Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IE3263

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “An chumarsáid maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta” (Tuairim féintionscnaimh)

    EESC 2022/03263

    IO C 100, 16.3.2023, p. 24–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 100/24


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “An chumarsáid maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta”

    (Tuairim féintionscnaimh)

    (2023/C 100/04)

    Rapóirtéir:

    Cristian PÎRVULESCU

    Comhrapóirtéir:

    José Antonio MORENO DÍAZ

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    20.01.2022

    Bunús dlí

    Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    Tuairim féintionscnaimh

    Rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    23.11.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    14.12.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    574

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    199/3/4

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna comhchoiteanna, rud atá luaite in Airteagal 2 CAE, luachanna amhail dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta, cearta an duine, an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir fir agus mná. Is cuid den fhéiniúlacht Eorpach iad an smacht reachta agus cearta an duine.

    1.2.

    Ina theannta sin, tá sé luaite sa Chairt um Chearta Bunúsacha, atá ina doiciméad bunriachtanach agus ceangailteach, go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna doroinnte uilíocha seo a leanas: dínit an duine, an tsaoirse, an comhionannas agus an dlúthpháirtíocht, agus gur bunaíodh é ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta (1). Is oibleagáid é feidhmiú na Cairte a neartú agus is bealach tábhachtach é freisin chun daoine a chosaint agus iad a chur ar an eolas faoina thábhachtaí atá an smacht reachta agus cosaint na gceart bunúsach. Cé go bhfuil an Coiste ag tacú le gach iarracht maidir leis na gnéithe sin, tá sé ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh a bheith gníomhach agus iad i mbun cumarsáid dhíreach leis an bpobal i gcoitinne. Tá ríthábhacht leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus caithfear iad a chur san áireamh i gcomhchultúr sibhialta agus daonlathach na hEorpa.

    1.3.

    Rinne Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa cur síos soiléir ar na príomhphrionsabail a chumhdaítear faoin smacht reachta: an dlíthiúlacht, an deimhneacht dhlíthiúil, cosc ar mhí-úsáid cumhachtaí, comhionannas faoin dlí agus an neamh-idirdhealú, agus rochtain ar an gceartas (2). Is critéir shoiléire iad sin chun measúnú a dhéanamh ar a oiread is a chomhlíonann gníomhaíocht Stáit prionsabail an smachta reachta, agus is critéir iad ar thacaigh an Chúirt Bhreithiúnais leo (3).

    1.4.

    Tá CESE á áitiú ar na hinstitiúidí Eorpacha uile gan aon ghlacadh beag ná mór a bheith acu le sáruithe an smachta reachta sna Ballstáit. Tá dualgas dlíthiúil ar an Aontas Eorpach seasamh leis an smacht reachta agus le cosaint na gceart bunúsach, gan beann ar na rúin atá ag gníomhaithe polaitiúla éagsúla a d’fhéadfadh teacht salach ar an aidhm sin.

    1.5.

    Tá CESE ag tarraingt aird air go bhfuil rialú ón gCúirt ann ina dtugtar le fios go bhfuil an buiséad ar cheann de na hionstraimí a thugann éifeacht phraiticiúil don dualgas atá ar na Ballstáit uile cloí le croíluachanna AE, lena n-áirítear an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine (4).

    1.6.

    Is ionstraim fhiúntach í Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Smacht Reachta, ionstraim lena bhféadfaí cosc a chur ar ídiú an daonlathais, an smachta reachta agus chosaint na gceart bunúsach. Mar sin féin, caithfear an ionstraim sin a athchóiriú le go bhféadfar na haidhmeanna atá léi a bhaint amach. Ba cheart í a leasú chun go gcuimseofar inti luachanna uile Airteagal 2 CAE, caingne dlí agus/nó gníomhaíochtaí airgeadais sa chás nach dtugtar aghaidh go hiomlán ar na moltaí tírshonracha, agus an cúigiú colún a bheadh tiomanta don fhaireachán ar fhorbairtí náisiúnta a bhaineann leis an spás sibhialta (5).

    1.7.

