh a thabhairt ar thionchar an éillithe ar chearta na mban agus a áirithiú go bhfuil mná ar an eolas faoina gcearta d’fhonn a leochaileacht i leith éilliú a laghdú; naisc idir gáinneáil ar dhaoine agus éilliú a chur san áireamh;

(as)

a chur san áireamh go ndéanann an t-éilliú difear freisin do ghrúpaí leochaileacha eile amhail leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine atá i staid leochaileachta eacnamaíche nó daoine ar de mhionlaigh iad agus go gcuireann sé leis an neamhionannas sin;

(at)

comhéigean gnéis a aithint mar chineál éillithe; cláir a dhearadh chun cuidiú le híospartaigh sracadh ghnéis, leagan fíor-mhíchuibheasach, inscneshonrach den éilliú, inarb é corp an duine airgeadra an éillithe; sonraí a bhailiú chun leitheadúlacht an chomhéigin gnéis a thomhas, creataí dlí agus ionstraimí dlíthiúla a ghlacadh chun aghaidh leormhaith a thabhairt ar chásanna gnéasaithe agus smachtbhannaí a ghearradh ina leith, agus na céimeanna sin a chur chun cinn i bhfóraim iltaobhacha;

o

o o

2.

á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(1)  IO C 195, 25.6.1997, lch. 2.

(2)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0349.

(4)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 11.

(5)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 94.

(6)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 111.

(7)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 63.

(8)  IO C 337, 20.9.2018, lch. 82.

(9)  IO C 215, 19.6.2018, lch. 125.

(10)  IO C 265, 11.8.2017, lch. 59.

(11)  IO C 181, 19.5.2016, lch. 2.

(12)  IO L 156, 19.6.2018, lch. 43.

(13)  IO L 127, 29.4.2014, lch. 39.

(14)  IO L 186, 11.7.2019, lch. 122.

(15)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.


Top