    Chuir CESE i bhfios go láidir cheana féin go bhfuil príomhról ag an tsochaí shibhialta maidir le caomhnú an daonlathais san Eoraip, agus, gan sochaí shibhialta láidir agus ilchineálach a bheith ann, nach bhféadfar an daonlathas agus an tsaoirse a chosaint agus an Eoraip a chaomhnú ón údarásaíochas (6). Ar a bharr sin, ní ann don smacht reachta gan an daonlathas agus cearta bunúsacha, agus vice versa; is trí choincheap iad a bhfuil dlúthnasc eatarthu (7). Chuige sin, tá CESE ag áitiú orthu siúd ar fad lena mbaineann éirí as a bheith ag caint ar an daonlathas neamhliobrálach, mar a thugtar air, fiú nuair is á cháineadh mar choincheap atá siad. Ní daonlathas go prionsabail an liobrálachais.

    1.8.

    Ba cheart geallsealbhóirí breise a bheith rannpháirteach sna hiarrachtaí chun réaltacht níos soláimhsithe a dhéanamh den smacht reachta: na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí gairmiúla amhail comhairlí Barraí agus cumainn Dlí, agus eagraíochtaí pobail a oibríonn le daoine agus pobail leochaileacha ar mó an baol dochair, míbhuntáiste agus idirdhealaithe ina bhfuil siad.

    1.9.

    Is féidir go bhfeictear do dhaoine áirithe gur coincheapa rótheibí deoranta iad an smacht reachta agus cearta an duine a bhfuil an iomad den bhéarlagair agus den dleathaíochas ag baint leo. Chun an smacht reachta a chur in iúl go héifeachtach ní mór díriú ar luachanna comhchoiteanna agus ar choincheapa na córa agus an cheartais, coincheapa a bhféadfadh gaol a bheith acu leis. Is cabhair a bheadh ann freisin scéal pearsanta an duine atá ag tabhairt na fianaise a thabhairt agus aghaidh an duine sin a thaispeáint, sa bhreis ar na staitisticí.

    1.10.

    Tá CESE á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an smacht reachta agus cearta bunúsacha a phríomhshruthú i scoileanna agus san ardoideachas. Ba cheart oideachas saorántachta a bheith éigeantach, go gcuirfí tús leis a luaithe is féidir i saol an duine agus go mbeadh sé á mhúineadh ar feadh blianta fada. Ina theannta sin, caithfear acmhainní an Aontais agus acmhainní náisiúnta a chur ar fáil le haghaidh oiliúint iomchuí a chur ar mhúinteoirí an oideachais saorántachta.

    1.11.

    Is ar phrionsabal na cuntasachta atá creat chearta an duine fothaithe, rud a cheanglaíonn go mbeadh bearta ann chun a shainaithint cé air atá an fhreagracht i dtaca leis na torthaí éagsúla agus cé na hathruithe beartais arbh fhiú a dhéanamh. Is den tábhacht freisin saincheisteanna a shainaithint a gcuirfeadh an pobal i gcoitinne spéis iontu, saincheisteanna amhail an rochtain ar fhuinneamh, an t-iompar, an comhionannas réigiúnach agus an rochtain ar obair, tithíocht nó cúram sláinte agus ar sheirbhísí éagsúla poiblí eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

    1.12.

    Nuair atá stát leasa shóisialta láidir ann, fiú más leaganacha éagsúla de a fhaightear ar fud na hEorpa, neartaítear cosaint chearta an duine agus an smacht reachta. Tugtar aitheantas don idirnascacht sin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, uirlis bheartais bhunriachtanach chun Aontas níos ionchuimsithí a thógáil.

    1.13.

    Ní mór gluaiseachtaí pobail agus daoine a bhfuil taithí saoil ar an mbochtanas acu a bheith i gcroílár an cháis dhaonlathaigh ar son chearta an duine. Níl bealach níos fearr ann chun cearta an duine, cearta sóisialta go háirithe, a chosaint, ná cead cainte i spásanna poiblí agus i ndíospóireachtaí beartais a thabhairt dóibh siúd is mó a ndéanann an éagothroime, an bochtanas agus an t-eisiamh sóisialta difear dóibh.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Tugann CESE chun cuimhne an seasamh a cuireadh in iúl i dtuairim SOC/598 (2018), is é sin go bhfuil an smacht reachta idirspleách ar ráthaíochtaí trína gcosnaítear an daonlathas iolraíoch agus an urraim do chearta bunúsacha agus nach féidir an nasc sin eatarthu a bhriseadh. Áirithítear leis an smacht reachta go n-urramóidh na rialtais caighdeáin um chearta bunúsacha. Áirithítear leis an daonlathas iolraíoch go saothróidh na rialtais beartais trína gcuirfear le dea-bhail an phobail. Ní leor an smacht reachta as féin mar ráthaíocht go n-urramófar na cearta bunúsacha sa dlí ná go bhfuil an dlí á dhéanamh de réir próiseas ionchuimsitheach agus dlisteanach arna bhunú ar dhíospóireacht agus rannpháirtíocht phoiblí eolasach iolraíoch agus chothrom. Chun nach “smacht le reacht” a bheidh ann, is den riachtanas seasamh leis na cearta bunúsacha agus le caighdeáin dhaonlathacha iolraíocha mar aon leis an smacht reachta (8).

    2.2.

    Faoi mar a tugadh faoi deara i dTuarascálacha 2021 agus 2022 an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta, d’fhonn muinín na saoránach as institiúidí poiblí agus as an smacht reachta a chaomhnú beidh gá leis an méid seo a leanas, i measc nithe eile: córas breithiúnach neamhspleách faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach chun a áirithiú go ndéantar dlí AE a chomhlíonadh; tiomantas láidir poiblí don chomhrac i gcoinne an éillithe agus don chuntasacht dhaonlathach; iolraíochas na meán agus saoirse na meán, lena n-áirítear trédhearcacht úinéireacht na meán; sásraí trédhearcacha bunreachtúla agus institiúideacha trína ndéanfar srianta agus ceartúcháin a áirithiú, le rannpháirtíocht ghníomhach ón tsochaí shibhialta; agus an comhar idirnáisiúnta a neartú ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (9). I dTuarascáil 2022, chuir an Coimisiún chun suntais freisin go bhfuil bagairtí suntasacha ann do luachanna AE agus don ord riailbhunaithe de thoradh ionradh na Rúise san Úcráin, ionradh atá ina shárú mór ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus a bhaineann ón daonlathas agus ón smacht reachta, agus ón tslándáil agus cobhsaíocht Eorpach agus dhomhanda (10).

    2.3.

    Níl aon norm daonlathach agus ionadaíoch a fhéadfar a agairt chun sáruithe smachta reachta agus na gceart bunúsach a dhlisteanú. Ní mór d’institiúidí AE, agus don Choimisiún Eorpach go háirithe, leas a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil chun sláine phrionsabail AE a athbhunú.

    2.4.

    Beidh ról bunriachtanach le himirt ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine, trí fhaireachán a dhéanamh ar chúrsaí ar an leibhéal áitiúil, go háirithe i gcás ina dtéann an smacht reachta in olcas agus ina bhfuil cearta an duine faoi ionsaí (11). Bíonn rialtais údarásaíocha ina mbagairt ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta ní hamháin tríd an spás atá ar fáil dá ngníomhaíochtaí a chrapadh agus a bhogadh timpeall ach freisin trí bhagairtí pearsanta agus géarleanúint, srianta airgeadais, nó cosaint neamhleor i gcoinne ionsaithe fisiciúla nó ó bhéal (12).

    2.5.

    Faoi mar a luadh cheana, ba cheart neartú suntasach a dhéanamh ar acmhainneacht fhoriomlán eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine oibriú faoi chuimsiú Chairt na gCeart Bunúsach trí phacáiste ina bhfuil oiliúint agus aistriú eolais, tacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais, agus cosaint ar ionsaithe agus ar fheachtais dhiúltacha (13). Chuige sin, tá CESE á mholadh don Choimisiún togra a ullmhú le haghaidh straitéis sochaí sibhialta chuimsitheach Eorpach lena dtreorófaí an comhar, an fothú acmhainneachta agus an chumarsáid éifeachtach maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha.

    2.6.

    Tá CESE den tuairim go bhfuil obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine ríthábhachtach chun cabhrú le grúpaí leochaileacha dul i ngleic le dúshláin thromchúiseacha maidir lena sábháilteacht, a ndea-bhail agus a ndínit. D’fhéadfadh sé tarlú dúinn go léir lá den saol go mbeimis i riocht leochaileach. Ina lán cásanna, bíonn forluí idir na cúiseanna leis an leochaileacht agus tarlaíonn imeallú agus idirdhealú struchtúrach dá dheasca sin.

    2.7.

    Ba cheart an smacht reachta agus cosaint na gceart bunúsach, go háirithe saorthoghcháin chóra agus rannpháirtíocht láidir dhaonlathach, a áirithiú i ndáil leis an daonlathas (14). Iad siúd atá i riocht ina bhféadfaidís dúshlán an smachta reachta a thabhairt, gníomhaíonn siad in aghaidh freasúra polaitiúil agus ollmheáin neamhspleácha freisin. Tá Plean Gníomhaíochta AE maidir leis an Daonlathas ina chéim riachtanach chun dul i ngleic leis sin.

    2.8.

    Bíonn ról suntasach le himirt ag na comhpháirtithe sóisialta sa chumarsáid a dhéantar maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha. I gcás ina dtéann cúrsaí polaitíochta agus dlí in olcas i dtír, déanann sé difear sna hionaid oibre uile. Nuair nach ann don smacht reachta agus do chórais cosanta na gceart bunúsach, ní bhíonn gnólachtaí, FBManna agus fiontair shóisialta in ann feidhmiú go héifeachtach. Ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta gealltanas a thabhairt go ngníomhóidh siad chun cur lena sláine agus a n-éifeachtacht féin. Caithfidh an tsaoirse a bheith ag oibrithe ceardchumann a bhunú nó ballraíocht a ghlacadh ina rogha ceardchumainn, agus caithfidh na ceardchumainn a bheith in ann feidhmiú gan bhac (15). Tá de cheart ag oibrithe agus fostóirí comhaontuithe cómhargála a chaibidil agus a thabhairt i gcrích agus, i gcás coinbhleacht leasanna, gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun a leasanna a chosaint, lena n-áirítear dul ar stailc (16).

    2.9.

    Tá an-acmhainn i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) faisnéis ábhartha a bhailiú. Tá bonn eolais forleathan curtha le chéile aici cheana féin a bhféadfadh gníomhaithe leasmhara úsáid a bhaint as. Tá saineolas daingean aici ar cheart leas a bhaint as mar bhonn chun an chumarsáid a fheabhsú. Ba cheart breis acmhainní a cheadú don Ghníomhaireacht chun go mbeidh sí rannpháirteach sa chumarsáid phoiblí i mBallstáit uile an Aontais. Tá gá le comhar breise leis na hinstitiúidí speisialtóireachta amhail An Chomhairle Eorpach, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODHIR).

    2.10.

    Is gníomhaí domhanda é an tAontas Eorpach freisin, a bhfuil an fhreagracht atá air an smacht reachta agus cearta bunúsacha a urramú ina ghné lárnach dá fhéiniúlacht idirnáisiúnta agus dá ról idirnáisiúnta. Ba cheart a lárnaí atá an smacht reachta agus cearta bunúsacha don Aontas Eorpach agus a thábhachtaí atá siad do shaol daonlathach agus síochánta a bheith le sonrú ar na beartais, cláir, ionstraimí agus gníomhaíochtaí seachtracha uile.

    3.   Barúlacha sonracha

    3.1.   Insint agus comhthéacsú dearfach

    3.1.1.

    Ba cheart oideachas saorántachta maidir le prionsabail an daonlathais, na gceart bunúsach agus an smachta reachta a threisiú ar an uile leibhéal. Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fheasacht an phobail a chur chun cinn trí chlár oibre cumarsáide uaillmhianach (17).

    3.1.2.

    Ní leor a thuilleadh scéal bhunú an Aontais Eorpaigh le dul i bhfeidhm ar mhuintir na hEorpa. Ba cheart don Aontas Eorpach scéalta eile a insint maidir le todhchaí tharraingteach agus ba cheart dó athbheochan a dhéanamh ar na príomhphrionsabail a raibh ról tábhachtach acu sa tionscadal Eorpach roimhe seo (18), lena n-áirítear an smacht reachta agus cearta an duine. Tá tábhacht leis an méid sin go háirithe i gcomhthéacs ionsaí míleata na Rúise san Úcráin.

    3.1.3.

    Is ar phrionsabal na cuntasachta atá creat chearta an duine fothaithe, rud a cheanglaíonn go mbeadh bearta ann chun a shainaithint cé air atá an fhreagracht i dtaca leis na torthaí éagsúla agus na hathruithe beartais arbh fhiú a dhéanamh. Is den tábhacht freisin saincheisteanna a shainaithint a gcuirfeadh an pobal i gcoitinne spéis iontu, saincheisteanna amhail an rochtain ar iompar, fuinneamh, obair, tithíocht nó cúram sláinte agus ar sheirbhísí éagsúla poiblí eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Ní leor cáineadh a dhéanamh ar an gcás a fhágann caighdeáin maidir le cearta an duine gan chomhlíonadh, ach caithfear cur síos a dhéanamh ar thodhchaí a bhféadfadh an smacht reachta agus cearta an duine cabhrú lena tógáil trí cheangail dhearfacha a spreagadh in intinn daoine (19).

    3.1.4.

    Ní ann don smacht reachta gan an daonlathas agus cearta bunúsacha, agus vice versa; is trí choincheap iad a bhfuil dlúthnasc eatarthu (20). Chuige sin, tá CESE ag áitiú orthu siúd ar fad lena mbaineann éirí as a bheith ag caint ar an daonlathas neamhliobrálach, mar a thugtar air, fiú nuair is á cháineadh mar choincheap atá siad. Ní daonlathas go prionsabail an liobrálachais. Níl an daonlathas neamhliobrálach ina leagan malartach de, ná ina leagan maolaithe de, go fiú. Ní daonlathas é an daonlathas neamhliobrálach.

    3.2.   Beartais riachtanacha agus réimsí beartais ábhartha

    3.2.1.

    Faoi mar a thug CESE faoi deara cheana, tá nasc idir an tuiscint nó an taithí a bhíonn ag daoine air nach dtéann an rathúnas eacnamaíoch chun tairbhe dóibh agus na dearcthaí diúltacha a bhíonn ag daoine i leith institiúidí poiblí agus prionsabail bhunúsacha (21).

    3.2.2.

    Chun cás a dhéanamh ar son chearta an duine agus an smachta reachta, is gá beartais a shainaithint a d’fhéadfadh gnáthshaol daoine a fheabhsú.

    3.2.3.

    Nuair atá stát leasa shóisialta láidir ann, fiú más leaganacha éagsúla de a fhaightear ar fud na hEorpa, neartaítear cosaint chearta an duine agus an smacht reachta. Tugtar aitheantas don idirnascacht sin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, uirlis bheartais bhunriachtanach chun Aontas níos ionchuimsithí a thógáil (22). Ní mór an ceart a bheith ag oibrithe pá cothrom a fháil a fhágann gur féidir leo caighdeán maith maireachtála a bheith acu (6ú prionsabal an Cholúin). Na daoine sin nach leor a n-acmhainní, ní mór an ceart a bheith acu ioncam íosta leordhóthanach a thuilleamh le go bhféadfaidh siad maireachtáil faoi dhínit ag gach céim dá saoil, agus rochtain éifeachtach a bheith acu ar earraí agus seirbhísí chun an méid sin a áirithiú (an 14ú prionsabal) (23).

    3.2.4.

    Mheabhraigh paindéim COVID-19 dúinn a thábhachtaí atá córas cúraim sláinte uilíoch so-rochtana agus cothrom. Is mian le CESE an seasamh a chuir sé in iúl i dtuairim SOC/691 (2022) a dhearbhú athuair: “Ba cheart don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit dul i mbun dianmhachnamh ar an tsochaí maidir le bunús na géarchéime agus maidir leis na cúiseanna a raibh an tóin ar tí titim as an gcuid is mó de chórais sláinte na hEorpa mar gheall ar an bpaindéim. Tar éis blianta de bheartais déine, bhí nós ginearálta dí-infheistíochta in earnáil na sláinte agus i bpríomhsheirbhísí sóisialta eile (cúnamh do dhaoine spleácha agus leochaileacha, tithe altranais, etc.), lenar cruthaíodh fadhb ollmhór dhosheachanta a chuaigh ó smacht ar fad in am mórdhúshláin sláinte.” (24)

    3.2.5.

    Ní hí an phaindéim an t-aon ghéarchéim a dhéanann difear do chearta bunúsacha. Tá an cogadh san Úcráin ag cur na milliún duine san Úcráin agus ar fud an domhain i mbaol. Tá an t-athrú aeráide agus na dúshláin agus tubaistí gaolmhara, amhail falscaithe, ag cur isteach go díreach ar dhaoine ar fud na hEorpa. Tá a lán de mhuintir na hEorpa ag streachailt le harduithe ar na praghsanna fuinnimh. Ba cheart uirlisí gníomhaíochta na hEorpa a thabhairt cothrom le dáta agus a choigeartú dá réir.

    3.2.6.

    Ba cheart na beartais, go háirithe beartais athchóirithe eacnamaíocha, a bheith bunaithe ar mheasúnuithe tionchair córasacha ex ante agus ex post ar chearta an duine (25), d’fhonn díospóireachtaí Eorpacha agus náisiúnta eolasacha agus cuimsitheacha a éascú maidir leis na roghanna polaitiúla a chur chun eadrána agus a choigeartú (26).

    3.2.7.

    Ba cheart béim níos mó a leagan ar Chaibidil III (Comhionannas) agus ar Chaibidil IV (Dlúthpháirtíocht) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar chroíghnéithe de dhintiúir dhaonlathacha agus luachbhunaithe an Aontais (27). Is cearta doroinnte idirspleácha ar comhthábhacht iad cearta uile an duine a dtugtar aitheantas dóibh sa Chairt. Mar a luaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i gcás cinniúnach uaithi, níl aon scoilt ghlan idir cearta socheacnamaíocha agus cearta sibhialta agus polaitiúla (28).

    3.2.8.

    B’inmhianaithe comhar breise a bheith ann idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit chun a áirithiú go dteachtann na saoránaigh agus na cónaitheoirí uile na cearta uile a aithnítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, i gCairt Shóisialta na hEorpa (sna leaganacha iomadúla di) agus i gcoinbhinsiúin ábhartha na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine. Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar Chairt Shóisialta na hEorpa nuair a bheidh dlí AE á cheapadh, á léirmhíniú agus á chur chun feidhme acu.

    3.2.9.

    Tá CESE á iarraidh ar na Ballstáit uile Cairt Shóisialta na hEorpa (Athbhreithnithe) 1996 a shíniú agus a dhaingniú agus glacadh leis an nós imeachta um ghearáin chomhchoiteanna atá ag an gCoiste Eorpach ar Chearta Sóisialta.

    3.2.10.

    Tacaíonn CESE leis an tionscnamh ón gCoimisiún bearta ceartaitheacha eacnamaíocha a cheadú i ndáil leis na Ballstáit sin a bhfuil sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha déanta acu ar na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 CAE (29). “Ní mór don Choimisiún acmhainní airgeadais agus daonra iomchuí a leithdháileadh agus aon amhras atá ann i dtaobh sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú. Agus sin á dhéanamh aige, ní mór don Choimisiún critéir dhiana oibiachtúla a chur i bhfeidhm agus sáruithe a scrúdú ar an gcaoi chéanna i ngach Ballstát” (30).

    3.3.   An cás daonlathach ar son chearta an duine agus a thábhachtaí atá an taithí saoil

    3.3.1.

    Tugadh le fios i suirbhé fairsing a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) go bhfuil beagnach naonúr as gach deichniúr san Aontas Eorpach den tuairim go bhfuil cearta an duine tábhachtach le gur féidir sochaí níos córa a chruthú (31). Tá muintir na hEorpa den tuairim go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag cearta an duine ina saol féin.

    3.3.2.

    Chun a áirithiú go mbeidh cearta an duine á n-urramú ar fud na hEorpa beidh gá le beart lena thaispeáint mar a bhféadfadh cearta an duine — mar shampla cearta sóisialta amhail obair, slándáil shóisialta, tithíocht, oideachas agus cúram sláinte — difear a dhéanamh don uile dhuine ina saol laethúil, sna háiteanna is mó tábhacht dóibh agus ina bpobail áitiúla (32).

    3.3.3.

    Ní mór gluaiseachtaí pobail agus daoine a bhfuil taithí saoil ar an mbochtanas acu a bheith i gcroílár an cháis dhaonlathaigh ar son chearta an duine. Níl bealach níos fearr ann chun cearta an duine, cearta sóisialta go háirithe, a chosaint, ná cead cainte i spásanna poiblí agus i ndíospóireachtaí beartais a thabhairt dóibh siúd is mó a ndéanann an éagothroime, an bochtanas agus an t-eisiamh sóisialta difear dóibh. Is cabhair a bheadh ann freisin scéal pearsanta an duine atá ag tabhairt na fianaise a thabhairt agus aghaidh an duine sin a thaispeáint, sa bhreis ar na staitisticí. Chun a bheith dáiríre faoi chearta sóisialta, ní hamháin go dteastaíonn beartais dhifriúla, ach teastaíonn próisis níos ionchuimsithí freisin chun na beartais sin a cheapadh (33).

    3.3.4.

    Ní féidir le sochaí na hEorpa dul sa seans agus rogha a dhéanamh idir cearta agus daonlathas, rogha a bhfuil bunús bréige léi. Chun seasamh le cearta an duine ní mór tacaíocht an phobail a chothú ina leith trí ghluaiseacht ar son chearta an duine a thógáil agus a chaomhnú ar an leibhéal áitiúil, leibhéal náisiúnta agus leibhéal domhanda.

    3.3.5.

    Caithfidh grúpaí sochaí sibhialta a bheith ar thús cadhnaíochta sa phróiseas sin, agus caithfidh údaráis phoiblí san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit an cás daonlathach ar son chearta an duine a éascú trí ghníomhú go trédhearcach agus trí ról na sochaí sibhialta maidir leis an Aontas agus na Ballstáit a choinneáil cuntasach a urramú. Ba cheart na hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine a neartú agus ba cheart do na hinstitiúidí sin cur leis an bhfeasacht ar na réitigh éagsúla atá ann don saoránach.

    An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391), Brollach.

    (2)  Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa, The Rule of Law Checklist, arna ghlacadh ag an 106ú Seisiún Iomlánach den Choimisiún, 2016.

    (3)  Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98, rialú ó CBAE, mír 325.

    (4)  An Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, míreanna 130-131; Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97 Rialú ó CBAE, míreanna 116-117.

    (5)  Laurent Pech agus Petra Bard, Rule of Law Report and the EU Monitoring and Enforcement of Article 2 TEU Values, Tuarascáil arna coimisiúnú ag an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (Parlaimint na hEorpa), Feabhra 2022, lgh. 12-13.

    (6)  IO C 228, 5.7.2019, lch. 24.

    (7)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 8.

    (8)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 173.

    (9)  COM/2021/700 final.

    (10)  10 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM/2022/500 final).

    (11)  IO C 282, 20.8.2019, lch. 39.

    (12)  IO C 97, 24.3.2020, lch. 53, pointe 1.6.

    (13)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 50.

    (14)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 56.

    (15)  Airteagal 8(1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.

    (16)  Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (17)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 56.

    (18)  IO C 97, 24.3.2020, lch. 53.

    (19)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), 10 keys to effectively communicating human rights, 2018; Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (ENNHRI), Tips for Effective Messaging about Economic & Social Rights, 2019.

    (20)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 8.

    (21)  IO C 97, 24.3.2020, lch. 53.

    (22)  An Coimisiún Eorpach, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a 20 prionsabal.

    (23)  IO C 190, 5.6.2019, lch. 1.

    (24)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 11.

    (25)  Saineolaí neamhspleách de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le héifeachtaí an fhiachais sheachtraigh agus oibleagáidí airgeadais idirnáisiúnta gaolmhara eile maidir le lánteachtadh chearta uile an duine, go háirithe cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, Guiding Principles for human rights impact assessments for economic reform policies, doiciméad A/HRC/40/57, an 19 Nollaig 2018.

    (26)  IO C 97, 24.3.2020, lch. 53.

    (27)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 50.

    (28)  Airey v Éire, Breithiúnas, Tuillteanais, Iarratas Uimh. 6289/73 (1979), Breithiúnas an 9 Deireadh Fómhair 1979 ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, mír 26.

    (29)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tionchar COVID-19 ar na cearta bunúsacha agus ar an smacht reachta ar fud an Aontais agus ar thodhchaí an daonlathais (tuairim féintionscnaimh) (IO C 275, 18.7.2022, lch. 11).

    (30)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “An smacht reachta agus an ciste téarnaimh” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 27).

    (31)  FRA, Many Europeans believe human rights can build a fairer society but challenges remain, preaseisiúint an 24 Meitheamh 2020.

    (32)  Casla, Koldo agus Barker, Lyle, Human Rights Local, Human Rights Centre blog – University of Essex, 17 Eanáir 2022.

    (33)  Casla, Koldo, Nothing about us, without us, is really for us, Global Policy, an 14 Deireadh Fómhair 2019.


    Top